Aithris, I:XI

CAIBIDEAL A HAONDÉAG.

BREIS SÍOCHÁNA AGUS BREIS DÚTHRACHTA.

1. Do thiocfadh linn mórán síochána ’ bheith againn dá mb’áil linn cimeád ó chainnteanaibh agus ó ghnóthaíbh daoine eile, agus ó nithibh ná baineann linn.

Conas is féidir síocháin a bheith aon fhaid aimsire ag duine a bhíonn sáite i ngnó agus i gcúram daoine eile? ag duine a bhíonn coitianta ag tabhairt aire do nithibh atá lasmu’ dhe agus na cruinníonn a chiall ach go holc agus go hannamh chun féachaint isteach in’ aigne féin?

Is aoibhinn do lucht an chroí shingil é, mar beidh mórchuid síochána acu.

2. Cad ’na thaobh go raibh cuid de sna naoimh chómh fíoraonta agus chómh maith chun machnaimh?

Mar do bhreithníodar go dlúth ar conas iad féin do chimeád ó gach mian saolta, ansan d’fhéadadar gach féith ’na gcroí a thabhairt do Dhia agus iad féin do chimeád gan cheangal.

Tá greim ródhaingean ag ár n-anmhiantaibh orainne, agus deinid nithe an tsaeil seo iomad buartha dhúinn.

Is annamh a bhuaimíd i gceart ar oiread agus aon anmhian amháin, agus ní dheinimíd dul ar aghaidh in aghaidh an lae i bhfíoraontacht. Fágann san neamhshuimiúil, patuar sinn.

3. Dá mbeadh ár ngrá dhúinn féin marbh i gceart ionainn agus gan greim ar chroí orainn ag aon ní saolta, ansan is ea ’ dh’fhéadfaimís nithe diaga do thuiscint agus taithí éigin a dhéanamh de mhachnamh dhiaga.

Is é an cosc go léir agus an cosc is mó orainn, ná fuilimíd saor ó dhrochmhiantaibh agus ó dhrochdhúil, agus ná deinimíd aon iarracht ar dhul ar bhóthar fhíoraonta na naomh.

Ansan, nuair a ghabhann aon rud beag ’nár gcoinnibh, titeann an lug ar an lag againn láithreach, agus siúd ag lorg sóláis saolta sinn.

4. Dá seasaímís an cath mar a dhéanfadh fir chróga, ní baol ná go bhfeicfimís cabhair Dé ag teacht chúinn ó neamh.

Mar tá Dia ollamh ar chabhrú leis an muíntir atá ag troid agus go bhfuil a muinín acu as a ghrásta, ó is É féin a chuirfeadh an ócáid chun troda ’nár dtreó ionas go mbuafaimís.

Mura ndeinimíd ach na gnóthaí seo a chítear, chun ár bhfíoraontachta do chur ar aghaidh, ní fada go mbeimíd gan fíoraontacht.

Ach leogaimís faor na tua ar an bpréimh. Gearraimís ár ndrochmhianta ón bpréimh, agus ansan beidh aigne shuaimhneasach againn.

5. Dá ndeinimís aon drochmhian amháin do chur ar neamhní gach aon bhliain, níorbh fhada go mbeimís gan locht.

Ach anois is é a mhalairt sin a bhíonn againn go minic. Is minic gur mó an bheannaítheacht a bhí ionainn an chéad lá ’ dh’iompaíomair ar Dhia ná mar a gheibhimíd ionainn féin tar éis mórán blianta, b’fhéidir, a bheith caite againn i ngairm cráifeachta.

Ag dul i méid in aghaidh an lae ba cheart don bheannaítheacht a bheith, ach anois, is gníomh mór é, dar linn, má dheineann duine beagán dá chéad bheannaítheacht do chimeád.

Dá mb’áil linn bheith beagáinín dian orainn féin i dtosach na hoibre, do thiocfadh gach aon rud saoráideach go leór chúinn ’na dhiaidh san, agus bheadh áthas orainn.

6. Is deocair seanabhéas do chur uainn. Is deocra ná san gabháil i gcoinnibh ár dtoile féin.

Ach mura mbeirir bua ar nithibh suaracha, cathain a bhéarfair bua ar nithibh móra?

Cuir i gcoinnibh do thoile féin ó thosach. Buaigh ar dhrochbhéas le béas fónta. Dein mar sin nú beidh an scéal ag dul i ndeacracht ort i ndiaidh ar ndiaidh.

Ó, dá dtuigfá it aigne cad é an suaimhneas a churfá in áirithe dhuit féin agus cad é an t-áthas a churfá ar dhaoine eile led dhea-iompar, ní mheasaim ná go mbeadh dúil níos mó agat dul ar aghaidh sa bhfíoraontacht.

Foclóirín

áirithe: “certainty”. By extension, rud do chur in áirithe dhuit féin means “to secure something for yourself”.
aoibhinn: “pleasant, delightful”, pronounced /iːvʹiŋʹ/. Is aoibhinn duit, “it is well for you; blessed are you”.
anois: “now”, but sometimes, in appropriate context, meaning something like “actually”. Anois is é a mhalairt sin a bhíonn againn go minic, “we actually often behave the other way round”. The LS version of Aithris has inish, implying a slender n.
aondéag: “eleven”, pronounced /e:ŋʹiag/.
beannaítheacht: “piety”, or beannaíocht in GCh. FGB accepts beannaitheacht in the meaning of “beatitude”, but crossreferences to beannaíocht in the sense of “piety”. Beannaítheacht a bheith ionat, “to have piety, be holy”. The LS version of Aithris shows the middle vowel is long: /bʹa’niːhəxt/.
cathain: “when?”, pronounced /kə’hinʹ/.
ciall: “sense”. Do chiall a chruinniú (chun rud a dhéanamh), “to focus on something”.
coitianta: “habitual”, or adverbially “regularly”. Pronounced /ko’tʹiəntə/.
deacracht: “difficulty”, pronounced /dʹakərəxt/. The transcription of ndeacracht given in Shán Ó Cuív’s LS version of Aithris was ndeocuireacht, as if from ndeocaireacht, but this appears to be an incorrect transcription of the word.
dea-iompar: “good conduct”, pronounced /dʹa-uːmpər/. CFBB shows that some speakers inserted an h into such words (see under dea-eólas), /dʹa-huːmpər/.
drochbhéas: “bad habit”.
drochdhúil: “evil desire”.
dul ar aghaidh: “progress, advance”.
dúthracht: “fervour, devotion”, pronounced /duːrhəxt/.
faor: “sharp edge”, pronounced /fe:r/, or faobhar in GCh.Note that the genitive is pronounced /fiːrʹ/ (cf. CFBB, p270) and for this reason the original spelling of faobhar is edited here as faor.
féith: “sinew”.
gairm: “call, vocation”. Gairm cráifeachta, “profession of piety”. Pronounced /gɑrʹimʹ/.
iompaím, iompáil: “to turn, change”, or iompaím, iompú in GCh. Pronounced /uːm’piːmʹ, uːm’pɑːlʹ/. Iompáil ar Dhia, “to convert; to turn to a life of devotion to God”.
lug: “something small”, an obscure word which is the origin of the comparative (originally spelt lúgha). Titeann an lug ar an lag againn, “we lose heart”, literally “the small falls on the weak, i.e., smallness has no other support but weakness in us; we collapse in dismay”. Lug is pronounced /log/ according to the LS version of Aithris.
mórchuid: “a great amount”, pronounced /muər-xudʹ/.
mura: “if not, unless”. Mura and mara are found in PUL’s works, where GCh has muna. Shán Ó Cuív’s LS version of Aithris regularly transcribes mura as mara.
neamhshuimiúil: “uninterested; indifferent; insipid”. Pronounced /nʹahi’mʹuːlʹ/.
patuar: “lukewarm”.
préamh: “root”, or fréamh in GCh. The dative is préimh.
saoráideach: “easy”, pronounced /səi’rɑ:dʹəx/. The alternative pronunciation, /se:’rɑ:dʹəx/, is shown in Shán Ó Cuív’s LS version of Aithris.
seanabheas: “an old habit”.
seasaím, seasamh: “to stand”, or seasaim, seasamh in GCh. Do bhreithiúntas a sheasamh, “to stand by/insist on your own view”. Seasamh ort féin, “to rely on yourself”. Cath a sheasamh, “to stand firm in a battle”.
singil: “single”, pronounced /ʃiŋʹilʹ/. Lucht an chroí shingil, “the single-hearted”.
tagaim, teacht: “to come”.With le, “to be able to”, although this is generally known as an Ulster idiom, PUL has do thiocfadh linn (“we could”) here, and mar a thagann liomsa in his novel Niamh.
toil: “will”, with toile in the genitive, where GCh has tola.
tua: “axe”.

Scéalaíocht Amhlaoibh 2

2. É MHIC AGUS Ó MHIC AN BHRADÁIN

Audio: download (Caoimhín Ó Buachalla), October 9th 2016)

Tráth éigint do ráinig go raibh duine bocht ann, agus is dócha go raibh sé bocht go leór. Ní raibh de shlí mhartha aige ach iascaireacht. Is minic a bhíodh sé amu’ a’ gabháil don iascaireacht, agus má bhíodh do thagadh sé abhaile gan aon iasc. Ní bhíodh an t-ádh leis. Bhí an saol ar a dhícheall go maith aige. Ní raibh ann ach é féin agus an bhean. Níor ráinig éinne muirín acu, agus do bhíodar iarracht trí chéile dá dheascaibh seo.

Lá éigint dá raibh sé amu’ ag iascaireacht lena shlait d’éirigh bradán chuige, bradán breá go léir. Do bhí sé in achrann ann, agus nuair a thug sé an bradán amach in aice ’n phuirt bhí sé chun é ’ mharú.

“Faire go brách”, arsan bradán, “ná dein!”

Do bhí iúnadh air an brádán a labhairt leis, agus mar sin féin do labhair sé leis an mbradán: “Ambasa”, aduairt sé, “maróidh me tu, agus gá mo dhóthain agam le pé pingin airgid a fhéadfaidh mé a dhéanamh díot”.

“Ná dein a leithéid”, aduairt an bradán, “nú má dheineann tú beidh ’na chathú ort! Leog dómhsa, agus tá scéal áthais agam duit”.

“Ba mhaith liom”, aduairt an t-iascaire, “an scéal a chlos, agus más trúig áthais dom é scaoilfidh mé saor tu”.

“A leithéid seo anois”, aduairt an bradán. “Tá ’s agam go mbíonn tú ana-mhór trí chéile nuair nár ráinig éinne muirín oraibh, agus ’sé an scéal áthais athá agamsa dhuit go mbeidh beirt mhac agatsa fós”.

“Airiú, is dócha nách fíor é”, arsan t-iascaire.

“Níl bréag agam á ínsint duit”, aduairt an bradán, “agus scaoil uait mise, agus chífir go bhfuil an fírinne agam á ínsint duit”.

Do réitigh sé a dhúán nú pé cóir a bhí aige chun é ’ mharú, do réitigh sé as é, agus do scaoil uaidh an bradán. D’fhíll sé abhaile agus d’inis sé an scéal iúntach don tseanamhnaoi nuair a tháinig sé abhaile.

