Séadna, caib. 23

Caibideal a Trí is Fiche.

“Um eadartha la ’rna mháireach bhí an bheirt ag doras tí an rí. Tháinig an ceann amach. Chonaic sé Cormac.

“‘Cá bhfuil sí?’ ar seisean.

“‘Sid í í,’ arsa Cormac go réidh.

“‘Téanam, a ’níon ó,’ arsan ceann.

“Do ghluais sí in éineacht leis. Chuadar isteach doras. D’imíodar trí phóirse fhada. Chuireadar doras eile dhíobh agus póirse eile. Chuireadar an tríú doras díobh. Ní póirse a bhí laistigh de sin ach páirc bhreá mhór fhairseag ghrianach, agus í go glas, agus go beárrtha le speil, agus casáin dheasa tríthi anonn, agus gainimh orthu. Bhí rítheaghlach álainn uasal sa taobh thall den pháirc sin. Thug an ceann aghaidh ar dhoras an rítheaghlaigh sin. Ghluais Sadhbh ’na dhiaidh. Bhuail an ceann buille beag réidh ar an ndoras. Ba gheárr gur hoscladh é. Duine uasal breá groí cumasach dob ea an fear d’oscail é. Bhí caipín airgid ar a cheann, nú cheap Sadhbh gurbh airgead é. Agus bhí clóca síoda air agus bhí tua ar a ghualainn aige, agus í chómh greanta chómh solasmhar le gloine, agus faobhar uirthi gur dhó’ leat go mbainfeadh sí an ceann de chapall d’aon iarracht. Do labhair an bheirt fhear lena chéile i gcogar ar feadh tamaill. Ansan do bhagair fear na tua ar Shadhbh, agus do lean sí é agus d’fhan an fear eile amu’.

“Ní túisce a bhí Sadhbh ar an dtaobh istigh den doras ná ba dhóbair go leathadh a radharc uirthi. Do chonaic sí an seómra breá mór fairseag árd, agus na huaisle ’na suí ann ar gach taobh. Fir bhreátha mhóra dhathúla dob ea iad, agus clócaí síoda orthu agus slabhraí óir orthu agus búclaí óir ’na mbrógaibh, agus a chlaíomh len’ ais ag gach fear díobh. Ar a haghaidh suas do chonaic sí aon fhear amháin agus ba mhó agus ba chumasaí agus ba dhathúla é ná aon fhear eile dá raibh ann. Bhí coróinn óir ar a cheann agus mar ’bheadh adharca beaga in áirde aisti mórthímpall. Ar bárr gach adhaircín acu san do bhí bulla beag óir, agus istigh i lár gach bulla bhig bhí solas éigin ar lasadh agus ar crith, mar ’bheadh réiltín, oíche sheaca. Bhí clóca dearg air, chómh dearg leis an gclóca a bhí ar Shadhbh féin lá an aonaigh, nú b’fhéidir níos deirge. Bhí a shlat ríoga ’na láimh dheis aige agus bhí sé ’na shuí ar chathaoir mhór árd gur dhó’ leat go raibh an uile bhlúire dhi déanta d’ór chasta. Nuair a chonaic Sadhbh é bhí ’ fhios aici gurbh é an rí é. Ach ní raibh scáth ná eagla uirthi roimhe, mar ní féachaint chruaidh choímhtheach a bhí aige, ach féachaint bhreá bhog réidh dhuineanda. Bhí an chathaoir ríoga féin in áirde ar láithreán a bhí mar adéarfá leathtroigh níos aoirde ná an chuid eile den úrlár. Bhí dhá chathaoir eile ann, cathaoir acu ar gach taobh den láithreán, anuas ar an dtalamh, agus bhí beirt uaisle ’na suí orthu. Fir chríonna liatha dob eadh iad. An fear acu a bhí ar dheis an rí, bhí gruaig fhada liath air, agus í siar síos leis, ar a shlinneánaibh, agus bhi féasóg fhada liath air, síos ar a bhráid agus ar a bhrollach. Bhí clóca uaithne air agus bhí cláirseach mhór ’na seasamh in’ aice. An fear acu a bhí ar an dtaobh eile den rí bhí gruaig fhada liath air leis, agus bhí fúnsa óir ar a cheann, ag cimeád na gruaige siar dá éadan, agus bhí féasóg fhada liath air, díreach mar a bhí ar fhear na cláirsí. Ach ba thruime agus ba mhó d’fhear é go mór ná fear na cláirsí.

“Bhí Sadhbh ag tabhairt na rudaí sin go léir fé ndeara agus í ag gabháil an t-úrlár suas fá dhéin an rí. Nuair a bhí sí i ngaireacht chúig slata, nú mar sin, do, do stad sí.

“‘Drid tamall eile aníos, a ’níon ó,’ arsan rí. Níor chuir sí cor di.

“‘Drid aníos. Ná bíodh ceist ort,’ arsan rí.

“‘Drid suas. Níl aon rud le himeacht ort,’ arsa fear na tua léi, i gcogar.

“Níor dhein sí aon bhlúire amháin ach a clóca do scaoileadh siar síos di agus dul de léim i bhféasóig an fhir mhóir a bhí ar láimh chlé an rí agus díriú ar an bhféasóig do stathadh, fé mar ’ dhein sí le fear an bhramaigh oíche an aonaigh. An darna tarrac dár bhain sí as an bhféasóig do ghluais léi, in aon scraith amháin, idir fhéasóg agus gruaig agus fúnsa óir, agus cé ’bheadh ann ’na steillbheathaidh aici ach an Síogaí macánta!

“‘Airiú, a bhithiúnaigh na croiche duíbhe!’ ar sise, ‘sín chúm amach anso láithreach mo chuid airgid a mheallais uaim in ainm an rí.’

“Ar neómat na baise bhí fiche lámh os a gcionn agus claíomh lomrachta ins gach láimh díobh.

“‘Ná buailtear é,’ arsan rí. ‘Gabhthar é,’ ar seisean. ‘Cad as duitse, a ’níon ó?’ arsan rí.

“Do chaith sí í féin ar a dhá glúin os cómhair an rí.

“‘Ón Múmhain, a rí,’ ar sise, ‘agus do tháinig an fear san an lá fé dheireadh go tigh m’athar, agus duairt sé go raibh sé ag ceannach capall duitse, a rí, agus do cheannaigh sé a raibh de chapaillibh ar an aonach an lá san, agus do dhíol sé airgead bréagach astu, agus thispeáin sé dhómhsa t’fháinnese, a rí, agus duairt sé ná raibh a dhóthain airgid aige chun díol as a raibh ceannaithe aige, agus d’iarr sé orm trí chéad púnt do thabhairt do it ainmse, a rí, agus thugas do é. Is ar éigin a bhí sé tabhartha dho agam nuair a fuair Séadna amach gur bhithiúnach é agus ’ chuir sé Cormac ’na dhiaidh. Ach do theip ar Chormac teacht suas leis. Agus dar ndó’ ní hiúnadh gur theip agus é anso istigh go seascair agus gruaig fhada liath air agus féasóg fhada liath. Féach air sin!’

“‘Go réidh, a ’níon ó,’ arsan rí. ‘Cé hé Cormac?’

“‘An báille atá againn, a rí,’ ar sise.

“‘Cá bhfuil sé anois?’ arsan rí.

“‘Tá sé amu’ ag an ngeata, a rí,’ ar sise.

“‘Tugtar isteach é,’ arsan rí.

“Do tugadh isteach é. Agus go deimhin, a Athair, deir Uilig de Búrc, dá mba ná beadh agat ach aon gháire amháin go ndéanfá é dá bhfeicfá an dá shúil a tháinig do Chormac agus an iúnadh agus an alltacht agus an t-uathás a tháinig air, nuair a chonaic sé Sadhbh ar a glúinibh os cómhair an rí agus an scraith gruaige agus féasóige úd ’na lámhaibh aici agus a clóca laistiar di ar an úrlár, agus an fear a bhí ag siúl an aonaigh léi, ansúd thuas gofa, agus fear na tua ’na sheasamh laistiar de, ollamh ar a cheann do scoltadh leis an dtuaigh dá gcuireadh sé cor de.

“‘A bháille,’ arsan rí, ‘cé hé sin?’

“‘Sin é, a rí,’ arsa Cormac, ‘an fear ’cheannaigh na capaill ar aonach an Tobair sa Mhúmhain agus do dhíol an t-airgead bréagach astu. Bhí ceathrar acu ann, agus do rugadh ar thriúr acu. Ach do theip orainn teacht suas leis seo. Agus ní deirim go bhfuil aon chúinne sa chathair seo, ná is dócha in Éirinn, gan daoine anois ann ar a lorg. Ní mór scéala do chur amach láithreach go bhfuil beirthe air agus gan fir bhochta do bheith dhá marú féin níos sia ag rith ’na dhiaidh, agus gan é ann le fáil.’

“‘Go réidh, a bháille,’ arsan rí, ‘ní deirim ná go bhfuil iarracht de dhearúd ort.’

“‘Ó, níl, a rí,’ arsa Cormac.

“‘Measaim,’ arsan rí, ‘go bhfuil, mar ní hort atá an t-aer agus an talamh do chimeád gan titim ar a chéile.’

“Do gháireadar na huaisle go léir. D’fhéach Cormac ’na thímpall orthu agus do leath a bhéal air agus tháinig bior ar a shúilibh, mar ní fheidir sé cad do chuir ag gáirí iad.

“Ansan do ghlaeigh an rí chuige ar Shadhbh agus cheistigh sé í agus bhailigh sé uaithi fios bunús an scéil ó thosach go deireadh, idir chleamhnas agus geallúint phósta agus iasacht airgid agus uile. Agus Síogaí ansúd gofa ag éisteacht leó agus fear na tua laistiar de.

“Nuair ’bhí a scéal críochnaithe ag Sadhbh do thairrig sí as a póca cuid den airgead bhréagach agus thug sí don rí é. D’fhéach sé air go géar. Ansan do ghlaeigh sé ar cheann airm na cathrach a bhí ’na sheasamh thíos ag an ndoras. Tháinig sé aníos.

“‘Conas do thárla,’ arsan rí, ‘gur rugadh ar thriúr acu agus gur imigh an ceathrú duine?’

“‘Sin é ’bhí am dhalladh, a rí,’ ar seisean. ‘Ach tuigim anois é. Sin é ansan,’ ar seisean, ag síneadh a mhéire chun Síogaí, ‘an fear a dhearbhaigh ar an dtriúr.’ Do ghluais osna chléibh óna raibh láithreach nuair ’dh’airíodar an méid sin. ‘Do dhearbhaigh sé leis,’ arsan ceann airm, ‘gurbh é duine a bhí ag déanamh an airgid bhréagaigh ná fear a chómhnaíonn sa Mhúmhain gurb ainm do Séadna, agus gurbh é do cheannaigh na capaill ar an aonach it ainmse, a rí. Agus dá chómhartha san féin go raibh sé beó bocht go dtí a bhfuil le fíorbheagán aimsire. Ná raibh ann ach gréasaí bocht i mbothán ag bun cnuic agus go bhfuil se anois ar an bhfear is saibhre agus is neamhspleáchaí in Éirinn. Do ghléasas láithreach cúnamh fear chun imithe ceann ar aghaidh ó dheas sa Mhúmhain chun beirthe ar Shéadna úd, nuair cé ’bhuailfeadh chúinn isteach ach Cormac Báille anso agus é ar thóir na mbithiúnach, agus allas air agus ceó bóthair a dhóthain. D’inis sé sin dúinn láithreach scéal a bhí bunoscionn ar fad leis an scéal eile. Duairt sé linn go raibh togha na haithne aige féin ar Shéadna agus gur dhuine mhacánta é, agus gurbh é ’ chuir an tóir i ndiaidh na mbithiúnach, agus mura mbeadh é ná béarfí in aon chor orthu. Cheapas féin an fear d’inis an chéad scéal do chur os cómhair Chormaic, ach ní raibh tásc ná tuairisc air. Bhí sé imithe mar ’shloigfeadh an talamh é. Chuireas lucht cuardaigh ins gach ball tríd an gcathair. D’imíos féin sa chuardach leó, ach ní raibh aon mhaith dhúinn ann. Ní raibh sé le fáil thíos ná thuas. Is cuímhin liom, ámh,’ ar seisean, ‘go maith, go bhfeaca ag gabháil thorm sa tsráid, agus é ag siúl ar a shocracht duine d’uaislibh an rí agus féasóg fhada liath go breá bog scáinneach air, díreach mar í seo,’ ar seisean ag breith ar an scraith a lámhaibh Shadhbh, ‘agus gruaig bhreá throm mar í seo air, agus í siar síos leis ar a ghuailnibh ’na fáinníbh ag crith agus ag lúbarnaigh. Is lag a shíleas an uair sin go raibh an té a bhí uaim chómh hachomair dom.’

“Ach ’sé crích an scéil duit é, a Athair, gur cuardaíodh tigh an duine uasail agus gur fuaradh ann éacht ar fad d’airgead agus d’ór agus d’ollmhaitheas. Agus go nduairt an rí nárbh fholáir a cuid féin do thabhairt do Shadhbh ar a dhúbailt, agus a rogha dá raibh ann de sheóidibh uaisle. Agus na capaill do ceannaíodh ar an aonach agus gur díoladh an t-airgead bréagach astu, duairt sé nárbh fholáir iad do chuardach agus iad do chur thar n-ais sa Mhúmhain ag triall ar an muíntir go mba leó iad. Ansan d’órdaigh an rí tigh Shíogaí do ghlanadh agus do shocrú agus do chur i dtreó, agus é ’thabhairt do Shadhbh, dá mba mhaith léi dul chun cónaithe ann agus a hathair do bhreith léi ann, mar go raibh comaoin mhór curtha aici air, comaoin níos mó ná ’chuir éinne de sna huaislibh a bhí ’na thímpall riamh air, cé gur mhór an iontaoibh a bhí aige astu agus gur ghairid a ngaol leis. La ’rna mháireach an lae sin is ea d’airigh Uilig de Búrc i dtaobh an chleamhnais. Is é a bhí ar siúl ag daoinibh ná go raibh Sadhbh agus Cormac le pósadh, agus go raghaidís chun cónaithe sa tigh mór agus ná raibh aon tseó ach a bhfuair Sadhbh de shaibhreas d’éaghmais na sé gcéad.”

“Aililiú!” arsa Diarmuid. “Is éachtach an saol é! Cá bhfuil an té ’cheapfadh go bhfeicfí choíche an bheirt sin i gcuíng phósta!”

“An raghair go dtí an baile mór chun cónaithe, a Dhiarmuid?” arsa Pádraig.

“Pé ball ’na raghaidh sé,” arsan sagart, “ní dó’ liom go dtiocfaidh aon athiompáil an turas so air.”

“Cathain a bheidh tú féin ag dul síos go dtí an chathair, a Athair?” arsa Pádraig.

“’ Dhe, cad chuige, a Phádraig?” arsan sagart.

“’ Dhe, cad chuige, a Athair, ach chun iad súd do phósadh! Dá mbeinnse id chás, a Athair, ní thabharfainn aon chead do mhuíntir na cathrach chun an phósta so ’dhéanamh murab ionann is pósadh Shíogaí.”

“Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a pósadh Shíogaí,” arsan sagart, “ná aon lorg agam air.”

“Deir Uilig,” arsa Pádraig, “go nduairt an rí go gcaithfeadh sé radharc ’fháil ar Shéadna. Aon fhear chómh géar íntleacht leis gur mór an trua gan é i bpost éigin, nú i ngnó éigin, ’na mbeadh tairbhe a íntleachta le fáil aige féin nú ag duine éigin eile. Dar leis, dá mbeadh fear de shaghas Shéadna aige mar cheann airm ní rithfeadh chómh fada leis an Síogaí macánta.”

“Nách mór an iúnadh,” arsan sagart, “nár inis Uilig de Búrc, nú duine éigin, don rí, go bhfuil fear anso againn is géarchúisí go mór ná Séadna féin, agus go raghadh nead cluthar in aice an rí chómh maith dho agus do raghadh sé d’éinne! Go mór mór ó ná fuil a dhá oiread airgid cheana aige agus a theastaíonn uaidh, mar atá ag Séadna.”

“Ní réiteódh an áit lem shláinte, a Athair,” arsa Pádraig. “Is mó duine ’na mbíonn dithneas air chun dul in inead sheascair in aice an rí agus nách siaide a shaol é nuair a gheibheann sé a thoil! ‘Is sleamhain iad leacacha an tí mhóir.’ Pé hé Síogaí is dó’ liom go dtuigeann sé um an dtaca so nách ionann dul go tigh an rí agus teacht as. Is maith liom go maith an rí –– i bhfad uaim. Go mbuaidh Dia agus Muire leis!”

“Imbriathar, a Phádraig,” arsa Diarmuid, “gur dó’ liom go bhfuil an ceart agat.”

Agus dar nóin tá ’ fhios ag an saol, a Dhiarmuid,” arsa Pádraig, “go raghairse síos go dtí an chathair chun cónaithe sa tigh mór i dteannta Shadhbh agus Chormaic chómh luath agus ’bheidh an áit ollamh duit!”

“Imbriathar, a Phádraig, nách é mo thuairim go raghad. Is dó’ liom gurb é rud a dhéanfad ná fanúint sa tseananid seo, mar atá agam. Pé mór breá é tigh an tSíogaí ní dó’ liom go raghad ag cur isteach orthu ann. B’fhéidir, dáltha thí an rí, gurbh usa dul ann ná teacht as. B’fhéidir gurbh usa fanúint as ná aon taobh acu. Fanfadsa mar a bhfuilim, anso i measc na gcómharsan, san áit ’na bhfuil mo shaol caite agam, san áit ’nar chaith m’athair a shaol, agus mo sheanathair, agus ní fheadar an mó athair rómpu.”

“Ní deirim ná gur maith an chómhairle ar a bhfuil socair agat, a Dhiarmuid,” arsan sagart.

Foclóirín

bearraim, bearradh: “to shave”. Beárrtha le speil, “closely mown with a scythe”.
brá: “neck, the front of the neck”, with bráid in the dative.
búcla: “buckle” e.g., on a shoe. Possibly with an epenthetic vowel.
bulla: “ball”.
bunoscionn le: “at variance with”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
cuíng: “yoke”. Cuíng phósta, “wedlock, the bond of marriage”. CFBB gives the pronunciation as /kiːŋʹ/, but the presentation of WM phonology in IWM would point to /kiːŋgʹ/.
dallaim, dalladh: “to blind, dazzle”. Sin é bhí am dhalladh, “that is what was confusing me”.
duineanda: “human, kindly”, pronounced /dinʹənə/. Duineata in the CO.
éacht: “feat; a great number of quantity of something”.
fúnsa: “circular band, hoop”, or fonsa in the CO.
greanta: “graven, polished, beautifully done”, pronounced /grʹantə/.
láithreán: “ground, site”, or “raised platform” here. Pronounced /lɑ:rʹ’hɑ:n/.
lúbarnach: “twisting, writhing, wriggling”. Note that as a feminine verbal noun in -ach this becomes ag lúbarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
nead: “nest”. This word is found as both masculine and feminine in the original text here, with nead cluthar pointing to the masculine gender, and sa tseananid seo (where the dative nid is derived from a genitive nide) pointing to the feminine. The word is feminine in the CO, with neide in the genitive.
ollmhaitheas: “wealth”, pronounced /olə-vɑhəs/.
réiltín: “star”, or réalta in the CO. Pronounced /re:lʹ’hi:nʹ/.
rítheaghlach: “royal household; palace”, pronounced /ri:’həiləx/.
scáinneach: “sparse, threadbare; in skeins, skeiny”, or scáineach in the CO. This term is used here of a beard: while “sparse, threadbare” would make more sense in the context, the authorised translation of Séadna has “skeiny” and FdS glosses this word as “in large curls like skeins”.
scéala: “news”, but also “word, tidings”. Scéala do chur amach, “to send out word”.
scraith: “layer of turf with the grass on it; a single lump”. In aon scraith amháin, “in one piece”.
seóid: “jewel, valuable object”, with seóide in the plural where the CO has seoda.
siaide: “all the longer”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, miste, meaning “all the more X for it”.
síoda: “silk”, or as an adjective in the genitive, “silken”.
speal: “scythe”, with speil in the dative.
steillbheatha: found in the phrase ’na steillbheathaidh, pronounced /nə ʃtʹelʹi vʹahigʹ/, “as large as life, in the flesh”.
tua: “axe”, with tuaigh in the dative, reflecting the underlying classical spellings of tuaghin the nominative, tuagha in the genitive, and thus tuaigh in the dative.
uaithne: “green”, or uaine in the CO, pronounced /uənʹhi/. Uaithne, in contrast to glas, refers to artificial green shades.
uathás: “horror; an astonishing amount of something”, or uafás in the CO.
úrlár: “floor”. Note the long u here.

