Lot

XI. Lot.

Nuair a chuaigh an t-aighneas i ngéire idir na haeiríbh do labhair Abraham le Lot. “Ná bíodh,” ar seisean, “aigneas idir t’aeiríbhse, agus m’aeiríbhse óir is bráithre sinn. Sin é an dúthaigh os do chómhair. Más maith leatsa dul i leith na láimhe deise raghadsa i leith na láimhe clé; nú más maith leatsa dul i leith na láimhe clé raghadsa i leith na láimhe deise.”

Is seanfhocal é, “tabhair rogha don bhodach agus tógfaidh sé díg.” Bí an tsainnt ar Lot. Chonaic sé an talamh breá saibhir féarmhar ar bruach abhann Iórdain agus chuaigh sé chun cónaithe i gcathair Shodoim i dtreó go mbeadh cothrom aige ar a thréadtaibh do chur sa bhfosaíocht bhreá a bhí mórthímpall na cathrach san. Cheap sé go raibh rogha aige dhá thógaint, ach dá mbeadh ’ fhios aige cad é an saghas na daoine a bhí sa chathair sin an uair sin bheadh ’ fhios aige gur díg a thóg sé agus dul in aon chor ’na measc, pé saibhreas saolta ’ bheadh dá bhárr aige. Níorbh fhada gur thit nithe amach a chuir in úil do gurbh fhearra dho bheith in áit éigin eile.

Do chuir cuid de sna ríthibh a bhí sa chómharsanacht cogadh ar rí Shodoim. Bhí ceathrar ríthe acu ann. Chruinníodar pé neart sló a bhí acu agus chromadar ar an dtír a bhí mórthímpall ar chathair Shodoim do scrios. Do chruinnigh rí Shodoim a cháirde, cheithre ríthe eile agus pé neart sló a bhí acu, agus thug sé aghaidh ar a namhaid. Do troideadh cath fíochmhar. Do buadh ar rí Shodoim. Ansan do tógadh an chathair agus a raibh inti d’ollmhaitheas agus de dhaoinibh. Do rug an namhaid leó, i dteannta na cod’ eile, Lot agus a mhuíntir agus a chuid.

Do hínseadh d’Abraham cad a bhí imithe ar Lot. Do chruinnigh Abraham pé neart fear a bhí aige agus do lean sé an namhaid.

Ní raibh aige ach trí chéad fear agus ocht feara déag. Ní raibh aon choinne ag an namhaid go raibh éinne dhá leanúint ná go raibh éinne ann chun iad do leanúint. Shocraíodar iad féin in áit áirithe i gcómhair na hoíche. Tháinig Abraham chun na háite san oíche. Dhein sé trí coda dá bhuín bheag fear. D’iúnsaigh sé longfort an namhad go hobann ó thrí thaobh. Do ghlac sceón an namhaid. Do ritheadar chun taoibh den longfort. Bhí namhaid ann rómpu agus do leagadh cuid mhaith acu. Thugadar aghaidh ar thaobh eile chun teitheadh. Bhí namhaid ansan rómpu leis. Bhí namhaid rómpu ins gach aon bhall, dar leó, toisc an sceón a bheith iontu. Do maraíodh a bhformhór agus do theith an méid nár maraíodh díobh agus bhí an longfort ag Abraham. Thug sé saor leis Lot agus a mhuíntir agus a chuid, agus rí Shodoim agus a mhuíntir agus a gcuid, agus thug sé leis pé ollmhaitheas a bhí sa longfort.

Do móradh ainm Abrahaim thar na beartaibh mar gheall ar an ngníomh san. Tháinig rí Shodoim chuige agus duairt sé leis: “Mara mbeadh tusa bhíomair go léir réidh. Is leatsa anois sinn féin agus a bhfuil againn. Tabhair dómhsa mo dhaoine agus bíodh an saibhreas go léir agatsa. Is tu is feárr ceart chuige. Mara mbeadh tú ní bheadh sé ag éinne againn. Má thugann tú mo dhaoine dhom is bronntanas orm iad uait.”

Foclóirín

agus: “and”, with numerous additional nuances in subordinate clauses. Agus dul ’na measc, “were he to go in among them”.
bodach: “churl”. Tabhair rogha don bhodach agus tógfaidh sé díg, “give a choice to a churl and he will pick the worst; give a beggar a horse and he will ride to the devil”.
cothrom: “a fair chance, a good opportunity”, pronounced /korhəm/.
cuid: “part; one’s wealth or possessions”. Note the plural here is coda, where codanna stands in the CO.
díg: “the worst; a bad choice”, or díogha in the CO.
fear: “man”. Note that ocht feara déag, “eighteen men”, uses the vocative plural instead of the nominative plural fir. I can’t find the reference now, but PUL is on record somewhere denying that this use of feara is wrong. It seems the “teen” numbers should use feara in Cork Irish.
féarmhar: “grassy”.
feárr, fearra: “better”. Fearra, /fʹarə/, is a colloquial form of feárr, /fʹa:r/. Both are found in WM Irish.
fíochmhar: “furious, ferocious”.
iúnsaím, iúnsaí: “to attack”, or ionsaím, ionsaí in the CO.
longfort: “camp”. This word is believed to have originally referred to Viking ship enclosures (fortified camps where Viking ships could dock) in Ireland. The spelling longfort in the CO obscures the derivation; the original (and correct) spelling is longphort.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative. Namhaid is also used in the plural, where naimhde would stand in the CO. With nominative singular and plural both namhaid and genitive singular and plural both namhad, it is only morphologically apparent when the plural is being used with the dative plural, namhdaibh.
obann: “sudden”, or tobann in the CO. Go hobann, “all of a sudden”.
réidh: “quiet, smooth”, but here meaning “done for, finished”. Pronounced /re:gʹ/. Bhíomair réidh: “we would be done for, finished”, where the use of the preterite in conditional meaning is emphatic.
saghas: “sort, kind”. Cad é an saghas na daoine, “what sort of people they are”.
sainnt: “greed”. The traditional double n, not used in the CO, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/.
saor: “free”. Duine a thabhairt saor, “to free someone”.
sceón: “terror”, or scéin in the CO.
scriosaim, scrios: “to annihilate, blot out, destroy”, or scriosaim, scriosadh in the CO.
úil: iúl in the CO, “knowledge”. The word úmhail, “attention”, appears to have become confused with the dative of eól, producing úil. Rud a chur in úil do dhuine, “to let someone know something, to make someone realise something”.

An Mac agus a Mháthair

9. An Mac agus a Mháthair.

Audio: download (Maighréad Uí Lionáird, October 9th 2016)

Bhí an mac ar scoil agus ghuid sé leabhar ó scoláire eile. Nuair ’ tháinig sé abhaile agus an leabhar aige is amhlaidh a mhol an mháthair an gníomh a bhí déanta aige. Ba gheárr gur ghuid sé tuilleadh agus má ghuid do mhol sí níos feárr é.