“Ba mhór a’ trua”, aduairt sí, “nár mharaís é agus é ’ thabhairt leat abhaile. Gheallfhainn duit gurb in bradán a bhí a’ magadh fút!”

“Is cuma liom”, ar seisean. “Ca bhfios ná go gcasfí orm arís é, más ea?”

B’in mar a bhí, agus i gcionn bliana nú mar sin an deamhan blúire ná go raibh beirt mhac ag an seanamhnaoi!

“Féach anois”, arsan t-iascaire, “ar inis sé an fhírinne dhom?”

“Ar mh’anam gur inis!” aduairt an bhean; “agus ní fheadar ’en tsaol”, aduairt sí, “cad iad na hainmneacha a thabharfaimíd orthu so anois?”

“Tabharfaimíd ainmneacha greannúra orthu”, aduairt an t-iascaire. “Tabharfaimíd ‘É Mhic’ agus ‘Ó Mhic an Bhradáin’ orthu”.

“Ní feárr riamh é”, arsan tseanabhean, “mar gan dabht ’sé an bradán fé ndeár duinn iad a bheith in ao’ chor againn”.

’Sea. Do bhíodar acu, agus iad ’na leanaí breátha maithe, agus an méid ná borradh an lá dhíobh do bhorradh an oíche. Ní raibh aon easnamh ar a’ mbeirt leanbh mar níl aon lá as san amach nuair a gheóbhadh an t-iascaire amach lena shlait ná go dtabharfadh sé leis oiread éisc is ’ thabharfadh aon cheathrar iascairithe eile. Is annamh riamh a tháinig sé folamh ’na dhia’ san.

Do bhíodar ag aosú suas, agus b’fhéidir dridithe suas chun fiche bliain; iad dultha i saibhreacht, agus gan aon easpa airgid orthu: seó éisc ag an athair á mharú. Do bhí ana-dhúíl ag an mbeirt óg i seilg nú fiach. Do bhí seabhac agus cú agus each ag gach duine acu. Bhídís amu’ i gcónaí a’ fiach rud éigint.

“Sea anois”, aduairt É Mhic, “táimse cortha do bheith anso. Imeóidh mé ar feadh tamaill agus trialfad mo bheatha níos feárr in áit éigint ar fuaid an tsaeil, agus mara mbeidh mé tagaithe”, aduairt sé, “i gcionn bliana, beidh drochní éigint t’réis titim amach dom”.

“Agus ní fhanfadsa anso”, aduairt Ó Mhic a’ Bhradáin, “mara dtagair. Imeódsa ar do lorg mara mbeir anso i gcionn bliana”.

“Bíodh amhlaidh!” arsa É Mhic. Thóg sé leis a sheabhac, a chú agus a chapall, agus níor dhearúid sé a chlaíomh a bhreith leis. As go brách leis. Thug sé aghaidh ar a’ mbóthar, agus do bhíodh oíche anso agus eadartha ansúd aige, a’ siúl roimis, agus béile bhídh aige á fháil anso ’s ansúd—saol maith aerach aige á chuir síos. Do ráinig dò bheith amu’ tráthnóna déanach, agus do casadh isteach é i gcoíll. Do bhí sé dultha amú istigh ar fuaid na coille agus t’réis tamaill, le titim oíche, chonaic sé an caisleán breá go léir.

“An deamhan”, ar seisean, “gu’ dócha go raghaidh mé isteach, agus fanfad i gcómhair na hoíche mara dtispeánfar aon doicheall dom”. Isteach leis sa chaisleán, agus nuair a chuaigh sé isteach do bhí an cailín breá go léir istigh. Chuadar chun cainnte agus ní raibh ach cúpla focal labhartha acu nuair ’ imigh an cailín as a radharc, agus leis sin d’airigh sé an fothram a’ teacht. Níorbh fhada gur léim chuige isteach athàch mór láidir agus drochghnúis air.

“Cé hé tusa”, aduairt sé, “nú cad é an saghas duine go raibh sé de dhánaíocht un teacht isteach im chaisleán?”

“Is cuma dhuit”, aduairt É Mhic, “cad é an saghas me, ach táim istigh agus me chun fanúint go maidean”.

“Ní fhanfair”, arsan t-athàch, “nú má fhanann tú is treise dhuit ná dhómhsa!” Fuair an t-athàch a chlaíomh, agus ní raibh a chlaíomh ar fán ó É Mhic: do thairrig sé chuige é agus do luigh a’ bheirt chun a chéile. Ba mhór a’ t-anaithe an cómhrac a bhí acu, agus sa chómhrac dóibh, t’réis tamaill mhóir, an deamhan blúire dhe ná gur bhain an ceann don athàch.

“’Sea”, aduairt sé, “tá an méid sin déanta agam agus ní haon díobháil é mar gheallfainn dhuit nárbh aon mhargadh fónta an réice seo! Fanfad anois”, aduairt sé, “go maidean, ar mo shuaimhneas”. D’fhan, agus ar maidin chun bóthair leis arís. Bhí sé a’ cuir de istigh ar fuaid na coille. Ní raibh aon radharc eile fáltha aige ar a’ gcailín a bhí sa chaisleán—agus is amhlaidh a bhí sé a’ dul amú ar fuaid na coille arís. Do bhí an lá caite aige ann, geall leis. Cad a éireódh chuige ná giorrae. Do scaoil sé an chú i ndiaidh an ghiorrae, agus é féin agus an capall agus an seabhac ’na ndiaidh. Ba mhór a’ t-anaithe an fiach le faid a bhí ar a’ ngiorrae, agus i ndeireadh bára bhíodar a’ dul géar air. Do bhí tighín in áit éigint sa choíll agus do dhein a’ giorrae fé dhéin a’ tí. Isteach leis sa tigh, agus nuair a tháinig É Mhic chómh fada leis a’ dtigh: “Raghaidh mé isteach”, aduairt sé; “is dócha go bhfuil an giorrae istigh”. Isteach leis agus do bhailigh leis isteach an seabhac, an chú, agus an capall. Do bhí tine istigh roimis, agus ní fheacaigh sé éinne ar fuaid an tí bhig. Níorbh fhada in ao’ chor, is é ’na shuí in aice na tine, chun gur bhuail chuige isteach an bithiúnach caillí ba sheirbhe ghráinne gur fhéach súil duine riamh uirthi. Níor dhein sí aon bheannachadh dhò in ao’ chor, ach drochfhéachaint a thabhairt air.

“Cad ’na thaobh”, aduairt sé, “ná drideann tú isteach ón ndoras, agus tair aníos chúm in aice na tine?”

“Ó, ní thiocfainn”, ar sise, “ní leogfadh eagla dhom é!”

“Cad roimis go bhfuil an t-eagla agat?” arsa
É Mhic.

“Tá eagla agam”, aduairt sí, “roimis an seabhac san agat, agus ar ndóin, ní haon iontaoibh an chú, agus ní fheadar cad a dhéanfadh an capall liom”.

“Níl baol ort uatha san”, aduairt sé; “táid siad san go léir macánta. Tair aníos agus suigh in aice na tine”.

“Ní dhéanfad”, ar sise, “mara ndeinir iad so a cheangal”.

“Airiú, do cheanglóinn”, aduairt sé; “cad ’na thaobh ná ceanglóinn iad? Ach níl éinní agam a cheanglódh iad”.

“Tá”, aduairt sí, “mar tabharfadsa cóir duit chun iad a cheangal”. Do strac sí trí ribe gruaige à stathallach ’ ghruaige ’ bhí uirthi. “Seo”, aduairt sí: “ceangail leó san iad!”

Do chuir sé ribe acu ar an seabhac—is dócha go raibh gruaig dhiail láidir éigint ar a’ gcailligh!—agus do cheangail sé an chú le ribe eile, agus an t-each leis an tríú ribe. Nuair a bhí san déanta aige d’aimsigh an tseanabhean claíomh:

“Airiú, a bhithiúnaigh”, ar sise, “tá ’s agam gur tu a mhairbh mo mhac. Is tu a bhí sa chaisleán aréir, do réir na gcómharthaí athá fáltha agam, agus is tu a mhairbh mo mhac agus má dheinis díolfair as anois!”

Thosnaigh sí air lena claíomh, agus má dhein, thosnaíodar féin ar a chéile. An té ’ thiocfadh ó íochtar a’ domhain go huachtar a’ domhain a’ féachaint ar chath nú ar chruachómhrac, a’ féachaint ar a’ ndís seo ba chóir dò teacht. Dheinidís ball bog don bhall chruaidh agus ball cruaidh den bhall bhog, ach ná raibh puínn slí acu chun cosarála istigh sa bhotháinín. Do bhí an ceannsmách ag an gcailligh á fháil air agus é curtha ar a leathghlúin aici cúpla uair. An dial! do liúigh sé ar an seabhac.

“A sheabhaic, a sheabhaic”, ar seisean, “tair im chabhair!”

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsan tseanabhean. Leis sin d’fháisc an ribe ar a’ seabhac agus n’ fhéadfadh sé corraí.

Tháinig fearg air agus do thug sé iarracht níos feárr fén seanamhnaoi, ach níorbh aon chabhair é—bhí sí maith a dhóthain. Ba ghairid arís go raibh sé teanntaithe aici, agus do ghlaoigh sé ar a’ gcoin teacht ’na chabhair.

“Ní féidir é”, arsan chú.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsan tseanabhean. D’fháisc a’ ribe ar a’ gcoin agus ní fhéadfadh sí corraí. Do lean an cómhrac, agus an ceannsmách a’ dul ar É Mhic. Do liúigh sé arís ar an each teacht ’na chabhair, ach má dhein—

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsan tseanabhean.

“Ní fhéadfainn aon chúnamh a thabhairt duit”, arsan capall; “ní leogfadh an ribe dhom é”.

B’éigint dò oibriú as féin agus do neartaigh an fhearg air, agus nuair a bhí an tseanabhean aige á theanntú, an deamhan blúire dhi ná gur thairrig slaitín draíochta agus do bhuail buille don tslaitín air. Do dhein sí cloch de ansúd ar lár an úrláir. Nuair a bhí san déanta aici do bhuail sí buille eile don tslaitín ar an seabhac, ar a’ gcoin, agus ar an each. Dhein sí trí clocha eile dhíobh.

“’Sea anois”, aduairt sí; “sin sásamh agamsa à bás mo mhic, agus is fada ’ fhanfaid siad anso sara dtógfaidh éinne ón ndraíocht iad!”

D’fhanadar ansan, agus d’fhágadh ann iad ar feadh bliana. Ní raibh aon tsuím aici á chuir iontu.

T’réis bliana nú mar sin do bhí a’ teip ar Ó Mhic an driotháir a bheith a’ teacht. “Níl aon bhaol”, aduairt sé, “ná go bhfuil drochrud éigint t’réis titim amach dò, agus caithfidh mé imeacht ar a lorg”. D’inis sé dá athair agus dá mháthair go raibh sé chun imithe.

“Is beag a’ chabhair dhuit sin”, adúradar, “mar is baolach ná maireann do dhriotháir anois”.