Séadna, caibideal a 22

Caibideal a Dó is Fiche.

Fear géagach slinneánach, buí, dob ea an tíncéir mór. Fear lom láidir. Bhí iarracht de rian na bolgaí ann, agus ní raibh puínn féasóige air. Bhí sé iarracht bolgshúileach. Bhí sé fadshrónach, faidleicneach, dea-chúmtha ’na bhéal agus ’na chorrán. Bhíodh fáilte ins gach cuideachtain roimis mar ní bhíodh sé choíche ach ag déanamh spóirt agus suilt agus caitheamh aimsire dá mbíodh láithreach.

Bhuail sé chúthu isteach agus ní túisce ’chonaic sé an sagart ná a thairrig sé siar beagán. Do shnap sé an cáibín dá cheann agus do nocht sé an t-éadan buí maol a bhí air. Agus is air a bhí an moltachán mór cínn agus é go ciardhubh agus go cas.

“Dein ar t’aghaidh, a Phádraig, a mhic ó,” arsan sagart, agus é ag gáirí. “Ní baol duit,” ar seisean. “B’fhéidir,” ar seisean, “go bhféadfása tuairisc éigin do thabhairt dúinn i dtaobh an ráfla so atá ar siúl tímpall Shadhbh Dhiarmuda agus Chormaic Báille.”

“Fágaim le huacht, a Athair,” arsan tíncéir, “gurb in é díreach a thug anso anois me, agus gur lag a shíleas go mbeadh tosach ageat onóir orm. Ní feárr bheith ag cainnt air, ’sé mo thuairim láidir ná féadfadh spiodóg iasachta teacht isteach sa pharóiste i ganfhios duit.”

“Dá ghéire beirt againn, a Phádraig,” arsan sagart, “ní gá dhúinn bheith rómhaíteach. Bhain Murainn tosach díomsa féin agus ba ródhóbair di athiompáil do chur ar an nduine mbocht so le na cuid salmaireachta agus lena cuid gliúmála. Duairt sí go raibh cearc ag glaoch sa tigh seo, agus duairt sí gur bhuail drochtheangmhálaí uim Shadhbh. Agus an bhfuil ’ fhios agat cad ’duairt sí leis? Duairt sí gur ó Chúig’ Uladh í féin agus gurb amhlaidh do cuireadh aduaidh ar fad í chun Sadhbh do chosaint ar a heascáirdibh. Bhíos féin ag gabháil anall féachaint conas ’bhí sé seo ag teacht chun cínn nuair ’bhuail teachtaire umam dhá rá liom go raibh eagal ar na cómharsain go raibh athiompáil ag teacht air. Do bhí iúnadh orm cad do chuirfeadh an athiompáil air go dtí gur inis sé dhom go raibh sí siúd ag cainnt leis. Is dócha nár thug sí uain di féin ar iomláine an scéil do thabhairt léi, le heagla ná beadh tosach aici agus gur lúide an síntiús do gheóbhadh sí é. Is dó’ liom go bhfuair sí síntiús uaidh ach ní raibh puínn aici le hínsint do, agus an méid a bhí, níor dhein sé ach aigne an duine bhoicht do chur trí chéile níos mó, agus buairt a dhóthain cheana air.”

“Agus nách mór an iúnadh nár aithnís í, a Dhiarmuid,” arsan tíncéir.

“D’airíos teacht tháirsi go minic, ach ní fheaca riamh roimhe sin í, agus ní huirthi ’bhíos ag cuímhneamh, ní nách iúnadh, ach ar mo leanbh,” arsa Diarmuid.

“Cad é an sórd ínsinte d’airís-se ar an ráfla so, a Phádraig?” arsan sagart. “Nú an bhfuil aon bhunús leis?”

“Ambasa, a Athair,” arsa Pádraig, “ní fhéadfadh bunús ní b’fheárr a bheith leis. Ní ráfla ná scéal scéil é, ach fírinne ghlan. An cairréir, Uilig de Búrc, is é d’inis dómhsa é. Cormac féin is é d’inis do san é. Is dó’ leis go bhfuil Cormac agus Sadhbh pósta um an dtaca so. Deir Cormac gurb é an rí féin do dhein an cleamhnas.”

“’ Gcloistí!” arsa Diarmuid.

“Deirim leat ná fuil aon fhocal bréige ann,” arsa Pádraig. “Ón lá do rugadh me níor airíos a leithéid d’eachtra. Bhí ’ fhios ag Cormac Sadhbh do bheith imithe as baile. Do lean sé ar muin capaill í. Bhí ’ fhios aige í ’bheith ’na cuis agus bíodh go raibh sí roinnt aimsire ar an mbóthar sular ghluais sé, cheap sé nár bhaol ná go dtiocfadh sé suas léi sula sroisfeadh sí an chathair. Bhí sé ag cur a tuairisc’ agus ag tabhairt a cómharthaí uaidh fan bhóthair ar feadh i bhfad, agus mar sin do chimeád sé ar feadh i bhfad an bóthar do lean sise agus ba bheag ná go raibh ’ fhios aige cad é an fhaid roimis amach a bhí sí. Fé dheireadh do cuireadh in úil do gur ghoibh sí dhá bhóthar. Chuir san amú é, agus isé rud a dhein sé ansan ná déanamh ceann ar aghaidh ar an gcathair. Bhí ’ fhios aige go mbeadh sé sa chathair roímpi, agus do bhí. Bhí aithne sa chathair air. Do bhí aithne mhaith ag muíntir an rí air. Chuir sé lucht airm amach láithreach ar na bóithribh aneas, agus thug sé cómharthaí Shadhbh dóibh. Ba gheárr go bhfeacadar ag teacht í, ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Chuireadar iad féin in úil di, ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann go dtí gur thugadar an cómhartha cruínn di. Dúradar léi gurbh é Cormac Báille do chuir féna déin iad agus ‘dá chómhartha san féin’ gurbh í Pails bhodhar an t-éinne amháin a chonaic í ag fágáilt an bhaile. Shásaimh san í.

“Nuair ’fhiafraigh Cormac di cad a thug í, duairt sí leis gur theastaigh uaithi dul chun cainnte leis an rí agus go gcaithfeadh sí ceart d’fháil uaidh.

“‘Cad ’tá ag an rí le déanamh dhuit?’ arsa Cormac.

“‘Tá,’ ar sise, ‘breith ar an mbithiúnach a rug mo chuid airgid uaim, agus an t-airgead do bhaint de agus do thabhairt tar n-ais dom. Cad é an tairbhe dhúinn rí do bheith againn, agus a lucht airm ’na thímpall, mura bhféadaidh sé sinn do chosaint ar bhithiúnachaibh?’ ar sise. ‘Is in ainm an rí do rugadh mo chuid uaim,’ ar sise, ‘agus ní raghaidh sé gan ínsint do. Níl ionam ach anam éinne amháin,’ ar sise, ‘ach dá mbeadh anam agus fiche ionam d’imreóinn leis siúd iad níos túisce ná ’ leogfainn in aisce leis an bheart chaillte do dhein sé. Sloigfidh an talamh é nú tiocfadsa suas leis, agus nuair a thiocfad geallaim dhuit go gcuirfead cathú air nár scaoil sé thairis me. Is in ainm an rí do rug sé mo chuid uaim. Is ón rí atá sásamh le fáil agam, nú ní rí é. Má creachadh me in ainm an rí nách é is lú is gann don rí cead agus cúnamh agus caoi do thabhairt dom ar an mbithiúnach d’leanúint agus d’fhiach chun go mbeiread air? Ní fhágfad poll ná póirse in Éirinn gan cuardach do. Beir i láthair an rí me,’ ar sise. ‘Beir i láthair an rí me nú raghad féin ’na láthair ar shlí éigin.’

“B’éigean do Chormac a slí féin do thabhairt di. Ní dó’ liom go raibh aon chur ’na choinnibh aige. Bhí sé ag tarrac uisce chun a mhuilinn féin sa ghnó. Bhí ’ fhios aige pé duine ’bhéarfadh ar an mbithiúnach agus ’ thabharfadh chun lámha é go mbeadh a thuarastal do go maith as. Agus bhí ’ fhios aige ná féadfadh éinne cúnamh ní b’fheárr do bheith aige chun na hoibre ná cúnamh Shadhbh, an fhaid a bhí an fuadar úd fúithi. Thug sé cead a cínn di.

“‘Béarfadsa i láthair an rí thu,’ ar seisean, ‘ach seachain agus ná dein aon rud a chuirfeadh i bpúnc me. Is minic d’airís an seanfhocal, “Ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as;” agus, “gur sleamhain iad leacacha an tí mhóir.” Is maith an dá sheanfhocal iad agus is mairg ná cimeádfadh in’ aigne iad go cruínn.’

“‘Ní baol duit,’ ar sise. ‘Níl uaim ach go gcurfí me im sheasamh i láthair an rí agus go dtabharfí cead cainnte dhom. Níl agam le rá leis ach go dtáinig duine uasal go tigh m’athar sa Mhúmhain; gur thispeáin sé fáinne an rí dhom. Gur leog sé air gur ag ceannach capall don rí a bhí sé; gur cheannaigh sé iad in ainm an rí; gur leog sé air liomsa ná raibh oiread airgid aige agus ’ dhíolfadh as a raibh ceannaithe aige agus dá dtugainnse trí chéad púnt ar iasacht do, in ainm an rí, ar feadh roinnt laethanta go mbeadh comaoin’ agam dá chur ar an rí agus ná raghadh san gan ínsint do, gur thugas mo thrí chéad púnt don duine uasal san in ainm an rí; gur fhág san me féin agus m’athair beó bocht, mura bhfuil sé ar chumas an rí leigheas do dhéanamh ar an olc do deineadh in’ ainm.’

“‘Tá go maith,’ arsa Cormac, ‘ná hinis d’éinne beó an ní seo atá ar aigne agat. Nuair a bheidh do scéal ínste agat abair leis an rí go n-aithneófá an Síogaí dá bhfaighthá radharc air, agus dá mb’é toil a onóra cúnamh fear do chur leat go raghfá ar a lorg agus go dtabharfá chun lámha é.’

“‘D’aithneóinn ceann an chuirpigh,’ ar sise, ‘dá mbeadh sé ar feadh cheithre huaire fichid dá bheiriú i gcorcán praisce, agus bainfeadsa an forcamás de, geallaim dhuit é.’

“D’imigh Cormac agus fuair sé lóistín di. D’imigh sé ansan agus do labhair sé leis an bhfear a bhí ’na cheann ar theaghlach an rí. Bhí aithne aige orthu go léir.

“‘Tá óigbhean anso ón Múmhain,’ ar seisean, ‘agus deir sí gur rug duine éigin trí chéad púnt uaithi, agus nách féidir léi teacht suas leis, agus go dtáinig sí chun gearáin do chur isteach air, i láthair an rí.’

“‘Is deocair don rí teacht suas leó go léir,’ arsan ceann. ‘Tá fiach ar fuid na hÉireann,’ ar seisean, ‘le breis agus trí seachtaine, ar bhithiúnach éigin eile agus is dó’ liom gur sa Mhúmhain a dhein sé pé coir atá déanta aige. Táimíd cráite, céasta, ciapaithe, ag Muímhneachaibh.’

“Níor labhair Cormac drud.

“‘Cathain a theastaíonn uaithi labhairt leis an rí?’ arsan ceann.

“‘Pé tráth do cheapfadh an rí féin,’ arsa Cormac, agus do shleamhnaigh sé píosa óir isteach i láimh an chínn.

“‘Fan ansan go fóill,” arsan ceann, agus d’imigh se. Ba gheárr gur fhíll sé. ‘Bíodh sí anso um eadartha amáireach,’ ar seisean, ‘agus gheóbhaidh sí ceart. Tá ceart le fáil anso ag íseal agus ag uasal. Bíodh sí anso amáireach um eadartha agus fág an chuid eile fúmsa.”

Personal names

Murainn: a fortune-teller who cons money out of Diarmuid. Murainn is a variant of the feminine name Muireann, an ancient Irish name meaning “long-haired”.
Pádraig: a tinker in the story here.
Uilig de Búrc: the name of a carman or haulier here. Uilig is a variant of Uileóg, anglicised as Ulick, a diminutive of Uilliam, or William. De Búrc, also found as de Búrca, is the Norman surname Burke or de Burgh.

Foclóirín

bocht: “poor”. The genitive boicht is pronounced /boxtʹ/, reflecting the general rule that /x/ resists palatalisation in the combinations /xtʹ/ and /xdʹ/ in WM Irish; see IWM paragraph 148.
bolgach: “smallpox”, pronounced /boləgəx/.
bolgshúileach: “with bulging eyes”, pronounced /boləg-hu:lʹəx/.
buí: “yellow; sallow (of skin)”.
cáibín: “old hat, caubeen”.
cathú: “regret, sorrow”.
cead: “permission”. Cead a cínn a thabhairt di, “to give her her head of steam, allow her to do what she was intent on doing”. Cead cainnte, “leave to speak”.
ciapaithe: “tormented”.
coinne: “meeting”. Na choinnibh, “against him, towards him”. Cur na choinnibh, “opposition, objection”.
coir: “crime”, pronounced /kirʹ/.
corcán: “pot”.
corrán: “jaw”, pronounced /krɑːn/.
cuardaím, cuardach: “to search”. Cuardach do, “searching for him”.
dea-chúmtha: “well-built, atttracitive”, with a long u. See cúmtha.
drud: “a jot”. Níor leabhair sé drud, “he didn’t utter a word”.
fadshrónach: “long-nosed”, pronounced /fɑd-hro:nəx/.
faidleicneach: “long-cheeked, long-featured”, pronounced /fɑdʹ-lʹekʹinʹəx/. Spelt fadleicneach in the CO.
fan: “throughout, along”, with lenition. Fan bhóthair, “along the road”. Fan is a corruption of ar feadh an.
fiche: “twenty”. The classical genitive was fichead, with fichid in the dative, but PUL consistently uses fichid in the gentive, as in cheithre huaire fichid, “twenty-four hours”, probably reflecting an underlying noun fichead (q.v.).
fírinne: “truth”, pronounced /fʹiːriŋʹi/. Fírinne ghlan, “the plain truth”.
forcamás: “airs and graces”.
géagach: “long-limbed”.
gliúmáil: “fumbling, groping; making hand gestures”, and by extension, “prevaricating, attempting to hide the truth”, as explained in CFBB. This word is translated in the authorised translation of Séadna as “fooling”.
ínsint: “relation, narration”. Cad é an sórd ínsinte d’airís-se ar an ráfla so?, “what version of this rumor did you hear?”
iomláine: “fullness, entirety”, pronounced /umə’lɑ:nʹi/. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna does not show an epenthetic vowel.
lag: “weak”. Is lag a shíleas go…, “I had little notion that…”
leac: “flagstone”, with leacacha in the plural where the CO has leaca. Pronounced /lʹak, lʹi’kɑxə/.
lucht: “people”, e.g. lucht airm, “armed men”. Pronounced /loxt/.
lúide: “all the less”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, miste, meaning “all the less X for it”.
maíteach: “boastful”.
moltachán: “young small wether, i.e. a castrated male sheep”. This word is spelt multachán in the original, but in the absence of specific information on the quality of the first vowel in WM Irish, the accepted form moltachán is used in the editing here. Moltachán mór cínn, “a great shaggy head of hear”.
Muímhneach: “Munsterman”, pronounced /miːnʹəx/.
praiseach: “porridge”, with praisce in the genitive. Pronounced /pri’ʃɑx, praʃkʹi/.
salmaireacht: “psalm singing; pratting, incantation”. Pronounced /sɑləmirʹəxt/. More research required here as Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna does not show an epenthetic vowel.
sásaím, sásamh: “to satisfy”. Note that the preterite is shásaimh sé, reflecting a general tendency for -mh to appear in the preterite and imperative, instead of the -gh used in the CO (where the form is shásaigh sé), when the verbal noun ends in -mh.
sleamhain: “slippery”, pronounced /ʃlʹaunʹ/.
slinneánach: “broad-shouldered”, pronounced /ʃlʹi’ŋʹɑ:nəx/.
snapaim, snapadh: “to snatch”.
spiodóg: “robin redbreast”, or spideog in the CO. The original text had spideóg here, but the spelling is adjusted in line with IWM, which shows the d is broad in WM Irish. (Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna fails to show the broad d.)
sult: “amusement”. Déanamh suilt, “having fun”. Pronounced /suhl, silʹh/.
tosach: “beginning, front”, pronounced /tə’sɑx/. Tosach a bheith agat ar dhuine, “to get a head start on someone, to arrive before him”. Tosach a bheith agat ar an scéal, “to get in first”. An tosach a bhaint de dhuine, “to take the lead from someone, to get somewhere before someone”.

Proverbs

bhí sé ag tarrac uisce chun a mhuilinn féin sa ghnó: “he was furthering his own cause”.
is sleamhain iad leacacha an tí mhóir: “the flagstones of the great house are slippery”, a saying referring to problems arising in dealing with the authorities.
ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as: “going to the king’s house and coming out of it are two different things”, i.e. “you may get a great disappointment when trying to consort with people who look down on you; you will often find the response of the authorities disappointing when you look to them for help”.

Séadna caibideal a 21

Caibideal a hAon is Fiche.

Peig. Pé rud a bhain an tsúil as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda bhí sí ar leathshúil. Agus má bhí an tsúil léi a bhí imithe chómh nímhneach leis an súil a bhí aici ba mhaith an bhail ar Dhiarmuid ná raibh an dá shúil aici nuair ’fhéach sí air féin, nú is dócha go gcuirfeadh sí athiompáil air. Níor fhéad an fear bocht aon bhlúire bídh d’ithe an chuid eile den lá san, ach ag cuímhneamh ar an leathshúil úd, agus ar an gcirc agus ar an “srubh srabh,” agus ar an ndrochtheangmhálaí do bhuail um á inín. I dtreó go ndeigh Pails amach agus gur ghlaeigh sí ar chuid de na cómharsanaibh, agus go dtánadar isteach, agus go ndúradar gur cheart fios do chur ar an sagart sula dtiocfadh an oíche le heagla go raghadh an duine in olcas agus go mb’fhéidir gurb amhlaidh ’bheifí ag glaoch ar an sagart i lár na hoíche.

Do cuireadh fios ar an sagart agus do tháinig sé. Nuair ’airigh sé ó Dhiarmuid tuairisc na mná feasa do gháir sé.

“Tá aithne mhaith agamsa,” ar seisean, “ar an gcladhaire mná san. Ní raibh sí riamh i gCúig Uladh ná leath na slí ó bhaile. Tá ’ fhios agamsa cár rugadh agus cár tógadh í, agus dob olc an tógáilt í. Níl de chéird aici ná de shlí mhartha ach bheith ag gluaiseacht ó áit go háit dhá leogaint uirthi go bhfuil fios aici, agus dar ndó’ níl ach oiread agus atá ag an iarta san. Dá mb’áil le daoinibh ciall do bheith acu agus gan bheith ag tabhairt airgid di, ba gheárr go gcaithfeadh sí gairm beatha éigin eile do tharrac chúithi. Ach cé gur minic san dá ínsint do dhaoinibh ní ghlacaid cómhairle agus níl aon mhaith im chainnt. Ní haon tairbhe dhom bheith leó.”

“Agus, a Athair,” arsa Diarmuid, “conas a fuair sí amach cearc do bheith ag glaoch sa tigh seo? Nú conas a fuair sí amach Sadhbh do bheith as baile? Nú conas a fuair sí amach go rabhas-sa féin i gcúntúirt?”

“Fiannaíocht! a Dhiarmuid,” arsan sagart. “Níl aon ní is usa ná nithe den tsórd san d’fháil amach nuair a cheapfadh duine a aigne chuige. Ná raibh ’ fhios ag an ndúthaigh cad é an t-éirleach do deineadh anso lá an aonaigh? Ná raibh ’ fhios ag an ndúthaigh Sadhbh do bheith as baile agus tusa do bheith id luí le héagruas? Slán beó mar a n-ínstear é! Cad é an bac a bhí uirthi bualadh anso agus ansúd i measc na ndaoine agus eólas d’fháil ar gach aon rud a bhain leat? Is breá bog an tslí é chun airgid d’fháil.”

“Ach conas ’gheóbhadh sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh, a Athair?” arsa Diarmuid.

“Is dócha,” arsan sagart, “dá mbeadh cearc ag glaoch sa tigh ná beadh aon bhac uirthi teacht suas leis an méid sin eólais ach chómh beag agus ’bhí uirthi teacht suas leis an gcuid eile.”

