Peadar Ua Laoghaire’s Christmas Day sermon

[Taken from PUL’s Seanmóin is Trí Fichid]

LÁ NOLLAG

Léitear an Soiscéal (Lúcás 2. c.)

A phobal,

Gan amhras do mheas an t-Impire ardchomhachtach san a bhí an uair sin ina cheann ar Impireacht na Rómha gur ag déanamh a thoile fein a bhí sé nuair a chuir sé amach an t-ordú san, ach níorbh ea. Toil Dé a bhí aige á dhéanamh. Leamhnú Dé a bhí aige á chur chun cinn, bíodh ná raibh aon phioc dá fhios aige.

Nuair a chaill ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair ceart na cine daonna chun ríochta na bhflathas, do gheall Dia dhóibh go dtiocfadh duine ar shíol na mná agus go saothródh sé an ceart san dóibh airís. D’fhan an gheallúint sin in aigne na ndaoine. Do labhair na fáidhe agus na haithreacha naofa ar an ngeallúint sin, ó am go h-am, á insint, fé mar a dh’fhoilsigh Dia dhóibh é, cathain agus canad a comhlíonfaí í. Dúradar gur san áit darbh ainm Betlehem a comhlíonfaí í, agus do thuig scoláirí na n-Iúdach go raibh an t-am ann timpal na haimsire inar cuireadh an reacht so amach. B’é toil an Impire an reacht san a chur amach an uair sin i dtreo go bhfaigheadh sé amach cad é an mhéid daoine a bhí sa tír. Ach b’ é toil Dé go gcuirfí an reacht san amach an uair sin i dtreo go dtabharfaí gach cine de chlainn Iosraeil chun a mbaile dúchais féin agus go dtabharfaí Naomh Iósaf agus an Mhaighdean Mhuire go Betlehem, go cathair Dáibhid, a mbaile dúchais, agus gurb ann a thiocfadh an Slánaitheoir ar an saol, fé mar a gealladh. Mar sin do comhlíonfaí go cruinn na targaireachtaí go léir; agus ina theannta san do thiocfadh rud eile as. Do bheadh os comhair a súl ag lucht seanchais go deo cúntas cruinn, soiléir, so-thuisceanta ar cathain agus canad a rugadh ár Slánaitheoir. Níorbh fhéidir choíche aon dul amú a bheith sa scéal. Bhí fios aimsire an reachta ag an saol mór agus a chúntas ins na leabhraibh, agus bhí an t-áireamh ins na leabhraibh le feiscint, agus ar an áireamh san bhí an dá ainm, Muire agus Iósaf, agus ní do Nasaret, a n-áit cónaithe, a bhí an dá ainm sin curtha síos, ach do Bhetlehem, a gcathair dúchais, an áit a bhí ceapaithe don tSlánaitheoir chun teacht ar an saol.

Ansan, fé mar a deir an Soiscéal, tháinig an t-am agus do rug an Mhaighdean a mac, a céadghin, agus d’fhill sí i n-éadaíbh é agus chuir sí ina luí i mainséar é, mar ní raibh aon tslí dhóibh in aon cheann des na tithibh ósta a bhí sa chathair.

Is mór an t-abhar machnaimh do Chríostaithibh atá sa méid sin cainte, a phobal Dé. An Slánaitheoir a bhí geallta don chine daonna ó thosach aimsire, an Fuasclóir ar a raibh na fáidhe go léir ag déanamh targaireachta ar feadh cheithre mhíle blian, an Rí go raibh a chomhacht agus a réim gan teora le luí go hiomlán agus go forleathan ar chomhachtaibh an tsaoil seo agus an tsaoil eile, É ag teacht ar an saol so gan gradam gan saibhreas, gan leabaidh ina luighfeadh sé ann, gan díon os cionn a chinn! Sin mistéir, a phobal. Sin rúndiamhar. Ní féidir dúinn é a thuiscint go hiomlán, ach is ceart dúinn machnamh go dlúth air agus an brí atá leis do thuiscint chomh fada agus is féidir dúinn é.