Fé mar a neartaigh sé san aois do chruaigh sé sa ghadaíocht agus thug sé a lán nithe ba dhaoire ná a chéile chun a mháthar.

Fé dheireadh do rugadh air agus do daoradh chun a chrochta é. Bhí sé thuas ar an gcroich agus an téad féna mhuineál. Bhí a mháthair ’na seasamh ag bun na croiche agus í ag gol.

D’iarr sé ar an lucht cimeádta leogaint do focal do labhairt léi. Do leogadh in áirde í. Do chrom sé a cheann chun a cluaise mar ’ bheadh sé chun cogair a thabhairt di. In’ inead san is amhlaidh a rug sé ar chluais uirthi len’ fhiaclaibh. Do bhain sé an chluais ón gceann di!

Do scread a raibh láithreach le gráin ar a leithéid de ghníomh ag mac dá dhéanamh ar a mháthair agus é ag dul chun báis.

“Stadaidh, a dhaoine maithe,” ar seisean. “Cé is dó’ libh a thug chun na chroiche seo mise?” ar seisean. “Sin í ansan í,” ar seisean. “Dá ngabhadh sí orm go maith le slait an lá a ghuideas an leabhar ní ghuidfinn a thuilleadh agus ní bheinn anso anois.”

An Múineadh

Tosach an uilc is é is usa do chosc.

“Nuair ’ chruann an tslat is deocair í ’ shníomh.”

“Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.”

Foclóirín

crochaim, crochadh: “to hang”. Daortha chun a chrochta, “sentenced to be hanged”.
cruaim, cruachan: “to harden”. Do chruaigh sé sa ghadaíocht, possibly “he became set in his thieving ways”.
daoraim, daoradh: “to condemn, convict”.
guidim, guid: “to steal”. Spelt ghoid, ghuideas, ghuidfinn in the original. PUL inconsistently indicates an /i/ vowel by the spelling ui, but ui is standardised on in my editing here.
gráin: “disgust”.
lucht cimeádta: “guards”, or lucht coimeádta in the CO.
neartaím, neartú: “to strengthen”. Neartú san aois, “to grow up”.
ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht: “spare the rod and spoil the child”.
nuair ’ chruann an tslat is deocair í ’ shníomh: “when the branch hardens, it is hard to weave it”, i.e. “people are not as pliable when they are old; habits are formed when young”.
screadaim, screadadh: “to scream, shriek”.
tosach an uilc is é is usa do chosc: “evil is easier to prevent at the beginning than later on”. Also found as tosach an uilc is é is usa do leigheas.
uiriste, usa: “easy, easier”, or furasta, fusa in the CO. Fuiriste and fusa are also found in WM Irish, but the forms without f- seem more authentic.

Sliabh na mBan bhFionn 8

VIII.

“Táim ana-bhaoch díbh, a uaisle,” arsan bhean abhrais; “ní fios cathain a bheadh an méid sin oibre déanta agam dá mbeadh orm é ’ dhéanamh im aonar. Táim ana-bhaoch díbh, a uaisle!”

“Is ceart cómhar do dhíol, a bhean mhacánta,” arsan chéad bhean a tháinig isteach. “Dheinis-se dhúinne an oíche eile úd a bhíomair anso ní ná raibh ar ár gcumas féin a dhéanamh. Is é is lú is gann dúinne teacht agus an cúnamh so ’ thabhairt duitse. Ní fíos ná go mb’fhéidir go mbeadh gá againn led chabhair airís.”

“Agus is é is lú is gann dómhsa cabhair a thabhairt uaim pé uair a bheidh gá leis an gcabhair,” arsan bhean abhrais.

D’éiríodar go léir, agus thairrigeadar caipíní a gclócaí anuas ar a gceannachaibh, agus d’imíodar.

Do deineadh an obair chómh maith san gur tugadh fé ndeara ar fuaid na cómharsanachta feabhas na hoibre, agus gur mhéadaigh ar an gcúram a curtí ar an mnaoi abhrais sin. Thagadh an olann ’na beartaibh móra troma ag triall uirthi. Nuair a bhíodh an iomad den obair aici le déanamh, agus gan ar a cumas teacht air, pé dícheall a dhéanfadh sí ná pé áirneán a dhéanfadh sí, thagadh an mhórsheisear agus dheinidís an obair di.

Fé dheireadh tháinig an t-am ’na raibh an leanbh úd adúradh, go raibh sí ag dul chun báis, agus an bhuairt go léir ar a hathair agus ar a máthair. Ansan tháinig an t-am ’na raibh daoine tuisceanacha dhá rá nárbh í an leanbh féin a bhí ann in aon chor; gur fuadaíodh an leanbh féin, agus ná raibh sa leabhaidh ansúd ach iairlis a fágadh ann nuair a fuadaíodh an leanbh. Ansan tháinig an t-am agus fuair an iairlis bás.

Foclóirín

beart: “bundle”.

ceannacha: “facial features”, or ceannaithe in the CO. Pronounced /kʹə’nɑxə/.

cómhar: “combined work, cooperation”. Cómhar a dhíol le duine, “to return a service or favour to someone; or, to get your own back on someone”.

cúram: “care; commission, charge, task”. Cúram a chur ar dhuine, “to leave something to someone to do”. Do mhéadaigh ar an gcúram a curtí uirthi, “the amount of work/business sent to her increased”.

fuaid: ar fuaid, /erʹ fuədʹ/, “throughout”, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí).

gann: “scarce, scanty”. Is é is lú is gann dúinn é, “it is the least we can do”.

tairrigim: “to pull”, or tarraingím in the CO. Pronounced /tarʹigʹimʹ/. The various forms of this verb exhibit the same changes: the past is do thairrig /harʹigʹ/. This verb was in the first declension in PUL’s works (do thairrigeadar), where modern Munster Irish would have do thairrigíodar. The verbal noun is tarrac, /tɑrək/, rather than the form tarraingt used in the Standard. PUL used the classical spellings (tharraingeadar, etc) in the original.

uasal: “noble”. A uaisle, “ladies, gentlemen!” In other words, this word can refer to either sex, or to combinations of the two sexes.

Abraham

X. Abraham.

Do fágadh an túr gan críochnú agus d’imigh na daoine óna chéile ’na mbuínibh fé leith. Ag scaipeadh dhóibh do ghluais gach buíon go dtí go bhfuaradar talamh a thaithn leó agus do chuireadar fúthu ar an dtalamh san.