“Dá mbeadh cearc ag glaoch sa tigh!” arsa Diarmuid. “Dar ndó’, a Athair, mura mbeadh go raibh ní dócha go ndéarfadh sí é.”

“Is neamhní ceoca,” arsan sagart. “Is obair leanbaí aon tsuím do chur ’na leithéid de scéal. Ach ba mhaith liom ’ fhios do bheith agam ar airigh éinne eile an chearc so ag glaoch.”

“Níor airíos-sa féin í,” arsa Diarmuid, “agus ní baol gur airigh Pails í mar tá sí chómh bodhar le slis, agus imbriathar nár airíos éinne eile dhá rá gur hairíodh í.”

“Sin é ’shamhlaíos,” arsan sagart. “Is dócha,” ar seisean, “nách foláir nú gur airigh sí siúd rud éigin den ráfla so ar siúl i dtaobh Shadhbh, nár stad cos di ó fhág sí an áit seo go ndeigh sí síos go dtí an baile mór. Ansan gur chuir sí fiach agus cuardach agus tóir i ndiaidh an bhithiúnaigh úd i dtreó gur rugadh air agus gur crochadh é. Agus gur thug an rí do Shadhbh an trí chéad púnt do rugadh uaithi agus trí chéad eile mar thuilleadh.”

“Stad! stad! a Athair,” arsa Diarmuid. “Cad é sin agat dá rá mar sin, a Athair? Conas ’fhéadfadh an cailín bocht san dul go dtí an baile mór agus eólas na cathrach do dhéanamh? Cailín beag ná raibh riamh tar fiche míle ó bhaile!”

“Nílimse ach dhá ínsint cad é an ráfla d’airíos,” arsan sagart. “Is dócha gur airigh an bhean úd an fheasa, ná fuil aici, an ráfla céanna, agus gur cheap sí dá mbeadh tosach an scéil aici dhuitse go mbainfeadh sí síntiús airgid asat dá bharr, agus ní deirim ná gur bhain.”

“Níor bhain puínn, a Athair,” arsa Diarmuid. “Ach cad é an saghas ráfla é? Nú cad a chuir ar bun é?”

“Is amhlaidh a bhíos féin chun teacht anall dhá ínsint duit a leithéid do bheith ar siúl nuair a tháinig an teachtaire chúm dhá rá go raibh eagla ar chuid de sna cómharsain go n-athiompódh ort.”

“Ba neamhghá dhóibh sin!” arsa Diarmuid. “Ní fheaca riamh iad ach amhlaidh. Dá mbeadh éinne dhá iarraidh orthu ní baol go mbeidís chómh tiúsclach! Ag rith ag cur aistir ar shagart gan ghá gan riachtanas! Féach air sin!”

“Ní fiú biorán is é,” arsan sagart. “Do thiocfainn féin anall ar aon chuma féachaint an raibh aon scéala agat ó Shadhbh nú an raibh aon bhunús leis an ráfla so ar siúl.”

“Níor airíos focal riamh de go dtí gur tháinig an bhean úd agus go nduairt sí gur casadh drochtheangmhálaí éigin ar Shadhbh, nú rud éigin den tsórd san,” arsa Diarmuid.

“Cé hé an drochtheangmhálaí aduairt sí do casadh uirthi?” arsan sagart.

“Níor inis sí dhúinn cérbh é féin. Níor thug sí aon tuairisc dúinn air, agus sin é atá ag baint mo mheabhrach asam,” arsa Diarmuid.

“Den réir sin,” arsan sagart, “is dócha gur airigh sí an chuid eile fé mar airíos-sa féin é. Cairréirithe do thug leó é mar iúnadh shaeil agus mar chúrsaí cainnte eatarthu, go raibh Cormac an Chaíncín sa bhaile mhór leis, agus gur oibrigh sé féin agus Sadhbh a láimh a chéile chun beirthe ar an mbithiúnach. Gur imreadar araon an cluiche chómh maith san agus chómh gasta san go raibh iúnadh a gcroí ar mhuíntir an rí agus ar an rí féin, a fheabhas do dheineadar an gnó. Ansan, nuair ’fuair Sadhbh sé chéad púnt in inead an trí chéad a rugadh uaithi, gur socraíodh cleamhnas idir í féin agus Cormac agus go bhfuil an bheirt pósta um an dtaca so, nú réidh chun a bpósta.”

“Aililiú!” arsa Diarmuid. “Féach air sin! Ar airigh éinne riamh a leithéid! Cheapas ná pósfadh sí é dá mbeadh saibhreas na hÉireann aige. Is éachtach an saol é. Is éagsamhlach an obair más fíor é sin. Ach is dóichí ná fuil aon bhunús leis an scéal. Ní fhéadfadh a bheith, ní nách iúnadh.”

“Ní fheadar ’en tsaol, a Dhiarmuid,” arsan sagart. “Is dócha go neósfaidh an aimsir, agus nách fada go dtí san. Níl aon scéalaí is feárr ná an aimsir. Ní bheadh aon iúnadh orm féin dá dtiteadh amach go mbeadh beannlámha den fhírinne ann, mar ráfla.”

“Airiú, a Athair an chroí ’stigh,” arsa Diarmuid, “cad é sin agat dá rá! Níl aon bheirt sa pharóiste is neamhoiriúnaí dá chéile ná an bheirt. Dhéanfadh Sadhbh an gnó go maith, b’fhéidir, dá mbeadh sí pósta ag fear réidh daingean stuama de shaghas Shéadna thuas ansan. B’fhéidir go ndéanfadh Cormac an gnó go maith dá mbeadh sé pósta le mnaoi éigin chiúin fhadaradhnach, do thabharfadh a shlí féin do ar gach aon tsaghas cuma. Ach an bheirt sin! Má póstar iad beidh sé ’na chogadh dhearg acu an dá lá ’s ’n fhaid a mhairfid.”

“Ní fheadar ’en tsaol, a Dhiarmuid,” arsan sagart. “Is amhlaidh mar atá an scéal, ní hé mo thuairimse ná go mb’fhéidir go mbeadh an saol níos feárr ná san acu. Fear stuacach ceanndána is ea Cormac gan amhras. Ní deirim go maithfeadh sise puínn do. Ar a shon san agus uile, – an dtuigeann tú me? – b’fhéidir dá mbeidís pósta go dtitfeadh amach gur feárr a réiteódh an bheirt le chéile ná mar a réiteódh éinne den bheirt le duine eile. Do chonac a leithéid cheana.”

“Do chonaicís a lán, a Athair, gan dabht ar domhan ach níl aithne cheart agat ar Shadhbh. Ní dómhsa is ceart a rá; ach ní haon mhaith a rá ach an ceart, agus is í an fhírinne is feárr. Ní dó’ liom go bhfuil an fear san beó inniu ar thalamh tirim na hÉireann do bhainfeadh ceart de Shadhbh.”

“Ar an dtaobh amu’ d’aon fhear amháin, ní dó’ liom go bhfuil,” arsan sagart. “Agus rud eile atá air,” ar seisean, “níl an bhean san beó inniu ar thalamh tirim na hÉireann, ná dá n-abrainn sa náisiún is giorra dhi, do bhainfidh ceart de Chormac mura mbainidh Sadhbh ceart de, rud a bhainfidh. Bain an chluas díom mura mbainidh!”

“An daighe, a Athair,” arsa Diarmuid, “ba dhó’ le duine ar an gcuma ’na labhrann tú go bhfeiceann tú fírinne nú bunús éigin sa ráfla so.”

“’S dó’, tá bun agus bárr an scéil chómh cruínn sin ag na cairréiríbh agus iad go léir chómh mór san ar aon fhocal amháin in’ ínsint, is deocair a rá ná go bhfuil fírinne éigin ann,” arsan sagart.

“Ní raibh aon choinne riamh agam go dtitfeadh a leithéid amach,” arsa Diarmuid. “Cheapas ná pósfadh Sadhbh é ach oiread agus ’bháfadh sí í féin, agus cheapas ná féachfadh seisean ar an dtaobh den bhóthar ’na mbeadh Sadhbh, dá mba ná beadh in Éirinn ach í. Is é rud d’airínn aici go minic dá rá, ná raibh aon fhear in Éirinn ba lú uirthi ná é, agus ná raibh aon fhear in Éirinn ba ghráinne ná é. Má tá an bheirt pósta do bhuaigh sé ar a bhfeaca riamh.”

“B’fhéidir,” arsan sagart, “má fuair sí an chreidiúint seo go léir, fé mar adeirtear, ó mhuíntir an rí agus ón rí féin trí a fheabhas do dhein sí an bheart agus tógáilt do chur ar an mbithiúnach úd, agus má fuair sí sé chéad púnt mar thuarastal as, go ndéarfadh Cormac leis féin gurbh fhiú dho féachaint ar an dtaobh den bhóthar ’na mbeadh sí agus gur mhó ab fhiú dho féachaint ar an dtaobh san ná ar an dtaobh eile. Agus b’fhéidir nuair a chífeadh Sadhbh Cormac ar an aigne sin nár chuid ba lú ná a fhonn do bheadh uirthi a rá ’na haigne féin go bhfuil fir le fáil atá níos gráinne ná é.”

“Ha, ha, há!” arsa Diarmuid. “Mhuise, cúis gháire chúinn, a Athair!” ar seisean. “Cá bhfios ná go mb’fhéidir go bhfuil an scéal níos feárr ná ’shíleamair é ’bheith. ‘An rud ba mheasa le duine ná a bhás ní fheadair sé ná gurb é lár a leasa é.’”

Lena línn sin cé ’bhuailfeadh chúthu an doras isteach ach an tíncéir mór.

Foclóirín

aistear: “a wasted journey”.
athiompaím, athiompáil: “to recur”, used impersonally in athiompáil ort, “To have a relapse”. Athiompaím, athiompú in the CO. Pronounced /ɑ’hu:mpi:mʹ, ɑ’hu:mpɑ:lʹ/.
bac: “hindrance”. Cad é an bac a bhí uirthi?, “what was to stop her, prevent her?”
beannlámha: “cubit”, or banlámh in the CO. A broad b is shown in this word in CFBB, /baun-‘lɑ:/, but PUL seems to have had a slender b here. PUL gives this word an additional final a, probably to avoid the impression this word is pronounced with a v. Beannlámha den fhírinne ann, “some degree of truth in it”.
cairréir: “carman, carrier, haulier”, with cairréirithe in the plural. Note the dative plural here is cairréiríbh, as if from a nominative plural cairréirí. The CO has carraeir.
cathair: “city”, with cathrach in the genitive. Pronounced /kɑhirʹ, kɑhərəx/.
ceart: “right”. Ceart a bhaint de dhuine, “to cope with someone, deal with someone”.
éachtach: “wonderful, magnificent”. Is éachtach an saol é, “it’s a strange old world”.
fadaradhnach: “long-suffering, patient”, or fadaraíonach in the CO. The pronunciation given in IWM is /fɑdɑ’riːnəx/, but Brian Ó Cuív also says that some speakers have /fɑdɑ’rəinəx/, and so in the absence of any direct knowledge of PUL’s pronunciation the original spelling is retained here.
gairm: “call, vocation”. Gairm beatha, “one’s occupation, one’s calling in life”, where the b is not lenited on account of the coincidence of homoorganic labials (the CO has gairm bheatha).
gránna: “ugly”.The CO comparative is indeclinable, i.e. gránna, where PUL has gráinne.
ha, ha, há!: “ha ha!”, representng the sound of laughter.
iarta: “hob”, as in a fireplace.
lá: “day”, with in the dative in the phrase de ló (agus d’oíche), “by day and by night”, /də loː ɑgəs diːhi/. An dá lá s n fhaid a mhairfid, “for as long as they live” (also found without an fhaid in the middle of the phrase).
mairim, maireachtaint: “to live”, or mairim, maireachtáil in the CO. An dá lá s an fhaid a mhairfeadh sí, “for as long as she lived”. Slí mhaireachtaint, “way of life, way of living (i.e., an occupation)”. This is also found as slí mhartha here, and FdS shows that the genitive of maireachtaint is either maireachtaint or martha(martha is really the past participle of mairim, equivalent to mairthe in the CO).
réir: “service, treatment”. De réir, “according to”: this phrase is given as do réir in the original, reflecting PUL’s haphazard approach to the spelling of de, which is normally pronounced do in WM Irish, even in phrases where he used the spelling de. The phrase is pronounced /də re:rʹ/ in WM Irish, or /drʹe:rʹ/ when the words are run together. De réir a chéile, “in order”.Den réir sin, “according to that, if that be the case”.
síntiús: “donation”. Síntiús airgid, “a monetary contribution, an offering”.
slis: “chip, beetle (a wooden instrument)”. Chómh bodhar le slis, “as deaf as a post”.
stuacach: “ill-tempered, sulky”.
stuama: “level-headed; sensible”, traditionally spelt stuamdha. The traditional WM pronunciation would be with a devoiced m, /stuəmhə/, but this is not shown in the spelling given in the original here.
suím: “interest”. Note the long i in the nominative; the genitive is suime with a short i.
tiúsclach: “industrious”, tionsclach, pronounced /tʹu:skələx/ in WM Irish.
tógaim, tógáilt: “to lift, raise”, including the raising or rearing of children. Tógaim, tógáil in the CO. Dob olc an tógáilt í, “it was a bad upbringing”. Tógáilt a chur ar dhuine, “to get someone arrested”.

Notes on Nolan 10

h) Proleptic de can be used to stand for whole clauses:

Níor mhiste deimhin a dhéanamh de go ndéanfaidís Gaeil Alban do dhísciú, where de tees up the subsequent go-clause.
Another example: ná dein iúnadh dhe go nduart leat: ní foláir sibh a bhreith an tarna huair.

Proleptic de is used with second comparatives. For example, is feárrde bia nú deoch é ‘ chaitheamh go réidh, where the -de anticipates é ‘ chaitheamh go réidh (food and drink are the better for consuming them slowly). Ní fheadar an feárrde iad ar thugas dóibh – note that the subject is iad, and the predicate is feárrde… ar thugas dóibh.

The -de may be retrospective where the explanatory clause precedes: dá mbeadh Méibh chómh honóireach leis dob fhusaide é.

These phrases are all of this type:
is feárrde me é – I am the better for it
is feárrde thu é – you are the better for it
The final é does not change – as it is anticipated by the -de.

Nolan adds that in the words móide and miste the -de appears to have become calcified and now lacks appreciable force. Sometimes you can expand the phrase to show the second comparative: ní miste dhuit dul abhaile láithreach is equivalent to ní measaide dhuit an scéal dul abhaile, where an scéal is the real subject and dul abhaile should be part of the predicate. However, Nolan concedes that in practical terms it is sufficient to take miste dhuit as the predicate and accept dul abhaile as the subject.

i) Acu
Acu is also proleptic in ceoca. Ceoca is feárr leat Gaelainn nú Béarla? Here the subject of the copula is (an ceann) is feárr leat, and ceoca is the predicate, and the acu included in that word stands proleptically for Gaelainn mú Béarla, which are also part of the predicate. The principal verb is not expressed, as the copula that appears is part of the subject phrase.

The English word “whether” is translated by ceoca when it introduces a noun clause (for example, where there is an alternative; where there is no alternative, the interrogative particle an is sufficient). But where “whether” introduces an adverbal clause, it is translated in Irish by peoca.

Ní fheadar ceoca ‘ thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh.
Peoca ‘ thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh fanfadsa.

j) Other prepositional pronouns
Air, leis, uime and others can all be proleptic.
Bhíos ag brath air go mbeithása anso rómham.
Ní raibh aon choine agam leis, & a fheabhas a thuig sé an obair, go dteipfeadh air mar do theip.
Is uime do thánag isteach san uair seo, chun t’onórasa.

k) Amhlaidh
Is amhlaidh a bhí náire air rómhamsa – we can see that the subject is not expressed, as the full sentence would be something like is amhlaidh mar a bhí an scéal aige bhí náire air rómhamsa.

Amhlaidh may also be retrospective where the explanatory phrase comes before: duart leis é ‘ dhéanamh go mear, & is amhlaidh do dhein.

Amhlaidh is followed by the direct relative, but the relative is logically superfluous, as shown by the full form of the sentence. Nolan points out that the direct relative particle has probably spread with proleptic amhlaidh from its use with retrospective amhlaidh, where it is needed.

Séadna caibideal a 20.

Caibideal a Fiche.

Tháinig Séadna la ’rna mháireach féachaint conas ’bhí an duine breóite, agus do rug sé leis tuilleadh den leathar a bhí sa tsiopa agus do dhíol as. Ba mhaith mar dhein. D’fhág san roinnt airgid ag an mnaoi fhritheáilte, i dtreó nuair a fuair Diarmuid an t-aothó go raibh neart di ar bhia agus ar dhigh do sholáthar do, fé mar ba cheart agus de réir mar a bhí gá aige leó.

Ba gheárr go raibh sé ’na shuí in aice na tine aici agus flosc an domhain chun an bhídh air. Ach ambasa ní thugadh sí dho é ach an méid ba dhó’ léi ba mhaith dho, agus ní fheacaís riamh ach an troid agus an t-aighneas a bhíodh aige léi a d’iarraidh tuilleadh ’dh’fháil.

Fé mar ’ bhí sé ag dul i bhfeabhas bhídís na cómharsain ag bailiú isteach ag cur a thuairisce agus dhá ínsint do cad í an bhuairt a bhí orthu nuair ’dh’ airíodar é ’bheith ’na luí, agus cad é an t-áthas a tháinig orthu nuair a fuaradar ag teacht chuige féin é.

Nuair a fuair Séadna ag dul i bhfeabhas i gceart é agus ó bhaol, ní thagadh sé chómh minic, agus i gcionn beagán aimsire do stad sé de theacht.

D’fhan an bhean fhritheáilte ann níos sia ná ’ cheap sí ’bhí gá léi, ach an sagart fé ndeár san, mar bhí súil aige ó am go ham agus ó lá go lá, go dtiocfadh Sadhbh abhaile. Fé dheireadh tháinig glaoch uirthi ón dtaobh eile ’pharóiste agus b’éigean di gluaiseacht.

Ní raibh de sheift ansan acu ach a iarraidh ar Phails bhocht teacht gach aon mhaidean agus tine ’dh’adú agus blúire bídh d’ollmhú do Dhiarmuid. Níor fágadh fúithi é ar fad. Ba bheag aon lá ná tugadh máthair Mhicil cuaird ann. Agus an lá ná bíodh sise ann bhíodh Máire Ghearra féin ann, agus is é adeireadh na cómharsain ná gur mhó an bhreis fheabhasa a théadh ar Dhiarmuid an tamall de lá a thugadh sí ag cainnt leis ná mar ’théadh air an chuid eile den aimsir ar fad. Deireadh Diarmuid féin go samhlaíodh sé go dtógthí an ceó dá chroí nuair a chíodh sé chuige an doras isteach í.

Is é rud adeireadh gach éinne ná gur mhaith an bhail air gan Sadhbh do bheith in’ aice an fhaid a bhí sé ’na luí, mar ná beadh aon bhreith aige ar theacht chuige féin an fhaid a bheadh sí láithreach. Dá mbéadh aothó aige dá fháil agus go dtiocfadh aon ní crosta uirthi, go spriúchfadh sí agus go gcuirfeadh sí athiompáil air chómh siúrálta agus a bhí Sadhbh mar ainm uirthi.

Sin é ’ cheapadar na cómharsain, ach ní hé sin a cheap Diarmuid féin. Dar leis, ní raibh dhá chimeád ar fleasc a dhroma ach gan í ’bheith ag teacht abhaile ná aon tuairisc uaithi. Ó mhaidin go hoíche ní bhíodh aon chúrsaí cainnte idir é féin agus na daoine ’thíodh isteach, ach “cá raibh sí?” nú “cad a bhí dhá cimeád amu’?” nú “ceoca beó nú marbh a bhí sí.” “Má bhí sí beó cad ’na thaobh ná haireódh duine éigin scéala uaithi? Má bhí sí marbh cad ’na thaobh ná tiocfadh tásc a báis ó thaobh éigin? Dar ndó’ ní fhéadfí í ’mharú gan ’ fhios do bheith ag duine éigin. Dá maraítí i lár na hoíche í agus an corp do chaitheamh i bpoll éigin, dar ndó’ do geófí la ’rna mháireach a bheadh chúinn é, agus do leathfadh an scéal ar fuid na dútha, agus do béarfí ar Shíogaí, dá mb’aige ’bheadh an gníomh déanta, agus do crochfí é. Dá mbeadh oiread eile gliocais ann ní fhéadfadh sé dul ó Chormac.”

