Don Cíochóté 1

Don Cíochóté

An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canónach, S.P.
do scríbh ón scéal Spainneach.

Seo mar a Thárla

Tímpall cheithre bliana fichead ó shin bhíos thiar i gCíll Chaoi ag an sáile. Do bhuail umam ann, agus me ag siúl go réidh ar bruach na farraige, fear a bhí ag siúl ar an gcuma gcéanna. Do labhramair. Níorbh fhada, sa chainnt dúinn, gur thuigeas féin gur Spáinneach é. Chromas ar thrácht ar an Spáinn; ar chlaínn Mhíle a tháinig go hÉirinn fadó ón Spáinn; ar an gcogadh mór a bhí sa Spáinn in aimsir Bhónapart; ar na tréithe Spáinneacha atá le feiscint, anois féin, ’na lán de sna daoine a rugadh agus a tógadh sa chúinne sin thiar theas den oileán so na hÉireann; agus mar sin.

Sa chainnt dom leis chuireas ceisteanna chuige i dtaobh na Spáinnise; ansan, i dtaobh scríbhinní na Spáinnise, agus i dtaobh léinn na Spáinnise, agus i dtaobh na leabhar agus na n-údar atá acu sa Spáinnis. Bhí sé ag freagairt na gceisteanna dhom, agus ba mhaith chuige é agus ba thuisceanach. Fé dheireadh chuireas ceist éigin chuige i dtaobh “Don Quixote.”

“Don Quixote; Don Quixote;” ar seisean agus é ag machnamh. “Ní heól dom aon údar Spáinneach, ná aon leabhar Spáinneach, ná aon fhocal Spáinneach den tsórd san,” ar seisean agus iúnadh air. “Níor airíos riamh an focal san ‘Quixote,’” ar seisean.

“Ó,” arsa mise, “ní foláir nú d’airís. Scéal is ea é atá leata ar fuaid na hIúróipe go léir. Míguél Cerbhantés ainm an fhir do scríbh an leabhar.”

“Ó!” ar seisean, agus thug sé léim ón dtalamh, “‘Don Cíochóté’ atá ar siúl agat! ‘Don Cíochóté’; ar nóin d’airigh gach éinne teacht thairis sin!”

Thuigeas-sa im aigne an uair sin gur “Don Cíochóté” an ainm cheart, agus gur loit muíntir an Bhéarla é nuair a dheineadar “Don Quixote” de, agus go raibh an lot chómh tiubaisteach san nár aithin an Spáinneach féin é nuair ’ airigh sé é!

D’fhan an méid sin scéil im aigne riamh ó shin, go dtí leathbhliain ó shin, nuair a chuímhníos gur mhaith an rud an scéal Spáinneach san do chur síos i nGaelainn. Ansan do thuigeas, dá mbeadh aon tseans go gcasfí an Ghaelainn sin agus an Spáinneach úd ar a chéile, gur mhaith an rud “Don Cíochóté,” an ainm a thug sé dhom, a bheith mar ainm sa Ghaelainn ar an scéal.

Chuir duine éigin Béarla ar an scéal; agus, chómh fada is ’ théann mo thuairimse, tá feabhas an scéil sa Bhéarla chómh fada ón’ fheabhas sa Spáinnis agus atá an focal “Don Quixote,” ón bhfocal “Don Cíochóté.”

Peadar Ua Laoghaire.

Caisleán Ua Liatháin
Bealltaine 5, 1912.

Caibideal a haon.
É Féin agus a Mhuíntir agus a Cháirde.

Roinnt céadta blian ó shin bhíodh aicme laoch ag gluaiseacht ar fuaid na hIúróipe, agus Rudairí Fáin a tugtí orthu. Ní bhíodh de shaoltacht ag gach rudaire acu ach a arm agus a éide agus a chapall, agus ní bhíodh de chuallacht aige ach a ghiolla. Bhíodh an rudaire fáin agus an giolla ag gluaiseacht rómpu, féachaint cá bhfaighidís tíoránach le smachtú, éagóir le ceartú, ropaire le marú, nú aon ghníomh uasal eile le déanamh do thuíllfeadh oirearcas don té a dhéanfadh é.

Nuair a bhí an aicme sin ar bith ar feadh roinnt aimsire, agus iad ag déanamh a ngníomhartha, do thosnaigh scéalta iúntacha ar bheith dá n-ínsint ins gach aon bhall, ’na dtaobh féin agus i dtaobh na ngníomhartha gaile agus gaisce a dheinidís. Ansan do tosnaíodh ar an scéalaíocht san do chur síos i leabhraibh, agus do thosnaigh na leabhair ar dhul ó láimh go láimh go dtí gur leathadar, coiteann go maith, ar fuaid na hIúróipe. Ní bhíodh puínn daoine an uair sin a dh’fhéadadh na leabhair do lé’; ach nuair a bhíodh fodhuine a dh’fhéadadh, bhíodh an leabhar ag an nduine sin, agus bhíodh lán tí ’na thímpall gach aon tosach oíche, agus é ag lé’ an leabhair dóibh, agus a mbéil ar leathadh acu ag éisteacht leis na hiúnaíbh éacht a léití as an leabhar dóibh; agus, ní nárbh iúnadh, gach aon rud a léití as an leabhar dóibh fírinne ghlan ab ea é, dar leó.

Nuair a thuig lucht na leabhar do chumadh dá uathásaí na gníomhartha a hínstí gurbh ea ba mhó an meas a bhíodh orthu, do thosnaíodar ar na gníomharthaibh a dhéanamh ní b’uathásaí ná ’ chéile; go dtí, fé dheireadh, gur chuadar thar na beartaibh ar fad leó, gan blúire suime acu sa deallramh ba cheart a bheith le scéal, ach gur chuma leó ’en domhan ceoca ba scéal gan dath é nú nárbh ea, an fhaid a creidfí é.

Bhí a lán daoine nár ghéill, ó thosach, go raibh puínn fírinne sa scéalaíocht san na rudaireachta. Fé mar a chuaigh an scéalaíocht in annspiantacht chuaigh an aicme sin i méid; go dtí, fé dheireadh, go meastí oiread fírinne ’ bheith i scéalaíocht rudaireachta ar fuaid na hIúróipe, agus do meastí a bheith in sna scéaltaibh Fiannaíochta a bhíodh againn in Éirinn tamall ó shin.

Do lean meas ar scéalaíocht na rudaireachta, agus ar an rudaireacht féin, sa Spáinn theas, i bhfad tar éis idir scéalaíocht agus rudaireacht do thitim fé mhímheas in áiteannaibh eile.

Tímpall na haimsire sin bhí ’na chónaí sa Spáinn, i Lá Mancha, i mbaile bheag nách cuímhin liom cad é an ainm a bhí air, agus gur cuma liom, duine de sna huaislibh úd gur ghnáth leó roinnt de sna córachaibh a bhain leis an rudaireacht do chimeád agus do bheith acu. Bhí aige, in áirde ar raca, sleá rudaire agus seanasciath mheirgeach. Bhí aige seanachapall lom agus cú; agus bhí sé féin, ar nós an chapaill, lom láidir. Bhí sé lom go maith, peoca ’ bhí sé láidir go maith nú ná raibh. Ar nós na cod’ eile den aicme, ní rórabairneach an cothú a chuireadh sé air féin. Bhíodh súp chun dínnéir aige, agus ba mhó an chaoireóil ná an mhairteóil a curtí i ndéanamh an tsúip sin. Bhíodh an fheóil bhriste, agus í fuar, chun suipéir aige. Leite a bhíodh aige Dé hAoine. D’fhágadh san teinneas ’na bholg Dé Satharainn, agus iarracht de chuislinn air. Ansan b’fhéidir go mbeadh colúr mar shólaist aige Dé Domhnaigh. Bheireadh an rabairne sin uaidh trí ceathrúna dá mbíodh ag teacht isteach chuige de shaibhreas. Do chuireadh an ceathrú cuid eile balcais éadaigh air; clóca éadaigh uasail, bríste veilbhit, agus bróga éadroma den stuif chéanna, i gcómhair an Domhnaigh; agus casóg mhaith láidir bhréide i gcómhair laethanta eile na seachtaine. Ní raibh de mhuíntir thí aige ach bean tí a bhí os cionn a dachad, iníon driothár a bhí fé bhun fiche blian, agus buachaill a dheineadh friothálamh istigh agus amu’ air; buachaill a bhí go maith chun aire ’ thabhairt don chapall; nú chun sceiche an gháirdín do bhearradh. Bhí sé féin tímpall deich mbliana is dachad, agus é cnámhach, dea-shláinteach, lom. Bhíodh sé ’na shuí go moch ar maidin; agus amu’ i dteannta na bhfiagaithe ba mhaith leis bheith nuair a bhídís amu’.

Deir cuid den mhuíntir a dhein seanchas air gur Cíocháda ab ainm do. Deir aicme eile acu nárbh ea ach Céasánach. De réir na tuairime is feárr is Cíochán ab ainm do.

Do thárla, tráth éigin, don duin’uasal bocht, pé ainm a bhí air, go dtáinig féna láimh leabhar éigin de leabhraibh scéalaíochta na rudaireachta. Do léigh sé an leabhar. Do thaithn an leabhar leis. Do léigh sé arís é. Do thaithn sé níos feárr leis an tarna huair ná mar a thaithn sé leis an chéad uair. Do sholáthraigh sé leabhar eile den tsaghas chéanna agus do léigh sé é. Do thaithn an tarna leabhar leis ní b’fheárr ná mar a thaithn an chéad leabhar leis. Bhí sé ag soláthar na leabhar, agus dhá lé’, go dtí nár fhan aon tsuím in aon chor aige in aon tsaghas eile gnótha. Thug sé faillí i ngnó an eastáit bhig a bhí aige. Ní feictí choíche amu’ i dteannta na bhfiagaithe é, ar muin an chapaill spágaigh úd a bhí gan iomad feóla air. Bhíodh sé ’na shuí ar maidin ar an gcéad sholas; ach is os cionn na leabhar a bhíodh sé. Nuair a bhíodh a bhriocfaist ollamh, do glaeití air chuige. Ar éigin a thugadh sé uain do féin ar é ’ dh’ithe le haon chúmpórd, nuair siúd thar n-ais chun na leabhar é. Mar sin do gach aon bhéile bhídh eile, leis. Níorbh annamh, dá n-éiríodh an bhean tí san oíche, go bhfeiceadh sí an solas ar lasadh ’na sheómra aige, agus é sáite in sna leabhraibh in inead bheith ar a leabaidh ’na chodladh go sámh do féin.

Bhí sagart na paróiste ’na chónaí sa bhaile bheag. Fear léannta dob ea é a fuair árdchéim in Ollscoil Shígúénsa. Thagadh duin’uasal na leabhar uaireanta chun cainnte leis; agus bhíodh sé dhá fhiafraí dhe ceoca ba dhó’ leis ab fheárr de rudaire, Palmerín Shasana nú Amadís na Frainnce. Deireadh bearbóir a bhí ann, darbh ainm Nioclás, gurbh fheárr Rudaire na Gréine ná éinne den bheirt; ach go raibh rudaire dob fheárr ná Rudaire na Gréine féin, agus gurbh é fear é sin ná Don Galaór, driotháir Amadís.

Bhí an duin’uasal bocht ag gabháil do sna leabhraibh sin, agus ag cuímhneamh ar na gaiscíochaibh sin, agus ar na gníomharthaibh a dheinidís, agus gan aon phioc dá mhearathall air ná gurbh fhírinne ghlan an uile fhocal den scéalaíocht. Chimeád sé in’ aigne an uile fhocal dár léigh sé ar chómhracaibh, ar ghleiceannaibh, ar aighneas, ar choímheascar, ar bhuillíbh troma, ar ghonaibh maraitheacha, ar shuirí, ar ghrá, ar éad, ar dhíoltas, ar an uile shaghas ruda dob iúntaí agus ba dheocra a chreidiúint ná ’ chéile; agus é lándeimhnitheach gur dhuine a bheadh as a mheabhair adéarfadh nárbh fhírinne ghlan an uile fhocal den ráiméis sin go léir. Na daoine do scríbh na leabhair a d’iarraidh buachtaint ar a chéile in ínsint an éithigh; dá gcuireadh duine acu bréag mhór síos nárbh fholáir le duine eile bréag ba dhá mhó ná í do chur síos; agus an duin’uasal bocht lándeimhnitheach gurbh é rud a bhíodh thíos ná fírinne ba dhá mhó.

Fé dheireadh do chuaigh dá mheabhair. Bhíodh sé ag déanamh cúmparáide idir na rudairíbh móra. Rudaire tréan, dar leis, ab ea an Síd Ruí Díás; ach ní raibh aon bhreith aige ar Rudaire an Chlaímh Sholais, an fear a bhí ag cómhrac leis an dá fhathach mhóra, agus do mhairbh iad araon le haon scuab-bhuille amháin den chlaíomh; agus do chuir oiread san nirt leis an mbuille sin gur deineadh dhá leath de gach fathach díobh, díreach mar a dhéanfadh speal dhá leath de gach brobh de dhá bhrobh luachra!

Is é rud a tháinig fé dheireadh as an machnamh san do, agus as an gcúmparáid sin a bhíodh aige á dhéanamh idir na rudairíbh fáin, ná gur buaileadh isteach in’ aigne go daingean go raibh ceangailte air féin imeacht ’na rudaire fáin mar iad! Gurb é a dhualgas, ó thuig sé an scéal ní b’fheárr ná mar a thuig éinne eile an uair sin é, arm agus éide do ghlacadh, arm cosanta do chur uime, a chlaíomh agus a sciath agus a shleá do thógaint; dul ar muin a chapaill, agus ansan imeacht ar fuid na ndúthaí ag smachtú tíoránach, ag ceartú éagóra, ag cosaint na lag, ag cabhrú leó in aghaidh na láidir, ag lorg éacht le déanamh, agus ag déanamh na n-éacht nuair a casfí air iad. Do thuig sé, an duine bocht, go ndéanfadh sé ar an gcuma san tairbhe do thír a dhúchais, agus do thíorthaibh lasmu’ dhi; agus san am gcéanna go dtuíllfeadh sé mórchlú dho féin, agus cáil agus oirearcas os cómhair an domhain go léir. Do thuig sé go scríobhfí tuilleadh de sna leabhraibh rudaireachta, agus go mbeadh a ainm féin in sna leabhraibh a bhí le teacht; agus go mbeadh a ainm i gcómhluadar na n-ainmneacha móra eile úd, .i. Palmerín Shasana, agus Amadís na Frainnce, agus Don Galaór, agus Rudaire na Gréine, agus Rudaire an Chlaímh Lasrach, agus Don Belianís na Gréige, agus an chuid eile acu mar a bhíodar. Do thuig sé, leis, nuair a thiocfadh a ainm féin amach in sna leabhraibh, agus áireamh ar na héachtaibh móra a bheadh déanta aige, agus ar na trioblóidibh a bheadh fuilicthe aige; ar na héagóraibh a bheadh ceartaithe aige, agus ar na tíoránachaibh a bheadh smachtaithe aige, agus ar na gníomharthaibh móra gaile agus gaisce a bheadh déanta aige, nár bhaol ná go mbainfí ón oirearcas a bhí ar na hainmneachaibh eile úd. Do thuig sé gan aon dabht gurbh é deireadh ’ bheadh ar an scéal do ná rí ’ dhéanamh de ar thír mór leathan éigin; nú ímpire, b’fhéidir, os cionn na hIúróipe go léir.

Bhí aige, i gcúinne éigin dá thig, seanéide a bhíodh ag á sheanathair, agus a bhí lán de mheirg ó bheith chómh fada gan aon úsáid a dhéanamh di. Thairrig sé chuige an tseanéide agus chrom sé ar í ’ ghlanadh. Thug sé lá ó mhaidin go hoíche ag sciomar uirthi, ag baint na meirge dhi. Do cheartaigh sé í agus do dheisigh sé í chómh maith agus d’fhéad sé é. Níorbh fhuiriste dho é. Bhí mórán deisiúcháin le déanamh uirthi, mar bhí sí briste nú leathbhriste ’na lán áiteanna. Fé dheireadh bhí sí curtha i dtreó aige chómh maith agus dob fhéidir í ’ chur i dtreó. Bhí aon mháchail amháin uirthi, áfach. Ní raibh de chathbhárr ann ach an cloigeann. Bhí an cealltar imithe. Chuardaigh sé gach aon chúinne den tigh, féachaint an bhfaigheadh sé an cealltar. Ní bhfuair. Chuir sé cloigeann an chathbháirr ar a cheann. Chuaigh a phlaosc isteach ann go sámh agus go socair, chómh socair agus chómh hoiriúnach agus dá mba dho féin a déanfí an cathbhárr an chéad lá. Thuig sé in’ aigne gurbh amhlaidh a fuair sé plaosc a sheanathar ó dhúchas. Do thaithn san leis. D’fhéach sé sa scáthán. Conaic sé an plaoiscín maol! Chonaic sé an laithróidín cínn a bhí air, agus é in áirde ar an scrogall muiníl; agus gan iontu araon, idir liathróidín agus scrogall, ach mar a bheadh colpa súiste! Ní dhéanfadh an colpa súiste sin an gnó go deó, dar leis, mar cheann agus mar mhuineál ar rudaire fáin a bhí ceapaithe ar ghabháil tríd an ndomhan bhraonach ag déanamh éacht a chuirfeadh iúnadh ar an saol! D’aimsigh sé páipéar maith láidir, agus dhein sé cealltar páipéir agus shocraigh sé ar an gcathbhárr é, díreach mar a socrófí cealltar ceart. Ansan do chuir sé uime arís an cathbhárr, agus d’fhéach sé sa scáthán agus bhí a aigne sásta. Bhí a aigne sásta go leór leis an gcuma ’nar fhéach an cathbhárr ar a cheann, ach ní raibh a aigne róshásta leis an gcuma ’na dtiocfadh an ceann as dá mbuailtí buille ’ chlaíomh air. Chun go bhfeicfeadh sé conas a thiocfadh sé as, chuir sé an cathbhárr ar bharra bata, agus thairrig sé a chlaíomh féin agus bhuail sé buille dhe ar an gcealltar. Dhein sé cimil a’ mháilín den chealltar, ní nárbh iúnadh. Ansan do dhein sé cealltar eile, agus chuir sé fúnsaí beaga iarainn fíllte istigh sa pháipéar, dhá neartú. Nuair a bhí sé déanta aige, duairt sé leis féin go ndéanfadh sé an gnó go hálainn. Níor thriail sé le buille ’ chlaíomh é, áfach.

