Cad a Cham Srón Firín?

Caibideal a Sé.

Cad a Cham Srón Firín?*

Bhí cailleach i gConnachtaibh an uair sin agus bhí cléibhín, nú saghas éigin ciseáinín aici, agus pé tairbhe a bhí sa chléibhín ní thabharfadh sí ar shaibhreas an domhain é. Bhí cailleach eile sa Mhúmhain agus théadh sí ó thuaidh go minic ag féachaint na caillí thuaidh, agus thagadh an chailleach Chonnachtach aduaidh ag féachaint na caillí Muímhní. Bhí an bheirt chailleach go hana-mhuínteartha lena chéile go dtí gur chuir an chailleach Mhuímhneach dúil sa chléibhín. D’iarr sí an cléibhín, le ceannach, ar an gcailligh thuaidh. Ní bhfaigheadh sí é. D’iarr sí ar iasacht é ar feadh tamaill. Ní bhfaigheadh sí é. Bhí sí ag tathant agus ag plámás agus ag cimilt bhaise a d’iarraidh go bhfaigheadh sí an cléibhín. Ní raibh aon mhaith dhi ann. Do labhair sí le cuid de cháirdibh na caillí thuaidh dhá iarraidh orthu dul chun cainnte leis an gcailligh agus an cléibhín do mhealladh uaithi dá mb’fhéidir é. Dheineadar san. Má dheineadar ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Ní thabharfadh sí uaithi an cléibhín. Ní scarfadh sí leis an gcléibhín dá gcaillidís a gcórtaisí léi.

Nuair a fuair an chailleach Mhuímhneach nárbh aon mhaith bheith léi, do leog sí uirthi go raibh sí sásta; ná hiarrfadh sí an cléibhín in aon chor dá mbeadh ’ fhios aici oiread suime ’ bheith ag an gcailligh thuaidh ann. Do scaradar go breá cneasta, muínteartha, agus tháinig an chailleach Mhuímhneach abhaile. Chómh luath agus ’ bhí sí sa bhaile do chruinnigh sí cuallacht mhaith láidir fear. D’imíodar ó thuaidh san oíche, cuid acu an bóthar so agus cuid acu an bóthar úd, i dtreó ná tabharfí fé ndeara iad. Bhíodar trí oíche agus trí lá ag dul ó thuaidh. Dheinidís a siúl san oíche agus chodlaidís sa lá. Níor thug éinne fé ndeara aon drochfhuadar a bheith fúthu mar bhíodar scaipithe. Dheineadar coinne in áit áirithe ná raibh i bhfad ó thig na caillí thuaidh. Tar éis na hoíche ’ thitim is ea ’ thánadar chun áit na coinne. Chómh luath agus ’ bhíodar go léir ann siúd isteach iad i dtigh na caillí. Do rug duine acu air.

“Fág ansan mo chléibhín!” arsan chailleach, “nú cad é an mac mallachtan atá ag éirí dhuit!”

Thógadar leó é. D’aithníodar go maith é. Bhí a chómharthaí acu go cruínn. Chomáineadar leó ó dheas. Níor scaipeadar ó chéile ag teacht abhaile dhóibh, agus ba ghiorra go mór an mhoíll orthu teacht aduaidh ná dul ó thuaidh. Thánadar go tigh na caillí theas agus thugadar di an cléibhín agus is í a bhí go mórálach.

Ní raibh ’ fhios ag an gcailligh thuaidh ar dtúis cérbh iad na foghlaithe do tháinig san oíche agus do rug a cléibhín uaithi, ná cad é an treó baíll as a dtánadar. Ní fheacaidh éinne ag teacht iad toisc iad a bheith scaipithe. Ní fheidir éinne dá bhrí sin, arbh Ultaigh iad nú ar Laighnigh nú ar Mhuímhnigh iad. Ach nuair a fuaradh gur ó dheas a thugadar a n-aghaidh nuair a bhíodar ag imeacht do tuigeadh gurbh as an Múmhain a thánadar.

Ansan do thuig an chailleach thuaidh an scéal go léir. Thuig sí gurbh í a cara ionúin féin—an chailleach Mhuímhneach—do chuir ó thuaidh na fir sin chun an chléibhín do thabhairt leó chúithi ar éigin nuair a bhí teipithe uirthi féin é ’ dh’fháil ar ais.