Do mhéadaíodar airís agus do leathadar. Fé mar a mhéadaíodar agus do leathadar do chuadar in olcas. Bhíodar tugtha don pheaca mar gheall ar an ndíobháil a bhí déanta ag peaca an tsínsir dá n-aigne. Thugadar cúl le toil Dé agus do leanadar a dtoil féin, i dtreó nár rófhada go rabhadar múchta i bpeacaíbh agus gan aon chuímhneamh acu ar Dhia ná ar an díbheirg a tháinig ar an ndomhan le línn aimsire Naoi. Bhí an díle agus an scrios a dhein sí imithe as a gceann. Thugadar a gcúl ar Dhia agus dheineadar déithe bréige dhóibh féin agus d’adhradar iad agus do ghluaiseadar ó aimhleas go haimhleas agus ó olcas go holcas go dtí go raibh díle eile tuíllte acu lena bpeacaíbh dá mb’é toil Dé í ’ chur orthu.

Do thárla, áfach, ar aon tsliocht amháin díobh, ar shliocht Heber, fear a bhí dílis do Dhia agus do chimeád é féin glan ón olc uathásach a bhí ’na thímpall. Abraham ab ainm don fhear san. B’é an naoú glúin é ó Naoi anuas. Bhí sé ’na chónaí i bhfochair a athar sa chathair dárbh ainm Úr na gCaldéach. Do labhair Dia leis sin agus duairt sé leis: “Imigh amach as do thír féin agus ód ghaoltaibh féin agus a teaghlach t’athar, agus tair isteach sa tír a thaispeánfadsa dhuit, agus déanfad cine mhór díot agus cuirfead mo bheannacht ort agus mórfad t’ainm agus beidh tú beannaithe. Beidh mo bheannachtsa ar an muíntir a churfidh a mbeannacht ort agus beidh mo mhallacht ar an muíntir a chuirfidh a mallacht ort, agus is ionatsa a beannófar cineacha an domhain go léir.”

Do dhein Abraham an rud aduairt Dia leis a dhéanamh. Do bhailigh sé a chuid agus d’imigh sé as an ndúthaigh sin. Do rug sé leis mac a dhriothár. Lot ab ainm don mhac driothár san. D’fhanadar tamall in áit dárbh ainm Haran. Ansan do ghluaiseadar airís agus thánadar isteach i dtír Chanaain. San áit sin a bhíodar nuair a labhair Dia airís le hAbraham agus aduairt sé leis: “Tabharfad an tír seo dod shliochtsa.” Agus do chuir Abraham altóir suas san áit sin, in onóir do Dhia agus dhein sé Dia d’adhradh ann. Na Canaanaigh is iad a bhí i seilbh na tíre sin an uair sin. Chuir Dia an rath ar Abraham agus ar Lot agus d’éirigh an saol leó agus bhíodar ana-shaibhir. Bhí mórán beithíoch acu agus tréadta móra caeireach agus ór agus airgead agus ollmhaitheas. Agus aon bhuíon amháin ab ea an dá mhuíntir.

De réir nóis na haimsire sin, san áit sin ní hamhlaidh a bhíodh seilbh fé leith ag éinne in aon chuid de thalamh na tíre ach a chuid stuic agus a thréadta féin a bheith ag gach duine, nú ag gach ceann muíntire, agus ansan neart a bheith ag gach duine ar a bheithíocha nú a thréadta do chomáint chun fosaíochta isteach san áit ab fheárr ’nar dhó’ leis a bheadh an fhosaíocht le fáil. D’fhágadh san, uaireanta, go mbíodh aighneas idir dhá mhuíntir féachaint cé aige ’na mbeadh an fhosaíocht fhónta.

D’éirigh aighneas den tsórd san idir na haeiríbh a bhí ag Lot agus na haeiríbh a bhí ag Abraham. Bhí gach buíon de sna haeiríbh a d’iarraidh a gcuid stuic féin do chur isteach sa bhfosaíocht ab fheárr agus a d’iarraidh na buíne eile agus a gcuid stuic do chimeád amach as an bhfosaíocht san.

Foclóirín

beithíoch: “beast; cattle (in the plural)”. Note the plural is variously given as beithígh and beithíocha in this work, with the former usage adopted in the CO.

Canaanach: “Canaanite”.

cine: “race, nation”. Note this word is feminine in Cork Irish. Also note the plural here, cineacha, where the CO has ciníocha.

cúl: “back”. Cúl a thabhairt le rud, “to forsake something, or turn aside from it”. Do chúl a thabhairt ar dhuine, “to turn your back on someone”.

díbheirg: “wrath, vengence”, originally written díbhfeirg, which makes the derivation from fearg clearer. Pronounced /dʹi:’vʹerʹigʹ/.

fágaim, fágáilt/fágaint: “to leave”, or fágaim, fágáil in the CO. D’fhágadh san, “that meant…”

fosaíocht: “grazing”.

glúin: “knee; generation”. The traditional nominative glún has been replaced by the dative glúin in Cork Irish; PUL is on record as stating he had never heard glún in the nominative. B’é an naoú glúin é ó Naoi anuas, “he was the ninth generation down from Noah”.

móraim, móradh: “to magnify, exalt”.

múchaim, múchadh: “to stifle, suffocate”. Múchta i bpeacaíbh, “up to their necks in sin”.

ollmhaitheas: “wealth, luxury”, pronounced /olə-vɑhəs/.

seilbh: “possession, occupancy”.

stoc: “stock, cattle”. The genitive is spelt stuic here, where the CO has stoic; the spelling is preserved as it shows the pronunciation accurately.

taithneann: taitníonn in the CO. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən/. The past is do thaithn, /də haŋʹ/.

tréad: “flock, herd”. The plural here is tréadta, where tréada stands in the CO.

tugtha do: “given to, dedicated to”, pronounced /tukə/. Also found as tabhartha do in Cork Irish.

Úr na gCaldéach: Ur of the Chaldees.

Sliabh na mBan bhFionn 7

VII.

Do thárla, roinnt aimsire ’na dhiaidh san, go raibh ualach mór olla aici airís le cíoradh agus le slámadh agus le sníomh agus le tochrais, go raibh eagal uirthi ná tiocfadh léi go deó na habhraisí ’ bheith ollamh in am aici don mhuíntir a chuir chúithi iad. Bhí lá ó mhaidin caite aici ag déanamh na hoibre, agus bhí éacht den obair gan déanamh agus an oíche ag titim. Thug sí léi solas áirneáin, agus shocraigh sí ar an oíche ’ thabhairt ag obair. Do las sí an solas, agus chrom sí ar an obair. Ní raibh sí i bhfad ag obair nuair a hoscladh an doras, agus bhuail chúithi isteach bean agus caipín a clóca amach ar a ceann aici. Dhein sí suas ar an áit ’n raibh an bhean abhrais ag obair, agus sháigh sí a dhá láimh san olann agus

“A bhean an bhréidín, más bréidín seo ar siúl agat,

Cíoram é, slámam é; ach is feárrde sinn cúnamh ’ fháil,”

ar sise. Ní raibh an dán beag ráite aici nuair a bhuail an tarna bean isteach, agus sháigh sí an dá láimh san olann, agus duairt sí an leathrann céanna. Níorbh fhada go raibh an mhórsheisear acu istigh, agus na lámha sáite san olann acu, agus iad ag obair go tiubh. Bhí ’ fhios ag an mnaoi abhrais go maith cérbh iad a bhí aici, agus bhí áthas mór uirthi, mar bhí ’ fhios aici nárbh fhada go mbeadh an obair go léir déanta, agus déanta go maith.