Bhí arm agus éide ansan aige go hiomlán, agus chuímhnigh sé ar an gcapall. Siúd chun na háite ’na raibh an capall é. Ba ró-ainnis an capall é gan amhras. Ar éigin a bhí locht riamh i gcapall ná raibh ann. Bhí sé chómh lom san gur dhó’ le duine ná raibh ann ach croiceann agus cnámha, agus go raibh a dhá chlí buailte ar a chéile. Ach, dar leis an nduin’uasal go mba leis é, ní raibh a leithéid eile d’each riamh, ná an uair sin, le fáil sa domhan, agus Búcephalus Alexandeir do chur leis, nú an Babiéca úd a bhí ag an Síd. Ach cad é an ainm ba cheart a thabhairt ar an gcapall? B’in í an cheist ansan. Thug an duin’uasal bocht cheithre lá a d’iarraidh cuímhneamh ar ainm cheart don chapall. Dar leis, níor cheart in aon chor each chómh huasal do bheith ag rudaire chómh huasal, agus gan ainm uasal do bheith ar an each. Do thuig sé gur tugadh Búcephalus ar an each a bhí ag Alexander toisc ceann mar cheann tairbh a bheith ar an each san; mar is ionann “Búcephalus” agus “ceann tairbh.” Do chuímhnigh sé ar a lán ainmneacha, ach do chaith sé uaidh iad chómh tiubh agus ’ chuímhnigh sé orthu, go dtí go dtáinig an machnamh so ’na chroí. Is é ainm a tugtí sa Spáinn ar capall oibre ná “rósín.” Ní raibh i gcapall an duin’uasail ach “rósín,” .i. “cábóg capaill,” go dtí an uair sin. Bhí sé le bheith ’na chapall rudaire fáin as san amach. Dá bhrí sin, “Rósín roimhe” ab ea é. Is ionann “anté” sa Laidin agus “roimhe” sa Ghaelainn. Chuir an duin’uasal an dá fhocal le chéile, “rósín” agus “anté.” Ansan bhí “Rósínanté” aige. Chrom sé ar an bhfocal do rá dho féin. “Rósínanté”’; “Rósínanté,” adeireadh sé. Fé dheireadh do thaithn an focal go hiúntach leis. Dar leis, bhí fuaim agus ceól agus fuinneamh agus uaisleacht labhartha sa bhfocal ná raibh i mBúcephalus ná i mBabiéca, ná in ainm aon chapaill rudaire fáin go raibh trácht in aon leabhar air. Shocraigh sé ar an bhfocal san mar ainm dá chapall.

Bhí ainm aige ar a chapall. Níor mhór do, ansan, ainm do cheapadh dho féin. Thug sé trí nú ceathair de laethantaibh eile ag machnamh agus ag cuardach a d’iarraidh na hainme ’ dh’fháil amach do féin. Fé dheireadh do shocraigh sé ar an dá fhocal “Dón Cíochóté” mar ainm do féin. Deir lucht seanchais go dtaispeánann san gur “Cíocháda,” nú “Céasáda,” a bhí mar ainm air roimhe sin. Ansan do chuímhnigh sé ar conas mar a chuir Amadís mar aguisín len’ ainm féin ainm a thíre dúchais; agus gur thug sé “Amadís de Gaul” air féin, nú “Amadís na Frainnce.” Chun bheith chómh maith le hAmadís de Gaul, thug ár nduin’uasal “Don Cíochóté dé lá Mancha” air féin. Bhí, dar leis, ansan, dóthain aon rudaire fáin dár mhair riamh d’ainm agus de shloinne air; agus bhí oiread onóra tabhartha aige dho féin agus dá dhúthaigh agus a thug aon rudaire fáin riamh do féin agus dá dhúthaigh, nuair a chuir sé ainm a dhútha in aice len’ ainm féin.

Bhí gach aon rud um an dtaca san aige do theastaigh uaidh chun bheith ’na rudaire fáin, díreach mar éinne de sna rudairíbh fáin ar ar léigh sé in sna leabhraibh; gach aon rud ach aon ní amháin. Chonaic sé in sna leabhraibh ná raibh aon rudaire fáin gan ríogan uasal éigin aige go raibh sé i ngrá léi. Ba chuma ceoca ’ bhíodh aithne aige ar an ríogain nú ná bíodh. Ba chuma ceoca ’ bhíodh ’ fhios aici sin a leithéid sin do bheith ann in aon chor nú gan a bheith. Ach rudaire fáin gan ríogan uasal éigin aige, agus é i ngrá léi, níor rudaire fáin i gceart in aon chor é.

Deirtear go raibh sa chómharsanacht iníon fir tuatha, cailín dathúil glan deallraitheach, agus go raibh ár nduin’uasal i ngrá léi. Má bhí, ní raibh aon phioc dá fhios san ag an gcailín. Níor labhair an duin’uasal riamh léi mar gheall air, agus dá labhradh ní róréidh a glacfí a chainnt. Thuig sé in’ aigne go ndéanfadh sí sin an gnó dho mar ríogain. Ní raibh aon phioc dá fhios ag an gcailín go raibh an socrú san déanta ’na taobh. Ní hínstear cad ab ainm di. Do cheap an duin’uasal ainm di, fé mar a cheap sé ainm dá chapall agus ainm do féin. “Dulsinéa” an ainm a thug sé uirthi, i ganfhios di féin agus i ganfhios do gach éinne dár bhain léi.

Nuair a bhí an méid sin socair aige bhíodh sé ag machnamh. “Ó!” adeireadh sé leis féin, as a mhachnamh, “Nách álainn a bheidh an scéal agam nuair a bhead ag gluaiseacht im rudaire fáin, agus nuair a bheidh piarda fathaigh éigin treascartha ar lár agam—ní nách annamh ag rudairíbh fáin—agus nuair adéarfad mar seo leis an bhfathach: ‘Ní maith liom an ceann a bhaint díot, a phiarda fathaigh; ach cuirim de gheasaibh ort anois dul ag triall ar mo ríogain, Dulsinéa dél Tobósó, agus tu féin do chaitheamh ar do ghlúinibh ’na láthair agus a rá léi mar seo: “A ríogan uasal, chíonn tú anso id láthair an fathach Caracúlíambró. Dheineas cómhrac aonair leis an rudaire ró-oirirc, Don Cíochóté dé lá Mancha. Do bhuaigh sé orm le neart a lámha agus le crógacht a ghnímh. Do leog sé m’anam liom; ach do chuir sé de gheasaibh orm teacht anso ag triall ortsa, a ríogan, agus me féin a thabhairt suas duit, chun go dtabharfá orm pé cor is maith leat.”

Bhíodh croí an duin’uasail bhoicht ar mire le mórtais nuair a bhíodh sé ag rá na cainnte sin leis féin. “Tobósó” an ainm a bhí ar an mbaile ’na raibh an cailín ’na cónaí ann. Ba mhaith an bhail ar an nduin’uasal ná raibh ’ fhios ag an gcailín, ná ag á hathair, ná ag éinne dá muíntir, go raibh “ríogan” déanta aige dhi. Dá mbeadh fios an scéil acu ba mheasa dho chuige iad ná an fathach. Pé speabhraídí eile a bhí ar an bhfear mbocht, ba mhaith an chiall do an méid sin rúin do chimeád aige féin.

Nóta

Cheithre bliana fichead: “twenty-four years”. PUL normally has fichid in the genitive, and the LS edition transcribes this word here as fihid. However, the classical declension of this noun would require fichead in the genitive and fichid in the dative.

Foclóirín

ag: “at”. The combination ag á, corresponding to ag a in the CO, is pronounced /i’gʹɑ:/.
aguisín: “addendum, postscript”, derived from the word agus.
ainm: “name”. Note this word is feminine in WM Irish, but masculine in the CO.
Alexander: Alexander the Great, the Macedonian king who conquered much of the known world in the fourth century BC.
Amadís na Frainnce: Amadis of Gaul, a knight-errant in a 16th-century Iberian romance.
annspiantacht: “grotesqueness, abnormality”, or ainspiantacht.
ar nóin: “of course, no doubt”, dar ndóigh in the CO. Dóin (whence nóin) is given in PSD1927 as a corruption of dóigh.
Babiéca: Babieca or Bavieca, the horse of El Cid (Rodrigo Díaz de Vivar).
barra: “top”, /bɑrə/, a Munster colloquial form of bárr, /bɑ:r/. Both forms are found in WM Irish, but barra was the usual form in the dative (ar bharra).
Bealltaine: “May”, or Bealtaine in the CO. The double l is used here to show the diphthong, in accordance with the pronunciation /b′aulhin′i/.
bearbóir: “barber”, pronounced /b′arə’bo:r′/.
braonach: “misty”. Gabháil tríd an ndomhan bhraonach, “to go throughout the whole wide world”.
briocfaist: “breakfast”, or bricfeasta in the CO. The spelling here points to a pronunciation /brʹikfiʃtʹ/. IWM has bricfeast, /brʹik’fʹast/.
Búcephalus: the horse of Alexander the Great.
caibideal: “chapter”, or caibidil in the CO. PUL seems to have pronounced this word with a broad l, /kabʹidʹəl/.
Caisleán Ua Liatháin: Castlelyons, Co. Cork.
Caracúlíambró: Caraculiambro, a giant Don Quixote imagines himself vanquishing in battle.
cathbhárr: “helmet, headpiece” or cafarr in the CO. It might be logical for the -thbh- to produce the f of the CO, but the transcription in Leitiriú Shímplí is cahvár; more research on the pronunciation is required.
cealltar: “vizor; the part of a helmet covering the face”, or cealtair in the CO.
ceoca: “which? which of them?” From cé acu or cé’cu. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.
Cíll Chaoi: Kilkee, a famous bathing resort in Co. Clare.
cimeádaim, cimeád: “to keep”, or coimeádaim, coimeád in the CO.
cimil an mháilín: “crumpled like a sack”. Cimil an mháilín a dhéanamh de rud, “to toss something around, wipe the floor with something (i.e. be victorious over it)”. Cimil an mháilín appears in the CO as cuimil an mháilín; cimil is a variant of cimilt (cuimilt in the CO, “rubbing”).
clí: “chest, ribs; the body”. A dhá chlí buailte ar a chéile, possibly meaning “the two sides of its body superimposed on each other, i.e., keeping on knocking into each other”.
cnámhach: “boney, big-boned”, pronounced /knɑ:x/.
coímheascar: “struggle, mêlée”, pronounced /ki:skər/.
cóir: “proper provision”, with the plural, córacha, meaning “the equipment, the requisites”.
colpa: “calf of a leg”. Colpa súiste, “handle of a flail; cudgel”. Pronounced /koləpə/.
colúr: “pigeon”, pronounced /klu:r/.
croiceann: “skin”, craiceann in the CO. Pronounced /krekʹən/ or /krokʹən/ in traditional WM Irish.
cuirim, cur: “to put”. Note the autonomous forms curtí and curfí, regularly used in PUL’s works, where other speakers of WM Irish would have cuirti and cuirfí.
cuisle: “vein, pulse”. Iarracht de chuislinn do bheith ort, “to have an attack of diarrhoea” (see Dinneen’s dictionary).
deallraitheach: “resplendent; handsome”. Pronounced /dʹaurəhəx/. Spelt dealraitheach in the CO.
deallramh: “appearance”, dealramh in the CO. Pronounced /dʹaurəv/. Often referring to the credibility or believability of something: deallramh ba cheart a bheith le scéal, “the credibility a story ought to have”.
deocair: “difficult”, deacair in the CO. Pronounced /dʹokirʹ/, with the comparative deocra, deacra in the Standard, pronounced /dʹokərə/.
dínnéar: “dinner”. Dinnéar in the CO. Pronounced /dʹi:’ŋʹe:r/.
dó’: “hope, expectation; source of expectation”, or dóigh in the CO. This occurred as dóich in the original, but is edited as dó’ here, in line with the pronunciation.
Don Belianís na Gréige: Don Belianis of Greece, the hero of a Spanish chivalric romance.
Don Galaór: Don Galaor, brother of Amadis of Gaul in an Iberian romance.
Dulsinéa dél Tobósó: Dulcinea, the name Don Quixote gave to a farm-girl who was the object of his affections.
each: “horse, steed”. Pronounced /ɑx/.
fathach: “giant”.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in the CO. Friothálamh a dhéanamh ar dhuine, “to minister to someone, attend to someone’s needs”.
fuaid: ar fuaid, /erʹ fuədʹ/, “throughout”, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí).
fuiligim, fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO, pronounced /filʹigʹimʹ, foləg~fuləg/. The past participle, fuilicthe, is transcribed as fuilici in the Leitiriú Shímplí edition, pointing to a pronunciation /filʹikʹi/; the CO has fulaingthe.
fuiriste: “easy”, furasta in the CO. Uiriste is also found in PUL’s works, and seems the more authentic form as the spelling fuiriste is generally found in PUL’s works only in lenited contexts (e.g. níorbh fhuiriste, which could just as easily be spelt níorbh uiriste).
fúnsa: “band, hoop”, or fonsa in the CO.
gaiscíoch: “warrior, hero, champion”.
geas: “solemn injunction, spell”, or geis in the CO where the historic dative has replaced the nominative. Cur de gheasaibh ar dhuine rud a dhéanamh, “to place a solemn injunction (or spell) on someone requiring him to do something”.
glan: “clean”, but also “clean-living” in reference to a lady.
gleic: “struggle, contest”, with gleiceanna in the plural here, where the CO has gleiceacha.
goin: “wound”. The dative plural here, gonaibh, points to a nominative plural gona, where the CO has gonta.
i ganfhios: “unbeknown, unawares”. Pronounced /ə’gɑnis/.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin.
inead: ionad in the CO, “unit”. Pronounced /inʹəd/ in WM Irish. In inead, “instead of, in the place of”.
ínsim, ínsint: “to tell, relate”, or insím, insint in the CO. Note ínstear in the present autonomous, where the CO has insítear.
iúnadh: “wonder, surprise”, ionadh. Pronounced /u:nə/.
iúntach: “wonderful”, iontach. Pronounced /u:ntəx/.
Iúróip:“Europe”, or Eoraip in the CO. PUL told Osborn Bergin the pronunciation was /u:’ro:pʹ/.
lámh: “hand”. PUL explained in his Notes on Irish Words and Usages that the genitive of this word should be lámha and not láimhe, and he generally adheres to this usage. However, the original text here has láimhe, probably reflecting the hand of an editor, and this is edited here as lámha, in line with PUL’s pronunciation. PUL was insistent that this word had a nasal vowel, and thus was audibly distinct from , “day”, but such nasalisation is not a feature of modern day WM Irish.
leite: “porridge”.
máchail: “defect, blemish”.
maraím, marú: “to kill, slay”. Note the preterite is do mhairbh sé, /vɑrʹivʹ/, where mharaigh sé would be found in the CO.
maraitheach: “deadly, lethal”, or marfach in the CO, pronounced /mɑrəhəx/.
me: disjunctive form of the first person pronoun, pronounced /mʹe/ (or /mʹi/ through raising of the vowel in the vicinity of a nasal cononant). Always in the CO.
mearathall: “confusion”, or mearbhall. Pronounced /mʹarəhəl/ in WM Irish.
meirgeach: “rusty”.
Míle: Milesius, a legendary warrior who colonised Ireland from Spain; Míl Espáine in the CO. Dinneen has the nominative as either míle or míl, “warrior, champion”, but I have no attestation of the nominative in PUL’s works yet. Clann Mhíle, “Milesian stock”.
mire: “ardour, rage, frenzy”. Ar mire le mórtais, “in a frenzy of boastfulness”.
mórtais: “pride, boastfulness”, or mórtas in the CO. Osborn Bergin’s Leitiriú Shímplí edition transcribes this word as mórtas.
Nioclás: the name of a barber here. Pronounced /n′ikə’lɑ:s/.
nú: “or”, or in the CO, pronounced /nu:/.
oirearcas: “eminence, distinction”, or oirirceas in the CO. PUL told Osborn Bergin that the second r and the c are broad in Cork Irish. Pronounced /irʹərkəs/.
oirirc: “distinguished, eminent”. PUL told Osborn Bergin that second r and the c are slender in this word. Pronounced /irʹirʹikʹ/.
ollamh:ullamh in the CO, “ready”. Pronounced /oləv/ in WM Irish.
os cionn: “above”. Pronounced /ɑs kʹu:n/.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
Palmerín Shasana: Palmerin of England, a character in a chivalric romance written in the 1540s by the Portuguese writer, Francisco de Moraes Cabral.
piarda: “pillar; huge man”. Piarda fathaigh, “giant”.
plaosc:“skull”, or blaosc in the CO.
plaoiscín:the diminutive of plaosc.
raca: “rack (for holding items)”.
ríogan:ríon in the CO, “queen, princess, noble lady”. Pronounced /ri:gən/, ríogan is one of a number of words where an original gh is pronounced as a g in WM Irish. Note ríogain in the dative singular.
roim: “before”, or roimh in the CO, pronounced /rimʹ/. Roimhe sin and roimis sin are both found in this work. Osborn Bergin transcribes roimhe sin as ruimish shin in his Leitiriú Shímplí edition, but given that both forms are foundem in the original, it seems a superior editorial approach to maintain the diversity of forms in the original text. WM Irish would tend to have /rim′iʃ ʃin′/, but /riv′i ʃin′/ would also be possible. PUL told Osborn Bergin there were no hard and fast rules, the choice between the forms with and without lenited m being a matter of euphony.
Rósínanté: Rocinante, Don Quixote’s horse. Rocín means “workhorse” in Spanish.
rudaire: “knight”, or ridire in the CO. PUL also used the spelling ridire, but he told Osborn Bergin the pronunciation was /rodirʹi/.
Rudaire an Chlaímh Sholais (Rudaire an Chlaímh Lasrach): the Knight of the Burning Sword, one of the appellations of Amadís of Gaul.
Rudaire na Gréine: the Knight of Phoebus, a character in a romance, El Caballero del Febo, written by the 16th-century Catalan, Estebán de Corbera.
rudaireacht: “knighthood, chivalry”, or ridireacht in the CO.
sáile: “salt-water”. Ag an sáile, “at the seaside”.
Satharn: “Saturday”. Generally with the genitive, Dé Satharainn /sɑhəriŋ′/, where the CO has Dé Sathairn.
sciath: “shield”.
scrogall: “a long, thin neck”, pronounced /skrugəl/.
scuab-bhuille: “sweeping blow”.
Síd Ruí Díás (an Síd Ruí Díás): Ruy Díaz, or Rodrigo Díaz de Vivar, the 11th-century Spanish warrior known as El Cid.
Sígúénsa: Sigüenza, the Spanish city that formerly had a university founded in the 15th century (and closed in the 19th century).
slea: “spear, lance”, or sleá in the CO. This word was transcribed in Leitiriú Shímplí as shlea, implying a short vowel. More research required here.
sólaist: “delicacy; dessert”. Usually plural (sólaistí), sólaist here may be a backformation from sólaistí; the traditional singular, given in PSD, was sólas (sómhlas).
soláthraím, soláthair: “to get, procure”. Note the preterite here, do sholáthraigh sé /də hlɑ:rhə ʃe:/, where the CO has sholáthair sé.
sórd: “sort”, sórt in the CO, /so:rd/.
spágach: “broad-footed, clumsy-footed”.
speabhraíd: “hallucination”, with speabhraídí in the plural meaning “ravings”.
suirí: “act of wooing or courtship”.
súiste: “threshing flail”.
tarna: “second”, dara in the CO.
teinneas: tinneas in the CO, “pain, soreness”. Pronounced /tʹeŋʹəs/ in WM Irish.
tímpall: “around”, or timpeall in the CO. The broad p in WM Irish is preserved here: /tʹi:mʹpəl/.
tiubaisteach: “calamitous, disastrous”, or tubaisteach in the CO. Pronounced /tʹubəʃtʹəx/.
treascraim, treascairt: “to knock down”, or treascraím, treascairt in the CO. Treascartha, “knocked down”. Attestation of the first-conjugation treascraim is still being sought.
trioblóid: “trouble”, pronounced /trʹubə’lo:dʹ/. The dative plural is given with a short ending here, trioblóidibh, where trioblóidíbh would be expected (and a long ending is supplied in the Leitiriú Shímplí transcription). The original form is retained as dative plurals were unstable.
tuaith: “the countryside; rural district.” Note the genitive here is given as tuatha, where the CO has tuaithe. Either spelling would yield the pronunciation /tuəhə/, but Dinneen’s dictionary shows that PUL’s spelling was accepted.
uathásach: “terrible”, or uafásach. Pronounced /uə’hɑ:səx/ in WM Irish.
veilbhit: “velvet”.