Siúd soir í ag triall ar Ó Conchúir Sligigh. Tháinig Ó Conchúr chun cainnte léi. Dhein sí a gearán leis.

“Aililiú!” ar seisean. “Cad é mar obair mar gheall ar chléibhín! Ní dócha go bhfuil aon chiall ag an gcailligh úd theas. Tá níos mó de dhua an chléibhín sin fálta aici ná mar a gheóbhadh sí le fiche céad cléibhín nua do dhéanamh! Agus na fir a tháinig aneas chun an chléibhín sin do bhreith leó ní foláir nú is daoine gan chiall iad, leis, nár fhan theas sa bhaile agus cléibhíní a dóthain a dhéanamh di. Is uathásach an scéal é mura bhfuil oiread slat ag fás i ngaorthaibh na Múmhan agus ’ dhéanfadh oireadh cléibhíní agus do shásódh í.”

An fhaid a bhí Ó Conchúr ag cainnt bhí fearg ag teacht ar an gcailligh go tiubh. Sara raibh deireadh ráite aige bhí sí dá tachtadh le feirg. Má bhí féin ní aithneódh éinne uirthi go raibh. Do labhair sí go breá réidh agus ní raibh snagadh ná creathán ’na glór.

“A Uí Chonchúir,” ar sise, “ní chun a iarraidh ort mo chléibhín do cháineadh a thánag anso chun cainnte leat. Thánag ag triall ort chun a iarraidh ort me ’ chosaint ar éagóir agus ceart do chur i bhfeidhm dom. Mheasas nárbh fhéidir dom dul ag triall ar éinne a bheadh ní b’fheárr chun an dá ní sin a dhéanamh dom ná mar a bheadh Ó Conchúir Sligigh. Measaim anois gur dheineas dearúd. Measaim go mb’fhéidir go ndéanfadh Ó Conchúir Sligigh an gníomh atá agam á iarraidh air a dhéanamh dá mb’in aon chúig’ eile de chúigíbh Éireann a bheadh an chailleach úd ’na cónaí ach sa Mhúmhain. Ní maith le hÓ Conchúir Sligigh aghaidh a thabhairt ar fhearaibh Múmhan. Tuigeann an chailleach úd an ní sin. Tuigid na fir é a tháinig agus do rug uaimse mo chléibhín. Táid siad sa bhaile sa Mhúmhain anois agus sult acu á dhéanamh den chléibhín agus cúis gháire acu. Tá ’ fhios acu nách baol dóibh mise ná Ó Conchúir Sligigh. Slán agat, a rí!” ar sise, agus d’iompaigh sí uaidh chun imithe.

“Stad! a bhean,” arsa Ó Conchúir.

“Cad é sin agat dá rá mar sin? Níl aon eagla agamsa roimis an Múmhain. Ach ní ceart do rí slóite do chruinniú agus cogadh agus fuil agus éirleach do chur ar siúl agus gan de chúis chuige ach cléibhín.”

D’iompaigh an chailleach thar n-ais. “Más mar sin atá an scéal, a rí,” ar sise, “ní mise amháin a dhein dearúd. Tá dearúd déanta, leis, ag an gcailligh úd theas agus ag fearaibh Múmhan go léir.”

“Cad é an dearúd atá déanta acu san?” arsa Ó Conchúir.

“Is maith a bheidh ’ fhios acu féin cad é an dearúd é nuair a neósfar dóibh ná leogfadh eagla d’Ó Conchúir Sligigh aon chur isteach a dhéanamh orthu tar éis a bhfuil déanta acu chun é ’ ghríosadh agus chun a chur ’ fhéachaint air cogadh do chur orthu,” arsan chailleach.

“Cad é an gríosadh atá déanta ormsa?” arsan rí.

“An dó’ leat a’ dtiocfaidís anso chun cléibhín a bhreith leó ar son tairbhe an chléibhín! Thánadar anso chun masla ’ thabhairt duitse, a rí, agus dod chómhacht, agus do shocraíodar ar an gcléibhín chuige sin. Beidh scéal an chléibhín sin feasta i mbéalaibh daoine, sa Mhúmhain agus ar fuid na hÉireann, agus déarfar ins gach aon bhall gur mheas fir Múmhan go dtiocfadh Ó Conchúir Sligigh ag díogailt an chléibhín orthu, ach go raibh dearúd ar fhearaibh Múmhan,” arsan chailleach.