Chomáineadar leó ag obair, go dtí go raibh an tslamairc dheirineach den olann ’na snáth, agus an snáth deirineach tochraiste ar an gceirthlín deirineach, agus an ceirthlín sin caite ar an gcruaich ceirthlíní a bhí fásta sa chúinne.

Foclóirín

abhras: “the wool or flax to be woven into a garment; yarn; bundle of yarn”. Bean abhras, “spinner”.
dán: “poem”.
déanamh suas ar áit: “to go up to a place”.
deirineach: “last”, or deireanach in the CO, pronounced /dʹerʹinʹəx/.
éacht: “feat, exploit; a great number of quantity of something”.
rann: “verse”. Leathrann, “couplet, distich; half a quatrain”.
sáim, sá: “to plunge, thrust”, with the preterite sháigh /hɑ:gʹ/ .
slamairc: “a handful or a soft lump of something, e.g. of wool for teasing out”, apparently slaimice in the CO.

Meascadh Úrlabhra

IX.

Meascadh Úrlabhra.

Bhíodar go léir ag obair ar a ndícheall agus fuadar árd fúthu, agus fé mar a bhí an túr ag dul in aoirde bhí an fuadar ag dul i ndéine agus an fonn chun na hoibre ag dul i neartmhaire, agus tuilleadh daoine ag luí isteach san obair in aghaidh an lae. In inead aon tuirse ’ theacht orthu is amhlaidh a bhí flosc agus dásacht ag méadú orthu agus an obair féin ag cur misnigh orthu agus iad ag cur misnigh ar a chéile. Fé dheireadh, i lár an fhuadair agus an mhisnigh, do thit ní míorúilteach amach dóibh. Tháinig rud éigin ar a gcainnt i dtreó ná tuigeadh duine acu cad ’deireadh duine eile acu! Do labhradar airís agus airís eile lena chéile. Ní raibh aon mhaith ann. Nuair ’ iarradh saor rud ní fheidir an fear fritheálmha cad a bhíodh uaidh. Nuair a thugadh an fear fritheálmha freagra ní thuigeadh an saor an freagra. Do stadadar ag féachaint ar a chéile ar feadh tamaill. Dheineadar iarracht airís ar chainnt lena chéile. Bhí an tarna hiarracht níba dhona ná an chéad iarracht má b’fhéidir é. Is amhlaidh a bhí an meascán mearaí ag dul in olcas eatarthu. B’éigin dóibh éirí as an obair. “Bhí,” mar adeir an file, Seán Ó Conaill, “teanga fé leith i mbéal gach éinne.” Bhíodar ’na mbuínibh fé leith. Do thuigeadh muíntir gach buíne a chéile, ach ní thuigeadh lucht buíne acu aon fhocal ó lucht buíne eile. B’éigin do sna buínibh imeacht óna chéile. Do ghoibh gach duine leis an mbuín ’nar thuig sé a gcainnt. Níor fhéad aon bhuíon acu cómhluadar ná cómhobair a dhéanamh le haon bhuín eile. Thug buíon acu aghaidh soir agus buíon agaidh siar, buíon aghaidh ó thuaidh agus buíon aghaidh ó dheas agus ar an gcuma san do scaipeadh iad fé cheithre hárdaibh an domhain, agus d’fhan an obair mar a fágadh í.

Babel a tugadh mar ainm ar an dtúr. Ciallaíonn “Babel” meascán mearaí, nú cur thrí chéile. Ní gan fáth a tugadh an ainm. Do chuir an meascadh úrlabhra úd meascán mearaí agus cur thrí chéile i gceart ar an muíntir a bhí ag déanamh an túir, agus níor bhréag túr Bhabel a thabhairt air.

Míorúilt mhór ó Dhia ab ea an meascadh úrlabhra san. Dhá mhíle blian ’na dhiadh san, nú mar sin, do dhein Dia mírúilt mhór eile úrlabhra. Tá difríocht idir an dá mhíorúilt. Do chuir an chéad mhíorúilt daoine do thuig cainnt a chéile ó chainnt a chéile do thuiscint. Do chuir an tarna míorúilt ar chumas na nAspal agus na ndeisceabal cainnt do labhairt agus do thuiscint nár thuigeadar agus nár labhradar riamh roimis sin. Do chuir an chéad mhíorúilt scaipeadh agus fán ar dhaoine a bhí a cur a dtoile féin i gcoinnibh toile Dé agus ag déanamh oibre nár thoil le Dia a déanfí. Do chuir an tarna míorúilt ar chumas na nAspal agus na ndeisceabal, na gínte ’ bhí scaipithe ar fán ó Dhia do thabhairt chun Dé, glaoch orthu as a gcainnt féin, as an gcainnt ab fheárr a thuigfidís, agus iad do bhailiú isteach san Eaglais, isteach sa túr a chuir Críost suas chun na cine daonna do thabhairt slán ó dhíle an pheaca. Do chuir an chéad mhíorúilt cosc le túr Bhabel, an túr ná féadfadh choíche dul chómh hárd leis an spéir, pé saothar a déanfí air ná pé ealaí do himreófí air. Do chabhraigh an tarna míorúilt le túr Chríost, túr na hEagailse, do chur suas, an túr a deineadh chómh hárd, ní hamháin leis an spéir ach le ríocht na bhflaitheas féin, an túr atá ’na dhíon agus ’na chosnamh don chine daonna agus ná féadfaidh díle an pheaca é ’ leagadh go deó, marab ionann agus an túr úd Bhabel go leagfadh díle uisce é, nú luascadh talún, pé neart ná pé téagar a bheadh ann.

Is é túr Bhabel túr an éithigh, túr an uabhair, túr na heasúmhlaíochta, an túr ’na bhfuil sé de chrann agus de mhí-ádh air nách féidir dá mhuíntir aigne a chéile do thuiscint. Nuair a labhrann duine acu ní hí an chiall a bhíonn in aigne do chítear ’na chainnt ach ciall a bhíonn buin-ois-ciúnn ar fad léi. Is é túr Chríost túr na fírinne, agus tuigid a mhuíntir aigne a chéile mar ’ thuigid siad cainnt a chéile.