Catilína 25

XXV.

Ach bhí ar na mnáibh sin bean dárbh ainm Semprónia, bean a bhí tar éis mórán gníomh a dhéanamh go minic ’na raibh dánacht fir iontu. Bhí a cion den ádh ar an mnaoi sin ó dhúchas, ó dheallramh, óna fear, óna claínn. Bhí tabhairt suas uirthi i léann Laidne agus Gréigise. Bhí sí oilte ar cheól agus ar rínce ní b’uaibhrí ná mar ba ghá do mhnaoi fhónta, agus ar a lán nithe eile ná fuil iontu ach cabhrú le só. Ba mhó a dúil in aon ní eile ná i ndea-chlú agus i mbanúlacht. Níorbh fhuiriste dhuit a dhéanamh amach ceoca ar a cuid airgid nú ar a clú ba lú a beann. Bhí sí go minic roimis sin cionntach i mbriseadh geallúna, i séanadh iasachta fé dhearbhú, in eólas ar mharú duine. D’imigh sí fiain, le rabairne, chun dealúis. Ach ní raibh éirim a haigne go holc in aon chor. Dheineadh sí filíocht. Bhí sí deisbhéalach. D’fhéadfadh sí labhairt go banúil, nú go bog, nú go mínáireach. Bhí sí lán de shult agus lán de ghreannmhaireacht.

Foclóirín

ceoca: “which? which of them? whether (of two options)” From cé acu or cé’cu. Pronounced /kʹukə/.
deallramh: “appearance”, dealramh. Pronounced /dʹaurəv/.
greannmhaireacht: “amiability”.
Laidean: “Latin (language)”, or Laidin in the CO, where the historic dative has replaced the nominative. It is worth noting that the genitive, given here as Laidne (Laidine in the CO) is pronounced /laŋ′i/ according to the Leitiriú Shímplí edition, which is the reason why the genitive is better written without an i between the d and the n.
Semprónia: Sempronia, a beautiful woman who supported the Catilina conspiracy. Wife of a former consul, Decimus Junius Brutus.
só: “comfort, ease, satisfaction, enjoyment”.
uaibhreach: “proud, haughty”, but also “excellent, pleasant, gay” referring to a woman’s dance.

Catilína 24

XXIV.

Do thánathas chun na gcruinnithe agus do deineadh an toghadh, agus do gairmeadh ’na gConsalaibh M. Tullius agus C. Antónius. Bhain san an chéad chroitheadh a lucht na ceilge. Níor laíodaíodh buile Chatilína, áfach. Is amhlaidh a dh’oibrigh sé é féin níba dhéine; ag cruinniú arm ins gach áit chaothúil ar fuaid na hIodáile; ag fáil airgid ar iasacht ar a chreidiúint féin nú ar chreidiúint carad agus á chur go Faesula, ag triall ar fhear dárbh ainm Manlius, an fear a thosnaigh an cogadh ’na dhiaidh san. Deirtear gur ghlac sé chuige an uair sin sluaite de gach aicme daoine, agus roinnt ban, leis, mná a bhí tar éis éacht fiach do chur suas nuair a chuir an t-aos deireadh leis an airgead dóibh, gan deireadh ’ chur lena ndrochmhiantaibh fós. Bhí súil ag Catilína go dtiocfadh leis, trí chúnamh na mban san, daoraicme na cathrach do mhealladh chuige, an chathair do loscadh, agus a bhfearaibh siúd do ghlacadh chuige nú do mharú.

Foclóirín

ar fuaid: “throughout”, /erʹ fuədʹ/, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí).
caothúil: “convenient, suitably situated”, or caoithiúil in the CO, pronounced /ke:’hu:lʹ/.
cruinniú: “gathering, assembly”. The plural, cruinnithe, probably refers here to the legislative assemblies of ancient Rome, chiefly the Curiate Assembly, but also the Century Assembly and the Tribal Assembly.
Faesula: the modern Fiesole, near Florence, where Catiline began his rebellion.
Iodáil, an Iodáil: Italy, pronounced /i’dɑ:lʹ/.
Manlius: Caius Manlius, an accomplice of Catilina, charged with commanding troops that Catilina raised in his conspiracy.

Catilína 23

XXIII.

Ach bhí sa chruinniú san Q. Cúrius, fear nárbh íseal dúchas, cuirpeach aithiseach, fear a cuireadh as an seanaid mar gheall ar a drochiompar. Fear baoth ab ea é, agus níor threise ar a bhaois ná ar a dhánacht. Ní chimeádfadh sé rún ar an rud d’aireódh sé ná ní cheilfeadh sé a dhrochbhearta féin. Ba chuma leis ’en domhan cad ’ déarfadh sé ná cad a dhéanfadh sé. Bhí seanachómhluadar idir é agus bean uasal dárbh ainm Fulvia. Bhíodh sí stuacach leis nuair ná bíodh airgead aige le tabhairt di. Chrom sé go hobann agus go maíteach ar na cnuic agus na farraigí do gheallúint di; ansan, ar an gclaíomh a bhagairt uirthi mara ndéanfadh sí rud air. Bhíodh sé dhá crá go mór seochas mar ba ghnáth leis. Fuair sí amach cad fé ndeár an t-éirí in áirde a bhí air. Ní baol gur cheil sí an chúntúirt ’na raibh an stát. D’innis sí dá lán cad a bhí ar siúl ag Catilína ach do cheil sí ainm a húdair. Chuir an ní sin, tar gach ní eile, dúil mhór in aigne gach éinne go dtabharfí an Chonsalacht do Mharcus Tullius Ciceró. Bhí a lán de sna huaislibh roimis sin, ar lasadh le diomá, dhá rá gur thruailliú ar an gConsalacht í ’ thabhairt do san, pé oirearcas a bhí ann, toisc gan é ’ bheith uasal óna shínsear. Nuair a tháinig an baol, áfach, chuaigh an diomá agus an t-uabhar ar gcúl.

Foclóirín

cúl: “back, especially back of the head”. Ar gcúl is an interesting phrase, because of the use of eclipsis. Ar chúl means “behind”; ar gcúl means “postponed, put off, receding”. Rud a dhul ar gcúl, “to recede, to fade away”.
diomá: “disappointment”, or díomá in the CO. The English version of Catilina indicates that ar lasadh le diomá means “moved with jealousy”.
Fulvia: mistress of Quintus Curius. Cicero gained access to Curius through Fulvia and convinced him to switch sides in the Catiline conspiracy.
ínsim, ínsint: “to tell”, or insim, insint in the CO. Note the use of d’innis here in the preterite: the spellings d’innis and d’inis are both found in PUL’s works, pointing to a pronunciation /dʹiŋʹiʃ/.
obann: “sudden”, or tobann in the CO.
oirearcas: “eminence, distinction”, or oirirceas in the CO. PUL told Osborn Bergin that this word had a broad rc in the middle of the work in WM Irish. The Leitiriú Shímplí transcription is eriarcas, where I had expected iriarcas; more research required on the pronunciation of the first vowel.
seochas: “besides, compared with”, or seachas in the CO. Seachas was also used in the original, but the spelling has been adjusted in line with the WM pronunciation, /ʃoxəs/.
stuacach: “sulky, ill-tempered”.

Drochobair Lastuas

Caibideal a haondéag

Drochobair Lastuas

Bhí an cleasaí ag féacaint ’na thímpall ar na daoine agus iad go léir ag féachaint air sin agus ar an mála agus iúnadh acu á dhéanamh den mhála. Bhíodar ag cogarnaigh; dhá fhiafraí dhá chéile conas ’ fhéad an mála ’ bheith ag féachaint chómh folamh, chómh titithe ar a chéile agus na rudaí beó úd go léir istigh ann.

“Nách ana-shocair, a chleasaí,” arsa Tadhg Ó Ceallaigh, “atá an gadhar agus an coinín, agus an cat agus an luichín agat anois istigh sa mhála san.”

“Táid siad ana-shocair, a rí,” arsan cleasaí.

“Ba dhó’ le duine,” arsan rí, “go bhfuil an mála folamh. Níor dhó’ le duine ’ dh’fhéachfadh air go bhfuil aon rud istigh ann. Mura mbeadh go bhfeacaigh mo dhá shúil iad ag teacht amach as agus ag dul isteach arís ann ní chreidfinn go bhfuilid siad istigh ann in aon chor.”

“Táid siad istigh ann, a rí,” arsan cleasaí, “agus tá mórán rudaí nách iad istigh ann, agus dá dtugadh do shoílse dhómhsa chúig marga eile do thaispeánfainn díbh tuilleadh dá bhfuil istigh ann.”

“Tabharfad go deimhin,” arsan rí, “agus fáilte. Ní bhfuaras riamh oiread suilt a chúig marga agus ’ thugais dúinn as na chúig marga deirineacha san a thugas duit. Seo dhuit chúig marga eile agus scaoil chúinn tuilleadh dá bhfuil sa mhála agat. Mheasas ar dtúis gur mhála bacaigh é agus bhíos dhá cháineadh toisc gan é ’ bheith níos téagartha agus níos truime agat. Is beag dá chuímhneamh a bhí agam cad é an saghas rudaí a bhí istigh ann agat. Seo dhuit na chúig marga agus scaoil chúinn tuilleadh de sna hiúnaíbh.”

Do ghlac an cleasaí an t-airgead agus chuir sé chuige é. Ansan chuir sé a lámh isteach sa mhála agus thug sé leis amach ceirthlín snátha. Do rug sé ’na láimh chlé ar cheann an tsnátha agus bhí an ceirthlín ’na láimh dheis aige. D’fhéach sé suas sa spéir. D’fhéach an rí suas. D’fhéach gach éinne suas. Chonacadar, i bhfad suas uathu, mar ’ bheadh scamall dubh. Do chas an cleasaí a lámh dheas agus chaith sé an ceirthlín, i ruchar, uaidh suas, i dtreó an scamaill. Do ghluais an ceirthlín suas. Chimeád an cleasaí ceann an tsnátha ’na láimh chlé. Bhí an ceirthlín ag imeacht suas, agus an snáth ag teacht de, go dtí go ndeigh sé isteach sa scamall a radharc na ndaoine. Bhí an ceirthlín thuas istigh sa scamall ansan agus an snáth sínte ón scamall anuas agus greim ag an gcleasaí ’na láimh chlé ar an snáth. Ansan do chuir an cleasaí a lámh dheas isteach sa mhála agus ní luch ná cat ná gadhar ná coinín a thug sé leis amach as ach giorrae.

“Imigh leat suas!” ar seisean leis an ngiorrae. Siúd suas fan an tsnátha an giorrae, agus é, ba dhó’ le duine, i riocht titim anuas de, in aghaidh gach truslóige reatha dá dtugadh sé.

“Múinfeadsa rith níos feárr ná san duit, a bhioránaigh!” arsan cleasaí agus chuir sé a lámh isteach sa mhála agus thug sé leis amach cú agus greim ar chúl aige uirthi. Do scaoil sé an chú suas i ndiaidh an ghiorrae ar an snáth. D’fháisc an giorrae chun reatha dháiríribh nuair a chonaic sé an chú ar a thóir. Siúd suas fan an tsnátha iad go tréan, agus gach aon sceamh buile ag an gcoin, go dtí gur ritheadar araon isteach sa scamall. Tar éis iad do dhul isteach sa scamall do hairíodh an sceamhaíol ar siúl go géar agus go nímhneach agus do chonacthas an snáth á chrothadh go dian fé mar a bheadh ana-phlé ar siúl thuas. Is amhlaidh a mheasadh an rí agus na daoine go n-airídís an giorrae ag rith anonn ’s anall thuas, tríd an scamall, agus an chú ag baint chasadh anois is arís as, díreach mar a bhainfeadh cú casadh a giorrae dá mbeadh sí dhá fhiach ar an dtalamh. Bhí an rí agus na daoine ag féachaint suas go géar féachaint an bhféadfaidís aon radharc in aon chor a dh’fháil ar an bhfiach. Níor fhéadadar. Bhí an scamall ródhorcha, ródhlúite ’na chéile.

Bhí an rí agus na daoine go léir ag féachaint suas ar an scamall agus iad á dh’iniúchadh go géar, iad ag éisteacht le hamhastrach na con agus iad a d’iarraidh radhairc éigin ’ fháil ar an gcluiche a bhí ag an ngiorrae dá fháil. Chonacadar an snáth i láimh an chleasaí agus greim daingean aige air, agus chonacadar, le déine an ghleó a bhí ar siúl thuas, an snáth ag crith agus é dá shuaitheadh anonn ’s anall, agus lámh an chleasaí dá shuaitheadh anonn ’s anall le tarrac agus le suaitheadh an tsnátha. Bhí gach éinne dhá rá nárbh fhada go mbrisfeadh an snáth; nárbh fhéidir do a leithéid de tharrac agus de shuaitheadh do sheasamh i bhfad.

