Críost Mac Dé 10

Caibideal a Deich.

Nicodémus, Antipas, Heródias, Macheronte.

Is léir gur dhein an Slánaitheóir mórán míorúiltí i gcathair Ierúsaleim tar éis an ghnímh úd a dhein sé ar na díolthóiríbh agus ar na ceannaitheóiríbh nuair a dhíbir sé iad amach a cúirtibh an teampaill. D’iarr na Iúdaígh cómhartha údaráis air. Duairt sé leó go raibh cómhacht aige, cómhacht a chuirfeadh suas an teampall in aon trí lá amháin dá leagaidís é. Do thaispeáin sé dhóibh go raibh cómhachta móra aige, cómhachta nár iarradar in aon chor air a thaispeáint. Is léir an méid sin ón bhfocal aduairt duine acu leis go luath ’na dhiaidh san. Nicodémus ab ainm don duine sin.

Duin’ uasal creidiúnach ab ea an Nicodémus san. Fear saibhir ab ea é. Bhí sé ag féachaint ar an sciúrsáil úd a fuair na díolthóirí agus na ceannaitheóirí amach as na cúirtibh. Gan amhras bhí sé láithreach nuair a tháinig an bhuíon úd de sna huaislibh a d’iarraidh cómhartha an údaráis ar an Slánaitheóir. D’airigh sé an iarraidh agus d’airigh sé an freagra; “leagaidh ar lár an teampall so agus cuirfeadsa suas arís é in aon trí lá amháin.” Ní miste dhúinn a chreidiúint go mb’fhéidir go raibh daoine naofa éigin ag éisteacht leis an bhfocal san agus gurbh é toil an tSlánaitheóra gaoth bheag éigin do leogaint isteach ’na n-aigne den bhrí bhunaidh a bhí leis an gcainnt sin. Agus b’fhéidir go raibh daoine ag éisteacht leis an bhfocal agus, bíodh nárbh é a thoil naofa aon ghaoth den bhrí sin do leogaint chúthu, gur leog sé dhóibh a thuiscint go raibh sa chainnt brí éigin doimhinn nárbh fhéidir dóibh a thuiscint. Agus b’fhéidir go raibh Nicodémus ar dhuine acu san. Bhí sé ar dhuine de sna huaislibh ab aoirde de sna Fairisíneachaibh. Bhí sé ana-léannta, ana-thuisceanach. Duine den tSanhedrim ab ea é. B’í an tSanhedrim an chúirt ab aoirde. Ní raibh aon athghairm óna breitheannaibh.

Theastaigh ó Nicodémus teacht chun cainnte leis an bhfear san a bhí ag déanamh na míorúiltí go léir. Ní leogfadh eagla dho teacht sa lá. Tháinig sé san oíche. Ní miste dhúinn stad agus a dh’fhiafraí cad é an t-eagla ’ bhí air. Cad fé ndeár an t-eagla? Priúnsa i measc na bhFairisíneach ab ea é. Cad ’na thaobh nár tháinig sé go dána i lár an lae? Níor tháinig. Bhí an t-eagla air. Cad ’na thaobh do teacht in aon chor más ea? Sid é an freagra. Duine fónta ab ea é. Bhí grásta Dé dhá tharrac chun Íosa. Ach bhí ’ fhios aige go raibh fuath ag formhór na n-uasal eile d’Íosa. Go raibh scorn orthu é ’ dh’admháil mar gheall ar gan é ’ bheith ’na rí uasal mar ba cheart an Messiah ’ bheith, dar leó. Bhí eagla air teacht chun cainnte le hÍosa i lár an lae, os cómhair na poiblíochta, sara mbeadh na huaisle eile ag magadh fé.

Tháinig sé san oíche chun an tí ’na raibh an Slánaitheóir ’na chónaí. Bhí grásta an tSlánaitheóra dhá tharrac chun an tí agus bhí an t-eagla roimis an magadh dhá tharrac siar. Ach bhí an oíche dorcha. Bíd na oícheanta ana-dhorcha san áit sin uaireanta. Níor bhaol go bhfeicfí é. Níor bhaol do an magadh agus tháinig sé. Níor mhór do, chómh luath agus ’ tháinig sé, a dh’ínsint cad a thug sé. Níor mhór do a ghnó a dh’ínsint. Gan amhras do thrácht sé ar dtúis ar chuid de sna míorúiltíbh a bhí ag an Slánaitheóir á dhéanamh coitianta an uair sin. Míorúiltí uathásacha ab ea iad. Thugadh sé radharc do sna dallaibh chómh tiubh agus d’iarraidís air é. Do leighiseadh sé na lobhair. Thugadh sé éisteacht do dhaoinibh a bhíodh chómh bodhar leis an gcloich. Na daoine go mbíodh na deamhain i seilbh iontu do díbreadh sé na deamhain astu, gan aon trioblóid ach le gníomh a thoile naofa. Na daoine a bhíodh marbh deireadh sé leó éirí agus d’éirídís, gan aon ríghneas, gan aon chruatan saothair, ach láithreach, le fuaim an fhocail, le gníomh a thoile naofa. Ag déanamh na míorúiltí sin do, bhí sé coitianta ag trácht leó ar an ní ar a dtugadh sé “Ríocht Dé.”

Gan amhras, nuair a bhí Nicodémus ag cainnt leis do thrácht sé ar na míorúiltíbh sin go léir agus dhein sé iúnadh dhíobh, mar bhíodar iúntach éagsamhlach thar aon ní dá bhfeacthas riamh san áit sin ná in aon áit eile. Bhí Nicodémus léannta. Bhí eólas aige ar sheanchas na tíre sin na nIúdach agus ar sheanchas na dtíortha eile go léir mórthímpall, agus pé faid siar a ragadh sé in sna haimsiribh ársa ní fhéadfadh sé aon tuarascbháil a dh’fheiscint ar aon ghníomharthaibh de shaghas na míorúiltí sin a bhí ag Íosa Críost á dhéanamh i gcathair Ierúsaleim an uair sin.

Tar éis na cainnte sin, nú tar éis mórán cainnte eile, b’fhéidir, dá sórt, tháinig sé chun an scéil a bhí ag déanamh buartha dho. Bhí sé ag éisteacht go minic, gan amhras, leis an Slánaitheóir ag trácht, tar éis míorúilt mhór éigin a bheith déanta aige, ar “Ríocht Dé,” agus ag trácht ar an aithghiniúint nárbh fholáir a dhéanamh ar an nduine sara bhféadfadh sé “Ríocht Dé” a dh’fheiscint. Mara raibh Nicodémus ag éisteacht le cainnt den tsórd san ón Slánaitheóir bhí daoine eile ag éisteacht leis an gcainnt agus d’ínseadar an chainnt do. Pé’r domhan é bhí an chainnt ag déanamh buartha dho agus cheap sé ’ fhios a dh’fháil ón Slánaitheóir féinig cad é an brí a bhí leis an gcainnt. Nuair a tháinig an t-am chuige duairt sé an focal so:—

“A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia tháinís-se chúinn chun bheith id oide againn agus chun fírinní ‘Ríochta Dé’ do theasgasc dúinn. Ní fhéadfadh aon duine na míorúiltí sin a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia ’ bheith leis agus cómhacht ó Dhia ’ bheith aige. Tá san deimhnitheach. Ba mhaith liom, a Rabbí, led thoil go neósfá dhom cad ’tá ag duine le déanamh chun go gcuirfeadh sé ‘Ríocht Dé’ in áirithe dho féin. Tá an chómhacht agat agus is cómhacht ó Dhia í. Ó thug Dia dhuit an chómhacht thug sé dhuit, gan amhras, cumas ar an bhfírinne ’ dh’ínsint dúinn i dtaobh cad ’tá le deanamh againn chun Ríochta Dé ’ dh’fháil.”

Ar chainnt den tsórd san is ea ’ thug an Slánaitheóir an freagra, “Chun Ríochta Dé ’ dh’fháil ní foláir aithghinúint a dhéanamh ar an nduine.”

Gan amhras, nuair ’ airigh Nicodémus an focal “aithghinúint” do leath a shúile air. Ansan do chuir an Slánaitheóir an deimhniú ar an bhfocal, agus duairt sé:— “Go deimhin deimhin adeirim leat mara mbéarfar an duine an tarna huair ní féidir do Ríocht Dé a dh’fheiscint!” Ansan duairt Nicodémus, “Conas ab fhéidir go mbéarfí duine agus é ’na sheanduine! An amhlaidh ’ fhéadfadh sé dul isteach arís i mbroínn a mháthar agus teacht ar an saol an tarna huair!”

Ansan b’é toil an tSlánaitheóra an chainnt d’athrú beagán do Nicodémus. Le ceart níor ghá an chainnt d’athrú mar b’fhuiriste d’éinne a thuiscint, agus ba rófhuiriste do Nicodémus a thuiscint, nách ag trácht ar dhuine do dhul isteach arís i mbroínn a mháthar a bhí an Slánaitheóir; go raibh sé ag trácht, i gcéill dhiamhar, fhigiúrtha, ar aithghiniúint éigin sprideálta. Fear léannta ab ea Nicodémus. Bhí ’ fhios aige go maith nách ar ghiniúint fola agus feóla do labhair an Slánaitheóir. Ach bhí mianach an Iúdaigh ann, agus bíodh nár dhrochdhuine é, níor fhéad sé gan an drochmhúineadh do leogaint amach. Ach bhí an Slánaitheóir trócaireach. Níor chuir sé suím sa drochmhúineadh. D’athraigh sé an chainnt agus duairt sé:— “Go deimhin deimhin adeirim leat, mara n-aithghintear duine ó uisce agus ón Sprid Naomh ní féidir é ’ dhul isteach i Ríocht Dé. An ní a gintear ón bhfeól is feóil é, agus an ní a gintear ón Sprid is sprid é. Ná dein iúnadh dhe go nduairt leat; Ní foláir go mbéarfar sibh an tarna huair. Gluaiseann an Sprid pé treó is áil leis. Cloiseann tú a ghuth ach ní heól duit cá dtagann sé ná cá ngabhann sé. Sin mar atá ag gach duine a gintear ón Sprid.”

Ba cheart do Nicodémus bheith sásta leis an méid sin. Do míníodh go soiléir do an chiall sprideálta ’nar ghlac an Slánaitheóir an focal “gintear.” Ní raibh sé sásta. Ní hea ach níor chreid sé an chainnt sa chéill sprideálta. Do thuíll sé focal cruaidh do féin leis an ndíchreideamh san. “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar seisean, díreach mar aduairt Sacarias leis an aingeal Gabriél. Níor chreid sé go bhféadfadh “na nithe sin ’ bheith amhlaidh” nuair nár fhéad sé a thuiscint conas ’ fhéadfaidís bheith amhlaidh. Ansan fuair sé an focal cruaidh a thuíll sé. Deir Eóin sa tSoíscéal: Duairt Íosa leis dhá fhreagradh. “Is oide in Israél tusa agus ní heól duit na nithe sin!” ’Sé sin le rá, éinne go mbeadh an t-eólas ceart aige do thuigfeadh sé conas mar a taispeánadh roim ré, sa Tumna Sean, i bhfigiúiríbh, nithe a bhí le teacht dáiríribh sa Tumna Nua.