Foclóirín

aghaidh: “face”, pronounced /əigʹ/. Aghaidh a thabhairt (ar), “to make for, head for”.
áird: “direction”. Fé cheithre hárdaibh an domhain, “to the four winds, in all directions”. I’m not sure precisely why it is ; if anyone has a view on this, I would like to know it!
aspal: “apostle”.
buin-ois-ciúnn: “upside down, awry”, or bunoscionn in the CO. Buin-ois-ciúnn le, “at variance with, contrary to”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
cómhluadar: “company, society”. Cómhluadar a dhéanamh le duine, “to associate with someone”.
cómhobair: “cooperation, work in common”. Note that cómh- usually prefixes an n to a vowel in Cork Irish, but I don’t have any direct evidence as yet of the pronunciation of this word.
crann: “tree”, but also “lot, fate”, especially a bad lot or fate. Bhí sé de chrann orthu, “they had the misfortune to (whatever)”.
cuirim, cur: “to put”. Rud a chur ar dhuine, “to force someone to do something”. Duine a chur ó rud a dhéanamh, “to put someone off of doing something, or prevent him from doing it”.
cur thrí chéile: “confusion”, or cur trí chéile in the CO, pronounced /kur hrʹi: xʹe:lʹi/.
dásacht: “daring, audacity”.
déine: “vehemence, intensity”. Ag dul i ndéine, “becoming more intense”.
deisceabal: “disciple”.
díon: “roof”, or, by extension, “shelter”.
dona: “wretched, unfortunate”.
eaglais: “church”. The genitive is traditionally eagailse where the CO has eaglaise. Shán Ó Cuív’s transcription in leitiriú shímplí indicate a pronuncation /ɑgilʹʃi/, but I suspect an epenthetic vowel is possible after the l.
ealaí: “art, skill”, or ealaín in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
easúmhlaíocht: “disobedience”.
éitheach: “falsehood”.
fán: “wandering, vagrancy”. Ar fán ó Dhia, “going astray from God”.
feadar: “know, wonder”, usually used in the negative. While this verb is spelt ní fheadair sé in both the present  and past tense meanings in the CO, there was traditionally a distinction between ní fheadair sé, present tense, and ní fheidir sé, past tense, pronounced /nʹi: edʹirʹ ʃe:/.
fé leith: “separate”, or faoi leith in the CO.
flosc: “eagerness, zest”.
fonn: “desire, inclination, urge”.
fuadar: “rush, activity”. Fuadar a bheith fé dhuine, “to be in a rush, busily engaged in something”.
gabhaim, gabháil: “to go” (and many other meaning). The preterite, spelt ghabh in the CO, is edited as ghoibh here, pronounced /ɣovʹ/.
gínte: “heathens, pagan peoples”. This word is the plural of gin, “birth, foetus”, but is found in the plural in the meaning of “heathens”.
imrim, imirt: “to play”, or imrím, imirt in the CO. Rud a dh’imirt air, “to bring something to bear on it, to apply something to it”. I have found attestion of the first conjugation for this verb in PUL’s works in the present (imreann) and preterite (d’imreas), but the future and conditional forms have the second conjugational endings (imreód, imreóinn, and, as here, imreófí). Also note the epenthetic vowel between the m and the r: /imʹirʹimʹ, imʹirtʹ/.
leagaim, leagadh: “to fell or bring down”, or leagaim, leagan in the CO.
luascadh talún: “earthquake”.
mara: “if not”, or muna in the CO. Both mara and mura are found in PUL’s works. Mara becomes marab in copular usage before a vowel. Marab ionann agus, “unlike”.
mearaí: “bewilderment”.
meascaim, meascadh: “to mix”. Meascadh úrlabhra, “confusion of tongues”.
meascán: “muddle”. Meascán mearaí, “bewilderment”.
míorúilt: “miracle”, pronounced /mʹi:’ru:hlʹ/.
mí ádh: “bad luck”, pronounced /mʹi:’ɑ:/. Bhí sé de mhí-ádh orthu, “they had the bad luck to (whatever)”.
míorúilteach: “miraculous”.
misneach: “courage”. Misneach a chur ar dhuine, “to encourage someone”.
neartmhaire: “strength”. Ag dul i neartmhaire, “getting stronger”.
níos: “more”. Note the past tense form níba, which is not used in the CO.
nú mar sin: “or thereabouts”.
olcas: “badness”. Ag dul in olcas, “getting worse”.
pé: “whatever”. Pé téagar a bheadh ann, “however strong or substantial it might be”.
saor: “craftsman”.
scaipim, scaipeadh: “to scatter”.
Seán Ó Conaill: the seventeenth-century bishop of Kerry and poet of this name, who wrote Tuireamh na hÉireann (“the Dirge of Ireland”). The reference here is to stanza 15, although the quotation is not exact. The original was bhí caint fo leith a m-béal gach aen-ne.
tarna: “second”, or dara in the CO.
téagar: “bulk, substance, strength”.

Sliabh na mBan bhFionn 6

VI.

Nuair a dhúisigh sí as a codladh, bhí sé ’na lá gheal. Chruinnigh sí a meabhair, agus d’fhéach sí ’na tímpall. Ní raibh duine ná daonnaí sa tigh ach í féin. Bhí an mhórsheisear imithe. D’fhéach sí i dtreó na leapan. Ní raibh éinne sa leabaidh. D’fhéach sí i dtreó na háite ’nar cheart an chruach mhór olla ’ bheith ann. Ní raibh aon phioc den olann ann, ach bhí cruach bhreá mhór ’ cheirthlíní in inead na holla. Ansan do thuig sí gur dhein an mhórsheisear ban an obair go léir, agus nuair a bhí an obair déanta acu gur imíodar agus ise ’na codladh. Ag machnamh di ansan orthu, agus dhá dtabhairt chun a cuímhinte, do thuig si ’na haigne ná feacaigh sí riamh ’na súilibh cínn mná ba bhreátha ná iad; ach b’í an t-ochtú bean, an bhean a cuireadh sa leabaidh, an bhean ba bhreátha dhíobh go léir. D’fhéachadar go léir, an mhórsheisear, breá thar na beartaibh go dtí gur chuímhigh sí i gceart ar an mnaoi a thug sí as an laige. Mná breátha, mná fíorbhreátha, ab ea an mhórsheisear, dá mba ná beadh ann ach iad. Ach in aice na mná a bhí sa leabaidh mná gránna ab ea iad.

Ach cérbh í an bhean álainn óg a bhí sa leabhaidh? Agus cad fé ndeara don lagachar úd teacht uirthi? Agus cad fé ndeara dhi gan aon fhocal do labhairt? Nú cad a thug ann in aon chor í? Níor dheallraigh sí gur bhain sí leis an gcuid eile acu. Ba dhó’ le duine orthu gurbh amhlaidh a fuaradar lasmu’ in áit éigin í, agus í sa bhfanntais, agus gur thugadar leó isteach í chun í ’ thabhairt as an bhfanntais. Sin mar a bhí an bhean abhrais ag machnamh ar an scéal, agus é ag teip uirthi tón ná ceann ’ fháil air. B’éigin di éirí as.