Déarfadh ciall agus tuiscint an tsaoil seo, má theastaigh ón Slánaitheoir na daoine do chomhairliú agus iad do chur ar a leas, gur mhaith an rud dó teacht ar an saol i gcruth éigin ina mbeadh urraim ag an saol dó, i gcruth éigin a bheadh uasal, creidiúnach, onóireach. Ní mar sin a tháinig sé, ach díreach sa chruth is mó a gheibheann, i gcónaí, ón saol so agus ó chairdibh an tsaoil seo, easonóir agus drochmheas agus tarcaisne. Níl aon rud is mó a gheibheann drochmheas ón saol so ná dealús. Tháinig an Slánaitheoir go fíordhealbh. In inead na huaisleachta do thóg sé an ísleacht. In inead pháláis an rí do thóg sé pluais na carraige. In inead an chliabháin óir do thóg sé mainséar an asail. Cad é an múineadh a thugann san dúinne, a phobal? Múineann sé dhúinn nách fíoruaisleacht i láthair Dé uaisleacht an tsaoil seo. Gur uaisleacht bhréagach uaisleacht an tsaoil seo. Gur saibhreas bréagach saibhreas an tsaoil seo. Gurb é an té a bhíonn íseal ar an saol so an té is dóichíde bheith uasal i láthair Dé, agus gurb é an té a thugann a chroí agus a aigne ar fad do shaibhreas agus do chreidiúint agus d’onóir an tsaoil seo, is dóichíde bheith suarach go maith i láthair Dé.

Gan amhras d’fhéadfadh duine a dhá dhóthain de shaibhreas agus de chreidiúint agus d’onóir an tsaoil seo a bheith aige gan díobháil anama dhó féin. Ach is é saghas duine é sin ná an fear ná leogfaidh don tsaibhreas ná don chreidiúint ná don onóir aon ghreim a bheith ar chroí air; an fear a thuigfidh ina aigne, coitianta, ná fuil ins na nithibh sin ach nithe a thug Dia dhó ar iasacht go ceann tamaill bhig agus nách foláir scarúint leo nuair a bheidh an tamall beag caite. Déanfaidh an duine sin úsáid mhaith den tsaibhreas an fhaid is toil le Dia é a fhágáilt ina chúram air, agus más toil le Dia é a thógáilt uaidh ní bheidh sé ag briseadh a chroí ina dhiaidh. Ní thiocfaidh an saibhreas idir é agus Dia an fhaid a bheidh sé ar an saol so, agus ní bheidh aon ní le freagairt aige ann nuair a raghaidh sé i láthair Dé ar an saol eile.

Ach ní hé gach éinne a dh’fhéadfadh saibhreas agus creidiúint agus maitheasaí eile an tsaoil seo do láimhseáil ar an gcuma san. Is amhlaidh mar atá an scéal ag ár bhformhór, is neamhchontúrtaí go mór dúinn bheith in éaghmais an tsaibhris ná é a bheith againn. Sin é an rud ba thoil lenár Slánaitheoir a chur ina luí orainn nuair a thóg sé an ísleacht in inead na huaisleachta, an stábla in inead pháláis an rí, mainséar an asail in inead an chliabháin óir.

Ach mura raibh uaisleacht an tsaoil seo ina thimpal an uair sin bhí uaisleacht nárbh í sin ina thimpal. Tháinig mórshlua aingeal as na flathais ag tabhairt onóra dhó, mar gurbh é Rí na bhflathas é. Ach cár thánadar? Ar thánadar go dtí rí na tíre, nó ag triall ar uaislibh na tíre? Níor thánadar. Bhí aoirí i gcóngar na háite agus bhíodar ag faire na hoíche ag tabhairt aire dá dtréadaibh, agus tháinig an t-aingeal agus sheasaimh sé in aice leo, agus do las solas Dé ina dtimpal, agus, ní nárbh ionadh, tháinig scanradh orthu. Ansan duairt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh,” ar seisean. “Do thánag le scéala maithe chúibh. Tá an Slánaitheoir tagaithe ar an saol chúibh, i gCathair Dáibhid, inniu, is é sin Críost an Tiarna. Agus seo comhartha dhaoibh,” ar seisean. “Gheobhaidh sibh an leanbh agus é fillte in éadach ina luí i mainséar.”

