Aithris ar Chríost II:X

CAIBIDEAL A DEICH.

BAOCHAS AR DHIA MAR GHEALL AR A GHRÁSTA.

1. Is chun oibre ’ dhéanamh do rugadh thu. Cad chuige dhuit, mar sin, bheith a d’iarraidh suaimhnis?

Cuir rómhat fulag a dhéanamh níos mó ná sólás a dh’fháil. Cuir rómhat an chros a dh’iompar níos mó ná áthas a bheith ort.

Ní haon déabhóideacht duit sólás do lorg. Níl éinne de mhuíntir an tsaeil nár mhaith leis sólás agus áthas sprideálta ’ dh’fháil dá bhféadadh sé é.

Mar, is mó go mór an t-aoibhneas atá i sólás sprideálta ná mar atá in aon phléisiúr saolta, ná in aon phléisiúr a bhaineann leis an gcolainn.

Mar, is neamhní, nú is salachar, gach pléisiúr saolta. Pléisiúr sprideálta, áfach, is as na súáilcíbh a dh’fhásann sé, agus is é Dia a chuireann isteach i gcroí an duine é, agus níl aon phléisiúr eile uasal, glan, ach é.

Ní féidir d’éinne, áfach, an sólás sprideálta san ó Dhia a bheith aige i gcónaí, de réir mar is maith leis, mar ní bhíonn am an chatha i bhfad gan teacht.

2. Tá dhá ní a chuireann i gcoinnibh an tsóláis sprideálta go mór, is iad san iomad sriain dá leogaint leis an aigne, agus iomad iontaoibhe as duine féin.

Is maith a dheineann Dia é nuair a thugann Sé grásta an tsóláis don duine, ach is olc a dheineann an duine é nuair ná tugann sé baochas an tsóláis sin ar fad do Dhia, agus É ’ mholadh mar gheall air.

Sin é cúis ná féadaid tabharthaistí na ngrást rith chúinn, mar ní bhímíd baoch de Dhia mar gheall orthu, agus ní admhaímíd gur ó Dhia amháin a gheibhimíd iad.

Óir, tabharfar na grásta i gcónaí don té a bhéarfaidh baochas mar gheall orthu, agus an rud a tugtar don duine úmhal cimeádfar ó fhear an uabhair é.

3. Ní háil liom sólás a bhainfeadh díom dólás croí, agus níl lorg agam ar dhlúthmhachtnamh a tharraiceódh me chun uabhair, b’fhéidir.

Óir ní naofa gach árd; ná ní maith gach milis. Ná ní glan gach dúil; ná ní hionúin le Dia i gcónaí an ní is ionúin linne.

Is áil liom, agus glacaim, an grásta d’úmhlóidh me agus d’fhágfaidh eagla Dé orm i gcónaí, agus d’fhágfaidh me níos tugtha chun me féin do thréigean.

An té go bhfuil teagasc fálta aige ó bhronnadh na ngrást air, agus smachtú ó tharrac na ngrást uaidh, ní baol go mbeidh baochas aon mhaitheasa aige air féin. Admhóidh sé ná fuil ann féin ach duine bocht dealbh, lom.

Tabhair do Dhia an ní is le Dia, agus cimeád agat féin an ní is leat féin. ’Sé sin, tabhair baochas do Dhia mar gheall ar a ghrásta, agus tuig ná fuil agat féin ach an peaca, agus ná fuil ag dul duit ach an pionós is dual don pheaca.

4. Cuir thu féin i gcónaí san áit is ísle, agus tabharfar duit an áit is aoirde. Is le chéile a ghabhaid siad. Ní bhíonn árd gan íseal. Ní bhíonn bárr gan bun faoi. Agus is ar an mbun a sheasaíonn an bárr.

Na naoimh is aoirde os cómhair Dé is iad is ísle os cómhair a n-aigne féin. Agus dá mhéid a nglóire is ea is mó a n-úmhlaíocht. Bíd siad lán den fhírinne agus den ghlóire sprideálta, agus ansan ní bhíonn aon bheann acu ar ghlóire fholamh an tsaeil seo.