Do labhair an cleasaí leis an mála. “An bhfuileann tú ansan, a Ruathaire?” ar seisean.

“Táim,” arsa guth as an mála.

“Tair chúm amach anso,” arsan cleasaí. Do léim tollaire garsúin amach as an mála. Do leath a súile ar an rí agus ar na daoine nuair a chonacadar an garsún!

“Imigh ansúd suas,” arsan cleasaí, “agus ná leog don choin an giorrae do mharú nuair a bhéarfaidh sí air.”

Do léim an garsún in áirde ar an snáth agus siúd suas é agus é a’ lámhacán ar a dhá dheárnainn agus ar a dhá ghlúin. Chonaic an rí agus na daoine é ag sleamhnú suas ar an snáth go dtí gur imigh sé as a radharc isteach sa scamall. Ansan do hairíodh a ghlór agus é ag cosc na con agus do mhéadaigh ar an amhastrach agus ar shuaitheadh an tsnátha agus ar an ngluaiseacht anonn ’s anall thuas, i dtreó gur mheas gach éinne gur ag géarú na con a bhí an garsún in inead bheith dhá cosc. B’éigean don chleasaí a dhá láimh do chur ar an snáth bhí an feidhm chómh láidir sin air. Bhí an chú ag amhastraigh ar buile agus an garsún ag liúirigh ar buile agus an snáth dá tharrac agus dá shuaitheadh ar buile agus an greim dúid ag an gcleasaí ar an snáth, agus na daoine go léir chómh ciúin sin gur dhó’ le duine ná feicfeadh iad ná rabhadar in aon chor ann. Fé dheireadh do stad an amhastrach agus do stad an suaitheadh agus an tarrac ar an snáth. Ansan do hairíodh an garsún ag cur an anama amach ag gáirí agus é ag liúirigh agus ag screadaigh, i dtreó gur dhó’ le duine ’ bheadh ag éisteacht leis nách aon gharsún amháin a bhí ann ach fiche garsún.

“Tá rud éigin bunoscionn ar siúl ansúd thuas is eagal liom,” arsan cleasaí.

“Ní deirim ná go bhfuil,” arsan rí.

Do chrom an cleasaí ar an snáth do tharrac anuas. Bhí sé ag tarrac an tsnátha chuige ar feadh tamaill mhaith sara dtáinig cú ná giorrae ná garsún amach as an scamall. Fé dheireadh do chonacthas iad ag teacht amach agus is amhlaidh a bhíodar agus an chú agus an giorrae in achrann ’na chéile agus an garsún os a gcionn agus é ag cur an anama amach ag gáirí. Do tairrigeadh anuas tamall eile iad agus ansan is ea ’ chonaic an rí agus na daoine an radharc ba greannmhaire agus dob éagsamhlaí dá bhfeacadar riamh. Bhí greim ar scórnaigh ag an ngiorrae ar an gcoin agus é ag tachtadh na con! Bhí an garsún ag dul in sna céadéagaibh le neart gáirí. Bhí na daoine go léir, agus an rí chómh maith le cách, ag cur an anama amach ag gáirí an túisce ’na bhfeacadar an radharc san. Bhí an giorrae ag fáscadh go dian agus go dlúth ar scórnaigh na con agus an chú ag únthairt agus ag casadh agus ag croitheadh a cos a d’iarraidh í féin do réiteach ón ngreim maraitheach a bhí ag an ngiorrae ar scórnaigh uirthi. Do chimeád an giorrae a ghreim go dtí gur stad an únthairt agus gur shín an chú a cosa agus í marbh! Bhíodar ar an dtalamh ag an gcleasaí um an dtaca san.

Nuair a fuair an giorrae go raibh an chú marbh aige agus ná raibh aon sciotharnach den anam inti do bhog sé a ghreim di agus do dhruid sé uaithi amach. Ansan, fé mar a thabharfadh sé fé ndeara gur chuir an chú cor éigin di agus go mb’fhéidir ná raibh sí marbh i gceart, thug sé léim chúithi agus do rug sé ar an scórnaigh [ag tabhairt] fáscadh eile dhi. Nuair a bhí a aigne sásta go raibh sí marbh d’imigh sé anonn agus do luigh sé in aice an gharsúin, díreach mar a dhéanfadh gadhar, agus bhí gach aon tsúilfhéachaint aige ar an gcoin, le heagla go gcuirfeadh sí aon chor eile dhi.

Níor chuir. Bhí an cleasaí ag féachaint ar an gcoin agus dob fhuiriste a dh’aithint do raibh fearg air. Bhí sé ag féachaint ón gcoin go dtí an giorrae agus ón ngiorrae go dtí an garsún, agus ón ngarsún go dtí an chú arís. Fé dheireadh do labhair sé.

“Greadadh chút, a thollaire,” ar seisean, “cad ’na thaobh nár dheinis an rud aduart leat!”

“Do dheineas an rud adúraís liom,” arsan garsún.

“Thugais d’éitheach!” arsan cleasaí, “níor dheinis. Duart leat gan leogaint dóibh a chéile do ghortú agus do leogais don ghiorrae an chú bhreá san do mharú orm.”

“Ní dúraís aon ní dhá shórd san,” arsan garsún. “Dúraís liom gan leogaint don choin an giorrae do mharú agus níor leogas.”

“Duart leat gan leogaint dóibh a chéile ’ mharú ná do ghortú,” arsan cleasaí.

“Ní dúraís a leithéid,” arsan garsún. “Fágaim fén rí é! Bhí an rí ag éisteacht leat,” arsan garsún.

“Tá an ceart ag an ngarsún, a chleasaí,” arsan rí. “Dúraís leis gan leogaint don choin an giorrae do mharú.”

“Is fíor san!” arsa fear na leathchluaise, “d’airigh mo dhá chluais tu dhá rá leis an ngarsún imeacht suas agus gan leogaint don choin an giorrae do mharú!”

“Is fíor! Is fíor! Is fíor!” arsa gach éinne. Níor dhein an cleasaí aon bhlúire amháin ach a chlaíomh do tharrac as a leath-thruaill agus déanamh anonn ar an ngarsún agus an ceann do chaitheamh de le scuab-bhuille den chlaíomh! Bhí an bhuille chómh láidir sin gur léim an ceann in áirde sa spéir agus gur thit sé chun tailimh tamall maith ón áit ’nar thit an corp.

D’éirigh an rí ar buile. Thairrig sé a chlaíomh. “Is olc an gníomh é sin atá déánta agat!” ar seisean. “Níor cheadaíos-sa riamh gníomh den tsórd im láthair!” agus bhí sé ag druidim i dtreó an chleasaí.

“Ó, a rí,” arsan cleasaí, “ós olc leatsa an gníomh leighisfeadsa é!” D’imigh sé anonn chun na háite ’nar thit an ceann. Do rug sé ar ghruaig an chínn agus chaith sé an ceann i ruchar, i dtreó an chuirp. Chuaigh an ceann chun a áite féin, ar mhuineál an chuirp, agus cheangail sé ann agus d’éirigh an garsún ’na sheasamh! Do stad Tadhg Ó Ceallaigh agus é ag féachaint ar an ngarsún, agus a chlaíomh nochtaithe ’na láimh aige agus a bhéal agus a dhá shúil ar dianleathadh! Bhí an garsún ’na sheasamh, ach má bhí is amhlaidh a bhí a aghaidh i leith a dhroma agus a chúl i leith a uchta! Chrom sé ar siúl ach is amhlaidh a bhí sé ag gabháil tímpall mar ’ bheadh bó ’na mbeadh an galar cam uirthi!

“Ach! a chleasaí,” arsa Tadhg, “tá an donas ar fad déanta anois agat air! B’fhearra dho bheith marbh ná bheith beó agus é ar an gcuma san!”

“Tá go maith, a rí,” arsan cleasaí, “leighisfar an méid sin, leis.” D’imigh sé anonn agus do rug sé ar dhá chluais ar an gceann agus bhain sé croitheadh as agus casadh agus chuir sé an cúl i leith an droma agus an aghaidh i leith an uchta.

Chonaic na daoine go léir an snáth dá tharrac anuas. Conacadar an giorrae ag tachtadh na con agus an garsún ag cur an anama amach ag gáirí úmpu. Ba mhór an iúnadh an radharc san agus ba mhór an sult agus an spórt é, agus bhíodar féin ag dul in sna trithíbh dúbha ag gáirí nuair a chonacadar an radharc, an giorrae ag tachtadh na con, in inead é ’ bheith dá thachtadh ag an gcoin, mar ba cheart de réir nádúra an ghiorrae agus na con. Ba mhór go léir an spórt bheith ag féachaint ar an radharc san agus a bheith ar chumas duine bheith dhá mhaíomh i gcaitheamh a shaeil ’na dhiaidh san go bhfeacaigh sé an radharc san, radharc ná feacaigh éinne beó a leithéid riamh roimis sin agus ná feicfeadh go deó. Ach nuair a chonacadar an ceann bainte den gharsún tháinig fearg orthu, díreach mar a tháinig ar an rí. Chonacadar an rí, agus a chlaíomh ar tarrac aige, ag druidim i dtreó an chleasaí. Bhíodar féin ag druidim ’na threó chun díoltais a dhéanamh air. Do stracfaidís as a chéile é mar gheall ar an ngníomh a bhí déanta aige. Sara raibh sé dh’uain acu teacht chun na háite ’na raibh sé chonacadar conas mar a chaith sé an ceann i dtreó an chuirp agus gur éirigh an garsún ’na sheasamh! Chonacadar an cor a bhí air agus a aghaidh i leith a dhroma agus é ag gabháil tímpall mar ’ bheadh beithíoch ’na mbeadh an galar cam air. Ansan do chonacadar an cleasaí ag cur an chínn ’na cheart, agus ansan an garsún ag siúl díreach, chómh díreach agus d’fhéadfadh aon duine acu féin siúl. Nuair a chonacadar an méid sin do thosnaigh scannradh ar theacht orthu. Bhí cuid acu ag sleamhnú as an áit agus ag imeacht leó féin.

“Cuir an chú san agus an giorrae sin isteach sa mhála agus éirigh féin isteach ’na dhiaidh,” arsan cleasaí leis an ngarsún.

Dhein an garsún mar adúradh leis. D’oscail sé an mála agus chaith sé isteach an chú mharbh. Do léim an giorrae isteach uaidh féin agus do lean an garsún isteach é. Nuair a bhíodar istigh do thit an mála ar a chéile arís fé mar ’ bheadh sé folamh.

Bhí na daoine ag bailiú leó go tiubh. Bhí an scannradh ag méadú orthu. Do dhruid an cleasaí anonn chun an rí.

“Is tusa an rí is féile dár theangmhaigh liomsa fós, a Thaidhg Uí Cheallaigh!” arsan cleasaí. “Ar mhiste leat, a rí,” ar seisean, “beann do bhrait do leathadh amach dom go gcómhairead air an t-airgead atá fálta agam uait?”

Do leath Tadhg amach ar an dtalamh íochtar an bhrait agus do chrom an cleasaí ar an airgead do tharrac as a phóca agus do chómhaireamh anuas ar an mbrat. Nuair a bhí an t-airgead go léir curtha ar an mbrat aige d’fhéach sé suas i dtreó an scamaill.

“Féach airiú!” ar seisean. “Tá an scamall úd ansúd fós!”

D’fhéach gach éinne ’n áirde, idir rí agus daoine. Bhíodar ag iniúchadh an scamaill. An fhaid a bhíodar ag féachaint in áirde duairt an cleasaí an chainnt seo:—

“Do-bheir beagán, do-bheir mórán,
Is do-bheir an fichid marg
Do-bheir beó fear gan anmain.
Mian gach rí ar talúin Tadhg.”

Nuair a bhí an méid sin ráite aige do stad sé. Nuair a stad sé d’iompaigh Tadhg agus na daoine a súile anuas ón scamall agus d’fhéachadar i dtreó an chleasaí. Ní raibh an cleasaí ná a mhála ann! Bhíodar imithe mar ’ shloigfeadh an talamh iad!

Bhí iúnadh ar gach éinne. Dúradar go léir nár dhuine saolta in aon chor é, gur dhuine éigin ón slua sí é. Duairt cuid acu gurbh é Aonghus an Bhrogha é. Duairt tuilleadh acu nárbh é ach gurbh é an Daghdha Dearg é. B’é crích an aighnis acu é gur shocraíodar ’na n-aigne gurbh é Manannán mac Lir é. D’fhan an t-airgead ar bhrat Thaidhg. Bhí a chuid agus a chlú ag Tadhg.

(Críoch.)

Nóta

[Ag tabhairt] fáscadh eile dhi: the words ag baint are inserted in a handwritten note in my edition, but it would be ag baint fáscadh aisti, but ag tabhairt fáscadh dhi, so I assume the missing words are ag tabhairt. I need to compare this passage with other editions or impressions of An Cleasaidhe.

Foclóirín

airiú!: arú!, “why! really! indeed!” Pronounced /i’rʹu:~e’rʹu:/.
amhastraím, amhastrach: “to bark”. Pronounced /austə’ri:mʹ, austərəx/. As a feminine verbal noun, amhastrach becomes ag amhastraigh in the dative, although this usage appears more common when used with ag as a verbal noun. We have le hamhastrach here, used as an ordinary noun, without the historic dative.
anam: “soul”. The dative is generally anam, but occasionally found as anmain, which was the traditional form.
aondéag: “eleven”. Pronounced /e:ŋʹiag/ in WM Irish. The pronunciation could justify a spelling of éinnéag, although this would diverge greatly from the established orthography.
Aonghus an Bhroga: an Irish god and the son of the Dagda in Irish mythology. His name comes from the megalithic fort, Brú na Bóinne, in County Meath, which he is said to have dispossessed the Dagda of when he came of age. Brú (“residence”) is a variant of the rare word brugh, which is generally pronounced /brog/ in WM Irish. The name was spelt Aonghus an Bhrogha in the original here, but the genitive has been edited as bhroga in line with the presumed pronunciation. I am unclea as to the pronuncation of Aonghus (/e:nəs/ or /e:ŋəs/?).
beann: “peak”, but also “edge/skirt of a garment”.
brat: “cloak, robe”.
bunoscionn: “wrong, awry, not right”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
céadéaga: “eleven hundreds” (derived from céad+déag), and by extension, a “a high figure, or extreme of something; often used for death-throes”. Ag dul in sna céadéagaibh le neart gáirí, “to be dying with laughter”. Dinneen notes this word is only used in the dative plural.
ceirthlín: “a ball of thread; a round ball”, or ceirtlín in the CO. Pronounced /kʹar’hlʹi:nʹ/.
cluiche: “game”, but also “worrying/chasing/pursuit of an animal”.
cogarnach: “whispering”, a feminine verbal noun that becomes ag cogarnaigh in the dative; this distinction is not observed in the CO.
crích: “end”, or críoch in the CO. Críoch was also the spelling used in the original, but it has been edited here as crích in line with WM usage, where the historic dative has replaced the nominative. Most of PUL’s books have crích. The closing word críoch is, however, retained as given in the original, reflecting use of the classical spelling as a scribal device in noting the end of a book.
cú: “dog”, with con in the genitive singular and plural, coin in the dative singular, and coin in the nominative plural (where the CO has cúnna). is feminine in WM Irish, but masculine in the CO.
Daghdha Dearg (An Daghdha Dearg): the Dagda, a powerful god in Irish mythology. Daghdha is probably pronounced /dəi/.
dáiríribh: “indeed, actually, really”, or dáiríre in the CO. The form dháiríribh is found here after a vowel.
dúid: “stump”. Greim dúid, “an iron grip, a vicelike grip”, or greim dúide in the CO. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows that some speakers of WM Irish did use the genitive here, as in the CO (greim dúide), but as Dinneen’s dictionary shows both dúd and dúid as nominative forms, dúid may be a genitive here. CFBB shows that some speakers had dúid and some had diúid, although Brian Ó Cuív gave the transcription as /du:dʹ/. The original text here has diúid, with diúd in the notes, but PUL’s Séadna has greim dúid, which accords well with CFBB.
éagsamhlach: “extraordinary, uncommon”, or éagsúlach in the CO. Pronounced /iag’sauləx/.
éitheach: “falsehood”. Thugais d’éitheach, “that was a lie; you are lying”, where the slender s of thugais appears to de aspirate the follow t’éitheach, producing d’éitheach.
fáiscim, fáscadh: “to squeeze, tighten”. Fáscadh chun reatha, “to set off on a run”.
feidhm: “force, strain”.
gheibhim: “to get, find”. This is the absolute form of the verb faighim; the distinction is not observed in the Standard, which has faighim alone. The past participle used here is fálta, /fɑ:lhə/ corresponding to faighte in the Standard. Fachta is sometimes found in WM Irish with the same meaning.
giorrae: “hare”, or giorria in the CO. Pronounced /gʹi’re:/.
lámhacán: “creeping, crawling, on your hands and knees”.
Manannán mac Lir: the sea-god in Irish mythology, where lear means “sea”, referring to his father, an older sea-god, Lir or Ler, whose role Manannán later took over in Irish mythology.
mian: “desire”. Mian gach rí ar talúin, “the envy of all kings on earth; the ideal king; the greatest king on earth”.
nách: “isn’t it?”, nach in the CO, pronounced /nɑ:x/.
nádúr: “nature”, with nádúra in the genitive here, where the CO has nádúir.
Ruathaire: the name of a boy here, and a noun meaning “rover, gadabout, something that runs fast”.
sceamh: “yelp”. This is listed in the foclóirín of the early edition of An Cleasaidhe as masculine (see sceamh buile), but feminine in Ó Dónaill’s dictionary, and also in Dinneen’s. Dinneen does not list genitives and plurals, and the plural in Ó Dónaill’s dictionary (sceamhanna) seems to be generically formed, implying this word is rarely found in the plural.
sceamhaíol: “yelping, barking”, or sceamhaíl in the CO. As with all such verbal nouns, the WM form has a broad l. Pronounced /ʃkʹa’vi:l/.
sciotharnach: “gasping; the last faint gasp that precedes death”. This word is glossed in the foclóirín to the early edition of An Cleasaidhe, but is not found in dictionaries.
talamh: “land”. The dative is generally talamh, but talúin is found in the poem here (derived from the old genitive, talún).
teangmhaím, teangmháil: teagmhaím, teagmháil in the CO. With le, “to come into contact with something/someone”. Pronounced /tʹaŋə’vi:mʹ, tʹaŋə’vɑ:lʹ/.
tollaire: “a big, strong person”, or stollaire in the CO. Tollaire garsúin, “a strapping lad”.
truslóg: “hop, leap”.
tugaim, tabhairt: “to give”. The form do bheir is interesting, as this is used as a preterite of beirim in place of do rug in some of PUL’s works. However, there is a close relationship between the verbs beirim and tugaim, as the seldom-used absolute form of the verb tugaim is bheirim (originally do-bheirim). Dinneen’s dictionary shows that the third person singular of the present tense of do-bheirim is do-bheir, which generally occurs nowadays as tugann. The translation of do-bheir mórán, do-bheir beagán in Silva Gadelica is “he gives little or he gives much”, showing that this is a present-tense form here, a conjugated form of do-bheirim/tugaim and not of beirim. As the do here is not the perfective particle, the prefix should be followed by a hyphen.
únthairt: “rolling, tossing about”, or únfairt in the CO. Pronounced /u:nhirtʹ/.