Foclóirín

ar: “on”. Ba dhó’ le duine orthu, “you would think from looking at them”.
beart: “move, action”. Thar na beartaibh, “beyond expectation, i.e. exceedingly”.
cruach: “heap”.
cuímhne: “memory”. The genitive cuímhinte is noteworthy here; other works by PUL use cuímhin in the genitive. Rud a thabhairt chun do chuíminte, “to bring something to mind”. Pronounced /ki:nʹi, ki:ntʹi/.
daonnaí: “human being”.
deallraím, deallramh: “to seem, appear”, or dealraím, dealramh in the CO. The historical double ll is needed to show the diphthong: /dʹau’ri:mʹ, dʹaurəv/.
fanntais: “faint, swoon; a fainting fit”.
geal: “bright”. Bhí sé ’na lá gheal, “it was broad daylight”.
gránna: “ugly”.
lagachar: “weakness, faintness”.
laige: “weakness”. Duine a thabhairt as an laige, “to bring someone round after fainting”.
lasmu’: “outside”, or lasmuigh in the CO. Pronounced /lɑs’mu/.
leabaidh: “bed”, or leaba in the CO. The traditional dative has replaced the nominative in Cork Irish. Pronounced /lʹabigʹ/. The genitive here is leapan, where the CO has leapa.
meabhair: “mind”. Do mheabhair a chruinniú, “to collect your thoughts”.
súil: “eye”. ’Na súilibh cínn, literally “in the eyes of her head”, i.e., “in her eyes”.
tón: “bottom”, or tóin in the CO. Tón nú ceann a dh’fháil ar rud, “to make head or tail of something”.

Na Froganna a’ Lorg Rí

8. Na Froganna a’ Lorg Rí.

Audio: download (Maighréad Uí Lionáird, October 9th 2016)

Bhí loch breá mór fairsiog i lár machaire, agus é lán ó thaobh taobh d’fhrogannaibh. Froganna breátha sleamhaine beathaithe ab ea iad. Bhí cuid acu mór agus cuid acu beag, cuid acu óg agus cuid acu críonna, cuid acu buí agus cuid acu crón. Ach beag agus mór dóibh, buí agus crón dóibh, óg agus críonna dhóibh, ní raibh oiread agus aon fhrog amháin acu go raibh buairt ná brón ná easpa sláinte air. Ní raibh de ghnó ná d’obair ná de chúram orthu, ó mhaidin go hoíche ach bheith ag snámh anonn ’s anall tríd an uisce, nú ag caitheamh trí léim táilliúra de dhruím a chéile, nú dhá n-iomlasc féin sa ghlóthaigh. Dar leó níor deineadh ceól sí riamh ba bhreátha ná an ceól a bhíodh acu agus iad ag crónán agus ag cnádán agus ag cneadaigh, mórthímpall an locha. Do cluintí an dórd seacht n-acra ón loch, i dtreó, nuair ’ bhíodh an mada rua nú an giorrae ag teacht abhaile ón bhfiach go stadaidís tamall ag éisteacht leis an bhfoghar mbreá.

Dá fheabhas a bhí an saol acu ní rabhadar sásta. Thuigeadar ’na n-aigne go raibh aon easnamh amháin orthu agus ná raibh maith ar bith in aon ní dá raibh acu muna leighisfí an t-easnamh san dóibh.

B’é easnamh é sin ná iad do bheith gan rí os a gciúnn. “Is trua,” ar siad, “gan rí uasal os ár gciúnn, agus é ’na shuí ’na chathaoir ríoga, agus a choróinn ríoga ar a cheann aige, agus é ag déanamh dlithe agus rialta dhúinn!”

Is é Iupiter do dheineadh agus do bhriseadh ríthe san am san. Thiomáineadar teachtaireacht ag triall ar Iupiter dhá iarraidh air rí ’ thabhairt dóibh. “Imigh,” arsa Iupiter lena ghiolla, “agus tabhair rí dhóibh siúd.” “Cad é an rí a thabharfad dóibh” arsan giolla. “Déanfaidh sail mhaith mhór ghiúise a ngnó,” arsa Iupiter.

D’imigh an giolla agus d’aimsigh sé sail mhór ghiúise agus thug sé leis í agus chaith sé chúthu isteach í, i lár an locha. Nuair ’ thit an tsail sa loch do stealladh an t-uisce sa spéir agus do baineadh a leithéid sin de gheit as na frogannaibh gur shádar iad féin d’aon tsá amháin síos ins a’ draoib a bhí i mbun an locha, agus ná raibh gíocs ná míocs astu go ceann i bhfad.

Fé dheireadh, nuair nár airíodar a thuilleadh fothraim, do thóg frog acu a cheann agus d’fhéach sé suas. Bhí an tsail ansúd sínte ar bárr uisce agus gan cor ná leid aici dá chur di. Do ghlaeigh an frog san láithreach ar an gcuid eile. “Éirídh,” ar seisean, “agus téanam go bhfeiceam an rí!”

D’éiríodar, go maol agus go modhúil ar dtúis. Thánadar go réidh i dtreó na saile. Do shnámhadar ’na tímpall agus fan a dhá taobh síos agus suas. Ansan do shnámhadar treasna fúithi anonn agus anall. Níor chuir sí cor di, ní nách iúnadh. Ba gheárr gur chuadar i ndánacht. Ba gheárr gur léim frog acu in áirde uirthi. Ba gheárr go rabhadar in áirde uirthi ’na bhfichidibh. Níor chuir sise cor di.

“Ach!” ar siad, “níl sa rí seo ach rí gan mhaith!”

Thiomáineadar teachtaireacht eile ag triall ar Iupiter dhá iarraidh air rí do chur chúthu “go mbeadh gníomh ann.”

“Imigh,” arsa Iupiter lena ghiolla, “agus tabhair dóibh siúd rí go mbeidh gníomh ann.”

D’imigh an giolla agus thug sé leis athair nímhe, árrachtaí de phéist mhór chraosach, agus chaith sé sa loch chúthu an phiast. Ní túisce ’ thúirlic an phiast sa loch ná ghluais sí i ndiaidh na bhfroganna dhá n-ithe ar a dícheall.

Do liúdar ar Iupiter an phiast do thógáilt uathu. “B’fhéidir,” arsa Iupiter, “dá olcas é go dtiocfadh rí ba mheasa ná é ’na dhiaidh chúibh.”

“Á!” ar siad. “Is trua chráite nár fhanamair mar ’ bhí againn ar dtúis. Is maith is cuímhin linn a fheabhas a bhí an saol againn!”

“An té ná beidh ciall aige beidh cuímhne aige,” arsa Iupiter leó.

Foclóirín

acra: “acre”, pronounced /ɑkərə/.