“Ó,” arsa Ó Conchúir, “sin athrach scéil ar fad. Bhí iúnadh orm a rá go dtiocfadh na fir úd ón Múmhain gan de ghnó ach chun cléibhín gan áird do bhreith leó. Tá ’ fhios ag an saol go raibh brí agus bun eile acu leis an ngníomh. Tá go maith. Theastaigh uathu an cléibhín a bheith acu mar chómhartha os cómhair fear Éireann chun bheith dhá mhaíomh gur le heagla rómpu ná déanfainnse é ’ dhíogailt orthu. Bíodh an cléibhín acu anois mar chómhartha, os cómhair fear Éireann, ar an léirscrios a dhéanfadsa orthu, agus ar an ndearúd míllteach a dheineadar nuair a thairrigeadar orthu me. Díolfaidh an Mhúmhain go daor as do chléibhín, a chailleach,” ar seisean.

Nóta

Cad a cham srón firín?: the notes to the early edition of An Cleasaidhe explain that this is a proverbial expression, referring to a slightly different version of the story of O’Conor’s quarrel with Munster, as given in Gadelica, I, p188.

Foclóirín

áird: normally “direction”, but here “attention, value, repute”. Cléibhín gan áird, “a worthless little basket”.
cáinim, cáineadh: “to condemn, censure”, but here “to disparage, belittle”.
cléibhín: “little basket”.
coinne: “meeting”. This is usually masculine in PUL’s works (PUL’s Niamh has áit an choinne for “meeting place”), but feminine here, áit na coinne. Dinneen shows both genders are possible. Coinne is feminine in the CO.
cómhacht: “power, authority”, cumhacht in the CO, but pronounced with a long o in WM Irish: /ko:xt/.
córtaisí: “courtesy”, the plural of córtas, “agreeableness, courtesy”. Do chórtaisí a chailliúint le duine, shown in the notes to the early edition of An Cleasaidhe as meaning, “to expend all your powers of civility on someone”, i.e. “to use your utmost persuasiveness to try to talk someone round”.
díoglaim, díogailt: “to avenge”, or díoghlaim, díoghail in the CO. Spelt díoghailt in the original, the gh is pronounced as a g in WM Irish. Note, however, that this is a rare word. Rud a dhíogailt ar dhuine, “to avenge something on someone, to take revenge on someone over something”.
dua: “trouble”. Dua ruda a dh’fháil, “to go to some trouble with respect to something, to put oneself out for something”.
gaorthadh: “river-bed, or a wooded glen watered by a stream”, with gaorthaí in the plural. The dative plural is given with a short vowel here, gaorthaibh.
gríosaim, gríosadh: “to inflame, spur, incite, urge on”, corresponding to gríosaím andgríosú in the CO.
mallacht: “curse, malediction”. Mac mallachtan, corrected from mac malachtain in the original here, is often translated as “the evil one”, referring to a curse.
Ó Conchúir Sligigh:O’Conor Sligo, a branch of the Ó Conchúir kings of Connaught. The term refers there to one of the chiefs of the name, although it is unclear which one.
os cómhair: “in front of, before”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
slat: usually “rod, branch”, but here apparently “reed”.
snagadh: “a catch of the breath”, or snag in the CO.
Ultach: “Ulsterman”, pronounced /oulhəx/, and often written Olltach.

Is Feárr Teitheadh Maith Ná Drochsheasamh

Caibideal a Cúig

Is Feárr Teitheadh Maith Ná Drochsheasamh

Le línn na cainnte sin do bheith ar siúl i dteaghlach Sheáin mhic an Iarla do thárla go raibh duine uasal maith a bhí ’na chónaí i gcúige Laighean agus go raibh cruatan mór air. Do briseadh cos leis ocht seachtaine déag roimis sin agus bhí teipithe glan ar dhochtúiríbh na cúige an chos do shlánú. Bhí cneadh ar oscailt sa chois i gcaitheamh na haimsire go léir agus bhí fuil agus smior na coise ag teacht amach as an gcneadh san go dtí go raibh an duine uasal bocht traochta, lagaithe, imeartha, in ainneóin an dáréag dochtúirí dob fheárr a bhí le fáil sa dúthaigh sin. Mac Eochaidh ab ainm don duine uasal, agus file dob ea é. Ollamh ré dán a tugtar air sa tseanaleabhar.