A Raibh sa Mhála

Caibideal a Deich

A Raibh sa Mhála

“Féach, a chleasaí,” arsa Tadhg Ó Ceallaigh, “dúraís gur mhála cleasaíochta an mála san agat. Ní fheacamair aon chleas uait as an mála fós. B’fheárr linn rud éigin a dh’fheiscint as an mála san, má tá aon ní fónta ann agat, ná bheith ag féachaint ort ag baint na gcluas de dhaoinibh agus dhá gcur orthu arís.”

“Dá dtugthá chúig marga eile dhúinn, a rí,” arsan cleasaí, “do thaispeánfaimís cuid dá bhfuil sa mhála dhíbh.”

“Seo dhuit iad,” arsa Tadhg, agus shín sé na chúig marga chuige.

Do scaoil an cleasaí an córda a bhí ar bhéal an mhála agus d’oscail sé an mála.

“Tair amach, a luichín,” ar seisean, “go bhfeicfidh an rí thu!”

Do léim luch amach as an mála agus do rith sí anonn ’s anall os cómhair an rí.

“An bhfuilir ansan, a Phangair?” arsan cleasaí, agus é ag féachaint isteach sa mhála.

“Táim,” arsan guth istigh sa mhála.

“Tair amach, a Phangair, go bhfeicfidh an rí thu,” arsan cleasaí.

Do léim cat mór bán amach as an mála agus siúd i ndiaidh na luiche bige é. Bhí sé a d’iarraidh beirthe ar an luich ach níor fhéad sé breith uirthi. Bhíodar ag rith anonn ’s anall go dian i dtreó gur dhó’ le duine gach aon neómat go raibh beirthe ar an luich, ach d’imíodh an luch ó gach iarracht dá dtugadh an cat fé bhreith uirthi go dtí go raibh an rí agus na daoine go léir ag titim ar a gcosaibh ag gáirí. Bhí fear na cluaise ag féachaint orthu agus é ag dul in sna trithíbh chómh maith le cách, agus i lár na dtrithí dho chuireadh sé a lámh in áirde chun a leathchínn féachaint an raibh an leathchluas ann, agus bhíodh gach aon tsúilfhéachaint aige, anois is arís, ar a mhéireannaibh, agus ar an lámh a polladh.

Nuair ’ airigh na daoine a bhí i bhfad amach an sult go léir agus na gáirí go léir chromadar ar bheith ag brú isteach, i dtreó go mb’éigean don rí glaoch ar fhearaibh a theaghlaigh agus a rá leó seasamh mórthímpall agus na daoine ’ chimeád amach.

Nuair a bhí tamall maith caite ag Pangar ag fiach na luiche bige agus an luch ag dul uaidh i gcónaí do chuir an cleasaí a bhéal chun béil an mhála arís agus ghlaeigh sé:

“An bhfuilir ansan, a Ghadaí an Gheamhair?” ar seisean.

“Táim,” arsan guth istigh sa mhála.

“Tair amach anso go bhfeicfidh an rí thu agus go bhfeicfir féin an spórt,” arsan cleasaí.

Do léim coinín amach as an mála. Siúd anonn é go raibh sé ar dheis an rí. Do sheasaimh sé suas ar a chorragiob. Chuir sé a dhá laipín thosaigh len’ ucht. Dhírigh sé in áirde a dhá chluais agus d’oscail sé a dhá chnapshúil ag féachaint ar an spórt. Ba dhó’ le duine go dtitfeadh an t-anam tur te as a raibh láithreach, agus as an rí féin chómh maith le cách, nuair ’ chonacadar an “gadaí” agus é ’na sheasamh suas mar sin, chómh stuama, agus a dhá chnapshúil ar dianleathadh, agus é ag faire ar an spórt mar a bheadh breitheamh! Thabharfadh cuid de sna daoine an leabhar go ndeineadh sé gáire anois is arís, nuair a luíodh an luichín go hobann ar an dtalamh agus ’ théadh an cat dá druím amach le fuinneamh a reatha.

“Tabharfadsa dhuit gnó le déanamh duit féin, a ghadaí!” arsan cleasaí.

“An bhfuilir ansan, a Phreabaire?” ar seisean.

“Táim,” arsan guth istigh sa mhála.

“Tair amach anso go bhfeicfidh an rí thu,” arsan cleasaí.

Do léim gadhar amach as an mála agus siúd i ndiaidh an choinín é. Bhí an dá fhiach ar siúl in éineacht ansan.

Uair dár luigh an luichín anuas ar an dtalamh agus go ndeigh an cat amach dá druím le fuinneamh a reatha, do rith an luch amach ’na dhiaidh agus chuaigh sí de léim in áirde ar a dhrom. Do rith an cat mórthímpall agus é ag screadaigh, fé mar a bheadh sceón uathásach ann. Do stad an gadhar ag féachaint ar an gcat agus an luch ag marcaíocht air. Lena línn sin do léim an coinín in áirde ar dhrom an ghadhair. Do chuir an gadhar glam as, agus do rith sé mórthímpall i ndiaidh an chait. Ansan is ea ’ bhí an spórt ann. An cat agus an gadhar mar ’ bheadh dhá chapall, agus an luch agus an coinín in áirde orthu mar ’ bheadh dhá mharcach, agus iad ag gluaiseacht mórthímpall fé mar a bheadh rás acu dá rith, agus na daoine go léir ag liúirigh agus ag gáirí. Bhí an cleasaí ’na sheasamh ag féachaint orthu agus a dhá láimh féna dhá oscaill aige agus gan liú ná gáire aige á dhéanamh. Ar ball do sheasaimh an coinín suas ar a chorraigiob ar dhrom an mhadra agus dhírigh sé suas a dhá chluais agus d’fhéach sé ’na thímpall ar na daoine, agus ba dhó’ le duine gur tháinig oiread eile ins gach aon chnapshúil leis. Nuair a chonaic na daoine an méid sin chuireadar liú gháirí astu. Ní túisce a bhí an liú curtha astu acu, áfach, ná mar a tháinig scáth agus eagla ar chuid acu. Do buaileadh isteach ’na n-aigne gurbh é rud a bhí ar siúl ná diablaíocht. In inead bheith ag brú isteach is amhlaidh a bhí cuid acu ag druidim amach. Thug an cleasaí fé ndeara an t-eagla ag teacht ar chuid de sna daoine. Shín sé lámh leis i dtreó an chait. Lena línn sin do baineadh barrathuisle as an gcat i dtreó gur caitheadh tón tar ceann é féin agus an luch. Do rug sé ar an luichín. Chrom sé ar bheith ag spórt léi mar is gnáth le cat ’ bheith ag spórt agus ag súgradh le luich sara n-itheann sé í.

“Tabhair chúm anso í, a Phanghair,” arsan cleasaí.

Tháinig an cat chuige anall agus an luch ’na bhéal aige. D’oscail an cleasaí an mála agus do léim an cat isteach sa mhála agus an luch ’na bhéal aige.

Do shín an cleasaí a lámh i dtreó an mhadra agus an choinín. Do léim an madra san aer. Má dhein níor chuir sé an coinín dá dhrom. Do léim sé arís agus arís eile. Má dhein níor chuir sé dhe an marcach. Chuir sé siar a bhéal chun beirthe ar an marcach. Má dhein do theip air. Nuair a dh’iompaíodh sé a bhéal siar chun a ghualann chlé bhíodh an coinín ar an ngualainn ndeis, agus nuair a dh’iompaíodh sé a bhéal a d’iarraidh teacht ar an ngualainn ndeis bíodh an coinín ar an ngualainn chlé.

“Tagaidh chúm anso!” arsan cleasaí fé dheireadh, “tá an rí tuirseach díbh!”

Do rug an gadhar ar an gcoinín agus thug sé leis anall ’na bhéal é agus chuaigh sé isteach sa mhála a bhí ar oscailt ag an gcleasaí dho.

D’éirigh argóint láithreach idir na daoine i dtaobh na gcleas agus i dtaobh na n-ainmhithe a bhí sa mhála ag an gcleasaí. Cuid de sna daoine dhá rá gur le diablaíocht a dhein sé na cleasa san agus tuilleadh acu dhá rá nárbh ea ach gurbh amhlaidh a mhúin sé na hainmhithe chun na gcleas do dhéanamh.

“Conas ’ fhéadfadh sé cainnt a mhúineadh dhóibh!” adéarfadh duine.

“Níor mhúin sé cainnt dóibh in aon chor,” adéarfadh duine eile.

“Nár airíomair é ag glaoch orthu, agus iad dhá fhreagairt as an mála?” adéarfadh an chéad duine.

“É féin a chuir a ghuth isteach sa mhála, dhá leogaint air gurbh iad san do labhair,” adéarfadh an tarna duine; agus ansan do neósfadh sé conas mar ab aithin do féin duine a dh’fhéadfadh a ghuth do chur ag labhairt amach a mála ar an gcuma san, nú anuas a simné nú anuas a crann, agus gur dhó’ le héinne ’ bheadh ag éisteacht leis an nguth gur dhuine ’ bheadh sa mhála, nú thuas sa tsimné, nú in áirde sa chrann.

“Tá an luch agus an cat agus an coinín agus an gadhar istigh sa mhála anois,” arsa duine as a mhachnamh, “agus nách macánta atáid siad go léir! Níor dhó’ le duine go bhfuil aon rud beó istigh ann.”

Do bhuaigh an méid sin orthu go léir. Ba dhó’ le duine ar an mála go raibh sé folamh.

Foclóirín

barrathuisle: “stumble”. Barrathuisle a bhaint as duine, “to cause someone to stumble”.
cnapshúil: “bulging eye, goggle-eye”.
corragiob: found in the phrase ar a chorragiob, “on his haunches”. Corraghiob in the CO.
diablaíocht: “devilry, wizardry”, or diabhlaíocht in the CO.
eagla: “fear”; masculine here, but feminine in the CO.
Gadaí an Gheamhair: the name of a rabbit here, literally “the thief of the green corn/corn in the blade”.
leogaim, leogaint: “to let, allow”, ligim, ligean in the CO. Ag leogaint air, “making out, letting on (that), pretending”.
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in the CO. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint.
oiread: “amount”. Oiread eile, “as much again”: tháinig oiread eile ins gach aon chnapshúil leis, “each of his bulging eyes became twice as large”.
oscall: “armpit”, or ascaill in the CO, a slenderised form that reflects historic dative use. Féna dhá oscaill aige, “under his two armpits; under his arms”. More research required on whether the WM nominative is oscall or oscaill, as the word is rarely found in the nominative. The foclóirín to the early edition of An Cleasaidhe lists osgail as the nominative.
Pangar: the cat here is named after the cat in a ninth-century Irish poem, Mise agus Pangur bán.
Preabaire: the name of a dog here, meaning literally “jumper; a bounding, dashing person”.
sara: “before; lest”, or sula in the CO.
screadaim, screadach: “to scream, shriek”. Note that as a feminine verbal noun ending in -ach, screadach becomes ag screadaigh in the dative, /ə ʃkrʹadigʹ/.
stuama: “level headed; sensible”, traditionally spelt stuamdha. The traditional WM pronunciation would be with a devoiced m, /stuəmhə/.
tagaim: “to come”. Note that the original used the classical spelling tar in the imperative, a spelling that is adopted in the CO, but this has been edited here as tair, to give the WM pronunciation, /tɑrʹ/.
tarna: “second”, or dara in the CO.

An Mála Cleasaíochta

Caibideal a naoi.

An Mála Cleasaíochta.

Díreach nuair a bhí muíntir Uí Chonchúir Sligigh ag rith anso agus ansúd trí sheómraibh an dúna, agus trí phóirsíbh agus trí pháirceannaibh lasmu’ den dún, ag lorg an Ghiolla Dé, bhí Tadhg Ó Ceallaigh agus muíntir a thíre cruinnithe ar an bpáirc ar aghaidh a dhúna féin amach aige, in aonach lánoireachtais. Bhí Tadhg ag féachaint ar an aonach agus é ag cainnt le beirt nú triúr uaisle. Chonacadar ag déanamh orthu tríd an aonach stracaire fir agus mála ar a leathghualainn aige, díreach mar a bheadh bacach a bheadh a d’iarraidh déarca. Níor stad sé go dtáinig sé i láthair Thaidhg.

“Go mbeannaídh Dia dhíbh, a Thaidhg Uí Cheallaigh!” ar seisean.

D’fhéachadar go léir air. Ansan do fhreagair an rí é. “Go mbeannaídh Dia ’s Muire dhuit, a fhir mhaith,” ar seisean, agus d’fhéach sé ar an stracaire ó mhullach talamh. Níor róchneasta an fhéachaint í agus níor ródheas an radharc a chonaic sé. Níor mhiste stracaire ’ thabhairt ar an bhfear. Bhí an uile bhalcais dá chuid éadaigh go stollta agus go stracaithe. Ach má bhí mála air ní gan arm a bhí sé. Bhí claíomh ceangailte fan chuím air, ach bhí leath na truaille imithe agus bhí leath an chlaímh nochtaithe laistiar de.

“Cár ghabhais-se chúinn, a fhir mhaith?” arsa Tadhg Ó Ceallaigh.

“Ó thig Uí Chonchúir Sligigh do thánag anso anois,” arsan stracaire, “agus ó thig Mhic Eochaidh, i Logán Laighean, a thánag go tigh Uí Chonchúir. Ó thig Sheáin mhic an Iarla a chuas go tigh Mhic Eochaidh, ó thigh Uí Dhónaill i mBéal Átha Seannaigh a chuas go tigh Sheáin mhic an Iarla, agus ó bhaile Rí Alban a thánag go tigh Uí Dhónaill. In Aileach na rí do rugadh me. Bím lá in Íle agus lá i gCeann Tíre, lá i Manainn agus lá i Reachlainn, agus lá ar Fionncharn na Faraire i Sliabh Fuaid.”

“Is iúntach an fánaí thu!” arsa Tadhg.

“Is fíor san, a rí,” arsan stracaire, “ní féidir liom fanúint i bhfad in aon áit amháin choíche. Táim ró-aerach. Do shiúlaíos na háiteanna úd go léir, mar aduart, agus is agatsa anso atáim anois, a Thaidhg Uí Cheallaigh,” ar seisean.

“De réir mar a labhrann tú tá aon mhaith amháin ionat pé’r domhan é,” arsa Tadhg.

“Cad é an t-aon mhaith amháin é sin led thoil, a rí?” arsan stracaire.

“Ná beidh tú agam i bhfad,” arsa Tadhg.

Do gháir a raibh láithreach agus do gháir an stracaire leó go bínn. “Ní fear doichill aduairt riamh é, a rí,” ar seisean.

“Cad is ealaí dhuit? Ní dó’ liom gur bacachas is gairm beatha dhuit. Más ea níl eólas ceart ar do cheird agat,” arsa Tadhg.

“Cá bhfios duit led thoil, a rí, ná fuil eólas ar bhacachas agam?”

“Már níl do mhála chómh teann agus ba dhó’ liom a bheadh sé dá mbeadh an t-eólas agat. Cad ’tá agat sa mhála?” arsa Tadhg.

“Cleasaí maith is ea me, a rí,” arsan stracaire, “agus sid é mo mhála cleasaíochta.”

“An bhfuil a lán cleas agat?” arsa Tadhg.