árrachtaí: “monster; giant; a voracious animal”, or arracht in the CO. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows this word is also commonly used with a very different meaning, “a good-for-nothing, puny person”.

athair nímhe: “venomous snake”, or nathair nimhe in the CO. Nathair is clearly the original word, but an nathair has become an athair along the same lines that a norange became an orange in English centuries ago. PUL was insistent that nathair nímhe was not what was said in the Gaeltacht, although I have yet to find out if his knowledge on this extended outside the Cork Gaeltacht.

beathaithe: “well-fed”.

cluinim: “I hear”. The imperfect autonomous is found here: do cluintí, “it used to be heard”. The use of this form appears exceptional, as cluinim is associated with Northern Irish. Do cloistí or d’airítí are other alternatives that could have been employed here.

cnádánaim, cnádán: “to croak, make a disagreeable noise”. Note that Ó Dónaill’s dictionary only gives cnádán, but not the verb itself, which may therefore be rare.

cneadaim, cneadach: “to groan, grunt”. As a feminine verbal noun ending in -ach, the verbal noun becomes ag cneadaigh, /ə knʹadigʹ/, a distinction not observed in the CO.

cor: “throw, cast”. Cor a chur díot, “to budge”.

coróinn: “crown”, or coróin in the CO. Pronounced /kro:ŋʹ/ (i.e. a monosyllable).

craosach: “ravening, voracious”.

crón: “nut-brown, copper-coloured, tan, tawny”.The foclóirín in the 1903 edition says crón is the colour of strong tea.

crónán: “humming, droning”.

dánacht: “daring, audacity”. Dul i ndánacht, “to grow bolder, more daring”.

de dhruím: “over”, or de dhroim in the CO.

dlí: “law”, with the plural here dlithe /dlʹihi/, where the CO has dlíthe.

dórd: “hum, buzz, drone”.

draoib: “mud”, pronounced /dri:bʹ/.

easnamh: “lack, want, something missing”, pronounced /ɑsnəv/.

fairsiog: “wide, ample”, or fairsing in the CO. Pronounced /fɑrʃəg.

fiach: “hunting”.

fiche: “twenty”. ’Na bhfichidibh, “in scores, by scores; scores of them at a time”.

foghar: “sound”.

fothram: “noise”, pronounced /fohərəm/.

geárr: “short”. Ba gheárr go, “it was not long before”.

geit: “a jump or start”. Geit a bhaint as duine, “to give someone a fright”.

gíocs: “a peep”, or gíog in the CO. Ní raibh gíocs ná míocs astu, “there wasn’t a peep out of them”.

giolla: “servant, boy”.

giúis: “pine, pinewood”.

glóthach: “viscous matter, jelly, slime”, here referring to “slimy mud”. Glóthaigh is the dative.

gníomh: “act, action”. Here gníomh ann means “who could really do something, who is really up to the job”.

iomlascaim, iomlasc: “to roll or wallow”, pronounced /umələskimʹ, umələsk/.

Iupiter: Jupiter, the king of the Roman gods.

leid: “a move or a stir”. Leid a chur díot, “to move or stir”.

leighisim, leigheas: “to remedy, cure”, where the CO has leigheasaim.

machaire: “plain” (the noun).

maol: “bald”, but the essential meaning is “lacking in something”, and so go maol means “in a shy way; gingerly”.

míocs: “a cheep or chirp”, or míog in the CO. See gíocs.

modhúil: “mannerly, well-behaved, gentle”. Pronounced /moulʹ/.

piast: “worm”, or by extension “serpent”. Note that the dative péist has replaced the nominative in the CO.

riail: “rule, regulation”, with the plural here rialta, where rialacha stands in the CO. Rialta is an adjective in the CO, meaning “regular”.

ríoga: “royal, regal”. Cathaoir ríoga, “throne”.

sá: “thrust”. D’aon tsá amháin, “in one thrust”.

sail: “beam, joist”.

sáim, sá: “to thrust”.

sí: “fairy, fairy-mound”. Ceól sí, “fairy music, enchanting music”.

sleamhain: “slippery, sleek”. Pronounced /ʃlʹaunʹ/.

steallaim, stealladh: “to dash, bash, pitch”. Here the water was pitched up into the air.

táilliúir: “tailor”. Ag caitheamh trí léim táilliúra de dhruím a chéile, literally, “throwing three tailor’s leaps over each other”, i.e. “leapfrogging over one another”.

tiomáinim, tiomáint: “to drive”. Teachtaireacht a thiomáint ag triall ar dhuine, “to send a message to someone”. PUL uses both tiomáint and comáint in this works, but tiomáint is the form found in the CO. Pronounced with a broad t, /tə’mɑ:nʹimʹ, tə’mɑ:ntʹ/.

treasna: “across”, or trasna in the CO.

trua chráite: “a crying shame”.

túirligím, túirleacan: “to descend, alight”, or tuirlingím, tuirlingt in the CO.

Catilína 2

II.

As san, i dtosach bárra, d’oibríodh cuid de sna ríthibh (mar sin é ainm a bhí ar dtúis ar fhórlamhas) a n-aigne agus d’oibríodh cuid acu neart a gcuirp: agus an uair sin, leis, do mhaireadh na daoine gan sainnt; gach duine sásta lena chuid féin. ’Na dhiaidh san, áfach, nuair a thosnaigh Cúrus san Ásia, agus na Lacedemónaigh sa Ghréig, ar chathrachaibh agus ar ghíntibh do thabhairt féna smacht agus ar chogadh ’ dhéanamh le corp dúil i bhfórlamhas agus ar a thuiscint ’na n-aigne gur san ímpireacht ba mhó a bhí an clú ba mhó, ansan is ea do tuigeadh, trí mhéid na cúntúirthe agus trí iomadúlacht na ngnóthaí, gur ar neart aigne is mó a bhíonn cogadh ag brath. Agus dá mbeadh neart aigne na ríthe agus na n-ímpirí ag obair chómh láidir in am síochána agus a bhíonn sé nuair a bhíonn cogadh á dhéanamh, bheadh gnó na ndaoine níos socra agus níor leanúnaí de réir a chéile, in inead nithe ’ bheith ag gabháil buin-ois-ciúnn lena chéile agus ag athrú agus ag meascadh ar a chéile mar a chítear. Mar, an saothar céanna lena bhfuaradh an fórlamhas, is leis a cimeádtar é. Ach nuair a thagann leisce in inead an tsaothair, agus nuair a thagann uabhar agus drúis in inead cirt agus dea-iompair imíonn an séan agus na dea-bhéasa in éineacht. Ar an gcuma san téann cómhacht i gcónaí chun an fhir is feárr, ón té ná fuil chómh maith leis.