Bíd siad greamaithe go daingean ar Dhia, agus ansan ní bhíonn aon tslí ’na gcroí do mhór-is-fiú.

Agus an mhuíntir a thuigeann gur ó Dhia gach uile ní, pé tabharthas a bhíonn fálta acu ní loirgid siad glóire óna chéile mar gheall air, ach loirgid siad an ghlóire atá ó Dhia amháin. Is áil leó go molfí Dia os cionn gach uile ní, iontu féin agus in sna naoimh go léir, agus sin a mbíonn uathu choíche.

5. Bíse baoch nuair a tugtar an beagán duit, agus tuíllfir go dtabharfí an mórán duit.

Ní hea, ach glac an beagán ’na mhórán, agus glac an suarachas ’na thabharthas fé leith.

Féach chun mórgachta an tÉ a thugann duit an tabharthas, agus chífir nách tabharthas beag ná tabharthas suarach aon ní a thugann Sé dhuit. Ní beag aon ní a gheibhtear ó Dhia na glóire.

Dá mb’iad na pionóisí féin iad, a chuireann Sé orainn, is ceart dúinn bheith baoch de mar gheall orthu. Is chun leasa ár n-anama a chuireann Sé chúinn gach ní den tsórd san dá leogann Sé chúinn.

An té ’nar mian leis grásta Dé ’ chimeád, bíodh sé baoch de bhárr a bhfaigheann sé; foighneach nuair a tógtar uaidh é; ag guí go dtabharfí thar n-ais do é; úmhal, aireach, le heagla go gcaillfeadh sé é.

Foclóirín

bainim, baint: “to cut”. Baint le, “to touch, interfere with”. Pronounced /binʹimʹ, bintʹ/.

beagán: “a little”, pronounced /bʹə’gɑ:n/.

abhóideacht: “true piety, devoutness”, or deabhóideacht in GCh. Pronounced /dʹe:’vo:dʹəxt/.

faoi: “beneath it”; generally in WM Irish.

greamaithe: “fastened, attached”. Greamaithe ar Dhia, “focused on God”.

mórgacht: “magnificence, majesty”, pronounced /muərgəxt/.

pionós: “penalty, punishment”, with pionóisí in the plural, where GCh has pionóis.

suarachas: “pettiness; a trifle”.

Aithris ar Chríost II:IX

CAIBIDEAL A NAOI.

EASPA GACH SÓLÁIS.

1. Ní deocair neamhní ’ dhéanamh de shólás saolta nuair a bhíonn sólás Dé againn.

Ach is ní mór, ní ana-mhór, ana-dheocair, do dhuine sólás ó Dhia agus sólás ó dhaoine ’ bheith in easnamh in éineacht air; bheith toiltheanach, in onóir do Dhia, chun sórd díbirte croí a dh’fhulag, agus gan aon ní a dhéanamh ar son duine féin, ná cuímhneamh ar luacht saothair dhuine féin.

Cad é an iúnadh tu ’ bheith soilbhir débhóideach an fhaid a bhíonn grásta Dé ag cabhrú leat chuige? Taithneann an tráth san le gach éinne.

Tá marcaíocht shuairc ag duine an fhaid is é grásta Dé atá dhá iompar.

Agus nuair is é Dia a bhíonn ag iompar duine agus ag déanamh eólais do, cad é an iúnadh ná mothaíonn an duine sin ualach?

2. Is ana-mhaith linn abhar sóláis a bheith againn, agus is ródheocair leis an nduine é féin do chur uaidh féin.

Do rug an mairtireach naofa Labhrás bua ar an saol, agus do scar sé lena shagart naofa. Níor dhein sé ach neamhní do shólás an tsaeil, agus trína ghrá do Chríost d’fhuilig sé an t-árdshagart Sicstus do thógáilt uaidh, bíodh go raibh ana-chion aige air.

Do bhuaigh sé, lena ghrá do Chríost, ar a ghrá do dhuine. Do thoibh sé toil Dé roim shólás daonna.