Ansan, bíodh go nduairt an Slánaitheóir an focal cruaidh do lean sé ag tabhairt an teagaisc do Nicodémus. “Go deimhin deimhin adeirim leat,” ar seisean, “an ní atá ar eólas againn is é adeirimíd, agus an ní a chonacamair is air a dheinimíd fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise. Má ínseas nithe saolta dhíbh agus ná creideann sibh me, conas a chreidfidh sibh me má ínsim nithe neamhaí dhíbh? Agus níor chuaigh éinne suas ar neamh ach an t-é a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá ar neamh. Agus fé mar a dhein Maois an t-athair nímhe do chur in áirde sa bhfásach, sin mar a caithfar Mac an Duine do chur in áirde; i dtreó, gach duine a chreidfidh ann ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoraí aige.”

Déarfadh duine áirithe gur ar an ngaoith a labhair an Slánaitheóir nuair aduairt sé:— “Gluaiseann an Sprid pé treó is áil leis,” óir is ionann “spiritus” agus “gaoth” agus is ionann an focal Gréigise “pneúma,” agus “gaoth”, Ach measaim gur cruinne breithiúntas na ndaoine adeir gur ar an Sprid Naomh a bhí an Slánaitheóir ag trácht. Bhí sé díreach tar éis a mhíniú do Nicodémus gur ó uisce agus ón Sprid Naomh a bheadh an aithghinúint ar ar thrácht sé. Ansan do thrácht sé dho ar conas a dh’oibríonn an Sprid Naomh a ghrásta i gcoínsias an duine. Tugann an Sprid Naomh a chogar do choínsias an duine nuair ná bíonn coinne leis. Ní bhíonn ’ fhios ag an nduine “cá dtáinig an cogar ná cá ngabhann sé,” bíodh go gcloiseann an duine an cogar. Agus bíodh ná bíonn ann ach cogar ana-chiúin, ana-réidh, cuireann an cogar san scannradh i gcroí an duine uaireanta. Is féidir don Sprid Naomh obair a dhéanamh ná féadfadh fuil agus feóil a dhéanamh in aon chor. Dá bhrí sin níor ghá do Nicodémus aon iúnadh ’ bheith air mar gheall ar an aithghiniúint; tá ar chumas an Sprid Naoimh aithghiniúint a dhéanamh ar an nduine agus an aithghiniúint sin a bheith níos iúntaí inti féin, agus níos cómhachtaí, ná aon rud i bhfuirm na haithghiniúna ar ar chuímhnigh Nicodémus.

Do chas an Slánaitheóir easpa eólais le Nicodémus. “Oide in Israél is ea thusa agus gan eólas ar na nithibh seo agat!” Cad iad na nithe? Conas mar a thugann an Sprid Naomh a chogar do choínsias an duine. Bhíodh na Iúdaígh i gcónaí ag scrúdú na Scríbhinne Diaga. Tá an Bíobla Sean lán suas den chogarnach san an Sprid Naoimh. Cad ’tá i sailmibh Dháibhid ar fad ach an chogarnach san! Bhí an Bíobla Sean de ghlanmheabhair ag na Fairisínigh. Fairisíneach ab ea Nicodémus; b’olc uaidh, dá bhrí sin, gan an focal úd i dtaobh cogarnaí an Sprid Naoimh a thuiscint.

Bhí eólas maith ag Nicodémus ar an rud úd aduairt Dia le Maois a dhéanamh i dtaobh na n-athrach nímhe. Bhí an scéal go léir de ghlanmheabhair aige. Conas mar a bhí na Iúdaígh amu’ sa ghainmheach uaigneach thirim agus iad buailte amach le tuirse, agus an brothall agus an tart dhá marú, agus conas mar a thosnaíodar ar ghearán i gcoinnibh Mhaoise agus i gcoinnibh an Tiarna Dhia, mar gheall ar iad a thabhairt amach riamh as an Éigipt, mar a raibh na corcáin feóla acu, a ndóthain le n-ithe acu pé trioblóidí eile a bhí orthu. Bhí ’ fhios aige conas mar a chuir an Tiarna na piastaí maraitheacha chúthu, na haithreacha nímhe. Bhí na piastaí nímhe sin dhá marú. Nuair a bheireadh piast acu san ar dhuine théadh an nimh ó fhiacal na péiste isteach i bhfuil an duine agus gheibheadh an duine bás. Nuair a bhí roinnt acu marbh do screadadar ar Mhaois dhá iarraidh air a ghuí ’ chur suas chun an Tiarna agus a iarraidh air maitheamh dóibh agus na piastaí nímhe do thógaint uathu. Duairt an Tiarna le Maois piast phráis a dhéanamh agus an phiast phráis do chur in áirde ar rud éigin i dtreó go bhféadfadh gach éinne í ’ dh’fheiscint. Ansan, gach éinne go gcuirfeadh piast nímhe fiacal ann ná raibh aige le déanamh ach féachaint ar an bpéist phráis agus go leighisfí é. Do dhein Maois an ní sin. Do cuireadh an phiast phráis in áirde ar rud éigin agus ansan, nuair a bheireadh piast nímhe ar dhuine d’fhéachadh an duine uaidh ar an bpéist phráis agus do leighistí an chneadh láithreach.

Bhí an scéal san de ghlanmheabhair ag gach aon Iúdach. Do cimeádadh an phaist phráis sin ar feadh i bhfad tar éis na n-Israélíteach a theacht isteach sa talamh naofa.

Samhaltas ab ea an phiast phráis sin ar á Slánaitheóir. Do cuireadh an phiast phráis in áirde, amu’ san uaigneas, fé mar a cuireadh ár Slánaitheóir in áirde ar chrann na cruise. Ní raibh aon nimh sa phéist phráis, ach do leighiseadh ón nimh an duine a dh’fhéach uirthi. Ar an gcuma gcéanna, ní raibh aon pheaca ar an Slánaitheóir, ach do leighis sé an chine daonna ón bpeaca. D’fhéach an duine an uair úd ar an bpéist phráis agus do leighiseadh é ó nimh na péiste. Féachann an Críostaí anois, le creideamh, agus le haithrí, ar íomhá Chríost ar an gcruis, agus leighistear an Críostaí sin, nuair a tugtar an aspalóid do, ó nimh an pheaca.

Bhí scéal na péiste práis de ghlanmheabhair ag an scoláirthe uasal san Nicodémus, ach measaim go raibh roinnt iúnadh air, agus roinnt uatháis, nuair ’ airigh sé an focal: “Mar a dhein Maois an t-athair nímhe do chur in áirde sa bhfásach, sin mar a caithfar Mac an Duine do chur in áirde.” Níor labhair sé aon fhocal eile. D’éist sé go ciúin leis an gcuid eile den chainnt aduairt an Slánaitheóir an uair sin: “Do ghráigh Dia an domhan (.i. an chine daonna) chómh mór san gur thug sé uaidh a Aon-Mhac Féin, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoraí aige.”

Níor labhair Nicodémus a thuilleadh. Bhí a dhóthain mór le déanamh ag á aigne, agus é ag éisteacht leis an gcainnt agus a aigne ag breithniú ar an gcosmhalacht iúntach a bhí idir an bpéist phráis in áirde ansúd sa bhfásach agus an tslí ’na raibh “Mac an Duine le cur in áirde” chun na ndaoine do shaoradh ó nimh an pheaca. B’fhéidir nár thuig sé an scéal i gceart. Ach b’fhéidir, áfach, gur thug an tÉ a bhí ag rá na cainnte solas do chun na cainnte do thuiscint. Níl aon fhocal den chainnt aduairt an Slánaitheóir an uair sin ná fuil abhar machnaimh ann do dhuine, i gcaitheamh a shaeil go léir dá maireadh sé míle blian. Do chuir Eóin Soíscéalaí an chainnt síos ’na leabhar dúinn agus níl bac orainn bheith dhá lé’ agus ag machnamh uirthi i gcónaí.

Bhí an chainnt sin déanta ag an Slánaitheóir le Nicodémus agus bhí na míorúiltí móra déanta aige i gcathair Ierúsaleim, na míorúiltí ar ar thrácht Nicodémus nuair aduairt sé: “Ní fhéadfadh éinne na nithe seo a dheineann tusa a dhéanamh gan Dia ’ bheith leis.” Bhí na míorúiltí sin déanta aige. Bhí muíntir Ierúsaleim ag féachaint air dhá ndéanamh. Níor chuireadar aon chor díobh chun é ’ ghlacadh, ná chun bheith ’na ndeisceabalaibh aige. Do lean a dheisceabail féin é aduaidh ó Ghaililí. Bhíodar san, leis, ag féachaint ar na míorúiltíbh a dhein sé i gcathair Ierúsaleim. Ní deirtear go dtáinig éinne de mhuíntir Ierúsaleim ’na dteannta mar dheisceabal. B’fhéidir go raibh eagla orthu “go gcáinfí iad.”

D’imigh sé féin agus na deisceabail a tháinig ó Ghaililí in éineacht leis agus thugadar aghaidh ó dheas ar thír Iúdéa. Talamh árd, garbh is ea talamh Iúdéa, lán de chnucaibh agus de ghleanntaibh, agus sruthána uisce ag rith trí sna gleanntaibh. De réir na gcúntaisí atá againn thug Íosa roinnt mhaith de bhliain i dtír Iúdéa an uair sin agus bhí sé ag baisteadh na ndaoine. Ní hé féin, áfach, a dheineadh an baiste. Thugadh sé údarás dá dheisceabalaibh chun é ’ dhéanamh. Fuair sé roinnt deisceabal i measc na gcnuc. Fuair sé aon deisceabal amháin sa chúinne thoir theas den tír sin, sa bhaile bheag ar a dtugtí Ceriot. Iúdás ab ainm don deisceabal san, agus Iúdás Isceriot a tugtí air, nú Iscariot; ní gá a dh’ínsint cérbh é sin, .i. an fear a dhíol é.

Bhí Eóin Baiste, i gcaitheamh na haimsire céanna san ag déanamh a bhaiste féinig, an baiste chun aithrí, lastuaidh san áit ar a dtugtí Sicem. Bhí an aimsir róthirim agus le neart an bhrothaill do thráigh an t-uisce san abhainn agus ní raibh déanamh an bhaiste róshaoráideach ann, mar is le duine ’ thumadh san uisce a deintí an baiste. Bhí fíoruisce go líonmhar mórthímpall ar Shicem agus is san áit sin a bhí Eóin ag baisteadh na ndaoine. Tráth éigin an fhaid a bhí san amhlaidh do thárla gur éirigh aighneas idir Iúdach éigin agus cuid de dheisceabalaibh Eóin. Dheallródh an scéal go nduairt an Iúdach gurbh fhearr baiste Chríost ná baiste Eóin agus dá chómhartha san féin go raibh an saol mór ag dul ag triall ar Chríost chun an bhaiste do ghlacadh uaidh. Bhí ’ fhios ag deisceabail Eóin gurbh fhíor an méid sin den scéal ar aon chuma, .i. go raibh na daoine go léir ag tabhairt aghaidh ar Chríost chun an bhaiste do ghlacadh uaidh. Dar leó, ní raibh san ceart. An máistir a bhí acu féin is é a thosnaigh ar dtúis ar na daoine do bhaisteadh chun aithrí. Na daoine a bhí ’na ndeisceabalaibh aige ó thosach níor cheart dóibh bheith ag imeacht uaidh agus ag dul i ndiaidh duine nár thosnaigh ar an mbaiste ’ dhéanamh go dtí le deiriní. Bhí fearg orthu. Bhí éad orthu. Thánadar i láthair Eóin agus ghearánadar na deisceabail sin a bhí ag imeacht uaidh. Chuireadar a ngearán isteach leis, ar an té a bhí dhá mbreith uaidh. Níor chóir bheith cruaidh orthu. Ní raibh aithne an uair sin acu ar an tÉ sin a bhí ag tarrac na ndeisceabal chuige féin. Do labhradar le hEóin:— “A Rabbí,” ar siad leis, “an té úd a bhí id fhochairse lastall den Iórdan agus gur dheinis an fhianaise dho, féach tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.”