Sin mar ’chaitheadh sé an aimsir ag cur agus ag cúiteamh nuair a bhíodh éinne istigh do dhéanfadh éisteacht leis. Nuair a bhíodh sé in’ aonar is amhlaidh a bhíodh sé ag cainnt leis féin agus ag aighneas leis féin, agus ag áiteamh air féin. Uaireanta san aighneas san leis féin d’árdaíodh sé a ghlór agus d’airíodh Pails é agus bhíodh sí deimhnitheach go mbíodh beirt nú triúr ann, bhíodh a leithéid sin de ghleó aige.

D’ainneóin na buartha bhí an goile go maith aige agus bhí sé ag teacht chuige féin go tiubh. Ba gheárr go raibh sé sa doras agus a ghuala leis an ursain mar ba ghnáth, ach más ea bhí mílítheacht ’na cheannachaibh seochas mar ba ghnáth, agus thabharfá fé ndeara na balcaisí, ná rabhadar chómh teann air agus ’bhídís sular buaileadh breóite an fear bocht. Thabharfá fé ndeara go raibh roinnt den fheóil imithe agus mórán den bhlonag. Bhí an ghuala caol sa chasóig. Bhí an chuisle caol sa mhuinichle. Bhí an cheathrú caol sa bhríste. Bhí iomad slí ag an bhfear mbocht ’na chuid éadaigh, agus do bhíodh an ghaoth ag cuardach na gcnámh aige mórthímpall in sna póirsibh folmha a bhí idir chroiceann agus éadach aige, i dtreó ná féadadh sé fanúint i bhfad sa doras gan teacht anois agus arís go dtí an tine dhá thé’ féin.

Lá, mar ’déarfá coicíos ó fhág sé an leabaidh, do tháinig sé go dtí an doras agus balaithe na tine go láidir air. Ní túisce d’fhéach sé an bóthar suas ná ’ chonaic sé an bhean ag gabháil chuige anuas árd an bhóthair. Ar an gcéad amharc do baineadh iarracht de gheit as mar cheap sé gurbh fhíordheallrach le Sadhbh í. Níor bhog sé na súile dhi gur tháinig sí in’ aice. Bean chnámhach, gharbh, dob ea í. Clóca bréide uirthi. Caipín a clóca ar a ceann aici. Greim aici ’na láimh chlé ar dhá imeall an chaipín agus é dúnta os cionn a béil aici, i dtreó ná raibh le feiscint ag Diarmuid dá ceannachaibh ach a srón agus súil léi.

Dhein sí ceann ar aghaidh ar an ndoras, agus an doras isteach, agus mura mbeadh gur dhruid sé i leataoibh uaithi do leagfadh sí é. Suas léi chun na tine agus do shuigh sí i gcathaoir Dhiarmuda féin. Thug sí a haghaidh ar an dtine agus do leath sí a dhá láimh agus í féin, ag glacadh an ghoradh, agus ba dhó’ leat go raibh gá aici leis.

Thóg Pails a ceann sa chúinne agus d’fhéach sí ar an stróinséir go fada agus go dúr. Do stad Diarmuid i lár an tí ag féachaint sa chúl uirthi. Nuair a bhí sí te chuir sí an lámh chlé arís i gcaipín an chlóca agus dhún sí os cionn a béil é. D’fhéach sí ar Phails amach as an súil aonair. Ansan d’fhéach sí ar Dhiarmuid.

“Tá cearc ag glaoch sa tigh seo!” ar sise, agus is ar éigin ’ fhéadfadh duine a dhéanamh amach ceoca glór mná ’bhí aici nú glór fir. “Tá cearc ag glaoch sa tigh seo!” ar sise, an tarna huair.

“Níor airíos-sa ag glaoch í,” arsa Diarmuid.

“Tá cearc ag glaoch sa tigh seo!” ar sise. “Srubh! srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise.

“Cár ghabhais chúgainn, a ’níon ó?” arsa Diarmuid.

“Srubh srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise. “Is fada í mo chuaird chúibh,” ar sise, “ag teacht mar mhaithe libh. Is mór an éagóir sin,” ar sise, “mise dom chur chúibh anso ó Chúig Uladh ag úr ndíon ar eascáirdibh, chómh maith agus dá mba ná faighfí duine ba ghiorra ó bhaile agus ba ghiorra gaol díbh chun a dhéanta.”

“Cé atá ar ár dtí?” arsa Diarmuid.

Phreab sí ’na suí agus thug sí a haghaidh air. Níor fhéach sé idir an dá shúil uirthi mar ní raibh radharc aige ach ar shúil léi. Níor bheag do san. Ní raibh aon mhíogarnach ar an súil sin ná aon mhallachar radhairc. Shín sí chuige amach a lámh dheas. Thairrig sé píosa airgid as a phóca agus chuir sé ar chroí a deárnan é. Chuir sí puth dá hanáil air. Is dócha go raibh sé níos mó ná ’cheap sí ’bheadh sé, mar do baineadh dá cosaint í. Shleamhnaigh an greim de chaipín an chlóca agus do nochtadh a haghaidh. Bhí sí ar leathshúil, agus bhí casadh ’na béal siar nách mór go dtí an áit ’nar cheart an chluas do bheith, agus bhí an chluas imithe. Dhruid Diarmuid uaithi i ndiaidh a chúil, agus geallaim dhuit go raibh eagla air.

“Cé atá ar úr dtí?” ar sise. “Tá tine agus uisce ar úr dtí,” ar sise. “Tá galar agus bás ar úr dtí,” ar sise. “Tá nithe ar úr dtí ná fuil puínn coinne agaibh leó,” ar sise. “Mura mbeadh gan me ’bheith i bhfad uait de ló ná d’oíche le trí seachtainibh do bheadh ’ fhios agat um an dtaca so cé hiad atá ar do thí,” ar sise le Diarmuid. “Agus ba chóir,” ar sise, “nár bheag dom de ghnó bheith id chosaintse, gan bheith ag cosaint t’iníne leis, dá fhaid ó chéile tu féin agus í féin.”

“Cá bhfuil sí?” arsa Diarmuid. “Nú cad ’tá ’dhá cimeád amu’? Nú cad fé ndeara dhi imeacht agus gan scéal ná duain do chur chúm abhaile anso go mbeadh ’fhios agam ceoca beó nú marbh atá sí? Is olc a dhéin sí orm é.” Agus bhí a lámh thíos aige i bpóca a bhríste agus píosa eile airgid aige dá láimhseáil. Do chonaic sise an méid sin chómh maith agus dá mbeadh fiche súil aici.

“Ní fada go bhfaighir a tuairisc,” ar sise, agus bhí an lámh sínte arís aici, “agus ní hormsa is cóir a bhaochas do bheith, ná uirthi féin ach chómh beag liom.”

Chuir sé an tarna píosa ar a láimh chúithi.

“Cá bhfuil sí?” ar seisean, “nú cathain a thiocfaidh sí?”

“Tiocfaidh sí an uair is lú ’ bheidh coinne agat léi,” ar sise. “Tiocfaidh sí an uair is lú ’bheidh fáilte agat roímpi.”

“Cad é sin agat dá rá, a bhean,” arsa Diarmuid, “nú cé aduairt leatsa ná beadh fáilte anso roímpi pé tráth do thiocfadh sí?”

“Deirim an rud atá ar eólas agam,” ar sise, “agus ní cneasta é m’eólas, ach mura cneasta níl leigheas agamsa air. Ní mise do chuir ón mbaile í. Ní mise do sheol ’na treó an drochtheangmhálaí. Má dheineas mo dhícheall dhá cosaint ar a namhaid ba mhór é mo dhua agus is beag a bhí ’á bhárr agam.”

“Cathain a thiocfaidh sí?” arsa Diarmuid.

Níor dhein sise ach an lámh chlé do chur arís i gcaipín an chlóca agus é ’fháscadh os cionn a béil mar ’bhí sé ar dtúis aici, agus an doras amach do chur di gan oiread agus smiog do rá.

Síle. Airiú, nár dhothíosach an earra í!

Nóra. Ní fheadar, a Pheig, cad a bhain an tsúil aisti.

Peig. Ní fheadar ’en tsaol, a Nóra.

Gobnait. Do bhain a drochfhriotal féin, gabhaimse orm.

Nóra. B’fhéidir gurb amhlaidh d’imigh uirthi fé mar ’dh’imigh ar an mnaoi fheasa úd a tháinig ag triall ar Neill Ní Bhuachalla.

Gobnait. Cad d’imigh uirthi, a Nóra?

Nóra. Neósfaidh Cáit duit é, ’sí is feárr a neósfaidh é.

Gobnait. Cad d’imigh uirthi, a Cháit?

Cáit. Mhuise, níor imigh leath a raibh tuíllte aici, an rógaire. Ní raibh Neill pósta ach trí seachtaine. Bhí sí istigh sa bhaile agus bhí Éamann amu’ ag féachaint i ndiaidh na mbó, mar bhí bó acu tar éis bheirthe. I gceann tamaill do tháinig sé isteach agus bhí Neill ag gol. D’fhiafraigh sé dhi cad a bhí uirthi. B’fhada gur inis sí dho gurb amhlaidh a bhí bean feasa ag lorg airgid uirthi, agus nuair nár thug sí an t-airgead di go nduairt sí go mbeadh Neill ’na bainntrigh sula mbeadh an bhliain caite. An fhaid a bhí Éamann amu’ i bhfeighil na mbó thug sé fé ndeara an bhean iasachta ag imeacht ón dtigh agus bhí ’ fhios aige cad é an bóthar a ghoibh sí. Níor dhéin sé aon bhlúire amháin ach breith ar an bhfuip a bhí ar crochadh in aice an dorais agus í ’ shá suas i muinichle a chasóige agus an doras amach do chur de. Bhí sé imithe sula raibh ’ fhios ag Neill cad é an fuadar a bhí fé.

Ba gheárr gur tháinig sé suas leis an mnaoi.

“Cad chuige dhuit,” ar seisean léi, “a rá lem mhnaoise go bhfaighinnse bás fé cheann bliana?”

“Ní déarfainn é,” ar sise, “mura mbeadh ’ fhios a bheith agam go cruínn.”

“Cé ’inis duit é?” ar seisean.

“D’inis mo leannán sí dhom é,” ar sise.

Do rug sé ar chúl cínn uirthi agus thairrig sé an fhuip as an muinichle agus do ghoibh sé den fhuip sin uirthi chómh hálainn agus do ghoibh Conchúr Máistir riamh ar aon scoláire dá raibh ar an scoil aige. Nuair a bhí gofa go maith aige uirthi do scaoil sé uaidh í. “’Sea!” ar seisean léi. “Nách mór an iúnadh nár inis do leannán sí dhuit go dtabharfainnse an córú san duit. Imigh anois agus tá rud agat le hínsint do ná raibh ’ fhios cheana aige. Agus má fheicimse arís ag teacht i ngaire mo thí thu tabharfad eachtra níos mó ná san duit le breith ag triall ar dod leannán sí.” Bhí scannradh ar Neill le heagla go mbeadh an bhean ag eascainí orthu. Ach is é adeireadh Éamann nárbh fheárr leis ag amhrán í.

Nóra. Mhuise, Dia linn! Níor mhaith liom í ’bheith ag mallachtaí orm pé in Éirinn é.

Cáit. Cad é an díobháil ’fhéadfadh a cuid mallachtaí do dhéanamh dhuit nuair ná beadh aon ní déanta as an slí agat?

Nóra. Cá bhfios dom ná go dtitfeadh mallacht éigin acu orm ar chuma éigin?

Cáit. Is uirthi féin a thitfidís nuair ná beidís tuíllte agat uaithi. Nách uirthi, a Pheig?

Nóra. ’S dó’, b’fhéidir gur dhó’ liom féin ná beidís tuíllte agam, agus b’fhéidir, ar a shon san, go mbeidís. Peoca ’bheidís tuíllte agam nú ná beidís níor mhaith liom í ’bheith dhá ndéanamh orm.

Cáit. Ó! ’s dó’, nuair ná beadh leigheas agat air. Nuair ’ thiocfadh sí agus adéarfadh sí go rabhais chun báis ’dh’fháil sula mbeadh an bhliain istigh, agus gur inis a leannán sí dhi é!

Síle. Cad do bheir di leannán sí ’ bheith aici, a Pheig? Nú conas a fuair sí é ’bheith aici? Nách mór an iúnadh ná faigheadh an síofra aon ní eile le déanamh ach bheith dhá leanúint siúd.

Cáit. D’airíos-sa duine dhá rá gurb iad rudaí na síofraí, ná aingil an uabhair agus na deamhain aeir. Ach deir Éamann ná fuil a leithéidí in aon chor ann.

Nóra. Mura mbeadh iad do bheith ann conas do chífí iad?

Peig. An bhfeacaís-se féin aon cheann acu riamh, a Nóra?

Nóra. Ambasa féin ní fheaca, baochas le Dia! Ach is mó duine ’chonaic iad, dar ndó’.

Peig. Inis dom éinne amháin.

Nóra. Seán Ó hIarlaithe. Bhíos ag éisteacht leis dhá ínsint.

Cáit. ’Dhe, an leathamadán!

Nóra. Peoca ’leathamadán é nú nách ea do chonaic sé an sprid.

Síle. Canad, a Nóra?

Nóra. ’S amhlaidh do cuireadh ag comáint na mbó é, tar éis a gcrúite, suas go Túirín an Chasúrlaigh, istoíche Dé Domhnaigh. Bhí lán an tí de dhaoinibh bailithe ag scoraíocht ann. Ba gheárr gur sciúrd Seán chúthu isteach agus sceón ann agus coinneal ’na shúilibh le scannradh agus le hanaithe.

“Airiú, cad ’tá ort, a Sheáin?” ar siad.

“Ó! An deamhan me! go bhfeaca sprid!” ar seisean.

“Airiú, cathain a chonaicís í, a Sheáin?” ar siad.

“Ó!” ar seisean, “i gcómhrac lae agus oíche – um thráthnóna mór luath – ba threise ar an lá ná ar an oíche – ní raibh sé dorcha – i lár an lae ghléigil dob ea é.” Geallaim dhuit go raibh gáirí ann.

“Cad ’duairt sí leat, a Sheáin?” ar siad.

“An deamhan me!” ar seisean, “gur fhéach sí orm go truamhéileach.”

“Agus cad ’dúraís léi, a Sheáin?” ar siad.

“An deamhan me!” ar seisean, “gur chuímhníos gurbh fheárr rith.”

“Cad é an saghas í, a Sheáin?” ar siad.

“Tá,” ar seisean, “sprid mhuice, i bhfuirm bhuímpéise stoca.”

Cáit. Aililiú! Airiú, cad a chonaic sé, a Nóra?

Nóra. Sin í díreach an cheist a bhí acu go léir á chur ar a chéile, nuair cé ’bhuailfeadh chúthu isteach ach athair Sheáin agus cóta-mór liath air agus a chaipín breac air. Ní túisce ’chonaic Seán an caipín breac ná ’ chuir sé liú as. “Ó!” ar seisean, “sid í chúibh isteach í!”

“Mhuise duigh ionat! a amadáin!” arsan t-athair.

Cáit. Agus cá raibh an mhuc, airiú?

Nóra. Ambasa ach ní fheadar, a Cháit, ach gurb in é tuairisc a thug sé féin ar an sprid a chonaic sé.

Peig. Is dócha gurb amhlaidh ’ airíodh sé daoine dhá rá gur mheasa sprid d’fheiscint i bhfuirm muice ná i bhfuirm aon ainmhí eile, agus nuair a bhí an scannradh air gur cheap sé gur rud i bhfuirm muice a bhí ann.

Cáit. Agus dar ndó’ duairt sé féin gur rud i bhfuirm bhuímpéise stoca do chonaic sé, nuair a chonaic sé an caipín breac agus an cóta-mór liath.

Nóra. An daighe, ní fheadarsa cad a chonaic sé ná cad a cheap sé a bhí ann, ach siúd é aduairt sé, “sprid mhuice,” ar seisean, “i bhfuirm bhuímpéise stoca.”

Cáit. ’Dhe, greadadh chuige, an breallán! Mura mbeadh é ’bheith in’ amadán déarfainn gur mhaith an scéal cuid den fhuip úd a thabhairt do. B’fhéidir go mbainfeadh san cuid de na speabhraídíbh de.

Síle. Nár airíos-sa thusa dhá rá, a Pheig, go nduairt an sagart ná raibh aon fhios ag lucht feasa ach iad dhá leogaint orthu fios do bheith acu?

Peig. Duairt leis, agus níl, ach oiread agus ’ bhí ag an mnaoi úd aduairt go bhfaigheadh Éamann bás fé cheann bliana.

Síle. Is dócha nár bhain sé an tsúil aisti mar do baineadh as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda.

Nótaí

Ní fhéadfí í ’mharú: PUL does not normally lenite the autonomous forms of regular verbs, but d’fhéadfí and ní fhéadfí show that this rule is not observed in the conditional autonomous of féadaim. Féadtar, féadfar and féadtí are not lenited in his works.

Do geófí la ’rna mháireach a bheadh chúinn é: the conditional forms of gheibhim and gabhaim are confused. PUL has do gheóbhainn, etc, in the conditional of both, with do geófí in the conditional autonomous (cf. a gheófí, “would be found”, after the relative particle in his Mo Sgéal Féin). Geófí could also be spelt geóbhfí.

D’airíos-sa duine dhá rá gurb iad rudaí na síofraí, ná aingil an uabhair agus na deamhain aeir: it is interesting that we have rudaí in the plural here. Generally speaking, a plural subject in an identification of classes copula sentence would have rud in the predicate. An analogous example in an interrogative sentence can be found in PUL’s Aithris ar Chríost, book 1, chapter 13, where we read tispeánann an cath cad é an saghas sinn, or “temptation shows us what we are”. Here sinn is plural subject and yet we have an saghas, not na saighseanna. Yet “temptation shows us what we are” does not anticipate defining “us” in multiple terms. In the sentence under discussion here, however, the elves are defined as more than one thing, “the fallen angels and the demons in the air”, and as there is more than one noun in the predicate, rudaí in the plural in the subpredicate is appropriate. In such sentences, the definite article is not expressed. This is because the clause defines rudaí later in the sentence.

Cad é an saghas í, a Sheáin?” ar siad.“Tá,” ar seisean, “sprid mhuice, i bhfuirm bhuímpéise stoca”: here asserts the truth of the following statement.

Names

Conchúr Máistir: the name of a schoolmaster mentioned here. Conchúr is pronounced /kro’huːr/.
Seán Ó hIarlaithe: a man named here as having seen a ghost.

Placename

Túirín an Chasúrlaigh: a minor placename meaning Casserley’s Tower. Casúrlach refers to someone with the surname Mac Casarlaigh. Túirín is “a small tower, turret”.