Nuair a deintear treabhadh, nú luíngseóireacht, nú foirineamh, géilleann gach ní do neart na haigne. Ach tá mórán daoine agus níl suím acu ach ’na mbolg, gan múineadh gan oiliúint caithid siad a mbeatha ar nós lucht fáin, bréagnaíd siad nádúr an duine, mar sa cholainn a bhíonn a sólás agus is ualach dóibh a n-aigne. Dar liom is cuma beó nú marbh iad mar ní bhíonn trácht beó ná marbh orthu. Deirim le fírinne, gurb é duine atá beó, agus a mhothaíonn a bheatha, ná an té atá sáite in obair éigin agus atá ag déanamh a dhíchill chun clú ’ chur in áirithe dho féin le gníomh uasal nú le healaín fhónta. Táid na n-oibreacha le déanamh iomadúil, ach cuirfidh a nádúr féin duine ar obair agus duine eile ar obair eile.

Foclóirín

as san: “thence, therefore”.
Ásia: “Asia”, or Áise in the CO. The traditional word, given in Dinneen’s dictionary, was Áis. Note PUL does not normally use Irish terms for words and concepts not used in traditional Irish culture. You could argue that Ásia is pronounced the same as Áise, but clearly PUL thinks he is just Gaelicising the English word here.
bárra:i dtosasch bárra, “at the onset”. Bárra is derived from báire, “a game; a hurling match”, but the pronunciation is /bɑ:rə/ in this phrase. I dtús báire is found in the CO.
buin-ois-ciúnn: “upside down, awry”, or bunoscionn in the CO. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/. Rudaí a ghabháil buin-ois-ciúnn lena chéile, “for things to get confused and topsy-turvy”.
cimeádaim, cimeád: “to keep”, or coimeádaim, coimeád in the CO. Pronounced /kʹi’mʹa:dimʹ, kʹi’mʹa:d/.
colann: “body”, with colainn here the dative.
corp: “body”, but used in the phrase le corp to refer to the emotion or motivation with which something is done: le corp dúil i rud, “out of a desire for something”.
cúntúirt: “danger”, or contúirt in the CO. The genitive was spelt contabhartha in the original, but is edited here as cúntúirthe, pronounced /ku:n’tu:rhə/.
Cúrus: Cyrus, Persian emperor, who lived ca. 600 BC-530 BC. The leitiriú shímplí version by Osborn Bergin would imply a pronunciation /kʹi:rəs/, but that may reflect the influence of the English Cyrus, as the original Old Persian word was closer to the spelling used by PUL.
de réir a chéile: “regular; in due order”.
dea-iompar: “good conduct”, pronounced /dʹa-u:mpər/.
drúis: “lust”.
ealaí: “art, skill”, or ealaín in the CO. Ealaín here is the dative, which has replaced the nominative in the CO.
fán: “wandering, vagrancy”. Lucht fáin, “wanderers, vagrants”.
foirineamh: “building, structure”, or foirgneamh in the CO. Note this word is used here to mean “construction”, where it seems foirgníocht would be the CO word. Also note that the original used the spelling foirgneamh, and Osborn Bergin’s leitiriú shímplí shows a g in the pronunciation, but The Irish of West Muskerry, a more authoritative source, based on the Irish of Amhlaoibh Ó Loingsigh, shows the g is lost in pronunciation, so the word has been edited here accordingly. Pronounced /firʹinʹəv/.
fórlamhas: “supremacy, domination, authority”, or forlámhas in the CO. Pronounced /fo:rləvəs/.
gínte: “nations”. This word is the plural of gin, “birth, foetus”, but is found in the plural in the meaning of “nations, peoples”.
Gréig: “Greece”.
ímpire: “emperor”.
ímpireacht: “empire”.
in áirithe: “guaranteed, reserved”. Rud a chur in áirithe dhuit, “to secure something for yourself”.
inead: “place”, or ionad in the CO. Pronounced /inʹəd/. In inead, “instead of”.
Lacedemónach: “Lacedaemonian”, a native of the area of Greece centring on Sparta.
lucht: “people”, pronounced /loxt/. I was in two minds whether to edit as locht, but there is another word locht, so left as is for now.
luíngseóireacht: “seafaring, navigation”, or loingseoireacht in the CO.
oibrím, oibriú: “to work, operate”. Pronounced /ebʹi’rʹi:mʹ, ebʹi’rʹu:/. D’oibrigh sé a aigne, “he applied his mind”.
sáim, sá: “to stick”. Sáite i rud, “immersed in something, e.g. work”.
sainnt: “greed”, or saint in the CO. The double n is preserved here to indicate the diphthong, /saintʹ/.
treabhaim, treabhadh: “to plough”. Pronounced /trʹaumʹ, trʹau/. The sense here is that in everything, including in agriculture, mental ability plays a key part.
uabhar: “pride, arrogance”, pronounced /uər/.

Catilína 1

Cúntas ar Chogadh Chatilína ó Chaius Salustius Crispus.

I.

Gach treabhchas daoine lenar mian iad féin a bheith os ciúnn na n-ainmhithe eile ní foláir dóibh dícheall a dhéanamh ar gan a saol do chaitheamh i ndíth úrlabhra mar a chaithid na beithígh do cumadh ar cromadh agus gan uathu ach a mbolg do shásamh. Ní mar sin dúinne. Tá dhá shaghas nirt ionainn, neart aigne agus neart cuirp. Neart aigne chun stiúraithe; neart cuirp chun oibre. Neart aigne mar aon le déithibh; neart cuirp mar aon leis an mbeithíoch.

Uime sin is cirte, dar liomsa, clú do lorg a neart na haigne ná a neart an chuirp, agus, ós ní nách buan beatha an chuirp, ár gclú ’ dhéanamh chómh buan agus is féidir é. Clú neambuan, gan ghus, a gheibhtear a saibhreas nú a háilleacht cuirp. Clú marthanach a gheibhtear a háilleacht aigne agus a neart aigne.

Ach is fada á phlé idir dhaoinibh é ceoca le neart cuirp nú le neart aigne is mó a curtar gnóthaí cogaidh chun cínn. Óir sara dtosnaítear ní foláir cómhairle. Ansan, tar éis na cómhairle, ní foláir an gníomh go tapaidh. Mar sin, a láimh a chéile a dh’oibríd siad araon.

Foclóirín

a: “from”, or as in the CO.

a láimh a chéile: “in collusion, working together, by joint operation”, ie. as láimh a chéile. Note this is also found as a lámhaibh a chéile, the pronunciation of which is identical.

ar cromadh: “bending, crouching”.

gus: “energy, vigour”. Clú gan ghus, “a fading fame without staying power”.

i ndíth úrlabhra: the English version of Catilina says “in obscurity”; it seems the point being made here is “with no reflection on life, with no mental achievement or investment in life, with no discussion, debate on it”.

marthanach: “lasting, enduring”.

neambuan: “fleeting, transient”, or neamhbhuan in the CO. Pronounced /nʹa’muən/.

tapaidh: “quick”, or tapa in the CO. Pronounced /tɑpigʹ/.