Gan amhras ó bhí an fhearg orthu is dócha go ndúradar mórán eile, ach níor chuir an Soíscéalaí síos ach an méid sin. Do thuig Eóin Baiste go maith cad a bhí orthu; go raibh fearg agus éad orthu. Do labhair sé leó go cneasta agus d’innis sé an fhírinne dhóibh. “Is fínnithe dhómhsa sibhse féin,” ar seisean, “go nduart, ‘Ní mise Críost, ach is amhlaidh a cuireadh mise roime Chríost amach,’” ’sé sin chun a dh’fhógairt don domhan go raibh Críost ag teacht agus chun a rá leis na daoine iad féin d’ollmhú i gcómhair Chríost.

Ansan do labhair sé leó cainnt ana-dhoimhinn ana-dhiamhar, i dtaobh “Céile” agus i dtaobh “banchéile,” agus i dtaobh “Cara” an Chéile, cainnt a bhain le Críost Mac Dé, agus leis an eaglais a bhí le teacht, agus le hEóin Baiste féinig. Bhí a dheisceabail ag éisteacht lena chainnt. Mheasadar go mbeadh fearg air nuair a neósfaidís do go raibh an tÉ eile úd ag baisteadh daoine, leis, agus go raibh an saol mór ag imeacht ag triall air. Níor thuigeadar an chainnt dhoimhinn dhiamhar a labhair sé, ach do thuigeadar go maith go raibh árdáthas air, in inead na feirge do cheapadar a bheadh air. Ansan, nuair aduairt sé an focal “Méadú is dual do súd. Laíodú is ea is dual dómhsa” chuaigh an scéal in aimhréidh orthu ar fad. Chuir sé scannradh orthu, áfach, nuair aduairt sé, “Tá grá ag an Athair don Mhac agus tá gach ní tabhartha isteach ’na láimh aige dho. An té, áfach, a dhiúltaíonn do chreidiúint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.”

Ba dheas a bhí an scéal ansan ag lucht an éada! Ní ínseann an Soíscéalaí cad a dheineadar ná cad ’ dúradar, ach is dócha gur innis Eóin dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh i dtreó ná beadh “fearg Dé socair orthu,” agus is dócha gur dheineadar é.

Do thárla, tímpall na haimsire sin gur chuaigh Eóin Baiste ó thuaidh fan abhann Iórdain agus isteach i dtír Ghaililí. Bhí an uair sin ’na thetrarc ar Ghaililí, mac do Héród Mhór, agus Antipas ab ainm do. Do phós an tAntipas san, ar dtúis, iníon don rí Arétas, rí Phetra, in Arábia. Bhí mac eile ag Héród Mór agus Aristobulus ab ainm do, agus Mariamne ab ainm do mháthair an Aristobuluis sin, agus bhí iníon ag an Aristobulus san agus Heródias ab ainm di. Bhí mac eile ag Héród Mór agus Pilib ab ainm do. Do phós an Pilib sin Heródias, iníon a dhriothár. Bean bhreá ab ea Heródias. Bhí sí go hálainn agus go holc. D’imigh sí óna fear, ó Philib, agus chuaigh sí agus chónaigh sí, ’na leannán, ag Antipas. Ansan do dhíbir Antipas a bhean féinig, iníon Arétais, ar son Heródiais. Bhí iníon ag Heródias le Pilib sara dtáinig sé ag triall ar Antipas, agus Salóme ab ainm di.

Gnó gránna, náireach, scannalach, os cómhair na dútha, ab ea an gnó san go léir. Chómh luath agus ’ tháinig Eóin Baiste isteach i nGaililí do hínseadh an scéal go léir do. Chómh luath agus d’airigh sé an scéal do labhair sé agus ní go réidh ná go leathbhalbh a labhair sé. Duairt sé le hAntipas go raibh sé i gcoinnibh dlí Dé dho bean a dhriothár a bheith aige. Deir cuid de lucht an tseanchais gurb amhlaidh a tháinig scannradh ar Antipas nuair a fuair sé go raibh fearg ar mhuíntir Ghaililí go léir mar gheall ar an ndrochbheart a bhí déanta aige, agus gur tháinig sé ag triall ar Eóin chun dul ó fheirg na ndaoine. B’fhéidir go raibh an fhearg san orthu. Bhí ’ fhios acu go maith ná leogfadh Arétas in aisce le hAntipas an easonóir a thug sé dá inín. Agus bhí ’ fhios acu gur orthu féin a luífeadh díbheirg Arétais. B’fhéidir gur thuig Antipas dá dtagadh Arétas agus mórshlua aige go gcuirfeadh an fhearg a bhí orthu ’ fhéachaint ar mhuíntir Ghaililí páirt a ghabháil le hArétas agus leis an mbannrín. Do chuirfeadh san ’ fhéachaint air dul agus cómhairle ’ dh’iarraidh ar Eóin Baiste.

Deir tuilleadh de lucht an tseanchais nár fhan Eóin Baislte le Antipas do dhul ag triall air, ach go dtáinig sé féinig go dtí an tigh ag triall ar Antipas agus go nduairt sé leis suas lena bhéal, go gcaithfeadh sé Heródias do chur uaidh abhaile chun a fir féinig nú go dtiocfadh fearg Dé air agus go ndéanfadh fearg Dé díoltas poiblí air mar gheall ar an scannal poiblí. Níor ghnáth le hEóin Baiste labhairt go réidh nuair a bhíodh íde nú aghaidh bhéil aige le tabhairt ar dhrochghníomharthaibh nú ar lucht na ndrochghníomh a dhéanamh. Duairt sé go daingean le hAntipas go gcaithfeadh sé Heródias do chur uaidh. Do ghlac Antipas go réidh é. Bhí Heródias ag éisteacht leis. Mara raibh sí láithreach os cómhair a shúl bhí sí i bhfolach ag faire féachaint cad ’ déarfadh sé. Gan amhras bhí sí ar buile. Bhí sí sin ’na namhaid mharaitheach ag Eóin Baiste as san amach. Bhí namhaid nárbh í ag Eóin Baiste leis, lán cathrach díobh. Bhí an Sanhedrim go léir ’na namhdaibh aige. Níorbh fhada gur thug Heródias cúntas cruínn dóibh ar an aghaidh bhéil a thug Eóin ar Antipas. Do thuig uaisle an tSanhedrim , an rud nár fhéadadar féin a dhéanamh nuair a chuadar ag triall air go bruach abhann Iórdain agus nuair a thug sé “síolrach athrach nímhe” orthu, go mb’fhéidir go bhféadfaidís é ’ dhéanamh trí Antipas agus trí Heródias. Do cuireadh an t-uisce-fé-thalamh ar bun. Níorbh fhéidir baint le hEóin Baiste an fhaid a bheadh na daoine go léir ’na thímpall. Do faireadh uain agus aimsir. Do fuaradh an chaoi. Do rugadh ar Eóin Baiste agus do cuireadh isteach i bpríosún é.

Ínseann Ióséphus cad é an saghas an príosún. Carcair dhaingean ar bhárr cnucáin ar bruach na mara mairbhe ab ea an charcair. Carraig árd ab ea an cnucán, agus carraigreacha móra garbha mórthímpall air agus na carraigreacha san lán de phollaibh agus de phluaiseannaibh móra doimhne, i dtreó nárbh fhéidir dul i ngaire an phríosúin ar aon taobh ach amháin díreach mar a raibh an cosán isteach chuige. Agus an cosán san caol agus é cosanta go maith. An Macheronte an ainm a bhí ar an ndaingean san. Bhí tigh cónaithe air leis, in aice an phríosúin. Do chaitheadh Antipas féinig tamall ’na chónaí sa daingean uaireanta. Agus bhí cead ag Eóin labhairt lena dheisceabalaibh nuair ba mhaith leó dul chun cainnte leis. Thagadh Antipas go dtí an áit chómh maith leis na deisceabail, agus dheineadh sé a lán cainnte le hEóin. Bhí ’ fhios aige gur dhuine naofa é agus gur ar son an chirt agus ar son na fírinne do labhradh sé, agus ná raibh aon bheann aige ar shaibhreas ná ar mhaitheasaíbh saolta. D’éisteadh sé lena chainnt agus uaireanta do thuigeadh sé gur mhaith í a chómhairle agus do ghlacadh sé an chómhairle agus dheineadh sé beart dá réir. Thug Heródias fé ndeara go raibh san amhlaidh. Do buaileadh isteach ’na haigne ná stadfadh an cómhairliú eatarthu go dtí go gcuirfeadh Eóin ’ fhéachaint ar Antipas í ’ dhíbirt. Bhíodh sí ag déanamh gach aon díchill chun Eóin do chur chun báis. Deir cuid den lucht seanchais go raibh Antipas dhá chosaint uirthi, “go raibh sé dhá chimeád,” an focal atá ag Marcus, vi. 20.

B’fhéidir go raibh Antipas dhá chosaint ar Heródias, ach más ea bhí dhá chúis aige leis an gcosaint. Duine naofa ab ea Eóin agus dá olcas é Antipas bhí an t-eagla dhá chosc ar aon dochar a dhéanamh don duine naofa. Bhí cúis eile aige i dteannta na cúise sin chun gan baint le hEóin. Bhí eagla na ndaoine air. Bhí an urraim rómhór ag na daoine d’Eóin agus bhí eagla ar Antipas, dá dtugadh sé aon anchor d’Eóin go n-éireódh na daoine ’na choinnibh. Dá n-éiríodh na daoine ’na choinnibh b’fhéidir go ndéanfadh na Rómhánaigh an rud a dheineadar le Héród eile tamall roimis sin, nuair a phós Archelaus bean a dhriothár, an rud céanna díreach a bhí déanta an uair sin ag Antipas.