Foclóirín

adaím, adú: “to light, kindle”, e.g. a fire, or fadaím, fadú in the CO. The original form found here is fadú, but it is found in a lenited context, and IWM and CFBB both show the WM form to be without f.
athiompáil: “relapse”, pronounced /ɑ’hu:mpɑ:lʹ/.
balcais: “rag, garment”, with the plural, balcaisí, meaning “clothes”.
blonag: “fat, blubber”. The dative is given here as blonag, although the feminine declension would point to blonaig, which form is shown in the dative in CFBB.
buímpéis: “vamp (of a stocking)”, i.e. the upper part covering the instep and the toes.
canad: “where?” This adverb is generally used as a single-word response or used with the copula; otherwise or cár would be used. Canad is derived from cá hionad?Cá háit? or cén áit? are used in the CO.
ceathrú: “quarter”, but also “thigh”.
cnámhach: “big-boned”, pronounced /knɑːx/.
cómhrac: “encounter; fight”. I gcómhrac lae agus oíche, “just at the time of day where day meets night”.
córaím, córú: “to dress, equip”, or cóirím, cóiriú in the CO. Córú, “a dressing”, also refers sarcastically to “a beating”.
cóta: “coat”. Cóta-mór, “overcoat, great coat”. This is hyphenated in the original as what is effectively a single noun. The hyphenation is retained in the editing here, as the meaning is not identical to “a large coat”. FdS explains that “in Séadna’s country” (West Muskerry?) cóta means “petticoat”, and casóg is used for “coat”.
deamhan: “demon”, pronounced /dʹaun/. An deamhan me, “crikey! the devil take me!” This is given as don deamhan me in some dictionaries, but it is not clear to me that the first syllable of this interjection is a weakened form of don, as FdS glosses this phrase as “the divil be from me!” An is therefore retained in the editing here.
díonaim, díon: “to protect, safeguard”.
dothíosach: “churlish”.
drochfhriotal: “bad language”, pronounced /dro-rʹitəl/.
drochtheangmhálaí: “bad associate”, pronounced /dro-haŋə’vɑ:li:/.
dua: “trouble doing something”.
duain: “poem, song”. Ní scéal ná duain, “neither tale nor tidings”.
duigh: “pain”, or daigh in the CO. The vowel in the original spelling duigh (duig in the original text) is retained here as showing the pronunciation more clearly, /digʹ/. Duigh ionat, “the devil take you! shut up!”
earra: “article, thing”. Nár dhothíosach an earra í!, “wasn’t she a churlish sort/a churlish so-and-so?” Pronounced /ɑrə/ and spelt ara in the original, probably indicating this word does not slenderise a preceding an. This word is feminine here, but masculine in the CO.
eascainím, eascainí: “to curse”, with ar. Pronounced /ɑski’nʹi:mʹ, ɑski’nʹi:/.
fáiscim, fáscadh: “to squeeze, press, tighten, bind”.
feabhas: “goodness”, with feabhasa in the genitive, where the CO has feabhais.
fíordheallrach: “very like” someone, used with le. Shán Ó Cuív’s LS edition of of Séadna transcribes as if from fíordheallraitheach. The CO alos has dealraitheach, but doesn’t appear to have a word dealrach. Pronounced /fʹiːr-jaurəx, fʹiːr-jaurihəx/, where the double l in the transcription here implies the presence of a diphthong, with subsequent deletion of the l itself.
fleasc: “rod”. Ar fleasc a dhroma, “on the flat of his back”.
flosc: “eagerness, zest”, with chun. Flosc an domhain, “extreme eagerness/ravenousness”.
fuadar: “rush, hurry”. Fuadar a bheith fút, “to be up to something, bent on something”.
fuip: “whip”. Gabháil den fhuip ar dhuine, “to give someone a flogging”.
gléigeal: “very bright, brilliant”.
gliocas: “cleverness, ingenuity”, or gliceas in the CO.
goradh: “warmth, heat”.
imeall: “border, edge”.
lá: “day”, with in the dative in the phrase de ló (agus d’oíche), “by day and by night”, /də loː ɑgəs diːhi/.
láimsheálaim, láimhseáil: “to handle or finger”.
leannán: “lover”. Leannán sí, “fairy lover”.
leathamadán: “half-wit”.
leathshúil: “only one eye”.
mallachtaí: “act of cursing”, with ar.
mílítheacht: “paleness, sickly appearance”.
póirse: “passage, corridor”. Note póirsibh here in the dative plural, without a long ending; póirsíbh would be more common in later Irish, derived from the nominative plural póirsí.
puth: “puff of breath”.
scoláire: “scholar, pupil”, pronounced /sklɑ:rʹhi/. AÓL is on record as confirming the h in the pronunciation of this word, which is sometimes written scoláirthe.
seift: “plan”. Ní raibh de sheift acu ach, “the only thing they could do was…”
síofra: “sprite, elf”.
slí: “way”. As an slí, “out of the way; wrong”.
spriúchaim, spriúchadh: “to fly into a rage”.
srubh srabh: FdS says these words imitate the milking of a cow are used by the fortune teller in chapter 20 to intimate that some misfortune was to occur to Diarmuid’s cows.
stróinséir: “stranger”, or strainséir in the CO.
téim, té’: “to heat, warm”, or téim, téamh in the CO. The verbal noun was spelt téidheadh in the classical spelling, which could be written as téidh now, but the -idh ending might point to a g in WM Irish, and so it seems better to adopt the spelling té’, which does not have any infelicitous implications for the pronunciation.
tréan: “strong”. This word is rarely used other than in the comparative, treise. Ba threise ar an lá ná ar an oíche, “it was more day than night”.
truamhéileach: “piteous, plaintive”, or truamhéalach in the CO.
uabhar: “pride”. Aingil an uabhair, “the fallen angels”. Pronounced /uər/.

Séadna, ch. 19

Caibideal a Naoidéag.

Ní raibh Diarmuid sa doras rómpu. Bhí an doras dúnta. D’oscladar é agus chuadar isteach. Ní fheacadar Sadhbh ná Diarmuid. Bhí seanabhean iasachta ’na suí in aice na tine. Thóg sí a ceann agus d’fhéach sí orthu agus chrom sí arís é gan labhairt. Bhí aithne acu uirthi. Cómharsa dob ea í. Pails Bhodhar a tugtí uirthi, ach má sea ní róbhodhar do bhí sí, ach bhí sí ana-ríghin.

“Cá bhfuil fear an tígh, a Phails?” arsa Cormac.

“Tá sé gan bheith ar fónamh,” ar sise, go ríghin.

“An bhfuil sé ’na luí?” arsa Cormac.

“Tá,” ar sise, “agus Máire ’níon Airt ag tabhairt aire dho.”

Le na línn sin d’oscail an bhean fhritheáilte doras an tseómra. “Dé úr mbeathasa!” ar sise.

“Cad ’tá ar an nduine seo, a Mháire?” arsa Cormac.

“Tá eagal orm, a Chormaic,” ar sise, “gur taom beag éagruais atá air. Slán beó mar a n-ínstear é! Do buaileadh breóite la ’rna mháireach lae an aonaigh é, nuair a fuair sé go raibh Sadhbh imithe. Nuair ’airigh an sagart an t-éirleach a dhéineadar na bithiúnaigh úd ar an aonach do tháinig sé féin anso, agus nuair a fuair sé Diarmuid ’na luí agus gan duine ann do shínfeadh deoch chuige, do chuir sé fios ormsa agus do thánag.”

“Ar mhiste dhúinn dul isteach dhá fhéachaint?” arsa Séadna.

“Ach, ní miste, ní miste,” ar sise.

Bhí Cormac istigh cheana féin, gan chead.

Síle. Ní dhéanfainn dabhta dhe!

Peig. “Cad é an scéal é, a Dhiarmuid?” arsa Cormac

“Dein t’iarraidh thort!” arsa Diarmuid. “Cár fhágais í?” ar seisean. “Ar rug sé uait í?” ar seisean. “Is meata an fear tu agus í ’leogaint leis.”

“Tá sé ar an gcuma san ó thánag,” arsan bhean fhritheáilte. “Ní stadann a bhéal ach ag cur thrí chéile.”

“An aithíonn tú me, a Dhiarmuid?” arsa Séadna.

“An aithním thu! Tá sé chómh ceart agamsa tusa d’aithint agus ’tá sé agatsa mise d’aithint. Tá sé chómh ceart agatsa mise d’aithint agus ’tá sé agamsa tusa d’aithint. Tá sé chómh ceart agamsa tusa d’aithint agus atá sé agatsa mise d’aithint––” Thiomáin sé leis ag filleadh agus ag aithfhilleadh ar na foclaibh céanna ar an gcuma san, dhá gcasadh gach re dturas, agus nuair ’théadh titim focail air, nú gan an casadh do dhéanamh cruínn de réir a chéile, théadh sé siar ar an gcainnt go dtí go mbíodh a aigne sásta ar í ’ bheith de réir a chéile aige. Ansan do ghéaraíodh sé uirthi i dtreó gur dhó’ leat gur geall a bhíodh curtha aige féachaint an mó uair ’ fhéadfadh sé na focail do rá as a chéile gan a anál do tharrac. Théadh sé chómh dian san air féin gur dhó’ leat go dtachtfadh sé é féin le heaspa análach. I gcionn tamaill do stad sé de na ruthagaibh cainnte sin agus d’fhéach sé anonn i gcúinne an tseómra.

“Is mór an náire díbh go léir é!” ar seisean. “Sin é an fear bocht san thall agus a cheann dá scoltadh le teinneas agus ná féachfadh éinne agaibh ’na dhiaidh!”

Síle. Cérbh é sin, a Pheig?

Peig. Ní raibh éinne ann, a Shíle, ach na speabhraídí do bheith ar an bhfear mbocht.

Cáit. Is dóichí gur ’na cheann féin a bhí an teinneas.

Peig. ’Na cheann féin, cad eile?

Cáit. Imbriathar go bhfeacasa Séamas so againne ar an gcuma gcéanna fadó, nuair a bhí an mhéar theinn aige. An órdóg chlé, órdóg a lámha, is í ’ bhí teinn. Tháinig speabhraídí air le neart an teinnis agus bhíodh sé ag glaoch ar mo mháthair agus ar Neill, agus dhá iarraidh orthu “féachaint i ndiaidh an gharsúin úd thall sa chúinne, mar go raibh órdóg ana-theinn aige.”

Nóra. ’Sea ansan tu, a Pheig.

Peig. D’fhanadar tamall maith ag éisteacht leis ach do theip orthu aon chainnt bhunúsach d’fháil as.

“Cad é do mheas air, a Mháire?” arsa Séadna leis an mnaoi fhritheáilte.

“Ní hé mo thuairim go bhfuil aon bhaol air,” ar sise. “Is cómhartha maith ar an mbreóiteacht na speabhraídí do bheith chómh hanamúil. Ní bhraithim aon mhairbhití air. Bíonn tart air, ach ní tart rómhór é, agus tá meidhg maith dhá bhainne agam dá thabhairt do.”

Thánadar amach as an seómra.

“An bhfuil aon tuairisc ar Shadhbh?” arsa Séadna, “nú an bhfuil aon fhios ag éinne ar cad é an treó baíll ’nar thug sí a haghaidh?”

“Ní fheacaigh éinne ag imeacht í ach Pails anso,” arsa an bhean fhritheáilte. “Bhí Pails amu’ ar éirí lae, la ’rna mháireach lae an aonaigh. Thug obair na mbithiúnach, agus an toirmeasc a lean é, oíche challóideach don mhnaoi bhocht. Bhí sí ’na suí lasmu’ de dhoras an bhotháin bhig ar an amhscarnach. Chonaic sí an bhean ag imeacht ón dtigh seo agus í ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Cá dtabharfadh sí a haghaidh ach ar an mbothán agus gan aon choinne aici Pails do bheith ’na suí chómh moch. Níor thug sí Pails fé ndeara go dtí go raibh sí buailte léi. D’fhéachadar ar a chéile. Níor labhair éinne acu. Is annamh a labhrann Pails ach nuair ’labharthar léi, agus an uair sin féin ní róthapaidh chuige í. Chuir Sadhbh an bóthar soir ó thuaidh di, ar a cromruathar, bóthar an bhaile mhóir. Ní feacthas ó shin í beó ná marbh, agus níor airíos go bhfeacaigh éinne eile í an mhaidean san ach Pails anso.”

“Cad ’na thaobh nár labhrais léi, a Phails?” arsa Cormac.

“Mhuise, ní fheadar,” arsa Pails, go ríghin.

“Chómh siúrálta agus atá bianna ar mhaide bacaigh,” arsa Cormac, “is i ndiaidh an tSíogaí atá sí imithe agus ní le grá dho é, ná mar mhaithe leis. Is mó cleas glic do dhein sé i gcaitheamh a shaeil, ach bheirim mo lámh is mh’fhocal do gurb é cleas is teinne dho dár dhein sé riamh an bob a bhuail sé ar Shadhbh lá an aonaigh. Más ’na dhiaidh atá sí imithe, agus is ea, dá dtéadh sé isteach i bpoll tráthair i bhfolach uaithi ní dhéanfaidh sé an gnó dho. Tiocfaidh sí siúd suas leis agus cuirfidh sí carbhat caol air, chómh siúrálta agus atá scórnach air. Bain an chluas anuas ón gceann díom mura gcuiridh. Is dó’ liom dá mbeadh ’ fhios aige cad é an saghas í go ngeóbhadh sé tháirsi. Tá sé déanach anois aige.”

“Éist, a Chormaic, éist!” arsan bhean fhritheáilte. “Ná bí ag magadh fút féin. Cad é an gnó ’bheadh ag Sadhbh go dtí an baile mór? Cad ’fhéadfadh sí ’dhéanamh ann? Cé air go bhfuil aithne aici ann? Conas ’gheóbhadh sí eólas tríd an gcathair sin, ná raibh sí riamh i ngioracht céad míle dhi? Agus gur dócha ná fuil oiread agus poll franncaigh ná go bhfuil aithne aige siúd air, in aon bhall sa bhaile mhór. Bíodh ormsa má mhothaíonn sé ’na dhiaidh í go gcuirfidh sé féin, nú duine éigin uaidh, deireadh léi go tapaidh ––, más ann a thug sí a haghaidh, agus dar ndó’ ní dócha gurb ann, ní nách iúnadh.”

“Fan leat go fóill,” arsa Cormac. “Ní bhéarfadh aon ghnó eile ón mbaile í ach chun é siúd d’fhiach agus do thabhairt chun lámha. An gníomh do dhein sé uirthi féin agus ar a hathair, níor deineadh is dócha le cuímhne éinne atá suas a leithéid eile de ghníomh, le gráinniúlacht agus le spriúnlaitheacht agus le héagóir. D’fhuiliceódh sí í ’ghearradh ’na miotaibh beaga sula leogfadh sí in aisce leis é, ní nách locht uirthi.”

“’ Dhe ’gus, a dhuine an chroí ’stigh, má tá sé chómh buailte sin isteach it aigne go bhfuil sí imithe ar an íntinn sin, cad ’na thaobh ná preabann tú láithreach agus í do leanúint?” arsan bhean fhritheáilte.

“Preabfad, ná bíodh eagal ort,” ar seisean. “Ní raibh uaim ach ’fhios a bheith agam cár thug sí a haghaidh. Is dócha go bhfanfairse anso go dtí go mbeidh an duine seo ag teacht chuige féin, nú an chuid is lú dhe, ar láimh shábhála.”

“Fanfad,” ar sise. “Duairt an sagart liom fanúint.”

“Agus, a Shéadna,” ar seisean, “mura bhfuil aon bhruid ortsa ná beadh sé chómh maith agat gluaiseacht in éineacht liom?”

“Ní gá san,” arsa Séadna. “Tá úr ndóthain agaibh féin ann.”

“Tá ’ fhios agam,” arsa Cormac, “gur mhaith le muíntir an rí aithne do chur ort, agus go mb’fhéidir gurbh fhuiriste slígh mhaireachtaint do dhéanamh amach ann duit ba thairbhí ná an ghréasaíocht.”

“Déanfaidh an ghréasaíocht an gnó go ceann tamaill eile,” arsa Séadna.

“’Sea! go dtugaidh Dia lá maith dhíbh go léir!” arsa Cormac. “Is tapaidh an ghluaiseacht agam arís é, gan fiú ceó an bhóthair do bhaint dem brógaibh. Is trua gan a bhfuil de chladhairíbh bithiúnach in Éirinn in aon téid amháin agam, ar aon chroich amháin. Is me ’ thabharfadh an fáscadh dhóibh! Bheadh suaimhneas ansan againn ar feadh tamaill.”

“Bheadh punann mhór agat!” arsan bhean fhritheáilte.

Síle. A thiarcais, a Pheig, ní fheadar an amhlaidh nár chuímhin leis an bhreab.

Peig. Cad í an bhreab, a Shíle, a chuid?

Síle. An bhreab úd a thoiligh sé a ghlacadh ar sheilbh tí na bainntrí, nuair a bhí sé dhá cur amach agus gan an cíos aici dho, gur thug Séadna dhi é.

Peig. Ní fheadar ’en tsaol, a Shíle. Is minic droch-chuímhne ag daoinibh ar an rud nách maith leó cuímhne do chimeád air.

Síle. Ba chóir go mbeadh náire air.

Peig. Do dhuine gan náire is usa a ghnó ’dhéanamh.

Síle. B’fhéidir é. Ach ní mholaim iad, mar dhaoine gan náire. Is feárr go mór a thiocfadh sé dho a bhéal d’éisteacht, agus gan bheith ag déanamh troscaidh an chait cheannainn ar an mbithiúntas.

Gobnait. Is amhlaidh mar ’bhí an scéal aige, díreach mar ’bhí ag an bhfear úd i gCíll Áirne agus é ag dul sa bhruín. Bhí caíncín mór ramhar air mar ’bhí ar Chormac. “Bachall” a bhíodh ag daoinibh mar leasainm air, mar gheall ar an gcaíncín. Ghlaeigh a athair air agus é ag dul isteach sa choímheascar. “A Dhónaill, a mhic ó,” arsan t-athair, “brostaigh agus tabhair ‘bachall’ ar dhuine éigin sula dtabharfí ort é.” B’in é an údhálta ag Cormac. Cheap sé ná raibh aon tslí ab fheárr ’na raghadh sé féin ó ainm an bhithiúnaigh do thabhairt air ná é féin do thabhairt ainme an bhithiúnaigh ar dhuine éigin eile.

Síle. Agus dar ndó’, a Pheig, ní shaorfadh san é. Ná féadfí é ’ thabhairt air féin ’na dhiaidh san chómh maith agus dá mba ná tabharfadh sé ar éinne é?

Peig. Is dócha gur mhór an ní leis tosach do bheith aige féin ar an scéal, an chéad ruchar do bheith aige, gan bheith thíos ar an gcéad bheárnain. Agus cad ’déarfadh na daoine ach nárbh fholáir nú nár ghá dho féin aon eagla do bheith aige roimis an ainm, óir, dá mba ghá, go seachnódh sé trácht air.

Cáit. Is dócha gurbh in é an údhálta ag Donncha Bheag nuair a ghoid sé scian Shéamais. Ní raibh éinne ba ghéire ag cuardach ná é féin agus í istigh ’na phóca aige, an spreallairín!

Síle. Conas a fuaradh í, a Cháit?

Cáit. Mise a thug fé ndeara í sa phóca. Bhí an póca ar sileadh lasmu’ dá chasóig aige, mar ’bheadh máilín na bpiast. Bhuaileas-sa mo lámh ar an máilín agus bhí an scian istigh ann.

Síle. An fear bocht! Is tu ’ bhain an phreab as.

Cáit. Abair é! D’iompaigh a líth ann agus chrom sé ar ghol.

Síle. Ar díbreadh é?

Cáit. Níor díbreadh. Do chosain Neill é. Duairt sí gurb amhlaidh a chuir duine éigin an scian sa phóca i ganfhios do, mar spórt, agus duairt mo dhaid go raibh an ceart aici.

Gobnait. Cheap sé, ach a leogaint air bheith dhá cuardach ar a dhícheall nár bhaol go mbeadh a hamhras air féin. Airiú, nár mhaith é!

Peig. Mhuise, ní raibh ann ach leanbh, a Ghobnait. Ní raibh aon chiall aige. Agus is dócha nárbh fhiú puínn an scian.

Cáit. Níorbh fhiú. Agus is é rud a dhein Séamas ansan ná í ’bhronnadh air, agus bhíos-sa ar buile chuige. B’fheárr liom í ’ chaitheamh sa tine ná í ’ thabhairt do, agus an feall beag aige dá dhéanamh chómh gasta. Dá luíghead í, b’fhéidir, dá ritheadh leis, go mbeadh a hamhras ar dhuine éigin eile, agus féach ansan nách deas an obair a bheadh déanta aige.

Peig. Is fíor dhuit sin, a Cháit, “Is fada siar é iarsma an drochbhirt.”

Gobnait. Mhuise, beannacht Dé le hanman do mharbh, a Pheig, agus comáin leat ar an scéal! Chimeádfaidís sin ansan tu go maidin amáireach ag cainnt agus ag áiteamh agus ag abhcóidíocht agus ag cur thrí chéile.

Nóra. Agus dar ndó’, a Ghobnait, ní rabhais féin gan do chion den abhcóidíocht agat; níor leogais leó ar fad é.

Peig. Do ghluais Cormac arís, “gan ceó an bhóthair do bhaint dá bhrógaibh,” a nduairt sé féin. Nuair a bhí sé imithe do chuaigh Séadna isteach sa tseómra arís mar a raibh an duine breóite.

“Is fada go dtánaís,” arsa Diarmuid. “Is é an cleamhnas ó Shamhain go Bealltaine agat é. Bheadh leath na dútha pósta an fhaid atáir ag gabháil do. Cá bhfuil sí anois? Bhí sí ansan ó chiainibh. Is feárr bean ná spré. Cailín ciúin ciallmhar ach gan fearg do chur uirthi. Ó! faire fút! ná buail! Airiú greadadh chút, ná buail! Féach air sin!”

“An bhfuil aon airgead sa tigh?” arsa Séadna leis an mnaoi fhritheáilte.

“Oiread is leathphingin rua!” ar sise.

“Seo,” ar seisean. “Do fuaras roinnt leathair uaidh an lá fé dheireadh. Tá sé chómh maith agam díol as anois,” agus do shín sé suím airgid chúithi.

Names

Donncha Beag: Little Donncha, a little boy mentioned here who stole Séamais’ knife. Donncha, an ancient Irish name, is generally anglicised as Denis. Pronounced /donəxə/.
Máire ’níon Airt: Diarmuid’s nurse in chapter 19 here.
Pails Bhodhar: Deaf Poll, a ‘slow’ woman mentioned in chapter 19 here. Pails is an informal form of Paili, the Irish equivalent of Polly. Paili or Polly is ultimate derived from Mallaidh or Molly, a pet form of Máire.