Nuair a bhí an stracaire agus Seán mac an Iarla in aice a chéile ar Cnuc Áine thiar, bhí Mac Eochaidh sínte ar a leabaidh ’na thigh féin i gcúige Laighean agus é go buartha agus go brónach agus teinneas a dhóthain air.

Do bhuail chuige isteach ógánach breá óg agus deallramh mic léinn air agus leabhar ’na láimh aige.

“Go mbeannaídh Dia dhuit, a Mhic Eochaidh,” arsan t-ógánach.

“Go mbeannaídh Dia ’s Muire dhuitse, a ógánaigh,” arsa Mac Eochaidh, “agus cár ghabhais chúinn?”

“I dtigh Sheáin mhic an Iarla do chodlas aréir,” arsan t-ógánach, “agus i dtigh Uí Dhónaill i mBéal Átha Seannaigh a chodlas arú ’réir.”

“Is maith an dá áit iad,” arsa Mac Eochaidh.

“Ach cá mbíonn tú id chónaí nuair a bhíonn tú sa bhaile, a ógánaigh?” ar seisean.

“Bím lá in Íle agus lá i gCeann Tíre, lá i Manainn agus lá i Reachlainn agus lá eile ar Fionncharn Sléibhe Fhuaid. In Aileach na rí do rugadh me. Is duine siúlach, suarach, saobhnósach me agus ní maith liom choíche bheith puínn aimsire in aon áit amháin.”

“Agus cad í an ealaí, nú an ghairm beatha*, atá agat?” arsa Mac Eochaidh.

“Abhar dochtúra is ea me,” arsan t-ógánach.

“Ar mhiste leat a ínsint dom cad is ainm duit?” arsa Mac Eochaidh.

“Ní miste go deimhin,” arsan t-ógánach, “Cathal Ó Céin is ainm agus sloinne dhom,” ar seisean.

“An fada go mbeir id dhochtúir chríochnaithe, a Chathail Uí Chéin?” arsa Mac Eochaidh.

“Tuigim cad chuige go bhfuilir, a Mhic Eochaidh,” arsa Cathal Ó Céin, “ba mhaith leat a iarraidh orm an chos san agat do leigheas.”

“Ba mhaith go deimhin, dá mba dhó’ liom go bhféadfá é,” arsa Mac Eochaidh.

“Agus nár dhó’ leat, a Mhic Eochaidh,” arsa Cathal, “gur neamhnár an gnó dhuit a dh’iarraidh ormsa, agus gan ionam ach abhar dochtúra, rud a dhéanamh atá teipithe glan ar a bhfuil de dhochtúiríbh oilte eólgaiseacha, aosta, taithitheacha sa chúige seo Laighean agat?”

“Cá bhfios dómhsa, a Chathail,” arsa Mac Eochaidh, “ná gur mó an t-eólas atá agatsa ná mar atá acu go léir? Dá mbeadh an t-eólas acu ba chóir go mbeadh mo chos leighiste fadó acu. Táim ocht seachtaine déag sínte anso anois agus ag dul in olcas atá mo chos in inead aon fheabhais a bheith ag dul uirthi. Tair i leith agus féach í. Is minic gur feárr an tuiscint a bhíonn ag fear óg ’na mbíonn éirim mhaith aigne aige ná ag seanduine ná bíonn aige ach inchinn mhaol, pé taithí a bhíonn aige ar an obair.”

Tháinig Cathal agus d’fhéach sé an chos. Nuair a bhí sé tar éis í ’ dh’fhéachaint go cruínn do labhair sé.

“Déanfadsa an chos so do leigheas duit, a Mhic Eochaidh,” ar seisean, “ar aon choinníoll* amháin.”

“Cad é an choinníoll é?” arsa Mac Eochaidh.

“An gorta agus an doicheall agus an drochbhéas atá istigh id chroí do chur as,” arsa Cathal.