Foclóirín

abhar: ábhar in the CO. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Abhar machnaimh, “food for thought, cause/material for reflection”.
aghaidh bhéil: “a scolding”.
aimhréidh: “entanglement”, pronounced /əi’rʹe:gʹ/. Dul in amhréidh, “to get tangled, confused”.
aithghinin, aithghinúint: “to regenerate; regeneration, rebirth”, pronounced /a-‘jinʹimʹ, a-ji’nʹu:ntʹ/.
anchor: “ill-treatment”, pronounced /’ɑn’xor/.
Arétas: Aretas IV Philopatris, king of the Nabataeans. His daughter, Phasaelis, was the first wife of Herod Antipas.
Aristobulus IV: Aristobulus IV, a Judaean prince, son of Herod the Great and Mariamne and father of Herodias. He was strangled in 7 BC by his father on suspicion of treason.
ársa: “ancient”.
aspalóid: “absolution”.
athghairm: “recall, repeal”. This word is clearly used in the sense of “appeal against a judgment/verdict” here. Achomharc is the word used in the CO in this meaning.4
banchéile: “wife, bride”.
cáinim, cáineadh: “to condemn, disparage”.
carcair: “prison, jail”.
Ceriot: Kerioth, a town in Judaea that Judas Iscariot may have come from.
cneadh: “wound”, or cneá in the CO. Possibly pronounced /knʹah/ with a short vowel.
cogarnach: “act of whispering”. It is worth pointing out that these feminine verbal nouns in -ach all decline the dative when used with ag (ag cogarnaigh), but do not decline the dative in PUL’s works when used as ordinary nouns (den chogarnach).
coínsias: “conscience”, pronounced /ki:nʃəs/.
dáiríríbh: “actually, really”, or dáiríre in the CO. Teacht dáiríribh, “to come true”, is not given in dictionaries and may reflect English influence.
deiriní: “lateness”, or deireanaí in the CO. Le deiriní, “recently”.
diamhar: “mysterious, mystic”, or diamhair in the CO. PUL regularly writes this adjective with a broad r, although IWM would point to a slender r.
díchreideamh: “unbelief”.
díolthóir: “seller, vendor”, or díoltóir in the CO. The original text has a lenited t, which is preserved in the editing here, showing the pronunciation, /dʹi:l’ho:rʹ/.
éagsamhlach: “extraordinary, uncommon”, or éagsúlach in the CO. Pronounced /iag’sauləx/.
faid: “length”, or fad in the CO. Pé faid siar a raghadh sé, “whoever far he went back”.
fiacal: “tooth”, or fiacail in the CO, which uses the dative.
figiúrtha: “figurative”, or fíortha in the CO. As the traditional spelling was fíoghartha, PUL’s form seems influenced by English.
gainmheach: this word is normally an adjective, “sandy”, but appears to be used as a noun here, possibly meaning “sandy desert”.
gaoth: “wind”, but also “glimpse, hint”. Gaoth bheag, “a little inkling”.
ginim, giniúint: “to give birth to, beget”. More research required on the pronunciation: the original spelling was gein-, and the Letiriú Shímplí edition of PUL’s An Teagasg Críostaidhe transcribes geineadh as geneag, implying the first vowel is an e.
gráim, grá: “to love”. The finite verb is rarely used, but is found here, in a quotation from the New Testament, possibly because PUL wanted to mirror the Greek original closely.
íde: “abuse”, including verbal abuse.
Ióséphus: Titus Flavius Josephus, a first-century Jewish historian whose works provide some historical background for the events recounted in the Gospels.
Iúdás Isceriot/Iscariot: Judas Iscariot, the disciple who betrayed Jesus. One theory is that he was called Iscariot because he came from the town of Kerioth.
leannán: “lover, concubine, paramour”.
leathbhalbh: possibly “restrained” here.
léim, lé’: “to read”, or léim, léamh in the CO. The verbal noun was historically léigheadh.
lobhar: “leper”, pronounced /lour/.
Macheronte (an Macheronte): the fortress of Machaerus or Macheronte, to the east side of the Dead Sea, where the historian Josephus located the imprisonment and death of John the Baptist.
Marcus: St. Mark the Evangelist.
mianach: “material, quality, calibre”. Used to refer to someone’s character in a similar way to the English word “breeding”. Mianach an Iúdaigh, “the character (especially bad character traits)/the characteristics/the nature of the Jews”.
náireach: “shameful”.
neamhaí: “heavenly”. This was spelt neamhdha in the original, and it is unclear how this should be pronounced, particularly as Dinneen’s dictionary shows the pronunciation can be neámhdha or neá. The CO spelling neamhaí may indicate the correct pronunciation, as -dha would be /i:/ in some words.
Nicodémus: Nicodemus, a Pharisee who visited Jesus and showed some interest in the gospel.
oide: “tutor, teacher”.
Petra: Petra in Jordan, the capital of the Nabataean kingdom in ancient times.
Pilib: Herod II, or Herod Philip I, son of Herod the Great and the first husband of Herodias.
salm: “psalm”.
Salóme: Salome, the daughter of Herod II and Herodias, who called for the head of St. John the Baptist on a plate.
saoráideach: “easy”, pronounced /səi’rɑ:dʹəx, se:’rɑ:dʹəx/.
scannalach: “scandalous”.
sciúrsálaim, sciúrsáil: “to scourge, flagellate”.
scoláirthe: “scholar”. According to Amhlaoibh Ó Loinsigh in Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (p. 137), the plural should have a th in it. In the singular, scoláire is found in many of PUL’s works without th, but the original text gives it with th here. Consequently, the pronunciation would be /sklɑ:rʹhi/.
scorn: “disdain”, pronounced /skorən/. Bhí scorn orthu é dh’admháil, “they were too supercilious/it was beneath them to acknowledge him”.
sruthán: “stream, brook”. The plural is found in PUL’s other works as srutháin, but is sruthána here. Srutháin is the form used in the CO.
tráchtaim, trácht: “to mention, discuss”. I was surprised to see do thrácht sé dho ar…, as dictionaries do not show usage with do. I presume it means “he described to him, or expounded to him” in some sense.
tráim, trá: “to ebb, abate”.
tumaim, tumadh: “to dip”.
tumna: “testament, covenant”, or tiomna in the CO. This was spelt tiomna in the original, but Scéal mo Bheatha by Dónall Bán Ó Céileachair shows the pronunciation is with a broad t.

Críost Mac Dé 9

Caibideal a Naoi.

Natanael. Fíon a Dhéanamh den Uisce; An Bualadh Amach as an dTeampall.

Bhí cúigear deisceabal ag Íosa ansan, nuair a bhí Natanael aige i dteannta an cheathrair. Do ghluais sé féin agus an cúigear an bóthar ó thuaidh ó árdaibh Bheteil, agus do shroiseadar Sichem an tráthnóna san; amáireach a bhí chúinn do chuadar chun bóthair arís agus thug siúl an lae sin iad chómh fada leis an mbaile ar a dtugtí En-Gannim. Chuadar ón áit sin treasna machaire Esdrelóin, siar ó thuaidh, agus ansan bhíodar sa bhaile sin Nasareit, ar thaobh na gréine de chnuc Chármeil.

Do shroiseadar an baile, an tigh i Nasaret ’nar chaith Críost Mac Dé a shaol, agus ’na raibh cónaí air go dtí san. Ba cheart Muire Mháthair a bheith ann rómpu, ach ní raibh. Bhí sí imithe soir ó thuaidh go dtí an baile beag ar a dtugtí Cana. Bhí pósadh sa bhaile bheag san agus do hiarradh ar Mhuire Mháthair dul go dtí an chóisire agus do chuaigh. Bhí sí i gCana ag an gcóisire nuair a tháinig Críost Mac Dé agus a chúigear deisceabal go Nasaret. Do fuair Íosa, leis, cuireadh chun na cóisreach agus chuaigh sé ann, é féin agus a chúigear deisceabal.

Tá a lán cainnte agus mórán tuarascbhála, i gcuid de sna leabhraibh ar cad é an saghas an chóisire ba ghnáth a bheith an uair sin ag daoinibh saibhre sa dúthaigh sin. Níl aon ghá anso le tuarascbháil den tsórd san, go mór mór ó nách ag daoinibh saibhre a bhí an chóisire úd i gCana an uair úd ach ag daoine a bhí gan mórchuid saibhris. Bhíodar, is dócha, ar aon dul, i dtaobh saibhris, le Muire Mháthair féinig, agus le hÍosa, agus leis an gcuid eile dá gcómharsanaibh, daoine macánta a bhí ag maireachtaint ar thoradh oibre a lámh le céird nú le sclábhaíocht. Dheallródh an scéal go raibh dhá chúis acu le cuireadh ’ thabhairt do Mhuire Mháthair. Bhí urraim acu dhi, agus b’in aon chúis amháin díobh. Dá éaghmais sin, bhí sí tuisceanach, géarchúiseach, agus bhí sí go maith chun nithe do riaradh agus do chimeád in órdú cheart, i ganfhios don chuideachtain.

Bhí an chóisire ar siúl. Bhí an fíon dá riaradh, agus bhí an fíon dá ól. Thug Muire Mháthair fé ndeara, i ganfhios don chuideachtain, go raibh an fíon dá ídiú go tiubh. Thug sí fé ndeara nárbh fhada go gcaithfí a dh’admháil ná raibh a thuilleadh fíona ann le tabhairt don chuideachtain. Bheadh náire shaolta fálta ag an lánúin óg agus ag an dá mhuíntir. Do shocraigh Muire Mháthair ar gan leogaint don náire shaolta san teacht ar na daoine bochta san. Tháinig sí in aice a Mic agus duairt sí an focal “Níl a thuilleadh fíona acu.”

“A bhean,” arsan Mac, “cad é sin duitse agus dómhsa san? Níor tháinig m’aimsirse fós.”

Do labhair sise láithreach leis na seirbhísigh. “Pé rud adéarfaidh sé libh a dhéanamh,” ar sise, “deinidh é.”

Riail ana-dhian ab ea é i measc na nIúdach a lámha do ní roimh dhul chun bídh a chaitheamh. Riail de dheascaibh na rialach san ab ea áthrach uisce ’ bheith in áit áirithe do dhaoinibh chun a lámh do ní roim dhul chun an bhídh a chaitheamh. Bhí, mar ba cheart, sé cínn d’árthaíbh móra cloiche, agus iad lán d’uisce, san áit ’nar cheart iad a bheith, do chuideachtain na cóisreach úd, i dtreó go bhféadfaidís a lámha do ní, fé mar a thánadar, roim dhul isteach dóibh agus suí chun an bhídh. Do thóg gach duine roinnt den uisce, in árthach bheag agus do nigh sé a dhá láimh ann agus chaith sé uaidh é. Um an dtaca ’na raibh ag dul den fhíon bhí na hárthaí móra cloiche geall le bheith folamh. Do labhair Íosa leis na seirbhíseachaibh:— “Líonaidh na hárthaí sin d’uisce,” ar seisean. D’imíodar, agus thugadar leó an t-uisce agus bhíodhar dhá thabhairt leó go dtí go raibh na hárthaí lán go barra acu, agus do raghadh dó nú trí ’ mheadrachaibh uisce ins gach árthach díobh. Nuair a bhí na hárthaí lán do labhair Íosa arís:— “Tairrigidh libh anois é agus tugaidh don fhear tís é.” Dheineadar san. Do bhlais an fear tís é. Do thaithn an blas leis. Do ghlaeigh sé chuige an céile agus do labhair sé leis:—

“Ní rómhaith atá an gnó so déanta agat, a chara,” ar seisean. “Bhí sé ceart agat an fíon fónta so a thabhairt dúinn i dtosach na hoíche. Cuireann gach éinne an fíon fónta ar an mbórd ar dtúis agus ansan, nuair a bhíonn cuid mhaith ólta ag an gcuideachtain curtar ar an mbórd an fíon ná bíonn chómh maith. Ach chimeádais-se an fíon fónta go dtí anois.”