Ar an gcuma gcéanna foghlaimse conas scarúint le caraid éigin dílis, tríd ghrá do Dhia.

Agus má thréigeann do chara thu ná bí róbhuartha mar gheall air sin. Caithfimíd go léir scarúint lena chéile sa deireadh.

3. Ní foláir don duine bheith ag troid ’na choinnibh féin go cruaidh, agus ar feadh mórán aimsire, sara mbeidh ’ fhios aige i gceart conas smacht a chur air féin, agus a chroí do tharrac ar fad chun Dé.

Nuair a bhíonn seasamh dhuine air féin ní deocair do sleamhnú chun sóláis daonna.

Ach an té go mbíonn an grá ceart aige do Chríost, agus an dúil cheart aige in sna súáilcíbh, ní chromann sé chun sóláis daonna ná chun aoibhnis na beatha so. Is túisce leis dea-oibreacha crua do dhéanamh, cruatain agus annró ’ dh’fhulag, le grá do Chríost.

4. Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh Dia sólás sprideálta dhuit, glac é agus bí baoch. Ach bíodh ’ fhios agat nách tusa do thuíll é, ach gur tabharthas ó Dhia é.

Ná bíodh mór-is-fiú ort mar gheall air, ná mórtais, ná uabhar. Ach úmhlaigh thu féin mar gheall air, agus tabhair breis aireachais duit féin ins gach ní dá ndéanfair. Bíodh scáth agus eagal ort, mar imeóidh an tráth san, agus tiocfaidh tráth an chatha agus an chruatain.

Nuair a tógfar uait an sólás, ná titeadh an lug ar an lag agat. Fuilig an t-easnamh go húmhal, agus fan le casadh an tsóláis ort. Tá ar chumas Dé sólás is mó ná é ’ thabhairt airís duit.

Ní chuireann rud den tsórd san aon iúnadh ar dhaoine go bhfuil taithí acu ar shlí Dé. In sna naoimh móra, agus in sna fáidhibh, sa tseanaimsir, dheineadh sólás agus dólás uanaíocht ar a chéile go minic ar an gcuma san.

5. Deireadh duine acu, nuair a bhíodh an sólás aige: Duart liom féin, i lár na flúirse a bhí agam, Ní thiocfaidh buaireamh orm choíche.

Ach nuair a tógadh uaidh an grásta do labhair sé airís: D’iompaís uaim do ghnúis, ar seisean le Dia, agus tháinig buaireamh orm.

Ach, tríd is tríd, ní théann sé in éadóchas. Is amhlaidh a ghlaonn sé níos déine ar Dhia: Ortsa, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch, adeir sé, agus chun mo Dhia is ea ’ chuirfead mo ghuí.

Fé dheireadh gheibheann sé toradh a ghuí agus ínseann sé go bhfaigheann: Tá éistithe ag Dia liom, adeir sé, agus tá trua tagaithe aige dhom. Tá an Tiarna ’na chabhair agus ’na chúnamh agam.

Conas san?―Tá mo dhólás iompaithe chun sóláis agat, adeir sé, agus tá áthas curtha im thímpall agat.

Más mar sin a bhí an scéal ag na naoimh móra ní ceart do dhaoinibh bochta mar sinne titim in éadóchas má leogtar dúinn bheith tamall díograsach agus tamall patfhuar, mar bíonn an Sprid ag teacht agus ag imeacht de réir íntinne a thoile féin. Uime sin adeir Iób naofa: Tagann Tú chuige go moch, agus trialann Tú é go hobann.

6. Cad air, dá bhrí sin, gur ceart dom mo sheasamh a bheith agam ach ar Dhia? Agus cad as gur ceart dom mo mhuinín a bheith agam ach a mórthrócaire Dé amháin agus as a ghrásta naofa?

Óir, bíodh daoine fónta im thímpall, agus bráithre débhóideacha, agus cáirde dílse, agus leabhair bheannaithe, agus scríbhinní breátha, agus cantainn aoibhinn salm, is róbheag an tairbhe dhom iad go léir nuair a bhíonn sólás na ngrást imithe uaim, agus gan fágtha agam ach mo dhealús féin.