“Ní fheadar ’en domhan conas a fuarais amach é,” arsa Mac Eochaidh, “ach tá san ionam gan amhras, doicheall agus gorta agus drochbhéas. Bíd siad istigh im chroí go láidir go dtí go n-ólaim trí deocha. Nuair a bhíd na trí deocha ólta agam ní bhíonn aon bheann agam ar aon rud. Ní fhanann blúire doichill orm. Thabharfainn a bhfuil agam do gach éinne ’ thiocfadh.”

“Caithfir an doicheall do chur as do chroí nú ní leighisfeadsa do chos,” arsa Cathal Ó Céin.

“Tá go maith,” arsa Mac Eochaidh, “geallaim duit go gcuirfead.”

Do thairrig Cathal Ó Céin luibh as a phóca agus chimil sé de chneadh na coise í. Do thriomaigh an chneadh láithreach agus do chneasaigh sí. Bhí iúnadh agus áthas ar Mhac Eochaidh. D’éirigh sé agus do shiúlaigh sé ar fuid an tí.

“Ó,” ar seisean, “a Chathail Uí Chéin, táim ana-bhaoch díot! Bíodh ná fuil ionat ach abhar dochtúra tá gníomh déanta agat a theip ar na dochtúiríbh go léir!”

“Tá do chos leighiste, a Mhic Eochaidh,” arsa Cathal, “ach féach, má ghéilleann tú arís don doicheall tiocfad chút agus brisfead arís í, agus brisfead an chos eile ’na teannta ort, agus ní leighisfar iad go deó duit.”

“Ní baol dom an doicheall a thuilleadh, geallaim dhuit é, a Chathail Uí Chéin,” arsa Mac Eochaidh, “ach ní mór dhom tuarastal éigin a thabhairt duitse. Dá mbeithá sa chás ’na rabhas-sa go dtí anois, le hocht seachtaine déag, do bheadh ’ fhios agat cad é an tuarastal atá tuíllte agat uaim.”

“Ní ghlacfadsa aon tuarastal uait, a Mhic Eochaidh,” arsa Cathal, “ach an doicheall a chur uait.”

“Déanfad é sin fé mar atá geallta agam duit,” arsa Mac Eochaidh, “ach caithfir tuarastal a ghlacadh uaim leis. Tá iníon agam agus deirtear gur cailín álainn í. Pós í agus tabharfad spré dhuit léi.”

“Cad é an spré a thabharfair dom léi, a Mhic Eochaidh?” arsa Cathal.

“Tabharfad trí chéad bó dhuit léi agus trí chéad capall agus trí chéad caíora agus trí chéad muc,” arsa Mac Eochaidh.

“Tá go maith,” arsa Cathal. “Pósfad í bíodh sí breá nú bíodh sí gránna.”

Do comáineadh an cóisire dá ollmhú láithreach agus do ceapadh lá an phósta. Tháinig an lá. Bhí na daoine muínteartha ag cruinniú. Tháinig an t-am chun na lánúna do phósadh. Bhí an iníon ann. “Cá bhfuil Cathal Ó Céin? Cá bhfuil Cathal Ó Céin?” arsa gach éinne. D’fhéachadar anonn ar chnuc a bhí ar aghaidh an bhaile amach. Cé ’ chífidís ach Cathal Ó Céin agus é ag imeacht ’na lánrith de dhruím an chnuic fé mar a bheadh gadhair an bhaile lena shálaibh!

Nótaí

An ghairm beatha: note delenition of what would otherwise have been bheatha across the labial boundary.
Ar aon choinníoll amháin: note the failure here to use the historic dative, choinníll.