Tabhair fé ndeara an mhíorúilt. Níor tháinig an Slánaitheóir os cionn an uisce ag déanamh aon tsaghas putharnaí ná aon tsaghas cómharthaí sóird. Thug na seirbhísigh an t-uisce leó as an dtobar; uisce ab ea é nuair a chuireadar isteach in sna hárthaíbh é. Ansan duairt Íosa an focal, “Tógaidh é agus beiridh ag triall ar an bhfear tís é.” Fíon ab ea an rud a bhí in sna hárthaíbh chómh luath agus aduairt Íosa an focal san. Dhein Íosa fíon den uisce sin le gníomh a thoile. Bhí cómhacht Dé sa ghníomh san. Sin mar a dh’oibrigh toil Dé nuair a dhein sé an domhan. Dhein Dia an domhan le gníomh toile, le gníomh toile atá uilechómhachtach.

Bhí ’ fhios ag na seirbhísigh úd gur uisce as an dtobar a chuireadar féin isteach in sna hárthaíbh móra úd. D’airíodar an focal aduairt an fear tís. Gan amhras do bhlaiseadar féin an ní sin a bhí idir lámhaibh acu. Fuaradar gurbh fhíon é, gan amhras do rith an focal ó bhéal go béal gur deineadh míorúilt uathásach. Bhí an cúigear deisceabal ansúd ag féachaint ar an ngnó go léir. Bhí Natanael ann. Do bhlais sé an fíon. D’airigh sé na seirbhísigh ag cainnt. Bhí na seirbhísigh mar ’ bheidís as a meabhair le hiúnadh agus le huathás. “Duairt sé linn,” adeiridís, “na hárthaí móra san do líonadh d’uisce. Do líonamair iad den uisce a thugamair linn as an dtobar. Bhí iúnadh orainn cad chuige an t-uisce go léir. ‘Beiridh libh anois é,’ ar seisean, ‘agus tugaidh don fhear tís é!’ Mheasas féin go dtitfeadh an t-anam asam nuair a fuaras an balaithe breá fíona ar an uisce a thugamair linn as an dtobar!”

Ní labhradh na seirbhísigh lena chéile ná leis an gcuideachtain ach i gcogar, bhí a leithéid sin d’iúnadh agus d’uathás orthu. Ní labhradh an chuideachta lena chéile ach féna n-anál. Dhein an fear tís pas beag magaidh fén bhfear óg, fén gcéile, mar gheall ar an bhfíon fónta do dhearúd go dtí an tráth san. Ba gheárr gur thuig sé an ní a bhí déanta. Níor dhein sé a thuilleadh magaidh. Bhí an chuideachta go léir go hana-chiúin agus go lán d’áthas. Bhí smaoineamh nua in aigne gach duine, “Do chonacamair ní iúntach anocht! Ní fheacaigh éinne sa dúthaigh a leithéid riamh! An t-uisce á thabhairt isteach as an dtobar agus é in’ fhíon ar leagadh na súl! Agus sinn dhá ól! díreach mar ’ ólfaimís aon fhíon! agus uisce fuar as an dtobar ab ea é dhá neómat ó shin!” Cuid den chuideachtain ag cainnt ar an gcuma san féna n-anál agus cuid acu ciúin ar fad, gan aon fhocal in aon chor ag teacht astu ach a gcínn caite siar acu agus a súile ar dianleathadh le huathás. Cuid acu a d’iarraidh féachaint, i ganfhios ar Íosa anois agus arís, agus ansan luas croí orthu le heagla go n-iompódh sé a shúil orthu. Cuid acu ag féachaint ar Mhuire Mháthair agus ag cuímhneamh ar an bhfocal úd aduairt sí, an focal a chuir ’ fhéachaint ar Íosa a leithéid de mhíorúilt a dhéanamh. An lánú óg ag cuímhneamh ar an onóir a bhí tabhartha ag Muire Mháthair agus ag Íosa dhóibh nuair a dh’iarr Muire Mháthair ar Íosa an mhíorúilt sin a dhéanamh dóibh, agus gur dhein sé an mhíorúilt dóibh chun iad a thabhairt as an gcruachás ’na rabhadar. Gan amhras d’iarr an lánú óg san ar Íosa an uair sin a bheannacht do chur orthu. Agus gan amhras do chuir. Do chuir sé beannacht ar an lánúin sin ar chuma nár cuireadh beannacht ar lánúin riamh go dtí san.

Bhí Natanael ansúd agus chonaic sé an mhíorúilt sin, agus gan amhras duairt sé, arís agus arís eile, in’ aigne féin istigh, “Is tu Mac Dé, is tusa rí Israéil.” Bhí Eóin Soíscéalaí ann. Chuir sé síos ’na Shoíscéal dúinn a chúntas ar an míorúilt.

Déarfadh daoine, go mór mór na daoine ná fuil aon ghrá acu do Mhuir Mháthair, go raibh roinnt cruadais, nú b’fhéidir, diomá, sa bhfocal úd aduairt Íosa leis an Maighdin Muire nuair aduairt sé, “A bhean, cad é sin duitse ná dhómhsa san? Níor tháinig m’aimsirse fós.”

Tá dearúd orthu go léir, idir charaid agus namhaid. Ní raibh cruadas ná diomá sa chainnt, agus is maith a bhí ’ fhios ag Muire Mháthair ná raibh, agus measaim gurb í féin is feárr a thuig a chainnt. Féach an focal aduairt sí láithreach ’na dhiaidh san leis na seirbhísigh, “Pé rud adéarfadh sé libh a dhéanamh,” ar sise leó, “deinidh é.” An ndéarfadh sí an chainnt sin leis na seirbhísigh sin mara mbeadh ’ fhios a bheith aici go raibh sé ceapaithe ar an rud a bhí uaithi do dhéanamh? An labharfadh sí leis na seirbhísigh in aon chor mara mbeadh ’ fhios a bheith aici go ndéanfadh sé úsáid díobh chun an ghnímh a dhéanamh? Do thuig Íosa agus Muire Mháthair a chéile an uair sin, agus aon duine adéarfadh a mhalairt ní fiú é aighneas a dhéanamh leis.

Ach tháinig deireadh na cóisreach agus d’imigh na daoine abhaile, b’fhéidir gur rug cuid de sna daoine leó braonacha den fhíon iúntach san a deineadh dein uisce, chun é ’ thaispeáint do sna daoinibh a bhí ’na ndiaidh sa bhaile. B’fhéidir go raibh daoine eile ann ó Nasaret in éaghmais Mhuire Mháthair agus gur rugadar leó roinnt den fhíon, chun é ’ thaispeáint don mhuíntir go neósfaidís an mhíorúilt mhór dóibh. B’fhéidir go raibh duine éigin ann go raibh duine breóite ’na dhiaidh sa bhaile agus gur rug sé leis roinnt den fhíon mhíorúilteach san chun é ’ thabhairt le n-ól do le hionchas go leighisfeadh sé é. B’fhéidir, nuair a tháinig an lá amáireach, nú an lá amanarthar, go raibh an leigheas san déanta agus go raibh an mhíorúilt eile sin ag an nduine sin le hínsint i dtaobh an fhíona san.

Deirim “b’fhéidir” leis na nithibh sin go léir. Tá sé im aigne nách gá “b’fhéidir” a rá leó, mar gur róchosmhail gur thit a leithéidí amach. Bhí an mhíorúilt ró-iúntach, agus bhí an iomad fínnithe láithreach nuair a deineadh an mhíorúilt, idir sheirbhísigh agus cuideachta, agus níorbh fhéidir do sna daoinibh sin imeacht abhaile agus gan a thuilleadh do rá i dtaobh na míorúilte sin, ach í ’ scaoileadh thórsu mar a scaoilfidís rud a bheadh ag titim amach go minic san áit.

Gan amhras bhí daoine i Nasaret, agus sa tír mórthímpall, agus nuair a hínseadh an mhíorúilt sin dóibh, agus nuair a tugadh b’fhéidir braon den fhíon dóibh le n-ól, bhí iúnadh orthu, agus dheineadar mórán ceistiúcháin. Bhí cuid acu, i Nasaret ar aon chuma, agus tar éis an cheistiúcháin ní róchneasta do ghlacadar an scéal. “Ní chreidfinn focal de!” adeiridís. “Ar meisce a bhíodar go léir! Fíon a dhéanamh den uisce! Tá go breá! Mac Ióseiph agus Mhuire! Ná fuil aithne againn ar an bhfear san le deich mbliana fichid! Gan amhras duine macánta is ea é; agus siúinéir maith is ea é. Dhein sé roinnt trioscáin dómhsa agus dhein sé an obair go maith. Níorbh fhéidir aon locht ’ fháil ar an obair. Ach fíon a dhéanamh d’uisce! Scéal gan dath adeirim leis!”

“Ar thug éinne aon bhraon den fhíon duit le n-ól?” adeireadh duine leis sin b’fhéidir.

“Go deimhin do thug,” adeireadh seisean, “agus is fada nár ólas fíon chómh maith. D’airíos go raibh cúigear fear ann a tháinig aneas in éineacht le Mac Mhuire ón áit úd in aice Ierichó go bhfuil na daoine dá mbaisteadh ann. Is dócha gurb iad san a thug leó an fíon fónta go bhfuil an chainnt seo go léir ar siúl mar gheall air.” Lena línn sin tháinig suas duine de sna seirbhíseachaibh úd go nduairt Íosa leó na hárthaí do líonadh d’uisce. “Ó,” arsan fear a bhí ag cainnt, “seo duine do neósfaidh dúinn cá bhfuaradh an fíon.”

“Cad é an fíon?” arsan seirbhíseach.

“An fíon úd a dhein Íosa, an siúinéir ag an gcóisire i gCana,” arsan fear.

Do stad an seirbhíseach agus do bhánaigh sé roinnt. “Ní fheadar cá bhfuaradh an fíon,” ar seisean, “ach tá ’ fhios agam go maith cá bhfuaras féin an t-uisce. Ní raibh aon choinne agam féin ná ag an gcúigear eile a bhí ag tarrac an uisce im theannta, cad é an gnó a bhí den uisce, ach nuair a bhí na hárthaí go léir lán den uisce againn duairt Íosa linn” (agus chrom sé a cheann i ganfhios do féin le línn an fhocail do rá dho), “é ’ tharrac agus a thabhairt don fhear tís. Díreach nuair ’ airíos an focal san is ea ’ tháinig chúm as an árthach uisce a bhí lán ansúd agam, an balaithe breá fíona. Ba dhóbair go dtitfinn i gceann mo chos le huathás nuair a fuaras nách uisce a bhí san árthach mór agam ach fíon!” Do stad sé, níor labhairt éinne eile go ceann tamaill. Bhí firín beag geanncach dubh ann agus é ag féachaint go cas agus go canncrach agus go drochaigeanta:—

“Cad í an bhreab a tugadh duit as an mbréig sin a dh’ínsint?” ar seisean. “Ná fuil ’ fhios agat go maith gurb iad an cúigear iasachta úd a tháinig aneas in éineacht leis an siúinéir sin, Íosa, do thug an fíon san leó mar bhronntanas don chóisire, agus an measfá a chur ’na luí ar a bhfuil anso anois gurb amhlaidh a dhein an siúinéir fíon den uisce!” “Bhí cúigear eile seirbhíseach ann ag tarrac an uisce in éineacht liomsa. Bhí sé árthaí móra ann le líonadh, árthach don duine againn. Chonacadar go léir an rud a chonacsa. Fuaradar go léir balaithe an fhíona ag teacht as an uisce chómh luath agus adúradh an focal, ‘Beiridh ag triall ar an bhfear tís é.’” Chómh luath agus a bhí an focal san ráite aige thug sé a chúl ar an bhfear geanncach agus d’imigh sé.