“Is cuma ceoca é”, aduairt sé, “ach caithfidh mé dul ar a lorg”.

Fuair sé é féin ullamh, agus chun bóthair leis. Do rug leis a sheabhac, a chú agus a chapall, agus dáltha É Mhic níor dhearúid sé a chlaíomh a bhreith leis. Bhí sé a’ cuir de riamh is choíche, agus tráthnóna éigint cá gcasfí é ná isteach sa choíll chéanna ’na raibh an driotháir, agus níorbh fhada dhò ar fuaid na coille nuair a chonaic sé an caisleán.

“’Sea”, aduairt sé; “táim cortha t’réis a’ lae agus fanfaidh mé sa chaisleán so i gcómhair na hoíche, sid é mara gcuirfidh éinne as me”. Isteach leis, agus nuair a chuaigh sé isteach do bhí an cailín breá go léir istigh roimis.

“Airiú”, ar sise, “cá rabhais riamh ó shin?” Do shíl sí gurb é an fear céanna a bhí tagaithe arís, agus níorbh iúnadh é mar do bhí ana-chosmhalacht acu le chéile. B’in ar dhein sí do chainnt leis nuair ’ imigh sé as a radharc, agus níorbh fhada dhi imithe nuair a airigh sé chuige an fothram míorúiltheach a’ teacht. Do phreab chuige isteach athàch i bhfad níba mhó agus níba threise ná mar a tháinig a’ triall ar an ndriotháir roimis sin.

“Airiú, a bhithiúnaigh”, ar seisean, “cad a thug isteach im chaisleán tu, nú cad é an dánaíocht duit teacht gan chuireadh gan chead uaimse?”

“Ní fheadar”, ar seisean. “Bhíos amu’ agus gan aon áit agam go raghainn. Ba chuma liom i dtaobh bualadh isteach in áit éigint”.

“Ní raibh aon deallramh duit”, aduairt sé, “teacht anso isteach, agus má thánaís beidh cuímhne ar do chúrsa agat!” Fuair sé a chlaíomh agus do thosnaigh sé féin agus Ó Mhic ar a chéile lena gclaimhte. Thugadar tamall mór don oíche sarar fhéad éinne acu puínn a dhéanamh leis a’ bhfear eile, agus ’s amhlaidh a bhí an t-athàch cortha don rud i ndeireadh bára, ach má bhí do lean Ó Mhic air chun gur bhain sé an ceann de.

“Féadfaidh mé anois”, aduairt sé, “an oíche a chodladh ar mo shuaimhneas!” Do shocraigh sé saghas éigint leapa dhò agus chuaigh chun codlata.

Ar maidin amáireach d’éirigh sé amach agus do shiúlaigh ar fuaid a’ chaisleáin, agus theip air aon duine eile ’ fheiscint sa chaisleán. D’imigh sé air. D’árdaigh sé leis a chapall, a chú agus a sheabhac. Thug sé an lá tríd a’ gcoíll a’ fiach, agus a’ dul amú, iarracht. Agus an lá a’ dul i ndéanaí air cad d’éireódh chuige ná ana-pháintheach giorrae. Do liúigh sé ar a’ gcoin, agus as go brách léi i ndiaidh an ghiorrae—é féin agus an seabhac ’na ndiaidh. Choinnibh sé radharc orthu i gcónaí chun gur thug an giorrae aghaidh ar bhotháinín a bhí istigh sa choíll, agus do choinnibh sé a shúil go cruínn air chun gur chuaigh sé isteach sa bhotháinín. Nuair a tháinig sé chómh fada leis an dtighín—

“An dial”, aduairt sé, “leanfaidh mé isteach é!” Isteach leis. Ní raibh éinne istigh roimis, ach do bhí tine bhreá dhearg ann. Shuigh sé in aice na tine agus níorbh fhada dhò ann nuair a tháinig chuige an doras isteach an chailleach ba ghráinne a chonaic éinne riamh. Bhí eagla aige roímpi, agus mar sin féin d’fhan sí ’na seasamh in aice ’n dorais.

“Cad ’na thaobh”, aduairt sé, “ná drideann tú aníos chun na tine?”

“Ní dhridfinn”, aduairt sí, “mar tá eagla orm”.

“Cé roimis go bhfuil an t-eagla ort?” ar seisean.

“Tá eagla orm roimis an seabhac san agat”, ar sise; “agus ar ndóin, b’fhéidir go mbéarfadh an chú orm, agus ní fheadar cad a dhéanfadh an capall liom. Ní raghaidh mé in aice na tine, ná ní shuífead”, aduairt sí, “chun go ndeinir iad san a cheangal”.

“Do dhéanfainn iad a cheangal”, aduairt sé, “ach níl éinní agam a cheanglódh iad”.

“Ní bheidh tú mar sin”, aduairt sí. “Tabharfadsa cóir duit chun iad a cheangal”. Do thairrig sí trí ribe gruaige arís anuas as a’ seanastothallach cínn a bhí uirthi agus do shín cuige iad. “Ceangail leó san iad”, aduairt sí.

Do leog sé air bheith á gceangal agus b’é an rud a dhein sé, an chéad chaothúlacht a fuair sé uirthi, ná na trí ribeacha a chuir isteach sa tine agus a dhó. ’Sea. Nuair a bhíodar ceangailthe aige mar dhea, mar a shamhlaigh sí—

“Airiú, a bhithiúnaigh”, ar sise, “níl aon dearmad ná gur tu a mhairbh mo mhac—an mac ab fheárr a bhí ag bean riamh! Do bhís aréir sa chaisleán”, aduairt sí, “agus bhí mo mhac marbh ann iniubh. Is tu a dhein é, gan dearmad”.

“Agus más me”, ar seisean, “cad é an sásamh athá agatsa le fáil? Ní mharóinn dá leogadh sé dhom”.

“Cuirfeadsa in úil duit”, aduairt sí, “go mbeidh sásamh agam”. Fuair sí claíomh. Airiú, a thiarcais! Do luíodar araon chun a chéile, agus b’id é an greadadh claimhte ba mhó a chonaic éinne riamh ’dir aon bheirt, agus do leanadar air riamh is choíche chun go raibh an ceannsmách á fháil ar Ó Mhic.

Anois, mar adeirim, do bhí an cath ana-chruaidh eatarthu, agus an ceannsmách a’ dul ar Ó Mhic an Bhradáin ag an seanamhnaoi. Chonaic sé go raibh sé teanntaithe agus do ghlaoigh ar an seabhac teacht ’na chabhair.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” aduairt an chailleach.

“Ní fháiscfead”, arsan ribe, “mar táim anso sa tine”. Leis sin do léim an seabhac.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsan tseanabhean. Ach níorbh aon chabhair di é: ní raibh aon ribe ar an seabhac, agus seo fé dhéin na seanamhná é. An chéad iarracht a thug sé fúithi do phioc sé súil aisti. Níor stop so an cath eatarthu, agus t’réis na súl a bheith bainte aisti do bhí an ceannsmách aici á fháil arís ar Ó Mhic an Bhradáin. Do liúigh sé ar a’ gcoin: “Tair im chabhair!” ar seisean.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsan chailleach.

“Ní fháiscfead”, arsan ribe, “mar táim anso sa tine”. Do léim an chú ’na chabhair, agus an chéad sceamh a thug sí ar a’ gcailligh do sciob sí an caíncín di.

’Sea. Do bhí an scéal ar a dícheall ansan aici, agus do lean a’ cómhrac. Níorbh aon chabhair é pé méid a bhí déanta leis a’ seanamhnaoi. Ba ghairid go raibh Ó Mhic curtha ar a leathghlúin arís aici. Do liúigh sé ar an each teacht ’na chabhair.

“Fáisc, fáisc, a ribe!” arsan chailleach arís. Ach níor fháisc. Do labhair an ribe agus duairt: “Táim anso sa tine”. Leis sin do tháinig an t-each ’na chabhair agus do luigh ar a’ seanachailligh a phléascadh, agus ba ghairid an pléascadh é nuair a bhris sé cos na seanamhná.

As san amach do bhí an ceannsmách a’ dul ar a’ gcailligh. Ní raibh buille aici á fháil sa chath, agus ba ghairid chun go raibh sí ar lár ag Ó Mhic. D’árdaigh sé a chlaíomh:

“An ceann díot, a chailligh!” ar seisean.

“Faire go brách!” ar seise. “Ná dein! Ná bain mo cheann ná mo bhallaibh beatha dhíom, nú má dheineann tú fanfaidh do dhriotháir agus a chapall, a chú agus a sheabhac fé dhraíocht pé faid a mhairfidh tú”.

“Agus cad ’tá agat le déanamh leó?” aduairt sé.

“Féach”, aduairt sí. “Tá slaitín draíochta ansan. Faigh an tslaitín—tá sí sáite fén rachta ansan it aice. Sid iad in aice na tine agat iad. Buail leis an slaitín draíochta iad agus tiocfaid siad thar n-ais chút arís fé mar a bhíodar riamh”.

Do dhein sé fé dhéin na slaitíne agus do fuair í in aice an rachta, agus b’é an chéad rud a bhuail sé léi ná an chailleach—dhein sé cloch di! Tháinig sé ansan agus do bhuail sé na cheithre clocha eile—and driothair, an seabhac, an chú agus an t-each, agus d’éiríodar chuige chómh maith is ’ bhíodar riamh. Chuadar chun cainnte le chéile ansan, é féin agus an driotháir, agus d’ínseadar cad a bhí titithe amach dóibh do dheascaibh na caillí agus na n-athàch.

“’Sea. Is cuma dhuinn”, aduairt Ó Mhic. “Tá séad lenár saol anois againn. Tá an tslaitín draíochta againn. Is féidir linn pé rud is maith linn a dhéanamh an fhaid a bheidh sí againn”.

Ba ghairid ’na dhia’ san a fhanadar in ao’ chor sa tseanabhothán so. D’imíodar orthu, iad féin agus a gcuid capaill agus coin agus na seabhaic.

“Is dócha”, aduairt Ó Mhic, “go bhfuil sé chómh maith againn glaoch isteach i gcaisleán athá anso. Bhíos-sa ann sarar thánag sa tighín seo”.

“Má bhís”, aduairt É Mhic, “do chaitheas-sa oíche ann, leis, agus do mharaíos athàch ann”.

“Ó ’se, do mharaíos-sa duine eile acu”, aduairt Ó Mhic. “Glaofam ann anois féachaint a’ bhfuil éinne rómhainn”. Do ghlaodar ann, agus do bhí an cailín seo a chídís i gcónaí rómpu sa chaisleán, agus do rug Ó Mhic uirthi le heagla go n-imeódh sí uathu fé mar a dhein cheana. Choinnibh sé ansan í.

“Anois”, aduairt sé, “tá rud éigint greannúr a’ baint leatsa, mar d’imís uaim anso cúpla oíche ó shin agus ní fheadar cár ghabhais, ach mar a shúfadh an talamh tu”.