Place

Cíll Áirne: Killarney, Co. Kerry, literally “the church of the sloes”.

Foclóirín

abhcóidíocht: “debating, discussing”, or abhcóideacht in the CO.
agus go: “whereas”, in addition to other meanings.
aithfhilleadh: “recurrence, going back again”, or athfhilleadh in the CO. This word is edited with aith- here, because the pronunciation is with the front allophone of a, /a-hilʹi/.
amhras: “doubt; suspicion over something”, pronunced /aurəs/.
amhscarnach: “daybreak”, or amhscarthanach in the CO. Ar an amhscarnach, “at the grey dawn”.
bachall: “crook, shepherd’s staff; the knob on the stop of a stick”, used here to refer to a hooked nose.
beárna: “gap”, with beárnain in the dative. Thíos ar an gcéad bheárnain, “down at the first hurdle”.
bruid: “hurry”, or broid in the CO. Bruid a bheith ort, “to be busy”. The pronunciation is /bridʹ/, and the editing approach here is to retain a spelling in ui in the original, which clarifies the pronunciation, where such a spelling is consistently found in the original.
bruíon: “quarrel”.
bunúsach: “basic, substantial”. Cainnt bhunúsach a dh’fháil as duine, “to get something sensible out of someone”.
callóideach: “troublesome”. Oíche challóideach, “a restless night”.
carbhat: “neck-tie”. Carbhat caol a chur ar dhuine, “to get someone hanged”. Pronounced /kɑrəvət/.
ceannann: “white-faced”. Troscadh an chait cheannainn a dhéanamh: this derives from the phrase troscadh an chait cheannainn, ithim feóil agus ní ólaim bainne, said of a very righteous person who expresses very pious views as a cloak to his own wrongdoing.
céile: “partner, spouse”. As a chéile, “one after another”.
coímheascar: “struggle, mêlée”. Pronounced /kiːskər/.
cosnaim, cosaint: “to defend; to cost”. This would be cosnaím, cosaint in the CO. PUL has this in the first conjugation in most tenses, but cosnód and cosnódh in the future and conditional. Pronounced /kosənimʹ, kosintʹ/.
cromruathar: “crouching run”. Ar a cromruathar, “running in a crouched position”. Pronounced /kromə-ruəhər/.
deireadh: “end”. An lá fé dheireadh, “the other day”.
díbrim, díbirt: “to banish, drive out”. Díbrím, díbirt in the CO. Ar díbreadh é?, “was he sent away?” Pronounced /dʹiːbʹirʹimʹ, dʹiːbʹirtʹ/.
drochbheart: “bad dead, mean act”. Beart is normally feminine in PUL’s works, but drochbheart seems to be masculine, as the genitive is drochbhirt.
eólas: “knowledge”. Eólas a dh’fháil tríd an gcathair, “to find your way through the city”.
fanaim, fanúint: “to wait, stay”, or fanaim, fanacht in the CO.
focal: “word”. Note that the dative plural is edited as foclaibh here, in line with an editorial policy not to show epenthetic vowels.
franncach: “rat”, or francach in the CO. The double n here shows the diphthong: /frauŋkəx/.
fuiligim, folag/fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. The g is devoiced to c in the future and conditional: fuiliceód, /filʹi’kʹo:d/; fuiliceódh, /filʹi’kʹo:x/. PUL used the classical spellings in the original text, which are adjusted in the editing here in line with WM pronunciation.
gasta: “clever, shrewd”.
gráinniúlacht: “abhorrence, infamy”, or gráiniúlacht in the CO.
gréasaíocht: “making shoes”.
iarraidh: “requesting, asking”, pronounced /iərigʹ/ as a verbal noun, but often as /iərə/ as a noun. Gan chuireadh gan iarraidh, /gɑn xirʹi gɑn iərə/, “without being invited or asked”. Dein t’iarraidh thort, “ask another one!”, used in reference to a question you would rather not answer. This phrase, transcribed in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna as if /tʹinʹ tʹiarə hort/, seems likely to be derived from an original don t’fhiafraithe ort! FdS indicates that in Ballymacode in Eastern Cork, the form used was an t’iarraidh hort, “may the question continue to be on you!”, indicating the folk etymologies that have surrounded this phrase.
iarsma: “remnant, remains”. PSD says the r in this word is often not pronounced, but the pronunciation indicated in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna is with r.
labhraim, labhairt: “to speak”, or labhraím, labhairt in the CO. Note the autonomous form of the present tense, labharthar, /lourhər/, where the CO has labhraítear.
leasainm: “nickname”, pronounced /lʹas-anʹimʹ/.
lí: “colour, complexion”. Iompáil lí, “a change of colour, change of complexion”. See líth.
líth: “colour, complexion”. D’iompaigh a líth ann, “he changed colour”. See .
máilín: “little bag”.
meata: “craven, abject”. Is meata an fear tu, “you’re a poor excuse for a man!”
meidhg: “whey”. Meidhg dhá bhainne, “whey of two milks, a mixture of sweet and sour milk”. The form meadhg, which is the form adopted in the CO, is found in the nominative in PUL’s Mo Sgéal Féin, but meidhg is used here. Pronounced /mʹəigʹ/.
miota: “bit, mite”.
piast: “worm”, or péist in the CO, where the dative has replaced the nominative. The genitive plural is also piast here, rather than being identical to the nominative plural piastaí; this would be an older form of the genitive plural.
punann: “sheaf”.
réir: “service, treatment”. De réir, “according to”: this phrase is given as do réir in the original, reflecting PUL’s haphazard approach to the spelling of de, which is normally pronounced do in WM Irish, even in phrases where he used the spelling de. The phrase is pronounced /də re:rʹ/ in WM Irish, or /drʹe:rʹ/ when the words are run together. De réir a chéile, “in order”.
ríghin: “slow”, also in the meaning of “mentally slow, retarded”. Pronounced /riːnʹ/.
ruchar: “shot”, urchar. Usually pronounced /ruxər/ in WM Irish. PUL used the spelling urchur in the original.
ruthag: “rush, dash”. Ruthagaí cainnte, “tirades, bursts of speech”. The nominative plural, ruthaig in the CO, is not given in the text of Séadna, but is given in FdS. The dative plural ruthagaibh with a short ending therefore derives from an earlier plural of this word.
sábhálaim, sábháil: “to save”. Ar láimh shábhála, “out of danger”, of a person’s health.
Samhain: “November”, pronounced /saunʹ/.
seachnaim, seachnadh/seachaint: “to avoid”, or seachnaím, seachaint in the CO. The older verbal noun seachnadh in used in Séadna, but PUL also uses seachaint in his works. PUL uses this verb in the first conjugation in most tenses, with seachnód and seachnódh in the future and conditional.
silim, sileadh: “to hang, droop, hang down”.
sínim, síneadh: “to stretch, lay down”. Rud a shíneadh chun duine, “to hand something over to someone”, and therefore deoch a shíneadh chun duine, “to get someone a drink”.
slán: “healthy, safe”. Slán beó mar a n-ínstear é! “God bless the hearers!”, a pious injunction upon the mention of illness or hearers.
speabhraíd: “hallucination”, with speabhraídí, “ravings”, in the plural.
suas: “up”, but also “alive”: le cuímhne éinne atá suas, “in living memory”.
téad: “rope”, with téid in the dative.
titim, titim: “to fall”. This word is spelt tuitim in the original, but the initial t is slender in WM Irish, and so the spelling more widely accepted in the CO is adopted in the editing here. Titim focail, “a slip of the tongue, a missed word”.
tráthar: “auger, a tool for boring holes in wood”, or tarathar in the CO. Poll tráthair, “an auger hole”.
troscadh: “fasting, abstinence”.

Proverb

is fada siar é iarsma an drochbhirt: “evil has far-reaching effects”.

Guaire ch.1

GUAIRE.

Caibideal a hAon.

Aodh Dubh agus Aodh Fionn.

Bhí Suíbhne Meann in’ árdí ar Éirinn, agus bhí Aodh mac Duach Duibh ’na rí ar chrích Oirialla, agus Aodh Fionn mac Feargna ’na rí ar an mBréifne. Le línn an trír sin is ea ’ bhí Guaire mac Colmáin ’na rí ar Chonnachtaibh. Do tugtí Guaire Aidhne, leis, mar ainm air, agus Guaire an oinigh. Is é cúis ’na dtugtí Guaire an oinigh mar ainm air, mar bhí sé amu’ air nár eitigh sé aon duine riamh ar pé rud a hiarrtí air.

Bhí aicme daoine in Éirinn an uair sin agus bhí saol breá acu. B’iad san na filí. Bhídís ag imeacht ó thig rí go tigh rí eile, agus an rí a chuireadh cóir mhaith orthu dheinidís dánta breátha dhá mholadh. Bhíodh na dánta chómh maith san go leanaidís i mbéalaibh na ndaoine, ní hamháin an fhaid a mhaireadh na daoine sin, ach ó shliocht go sliocht, ar feadh céadta blian go minic. An rí ná cuireadh an chóir orthu chómh maith agus a mheasaidís ba cheart cóir a chur orthu, do cháinidís é; agus bhíodh an chainnt sa cháineadh chómh líofa, chómh gunta, chómh nímhneach san, go bhfanadh an cáineadh i mbéalaidh na ndaoine chómh fada díreach agus d’fhanadh an moladh, nú b’fhéidir níba shia. Is minic gur sia an cuímhne a cimeádtar ar an ndrochfhocal ná ar an bhfocal fónta.

Bhíodh a rí féin ar na filíbh, agus rí-ollamh a tugtí air. Ní héinne amháin, ná beirt, ná triúr, a bheadh ag gluaiseacht mar chuallacht, in éineacht leis an rí-ollamh san, ó thigh rí go tigh rí eile; ach b’fhéidir daichead duine, nú céad duine, nú deich nduine & daichead. Thiocfaidís nuair ba mhaith leó féin é, agus d’fhanfaidís an fhaid ba mhaith leó féin é, agus d’imeóidís nuair ba mhaith leó féin é. An rí ’na dtiocfaidís ag triall air, dá dtaispeánadh sé go raibh aon doicheall aige rómpu, d’aoirfidís é nuair a bheidís ag imeacht uaidh; agus níorbh fhada go mbeadh an aoir sin i mbéal an uile dhuine, óg agus aosta, i ríocht a namhad. Ní nárbh iúnadh, do dheineadh gach rí a dhícheall ar gan an aoir do thuilleamh, agus ar an moladh do thuilleamh dá mb’fhéidir in aon chor é. Dheinidís breis agus a ndícheall. Dheinidís éagóir throm go minic orthu féin agus ar na daoine a bhíodh fúthu, a d’iarraidh na n-aoir do sheachaint agus a d’iarraidh an moladh do thuilleamh. Is minic a bhídís beó bocht, agus b’fhéidir múchta i bhfiachaibh, sara mbeadh an chuideachta imithe uathu; agus gur mó lá agus mí agus bliain, b’fhéidir, a bheadh le cur díobh acu sara mbeidís arís sa mhaise chéanna ’na rabhadar sara dtáinig an chuideachta ag triall orthu.

Ach, donas an scéil ar fad, b’fhéidir, tar éis iad féin do chreachadh agus do mharú le hobair, ag brath air go molfí iad, gur cáineadh agus aíoradh agus spídiúchán agus tarcaisne a tabharfí dhóibh mar dhíolaíocht.

Uaireanta do thiteadh so amach. Bheadh rí éigin ’na mbeadh drochaigne ag na filíbh do. Ní leogfaidís orthu san a bheith amhlaidh. Bhuailfidís chuige ar chuaird ollúnachta. B’fhéidir go mbeadh coinne aige leó, nú b’fhéidir ná beadh. Chuirfeadh sé na mílte fáilte rómpu. Thabharfadh sé dhóibh “nua gacha bídh agus sean gacha dí”. Bheadh sé féin agus a theaghlach go léir ag soláthar chúthu agus ag friothálamh orthu. Ar ball do theastódh rud éigin uathu nárbh fhéidir a dh’fháil. Thaispeánfaidís an míshásamh a bheadh orthu. Chuirfeadh san, b’fhéidir, fearg ar an rí chun a mhuíntire féin, toisc nár féadadh an rud san do sholáthar. Do leogfadh na filí orthu gur chúthu féin a bheadh an fhearg. Mhéadódh san an fhearg. Ansan d’éireódh na filí agus d’imeóidís as an áit ag aíoradh agus ag cáineadh an rí, agus ag spídiúchán air, agus dhá ínsint ar fuid na hÉireann cad í an easonóir agus an droch-chóir agus an tarcaisne a thug an rí sin dóibh. Ansan bheadh díoltas déanta acu air, agus a ndrochaigne féin imeartha acu air, agus bheadh brón curtha acu ar cháirdibh an rí sin, ar fuid na hÉireann, agus áthas curtha acu ar a namhdaibh.

Mar adúradh, bhí Aodh mac Duach Duibh agus Aodh Fionn in éineacht ’na ríthibh Oirialla agus Bréifne, agus bhí formad mór acu lena chéile, i dtreó, aon ghníomh fónta a dheineadh rí acu nárbh fholáir leis an rí eile gníomh ab fheárr ná é do dhéanamh. Níor mhar a chéile, áfach, an cumas a bhí acu araon ar na gníomharthaibh maithe ’ dhéanamh; mar is amhlaidh a bhí duine acu agus é lán de shaibhreas, i dtreó go raibh cumas aige ar a chuid saibhris do chur chun tairbhe do gach éinne ’ bheadh ’na ghátar. B’in é rí Bréifne. Ní raibh puínn saibhris ag an bhfear eile, ag rí Oirialla, ach bhí sé cróga gaisciúil, agus dheineadh sé mórán tairbhe dá cháirdibh lena chrógacht agus lena ghaisciúlacht. Nuair a dheineadh an fear saibhir tairbhe lena chuid saibhris, bhíodh an fear cróga a d’iarraidh tairbhe éigin ba mhó ná é sin do dhéanamh lena chrógacht; agus nuair a dheineadh an fear cróga tairbhe mór éigin lena chrógacht, bhíodh an fear saibhir a d’iarraidh buachtaint ar an dtairbhe sin leis an úsáid a dheineadh sé dá chuid saibhris. Déarfadh duine nárbh fholáir nú go raibh saol sámh, ar gach taobh, ag na daoine a bhí fúthu, ach ní deir an scéal go raibh.

Má bhí búntáiste ag Aodh Fionn, toisc an saibhreas go léir a bheith aige, bhí búntáiste ’na choinnibh sin ag Aodh Dubh; mar bhí sciath uathásach aige, sciath a bheireadh bua dho i gcath pé neart a bheadh ’na choinnibh. Dubhghiolla ab ainm don scéith sin. Nuair a chíodh an namhaid an sciath sin i láthair catha ní fhanadh neart ná meanma iontu. Nuair a chídís í ag déanamh orthu d’iompaídís, agus do theithidís. Chuireadh an sciath sin an teitheadh orthu pé neart sló a bheadh acu, nú pé luíghead nirt sló a bheadh ’na gcoinnibh.

Bhí an sciath sin ag baint codladh na hoíche d’Aodh Fionn. Níorbh fhéidir do an lámh uachtair ’ fháil i gceart ar Aodh Dubh, in sna dei-ghníomharthaibh, an fhaid a bhí an sciath sin aige. Cheannódh sé í, ach dá mhéid saibhreas a bhí aige ní cheannódh an saibhreas an sciath. Ní thabharfadh Aodh Dubh an sciath sin uaidh ar shaibhreas na hÉireann go léir, ní nárbh iúnadh. Bhí Aodh Fionn ag machnamh agus ag machnamh féachaint conas ’ fhéadfadh sé teacht ar an scéith, agus is amhlaidh a bhíodh gach machnamh ag dul sa mhuileann air go dtí gur thárla ní áirithe dho.

Dallán ab ainm don rí-ollamh a bhí an uair sin ar fhilíbh na hÉireann. Do thárla go dtáinig sé ar chuaird ollúnachta ag triall ar Aodh Fionn. Bhí an saibhreas ag Aodh Fionn, agus dá bhrí sin is ag triall air ba mhaith leis na filíbh teacht. Níor mhór do an saibhreas a bheith aige. Aicme chostasúil ab ea iad. Bhí trí naonúir de chuallacht an uair sin ag an rí-ollamh, ag Dallán. “Ach,” adéarfaidh duine, b’fhéidir, “cad é a bhrí an méid sin!” Fan go fóill. Bhí a bhean agus a chlann in éineacht leis an rí-ollamh, agus bhí a sheirbhísigh féin agus seirbhísigh a mhná in éineacht leis. Bhí a bhean agus a chlann agus a sheirbhísigh féin in éineacht le gach file de sna trí naonúraibh a bhí i gcuallacht an rí-ollaimh. Bhí a chapaill agus a charbad ag an rí-ollamh, agus bhí a chapall féin agus a charbad féin ag gach file de sna trí naonúraibh. Bhí ara do gach carbad, agus giolla do gach capall. Bhí, ansan, coin agus gadhair agus éanlaithe, cearca agus géanna agus lachainí, ba agus caoire agus gabhair, agus cailíní agus buachaillí chun aireachais a thabhairt dóibh go léir; i gcás, ar ball, nárbh fholáir don rí ’na dtiocfaidís ag triall air bheith saibhir go maith nú bheadh sé thiar air sara mbeadh sé scartha leó.

Ach bhí an saibhreas ag Aodh Fionn, agus ní raibh aon bheann aige ar an gcostas. Chuir sé cóir an uair sin orthu ní b’fheárr ná mar a chuir sé aon uair roimis sin dá dtánadar chuige. Bhí a chúis féin leis sin, mar a chífar ar ball. Níor thuigeadar san, áfach, go raibh aon chúis aige leis ach an chúis a bhíodh i gcónaí aige leis, .i. chun a thaispeáint gurbh fheárr d’fhear é, agus gurbh fheárr de rí é, ná Aodh mac Duach.

Persons and other proper names

Aodh Dubh: Aodh mac Duach Duibh, king of Oriel.
Aodh Fionn: Aodh Fionn mac Feargna, king of Breifne.
Dubhghiolla: the name of the shield belonging to the king of Orialla.
Guaire mac Colmáin: a king of Connaught also referred to here as Guaire Aidhne. In history, Guaire Aidne mac Colmáin was king of the Uí Fiacrach Aidhne in 655-663 AD.
Suíbhne Meann: Suibne Menn, high king of Ireland. In history, he became high king around 615 AD and died in 628 AD.

Places

Aidhne: the territory of the O’Heynes in Co. Galway.
Bréifne: an ancient kingdom in Cavan and Leitrim and parts of Meath and Sligo held by the Uí Briúin Bréifne.
Connachta: Connaught, a plural noun, with Connacht in the genitive and Connachtaibh in the dative.
Oirialla: the ancient kingdom of Oriel, comprising the counties of Louth, Monaghan and Armagh, and parts of Fermanagh, Tyrone, Derry and South Antrim.