Do labhair an fear geanncach arís. “Seisear acu!” ar seisean. “Bhí an scéal olc go léir againn anso i Nasaret an fhaid ná raibh ann againn ach é féinig. Sin cúigear tabhartha leis aige anois. Ní bhfaighidh siúinéirí na háite seo aon obair le déanamh feasta anso. Caithfimíd go léir imeacht go dúthaigh éigin eile.”

Do leanadar ag cainnt ar an gcuma san. Tháinig tuilleadh. Do deineadh tuilleadh cainnte. Bhí na daoine ag teacht agus an chainnt ag méadú agus ag dul i ngéire go dtí go raibh an baile beag ’na chíréip. Éad, éad, éad orthu go léir! mar gheall ar an gcreidiúint a bheadh ag Íosa, an siúinéir, feasta; agus ’ fhios acu, dar leó, ná raibh ann ach duine mar aon duine eile acu féin.

Níorbh fhada gur fágadh gan chúis éada iad. D’imigh an Slánaitheóir uathu, mar adeir Eóin sa tSoíscéal:—

“Ansan do chuaigh sé síos go Caphárnum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail, agus d’fhanadar ann beagán laethanta.”

Bhí Caphárnum ar bruach locha Genesareit, tímpall deich míle soir ó thuaidh ó Nasaret, ar an dtaobh thuaidh den loch in aice na háite ’na dtéann an abha, Iórdan, isteach sa loch. Ansan is ea ’ bhí an bheirt deisceabal, Aindréas agus Símón, ’na gcónaí sarar leanadar Íosa. “Síos go Caphárnum,” adeir an Soíscéalaí, mar tá titim an tailimh, nú an fhánaidh, síos ó chnucChármeil, agus ó Nasaret, go Caphárnum.

D’fhágadar go léir Nasaret, Íosa agus a chúigear deisceabal, agus a bhráithre, agus a Mháthair. Clann driféar do Mhuire Mháthair ab ea cuid de sna bráithribh sin. Do chuir an mhíorúílt úd an fhíona a leithéid d’éad agus d’fheirg ar shiúinéiríbh agus ar cheárdaithibh eile Nasareit nár mhaith le héinne de mhuíntir Íosa fanúint san áit.

Níor fhan Íosa i bhfad i gCaphárnum, ach an fhaid a bhí sé ann do dhein sé mórán míorúiltí. Ní ínstear cad iad na míorúiltí a dhein sé ann an uair sin, ach chífar ar ball gur mhíorúiltí móra iad agus gur mhíorúiltí iúntacha iad, agus gur dhein sé mórán acu dá ghiorracht a bhí an aimsir a dh’fhan sé san áit an uair sin. Níor fhan sé ann i bhfad. Bhí an Cháisc ag teacht. Bhí muíntir na tíre go léir ag dul ó dheas go dtí cathair Ierúsaleim chun oibre na Cásca ’ dhéanamh, ’sé sin Iúdaígh uile na tíre. Iúdaígh ab ea muíntir Ghaililí. Bhí buíona móra dhíobh san ag gluaiseacht ag dul go Ierúsalem. Do ghluais Íosa in éineacht le buín acu. Do ghluais sé mar aon duine eile den bhuín. Pé míorúiltí a bhí déanta aige i gCaphárnum bhí trácht i gCaphárnum orthu, ach ní raibh aon trácht fós orthu lasmu’ den áit sin. Bhí a ngnó féinig ag déanamh buartha don chuid eile den bhuín lenar ghluais sé, agus níor chuireadar aon tsuím ann seochas aon fhear eile.

Do shrois an bhuíon san cathair Ierúsaleim. Chuaigh an Slánaitheóir suas láithreach chun an teampaill. Ach ba de threibh Iúda é agus níorbh fhéidir d’éinne dul isteach in sna háiteannaibh naofa den teampall ach do sna Lebhíteachaibh.

Nuair a rugadh na hIsraélíteacha chun siúil sa bhraighdineas do leathadh amach iad ar fuaid tíortha iasachta. Nuair a tugadh cead dóibh teacht abhaile as an mbraighdineas d’fhan a lán acu gan teacht. In aimsir ár Slánaitheóra bhí Iúdaígh ’na gcónaí anso ’s ansúd ar fuaid na ndúthaí, ins gach aon bhall, chómh fada ó thuaidh le Damascus agus le hAntioch agus i bhfad soir ó sna háiteannaibh sin, leis. Nuair a thagadh na Iúdaígh sin go Ierúsalem chun gnóthaí na Cásca ’ dhéanamh, nú gnóthaí aon fhéile eile i gcaitheamh na bliana, ní bhíodh ar a gcumas na bhictimí do thabhairt leó chun na n-íbirtí do dhéanamh. Is é rud a dheinidís ná an t-airgead a thabhairt leó agus na bhictimí do cheannach i gcathair Ierúsaleim. Bhíodh súil leó agus bhíodh lucht na bhictimí do dhíol ag feitheamh leó agus na bhictimí ollamh acu dhóibh. Nuair a bhíodh an tsúil ag na díolthóiríbh leis na ceannaithibh go mbíodh aithne acu orthu ó sna bliantaibh a bhíodh imithe, thugaidís na bhictimí go dtí an teampall agus bhídís ansúd acu in aice an teampaill nuair a thagadh na ceannaitheóirí agus ní bhíodh aon ríghneas sa ghnó. An fhaid a bhíodh an díol agus an cheannaíocht ar siúl ba mhar a chéile an áit agus áit aonaigh. Le himeacht aimsire, i ndiaidh ar ndiaidh, do shleamhnaigh an díol agus an ceannach agus an t-aonach ar fad, isteach i gcúirtibh íochtaracha an teampaill mhóir, i dtreó go raibh an áit bheannaithe dá díbheannú.

Isteach in sna cúirtibhíochtaracha san is ea ’ chuaigh an Slánaitheóir an uair sin. Chonaic sé an t-aonach. Na díolthóirí agus na ceannaitheóirí, na ba, agus na gamhna, agus na caoire, agus na huain, agus na reithí agus na colúir, gach aon tsaghas ruda a bhí oiríunach nú riachtanach chun na n-íbirtí ’ dhéanamh. Na díolthóirí ag moladh na n-ainmhithe a bhí acu á dhíol. Na ceannaitheóirí dhá lochtú, dhá rá go rabhadar ródhaor, nú dhá dhéanamh amach ná rabhadar oiriúnach don íbirt mar ná rabhadar gan locht, nú ná rabhadar díreach mar ba cheart iad a beith de réir dlí Mhaoise. Aighneas á dhéanamh i dtaobh an airgid. Lucht an airgid do shóinseáil ansúd i leataoibh agus búird acu agus mionairgead acu ar na bórdaibh agus an t-airgead ná raibh mion, nú ná raibh sa riocht ’nar cheart é ’ bheith de réir dlí na cathrach, iad dhá shóinseáil don mhuíntir gur theastaigh san uathu, agusgaimbínacu á bhaint amach i dtaobh na sóinseála. Gach éinne ag aighneas agus ag labhairt chómh hárd agus d’fhéad sé labhairt chun a ghnótha féinig a dhéanamh níba thúisce ná mar a déanfí gnó éinne eile. Ba ag búirthigh, gamhna ag béicigh, caoire agus uain ag méiligh, gadhair ag cómhrac agus agamhastraigh, daoine ag coímheascar agus ag spídiúchán ar a chéile agus ag eascainí; an áit lán de chré agus de shalachar, fé chosaibh daoine agus beithíoch; agus fúthu go léir thíos an t-úrlár breá uasal cloiche, déanta go hórnáideach, in onóir do Dhia, den obair theisill dob uaisle agus ba dhaoire dá raibh le fáil an uair sin!

Sin é an radharc a chonaic an Slánaitheóir an lá san nuair a chuaigh sé isteach i gcúirtibh íochtaracha an teampaill. Níor thoil leis an radharc a dh’fholag. Níorbh aon mhaith dho labhairt leis an sloigisc sin. Bhí a leithéid de challóid agus de ghleó agus d’fhothram ann ná haireódh duine a ghlór féin mara labhradh sé an-árd. Do thóg an Slánaitheóir lán a ghlaice de théadaibh fada caola a bhí ar an dtalamh agus do chas sé ar a chéile iad i dtreó gur dhein sé mar ’ bheadh sciúirse dhíobh, ansan do chrom sé ar idir dhaoine agus beithígh do bhualadh agus do chomáint roimis go dtí gur chomáin sé amach as an áit iad. Bhí lucht an airgid do shóinseáil ann agus an t-airgead ’na chárnánaibh ar a mbórdaibh. Do leag sé na búird agus do steall sé an t-airgead ar fuid an úrláir. Níor chuir éinne ’na choinnibh. Ní dheinidís ach féachaint san aghaidh air agus ansan rith uaidh. Bhí daoine bochta ann agus iad ag díol na gcolúr leis na daoinibh bochta ná bíodh ar a gcumas bó ná caíora do cheannach i gcómhair íbirte. Do labhair sé réidh leó san. Níor chomáin sé iad mar a chomáin sé an chuid eile. Ní duairt sé leó ach “Tógaidh chun siúil iad san agus ná bíodh tigh ceannaíochta agaibh á dhéanamh de thig m’Athar.”

Chuir sé an gnó go léir agus na daoine go léir lasmu’ de sna cúirtibh sin.

Ní fheicim go dtugann éinne míorúilt ar an ní sin a dhein an Slánaitheóir an uair sin. Measaim féinig gur mhíorúilt ana-mhór é. Bhí daoine stuacacha drochaigeanta, agus iad dána láidir neamheaglach, sa chruinniú a bhí ansúd an lá úd. Bhí fir chróga neartmhara ann. Cad ’na thaobh nár iompaigh duine nú beirt acu, nú cúigear, nú deichniúr acu, agus é ’ láimhseáil? Cad ’na thaobh, do sna fearaibh sin go léir, gluaiseacht roimis, amach as an áit, díreach mar a ghluais na caoire agus na huain? Measaim gur le neart a thoile féinig a ghluaiseadar roimis ar an gcuma san; an toil lena dtógadh sé an duine marbh ón mbás. Míorúilt mhór ab ea an gníomh san. Agus b’é toil an tSlánaitheóra an gníomh a dhéanamh ar an gcuma san chun a chur in úil do sna daoinibh úd, agus dúinn go léir, cad é an díogras ba cheart don duine a bheith aige chun onóra ’ thabhairt do theampall Dé.