“Tá, a rí,” arsan stracaire, “ar mhaith leat go ndéanfainn cleas acu dhíbh?”

“Dein,” arsa Tadhg.

Bhí na daoine a bhí ’na gcóngar ag druidim chúthu ag faire orthu agus ag éisteacht leó. Do staith an cleasaí trí brobhnacha beaga féir as an dtalamh agus chuir sé ar a bhais chuige iad, brobh acu i lár baíll agus an dá bhrobh eile mar adéarfá órlach amach uaidh ar gach taobh.

“Féach, a rí,” ar seisean, “an dó’ leat an bhféadfadh duine an brobh láir sin do chur as san le séid dá anáil agus an dá bhrobh eile d’fhágaint ann?”

“Measaim,” arsan rí, “go mbéarfadh an anál na trí cínn léi dá ainneóin.

“Déanfadsa an cleas san duitse, a rí,” arsan cleasaí, “má thugann tú chúig marga dhom.”

“Tabharfad,” arsa Tadhg.

Do chuir an cleasaí dhá mhéar leis ar an dá bhrobh imeallacha agus ansan do chuir sé puth dá anáil fén mbrobh láir agus shéid sé dá bhais é. Do sceart a raibh ag féachaint air ar gháirí.

“Ná bac iad féin, a chleasaí,” arsa Tadhg.

“Cleas maith is ea é. Is fiú é díol as. Seo,” ar seisean, agus shín sé chuige an t-airgead. “Ní bheidh orm díol arís as an gcleas san,” ar seisean.

Bhí fear de mhuíntir Thaidhg ag féachaint ar an gcleas agus tháinig fearg air.

“Preit! a dhuine,” ar seisean, “ar nóin ní cleas é sin! Más é sin saghas cleas atá sa mhála agat ní cleasaí in aon chor tu. Le feall a fuarais an t-airgead san ón rí. Ní ceart duit é ’ chimeád. Cheapamair go léir go ndéanfá an cleas gan aon mhéar do chur ar an dá bhrobh imeallacha. Bhuailis do dhá mhéar ar an dá bhrobh. Conas ’ fhéadfadh t’anál iad a bhreith chun siúil nuair a bhí an dá mhéar agat anuas orthu go daingean. Ní cleas a dheinis, ach is amhlaidh a bhuailis bob orainn. Is breá bog a thuilleann tú do bheatha má gheibheann tú chúig marga as gach aon bhrobh a shéideann tú ded bhais ar an gcuma san! B’fheárr liom go dtabharfadh an rí chúig marga dhómhsa gach aon uair a dhéanfainn é.”

“Tabharfadsa leath an airgid seo dhuit má dheineann tú é, ach é ’ dhéanamh díreach mar a dheineas féin é,” arsan cleasaí.

“Tabharfair amás!” arsan fear.

“Cuirfead anso ar láimh an rí é,” arsan cleasaí, “agus tugadh an rí dhuitse é má dheineann tú an cleas, ach go ndéanfair é díreach mar a dheineas féin é. An bhfuilir sásta leis sin?”

“An daighe ach táim,” arsan fear.

Chuir an cleasaí leath an airgid ar láimh an rí, os cómhair a raibh láithreach, chun go dtabharfadh an rí don fhear é dá ndeineadh sé an cleas.

“An ndéanfair an cleas?” arsan cleasaí.

“Amaí ach déanfad!” arsan fear, “ní fheicim, áfach, go bhfuil aon chleas in aon chor ann.”

“Ach féach,” arsan cleasaí, “mura ndéanfair é díreach mar a dheineas-sa é níl an t-airgead le fáil agat.”

“Ná bí am bodhradh, a dhuine! ar nóin níl aon chuma eile chun a dhéanta ach an chuma ’nar dheinis-se é. Cad a dheinis ach do dhá mhéar a chur ar an dá bhrobh imeallacha agus ansan an brobh láir do shéideadh le t’anál! Ná déanfadh aon amadán an méid sin!” arsan fear.

“Comáin leat más ea agus dein é,” arsan cleasaí.

Do chrom an fear agus do staith sé trí brobhnacha féir as an bhfód a bhí féna chois. Chuir sé na trí brobhnacha ar a bhais chuige. Ansan do bhuail sé a dá mhéar go daingean ar an dá bhrobh a bhí imeallach. Ansan do chrom sé a cheann agus shéid sé puth dá anáil féin mbrobh a bhí i lár baíll. Chómh luath agus do luigh an anál ar an láimh siúd síos an dá mhéar tríd an láimh agus amach trína drom! Do scread an fear bocht agus do bhéic sé.

“Ó foth foth, a dhuine,” arsan cleasaí, “ní mar sin a dheineas-sa an cleas! Cad ba ghá dhuit do mhéireanna do shá síos tríod láimh. Dúraís go ndéanfá an cleas díreach mar a dheineas-sa é. Níor dheinis; tá an t-airgead caillte agat.” Agus lena línn sin tháinig sé anall in aice an fhir agus thairrig sé luibh as a phóca agus do rug sé ar na lámha a bhí ceangailte dhá chéile agus chimil sé an luibh díobh. Thánadar ó chéile go breá. Do chrom an fear ar iad d’iniúchadh. Ní raibh poll ná rian poíll sa láimh ’na ndeigh na méireanna tríthi. D’fhéach sé ar na méireannaibh. Ní raibh aon rian fola orthu. Ní fheidir sé ó thalamh an domhain conas a chuaigh na méireanna tríd an láimh ná conas nár fhágadar aon pholl ’na ndiaidh inti, ná conas ná raibh fuil le feiscint orthu féin ná ar an láimh.

Ansan is ea ’ thuig Tadhg Ó Ceallaigh agus na daoine a bhí láithreach ná raibh an cleas chómh mór gan brí agus a mheasadar ar dtúis. Do ghlaeigh Tadhg chuige an fear agus d’iniúch sé an lámh go maith. Bhí a raibh ann ag iniúchadh na lámha agus ag iniúchadh na méar. Bhí iúnadh agus alltacht orthu. Thabharfadh gach éinne acu an leabhar go bhfeacaigh a dhá shúil na méireanna síos tríd an láimh agus amach trína drom agus b’in í ansúd anois í, os cómhair a súl, agus í chómh slán, chómh glan, chómh beag rian aon ní i bhfuirm poíll, le láimh aon fhir eile dá raibh san áit!

Bhíodar go léir ar feadh tamaill ag déanamh iúnaidh den chuma ’nar chuir an fear a dhá mhéar síos trína dheárnainn, agus ansan den chuma ’nar chneasaigh an cleasaí an lámh i dtreó nár fhan poll ná rian poíll inti; cuid acu dhá rá ná deigh na méireanna síos in aon chor tríd an láimh agus tuilleadh acu, agus an fear féin, dhá dheimhniú go ndeaghadar, agus go bhfeacthas barra gach méire dhíobh amach trí dhrom na lámha. Bhí asal ceangailte de charra beag trucaileach tamall anonn ón áit ’na raibh Tadhg ’na sheasamh. Bhíodh na cuileanna ag teacht ar chluasaibh an asail agus ar a cheann, agus chroitheadh sé a cheann anois agus arís. Uaireanta, nuair a thagaidís ar chluais leis, gan teacht ar an gcluais eile, do chroitheadh sé an chluas san gan aon chor a chur den chluais eile.

“Féach, a rí,” arsan cleasaí, “mar a chorraíonn an t-asal san cluas leis gan an chluas eile do chorraí.”

“Chím é,” arsa Tadhg Ó Ceallaigh, “cad ’tá iúntach ansan?”

“Nách iúntach an rud, a rí,” arsan cleasaí, “go bhféadann an t-asal san rud a dhéanamh ná féadfadh rí a dhéanamh.”

“Ní fhéadfadh aon duine eile é a dhéanamh ach chómh beag le rí,” arsa Tadhg.

“Dá dtugthása chúig marga eile dhómhsa, a rí,” arsan cleasaí, “do dhéanfainn an cleas san.”

“Cad é an cleas?” arsa Tadhg, agus chuir gach éinne cluas air féin.

“Cluas liom do chorraí ar mo cheann gan an ceann ná an chluas eile do chorraí,” arsan cleasaí.

“Dá ndeintá é sin déarfainn gur cleas dáiríribh é murabh ionann is an cleas a dheinis leis an mbrobh!” arsan fear céanna úd.

“Déanfad é má gheibhim na chúig marga ón rí,” arsan cleasaí.

“Gheóbhair na chúig marga,” arsan rí, “má chorraíonn tú cluas leat gan do cheann ná an chluas eile do chorraí.”

Tháinig an cleasaí agus sheasaimh sé ar aghaidh an fhir eile amach.

“Fair ar mo chluasaibh go géar anois,” ar seisean.

“Táim ag faire orthu,” arsan fear eile.

“Ceoca cluas ba mhaith leat do chorróinn?” arsan cleasaí.

“Corraigh an chluas chlé,” arsan fear eile.

Níor dhein an cleasaí ach a lámh chlé do chur suas agus breith ar an gcluais agus í ’ chorraí leis an láimh.

“Greadadh chút, a chladhaire,” arsan fear, “ar nóin do chuiris do lámh chúithi! Is led láimh a chorraís í!”

“Lem láimh gan amhras. Ar nóin ní lem chois a mheasais do chorróinn í!” arsan cleasaí.

“Tá go breá! Dúraís go gcorrófá í fé mar a chorraíonn an t-asal a chluas, gan a cheann ná an chluas eile do chorraí in aon chor. Mheasamair go gcorrófá í gan aon lámh a chur ’na gaire,” arsan fear.

“Cad é sin dómhsa cad a mheasais ná cad nár measais!” arsan cleasaí. “Duairt go gcorróinn cluas liom gan mo cheann ná an chluas eile do chorraí. Níor thráchtas in aon chor ar an asal nuair aduart an méid sin. Do dheineas an rud aduart a dhéanfainn. Fágaim fén rí féin é, ceoca ’ dheineas é nú nár dheineas.”

“Is fíor,” arsa Tadhg, “gur dheinis an rud adúraís a dhéanfá. Seo dhuit an t-airgead.”

“Ó faire, a rí,” arsan fear, “ná tabhair an t-airgead do. Ní cleasaí ceart in aon chor é. Mheasas, agus mheasais-se, a rí, agus mheas gach éinne atá láithreach, go gcorródh sé an chluas fé mar a chorraíonn an t-asal a chluas, gan aon lámh a chur chúithi. Níor dhein. Níor thuíll sé an t-airgead, a rí. Ní ceart an t-airgead a thabhairt do.”

“Nách greannmhar an duine thu!” arsan cleasaí. “Conas ’ fhéadfadh asal lámh do chur chun a chluaise agus gan an lámh aige!” Do gháir a raibh láithreach.

“Cad chuige dhuit trácht ar an asal in aon chor, más ea?” arsan fear. “Chuiris ag cuímhneamh ar an asal sinn,” ar seisean. “Is ar an asal a bhíos-sa ag cuímhneamh nuair a bhíos ag faire ar do chluais.”

“Is mairg dhuit ná raibh ag cuímhneamh ar rud éigin in inead an asail,” arsan cleasaí.

“Is fíor,” arsan fear. “Bhí sé ceart agam ’ fhios a bheith agam nár bhaol go ndéanfása an cleas adúraís a dhéanfá.”

“Dheineas an cleas aduart a dhéanfainn,” arsan cleasaí, “cleas ná déanfása dá mhéid cainnt agat.”

“An amhlaidh a mheasfá a rá go bhfuil aon fhear anso ná déanfadh an rud a dheinis-se! A chluas do chorraí lena láimh!”

“Cuirfead aon gheall is maith leat, leat féin nú le haon fear anso, ná déanfairse do chluas féin do chorraí led láimh.”

“Éist do bhéal, a dhuine!” arsan fear.

“Féach!” ar seisean, agus chuir sé suas a lámh agus chrom sé ar a chluais chlé do shuaitheadh lena láimh. Ní raibh ach cúpla suaitheadh bainte aige aisti nuair a tháinig sí leis ’na láimh óna cheann ar fad, agus do ghluais an fhuil ’na sruthán anuas fan na gualann air! Do leath a súile ar a raibh láithreach. “Ó,” ar siad, “tá an duine marbh!”

“Ó foth, foth, a dhuine,” arsan cleasaí, “cad ba ghá dhuit an chluas do stathadh dhíot féin ar an gcuma san! Ná féadfá í ’ bhogadh go breá réidh mar ’ bhogas-sa mo chluas!”

Bhí an fear ag féachaint ar an gcluais agus í ’na láimh aige, agus é, ba dhó’ le duine, as a mheabhair le huathás agus ná feidir sé ’en domhan cad a bhí imithe air.

“Leighis an chluas, a chleasaí, fé mar a leighisis an lámh,” arsan rí.

Do dhruid an cleasaí anonn in’ aice agus bhuail sé clabhtóg mhaith throm fan a leathchínn air san áit ’nar cheart an chluas a bheith agus do leag sé é. D’éirigh sé chómh luath agus d’fhéad sé é. D’fhéach sé arís ar an gcluais a bhí ’na láimh aige, dar leis. Ní raibh ’na láimh aige ach blúire de sheanacheairt! Chuir sé a lámh in áirde chun a leathchínn. Bhí an chluas slán folláin ar a leathchínn san áit ’nar cheart í ’ bheith.

“Ó seachain!” arsan cleasaí, “ná staith anuas arís í!”

D’fhéach an fear air go diomách. Níor thug sé aon fhreagra air áfach. Níor dhein sé ach imeacht leis féin i measc na ndaoine. Ní bhfuair sé aon tsuaimhneas go ceann i bhfad ach na daoine go léir ag brú isteach ’na thímpall ag iniúchadh na fola agus ag féachaint ar an seanacheairt.

“Ó, féach,” arsa cuid acu, “níor scaradh an chluas san riamh le ceann an duine! Níor briseadh an croiceann san riamh! Agus féach! Ní fuil a tháinig in aon chor ón gceann!”

“Thabharfainn an leabhar,” adeireadh duine, “go bhfeaca an chluas ag teacht ón gceann amach! Is uathásach an scéal é!”

“Thabharfainn féin an leabhar,” arsan fear, “gur airíos préamhacha mo chluaise dá mbriseadh nuair a bhí sí ag teacht liom amach óm cheann, agus ansan thabharfainn an leabhar go raibh sí im láimh agam agus gur mhothaíos a croiceann agus a féithleóg, go dtí gur bhuail sé buille dhá bhais sa leathcheann orm. Do leagadh me. Ansan nuair ’ éiríos, ní raibh im láimh agam ach an tseanacheairt sin. Chuireas suas mo lámh chun mo leathchínn agus fuaras an chluas ’na háit féin.”

Lena línn sin chuir sé a lámh suas arís chun na cluaise, fé mar ba mhaith leis deimhin a dhéanamh de go raibh sí ann. Bhíodh an lámh in áirde go minic aige ar an gcuma san agus níorbh fhada gur thug na daoine fé ndeara é agus go mbíodh ana-shult acu á bhaint as. Ar ball ní bhíodh d’ainm acu ar an bhfear san ach, “fear na leathchluaise.”

Nuair a chonaic na daoine an dá chleas san ón gcleasaí, cleas na mbrobh agus cleas na cluaise, dhá chleas a ceapadh ar dtúis a bhí leanbaí go leór agus go bhfeacthas ’na dhiaidh san go raibh cómhacht iontu nárbh fhéidir a thuiscint, bhí iarracht d’eagla ag teacht acu roimis an gcleasaí. Ní raibh aon fhonn as san amach ar éinne aon chur isteach a dhéanamh air.

Nótaí

Dhá mhéar: “two fingers”. Note the lack of the dative dual here, dhá mhéir.
Am bodhradh: “bothering me”. Note the delenition of the verbal noun across the labial boundary.
Le t’anál: “with your breath”. Not the lack of the native, anáil, here.