Foclóirín

aoir: “lampoon, satire”.
aoirim, aíoradh: “to lampoon, satirise”, or aoraim, aoradh in the CO. The forms aoirim and aíoradh reflect the spellings aoirfidís and aoiradh in the original here, but research required on all forms of this word.
arís: “again”. PUL used the spelling airís, indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/.
buaim, buachtaint: “to be victorious, to win”, or buaim, buachan in the CO. Buachtaint air, “to defeat; to beat in terms of excelling or surpassing”.
búntáiste: “advantage”, with a long u.
caibideal:caibidil, “chapter”. PUL seems to have pronounced this word with a broad l, /kabʹidʹəl/.
carbad: “chariot”, pronounced /kɑrəbəd/. Spelt cárbad and cárbat in the original of PUL’s Niamh, PUL may have had /kɑ:rbəd/ or /kɑ:rbət/ in this word.
cás: “case”. I gcás, “in such a way that”, followed by a go/ná clause.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in the CO.
cimeádaim, cimeád: “to keep”, or coimeádaim, coimeád in the CO. this word and all cognates (chimeádaidís, etc) have a broad c in the classical spelling and in the CO, but a slender c or ch (as applicable) in WM Irish: /kʹi’mʹa:d/, /xʹi’mʹa:didʹi:ʃ/, etc. Note that the the CO distinction between coimeád, “keep”, and coimhéad, “watch over”, does not obtain in WM Irish: coimhéad is an Ulster word.
crích: “territory, region”, or críoch in the CO, which preserves the historical nominative.
cú: “dog (especially a greyhound)”, with con in the genitive singular and plural, coin in the dative singular, and coin in the nominative plural (where the CO has cúnna). is feminine in WM Irish, but masculine in the CO.
cuaird: “visit”, or cuairt in the CO.
dei-ghníomh: “good deed”, or dea-ghníomh in the CO. Pronounced /dʹəi-ɣnʹi:v/.
deinim, déanamh: “to do”, or déanaim, déanamh in the CO, where use of the historic dependent form is generalised. Deinim derives from a corruption of the historic absolute form, do-ghním.
droch-chóir: “poor hospitality, accommodation or provision”.
éanlaith: “birds, fowl”. This collective word is normally used in the plural, éanlaithe, to simply mean “birds”.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in the CO. Friothálamh ar dhuine, “to wait on/serve someone”.
fuid:ar fuid, /erʹ fidʹ/, “throughout”, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí), but it is clear from Guaire that this distinction is not always adhered to
gach: “each, every”, with vestigial use of a genitive form here, gacha. Nua gacha bídh agus sean gacha, “fresh food and old drink, a real feast” (or literally, “the new of each food and the old of each drink”), a common phrase in old stories.
gadhar: “dog”, pronounced /gəir/.
gaisciúil: “warlike, valiant”.
gaisciúlacht: “valour, heroism”.
gunta: “wounded” or “incisive, forceful, trenchant”; gonta in the CO. Pronounced /guntə/.
ínsim, ínsint: “to tell”, or insím, insint in the CO.
iúnadh: “wonder, surprise”, ionadh. Pronounced /u:nə/.
lacha: “duck”, with lachainí in the plural, where the CO has lachana.
leogaim, leogaint:“to let, allow”, ligim, ligeanin the CO.
luíghead: “smallness, fewness”, or laghad in the CO. Pronounced /li:d/. The original spelling is kept here, as the CO version does not give the correct pronunciation.
meanma: “good spirits, courage”. The form found here is identical to that used in the CO, but PUL used meanmna in his novel Niamh. Guaire was edited by the Cónall Ceárnach (Feardorcha Ó Cónaill), and this Connaughtman may have had a considerable influence on the final spelling of this work. Pronounced /mʹanəm(n)ə/.
muileann: “mill”. Ag dul sa mhuileann air, “getting beyond his grasp, baffling him”.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative. Namhaid is also used in the plural, where naimhde would stand in the CO. With nominative singular and plural both namhaid and genitive singular and plural both namhad, it is only morphologically apparent when the plural is being used with the dative plural, namhdaibh.
nímhneach: “venomous, deadly”, pronounced /nʹiːnʹəx/.
nú: “or”, or in the CO.
oineach: “honour, good name; generosity”. This word is listed under both oineach and eineach in FGB, probably implying the pronunciation is /enʹəx/.
ollamh: “master-poet”. Rí-ollamh, “chief ollamh of Ireland, chief poet in ancient Ireland”.
ollúnacht: “bardic profession”. Cuaird ollúnachta, “a visit or circuit in capacity as a bard around Ireland”.
pé: “whichever, whatever”.
rí: “king”. Note PUL’s use of ríthe, rather than the more common WM forms, rithe or rite, as the plural.
sara: “before”, or sula in the CO.
sciath: “shield”, with scéith in the dative.
slua, slóite: “army”. PUL normally forms the plural of this word, sluaite in the Standard, with an -ó-. While IWM shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse. The medial -ó- is therefore retained wherever it was given in the original, including in the genitive plural sló (slógh), for slua.
soláthraím, soláthair: “to provide, supply, get, procure”. Ag soláthar chúthu, “fetching and providing for them”. Pronounced /slɑːr’hiːmʹ, slɑːhər/.
thiar: “behind”. Tá sé thiar air, “he is in a bad way, he has been set back, is behindhand”.

Stupidity of the worst kind

The Irish language is the heritage of all the Irish people, including those who don’t speak the language, but those who are not native speakers of the language are unlikely to have native-sounding accents in their Irish. Of course, there are some learners who make a better fist of learning the phonology of a language, but by and large learners will not sound like native speakers.

There is nothing unusual about this—apart from the fact that people constantly pop up on the Internet claiming that imitating a Gaeltacht accent in their Irish would be wrong, because they are not from the Gaeltacht.

The argument—such as it is—goes like this: “I am from Dublin, so why would I try to sound like someone from the Connemara or from West Cork?” Er… maybe that is because Dublin is in the Galltacht, its native language is English, and when you learn a language you are trying to imitate the native speakers of it?

To have a Dublin accent in your Irish Gaelic would not be to have a foreign accent as such—the accent won’t sound German or French—it will sound like the type of accent an Irish learner of Irish who speaks English as his first language might have. But as the Irish language is not native to 98% of Irishmen, to have an English-Irish accent in your Irish is totally inferior to having an Irish-Irish accent in your Irish. Irish is learnt by Galltacht speakers in a manner no different to the learning of a foreign language; the only thing that prevents Irish from being labelled a foreign language is that it is the heritage of the whole country, but nevertheless when it comes to learning it, the process is the same as the learning of a language such as French or German, languages that are indeed “foreign” to Ireland, albeit a good deal easier for Dubliners to learn than Irish Gaelic.

Look! It is true that the accent of Dublin English will retain something from Gaelic—but not everything. However, a fool on the Irish Language Forum is currently claiming that as he is a Dubliner—and therefore speaks with an Irish lilt—it is “offensive” to claim that his decision—his CHOICE, as he puts it—to use an English r for Irish broad r in his Irish is an inaccurate pronunciation of Irish. Yet such a pronunciation owes more to the influence of London and Manchester and Oxford on Dublin English than it does to the influence of the Gaelic heritage. To that extent, many features of the Galltacht accent are foreign—they reflect the influence of English, not only British English but American English, on Dublin.

The intonation of Irish English is probably largely inherited from Gaelic days, as intonation is harder to unlearn than other features of an accent, and so Leinstermen probably retain the general lilt of their ancestors. But as far as consonants and vowels are concerned, Dublin English is already far removed from the Irish Gaelic that was once spoken in Leinster. Another point of connection between the English of Ireland and the Gaelic is the use of epenthetic vowels in Irish English, as in the pronunciation of film as filim: such things can be a help in learning Irish. However, the following points are points of divergence between Irish English and Irish Gaelic:

Liquids

Liquids refers to r, l and n. These difficult consonants for English speakers, and in this regard the English speakers of Dublin are no better off than the inhabitants of London or Portsmouth when it comes to learning Irish.

/r/ and /rʹ/: Some types of English (Scottish English, some areas of Northern England) have an equivalent of broad r, but the slender r is not found in English. It is simply no adequate substitute to use English /ɹ/ for either the broad or slender r, because that is not a Gaelic consonant, and yet the English /ɹ/ is widely found in Irish English. To use that pronunciation is just like Germans saying zis instead of this. As a learner, I have not mastered the Irish slender r, but my point is that native pronunciation has to be regarded as the gold standard, and where learners, such as I, cannot get a native pronunciation, there is no point in refusing to recognise the superiority of the native version. Dublin learners need to recognise this.

/l/ and /lʹ/: broad and slender l are phonemic in Irish, and so Dublin-based learners cannot simply fluff this distinction and brazen it out with reference to the fact that Dublin is in Ireland, and so a “a Dublin accent is an Irish accent”. Some varieties of native Irish have three- or four-way distinctions between broad and slender tense and lax l. How can Dublin English help with this?

/n/ and /nʹ/: the situation here is similar to that with n. The fact that speakers of Dublin English are forced to look to Spanish ñ for a clue on the pronunciation of slender n highlights just how far Dublin English has come from the days when the people of Leinster spoke Irish natively.

/hr/, /hl/ and /hn/ and their slender equivalents: all of these liquids have devoiced equivalents, as in shrois. These are once again sounds that speakers of Irish English will find hard to reproduce.

Broad and slender more generally

Apart from the acute difficulty with liquids, the broad and slender contrast needs to be maintained for all consonants in Irish, and there is no equivalent in English. A “Dublin accent” is no help here, as Dublin English does not have a broad and slender contrast, owing to the replacement of the original set of phonemes by English-influenced ones.

I would suggest that /t/ and /d/ are particularly difficult to get right, as the various native dialects of Irish have varying realisations of slender dentals, and it is recommended that learners of Irish follow a particular dialect in order to try to reproduce a real Gaeltacht accent rather than mix and match in an inauthentic way. In other words, /tʹ/ may be /tʃ/ in Donegal, /tʹ/ in Galway and alveolar t (only slightly palatalised, if at all) in Cork and Dubliners should pick a model to emulate.

Irish English does have dental /t/ and /d/, but I think the problem is the need to put the broad and slender variants in all the right places. Inead has a dental /d/, whereas inid has an alveolar /d/.

Guttural consonants

In some ways, speakers of Dublin English are worse off when it comes to learning Irish than some speakers of British English. Scottish English speakers, for example, do have /x/ in their English, whereas many Dubliners try to use /k/ for /x/ in their supposed attempts at Irish.

There is simply no point learning Irish if you unprepared to make an attempt to pronounce broad ch as /x/ and broad dh and gh as /ɣ/. Jeeah gwitch doesn’t mean anything in Irish—or any known language in the world—Dia dhuit is pronounced /dʹiə ɣotʹ/, and if there is no attempt to pronounce this as natively as possible, it is time to scrub round learning the language at all.

Elision of vowels

Vowels that come together are dealt with by elision in Irish. A fhios is a single syllable in pronunciation, /is/, not /ə ʔis/, with an English Cockney-style glottal stop in between. A Eóin! is also a single syllable, /oːnʹ/. A Dubliner who tries to put in a glottal stop between the vocative particle and the name is not coming up with an authentic “Leinster accent”, but not speaking proper Irish at all.

The quality of vowels and diphthongs

English-style diphthongs are not natural to Irish. Where speakers of Irish English use them, their attempts at speaking Irish Gaelic are likely to sound Gallda.

mé: this word is not pronounced like the English word may, i.e. /m(ə)eɪ/. Go for /mʹeː/.

: this word is not pronounced like the English word too, i.e. /tʰ(ə)ʉː/. Go for /tʰuː/.

As far as diphthongs are concerned, there may be some diphthongs in Irish English that reflect the lingering influence of Gaelic—the Oirish-style pronunciations show that English /aɪ/ has often been /əi/ for Irishmen. Tadhg, at least in Cork Irish, is not pronounced /taɪg/, but /təig/. There will be learners of Irish Gaelic in Dublin who can use some aspects of their English to produce good diphthongs in their Irish, but this will not be the case for each diphthong. The sounds /uə/ and /uəu/ may present difficulty, as they are far removed from anything in Irish English. Practise with buachaill and chuabhair.

You can find links to recordings of native Irish phonemes here.

It makes no difference claiming to be “offended” by the assertion that Dublin Irish is incorrect. If the truth upsets people, that should not mean the truth is never spoken around them. La, la, la, not listening! may be their response, but, if so, such people have nothing to offer.

1. Bíse ag séideadh an fhaid a bheadsa ag ithe.

Bhí Máire agus Nóra ’na gcónaí i mbotháinín. Nuair a bhíodh Máire breóite thugadh Nóra aire dhi, agus nuair a bhíodh Nóra breóite thugadh Máire aire dhi.

Lá áirithe dá rabhadar dhá n-ollmhú féin chun a mbrecfaist do chaitheamh bhí Nóra ag beiriú uisce i gcómhair an tae. Do shleamhnaigh an citeal uaithi agus do doirteadh an t-uisce te ar a láimh, agus do loisceadh an lámh. Bhí an lámh ana-theinn. Nuair a bhí sí ag ithe a cuid bhídh, bhíodh sí a d’iarraidh bheith ag séideadh ar an láimh chun an teinnis do mhaolú agus a d’iarraidh bheith ag ithe idir gach aon dá shéideadh. Bhí an obair sin ag teip uirthi. Fé dheireadh do labhair sí. “Seo, a Mháire,” ar sise, “bíse ag séideadh an fhaid a bheadsa ag ithe!” agus do shín sí amach an lámh theinn chun Máire.

Is minic a deintear rud den tsórd san i ngóthaíbh eile.

Foclóirín

brecfast: “breakfast”, with brecfaist in the plural, or bricfeasta, bricfeastaí in the CO. PUL’s spelling appears to point to a pronunciation /brʹekfəst/. PUL uses brecfaist in the nominative singular in his Mo Sgéal Féin and briocfaist in his Don Cíochóté. The genitive singular is given here as brecfaist; the glossary attached gives brecfast as the nominative singular.
breóite: “sick.” Note that the traditional distinction between breóite, “sick”, and teinn, “sore”, is maintained in Cork Irish. The CO only has the latter, spelt as tinn.
botháinín: “little hut or cabin”.
citeal: “kettle”.
deinim, déanamh: “to do, make”, or déanaim, déanam in the CO. Deinim is a corruption of the historical form do-ghním, whereas déanaim is historically the dependent form of do-ghním.
i gcómhair: “for, in store for”. This phrase was generally spelt i gcóir in PUL’s works, in line with PUL’s view (cf. Notes on Irish Words and Usages) that this phrase derives from cóir, “proper arrangement (among other meanings)” and not cómhair, “presence”. He indicated he did not have a nasal vowel in this phrase, but the issue is complex, as his etymology seems faulty (The Dictionary of the Irish Language has i gcomhair) and it is possible that i gcómhair has become conflated with a separate phrase i gcóir, “ready” in WM Irish. In any case, nasalisation is not a noted feature of modern-day WM Irish, and so the CO form produces the correct pronunciation.
ollmhaím, ollmhú: ullmhaím, ullmhú in the CO, “to prepare”. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/ in WM Irish.
sórd: “sort”, sórt in the CO, /so:rd/.
te: “hot”. Traditionally spelt teith, PUL is on record in his Notes on Irish Words and Usages (p127) as insisting this word has a “most distinct” final -h in the pronunciation. However, this is likely to be apparent only before a following vowel. Pronunciation /tʹe~tʹeh/.
teinn: “sore”, with teinne in the comparative, or tinn, tinne in the CO. Pronounced /tʹəiŋʹ, tʹəiŋʹi/.
teinneas: “soreness”, or tinneas in the CO. Pronounced /tʹeŋʹəs/.

Séadna chapter 18

Caibideal a hOchtdéag.

Bhí an oíche ag imeacht agus ní raibh Cormac ag filleadh ná aon tuairisc chruínn uaidh. Na daoine do chaill a gcuid, bhí ceist agus ceann-fé agus náire ag teacht orthu. An focal úd aduairt Sadhbh le fear an bhramaigh, d’airíodar é agus do thuigeadar ’na n-aigne go raibh an ceart aici. Ní raibh éinne acu féin nár oir an chainnt do, chómh cruínn agus d’oir sí d’fhear an bhramaigh. Bhí ’fhios acu ná raibh puínn trua ag daoinibh dóibh, agus ní raibh puínn trua acu féin dá chéile. D’inis a dtuiscint féin dóibh, nuair a tugadh an t-airgead mór dóibh ar na capaillibh, go raibh breis mhór agus a gceart acu dá fháil, — agus ghlacadar é. Ar ball nuair a tháinig an fhírinne amach do thuigeadar ’na n-aigne nár imigh orthu ach an rud a bhí tuíllte acu, mar gur thugadar toil don drochbheart. Bhíodar ag bailiú leó agus ag imeacht abhaile, go dúr agus go dochraideach, go doshásta agus go diomách, go leamh díobh féin agus de chuaird an lae acu.

Síle. Féach gurb mó cuma ’na ndeintear airgead bréagach d’éaghmais é ’dhéanamh de licíníbh slinne, le diablaíocht.

Cáit. Féach féin sin. Agus féach, leis, gurb annamh le fáil duine ’bheadh chómh macánta san go dtiocfadh sé i gcionn seachtaine chun an airgid chirt do chur in inead an airgid bhréagaigh, mar ’tháinig Micheál Réamoinn.

Gobnait. Agus dáltha an scéil, féach gur beag dá bhaochas a bhí air. Bhí “a chuid is a chlú aige” ag imeacht do.

Cáit. Ceoca clú, a Ghobnait, clú na macántachta nú clú na diablaíochta?

Gobnait. Maith an áit go rabhais, a Cháit. Creidim go raibh an dá chlú aige ag imeacht do.

Nóra. Ní fheadar, a Pheig, an raibh aon tsúil go dtiocfadh an duine uasal thar n-ais chun airgid chirt do thabhairt do sna daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh.

Peig. Is eagal liom, a Nóra, dá dtigeadh, go ndéarfadh na daoine céanna san go raibh sé chómh mór ar buile agus ’ cheapadar Sadhbh féin do bheith.

Gobnait. Muise, a Pheig, nách breá bog réidh a dhéineann Nóra iarracht bheag magaidh fúinn! “Ní fheadar an raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar n-ais,” ar sise, chómh maith agus dá mbeadh aon bhlúire dá mhearathall uirthi ná raibh aon tsúil in aon chor lena leithéid.

Nóra. Ó, imbriathar is ambasa, a Ghobnait, agus gan drochní ar mh’anam, gur de chroí dháiríribh atáim, féach! Sid é atá orm. Do dhein Micheál Réamoinn airgead le diablaíocht de licínibh slinne agus thug sé do mhnaoi an tábhairne iad chun a hata ’dh’fháil uaithi. Ní raibh sé sásta, ámh, in’ aigne gan teacht arís i gcionn seachtaine agus airgead dleathach do thabhairt chúithi, agus ní raibh aon iúnadh ’na thaobh air féin ná ar éinne eile. Ach dá bhfíllfeadh an duine uasal úd agus airgead fírinneach do thabhairt do sna daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh, déarfaidís go raibh sé chómh mór as a chéill agus ’ cheapadar Sadhbh do bheith. Sin é atá orm.

Peig. ’S dó’ féach, a Nóra, tá so de dheifríocht idir an dá scéal. Fear macánta dob ea Mícheál Réamoinn pé diablaíocht a bhí aige, ná ná raibh. Bithiúnach dob ea an duine uasal úd, pé uaisleacht a bhí aige, ná ná raibh.

Cáit. Imbriathar mhóide gurb é mo thuairim féin gurb iad na huaisle móra na bithiúnaigh is mó. Sin é an duine uasal san do chuir amach na ’c Eóghanaigh. Tá sé ráite go bhfuil deich míle púnt sa mbliain aige thall i Sasana. Ní shásódh san é gan teacht anso anall chun na g’c Eóghanach mbocht agus iad do chaitheamh amach fén gclagar oíche Nollag. Bhí an tseanalánú ann agus an lánú óg agus naonúr clainne. Cómhnaois do Pheig an té ba shine acu, agus ní raibh an leanbh dob óige ach trí seachtaine. Nuair ’bhíodar go léir amu’ agus an fhearthainn ag titim ’na taoisceannaibh orthu, do dhein Seán Óg Mhic Eóghain scailp i gcoinnibh an chlaí mar fhothain dóibh. Tháinig an duine uasal agus do leag sé an scailp.

Nóra. Ó! Dia linn! a Cháit, ní dócha gur dhein!

Cáit. Imbriathar gur dhein. Duairt an báille leis go raibh púnc éigin dlí ann, agus go mbeadh an obair chéanna aige dhá gcur amach ón scailp a bhí aige dhá gcur amach as an dtigh. Do leag sé an scailp orthu pé in Éirinn é. Agus ansan do bhí an seanduine bocht ag gol, agus nuair a chonaic an duine uasal ag gol é, “see,” ar seisean, “how the old cock cries”.

Síle. Cad é an rud é sin, a Cháit?

Cáit. “Féach,” ar seisean, “mar ’ghoileann an seanachocaí.”

Síle. Ó, féach air sin! Agus é féin dhá chur ag gol!

Gobnait. Is beag ná go ndéarfainn leis an nduine uasal san an rud úd aduairt Máire Phárthaláin leis an bhfear a rug ím na bliana uaithi agus gan greim dlí aici air. “Imbriathar,” ar sise, “gur maith an plan ifreann do bheith ann!”

Peig. Ó, faire, a Ghobnait. Cá bhfios di ná go raghadh sí féin ann!

Gobnait. Is dócha nách ó chroí aduairt sí é, ach an fhearg do bheith uirthi, agus an chúis aici.

Síle. Ba dhó’ liom nár ghá d’éinne é do rá leis an nduine uasal do chuir amach na ’c Eóghanaigh agus do leag an scailp orthu.

Gobnait. Cad ’na thaobh, a Shíle?

Síle. Mar déanfaidh Dia uaidh féin é, moladh go deó leis!

Peig. Cad a dhéanfaidh Sé uaidh féin, a chuid?

Síle. An duine uasal úd do chur go hifreann.

Peig. Cá bhfios, a Shíle, ná go ndéanfadh an duine uasal aithrí.

Síle. Ní dhéanfaidh aithrí an gnó dho gan an tigh do chur suas arís agus na ’c Eóghanaigh do chur isteach ann, slán folláin, mar ’bhíodar cheana, agus airgead do thabhairt dóibh tar cheann ar dhein sé de dhíobháil dóibh.