“Do bheinn agus imithe uait anois, leis”, aduairt sí, “ach a leithéid seo: ’sé an saghas sinn-ne, tá triúr againn anso fé dhraíocht. Ní bhímse fé dhraíocht”, aduairt sí, “uaireanta. Tagann an tseanachailleach agus cuireann sí fé dhraíocht me i gcaitheamh na hoíche. Tógann sí an draíocht díom i gcómhair an lae, agus is me a chaitheadh obair an chaisleáin a dhéanamh do sna hathaigh—beirt mhac a bhí aici. Níor tháinig sí in ao’ chor aréir, agus sid é an chúis ná fuilimse fén ndraíocht rómhaibh fé mar a bhínn”.

“Níor tháinig”, aduairt sé, “ná ní fheicfir a theilleadh í. Do chuireas-sa deireadh leis a’ gcailligh sin aréir; agus inis duinn cad é an saghas áite ’ bhí anso agaibh nú cad a bheir díbh bheith fé dhraíocht”.

“Tá scéal rófhada air”, aduairt sí. “Ní fhéadfainn é ’ ínsint duit. Do bhíomair anso in aonacht, mise agus driofúr dom. B’in a raibh agam—aon driofúr amháin. Do bhí ár n-athair agus ár máthair in aonacht linn, agus iad go láidir, saibhir, tábhachtmhar. Do bhí fios ageam mháthair, agus ba mhinic a chuir sí in úil duinn go raibh. Do buaileadh breóite í, agus cé go raibh fios aici, nuair a tháinig a’ bás ní raibh leigheas aici. Theip uirthi í féin a leigheas. Is cuímhin liom go maith, nuair a bhí sí a’ dul chun báis, gur ghlaoigh sí ar a’ dtriúr againn in aice na leapa chúithi—ár n-áthair agus an bheirt againn-ne, mo dhriofúr agus me féin. Thosnaigh sí ar ghol, agus bhíomair a’ d’iarraidh í ’chosc ach níorbh aon chabhair é.

“Tá cúis ghuil agamsa”, aduairt sí, “már tá ’s agam an tubaist athá ’núr gcómhairse. A leithéid seo ’ imeóidh oraibh. Tá na sean-athaigh ar fuaid na coille. Tiocfaid
siad anso. Tógfaid siad an caisleán uaibhse agus cuirfid siad an triúr agaibh fé dhraíocht—má bhíd siad sásta leis a’ méid sin féin a dhéanamh, gan sibh a mharú—agus fanfaidh an draíocht san oraibh choíche”.

B’id é ’ inis sí dhuinn is í a’ dul chun báis, agus do chuir m’athair ceist chúithi: “An fada ’ fhanfaimíd fé dhraíocht”, aduairt sé, “nú a’ bhfuil aon rud chun sinn a leigheas?”

“Níl”, aduairt sí, “aon rud chun sibh a leigheas, mara leighisfeadh Bradán Línn na bhFeárnóg sibh”.

(D’fhág sí chómh dall le riamh iad. Ní fheadradar cad é an saghas bradáin a bhí i Línn na bhFeárnóg, ná ní fheadradar cá raibh Línn na bhFeárnóg.)

“Do cailleadh í, agus roinnt bhlianta t’réis a báis do bhuail chúinn an tseanachailleach—(í seo do mhairbh Ó Mhic)—agus duairt sí gur oir a’ caisleán so di féin agus dá beirt mhac: go rabhadar anso ar fuaid na coille agus gan aon áit acu. Ní raibh acu ach botháinín ar fuaid na coille, agus ní fheadramair cad é an saghas an botháinín sin. Bhí sé ráite go raibh sé ’na chaisleán bhreá uair éigint agus gurb iad na hathaigh a chuir fé dhraíocht é.

“Ar ndóin, bhí leisce ar m’athair agus orainn go léir an áit a thabhairt dóibh, agus má bhí níor mhoíll neómait don tseanamhnaoi sinn a chuir fé dhraíocht. Do bhuail sí le slaitíin draíochta a bhí aici sinn agus do dhein sí trí clocha dhínn. D’fhágadh ansan sa chaisleán sinn. Do tógthí an draíocht díomsa, uaireanta, mar do chaithinn gnó a dhéanamh do sna hathaigh i gcaitheamh an lae, agus do thiocfadh a’ tseanabhean arís istoíche agus chuirfeadh sí fé dhraíocht me. B’in mar a chaitheamair ár saol suas go dtí so, agus má tá an tseanabhean marbh is dócha go bhfuil deireadh agamsa leis an ndraíocht”.

“Tá sí marbh”, aduairt Ó Mhic. “Do mharaíos-sa í sin, agus i dteannta deireadh ’ bheith agatsa leis a’ ndraíocht ca bhfuil na clocha a deineadh dod dhrifír agus dot athair?”

Do thispeáin sí na clocha dóibh. Do bhuail sé buille don tslaitín draíochta ar gach cloich acu agus do phreabadar ’na suí chuige chómh maith is ’ bhíodar riamh. Thosnaigh na scéaltha acu le chéile ansan, agus an t-athair ag ínsint na hoibre go léir agus cad a bhí imithe orthu. “Agus anois”, aduairt sé, “do hínseadh duinn ageam mhnaoi phósta go bhfágfí fé dhraíocht sinn mara dtógfadh Bradán Línn na bhFeárnóg an draíocht dínn. Agus ar ndóin, ní haon bhradáin sibhse, agus táimíd tógtha ón ndraíocht agaibh!”

“’Sea. Is cuma san anois”, aduairt É Mhic. “’Siad so do bheirt iníon. Beirt driothár is ea sinn-ne, agus níl aon bheirt bhan eile againn le pósach ach an bheirt!”

“Bíodh san amhlaidh”, aduairt an duine uasal, “agus roinnfeadsa mo ríocht ’dir bheirt agaibh”.

“Níl an iomarca gnótha againn dod ríocht”, adúradar, “mar tá baile againn-ne féin, cé nár mhór le rá é uim an am gur fhágamair, agus ní fheadramair conas ’tá sé anois. Ach beidh ’ fhios againn é mar ragham féna dhéin, agus caithfirse dul linn. Tiocfam go léir thar n-ais anso arís, agus is deallraitheach”, aduairt sé, “go bhfuil ár n-athair agus ár máthair fós ’na mbeathaidh”.

D’fhan a’ scéal mar sin ar feadh tamaill, agus d’fhanadar féin agus an áirnéis, ’dir choin agus seabhaic agus capaill, in aonacht leis an nduine uasal sa chaisleán.

T’réis tamaill do pósadh an bheirt le beirt iníon an duine uasail—an bheirt bhan dob áille ab fhéidir ’ fheiscint. Agus tamall t’réis a bpósta duairt É Mhic: “Ragham anois”, aduairt sé, “a’ triall ar ár n-athair agus ár máthair féin agus chífeam conas ’táid siad a’ cuir díobh, agus béarfaimíd linn na mná. Ní fhanfairse anso sa chaisleán it aonar”, aduairt sé leis an nduine uasal. “Caithfir dul linn, agus ní bheidh aon drochshaol agat, b’fhéidir”.

B’in mar a bhí. Do ghléasadar suas. As go brách leó agus do thánadar a’ triall ar an iascaire—mar a thugaim air i dtosach an scéil. Do bhí fáilthe rómpu, agus ba mhó ná san an mheidhréis agus an fháilthe a bhí rómpu nuair a chonaiceadar go raibh an bheirt pósta le beirt iníon an duine uasail, agus nuair a ínseadar an bhreáthacht a bhí ’na ndiaidh ag an nduine uasal agus an rud go léir le roinnt idir a’ mbeirt acu.

’Sea. Do bhí ana-shaol acu ann, tamall, agus do bhíodh an t-iascaire agus an duine uasal ag ínsint a n-eachtraí agus na scéaltha a thiteadh amach dóibh dá chéile i gcónaí. Pé cume é, d’inis an t-iascaire dhò conas mar a ráinig muiríon aige féin, agus conas mar a rug sé ar a’ mbradán, agus do bhí an chlann ag éisteacht leis ag ínsint an scéil go léir. Nuair a rug sé ar a’ mbradán do bhí sé chun é ’ mharú, agus do labhair an bradán leis. Do chuir so iúnadh air, agus ’sé an bradán aduairt leis go mbeadh beirt mhac aige. “’Siad so an bheirt mhac a bhí agam”, aduairt sé, “cé ná raibh aon choinne agam le héinne clainne uim an am san. Agus nuair ’ aosaíodar so d’imíodar uaim. Níor mharaíos a’ bradán, ar aon tslí”, aduairt sé: “d’iarr sé orm gan é ’ mharú, agus táim ag iascaireacht riamh ó shin agus ní fheaca fós an bradán céanna”.

Do chuímhnigh an duine uasal ar sheanascéal a bhí airithe aige sa bhaile, agus d’fhiafraigh sé don iascaire cad é an saghas abhann nú loiche go raibh sé ag iascaireacht nuair a fuair sé an bradán so a labhair leis.

“Airiú, áit ná fuil i bhfad ón dtigh anso”, aduairt sé—“ana-bhall iascaireacht. ‘Línn na bhFeárnóg’ a thugaid siad air—poll breá chun iascaireacht”.

Ar aon tslí, do chuímhnigh an duine uasal ar an seanascéal a bhí airithe aige roimis sin: Gur chónaigh duine uasal eile sa bhotháinín seo istigh sa choíll agus gur tháinig máthair na n-athàch agus gur chuir sí fé dhraíocht é. Dhein sí bradán de agus duairt leis gurb é an áit go gcaithfeadh sé a shaol a chaitheamh, i Línn na bhFeárnóg; agus t’réis san a dhéanamh leis do buail sí le slaitín draíochta a bhí aici an caisleán breá a bhí ag an nduine uasal so agus dhein sí botháinín íseal anacrach de. Tá an botháinín ansúd fós le feiscint, agus ní bhfuaradh aon tuairisc ar an nduine uasal, beó ná marbh, riamh ó shin. Ach do bhíodh scéal aige sna seandaoine ar an nduine uasal a cuireadh fé dhraíocht i Línn na bhFeárnóg.

Do chuímhnigh beirt mhac an iascaire gur cheart dóibh dul chun faeiseamh éigint a thabhairt ar a’ mbradán, mar gurbh id é an duine uasal, agus dúradar leis an athair dul ag iascaireacht arís, féachaint a’ mbeadh aon chaoi go gcasfí air é. “Agus ar do bhás”, adúradar, “má casfar ort an bradán céanna ná mairbh é!”

Bhí dúil san iascaireacht ar aon tslí ag an athair. Thóg sé leis a shlat agus chuaigh sé fé dhein na linne. Ach má chuaigh ní fheacaigh sé an bradán, agus is beag lá ná go dtugadh sé cúrsa ann d’aon ghnó féachaint a’ bhfeicfeadh sé an bradán.

Lá éigint dá raibh sé ag iascaireacht ann do rug an bradán air, agus má rug do chuir sé in achrann arís é. Do dhrid leis amach in aice an phuirt é agus do leog air bheith chun é ’ mharú.

“Á, faire! Ná dein!” aduairt sé. “Ní bradán bréagach mise. D’ínseas an fhírinne cheana dhuit agus táim á rá leat gan me ’ mharú anois, leis”.