Foclóirín

ag: “at”. Am: the combination of ag, the particle governing the verbal noun, with a first-person singular pronoun object. This would be do mo in the CO (an extremely inauthentic form).
amás: an interjection of incredulity; “surely, indeed”. Ó Dónaill’s dictionary shows this is a variant of ambaiste (ambasa in WM Irish).
amaí: “indeed”.
an daighe: “the Dagda, a powerful god in Irish mythology; by extension, really, indeed!” Pronounced /ən dəi/. An daighe is given as don daighe in Foclóir Gaeilge-Béarla, but the etymology is unclear and the first syllable may just be the definite article. Spelt andaigh in the original here.
ar nóin: “of course, no doubht”, dar ndóigh in the CO. Ar nóin is derived from dóin, given in PSD1927 as a corruption of dóigh (transcribed where found here as dó’).
bacachas: “begging”.
brobh: “blade (e.g., of grass)”, with the plural here brobhnacha, where the CO has broibh. Possibly pronounced /brov, brounəxə/.
ceairt: “rag”, or ceirt in the CO.
deárna: “palm of the hand”, with the dative here deárnainn, where deárnain is also found.
deirim, rá: “to say”. Mar adéarfá, “roughly, approximately”.
diomách: “disappointed, dejected”, or díomách in the CO.
ealaí: “art, skill”, or ealaín in the CO, where the dative has replaced the nominative. Cad is ealaí dhuit?, “what is your profession/trade in life?”
fágaim: “to leave”, with the verbal noun fágaint/fágáilt, i.e. fágáil in the CO.
féithleóg: “sinew, muscle (especially small ones); gristle”, or féitheog in the CO.
iarracht: “attempt”, but also “a bit, a certain amount of something”. Iarracht d’eagla, “a certain amount of fear”.
iniúchaim, iniúchadh: “to scrutinise”.
lámh: “hand”. Note that the nominative singular (and genitive plural) is pronounced /lɑ:v/ with the genitive singular (lámha) and the nominative plural (lámha) both pronounced /lɑ:/. PUL explained in his Notes on Irish Words and Usages that the genitive of this word should be lámha and not láimhe, and he generally adheres to this usage. The original here has láimhe for the genitive, but this is edited as lámha, in line with PUL’s pronunciation. The dative singular (láimh) and the dative plural (lámhaibh) are both pronounced /lɑ:vʹ/. PUL was insistent that this word had a nasal vowel, and thus was audibly distinct from , “day”, but such nasalisation is not a feature of modern day WM Irish.
leanbaí: “childlike”, spelt leanbhaí in the original, but edited here in line with the pronunciation, /lʹanə’bi:/.
leathcheann: “side of the head”.
leighisim, leigheas: “to remedy, cure”, leigheasaim, leigheas in the CO.
Logán Laighean: “the Valley of Leinster”. The identification of this placename is unclear.
marg: “mark; a silver coin worth 13 shillings and 4 pence”, with the plural here marga, where the CO has mairg. Pronounced /mɑrəg/.
préamh: “root”, or fréamh in the CO.
séid: “puff, gust, blowing”. This word is not given in dictionaries, which have séideadh.
sid é: “this is, here is”, corresponding to siod é in the CO.
staithim, stathadh: “to pick, pluck”, stoithim, stoitheadh in the CO.
Tadhg Ó Ceallaigh: the notes to the early edition of An Cleasaidhe indicate that either Tadhg, son of M’leachlainn, lord of Hy Many, who died in 1513, or Tadhg Rua, lord of Caladh, who died in 1519, may be being referred to here. Note that the Ó Ceallaigh surname is pronounced /o: kʹalə/, in line with dialectal rules on the pronunciation of  igh in surnames.
téim, dul: “to go”. It is worth noting that the dependent form is not often used in WM Irish in the past tense. PUL’s usage is mixed; he normally writes gur chuaigh, although go ndeigh /nʹəigʹ/ is also found in this work. In the CO the absolute/dependent contrast is observed, as go ndeachaigh.
truaill: “sheath, scabbard”.

An Leathchuma

Caibideal a hocht.

An Leathchuma

Nuair a bhí na Muímhnigh tar éis iompáil ó dheas abhaile ní raibh ag Giolla Dé le déanamh ach aire ’ thabhairt do sna creachaibh agus iad a chimeád le chéile agus iad a chomáint. Chimeád sé le chéile iad agus chomáin sé iad go breá, réidh, cneasta, agus Ó Conchúir agus a shlóite, an méid nár mhairbh na Muímhnigh díobh, ag teacht ’na dhiaidh ar a suaimhneas agus ar a socracht go dtí gur thánadar go bruach na Sionainne ar an dtaobh thiar, san áit ’na raibh dún Uí Chonchúir ar a n-aghaidh soir ar an dtaobh eile den abhainn. Bhí an chailleach Chonnachtach rómpu as san ag feitheamh leó. Do tugadh di na trí ba breaca agus an tarbh maol agus bhí sí sásta.

Do rugadh na creacha treasna na habhann go dún Uí Chonchúir. Tháinig Ó Conchúir isteach ’na dhún. Bhí sé traochta le tuirse agus dá loscadh le tart. Do tugadh árthach fíona ’na láimh do. Chuir sé an t-árthach chun a bhéil. Bhí sé ag ól an fhíona agus bhí an t-árthach ag éirí agus ceann Uí Chonchúir ag dul siar go dtí go raibh tón an árthaigh in áirde agus an braon deirineach den fhíon imithe siar i scórnaigh Uí Chonchúir. Do leog sé anuas an t-árthach agus thairrig sé anál mhaith; agus cé ’ chífeadh sé ’na sheasamh ar a aghaidh amach ach Giolla Dé.

“Tá leathchuma déanta agat orm, a Uí Chonchúir!” arsa Giolla Dé. “D’ólais do dheoch agus níor thugais aon deoch dómhsa. Gheallais ná déanfá leathchuma orm agus tá do gheallúint briste agat. Chuas leat chómh fada siar ó dheas le Trá Lí. Do choisceas an tóir agus chomáineas na creacha dhuit. Gheallais ná déanfí leathchuma orm. Sin ar iarras de thuarastal ort. Do thuilleas an tuarastal san go maith agus níor tugadh dom é. D’ólais-se féin do dheoch anois gan aon deoch a thabhairt dómhsa. Táim ag imeacht uait anois mar gheall air sin, a Uí Choncúir.”

“Ó, a Ghiolla Dé, ná himigh! Dearúd ab ea é! Ná himigh!” arsa Ó Conchúir. “Ná himigh uaim! Is tu an fear is feárr a bhí riamh agam! Ná himigh uaim anois!” Lena línn sin d’fhéach sé ’na thímpall féachaint an bhfeicfeadh sé duine éigin a thabharfadh deoch chun an Ghiolla Dé. Nuair ’ fhéach sé thar n-ais ar an áit ’na raibh an Giolla Dé ’na sheasamh ní raibh sé ann—bhí sé imithe mar a shloigfeadh an talamh é! Chomáin Ó Conchúir daoine anso agus ansúd ar fuid na háite ar a lorg. Ní raibh a thuairisc le fáil in aon bhall.

Do roinneadh na creacha. Do rug gach taoiseach a chion féin díobh abhaile leis agus do chimeád Ó Conchúir a chion féin díobh. Ansan do chuaigh Ó Conchúir agus muíntir a theaghlaigh a chodladh, mar bhí tuirse orthu. Chodladar an oíche agus cuid mhaith den mhaidean i ndiaidh na hoíche. Nuair ’ éiríodar ar maidin bhí scéal nua ar fuid na háite. Ní raibh aon tuairisc ar na creachaibh! Ní raibh bó caíora ná capall san áit ach an méid a bhí ann i gcónaí. Do cuardaíodh an dúthaigh mórthímpall. Ní raibh aon mhaith ann. Ní raibh oiread agus beithíoch cheithre gcos le fáil in aon bhall ach na beithígh a bhí i gcónaí ann.

Nuair a fuair an chailleach na trí ba agus an tarbh bhí sí lán d’áthas. Chuaigh sí a chodladh agus chodail sí go sámh. Nuair ’ éirigh sí ar maidin cad a chífeadh sí thall sa chúinne ach an cléibhín. “’Sea!” ar sise, “is maith a dhein Ó Conchúir é! Thug sé an croiceann ’s a lua chúm. Táid na ba agus an cléibhín agam anois!” D’imigh sí amach go bhfeicfeadh sí na ba arís. Ní raibh bó bhreac ná tarbh maol ann!

Níorbh fhada gur bhuail chúthu ó thuaidh, ’na dtriúraibh agus ’na ndeichniúraibh, na fir a measadh a fágadh marbh sa Mhúmhain! Bhíodar ag teacht go dtí go raibh gach aon fhear riamh acu sa bhaile slán.

Nuair a dh’iompaigh na Muímhnigh ón dtóir bhí brón agus tromchroí orthu. A lán dá ndaoine marbh agus iad ag teacht abhaile gan aon ní dá gcuid a thabhairt leó. Conas ’ fhéadfaidís aghaidh a thabhairt ar a mnáibh agus ar a gclaínn! Shroiseadar an baile. Is orthu ’ bhí an iúnadh agus an alltacht nuair a fuaradar na creacha go léir sa bhaile rómpu, agus na fir a maraíodh dar leó, an uile dhuine acu sa bhaile ’na shaol agus ’na shláinte!

Nuair a rugadh uaithi na trí ba agus an tarbh bhí an chailleach Mhuímhneach, thiar in aice Thrá Lí, go dúbhach agus go dobrónach. Do ghoil sí a dóthain. Nuair ’ bhí a dóthain guil déanta aici chuaigh sí a chodladh. Níor éirigh sí in aon chor ar feadh roinnt laethanta. Fé dheireadh d’éirigh sí agus bhuail sí amach. Cad a chífeadh sí amu’ sa chlós ach na trí ba breaca agus an tarbh maol! Bhí iúnadh uirthi. Fé dheireadh do thuig sí an scéal, dar léi.

“Mo ghraidhin croí sibh, a fheara Múmhan!” ar sise. “Is oraibh ba gheárr an mhoíll na creacha do theasargan agus do thabhairt libh abhaile! Is oraibh nách miste bheith ag brath! ’Sea! Bíodh an méid sin ag Ó Conchúir agus ag á shlua! Féachfaid siad rómpu sara dtiocfaid siad aduaidh arís. Is dócha gur maraíodh a bhformhór, agus is maith an scéal é!”

D’imigh sí agus do chrúigh sí na trí ba. Bhí bainne maith acu. Bhí sí sásta ’na haigne.

“’Sea!” ar sise, “tá an cléibhín agus na ba agam anois gan baochas!”

D’imigh sí chun na háite ’nar fhág sí an cléibhín go bhféachfadh sí arís air. Ní raibh sé ann! Bí iúnadh uirthi. Ní fheidir sí ’en domhan cad a bhí imithe air nú cad a bhéarfadh chun siúil é. Do chuardaigh sí gach aon áit sa tigh agus tímpall an tí do, le heagla go mb’fhéidir gurbh amhlaidh a dh’aistreódh sí é i ganfhios di féin nuair a bhí an bhuairt uirthi. Ní raibh aon mhaith sa chuardach. I bhfad ’na dhiaidh san do hínseadh di go raibh an cléibhín thuaidh sa bhaile ag an gcailligh thuaidh ach dob fhada gur chreid sí é; agus go dtí lá a báis do theip uirthi a dhéanamh amach conas a rugadh ó thuaidh é.

An mhuíntir a chas ón dtóir is orthu ’ bhí an iúnadh agus an alltacht nuair a fuaradar rómpu sa bhaile na creacha go léir agus na fir a mheasadar a maraíodh.

“Ó,” aduairt na mná agus na seandaoine, “do dheineabhair an gnó go hálainn! Níor leogabhair oiread agus uan caoireach leó ó thuaidh! Tá ana-ghníomh déanta agaibh!” Ní raibh i mbéal éinne ach cainnt den tsórd san. Do labhair duine den mhuíntir a chas ón dtóir le duine den mhuíntir a maraíodh, dar leis.

“Ná feacaigh mo dhá shúil ar lár tu,” ar seisean, “agus saighead tríod chliabh, isteach trí chléithín t’uchta agus amach tríod dhrom!”

“Chonac féin an saighead ag teacht,” arsan fear, “agus mheasas gur ghoibh sé tríom chliabh agus thiteas, ach nuair a bhíobhair go léir imithe thorm do dhúisíos fé mar a dhúiseóinn as mo chodladh. D’éiríos im sheasamh. Níor mhothaíos teinneas ná lagachar a bheith orm agus níor dheineas ach iompáil aduaidh abhaile. Agus féach,” ar seisean, “níl poll im chliabh ná im dhrom!”

“Is uathásach an scéal é!” arsan fear a chuir an cheist.

D’fhan an scéal ar an gcuma san. Ní áiteódh an saol ar an muíntir a bhí sa bhaile ná gurbh iad na Muímhnigh a bhí ar an dtóir do sháraigh agus do thug abhaile na creacha agus ní áiteódh an saol orthu san ná gur rugadh na creacha ó thuaidh ar fad go dún Uí Chonchúir dá n-ainneóin! Ach ba chuma é ó bhí na creacha sa bhaile agus gan éinne de sna fearaibh in easnamh orthu.

Má bhí iúnadh ar na Muímhneachaibh gan éinne de sna fearaibh a bheith in easnamh orthu bhí iúnadh chómh mór leis ar na Connachtaibh agus ar Ó Conchúir féin. Chonaic a dhá shúil fir Connacht ag titim ’na sraitheannaibh nuair a scread sé ar Ghiolla Dé dul siar agus an tóir do chosc nú ná raghadh Connachtach abhaile beó, agus b’in iad na fir go léir sa bhaile slán folláin anois aige, gan oiread agus aon fhear amháin in easnamh orthu! B’uathásach an scéal é!

Nóta

Den mhaidean: note the lack of the dative, maidin, here.

Foclóirín

abha: “river”. The genitive is abhann and the dative abhainn, but the dative has replaced the nominative in the CO. Pronounced /au/, /aun/ and /auŋʹ/.
ag: “at”. The combination ag á, corresponding to ag a in the CO, is pronounced /i’gʹɑ:/.
anál: “breath”, or anáil in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
baochas: “thanks”, pronounced /be:xəs/; buíochas in the CO. Buidheachas stood in the original. Gan baochas (do dhuine), “in spite (of him)”.
cléithín: normally “surgical splint”, but cléithín uchta is “breastbone” here (cnámh an uchta in the CO).
croiceann: “skin”, craiceann in the CO. Pronounced /krekʹən/ or /krokʹən/ in traditional WM Irish.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin.
iúnadh: “wonder, surprise”, or ionadh in the CO. Pronounced /u:nə/. It is worth pointing out that this word is feminine in PUL’s works (an iúnadh), but masculine in the CO.
leathchuma: “an injustice; unfair advantage (over someone)”.
lua: “value”, or luach in the CO. This is normally luach or luacht in WM Irish, but was spelt luagh in the original here. An croiceann is a lua(ch) a bheith agat, “to have it both ways”.
maraím, marú: “to kill, slay”. Note the preterite is do mhairbh sé, /vɑrʹivʹ/, where mharaigh sé would be found in the CO.
sroisim, sroisiúint: “to reach”, or sroichim, sroicheadh in the CO.
tar/thar: “through, across, past”. Thorm, “past me”, spelt tharam in the CO; pronounced /horəm/.
tón: “bottom”, or tóin in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
treasna: “across” or trasna in the CO. Pronounced /trʹasnə/.
tromchroí: “melancholy, heaviness of heart”, pronounced /tromə-xri:/.
ucht: “breast”. Cléithín uchta, “breastbone”. The genitive is spelt ochta in the original here; further research on the WM pronunciation in the genitive required.

Cléibhín Tiubaisteach

Caibideal a Seacht

Cléibhín Tiubaisteach

Chómh luath agus d’airigh an chailleach an focal deirinneach ón rí d’imigh sí. “’Sea!” ar sise ’na haigne féin, “tá an méid sin déanta. Beidh cathú uirthi siúd nár fhág sí ’na diaidh mo chléibhín. Agus an mhuíntir a tháinig chómh fonnmhar agus chómh gasta chun an chléibhín a bhreith chúithi ó dheas beidh cathú orthu nár fhanadar sa bhaile. Tuigfid siad ar ball cad é an brí atá leis an seanfhocal úd adeir gur feárr bheith díomhaoin ná drochghnóthach. Bhíodar ag gáirí nuair a bhíodar ag imeacht agus mo chléibhín acu. De réir an fhuadair atá fé Ó Conchúir anois measaim nách fada go mbeidh gol an gháire sin acu.”

Nuair a bhí sí imithe do ghlaeigh Ó Conchúir chuige a lucht cómhairle agus d’innis sé dhóibh tríd síos scéal an chléibhín. Bhí cuid acu aduairt nár cheart aon tsuím a chur sa scéal. Gurbh amhlaidh a bheadh an dúthaigh ag magadh fúthu féin dá gcuiridís aon tsuím sa chléibhín ná sa bheirt chailleach. Bhí cuid acu, áfach, aduairt a mhalairt sin ar fad. “Táid,” ar siad, “na Muímhnigh dhá mhaíomh, cheana féin, gur mar olc agus mar ghríosadh agus mar imdheargadh ar Chonnachtaibh do rugadh an cléibhín chun siúil in aon chor, agus dá chómhartha san féin go raibh an Mhúmhain ollamh chun sásaimh a thabhairt sa chléibhín dá mba rud é go dtiocfí a d’iarraidh sásaimh orthu, ach nár mhóide go dtiocfí.”

Chómh luath agus do hairíodh an chainnt sin do socraíodh ar shlóitibh Connacht do chruinniú agus do ghléasadh chun aghaidh agus ar iad do dhul ó dheas sa Mhúmhain chun cléibhín na caillí thuaidh do dhíogailt ar na Muímhneachaibh.

Do comáineadh amach na teachtairí agus do cruinníodh na slóite. Tháinig na slóite i gceann a chéile ag rítheaghlach Uí Chonchúir. Bhí gach ní ollamh agus an neart go léir ag bogadh chun gluaiste.