Níl aon leigheas ag duine an uair sin ach an fhoighne, agus a thoil do chur go húmhal le toil Dé.

7. Níor casadh orm riamh fós aon duine a bhí chómh diaga, chómh débhóideach san, nár mhothaigh sé uaireanta sólás an ghrásta ag imeacht uaidh, agus maolú ag teacht ar a dhíogras.

Agus ní raibh aon naomh a fuair árdú agus soílsiú sprideálta, nár cuireadh cathanna crua air roimis sin nú ’na dhiaidh san.

Mar, an té ná fuiligeann cruatan agus trioblóid le grá do Dhia, ní thuilleann sé na nithe doimhne a bhaineann le Dia do thaispeáint do.

Is gnáth, nuair a thagann an cath, ná bíonn ann ach cómhartha ar an sólás a thagann ’na dhiaidh.

Mar, is don mhuíntir a trialtar sa chath atá an sólás geallta: Is don té a bhéarfaidh bua, ar Seisean, a thabharfad bia de chrann na beatha.

8. Tugtar, leis, sólás ó Dhia i dtreó go mbeadh an duine níos treise chun an chatha do sheasamh. Ansan tagann an cath air, i dtreó ná glacfadh sé uabhar mar gheall ar an sólás.

Níl an diabhal ’na chodladh, agus tá an cholann beó fós. Dá bhrí sin bíse ollamh i gcónaí don chath. Táid do namhaid ar do chlí agus ar do dheis, agus níl aon tsuaimhneas agat le fáil uathu.

Nóta

Naoimh móra: naoimh móra, without lenition on the adjective, is found twice here. It seems this is a case of delenition across a labial word boundary.

Foclóirín

árdú: “elevation”, but also “excitement, rapture”.

baoch: “grateful”, or buíoch in GCh. The original spelling here was buidheach, but the pronunciation in WM Irish is /be:x/.

daonna: “human”.

díograsach: “fervent, zealous”, or díograiseach in GCh.

feadh: ar feadh, “throughout, during”, pronounced /erʹ fʹag/.

flúirse: “abundance, plenty”.

mórthrócaire: “great mercy”.

sleamhnaím, sleamhnú: “to slip”. Pronounced /ʃlʹau’ni:mʹ, ʃlʹau’nu:/.

soilbhir: “pleasant, cheerful”, possibly pronounced /solʹivʹirʹ/, although the spelling suilbhir used in PUL’s Táin Bó Cuailnge (p35) may indicate that PUL had /silʹivʹirʹ/.

soílsiú: “illumination, enlightenment”.

sórd: “sort”, or sórt in GCh, pronounced /so:rd/.

tógaim, tógáilt: “to lift, build; to take”, etc, or tógaim, tógáil in GCh. A variant verbal noun tógaint is also found in PUL’s works.

toghaim, toghadh: “to choose, select”, pronounced /toumʹ, tou/. The preterite is do thoibh sé, /də hovʹ sʹe:/, but thogh sé in GCh. Brian Ó Cuív transcribed a note by PUL that accompanied his manuscript translation of the Old Testament that refers to his preferred spelling of the preterite of this word: “there is one other word and I think I must ask you to let me keep it. It is the past tense of toghaim, ‘I choose’. Do thoghas is all right, ‘I have chosen’ or ‘I did choose’. Do thoghais is all right. But for ‘he chose’ I have never heard any Irish but do thoibh sé. Tá sé toghtha = ‘It is chosen’ is quite manageable. It is easy to call it toffa. But do thoibh sé = ‘He chose’ must stand as it is or you will have nothing. I have seen it written do thogh sé. But that is not at all what is said and heard, so I find I must keep thoibh. It occurs also in the imperative toibh é = ‘choose it’” (“An t-Athair Peadar Ua Laoghaire’s translation of the Old Testament”, p645). Thogh in the original text of Aithris ar Chríost is adjusted here to thoibh.

uanaíocht: “alternation, rotation”, or uainíocht in GCh. Uanaíocht a dhéanamh ar a chéile, “to take turns, take it in turns”.