“Nílim chun tu ’ mharú”, aduairt sé, “chun go bhfeicfidh duine éigint eile thu chómh maith liom féin, mar is minic a bhíos ag ínsint gur chuaise-se chun cainnte liom, agus ní chreideann éinne gur labhair bradán liom”. Leis sin do liúigh sé—ní raibh a thigh i bhfad ón línn seo. D’airigh an bheirt mhac é. Bhí tuairim acu go raibh rud éigint míorúíltheach titithe amach dò, nú bertha aige ar a’ mbradán. Chuadar féna dhéin go deithinsach, agus rugadar leó an tslaitín draíochta. Do bhuail Ó Mhic buille don tslaitín draíochta ar a’ mbradán nuair a tháinig sé in aon chóngar dò, agus má bhuail do dhein duine uasal don bhradán, agus amach leis as an abhainn.

“’Sea”, aduairt sé leis an iascaire; “má dheineas-sa puínte maith dhuitse tá rud maith déanta agatsa dhómhsa!”

Do chuadar chun cainnte lena chéile, agus do bhí na hiúnaí go léir ag an nduine uasal so nuair a tógadh ón ndraíocht é, agus é ag ínsint dóibh.

Ar aon tslí, b’éigint dò dul abhaile in aonacht leó—ní ’na bhradán, áfaigh, ach ’na dhuine uasal! Do bhí ana-shaol aige in aonacht leó, agus d’inis sé a scéal go léir dóibh—conas mar a chuir an tseanachailleach, máthair na n-athàch, fé dhraíocht é, agus do chuir isteach sa línn seo é.

Ar aon tslí, t’réis tamaill b’é an rud a dheineadar go léir ná tigh an iascaire a fhágaint ansan, hólas bólas, agus do bhailíodar leó. Chuadar go léir go dtí caisleán an duine uasail. Bhí an duine uasal eile seo in aonacht leó, agus ní raibh aon chaisleán roimis féin. Ní fheadair sé ná go raibh chun go bhfeacaigh sé an botháinín a bhí déanta don chaisleán.

“Cad é seo ’ imigh ar mo chaisleán?” ar seisean. “’Sí an tseanachailleach a chuir fé dhraíocht é, gan dearmad, nuair a chuir sí fé dhraíocht me féin!”

“Má ’sí”, aduairt É Mhic, “is gairid a bheidh sé fé dhraíocht. Ach tá an tseanachailleach féin istigh sa bhotháinín”, aduairt sé “fé dhraíocht. Ní mór duinn í ’ fheiscint ar dtúis sara ndéanfam éinní leis a’ mbotháinín”.

Chuadar isteach, agus do bhí an seanarúmpa cloiche seo istigh fé mar a deineadh di nuair a buaileadh leis a’ slaitín í.

“Ní hiontaoibh duinn”, aduairt Ó Mhic, “aon rud a dhéanamh leis a’ dtighín chun go ndeineam rud éigint leis an seanamhnaoi. Ca bhfios ná gurb amhl’ a thógfaimís an draíocht di i ganfhios duinn féin?”

“Cad a dhéanfam léi?” aduairt an driotháir.

“Cad a dhéanfaimís léi”, aduairt Ó Mhic, “ach í ’ chur san áit ’nar chuir sí féin duine eile? Cuirimís i Línn na bhFeárnóg í!”

Thógadar leó an chloch, agus do ghléasadar capall. Níor stad blúire dhíobh riamh ná choíche chun gur rugadar leó an chloch go dtí Línn na bhFeárnóg agus do chaitheadar isteach un í. D’fhilleadar thar n-ais arís. Do buaileadh buille don tslaitín draíochta ar a’ seanabhothán, agus má deineadh do dhein caisleán álainn go léir de, fé mar a bhí sé díreach uim an am gur fhág an duine uasal é—nú gur cuireadh fé dhraíocht é. Do bhí an t-áthas go léir ar an nduine uasal. Agus an poll so, Línn na bhFeárnóg, ’nar caitheadh an chloch isteach ann—deireadh seó daoine nuair a théidís a’ snámh sa línn seo go raibh seanabhean thíos i dtóin puíll agus go mbíodh sí ansúd a’ dranntú chúthu aon uair a raghaidís síos, agus ní chreideadh seó daoine iad; ach b’fhéidir go bhféadadh sí ’ bheith ann, agus is dócha go bhfuil sí ann riamh ó shin.

Do mhair an t-iascaire agus an bheirt uaisle agus an bheirt bhan óg a bhí ag an gclaínn, mhaireadar idir a’ dá chaisleán so, agus ar fuaid na coille, agus do bhí fuíollach acu—saibhris agus airgid, agus saol breá go léir, agus fuíollach fiaigh agus seilge acu le fáil ar fuaid na háite.

Agus b’id é an chuma gur chríochnaigh an t-iascaire agus an chlann, na huaisle, agus an tseanachailleach athá a’ snámh i Línn na bhFeárnóg.