Ach seo rud agus táim ag éisteacht leis riamh, ón gcéad lá úd fadó nuair a hínseadh an scéal dom agus me im leanbh. Tháinig na Iúdaígh chuige agus chuireadar ceist chuige. “Cad é an cómhartha atá agat le taispeáint dúinn a thabharfadh údarás duit chun an ghnímh sin a dhéanamh?” Tabhair fé ndeara an cheist sin. Dá mbeadh aon fhear eile an uair sin tar éis dul isteach ansúd sa chúirt úd agus breith ar sciúirse agus cromadh ar na daoine do bhualadh leis an arm san, agus bheith dhá mbualadh go dtí gur chomáin sé amach as an áit iad, cad a dhéanfadh na Iúdaígh leis? Cad a dhéanfadh giúistísí aon tíre leis? Cad a dhéanfaidís leis ach breith air agus é ’ chur isteach sa phríosún agus an dlí ’ chur air agus é ’ dhaoradh i mbriseadh na síochána? An chéad uair riamh a hínseadh an scéal dom bhí iúnadh orm a rá nárbh é sin rud a dhein na Iúdaígh. Gan amhras is é ba mhaith leó a dhéanamh. Cad ’na thaobh nár dheineadar iarracht éigin ar é ’ dhéanamh? Níl ach aon fhreagra amháin ar an gceist sin. Níorbh é a thoil naofa go ndéanfaidís é. Nuair a bhí sé dhá mbualadh agus dhá gcomáint amach a cúirt an teampaill níorbh é a thoil naofa aon duine acu do dhéanamh aon chur ’na choinnibh. Ar an gcuma gcéanna níorbh é a thoil naofa leogaint do sna Iúdaígh a dhéanamh ach teacht go húmhal agus go smachtaithe agus a fhiafraí dhe cad é an cómhartha údaráis a bhí aige le taispeáint dóibh. Toil naofa an tSlánaitheóra féinig a bhí ag stiúrú na hoibre go léir. D’iarradar cómhartha údaráis, cómhartha údaráis ó Dhia. Thug sé dhóibh cómhartha, níor chómhartha údaráis ó Dhia é, áfach, ach cómharthacómhachtaDé féin. “Leagaidh ar lá an teampall so,” ar seisean, “agus cuirfeadsa suas arís é in aon trí lá amháin.” Gan amhras dá mbeadh ar a chumas an gníomh san a dhéanamh ba chómhartha é go raibh cómhacht ó Dhia aige chun an teampaill sin do chosaint ar shárú. Bhí an cómhartha fírinneach sa chéill sin ach níor chreideadar é. “Thug an rí Héród seacht mbliana agus daichead ag cur an teampaill seo suas agus chuirfása suas é in aon trí lá amháin!” Thug sé an cómhartha fíor dóibh agus níor ghlacadar é.

Bhí an cómhartha fíor sa chéill sin. Níor mhór do dhuine cómhacht ó Dhia a bheith aige chun an teampaill sin do chur suas in aon trí lá amháin. Ach dá mbeadh duine marbh, sínte san uaigh, agus ansan, go n-éireódh sé beó as an uaigh sin i gcionn trí lá, LENA CHÓMHACHT FÉINIG, níor mhór do É FÉIN A BHEITH ’NA DHIA. Bhí an dá bhrí le cainnt an tSlánaitheóra an uair sin agus gach brí acu, fé leith, fíor ’na shlí féinig. Níor ghlac na Iúdaígh an chéad bhrí. Níor chuímhníodar in aon chor ar an mbrí eile. Is fíor gur éirigh Críost Mac Dé ón mbás lena chómhacht féinig, mar bhí sé, agus tá sé, ’na Dhia. Agus ós fíor é sin is fíor é siúd, a fortiori.

Nótaí

Cad é sin duitse agus dómhsa san?: PUL pointed out in his Notes on Irish Words and Usages, referring to a similar passage (cad é sin duitse sin? in PUL’s Sgéalaídheachta as an mBíoblaNaomhtha), that the final san/sin is not superfluous, as it replaces a whole clause, e.g. cad é sin duitse agus dómhsa gan a thuilleadh fíona bheith acu?
Dó nú trí ’ mheadrachaibh uisce: “two or three pails of water”. Trí ’ mheadrachaibh is a truncation of trí dhe mheadrachaibh.
Féna n-anál: “under their breath”. Note the failure to use the correct dative, anáil, twice in this passage.
Chun é ’ thabhairt le n-ól do: “to give it to him to drink”. Note that WM Irish prefixes n to ithe and ól, where other dialects and the CO prefix h.

Foclóirín

amanarthar: “the day after tomorrow”, or amanathar in the CO. An lá amanarthar, “the day after tomorrow” or, in context, “two days later”.
amhastraím, amhastrach: “to bark”. Note the verbal noun is feminine, and so we findag amhastraigh /əgaustərigʹ/ in the dative, a distinction not observed in the CO.
Antioch: Antioch, now Antakya in Turkey, a city that later became one of the early centres of Christianity.
bárr, barra: “top”. Barra is a variant of bárr in WM Irish, more frequently used in the dative. Pronounced /bɑ:r, bɑrə/.
béicim, béiceach: “to shout, cry out”. Note the verbal noun is feminine, and so we findag béicigh /ə bʹe:kʹigʹ/ in the dative, a distinction not observed in the CO.
bhictim: “sacrificial victim”. A clearly Anglophone word is used here, where íobartach is recommended in the CO.
bórd: “table”, with búird in the plural, where the CO has bord and boird.
braon: “drop”, with braonacha in the plural, where the CO has braonta.
búirtheach: “an act of bellowing, roaring”, or búireach in the CO. The th is preserved, as the pronunciation is /bu:rʹhəx/ in traditional WM Irish. Note that as a feminine verbal noun, it becomes ag búirthigh /ə bu:rʹhigʹ/ in the dative, a distinction not observed in the Standard, which has ag búireach.
callóid: “commotion”.
canncrach: “cantankerous”, or cancrach in the CO. The editing approach here is to use a double n to show a diphthong, /kauŋkərəx/.
Caphárnum: Capernaum, a filling village on the northern shores of Lake Galilee.
cara: “friend”. Note PUL’s use of the traditionally correct genitive carad and dative caraid.
cárnán: “heap, mound”.
cas: “curly”, but also “bad-tempered”.
ciall: “meaning”. Sa chéill sin, “in that sense, thus”.
cóisire: “wedding banquet”, or cóisir in the CO. The genitive here is cóisreach, where the CO has cóisire.
cosmhail: “likely, apparently so”, or cosúil in the CO. Róchosmhail, “highly likely”. IWM shows that /kosvilʹ/ was the pronunciation of Amhlaoibh Ó Loingsigh. The editing policy here is to keep the smh where it stood in the original (cosmhail remains cosmhail), but to use where samh stood in the original in cognates of this word (cosamhlacht becomes cosúlacht).
cruadas: “hardness, severity”, or cruas in the CO. The traditional spelling was cruadhas, but PUL stated in his Notes on Irish Words and Usages that the pronunciation is with an unlenited d, and the word so appears in the original text of Críost Mac Dé.
cuireadh: “an invitation”, spelt cuire in the original; pronounced /kirʹi/.
cúirt: “court”. The plural is found in dictionaries as cúirteanna, but PUL has cúirtibh in the dative plural here.
Damascus: Damascus, Syria. The CO has contrived the form An Damaisc.
deasca: “gleaning, dregs”. De dheascaibh, “on account of, in consequence of”.
deinim, déanamh amach: “to make out”. This is used in the sense of “pretend” here—a sense not give in dictionaries for this phrase, which indicate that it can mean “to make out” in the sense of “discern” (“to make out a sound”), and “to head out”. PUL’s use here appears to reflect English influence.
díbheannaím, díbheannú: “to defile, desecrate”, a word not given in dictionaries.
driofúr/drifiúr: “sister”, or deirfiúr in the CO. Note the genitive plural driféar here.
dul: “condition, state”. Ar aon dul, “in the same condition, state, situation”.
En-Gannim: Ein-Ganim, a city identified with Jenin in the north of the West Bank of Palestine today.
fánaidh: “slope”, or fána in the CO. Pronounced /fɑ:nigʹ/. The historical dative has replaced the nominative in WM Irish. Le fánaidh, “down, downwards”.
gaimbín: “exorbitant interest”, or “gombeen” in Hiberno-English. Spelt gambín in the original.
geanncach: “snub-nosed; surly”, or geancach in the CO. Pronounced /gʹauŋkəx/.
gleó: “noise; hubbub”.
íochtarach: “lower; deeper, more remote”.
ionchas: “expection”. Pronounced /unəxəs/. Le hionchas go, “in the expectation or likelihood that”.
láimhseálaim, láimhseáil: “to manage, handle; to grapple with, attempt to bring under control”.
lasmu’: “outside, beyond”, or lasmuigh in the CO. PUL used the spelling lasmuich, possibly to avoid giving the impressing there was a g in this word. Given that his spelling varied from both the classical and modern spellings, the editing approach used here is to show the pronunciation, /las’mu/.
leighisim, leigheas: “to remedy, cure”, leigheasaim, leigheas in the CO.
luas croí: possibly “panic” here.
meadar: “wooden vessel, pail”, with meadracha in the plural.
méileach: “bleating (of lambs)”. Note that as a feminine verbal noun, this becomesag méiligh /ə mʹe:lʹigʹ/ in the dative, a distinction not observed in the CO.
putharnach: “act of puffing”, or putháil in the CO.
reithe: “ram”.
salachar: “dirt”, pronounced /slɑxər/.
saolta: “worldly”. Náire shaolta, “a public scandal”.
sáraím, sárú: “to violate, profane”.
scaoilim, scaoileadh: “to release, let go”. Rud a scaoileadh thort, “to circulate or pass something round”, as of a story.
sciúirse: “scourge”.
seochas: “besides, other than”, or seachas. Spelt seachas in the original, but pronounced /ʃoxəs/.
Sichem: Sechem, a city identified with Tell Balatah, near Nablus in the West Bank of Palestine today.
sloigisc: “riff-raff, rabble”.
sóinseálaim, sóinseáil: “to change”, especially of mponey.
tairrigim, tarrac: “to pull, draw”, or tarraingím, tarraingt in the CO. Pronounced /tarʹigʹimʹ, tɑrək/.
talamh: “ground.” PUL consistently uses a slender l in the genitive, tailimh.
teiseall: the phrase obair theisill is unusual in that it is specially footnoted in the original work as meaning “mosaic work”, or mósáic in the CO. That fact that the word needed to be footnoted indicated that teiseall doesn’t have any acknowledged meaning in Irish. Teiseall seems to be a gaelicisation of the Latin word tessella, meaning “little mosaic tile”.
thar: “through, across, past”. Thórsu, /ho:rsə/, “beyond them”, equivalent to tharsta in the Standard.
tigh: “house”, or teach in the CO, where the historical nominative is used.
tíos: “housekeeping”. Fear tís, “house steward”.
titim: “lie, slope”. Titim an tailimh, “the lie of the land”.
trioscán: “furniture”, or troscán in the CO.