Aithris ar Chríost II: VIII

CAIBIDEAL A hOCHT.

DLÚTHMHUÍNTEARTHAS LE hÍOSA.

1. Nuair a bhíonn Íosa láithreach bíonn gach ní go maith, agus ní feictear deacracht in aon rud. Ach nuair ná bíonn Íosa láithreach bíonn gach aon rud cruaidh.

Nuair ná bíonn Íosa ag labhairt linn laistigh, ní bhíonn i sólás ach seirithean. Ach má labhrann Íosa oiread agus aon fhocal amháin, laistigh, mothaítear sólás breá.

Nár éirigh Máire Magdelén láithreach ón áit ’na raibh sí ag gol, nuair aduairt Marta léi: Tá an Máistir anso, agus tá Sé ag glaoch ort.

Is aoibhinn an tráth nuair a ghlaonn Íosa ar dhuine ó shileadh deór chun áthais sprideálta.

Nách seirgthe, tur, a bhíonn tú nuair ná bíonn Íosa agat! Nách baoth, folamh, a bhíonn tú nuair a bhíonn dúil agat i rud éigin lasmu’ d’Íosa!

Nách mó de dhonas é sin ná dá gcailltá an domhan go léir?

2. Cad é an tairbhe dhuit an domhan go léir gan Íosa ’ bheith agat?

Is ifreann bheith gan Íosa. Is flaitheas aoibhinn Íosa ’ bheith ag duine.

Má bhíonn Íosa agat ní féidir d’aon namhaid díobháil a dhéanamh duit.

An té a gheibheann Íosa, gheibheann sé saibhreas tairbheach, maitheas atá os cionn gach maitheasa.

Agus an té a chailleann Íosa cailleann sé an iomad ar fad, cailleann sé níos mó ná dá gcailleadh sé an domhan go léir.

Níl éinne chómh dealbh leis an té atá ag maireachtaint gan Íosa, agus níl aon duine chómh saibhir leis an té go bhfuil Íosa aige.

3. Eólas mór is ea ’ fhios a bheith ag duine conas cómhrá ’ dhéanamh le hÍosa; agus tá ciall ana-mhór ag an té go bhfuil ’ fhios aige conas Íosa do chimeád aige.

Bí úmhal, síochánta, agus beidh Íosa agat.

Bí débhóideach, suaimhneasach, agus fanfaidh Íosa agat.

Tá ar do chumas Íosa do dhíbirt uait go mear, agus a ghrásta do chailliúint, má iompaíonn tú chun nithe saolta.

Agus má dheineann tú É ’ dhíbirt uait agus É ’ chailliúint, cé chuige go rithfir, agus cé bheidh ’na dhuine mhuínteartha agat ansan?

Is deocair duit maireachtaint gan duine muínteartha, agus mura mbeidh Íosa ’na dhuine mhuínteartha tar chách agat, beidh tú go dólásach agus go huaigneach.

Is leamh an obair duit, dá bhrí sin, do mhuinín a bheith agat as aon duine eile, ná áthas a dh’fháil in aon duine eile.

B’fhearra dhuit go mór an saol go léir a bheith it choinnibh ná fearg do chur ar Íosa.

As a bhfuil de cháirdibh ’en tsaol agat, dá bhrí sin, bíodh Íosa, i gcónaí, ’na chara fé leith agat.

4. Bíodh grá agat dóibh go léir ar son Íosa, ach bíodh grá agat d’Íosa ar a shon féin.

Is d’Íosa Críost amháin is ceart grá fé leith a thabhairt, mar is É amháin is maith agus is dílis, tar chách eile.

Tá ceangailte ort grá ’ bheith agat do chách uile, idir charaid agus namhaid, ar son Íosa, agus in Íosa. Agus tá ceangailte ort bheith ag guí chun Íosa ar a son go léir, ionas go gcuirfidís aithne air agus go mbeadh grá acu dho.

Ná hiarr choíche moladh fé leith dhuit féin ná grá fé leith. Is do Dhia amháin is dual na nithe sin, mar níl ann ach aon Dia amháin.