Cáit. Mhuise deárna leat! a Shíle. Sin í an chainnt go bhfuil an crot uirthi. Is trua chráite gan tu ag déanamh na ndlithe dhúinn. Ba gheárr go gcurfá na huaisle ’na gcónaí, agus ba ghá san. Agus cogar, a Pheig, dar ndó’ ní dheinid na daoine uaisle aithrí in aon chor.

Peig. Airiú, cad a chuir an rud san id cheann, a Cháit?

Cáit. ’S dó’, táim ag éisteacht riamh lena ndrochbheartaibh, agus lena n-éagóir, agus leis an scrios a bhíonn acu dhá dhéanamh ar dhaoinibh bochta, dhá mbrú agus dhá meilt agus dhá ndíbirt le fuacht agus le fán, agus níor airíos riamh gur dhein éinne acu aithrí ná leóirghníomh. Is iad na daoine bochta a bhíonn ag déanamh na haithrí. Is greannúr an scéal é!

Peig. Ó! go deimhin, a Cháit, deinid daoine uaisle aithrí leis. Iníon rí dob ea Gobnait Bhaile Mhúirne. Agus mac rí dob ea Colm Cille.

Síle. Ar airís an méid sin, a Ghobnait?

Gobnait. Ach! d’airíos fadó é, a Shíle. Iníon rí dob ea í. Agus nuair ’fhág sí tigh a hathar duairt an t-aingeal léi gan stad chun cónaithe ach san áit ’na bhfaigheadh sí naoi gcínn d’fhiannaibh bána ’na gcodladh roímpi. Tháinig sí go dtí áit éigin agus fuair sí trí cínn acu ann, agus d’fhan sí tamall beag san áit sin. Ansan do tháinig sí go Cíll Ghobnatan thíos agus fuair sí sé cínn ann. D’fhan sí tamall mór ansan, agus sin é uair a tugadh Cíll Ghobnatan ar an áit. Ansan do tháinig sí go Baile Mhúirne agus fuair sí na naoi gcínn ann. D’fhan sí ansan an chuid eile dá saol agus is ann atá sí curtha.

Cáit. Cuirfeadsa geall gur fada ’bheidh na ’c Eóghanaigh amu’ sula ndéanfaidh an duine uasal a chuir amach iad aithrí agus iad do chur isteach arís.

Nóra. Is dócha nách mar a chéile na huaisle atá ann anois agus na huaisle ’ bhí ann fadó.

Peig. Gan amhras, is dócha gur fada go bhfeicfar naomh orthu.

Gobnait. Conas d’imigh le Cormac an Chaíncín, a Pheig?

Peig. Ní raibh tásc ná tuairisc air go ceann seachtaine ó lá an aonaigh. Chuaigh gach aon rud chun suaimhnis. Ní feacthas Sadhbh ná a hathair ar an dtaobh amu’ de dhoras i gcaitheamh na seachtaine. An mhuíntir is mó ’bhí caillte le hobair na mbithiúnach is iad ba lú trácht air. An mhuíntir ná raibh aon rud acu le cailliúint níor stad a mbéal, ach gach éinne acu dhá shíormhaíomh dá mbeadh capall aige féin le díol ná scarfadh sé chómh mothaolach san leis.

I gcionn seachtaine d’fhíll Cormac. Tigh Shéadna an chéad thigh ’nar thug sé aghaidh air. Tháinig Séadna amach ’na choinnibh fé mar ’tháinig sé amach i gcoinnibh Sheáin Cheataigh an lá úd.

“’Sea!” arsa Séadna.

“Do crochadh triúr acu,” arsa Cormac. “D’imigh Síogaí, nú pé ainm atá air. Dá fheabhas dithneas do dheineamair do theip orainn teacht suas leó gur shroiseamair an chathair. Chuas-sa láithreach ag triall ar mhuíntir an rí mar a raibh aithne mhaith orm, agus d’ínseas mo scéal. Ní fheacaís a leithéid d’iúnadh ar aon daoinibh riamh agus a bhí orthu. ‘Airiú,’ ar siad san, ‘do tháinig fear anso chúinn ó chiainibh agus d’inis sé an scéal céanna san dúinn, agus thaispeáin sé dhúinn triúr de na bithiúnachaibh agus ghabhamair láithreach iad, agus is dócha go gcrochfar amáireach iad. Duairt sé nárbh iad ba mhó ba chiontach ach an té ’ bhí ’na cheann orthu agus ar thuilleadh dhá sórd sa Mhúmhain. Fear gurb ainm do Séadna. Fear a bhí ag déanamh airgid bhréagaigh le fada. Agus dá chómhartha san féin, gurbh aithin don dúthaigh é ’bheith beó bocht laistigh de chúig nú sé ’bhlianaibh, agus anois go bhfuil sé ar an bhfear is saibhre sa Mhúmhain nú b’fhéidir in Éirinn. ‘Agus,’ ar siad, ‘tá órdú ón rí, cúnamh fear do ghléasadh láithreach agus imeacht agus breith ar Shéadna úd, pé hé féin, agus é ’ thabhairt chun lámha anso gofa.’ ‘Cá bhfuil an fear d’inis an scéal san?’ arsa mise. ‘Tá sé anso istigh,’ ar siad. Chuamair isteach. Ní raibh a thuairisc ann. Do ritheadar anonn ’s anall dhá chuardach. Ní raibh sé le fáil ach mar ’shloigfeadh an talamh é. ‘Cá bhfuil an triúr eile?’ arsa mise. ‘Istigh sa charcair,’ ar siad. ‘Feiceam iad agus ceistíom iad,’ arsa mise. Chuamair isteach agus cheistíomair iad, gach fear díobh fé leith. Bhíodar ar aon fhocal amháin sa méid seo. Go raibh an t-airgead bréagach dá dhéanamh in áit éigin sa chathair. Ná raibh fios na háite ag éinne acu féin. Go raibh coróinn fén bpúnt acu dá fháil as an airgead do chur amach ar aontaíbh agus ar mhargaíbh. Gur le mangaireacht do mhaireadar go dtí gur theangmhaigh an obair seo leó. Gurb amhlaidh do curtí an t-airgead bréagach chúthu go háit a gcónaithe. Ná feacadar riamh an áit ’na mbítí dhá dhéanamh ná an té ’bhí ’na cheann ar an ngnó.

“Ní fheacaís riamh ach an iúnadh chroí a bhí ar mhuíntir an rí nuair ’dh’airíodar an méid sin. Ansan d’ínseas-sa dhóibh conas ’chuiris-se i ndiaidh na mbithiúnach me, agus chuireas ar a súilibh dóibh conas, mura mbeadh tusa, nárbh fhéidir teacht suas leó in aon chor.

“Amáireach a bhí chúinn b’éigean dom dul i láthair an bhreithimh agus an scéal d’ínsint tríd síos do. Ansan do daoradh iad chun a gcrochta mar gheall ar an ngníomh a bhí déanta acu agus é ’ dhéanamh fé ainm an rí. Agus do ceapadh lucht braith agus cuireadh amach iad in sna chúig árdaibh féachaint an bhféadfaidís teacht suas leis an Síogaí macánta, pé hé féin nú pé ball ’na bhfuil sé, agus é ’thabhairt chun lámha. Do ceapadh, mar an gcéanna lucht cuardaigh, chun na háite do dhéanamh amach ’na bhfuil an t-airgead bréagach so dá dhéanamh, agus, óir nách foláir nú tá níos mó ná an ceathrar sa ghnó, an chuid eile acu d’fhiach agus greim ’dh’fháil orthu sula mbeidh uain acu ar a thuilleadh díobhála do dhéanamh. Is mó cú ghéar ar shálaibh an chladhaire um an dtaca so, geallaim dhuit é, agus má bheireann sé na cosa uathu is mór an iúnadh liomsa é. Nuair a thuigeadar a fheabhas do dheinis-se an bheart lá an aonaigh agus a ghéire mar ’chuaigh an scéal ar an gceathrar, is é adúradar go léir ná gur mhór an trua gan tu thíos acu féin mar a mbeadh cothrom agat ar an íntleacht atá agat do chur chun tairbhe.

“Is eagal liom, a Chormaic,” arsa Séadna, “nuair a bhí teistiméireacht agat dá thabhairt dóibh ar m’íntleacht, murar chuiris leis an bhfírinne nách baol gur bhainis uaithi. Ach is dócha mura mbeadh a ghéire do leanais-se ar shálaibh an fhir mhóir úd agus a luathacht a bhís isteach sa chathair ’na dhiaidh, go mbeinn thíos acu um an dtaca so agus nách ar mhaithe le m’íntleacht é. Gan amhras do cheap sé drochiarracht do thabhairt fúm. Is mór an trua cead a chos ag á leithéid. Is olc ó fhearaibh na cathrach mura dtigid siad suas leis anois agus a ainm in áirde ar fuid na hÉireann ón mbeart so. Dáltha an scéil is mór go léir an iúnadh liom a rá go raibh sé de dhíth céille air trácht ar ainm an rí sa ghnó. Ba cheart do ’ fhios do bheith aige ná féadfadh dul leis i bhfad fé ainm an rí.”

“Is é ’ cheapaimse,” arsa Cormac, “ná go raibh ’ fhios go maith aige cad a bhí ar siúl aige, agus gur d’aon ghnó ar fad do dhein sé obair lae an aonaigh.”

“Conas san?” arsa Séadna.

“De réir mar ’thuigim an scéal,” arsa Cormac, “is chútsa is mó ’ bhí sé, agus seo mar ’ cheap sé teach ort, dá ritheadh leis. Nuair ’bheadh gnó an aonaigh críochnaithe aige d’imeódh sé féin agus Sadhbh síos go dtí an baile mór. D’fhágfadh sé an triúr eile i mbun na gcapall, dhá mbreith leó go mbuailfeadh cuid dá n-aicme féin úmpu ar an slí agus go nglacfaidís uathu iad le cur ar aontaíbh eile dá ndíol. Nuair ’shroisfeadh sé an chathair thiocfadh sé i láthair an bhreithimh agus dhearbhódh sé ortsa an bheart a bhí déanta aige féin, gur agat a bhí an t-airgead bréagach agus gur tu a bhí ag ceannach na gcapall don rí, mar dhea, agus ná raibh de ghnó aige féin san áit ach chun an chleamhnais do dhéanamh agus chun a mhná do thabhairt leis. Ansan, nuair a bheadh a thoil imeartha aige ortsa agus an chnáib ar do mhuineál aige do phósfadh sé Sadhbh, agus féach ansan cé ’ déarfadh gur bhithiúnach é! Níor ródheocair do an scéal do chur ’na luí ar mhuíntir na cathrach nuair do neósfadh sé dhóibh a luíghead airgead a bhí agatsa tá beagán aimsire ó shin ann agus méid do shaibhris anois.”

“Ní duairt éinne riamh go bhfuair sé airgead bréagach uaim,” arsa Séadna.

“Ní lú ná ’fuair,” arsa Cormac. “Nuair a hínseadh dómhsa gur tu ’thug an cíos don bhainntreach an lá úd fadó, do thrialas an uile phíosa dhe agus bhí sé go léir chómh dílis agus dá mba amach ó cheártain an rí féin do thiocfadh sé an mhaidean chéanna.”

“Is dócha,” arsa Séadna, “dá mbeadh sé bréagach go raghadh an scéal dian orm;” agus chuir sé smuta gáire as.

“Níor bhaol duit aon scéal do dhul dian ort uaimse,” arsa Cormac, “an fhaid ná raibh aon éagóir agat dá dhéanamh.” Thárla lena línn sin gur fhéach sé idir an dá shúil ar Shéadna agus má fhéach do stad.

Síle. Cad ’na thaobh do stad, a Pheig? Ba dhó’ liom, pé duine go gcuirfeadh an fhéachaint úd Shéadna sceón ann, ná ná cuirfeadh, gur dheocair di aon gheit do bhaint a Cormac an Chaíncín. Gabhaimse orm dá mb’é Seán an Aonaigh a bheadh ann nách baol go mbainfí aon gheit as. Ní bainfí ach oiread agus ’ bainfí a cráin mhuice dá mbeadh sí ann.

Peig. ’S dó’, is amhlaidh mar ’bhí an scéal ag Cormac, bhí rún gránna ag Séadna air. Tamall beag tar éis an lae úd a tháinig sé ag éileamh sealbha ar an mbainntrigh do fuair Séadna amach cúrsaí na breibe agus bhí ’ fhios ag Cormac go bhfuair. Do theip air a aigne do chur chun suaimhnis ná an oíche do chodladh go dtí gur tháinig sé chun cainnte le Séadna agus gur iarr sé air gan gearán do chur isteach air. Duairt Séadna ná déanfadh dá ngeallfadh Cormac do gan breab do ghlacadh arís. Rud a gheall go fonnmhar.

Síle. An daighe ba dhána an t-éadan a bhí air. “Níor bhaol duit mise an fhaid ná raibh aon éagóir agat dá dhéanamh.” Níorbh iúnadh gur baineadh geit as. Dá mbeadh fios an méid sin ag Sadhbh do thuigfeadh sí cad é an greim a bhí ag Séadna air.

Peig. Bhí an greim sin aige air go daingean, agus bhí a rian air, ní raibh aige ach bagairt air chun é ’thiomáint ar siúl, pé bog cruaidh an gnó, pé moch déanach an tráth, pé fliuch fuar an uain.

“An dó’ leat an bhfuil aon tseans go mbéarfar air?” arsa Séadna.

“Táthar ’na dhiaidh go te ar aon chuma,” arsa Cormac. “Tá fir ’na dhiaidh gur deocair dul uathu, geallaim dhuit é. Is é a rá féin ná deigh aon bhithiúnach riamh fós uathu. Má théann sé seo uathu beidh an chraobh aige.”

“An rabhais ag cainnt le Diarmuid Liath ó fhillis?” arsa Séadna.

“Ní rabhas,” ar seisean, “ach d’airíos gur fhág Sadhbh an baile agus ná fuil aon tuairisc uirthi. Bhíos chun dul ann síos anois féachaint ar tháinig sí, nú an fíor é in aon chor.”

“Raghadsa leat,” arsa Séadna. “Níor airíos focal de. Is mór an trua an duine bocht.”

Bhuaileadar orthu soir.

Names

Colm Cille: a 6th-century saint whose name means “dove of the church”, and one of the Twelve Apostles of Ireland. He is stated here as being a prince, and historically he was a great-great-grandson of the 5th-century high king of Ireland, Niall of the Nine Hostages.
Gobnait Bhaile Mhúirne: St. Gobnait, venerated in Baile Mhúirne in the Múscraí Gaeltacht, where the ruins of a church dedicated to her, Cíll Gobnatan, can be seen. She is stated here as being of royal descent.
Máire Phárthaláin: a woman mentioned here. Párthalán is the Irish equivalent of Bartholomew.
Seán Óg Mhic Eóghain: a young man mentioned here.

Places

Cíll Ghobnatan:Kilgobnet, an archaeological site associated with St. Gobnait near Baile Mhúirne, Co. Cork.
Múmhain (an Mhúmhain): Munster, the southern province of Ireland. The historical dative has replaced the erstwhile nominative, an Mhumha. Pronounced /muːnʹ, ən vuːnʹ/.

Foclóirín

c Eóghanach: someone with the surname Mac Eóghain (a Sligo surname meaning “son of Eóghan”), anglicised as MacKeown, Cowan and a number of other variations. In its anglicised form, this surname cannot be distinguished from Mac Eóin, which has the same pronunciation in Irish. However, the gh is given in the original here. Pronounced /kʹoːnəx/.
áird: “direction, quarter of a compass”. In sna chúig árdaibh, “in all directions”.
bailím, bailiú: “to collect”. Bailiú leat (amach), “to slip away, be off”.
bliain: “year”. Both sa bhliain and sa mbliain are found in PUL’s works, but the latter is generally found in the distributive sense, “per year”.
brath: “expectation”. Lucht braith, “spies, detectives”.
carcair: “prison, jail”.
ceathrar: “four people”, pronounced /kʹahərər/.
ceist: “question”, but also broader in meaning, glossed in FdS as “uneasiness of mind, annoyance”. Bhí ceist ag teacht orthu, “they began to feel annoyed and uneasy”.
chúig: “five”, or cúig in the CO. This word is generally lenited in PUL’s works, although it appears as a cúig with the enumerative particle.
clagar: “pelting”, or clagairt in the CO. Fén gclagar, “in the pelting rain”.
clú: “reputation, fame”. Do chuid is do chlú ag imeacht duit, “to save both your property and your character”, i.e., to offer something that is refused, so saving your money and gaining the credit for having offered it.
cnáib: “hemp, hangman’s noose”.
cocaí: “cock, rooster”.
cómhnaois: “the same age”, or comhaois in the CO. Cómhnaois do dhuine, “of the same age as someone”.
cónaí: “dwelling, act of dwelling”. Duine chur na chónaí, “to put someone in his place”.
cráin: “sow”. Cráin mhuice, “a sow pig”.
craobh: “branch”. Dul/imeacht le craochaibh, “to go mad”, especially “stark raving mad”. This phrase is explained in FdS as referring to the catching of the clothes of a madman on bushes as he wanders around wildly. Beidh an chraobh aige, “he will take the palm, he will have done well”.
cúnamh: “help”. Cúnamh fear, “a body of men”.
dána: “bold”. Éadan dána bheith ort, “to be barefaced, have a brass neck, have a cheek”.
diomách: “dejected”, spelt díombádhach in the original, but the length of the first vowel has been edited here to show the WM pronunciation (cf. diomá in CFBB).
dochraideach: “sore at heart, worried and annoyed”, pronounced /doxəridʹəx/.
doshásta: “sad, dissatisfied”. The prefix do- is pronounced with a full vowel /do-/.
drochiarracht: “a desperate attempt”. Drochiarracht do thabhairt fé dhuine, “to launch an underhand attack against someone”.
faire: “watching, guarding”. Ó faire!, “Oh, fie! for shame!”
fán: “wandering, vagrancy”.
fia: “deer”, with fianna in the plural.
fiachaim, fiach: “to hunt, hunt down, chase”.
gléasaim, gléasadh: “to equip, make ready”, e.g. of a body of men. IWM indicates this verb is pronounced with /eː/, and not /ia/.
goilim, gol: “to weep, cry”. Both /gilʹimʹ, golʹimʹ/ are attested in IWM.
ím: “butter”. Note the long vowel in the nominative here.
imrim, imirt: “to play”, but also “to bring something into play; to wreak or inflict something”; imrím, imirt in the CO. Pronounced /imʹirʹimʹ, imʹirtʹ/. Do thoil a bheith imeartha agat ar dhuine, “to have or inflict your will on something; to do something bad to someone”.
íntleacht: “intellect, intelligence”, pronounced /i:ntʹilʹəxt/.
lánú: “married couple”, or lánúin in the CO, where the historical dative has replaced the nominative.
leagaim, leagadh: “to knock down”, or leagaim, leagan in the CO.
leóirghníomh: “restitution, full amends”. This would be leorghníomh in the CO, but the original spelling is maintained here, showing a slender r.
luathacht: speed, especially in dá luathacht, “how fast”. Note that this would be dá luaithe in the CO, although dá luaithe is also used in WM Irish.
macánta: “honest”, often used sarcastically of the dishonest.
mangaireacht: “hawking, peddling”.
mothaolaoch: “gullible”.
plan: “plan”, or plean in the CO. This word is clearly a borrowing from English, and PUL’s spelling may indicate an Anglophone pronunciation. Is maith an plan ifreann do bheith ann, “it’s a good job there’s such a place as hell!”
púnc: “point”, or ponc in the CO. Púnc dlí, “a point of law”.
rithim, rith: “to run”. Frequently spelt rui- in the original, indicating a broad r. Such spellings have not been adopted in the editing here, as it is generally the case that an initial r is broad, and if this spelling were adopted here, it would need to be more widely applied also. Dá ritheadh leis, “if he succeeded”.
scailp: “shelter, shed, lean-to”.
taoisc: “downpour”, with taoisceanna in the plural.
teangmhaím, teangmháil: “to meet, contact, touch”, teagmhaím, teagmháil in the CO. With le, “to come into contact with something/someone”. Pronounced /tʹaŋə’vi:mʹ, tʹaŋə’vɑ:lʹ/.
trialaim, triail: “to try, test”, triailim, triail in the Standard. Note that in the CO the distinction between triailim, “I try, test” and triallaim, “I journey” is a little clearer than in WM Irish, where the slender l of the former appears only in the third-person preterite, the singular imperative, the verbal noun and the autonomous forms in -tí and -fí. Píosa thriail, “to test a coin”, e.g. for purity.