Miss, Mrs or Ms?

I once worked for a publishing company that insisted on the use of Ms, pronounced Mizz, to refer to a woman, rather than Mrs or Miss. Personally, I don’t think Mizz is a word in the English language, and so I cannot accept that Mizz is a correct title. We have been brainwashed into thinking that minx-like linguistic standards are now compulsory. They are not. There is nothing wrong with the traditional family – it is part of the natural order for the husband to be the head of the family, and we should certainly insist on the traditionally correct naming standards, e.g. Jane married to John Smith is Mrs John Smith, not Mrs Jane Smith. But as there are increasing numbers of women who do not reveal their marital status, I would suggest that if Mrs or Miss is deemed unacceptable, we use the correct 18th-century term, Mistress. This would apply to all women, married or not, and is the word from which Miss and Mrs are derived. In fact, where Ms is written, it should be deemed the abbreviation of Mistress, and read as Mistress, not Mizz, just as Mr is read out loud as Mister.

In the Irish context, there are two points to make. Firstly, there are no Irish equivalents of these words. An tUasal Seán Ó Briain is simply a nonsense in Irish, unless Seán Ó Briain is a nobleman, as the phrase literally means “the Nobleman, Seán Ó Briain”. I can’t for the life of me work out why some people use these forms. Another point is that in the Gaelic tradition, women retain their names throughout their lives. Máire Ní Cheallaigh retains that name even if she marries Seán Ó Briain. Attempts to “translate” Mrs O’Brien into Irish and come up with something like Máire, Bean Uí Bhriain, or Máire Uí Bhriain, are simply not Irish at all. Mr, Mrs, Miss and Ms do not have Irish equivalents.

Catilina 49

XLIX.

San aimsir chéanna san, áfach, do theip ar Q. Catulus agus ar C. Píso, le creidiúint ná le tathant ná le díolaíocht, a chur ’ fhéachaint ar Chiceró Caius Caesar do thabhairt cionntach sa chómhcheilg le fianaise bréige ó sna Allobrógaibh, nú ó dhuine éigin. Mar bhí fuath fíochmhar acu araon do; ag Píso toisc breith aisig do chur air mar gheall ar phionós éagórtha a chuir sé ar dhuine éigin ón dtaobh eile den Phádus; agus ag Catulus, toisc, nuair a bhí sé ag lorg na pontificeachta, agus é aosta agus mórán onóra fálta aige, gur bhuaigh fear óg mar Chaesar air. Bheadh an gnó adhsáideach an uair sin, mar fear ab ea é a bhí fial thar na beartaibh, i ganfhios, agus do thugadh sé bronntanasa ana-mhóra uaidh go poiblí, agus d’fhág san é múchta i bhfiachaibh. Nuair a theip orthu a chur ’ fhéachaint ar an gConsal an feillghníomh san do dhéanamh do chromadar féin ar imeacht, gach duine acu fé leith, anso is ansúd, ag cúlchainnt san éitheach, dhá rá gur airíodar so ’s súd ó sna hAllobrógaibh, go dtí gur chuireadar árd-dhrochainm air sin. Bhí an scéal chómh holc san go raibh Caesar ag teacht amach a tigh na seanaide agus gur bhagair cuid den mharcshlua na claímhte air. Bhíodar ’na ngárda ar thigh na seanaide agus nuair a chonacadar ag teacht amach é d’éirigh dásacht aigne dhóibh nuair a chuímhníodar ar an gcúntúirt mór ’na raibh an chathair; nú, ba mhaith leó a ndíogras don stát a thaispeáint.

Nóta

Ó sna Allobrógaibh: note the lack of h-prefixation in the original here. The h is inserted in the Letiriú Shímplí edition.

Foclóirín

adhsáideach: “convenient, easy”, or aosáideach in the CO, pronounced /əi’sɑ:dʹəx/.
aiseagaim, aiseag: “to restore, restitute, repay; to vomit”. I have a lot of research to do on this word, as Ó Dónaill’s dictionary shows aisíocaim, aisíoc in the meaning of “to restitute, repay”, but aiseagaim, aiseag in the meaning of “to restitute; to vomit”, making it unclear why the word has split into two possible forms in that dictionary. Dinneen’s dictionary has only aiseagaim, aiseag. In PUL’s Séadna, the verbal noun is spelt aisioc, but here we have aisig. A further problem is the meaning: the notes in the early edition of Catilína show do daoradh Catilína i gcoir airgid ’ aisig means “he was convicted of a charge of misappropriating money”; it seems that a judgment requiring restitution of money was also a judgment that extortion had taken place, and so aiseag had an extended meaning of “extortion”. Breith aisig, “a judgment or sentence of extortion”. It is worth noting that the Letiriú Shímplí edition has aishic here, but aishig elsewhere. Breith aisig do chur air: I am unclear if this is “accusing him of extortion” or “sentencing him for extortion”.
anso is ansúd: “all over the place”.
bronntanas: “gift, present”. Note the plural here, bronntanasa. PUL uses bronntanaisí in the plural in his Críost Mac Dé. The CO has bronntanais in the plural.
C. Píso: Gaius Calpurnius Piso, Roman consul in 67 BC. Piso failed in his attempt to prevail on Cicero to implicate Julius Caesar in the Catiline conspiracy.
creidiúint: “credit”, or “reputation, honour”. Le creidiúint is glossed in the early edition of Catilína as “by influence”.
cúlchainnt: “backbiting, detracting, running someone down”.
díogras: “passion, zeal”, or díograis in the CO. This is one of many words where a lenited g (see díoghrais in Dinneen’s dictionary) has become unlenited in WM Irish.
féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.
feillghníomh: “foul, treacherous deed”, pronounced /fʹelʹi-ɣnʹi:v/.
marcshlua: “cavalry, horsemen”.
Pádus: the River Po in Italy, Padus in Latin. Transpadane Gaul was the part of Cisalpine (or Hither) Gaul that lay North of the Po.
pontificeacht: “pontificate”, the position of Pontifex Maximus, or high priest of the College of Pontiffs, in ancient Rome. The term Pontifex Maximus was later applied to the Pope, but was originally a pagan religious office. The CO has pontaifeacht.
so ’s súd: “such and such a thing”.
tathant: “incitement, urging, exhortation”.

Catilina 48

XLVIII.

Ansan, an choitiantacht úd a bhí chómh dúilmhar in athrach beatha ar dtúis, agus chómh fabhrúil do chogadh ’ theacht nuair a nochtadh an chómhcheilg d’athraigh a n-aigne, agus ag badhbóireacht is ea ’ bhíodar ar Chatilína agus ar a bheartaibh, agus Ciceró acu dá mholadh go hárd. Bhíodar chómh mór áthas agus lúgháir agus dá mbeifí tar éis iad do shaoradh a daoirse. Tairbhe, agus breis shaibhris, dar leó, a dhéanfadh na nithe eile a bhain le cogadh dhóibh, agus ní díobháil; ach loscadh na cathrach, bhí san ró-olc, ró-annspianta, róthiubaisteach ar fad, dóibh féin. Daoine ab ea iad go raibh gach aon chóir acu chun saibhris bídh agus éadaigh, agus taithí gach lae acu air.

Tar éis an lae sin do tugadh i láthair na seanaide fear dárbh ainm L. Tarquinius. Bhí sé, adúradh, ag dul ag triall ar Chatilína agus do tugadh thar n-ais é. Duairt sé go dtabharfadh sé eólas uaidh ar an gcómhcheilg dá dtugtí an choimirce phoiblí dho. Do tugadh, agus duairt an Consal leis an t-eólas a bhí aige do thabhairt uaidh. D’innis sé don tseanaid, fé mar a dh’innis Volturcius nách mór, an loscadh a bhí le déanamh, agus marú na ndea-dhaoine, agus teacht na namhad. Duairt sé ansan gurbh é Marcus Crassus a chuir é féin ag triall ar Chatilína chun a rá leis gan aon scannradh ’ bheith air i dtaobh Lentulus agus Cetégus agus tuilleadh de lucht na cómhcheilge ’ bheith gofa. Gurbh amhlaidh ba cheart don ní sin é ’ bhrostú chun na cathrach i dtreó go gcuirfeadh sé misneach aigne ar an gcuid eile agus go mba shaoráidí a tabharfí iad san ó bhaol. Ach nuair a dh’ainmnigh Tarquinius Crassus, an fear san a bhí chómh huasal, chómh saibhir, chómh creidiúnach, duairt a lán nárbh fhéidir an scéal a chreidiúint. Agus bhí daoine agus, bhíodh gur mheasadar gurbh fhíor é, do thuigeadar gurbh fheárr duine chómh cómhachtach do ghlacadh go réidh ná fearg do chur air, ’na leithéid d’am. Bhí a lán acu san a bhí fé chomaoine ag Crassus agus do labhradar go hárd agus dúradar gur cheart an scéal do thabhairt os cómhair na seanaide. Ar chómhairle Chiceró do cruinníodh seanaid líonmhar agus do cineadh go raibh crot an éithigh ar an eólas a bhí tabhartha uaidh ag Tarquinius, agus go gcaithfí é ’ chimeád i ngeímhlibh agus gan leogaint do a thuilleadh do rá mara neósfadh sé cé ’ chuir suas é chun a leithéid de bhréig a dh’ínsint. Bhí daoine an uair sin a mheas gurbh é P. Autrónius do chúm agus do cheap an gnó san, i dtreó, nuair a curfí ar Chrassus an choir, agus nuair a bheadh sé sa chúntúirt chéanna ’na raibh an chuid eile, gur dhóichíde go dtabharfadh a chómhacht san an chuid eile saor. Duairt tuilleadh gurbh é Ciceró féin a chuir Tarquinius suas chuige, le heagla go ndéanfadh Crassus, mar bá ghnáth leis, na cuirpigh do ghlacadh féna choimirce agus go gcuirfeadh sé an stát trína chéile. D’airíos-sa, ’na dhiaidh san, Crassus féin dhá dheimhniú gurbh é Ciceró do chuir an mórmhasla san air.

Foclóirín

annspianta: “grotesque, abnormal”, or ainspianta in the CO.
badhbóireacht: “cursing, scolding”, or badhbaireacht in the CO. Pronounced /bəi’bo:rʹəxt/.
cumaim, cumadh: “to form, shape.” The preterite has a long vowel, chúm, in WM Irish.
dóichíde: “all the more likely”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, móide, miste, meaning “all the more X for it”.
fabhrúil: “favourably disposed towards, in favour of”, with do. Fabhrach in the CO.
L. Tarquinius: Lucius Tarquinius, an informer who gave information to the senate on the Catiline conspiracy.
lúgháir: “gladness, welcoming joy”, or lúcháir in the CO. This word was given as luathgháir in the original, but IWM shows /lu:’ɣɑ:rʹ/ is the normal pronunciation (supported by the transcription in the Letiriú Shímplí edition), with /lu:’xɑ:rʹ/ also heard. Gaeilge Chorca Dhuibhne indicates a pronunciation of /luə’ɣɑ:rʹ/.
mara: “if not”, or muna in the CO. Both mara and mura are found in PUL’s works.