Ná bíodh dúil agat go mbeadh cion rómhór ag duine eile ort. Agus ná bíodh cion rómhór agat ar éinne. Ach bíodh Íosa ionat féin agus ins gach dea-dhuine agat.

5. Bí glan, saor, id chroí agus id aigne, gan greim ag aon ní cruthaithe ort.

Ní foláir duit bheith nochtaithe, agus croí glan a bheith agat, i láthair Dé, más maith leat caoi ’ bheith agat ar a thuiscint cad é an sólás atá sa Tiarna.

Agus go deimhin ní thiocfaidh san leat choíche mura ndeinidh grásta Dé teacht ort ar dtúis agus tú ’ tharrac chun Dé; i dtreó go scaoilfá uait gach éinne eile agus go mbeithá it aonar ag Dia.

Mar nuair a thagann grásta Dé chun an duine, bíonn ar chumas an duine aon ní is maith leis a dhéanamh.

Ach nuair a dh’imíonn grásta Dé uaidh, ní bhíonn ann ach duine bocht dealbh, lag, agus gan in áirithe dho ach bualadh.

Ansan féin ní cóir do dul in éadóchas ná a mhisneach do chailliúint. Is ceart do a thoil do chur le toil Dé, agus gach ní a dh’fhulag fé mar a thiocfaidh sé, in onóir d’Íosa, mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthana; agus tagann an samhradh i ndiaidh an gheímhridh; agus an lá i ndiaidh na hoíche; agus an ciúnas i ndiaidh na gaoithe.

Foclóirín

áirithe: “allotted, reserved”. In áirithe do dhuine, “allotted, reserved in store for someone”.

aondacht: “unity”, or aontacht in GCh. PUL may prefer the spelling nd because the t in aontacht is unaspirated after n. See also similar confusions between conntae and conndae.

cách: “everyone”. Tar chách, “more than everyone else”.

cloím, cloí: “to cleave to”, with le.

daingním, daingniú: “to make fast or secure; to fix”. Pronounced /daiŋʹi’nʹi:mʹ, daiŋʹi’nʹu:/.

díomuan: “transitory, short-lived”.

díscím, dísciú: “to destroy”.

dlúthmhuíntearthas: “close intimacy”.

fearthainn: “rain”. PUL has fearthana in the genitive here, where AÓL had fearthainne.

fóirim, fóirithint: “to succour, relieve, save”, used with ar.

glaine: “purity”, pronounced /glinʹi/.

guagán: “an unsteady, capricious person”, or guaigín in GCh. Guagán gaoithe, “a fickle person”.

iomad: “much, too much; an exceedingly great amount”, pronounced /uməd/.

leómhaim: “I dare”. FGB lists a verbal noun leomhadh, but this is not attested in PUL’s works, and it seems likely a verbal noun will rarely be needed. The LS version of Aithris ar Chríost transcribes leómhfaidh as leofuig, but /lʹo:higʹ/ may be advisable here.

machnaitheach: “thoughtful, contemplative”, or machnamhach in GCh.

maíteach: “boastful”.

meirg: “rust”, pronounced /mʹerʹigʹ/.

meón: “mind, nature, character”.

mórmhaitheas: “munificience, great goodness”.

rithim, rith: “to run”. The original spelling often shows the quality of the r, with ruith in the imperative and ruithfir in the future, edited here as rith and rithfir.

scáthán: “mirror”.

sciathán: “wing”, pronounced /ʃkʹi:’hɑ:n/.

seirgthe: “shrivelled, dried up, wasted”. This is the verbal adjective formed from seargaim, seargadh, with medial palatalisation. The LS transcription shows this is pronounced /ʃerʹikʹi/. GCh has seargtha.

socracht: “ease, rest”. Pronounced /sokərəxt/.

sroisim, sroisint/sroisiúint: “to reach”, or sroichim, sroicheadh in GCh. Pronounced /sroʃimʹ, sroʃintʹ~sro’ʃu:ntʹ/.

teannta: “prop, support”.