Foclóirín

se: Ó ’se appears to be the emphatic suffix appended to the name Ó.
abha: “river”, with abhann in the genitive and abhainn in the dative, which form is used as the baseform in GCh. Pronounced /au, aun, auŋʹ/.
achrann: “entanglement, undergrowth; fastness, depths”, pronounced /ɑxərən/. In achrann here possibly means “caught, stuck, entangled”, i.e. “caught in the angler’s net”.
ádh: “luck”, spelt á in the original text, reflecting the pronunciation, /ɑː/.
áfaigh: “however”, a variant of áfach. AÓL regularly used this form; PUL, by contrast, always wrote áfach (ámhthach).
airgead: “money, silver”, pronounced /arʹigʹəd/.
airím, aireachtaint: “to hear”, or airím, aireachtáil in GCh, with the verbal adjective airithe. Pronounced /a’rʹiːmʹ, i’rʹɑxtintʹ/.
áirnéis: “chattels, goods”, and by extension, “stock, cattle”, referring in chapter 2 here more broadly to dogs, hawks and horses.
ambasa: “indeed”, or ambaiste in GCh. While this appears to mean “by my hands”, the form ambaiste indicates the derivation is rather from the asseveration “by my baptism”, perhaps by way of a circumlocution to avoid uttering an irreligious phrase. Pronounced /əm’bɑsə/.
anam: “soul”. Ar mh’anam go, “I swear on my soul that”, a phrase generally found with lenition of mo.
aosaím, aosú: “to age, come of age”. Aosú suas, “to grow up”.
árdaím, árdú: “to lift, raise”. Rud a dh’árdú leat, “to take something away, take something with you”.
aréir: “last night”, pronounced /ə’re:rʹ/, with a broad r in the middle of the word.
bailím, bailiú: “to gather, collect”. Do bhailíodar leó, “they went off”.
ball: “spot, place, limb”. I don’t understand the meaning of dheinidís ball bog don bhall chruaidh agus ball cruaidh den bhall bhog, unless it is that in the course of the fight the hard parts of their bodies were crushed, and the soft tissue of their bodies was mangled into hard lumps. Note ballaibh beatha in the nominative plural in chapter two here; PUL had balla beatha in the plural in his Papers on Irish Idiom; GCh has baill bheatha.
bean: “woman”, with mná in the genitive singular, mnaoi in the dative singular and ban in the genitive plural. An bheirt bhan, “the two women”.
beannachadh: “blessing”, pronounced /bʹə’nɑxə/. Beannachadh dhéanamh do dhuine, “to greet someone”.
béile: “meal”. This word is generally feminine in WM Irish, but masculine in GCh.
beirim, breith: “to bear, carry”. DÓC had riug here in the preterite, showing the lenition of the r to a slender r after the perfective and relative particles. Má riug (edited here as má rug) is another example of the lenition of the r. Note the preterite here is also bheir: cad a bheir duit?, “how come (you are doing something)?” The past participle is given here as bertha, pronounced /bʹerhə/ with a broad r. Do rug an bradán air: breith ar generally means “to seize”, but as the salmon is unlikely to have seized the angler, this probably means “the salmon came upon him”.
bia: “food”, with bídh in the genitive, reflecting a declension pattern based on the early spelling of this word, biadh. Pronounced /bʹiə, bʹiːgʹ/.
blúire: “bit, morsel”. Níor stad blúire dhíobh, “they kept on going”, a phrase formed along similar lines to níor stad cos díobh.
borraim, borradh: “to increase, prosper, develop”. An méid ná borradh an lá dhíobh do bhorradh an oíche, “they throve wonderfully, grew rapidly”.
bradán: “salmon”.
ca: “where”, or in GCh. This is generally , but the vowel is written short in the original text here in ca bhfios?, “who knows?”, showing the pronunciation /kɑvəs/. Ca bhfuil? is shown with a short vowel, and Diarmuid Ó Sé’s Gaeilge Chorca Dhuibhne also indicates that may be pronounced short when combined with the present tense of the verb bheith. See paragraph 533, where cá bhfuil can be /kavəlʹ/, /kalʹ/ or /koulʹ/.
cabhair: “help”, pronounced /kourʹ/. Níorbh aon chabhair é, “it was no use”.
cailleach: “old woman, hag”, pronounced /ki’lʹax/. The genitive is caillí and the dative cailligh.
caíncín: “snub nose, prominent nose”, pronounced /ki:ŋ’kʹi:nʹ/.
caisleán: “castle”, pronounced /kiʃ’lʹɑːn/.
caithim, caitheamh: “to throw, spend”. DÓC uses spelling in caith- where a slender consonant later appears (caithfir, caithfidh, etc), but cath- where a broad consonant comes later (chaitheadar, caitheamh, etc). This could indicate his view on the quality of the vowel (i.e, /kahimʹ/, but /kɑhəv/), but Brian Ó Cuív’s transcription in IWM (see caithfidh, /kɑhigʹ/, on p85) does not accord with this. Brian Ó Cuív has /kɑhʹimʹ/ in CFBB for cathim, in a revision to his transcription system used in IWM, showing a slenderised h. It seems that the broad/slender environment of /h/ is of little relevance in WM Irish, and that /kɑhimʹ/ is the best transcription, and so all forms of this word and its cognates are transcribed here with the historically correct caith- spelling.
caothúlacht: “convenience”, or caoithiúlacht in GCh, pronounced /ke:’hu:ləxt/.
casaim, casadh: “to twist, turn”. Impersonally, this verb is used to mean “to meet” or “to happen upon; to happen to be (in a place)”: do casadh isteach é i gcoíll, “he came upon a wood, he found his way into a wood”.
cathú: “regret, sorrow”. We have the impersonal construction here beidh na chathú ort, where beidh a chathú ort is also found, both meaning “you will regret it”.
ceathrar: “four people”, pronounced /kʹahərər/.
ceoca: “which? which of them?” Pronounced /kʹukə/. Is cuma ceoca é, “it makes no difference either way”.
claíomh: “sword”, with claimhte in the plural. Pronounced /kliːv, klitʹi/.
cloch: “stone”. Do dhein sí cloch de, “she turned him into stone”.
cloisim, clos: “to hear”, or cloisim, cloisteáil in GCh. Airím, aireachtaint are more commonly used in WM.
codlaim, codladh: “to sleep”, or codlaím, codladh in GCh. Dul chun codlata, “to go to sleep”. Pronounced /kolimʹ, kolə, kolətə/.
coinním, coinneáil: “to keep”. The preterite is choinnibh sé where GCh has choinnigh sé. This reflects the bh in the original spelling of this word, congbhaim, congbháil, just as the bh in marbhaim (maraím) appears in the preterite mhairbh sé. I have not found this word in PUL’s works; PUL seems to prefer cimeádaim, cimeád.
cóir: “equipment; means”.
coirim, cor: “to exhaust, tire”. Cortha de rud, “tired of something”, found here as cortha do rud, reflecting the alignment of do and de in pronunciation.
cosaráil: “act of trampling”.
cosmhalacht: “likeness, resemblance”, or cosúlacht in GCh. Pronounced /kosvələxt/.
críochnaím, críochnú: “to finish”, but also “to end up”. An chuma gur chríochnaigh é, “the way he ended up, what finally happened to him”.
cú: “dog”, with coin in the dative singular and nominative plural. This word is feminine in WM Irish, but masculine in GCh, which as in all cases of the singular and cúnna in the plural. Pronounced /kuː, kinʹ/.
cuireadh: “an invitation”, pronounced /kirʹi/.
cuirim, cuir: “to put”. Saol maith aerach aige á chuir síos: the use of síos here is hard for me to understand—I would have expected de—but clearly this means “leading a good and carefree life”. Cuir de, “to continue, go on”. Conas ’táid siad a’ cuir díobh, “how they are getting along”.
cuma: “equal, indifferent”. Is cuma dhuit, “it makes no difference to you; it is none of your business”. Is cuma liom, “I don’t care”. Ba chuma liom i dtaobh bualadh isteach in áit éigint possibly means “it seemed to me to make no difference if I came in somewhere; it didn’t seem to me something worth making a fuss about”.
cuma: “way, form”. Pé cuma é, “however it happened, in whatever way it happened”.
cúpla: “a couple”, taking the nominative singular. Pronounced /kuːpələ/.
cúrsa: “course, journey”. Beidh cuímhne ar do chúrsa agat possibly means “you won’t forget your visit!”
dánaíocht: “forwardness, presumptuousness”, or dánacht in GCh. Bhí sé de dhánaíocht ann é ’ dhéanamh, “he was bold enough to do it”.
deallramh: “appearance”, or dealramh in GCh. Pronounced /dʹaurəv/. Ní raibh aon deallramh duit, possibly means “it didn’t seem that way to you”.
deamhan: “demon”, pronounced /dʹaun/. An deamhan blúire (ná go raibh beirt mhac aici), “I’ll be damned (if she didn’t have two sons)”, derived from an original longer phrase along the lines of “to the devil with me if it was not in the slightest bit so (that she had two sons)”, which has produced the Hiberno-Irish “divil a bit”. An deamhan gu’ dócha go raghaidh mé isteach, “I’ll be damned if I won’t go in”. An deamhan blúire dhi ná gur thairrig slaitín draíochta, “I’ll be damned if she didn’t bring a magic wand”.
déanaí: “lateness”. Dul i ndéanaí ort, “to become late”.
dearg: “red”, pronounced /dʹarəg/.
dearmad: “mistake”, pronounced /dʹarəməd/. This word is thus pronounced when it is an independent noun meaning “mistake”, chiefly found in the phrases gan dearmad, “for sure, without fail, certainly” and níl aon dearmad, “there is no mistake; it is a certainty”. Other uses would require dearúd.
deasca: “gleaning, dregs”. Dá dheascaibh seo, “on account of this, in consequence of this”.
deinim, déanamh: “to do, make”, or déanaim, déanam in GCh. Déanamh can also mean “to head for, to make for”: do dhein sé fé dhéin a’ tí, “he headed for the house”.
deirim, rá: “to say, tell”. A diphthong is used throughout the past tense: duart, duairt sé, dúradh, pronounced /duərt, duərtʹ ʃe:, duərəg/. This is shown in the original spelling of dúradar here, duaradar. Mar adeirim, “as I say”. The verbal noun, , is pronounced with a slender r in the combination á rá, /ɑ: rʹɑ:/, as shown in IWM. However, this is not indicated in DÓC’s transcription.
dícheall: “one’s best efforts”, pronounced /dʹi:həl/ and spelt díthal in the original text here. Bhí an saol ar a dhícheall go maith aige possibly means “he really struggled to make a living”.
díobháil: “harm, damage”. Ní haon díobháil é, “it is just as well”.
dís: “pair, couple”.
doicheall: “inhospitality”, pronounced /dohəl/. This was spelt dothal in the original, showing the pronunciation.
dóim, dó: “to burn”.
dóin: “hope, expectation; source of expectation”, a variant of dóigh found in the phrase ar ndóin, “of course”. Ar ndóin is given as ar nóin in the original, but PSD states that dóin is a corruption of dóigh. Dar ndó’, dar ndóin and ar ndó’ are also found in WM Irish.
dranntaím, dranntú: “to snarl”, or drantaím, drantú in GCh. Pronounced /draun’ti:mʹ, draun’tú/.
driofúr: “sister”, or deirfiúr in GCh. IWM shows that both drifíur and driofúr are found in WM Irish, but the form with a broad f is found here. The dative is drifír.
drochfhéachaint: “a nasty look”. The pronunciation is /dro-hiaxintʹ/, as is shown by the spelling in the original of droth-fhéachaint.
drochghnúis: “an evil-looking countenance”, pronounced /dro-ɣnuːʃ/.
drochní: “something bad”, pronounced /dro-nʹiː/.
drochrud: “something bad”, pronounced /dro-rod/.
drochshaol: “bad times”, pronounced /dro-heːl/. Drochshaol a bheith agat, “to have a bad time of it”.
dúán: “fish-hook”.
É: the name of one of the two sons of a fishermen here.
each: “horse, steed”. Pronounced /ɑx/.
eadartha: “late morning; morning milking time”, or eadra in GCh, pronounced /ɑdərhə/.
easnamh: “want, lack”. Pronounced /ɑsnəv/.
éirím, éirí: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ, əi’rʹi:/ in WM Irish. PSD lists “swim” as one of the meanings of this word, and d’éirigh bradán chuige appears to mean “a salmon swam towards him”. Similarly, cad a éireódh chuige ná giorrae! means “what else should run towards him but a hare?” (“You’ll never guess what ran towards him! A hare!”) Éirí amach should mean “to go forth, come out”, but possibly means “to get up (out of bed)” in chapter 2 here.
faeiseamh: “respite”, or faoiseamh in GCh. Pronounced /feːʃəv/.
fágaim fágaint: “to leave”, or fágaim, fágáil in GCh. D’fhágadh in chapter 2 here is given as d’fhágag in the original text, showing this to be the preterite autonomous and not the past habitual. Do fágadh was found in PUL’s works, in line with the principle of not deleniting the autonomous form.
faid: “length”, or fad in GCh. Pé faid, “however long”.An fhaid, “while”, fad or a fhad in GCh.
faire: “fie! shame!” Faire go brách, “Oh, the shame of it!”
fáiscim, fáscadh: “to squeeze, tighten”. Fáisc as an imperative could be translated, “hold fast! keep your grip”.
fán: “wandering”. Ar fán, “astray”. Ní raibh a chlaíomh ar fán uaidh, “his sword was ready in his hand”; see also ag dul ar fán uaim, “lost to me”, in PSD.
fearg: “anger”, pronounced /fʹarəg/.
feárnóg: “alder tree”.
fiach: “hunt, pursuit, act of hunting”. Sometimes referring to the object of the hunt, “game”.
fiachaim, fiach: “to hunt, chase”.
fios: “knowledge”. Truncated in s agam, “I know”; sometimes with an ostensibly superfluous é (s agam é), as if under English influence. PUL argued (in Notes on Irish Words and Usages, pp144-145) that the é in such sentences was not redundant and stood for a whole clause (e.g. bhí fhios acu an namhaid a bheith ar a dtí becomes truncated to bhí fhios acu é). Ca bhfios?, “who knows?”, pronounced /kɑvəs/. Fios sometimes refers in particular to supernatural knowledge, of the type that lucht feasa, “fortune-tellers”, might possess.