An uair sin díreach is ea ’ bhí an cheist úd, “Cá bhfuil Cathal Ó Céin? Cá bhfuil Cathal Ó Céin?” ag dul ó bhéal go béal thoir ag teaghlach Mhic Eochaidh i gCúige Laighean agus Cathal Ó Céin ag imeacht ’na lán-rith de dhruím an chnucáin fé mar a bheadh gadhair an bhaile ’na dhiadh. Féachaint dá dtug Ó Conchúir Sligigh thar a ghualainn chonaic sé an scriosaire fir ag déanamh air isteach tríd an slua. Fear cumasach córach árd leabhairghéagach ab ea é agus é ag siúl go rábach, agus go ndéarfadh éinne a chífeadh é go raibh rith agus léim agus lúth agus gníomh ann nárbh fhuiriste ’ shárú. Bhí aon rud amháin, áfach, ag teacht ’na choinnibh. Ní raibh rí ná rath ar an saghas balcaisí éadaigh a bhí air. Ní raibh iontu ach uail ghiobal. Bhíodar stracaithe deisithe, lán de phreabánaibh agus de chórdaíbh agus de bhuaircíníbh, agus nárbh fhios cathain a tugadh ní ná glanadh orthu. Chuirfeadh sé náire agus seirithean ar dhuine iad d’fheiscint in aon chor. D’fhéach Ó Conchúir air nuair a tháinig sé i ngaireacht do. Dá ghiorracht a tháinig sé do is ea ba ghráinne ’ dh’fhéach sé.

“Cár ghabhais-se chúinn, a fhir mhaith?” arsa an rí.

“I dtigh Mhic Eochaidh i gcúige Laighean thoir a chodlas aréir, a Uí Chonchúir,” ar seisean, “agus bhíos roimis sin dhá mhíle dhéag amach ó Luimneach i dtigh Sheáin mhic an Iarla in aice le Cnuc Áine. Bhíos an oíche roimis sin i dtigh Uí Dhónaill i mBéal Átha Seannaigh, agus i nDún Monaidh i mBaile rí Alban an oíche roimis sin arís. In Aileach na rí do rugadh me. Bím lá in Íle agus lá i gCeann Tíre, lá i Manainn agus lá i Reachlainn agus lá eile ar Fionncharn na faraire ar Sliabh Fuaid. Buachaill suarach, siúlach, saobhnósach me agus ní maith liom choíche bheith puínn aimsire in aon áit amháin. Táim ró-aerach.”

“Agus cad is ainm duit, a fhir mhaith?” arsan rí.

“Giolla Dé is ainm dom,” ar seisean.

“Agus cad a thug anso thu, a Ghiolla Dé?” arsa Ó Conchúir.

“D’airíos, a rí,” arsa Giolla Dé, “Ó Conchúir Sligigh ’ bheith ag dul ar slóghadh ó dheas sa Mhúmhain agus cheapas dá nglacfí me ar thuarastal go raghainn leat ar an slóghadh san.”

“Dar mo bhriatharsa,” arsa fear de mhuíntir Chonchúir a bhí ag éisteacht leis an gcainnt, “ní ghlacfaimís tu ar thuarastal ná gan tuarastal! Is deas ’ fhéachfaimís ag dul isteach i ndúthaigh iasachta & do leithéidse de ghioblachán lenár gcois!”

“Má théim ar an slóghadh ní libhse ’ bheidh me ag dul ach le hÓ Conchúir. B’fhéidir go bhfeicfeadh Ó Conchúir ar ball gur maith an bhail air féin, agus oraibhse, leis, mise ’ bheith in éineacht libh ar an slóghadh so, dá mhéid drochmheas atá anois agatsa ar na gioblaibh seo.”

“Cad é an tuarastal a bheadh uait, a Ghiolla Dé?” arsa Ó Conchúir.

“Ní iarrfad de thuarastal,” arsa Giolla Dé, “ach gan leathchuma do dhéanamh orm.”

“Tá go maith,” arsa Ó Conchúir, “is deocair locht ’ fháil ar an dtuarastal san. Peoca ’ thiocfair linn nú ná tiocfair is é do cheart gan leathchuma a dhéanamh ort. Tair linn.”

Do ghluais an tslua agus Giolla Dé in éineacht leó. Chuadar thar Sionainn siar. d’éirigh slóite na dtíortha thiar agus thánadar ’na dteannta. Do ghluais an mórshlua ó dheas. Do leathadar iad féin go hobann ar fuaid na Múmhan. Chromadar ar na creachaibh do chruinniú. Chomáineadar rómpu ba agus capaill agus caoire agus muca agus gach aon rud a bhí ionaistir. Níor cuireadh aon chosc leó mar ní raibh a neart cruinnithe ag na Muímhneachaibh. Tháinig an scéal ró-obann orthu. Ag cruinniú a neart a bhí na Muímhnigh an fhaid a bhí na Connachtaigh ag cruinniú na gcreach. Chuaigh Ó Conchúir agus na Connachtaigh chómh fada siar ó dheas le Trá Lí. Ansan is ea ’ bhí an chailleach Mhuímhneach ’na cónaí. Bhí trí ba breaca aici agus tarbh maol. Thug Ó Conchúir leis na trí ba & an tarbh chun iad a thabhairt don chailligh thuaidh mar dhíolaíocht as a cléibhín.

Bhí Ó Conchúir agus na Connachtaigh ag comáint na gcreach rómpu. Creacha móra ab ea iad agus níorbh fhuiriste iad do chomáint rómhear. Níorbh fhada go bhfeacadar an tóir ’na ndiaidh; slóite líonmhara cruinnithe ó dhá chúige Múmhan agus iad ag teacht ar saothar ag teasargan a dtána. Bhíodar ag teacht suas leis na Connachtaibh mar bhí na creacha ag gluaiseacht róríghin. Lena línn sin tháinig Giolla Dé chun cainnte le hÓ Conchúir.

“Ceoca is feárr leat, a Uí Chonchúir,” ar seisean, “mise do dhul siar agus an tóir do chosc nú me ’ dhul amach agus na creacha do chomáint?”

“Coisc an tóir má fhéadann tú é, a Ghiolla Dé,” arsa Ó Conchúir.

D’iompaigh Giolla Dé ar na Muímhneachaibh. Bhí bogha agus cheithre saighde fichid aige. Chrom sé ar na saighdibh do chaitheamh leis na Muímhneachaibh. Do chaith sé chómh tiubh agus chuaigh gach ruchar i bhfeidhm chómh maith, ní raibh ruchar acu nár thit naonúr de sna Muímhneachaibh leis. Thairrig na Muímhneacha siar nuair a chonacadar an t-éirleach á dhéanamh orthu. Níor fhan aon duine acu i ngiorracht ghona ruchair saighde do Ghiolla Dé.

Ach i dtaobh na gcreach, do rith ba agus capaill agus caoire anonn ’s anall ar buile i dtreó gur theip glan ar shlóitibh Connacht, ní hamháin iad do chomáint, ach iad do chimeád i dteannta ’ chéile in aon chor. Bhí an tóir dá cosc go hálainn ach bhí gach aon chúntúirt gur gheárr ná beadh creach ann le comáint ná le teasargan.

Bhí Ó Conchúir ar buile nuair a chonaic sé fir Connacht ag rith i ndiaidh na mbeithíoch agus na beithígh ag imeacht uathu. Do thárla in’ aice an fear úd do labhair an mhaidean a bhíodar ag fágáilt an bhaile agus aduairt ná caithfeadh Giolla Dé teacht leó. “Féach siar anois air,” arsa Ó Conchúir. “Sin í an tóir aige á cosc in’ aonar agus gan sibhse go léir ábalta ar na creachaibh do chomáint. Imigh féin siar anois agus iarr air teacht agus an rud a dhéanamh atá teipithe oraibhse, na creacha so do chruinniú agus scaoil an focal tímpall dhá rá le slóitibh Connacht a n-aghaidh a thabhairt siar ar an Muímhneachaibh agus an tóir do chosc.”

“Ná hiarrfá, a rí,” arsan fear, “ar dhuine éigin eile dul siar agus labhairt leis an nGiolla Dé sin?”

“Ní iarrfad,” arsa Ó Conchúir, “ní baol duit na Muímhnigh anois, féach, táid siad an-fhada siar uaidh siúd. Is iúntach an fear é pé hé féin!”

“Ní haon eagla atá agamsa roimis na Muímhneachaibh, a rí,” arsan fear, “ach ní maith liom dul chun cainnte leis siúd tar éis an tarcaisne úd a thugas do.”

“Imigh láithreach,” arsa Ó Conchúir, “agus labhair leis mar adeirim leat! Má thugais tarcaisne dho an mhaidean úd tabhair onóir anois do. Tá onóir tuíllte aige. Imigh!”

B’éigean do imeacht bíodh gur i gcoinnibh a chos a dh’imigh sé. Do tugadh an teachtaireacht do Ghiolla Dé. Tháinig sé láithreach agus do ghluais sé i ndiaidh na gcreach. Níorbh fhada go rabhadar cruinnithe aige go breá agus é dhá gcomáint roimis amach soir ó thuaidh chun Brú Rí.

Chómh luath agus ’ chonaic na Muímhnigh go raibh fear na saighead imithe siúd ar aghaidh arís iad san tóir. Thug fir Connacht aghaidh orthu. Má thugadar níorbh fhada go raibh na Connachtaigh ag dul i ndiaidh a gcúil agus na Muímhnigh ag brú orthu agus dhá leagadh go tiubh.

Bhí Giolla Dé ag comáint na gcreach go hálainn ach má bhí féin bhí an tóir ag teacht agus é ag teip ar fhearaibh Connacht í ’ chosc. Bhí an Giolla Dé agus na creacha ag déanamh ó thuaidh ar Luimneach agus na Muímhnigh ag déanamh gach díchill ar na creachaibh do shárú sara raghaidís thar Sionainn siar ag Luimneach. Do chuir Giolla Dé thar Sionainn siar iad sarar fhéad na Muímhnigh teacht suas leó. Ansan do scread Ó Conchúir féin air agus d’iarr sé air teacht agus an tóir do chosc nú ná raghadh aon Chonnachtach abhaile beó. D’fhág sé na creacha laistiar den abhainn agus d’fhíll sé ar na Muímhneachaibh agus a bhogha aige. Thugadar ruthag féna dhéin chun é ’ mharú ach do scaoil sé na saighde chúthu chómh tiubh gur thit gach fear a tháinig in aon ghaobhar do. Do thairrigeadar siar a raon na ruchar. Bhí an Giolla Dé ag dul i ndiaidh a chúil chun cimeád suas le muíntir Uí Conchúir agus fé mar a bhí seisean ag dul i ndiaidh a chúil bhíodar san dhá leanúint, ach ní baol go dtagaidís i ngiorracht ruchair saighde do. Lena línn sin bhí Ó Conchúir agus fir Connacht ag gabháil ó thuaidh trí Chúntae an Chláir agus iad ag bailiú tuillidh creach nuair a tháinig mearathall éigin ar na beithígh agus do ghluaiseadar arís ar buile, mar ’ bheadh ba a bheadh ag guidheall lá brothallach samhraidh. Bhí na creacha a tugadh aneas ag imeacht níba thiúbha ná mar a bhí creacha Chúntae an Chláir dá gcruinniú agus é ag teip ar shlóitibh Uí Chonchúir iad do chimeád. B’éigean glaoch arís ar an nGiolla Dé. Do chruinnigh na creacha agus do chomáin sé iad agus chuaigh fir Connacht ag cosc na Muímhneach agus dob olc chuige iad. Bhí gach re dturas mar sin ag Giolla Dé ag cosc na Muímhneach agus ag comáint na gcreach, go dtí gur iompaigh na Muímhnigh abhaile.

Nóta

Féachaint dá dtug Ó Conchúir Sligigh thar a ghualainn chonaic sé an scriosaire fir ag déanamh air: “as O’Conor Sligo looked over his shoulder, he saw a hunk of a man making his way towards him”. The use of féachaint without any government preposition is worth noting. It could be argued that many uses of the Irish nominative case reflect accusative usage, although there is no accusative case in modern Irish. In other words, this could be parsed as “by means of a look that he gave over his shoulder”. Other examples that could be explained in terms of accusative use include ba ghéire cainnt, “the most quick-witted”, i.e. the most quick-witted with respect to speech, and ag féachaint síos an bóthar, “to look down the road”, i.e. to look down along the road. These usages would be accusative in many case languages. The notes to the early edition of An Cleasaidhe also highlight the uses of the definite article in an scriosaire fir, to introduce a new character.

Foclóirín

aerach: “gay, flighty”, but probably “carefree” in context here.
aghaidh: “face”. Slóite a ghléasadh chun aghaidh, probably “to get an army ready to move out”. Note that the genitive is aghaidh and not the aghaidhe of the CO.
Brú Rí: Bruree, Co. Limerick (“the king’s residence”, referring to an ancient royal fortress). Brugh is generally pronounced /brog/ in WM Irish, but in this particular placename the -gh- is not pronounced, and so the generally accepted spelling is used in the editing here.
cnucán: “hillock”, or cnocán in the CO. Edited here with -u- in line with my policy of editing cnoc as cnuc, in line with the WM pronunciation (both spelling can be found in PUL’s works).
creach: “spoil”. Usually plural, creacha, in the meaning of “the spoils of war”.
cúige: “province”. Dhá chúige Múmhan here refers to Thomond and Desmond, North and South Munster.
cúntae: “county”, or contae in the CO. Often found as cúndae. Cúndae an Chláir, Co. Clare (a county whose name derives from clár, “board”, referring to a location, now Clarecastle, where a board was placed across the River Fergus).
deocair: “difficult”, or deacair in the CO. Pronounced /dʹoxirʹ/.
fuiriste: “easy”, furasta in the CO. Uiriste is also found in PUL’s works, and seems the more authentic form as the spelling fuiriste is generally found in PUL’s works only in lenited contexts (e.g. nárbh fhuiriste, which could just as easily be spelt nárbh uiriste).
gach re: “every other”. With eclipsis: gach re dturas, “alternately”. IWM shows a pronunciation of /gʹaxirʹi/, but the Leitiriú Shímplí transcription for PUL’s Séadna indicates /gɑxərə/, and so the original spelling is maintained here.
gioblachán: “a ragged, unkempt person”, pronounced /gʹubələxɑ:n/.
gléasaim, gléasadh: “to equip, make ready”. Note this is pronounced with /e:/, rather than the /ia/ that is more common for words spelt in éa. Slóite a ghléasadh chun aghaidh, probably “to get an army ready to move out”.
gol: “crying”. Measaim nách fada go mbeidh gol an gháire sin acu, “I think they’ll soon be laughing on the other side of their faces”: according to the notes in the early edition of An Cleasaidhe “the idea seems to be that every laugh must beget its cry at some time”.
gránna: “ugly”. It is worth pointing out the CO comparative is indeclinable, i.e. gránna, where PUL has gráinne.
gríosadh: “incitement, provocation”, or gríosú in the CO.
guidheall: a verbal noun meaning “gambolling, gadding, a motion of restless excitment of cows”; aoibheall in the CO. Possibly pronounced /gi:l/. The g here derives from the ag of ag aoibheall.
ionaistir: “able to move; fit to travel; roadworthy”, or inaistir in the CO.
leabhairghéagach: “with long, slender limbs”.
leathchuma: “an unfair advantage”.
Luimneach: Limerick.
mearathall: “confusion”, or mearbhall. Pronounced /mʹarəhəl/ in WM Irish.
móide: a second comparative meaning “all the more”. Ní móide go, “it is unlikely, improbable”.
mórshlua: “great host, multitude”. Note that this word is masculine here, as it is in the CO, but feminine in PUL’s Niamh. Logically, as PUL normally (but not exclusively) uses slua as a feminine noun, mórshlua should be feminine too.
Muímhneach: “Munsterman”. Note that Muímhnigh and Muímhneacha are both found in the plural here, where the CO has only Muimhnigh.
obann: “sudden”, or tobann in the CO.
olc: “evil, harm”. Mar olc le duine, “to spite someone”.
ollamh: “ready, prepared”, or ullamh in the CO.
peoca: “whether”, from pé acu, or pé’cu. Pronounced /pʹukə/. Often followed by a relative clause.
rábach: “bold, dashing”. Go rábach, “vigorously (of someone walking”.
rí: found in the phrase rí ná rath, “neither luck nor grace”, given in Dinneen’s dictionary, but not in Ó Dónaill’s. Ní raibh rí ná rath ar an saghas balcaisí éadaigh a bhí air, “there was no luck or grace to the sort of clothing he was wearing”.
ruchar: “shot”, or urchar in the CO. The original spelling was urchar, but has been edited here as ruchar in line with the WM pronunciation.
sáraím, sárú: “to contradict; to violate”, but here na creacha do shárú means “to overtake the spoils of war and rescue them/turn them back”.
scriosaire: “strong, active person”.
seirithean: “indignation”, or seirfean. Pronounced /ʃerʹihən/.
Sionainn (an tSionainn): the River Shannon; the historic dative has replaced the former nominative, variously found as Sionna and Sionann.
slóghadh: “military expedition; mobilisation of troops”, or slógadh in the CO. Probably pronounced /slo:/.
táin: “cattle, drove, herd; by extension, wealth”, with tána in the genitive.
teasargaim, teasargan: “to rescue, save”.
tiubaisteach: “calamitous, disastrous, ill-fated”, or tubaisteach in the CO. This word, and the cognate noun tiubaist (tubaiste in the CO) are found spelt with both broad and slender t in PUL’s works. The variant spellings appear to indicate that PUL had a slender t, while occasionally lapsing into the accepted spelling with a broad t. Note however that Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has tubaist, with a broad t.
Trá Lí: Tralee, Co. Kerry. Spelt Tráigh Lí in the original, but the final -igh is not pronounced in this placename, and so the generally accepted spelling of Trá Lí is used in the editing here.
uail: “bundle, heap”, or cual in the CO. Note the distinction between uail, “bundle”, and uaill, “howl” (originally the dative of uall); these are pronounced the same in WM Irish.