Féach isteach sa chaint sin, a Chríostaí. Scéala móra maithe. Slánaitheoir an domhain tagaithe ar an saol. É tagaithe san áit inar gealladh É a theacht, i gCathair Dáibhid, sa cathair ina raibh a fhios ag an uile dhuine de chlainn Iosraeil go raibh sé le teacht. “Agus,” arsan t-aingeal, “seo comhartha dhaoibh”——Nár dhóigh le héinne go ndéarfadh sé, “Gheobhaidh sibh an leanbh i bpálás ríoga, ina luí i gcliabhán óir”? Ní duairt, ach duairt sé, “Gheobhaidh sibh an leabh ina luí i mainséar.” Comhartha, a phobal, ar Shlánaitheoir an domhain dob ea É a bheith ina luí i mainséar asail! Duairt an t-aingeal gurbh ea. Tuigimídne an comhartha anois. Táimíd ag éisteacht riamh leis. Ach cé a fhéadfadh é a thuiscint ná é a chreidiúint an uair sin mura mbeadh go nduairt an t-aingeal é? Comhartha, an uair sin, ar Shlánaitheoir an domhain, ab ea É a bheith fíordhealbh ar an saol so. Dob ea, a Chríostaí, agus comhartha cruinn is ea riamh ó shin, agus anois, ar chairdibh an tSlánaitheora, iad a bheith dealbh, iad a bheith gan puinn de strus ná de shaibhreas an tsaoil seo. Sin ní agus ba cheart go gcuirfeadh sé sólás mór ar dhaoine bochta. Is iad daoine muinteartha an tSlánaitheora iad. Má táid siad dealbh, bhí sé fein dealbh rompu. Má tá orthu cruatan agus anró a dh’fhulang, d’fhuiling sé féin rompu cruatan agus anró a bhí níba chrua. Má cuirtear le fuacht agus le fán iad, do cuireadh an Slánaitheoir le fuacht agus le fán chomh maith leo. Níl orthu na trioblóidí agus na pionóisí a dh’fhulang ina n-aonar. Tá an duine muinteartha is fearr a bhí ag éinne riamh, an Slánaitheoir gléigeal, tá sé ag fulang gach trioblóide agus gach pionóis in éineacht leo. Is álainn agus is uasal an cuideachtanas atá acu agus iad ag gabháil trí thrioblóidíbh an tsaoil seo, agus ar neoin is álainn agus is uasal an cuideachtanas atá in áirithe dhóibh ar an saol eile, nuair a bheidh aoibhneas na bhflathas acu ar feadh na síoraíochta i bhfochair an tSlánaitheora, agus i bhfochair na Maighdine Muire, agus i bhfochair gach fíréin eile a bhí dealbh ar an saol so agus atá anois saibhir go deo i bhflathas na ngrást.

Go dtugaidh Dia dhúinn go léir caradas agus muintearthas agus cuideachtanas an tSlánaitheora ar an saol so agus ar an saol eile. Aimin, a Thiarna.

A libertarian approach to family values

We live in the era of so-called “women’s rights”. I am not sure that women’s rights could only have been interpreted in a way that has weakened the traditional family. But that is the situation that now obtains in England today. My interest lies not in opposing women’s rights, as far as the latter is a self-sustaining ideological movement and not achieved via state fiat, but rather in the traditional family, and, in particular, in the role that it has in supporting the social fabric. Continue reading

Who rules Britain?

The basic question of politics is “who does what to whom?” This was put a little more succintly in Russian by Vladimir Lenin as “kto, kogo”, “who? whom?” He was a Marxist with a fondness for class analysis of society, but that does not reduce the force of his view that the fundamental facts behind any society are who the ruling class are and who the ruled.
Continue reading