gabhaim, gabháil: “to take, go”, and a large range of other meanings. Gabháil do, “to engage in, work on, be occupied in”.
géar: “rapid”. Dul géar air, “to close in on it”.
giorrae: “hare”, or giorria in GCh, Pronounced /gʹi’re:/.
glaeim, glaoch: “to call, cry out”, or glaoim, glaoch in GCh. This verb was originally spelt glaodhaim, glaodhach, and so the spelling changes in the middle of the twentieth century have led to forms such as glaoim that are suboptimal for Cork Irish, as aoi would be pronounced /iː/. As the pronunciation is /gleːmʹ, gleːx/, ae is used in the editing here wherever a form is found that is poorly spelt in Standardised Irish. However, ghlaoig is found in the original text here and is therefore edited as ghlaoigh; it may be that /iː/ is possible here. Glaoch ar dhuine, “to call to someone”.
gléasaim, gléasadh: “to arrange, equip”. Do ghléasadar suas, possibly means “they got themselves ready for the journey”, although this phrase is not given in dictionaries.
gnó: “business, affair”. D’aon ghnó, “with the express purpose”.
go: the subordinating conjunction. Gur, which combines go with the copula, is found here as gu’, showing the r can be elided in speech.
gránna: “ugly”, with gráinne in the comparative. This adjective is indeclinable (i.e., with gránna in the comparative) in GCh.
gurb: generally pronounced /gərb/ before third-person pronouns, but often pronounced /gurəb/ elsewhere. See go.
hólas bólas: “fully, totally; in one go; whole”, a phrase that has survived in Irish English in some areas as holus-bolus. The sense in chapter 2 here is possibly “without further ado”.
i ganfhios: “unbeknown, unawares”. Pronounced /ə’gɑnis/.
i: “in”. Tair im chabhair, “come to my aid”, is spelt tair um chabhair in the original, showing that the confluence of i and mo, im, is pronounced with a broad m and a vowel that is midway between /i/ and /ə/. There may be some variation in AÓL’s enunciation of the vowel, as im is variously found as um and im here; um is indicated in footnotes where found in the original. Núr, the combination of i and úr, “your”: the truncated spelling found in the original shows the pronunciation (coming after a vowel in chapter 2) is just /nuːr/.
iarracht: “a bit, a certain amount”. Iarracht trí chéile, “somewhat upset”.
iasc: “fish”. The genitive singular and nominative plural are éisc: oiread éisc appears to have the genitive singular in a collective sense (“as much fish”).
iascaire: “fisherman”, with iascairithe in the plural, where GCh has iascairí.
iascaireacht: “fishing”. Ana-bhall iascaireacht, “a good spot for fishing”. DÓC comments in the appendix to Scéalaíocht Amhlaoibh that AÓL does not decline the genitive for feminine nouns in -cht.
imím, imeacht: “to go, go away”. Pronounced /i’mʹiːmʹ, i’mʹaxt/. Note that the participle, imithe, is stressed on the second syllable: /i’mʹihi/.
iníon: “daughter”. Note the genitive plural in the phrase beirt iníon, “two daughters”.
íochtar: “lower part, bottom”. Ó íochtar a’ domhain go huachtar a’ domhain, “from all parts of the earth”.
iontaoibh: “trust, confidence”. Ní haon iontaoibh an chú, “the dog is not to be trusted”. Pronounced /uːn’tiːvʹ/. Ní hiontaoibh duinn: this usage is not given in dictionaries, but possibly means, “it is inadvisable for us (to do something)”.
iúntach: “wonderful”, iontach in GCh. Pronounced /u:ntəx/ and spelt úntach in the original text here.
labhraim, labhairt: “to speak”, with the past participle labhartha. GCh has labhraím, labhairt. Pronounced /lourimʹ, lourtʹ, lourhə/.
leabaidh: “bed”, or leaba in GCh, which uses the historical nominative. Chapter 2 here has leapa in the genitive, where PUL has leapan.
leanbh: “child”, pronounced /lʹanəv/.
leathghlúin: “one knee”. As knees come in pairs, in Irish one knee is a half-knee. Other similar words are leathbhróg, leathchluas, leathchos, leathchúpla, leathghuala, leathlámh and leathshúil.
leigheas: “cure, remedy”, pronounced /lʹəis/. Ní raibh leigheas aici, “there was nothing she could do”.
leighisim, leigheas: “to remedy, cure”, or leigheasaim, leigheas in GCh. pronounced /lʹəiʃimʹ, lʹəis/.
léir: “entire, complete”. Breá go léir, “very fine, very beautiful”.
leisce: “laziness, reluctant”. Leisce bheith ort, “to be loth (to)”.
línn: “pool, pond”, with linne in the genitive.
luím, luí: “to lie”. Luí chun, “to get stuck in, get down to something”: do luigh a’ bheirt chun a chéile, “the pair of them attacked each other”. Luí ar, “to begin to do something, apply yourself to do something”.
macánta: “honest”, or “well-behaved”, of a dog.
maidean: “morning”. Go maidean, “until morning”, fails to use the dative: PUL had go maidin.
mairim, maireachtaint: “to live”, or mairim, maireachtáil in GCh. The verbal adjective is found in slí mhartha, “living, trade”. The verbal noun may also be used here (slí mhaireachtaint). Mairim can also mean “live” in the sense of “abide”: mhaireadar idir a’ dá chaisleán so, “they lived in the these two castles; they spent part of their lives in both of these castles”.
mar dhea: a phrase meaning “as if, supposedly, as it were”. Probably derived from mar bh’ea. Pronounced /mɑr ‘ja:/.
mar: “as, like”. Ní bheidh tú mar sin appears to mean something approximately like “that will not be a problem”. Mar go, “for, because”.
marbh: “dead; dead person”, pronounced /mɑrəv/.
margadh: “bargain; market”, pronounced /mɑrəgə/. Margadh fónta means something like “a decent person”, the opposite of a “nasty piece of work”. That margadh can refer to people in this way is shown in PSD where margadh réidh, “an easy bargain” has the extended meaning of “one easily taken in”.
meidhréis: “mirth, jollity”, possibly pronounced /mʹəi’rʹeːʃ/.
moíll: “delay”. Note the impersonal construction in níor mhoíll neómait don tseanamhnaoi sinn a chuir fé dhraíocht: “the old woman did not hesitate for a second before casting a spell on us”.
mór le rá: “important, significant”.
muiríon: “burden”, or muirín in GCh.
neartaím, neartú: “to strengthen”. Used with ar: do neartaigh an fhearg air, “his anger strengthened”.
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in GCh. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint; consequently, the GCh form is no more authoritative than the WM form.
ní: “not”. Where this is transcribed as n’ in the original, showing elision of the vowel, this is retained here.
Ó: the name of one of the two sons of a fisherman here.
oibrím, oibriú: “to work; to do something”. Oibriú as féin, “to do something by yourself”, as opposed to oibriú as láimh a chéile. Pronounced /ebʹi’rʹiːmʹ, ebʹi’rʹuː/.
páintheach: “plump creature”, or páinteach in GCh. Ana-pháintheach giorrae, “a plump hare”.
piocaim, piocadh: “to pick; peck”. The original spelling here as phiuc, showing the pronunciation to be /pʹukimʹ, pʹukə/.
pléascaim, pléascadh: “to explode, burst”, and also “to bang, thump”.
port: “bank (of river)”, with puirt in the genitive singular.
puínte: “point”. Puínte maith dhéanamh do dhuine, “to do someone a good turn”.
rachta: “rafter; beam”.
radharc: “sight”, pronounced /rəirk/.
ráiníonn: “to reach”, without a verbal noun in common use. Usually found impersonally meaning “to happen to, transpire”. The past tense is properly ráinig, not the ráinigh given in FGB (cf. do rángas, do ráinig sé in the old script). Do ráinig go raibh duine bocht ann, “there happened to be a poor man”. Níor ráinig éinne muirín acu, “they didn’t happen to have any children”.
réice: “rake, rascal”.
réitím, réiteach: “to solve”.Do réitigh sé a dhúán, “he dealt with/sorted out his fish-hook”. Do réitigh sé as é, “he got it (the fish) out of it, he extricated it from it”.
riamh: “ever”. Ní feárr riamh é, “it is just as well”.
ribe: “hair”, referring to individual hairs. This was spelt ruibe in the original here. The vocative is also given as a ruibe in the original, showing that the initial r was not slenderised by the vocative particle. The plural here is ribeacha, where GCh has ribí. I have not found the nominative plural in PUL’s works, but PUL’s novel Séadna has ribíbh in the dative plural.
roinnim, roinnt: “to divide”. Pronounced /rəiŋʹimʹ, rəintʹ/.
roinnt: “a share” and by extension “some”. As a feminine noun this is followed by lenition in AÓL’s Irish: roinnt bhlianta, “some years”. PUL wrote roinnt blianta. Pronounced /rəintʹ/.
rud: “thing”. The genitive should be ruda, but is often found as rud, especially before a vowel, as in a’ fiach rud éigint here. You could also parse rud éigint as a phrase noun in the nominative absolute. Pronounced /rod/.
rúmpa: “rump”. Seanarúmpa cloiche, “old lump of stone”.
saghas: “sort”, pronounced /səis/.
saibhreacht: “wealth, richness”, or saibhre in GCh, pronounced /sevʹirʹəxt/. Dul i saibhreacht, “to become wealthy, get rich, get richer”.
sciobaim, sciobadh: “to snatch”. The original spelling here as sciub, showing the pronunciation to be /ʃkʹubimʹ, ʃkʹubə/.
seabhac: “hawk”, pronounced /ʃauk/.
séad: “treasure, valuable thing”. Tá séad lenár saol anois againn possibly means “we now have a very valuable thing in our possession”.
searbh: “bitter”, but often verging on “disagreeable”. The comparative, seirbhe, was spelt seirí in the original here. Pronounced /ʃarəv, ʃe’rʹiː/.
seilg: “hunt, chase”, pronounced /ʃelʹigʹ/. Sometimes referring to the object of the chase, “game, prey, quarry”.
seó: “show, spectacle”. Seó éisc, “a vast amount of fish”. Seó daoine, “a large number of people”.
sid é: “this is, here is”, corresponding to siod é in GCh. Sid é mara gcuirfidh éinne as me, “that is unless anyone makes me leave”. Similarly, sid iad is found here for siod iad.
siúlaim, siúl: “to walk”. Siúl roimis is literally “to walk along”, but often has implications of begging. (This point was made in a note to one of PUL’s works, but I can’t locate it right now.)
slaitín: “little stick”. Slaitín draíochta, “magic wand”.
slí: “way”. Ar aon tslí, “anyhow, at any rate”.
stathallach: “unkempt head of hair”, or stothall in GCh. Stathallach ghruaige in the original appears to elide a de between the two words. Stothallach in FGB is an adjective meaning “shaggy, unkempt”, but both FGB and PSD show this word is used dialectally as a noun. Stuthalach is also found in the original here, and edited as stothallach. Consequently, AÓL’s pronunciation seems to vary between /stɑhələx/ and /stuhələx/.
suaimhneas: “peace, quiet”, pronounced /suənʹəs/.
suas: “up, upwards”. Suas go dtí so, “up till now”.
tábhachtmhar: “important, substantial, of consequence”, pronounced /tɑːxtvər/.
tarraigim/tairrigim, tarrac: “to pull, draw”, or tarraingím, tarraingt in GCh. Pronounced /tɑrigʹimʹ~tɑrʹigʹimʹ, tɑrək/. The various forms of this verb exhibit the same changes: the preterite is tharraig/thairrig /hɑrigʹ~hɑrʹigʹ/. Tharraig is found in chapter 1 here, but thairrig in chapter 2, and the spelling of the original is retained. Shán Ó Cuív’s LS edition of PUL’s novel Séadna shows a slender r pronunciation, and GCD also shows this to be the more general Munster pronunciation. Another piece of evidence that could be cited is the Irish of Diarmuid Ua Laoghaire, PUL’s second cousin and professor at Coláiste na Múmhan
in Ballingeary, who wrote thairidh sé with a slender r (cf. Diarmuid Ua Laoghaire, Cogar Mogar, p20). However, Osborn Bergin’s LS edition of PUL’s Catilína and Aesop a Tháinig go hÉirinn show a broad r, and Brian Ó Cuív also uses a broad r in his transcription of CFBB. It seems that both forms existed (see Stair na Gaeilge 489).
teanntaím, teanntú: “to hem in, corner”.
teipim, teip: “to fail”. This verb is usually used impersonally: bhí teipithe air, “he had failed”. Another usage is do theip sé air, “it failed him”, and it seems do bhí a’ teip ar Ó Mhic an driotháir a bheith a’ teacht is a construction of this sort: “his brother’s coming failed Ó Mhic; Ó Mhic was let down by his brother’s failure to come”.
tiarcas: found in a thiarcais!, “O God!, my goodness!” PUL’s authorised Foclóir do Shéadna explains the exclamation a thiarcais! is a way of avoiding the blasphemous a Thiarna!
tighín: “little house”, or teachín in GCh. Pronounced /tʹi’gʹiːnʹ/.
titim: “fall”. Titim oíche, “nightfall”, also found in PUL’s works as titim na hoíche.
tráth éigint: “once upon a time”.
tréan: “strong”, with treise in the comparative. Is treise dhuit ná dhómhsa, “you are stronger than me”.
trí chéile: “confused”. Ana-mhór trí chéile, “greatly upset”.
trúig: “cause, occasion”. Trúig áthais, “a cause of rejoicing”.
tubaist: “calamity, tragedy”, or tubaiste in GCh.
tús: “beginning”. The dative is túis here (ar dtúis), possibly implying this word is feminine in the dative; GCh has ar dtús.
uachtar: “upper part, top”. See íochtar.
úil:iúl in GCh, “knowledge”. The word úmhail, “attention”, appears to have become confused with the dative of eól, producing úil. Where i n-iúl stood in the original, it has been adjusted in the editing here. Rud a chuir in úil do dhuine, “to let someone know something, to make someone realise something”.
uim: “at, about”, or um in GCh. AÓL has um in phrases such as um thráthnóna, but uim in uim an am san. As with most prepositions, the third-person singular prepositional pronoun (uime) has influenced the base form of the preposition (see also ag, ar, fé, etc). Pronounced /um, imʹ/.

