Monthly Archives: February 2012

Catilína 41

XLI. Ach bhí na hAllobróga i bhfad i gcás ’dir dhá chómhairle i dtaobh cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh. Bhí ar thaobh, na fiacha, a ndúil i gcogadh, an tairbhe mór a thiocfadh as an mbua lena raibh súil … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Críost Mac Dé 5

Caibideal a Cúig An tÍonú; an tEipiphaní; an Teitheadh go hÉigipt. B’é dlí Mhaoise go gcaití tímpallghearradh ’ dhéanamh ar gach céadghin mhic ocht lá tar éis é ’ theacht ó bhroínn a mháthar. B’é toil ár Slánaitheóra, moladh go … Continue reading

Posted in Contents, Críost Mac Dé | Leave a comment

An Ghaelainn Cheart

AN GHAELAINN CHEART ón Athair Peadar Ó Laeire. Bhí duine breóite i dtigh lá. Cuireadh fios ar an ndochtúir. Tháinig sé. Sheasaimh sé i bhfianaise na leapan. “Cuir amach do theanga,” ar seisean leis an nduine breóite. Do chuir. “Huf!” … Continue reading

Posted in Contents | Leave a comment

Catilína 40

XL. Ag déanamh na hoibre sin do do chuir sé fear dárbh ainm Publius Umbrenus ag triall ar theachtairíbh a bhí tagaithe ó sna hAllobrógaibh, chun iad do mhealladh isteach ’na gcáirdibh sa chogadh dá mb’fhéidir é. Thuig sé in’ … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilína 39

XXXIX. Ach nuair a cuireadh Cneius Pompéius ag déanamh an chogaidh in aghaidh foghlaithe na mara agus an chogaidh in agaidh Mhitridátés do laíodaíodh gustal na coitiantachta agus do neartaíodh cómhacht do bheagán daoine. Bhí i lámhaibh an bheagán daoine … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilína 38

XXXVIII. Mar, nuair a cuireadh cómhacht na dtribún ar bun arís, le línn Chneius Pompéius agus Marcus Crassus a bheith ’na gConsalaibh, do cuireadh cómhacht ’na lamhaibh d’fhearaibh óga a bhí teasaí, luathíntinneach, agus dhíríodar ar an gcoitiantacht do ghríosadh … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilina 37

XXXVII. Agus níorbh iad na daoine sin amháin a bhí cionntach sa cheilg go raibh a n-aigne iompaithe uainn. Bhí an choitiantacht go léir, trína ndúil in athrach beatha, i bhfabhar do ghnóthaíbh Chatilína. Is é nádúr na coitiantachta rud … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilina 36

XXXVI. D’fhan sé féin beagán laethanta i bhfocair Chaius Flaminius Flamma in Arretium, ag gléasadh na ndaoine fé arm, mar gur hiarradh orthu roimis sin arm do ghlacadh. Ansan do tháinig sé go longfort Mhanlius agus na fascanna aige agus … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilina 35

XXXV. “L. Catilína chun Q. Catulus, sláinte. Mar gheall ar do mhórdhílse tá mo mhuinín go láidir asat, i lár mo ghuaise, go ndéanfair an rud atá agam le hiarraidh nuair a neósfad duit é. Ní hamhlaidh atá ceapaithe agam, … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Constantín

XLI. CONSTANTÍN (Ní ó Lúcián é seo.) Sa bhliain d’aois an Tiarna trí chéad, a sé, bhí Ímpireacht na Rómha gan ímpire agus bhí Constantín ’na thaoiseach airm thall sa tír seo ar a dtugtar Sasana anois. Do thuig na … Continue reading

Posted in Contents, Lúcián | Leave a comment