Aithris ar Chríost I:X

CAIBIDEAL A DEICH.

SEACHAIN IOMAD CAINNTE.

1. Seachain callóid daoine; óir is díobhálach an rud bheith ag gabháil do ghnóthaíbh saolta, bíodh gur le híntinn mhacánta a déanfí é.

Óir is fuiriste sinn a thruailliú le baois, agus greim a bhreith orainn.

Is minic a bhíos i gcuideachtain, agus gurbh fheárr liom ná beinn, agus ag cainnt agus gurbh fheárr liom go n-éistfinn.

Cad ’na thaobh dúinn bheith chómh tugtha chun labhartha agus chun cainnte lena chéile, agus gurb annamh a thagaimíd uaidh gan aithreachas?

Tá an dúil sin sa chainnt againn mar bímíd a d’iarraidh sóláis ’ fháil óna chéile sa chómhrá. Bíonn fiche rud ag déanamh buartha dhúinn agus is maith linn ár n-aigne d’oscailt.

Is maith linn bheith ag cuímhneamh agus ag trácht ar na nithibh a thaithneann go mór linn, agus ar na nithibh a bhíonn, dar linn, ag gabháil ’nár gcoinnibh go mór.

2. Ach foríar! is minic gur baoth an gnó dhúinn sin, agus gur folamh. Mar ní róbheag an lot a dheineann an sólás daonna san, atá lasmu’ dhínn, ar shólás Dé laistigh ionainn.

Dá bhrí sin ní mór dhúinn bheith ag guí chun Dé agus ag faire, sara n-imeódh an aimsir uainn gan tairbhe.

Más maith leat labhairt, agus nách miste é, labhair chun fíoraontachta.

Drochthaithí, agus neamhshuím i leas ár n-anama, is ea fé ndeara dhúinn gan cosc a chur lenár mbéal.

San am gcéanna deineann cómhrá diaga, ar nithibh diaga, tairbhe anama, agus ní tairbhe beag é, go mór mór do dhaoine atá ar aon mheón agus ar aon aigne le chéile i láthair Dé.

Foclóirín

aithreachas: “repentance; regret”, pronounced /ahirʹəxəs/.
callóid: “wrangle, quarrel”.
cuideachta: “company, the people present”, with cuideachtain in the dative. Pronounced /ki’dʹaxtə~ki’lʹaxtə/. Note the evidence given in CFBB that whereas some Muskerry speakers used an l in the related word cuideachtanas, AÓL had a d, indicating that the best speakers kept a d here.
drochthaithí: “bad habit, bad practice”.
foríar: “alas”, or faraor in GCh. The original spelling was foraoir, but the word is transcribed as foryr in the LS version of Aithris, and it seems the pronunciation shown in CFBB—for for(u)íar, “unexpectedly, without notice” (which is probably an extended meaning of this word)—should be recommended: /fo’riər/, with both r’s broad.
gabhaim, gabháil: “to go” with many subsidiary meanings. Gabháil do, “to be occupied in”.
sara: “before; lest”, or sula in GCh.

Aithris I:IX

CAIBIDEAL A NAOI.

BHEITH ÚMHAL AGUS FÉ SMACHT.

1. Ní ana-mhór is ea bheith fé smacht; maireachtaint fé láimh uachtaráin, agus gan duine ’ bheith ar a thoil féin.

Is neamhchúntúrthaí go mór do dhuine bheith fé smacht ná daoine ’ bheith fé smacht aige.

A lán de sna daoine atá fé smacht, ní le grá do Dhia is mó atáid siad amhlaidh, ach trí éigean. Bíonn a leithéidí i bpéin, agus ag gearán gan puínn cúise. Agus ní thiocfaidh saoirse aigne chúthu go n-úmhlaíd siad iad féin ó chroí go hiomlán ar son Dé.

Rith anso agus rith ansúd; níl suaimhneas le fáil agat ach in úmhlaíocht dhílis fé smacht uachtaráin. Tá mórán meallta ó bheith ag machnamh ar áiteannaibh seochas a chéile agus ag aistriú.

2. Is fíor gur mian le gach duine beart a dhéanamh de réir a mheóin féin agus dridim leis na daoine atá ar aon aigne leis.

Ach má tá Dia ’nár bhfochair ní mór dhúinn, anois is arís, ár meón féin do scaoileadh uainn ar son tairbhe na síochána.

Cé ’tá chómh heólgaiseach san gur féidir dò gach aon rud a bheith ar eólas go hiomlán aige?

Dá bhrí sin ná bíodh iomad iontaoibhe agat as do mheón féin; ach bí ollamh le fonn chun éisteacht le meón daoine eile.

Más maith é do mheónsa, agus má dheineann tú an meón san do scaoileadh uait ar son Dé, agus meón duine eile do leanúint, beidh tairbhe mór agat as san.

3. Óir d’airíos go minic gur neamhchúntúrthaí éisteacht le cómhairle agus í ’ ghlacadh ná cómhairle ’ thabhairt.

Do thitfeadh amach, leis, go mb’fhéidir go mbeadh ceart ar gach taobh; ach cómhartha uabhair agus stailce is ea gan géilleadh do dhuine eile nuair ba cheart géilleadh dhò.

Foclóirín

aistrím, aistriú: “to move around”, pronounced /aʃtʹi’rʹiːmʹ, aʃtʹi’rʹuː/.
anso: “here”, anseo in GCh. Pronounced /ən’so/.
ansúd: “over there”, or ansiúd in GCh. Pronounced /ən’suːd/.
arís: “again”. Pronounced /i’rʹi:ʃ/.
chun: “towards”. The combined forms of this preposition are distinctive: chúm, chút, chuige, chúithi, chúinn, chúibh, chúthu. GCh has chugam, chugat, chuige, chuici, chugainn, chugaibh, chucu.
dridim, dridim: “to get close to, approach, move near”, or druidim, druidim in GCh. The spelling with a slender r is given in the original text of Aithris here.
éigean: “violence, force”. Trí éigean, “by force, through compulsion”. The dative is more commonly éigin in PUL’s works (le héigin, ar éigin), reflecting masculine and feminine variants referred to in PSD.
eólgaiseach: “knowledgeable”, or eolach in GCh.
fonn: “longing, desire”, used with chun. Pronounced /fu:n/.
gearánaim, gearán: “to complain”. Gearán is given in the LS version of Aithris as gearán, but the verbal adjective gearánta was transcribed as greánta in the LS version of PUL’s novel Séadna, and I believe this word should be pronounced /grʹɑ:nimʹ, grʹɑ:n/.
iontaoibh: “trust, reliance, confidence”, pronounced /uːn’tiːvʹ/.
mairim, maireachtaint: “to live”, or mairim, maireachtáil in GCh.
naoi: “nine”, pronounced /neː/.
neamhchúntúrthach: “safe, without risk”, or neamhchontúirteach in GCh. Neamhchúntúrthaí is given in the LS version of Aithris as nea-chúntarhy in one passage and nea-chúntúrhy in another. The original text had neamhchontabharthaighe.
ollamh:ullamh in GCh, “ready”. Pronounced /oləv/ in WM Irish, this word was given as ollamh in the original text of Aithris here.
scaoilim, scaoileadh: “to let loose, let go”. Do mheón féin do scaoileadh uait, “to yield to someone by giving up or not insisting on your own opinion on a matter”.
stailc: “sulk”. Cómhartha stailce, “a sign of stubbornness”.
uachtarán: “head, superior, director”, not necessarily the president of a nation. Fé láimh uachtaráin, “under direction”.
úmhlaím, úmhlú: “to humble (e.g. yourself); to submit, obey”. Pronounced /u:’li:mʹ, u:’lu:/.

Aithris I:VIII

CAIBIDEAL A HOCHT.

SEACHAIN IOMAD MUÍNTEARTHAIS.

1. Ná nocht t’aigne do gach éinne, ach innis do chás do dhuine atá ciallmhar agus go bhfuil eagla Dé air.

Ná bí puínn i gcómhluadar le daoinibh óga ná le daoine iasachta.

Ná bí ag plámás le daoine saibhre, agus ná bíodh dúil agat bheith i bhfochair daoine móra.

Dein cómhluadar le daoine atá úmhal, símplí, diaga, dea-bhéasach, agus dein na nithe a théann chun fíoraontachta.

Ná bí mór le haon mhnaoi, ach iarr ar Dhia mná fónta an domhain a chur ar a leas.

Ná hiarr bheith muínteartha le héinne ach le Dia agus le haingealaibh Dé, agus cimeád tu féin ó aitheantas daoine.

2. Tá orainn carthanacht a thabhairt do chách uile, ach ní rud fónta iomad muíntearthais.

Ráiníonn uaireanta go mbíonn duine taithneamhach, mar gheall ar a dhea-chlú, nuair ná bíonn aithne air, agus ansan, nuair a thagann sé i radharc daoine, ná taithneann sé le héinne.

Measaimíd uaireanta go gcuirimíd áthas ar dhaoine le bheith ’na bhfochair, agus is amhlaidh, in’ inead san, a bhímíd ag cur seirithin orthu nuair a thugaid siad fé ndeara ár mí-bhéasa.

Foclóirín

aitheantas: “acquaintance, recognition”, pronounced /ɑhəntəs/. Aitheantas daoine here appears to mean “popular recognition or acclaim”, something righteous people ought to seek to avoid.
amhlaidh: “thus”, pronounced /auligʹ/. Is amhlaidh, in inead san, “actually, instead of that”.
bean: “woman”, with mnaoi in the dative.
carthanacht: “love, charity”.
cás: “case, circumstances”. Do chás ínsint do dhuine, possibly “to pour your heart out to someone”?
fé ndeár, fé ndeara: thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in GCh. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeár also has a additional meaning, “cause, reason”. Gearóid Ó Nualláin points out in his A Key to the Exercises in Studies in Modern Irish Part I, pp3-4 that in Munster Irish it is usual to say tabhairt fé ndeara for “to notice”, but fé ndeár for “cause”, but in any case fé ndeara may also be found in the meaning of “cause” on the analogy of feárr/fearra.
míbhéas: “bad habit”, and in the plural, “bad manners”.
mór: “big, large”, pronounced /muər/. Bheith mór le duine, “to be friendly/familiar with someone”.
muínteartha: “friendly, familiar”, pronounced /miːntərhə/.
muíntearthas: “friendliness”, or muintearas in GCh.
plámás: “flattery”. Ag plámás le duine, “to flatter or soft-soap someone”.
radharc: “view, sight”, pronounced /rəirk/.
saibhir: “rich, wealthy”, with saibhre in the plural. Pronounced /sevʹirʹ, sevʹirʹi/.
taithneamhach: “pleasing, agreeable”, or taitneamhach in GCh. Pronounced /taŋʹhəvəx/.