Foclóirín

abhar: ábhar in the CO. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Abhar, “the material for, and therefore the makings of something”; abhar dochtúra, “a medical student”.
Aileach na Rí: Greenan-Ely in Inishowen, Co. Donegal. Spelt Oileach na Ríogh in the original, but the placename seems correctly spelt A-. Aileach na Rí was the site of the royal fort of the Uí Néill high kings of Ireland.
ar fuaid, ar fuid: “throughout”, /erʹ fuədʹ, erʹ fidʹ/, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí), but this distinction is not always adhered to.
arís: “again”. PUL often used the spelling airís—although An Cleasaidhe, edited by Eleanor Knott, had arís—indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/, whereas Amhlaoibh Ó Loingsigh had /ə’ri:ʃ/, as shown in IWM.
caíora: “sheep”, or caora in the CO, pronounced /ki:rə/. Trí chéad caíora is given as trí chéad caoire in the original, but edited here in line with the pronunciation.
Cathal: an Irish masculine name, originally meaning “valour”, and spuriously associated with the English name Charles.
cneadh: “wound”, or cneá in the CO. I am reluctant to accept the spelling cneá without evidence ón the pronunciation, which may be /knʹah/.
cneasaím, cneasú: “to heal”.
coinníoll: “condition”. This is one of the few words where nn is pronounced as a single n in WM Irish, i.e. /ki’nʹi:l/. The dative is generally coinníll, but appears as coinníoll here.
cóisire: “wedding, wedding feast”, or cóisir in the CO. This word is generally feminine in PUL’s works, but masculine here.
deallramh: “look, appearance”, or dealramh in the CO. Spelt deallradh in the original, edited here as deallramh, under the presumption the normal pronunciation of /dʹaurəv/ is intended.
ealaí: “skill, craft”, or ealaín in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
eólgaiseach: “knowledgeable”, or eolach in the CO.
féachaim, féachaint: “to examine”. D’fhéach sé an chos, “he examined the leg”. The foclóirín to the early edition of An Cleasaidhe explained that féachaint with a direct object means “to examine”, whereas féachaint air means “to look at”.
gorta: “meanness, stinginess”.
imeartha: “tried, exhausted”. Imeartha le rud, “fed up with something”.
inchinn: “brain”.
inead: ionad in the CO, “unit”. Pronounced /inʹəd/ in WM Irish. In inead, “instead of, in the place of”.
Mac Eochaidh: the surname, most commonly found in Leinster, generally anglicised Keogh. I am unclear whether the /o/ is long here.
neamhnár: “shameless, discreditable”. Nár, “shameful, honourable, noble” corresponds to náir in the CO.
Ó Céin: an Irish surname anglicised as Keane. Now quite rare.
ollmhaím, ollmhú: “to prepare”, or ullmhaím, ullmhú in the CO. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/.
saobhnósach: “distracted, infatuated, foolish”. Saobh- is a prefix meaning “wrong, perverse”. The meaning here is given in the foclóirín to the early edition of An Cleasaidhe as “trifling, erratic”.
smior: “marrow”.
spré: “dowry”.
taithitheach: “expert, conversant, experienced”, or taithíoch in the CO.

Méireanna i gCluasaibh

Caibideal a Ceathair.

Méireanna i gCluasaibh.

Chomáin an stracaire leis ag léitheóireacht go dtí go raibh an dá leathanach a bhí ar oscailt léite aige, agus dá shúil Sheáin mhic an Iarla ar dianleathadh, ag féachaint air agus ag éisteacht leis, agus súile agus béil a raibh láithreach ar leathadh i dtreó gur dhó’ le duine gur ar leathéadromacht a bhíodar. Nuair a bhí an dá leathanach críochnaithe ag an stracaire do stad sé.

“Fan go fóill, a Dhúbhartáin,” arsa Seán, agus thóg sé uaidh an leabhar. D’oscail sé áit eile den leabhar agus shín sé thar n-ais chuige é ar an ndul gcéanna díreach ar a raibh sé aige an fhaid a bhí sé ag léitheóireacht, .i., na línte ’na seasamh os a chómhair amach. Do léigh sé amach, arís, an dá leathanach a bhí ar oscailt an uair sin, go breá cruínn soiléir blasta ciallmhar, díreach mar a léigh sé an chéad dhá leathanach. Ansan do stad sé arís.

“Is uathásach an scéal é sin!” arsa Seán, agus do rug sé arís ar an leabhar a láimh an stracaire. D’oscail sé áit eile. Do shín sé thar n-ais an leabhar, ach do thárla go raibh an leabhar taobh síos suas, mar a bhí sé ar dtúis nuair a síneadh chun an stracaire é, ach níor thug Seán fé ndeara an méid sin. “Léigh an áit sin, a Dhúbhartáin,” arsa Seán.

Do chrom an stracaire ar an leabhar do lé’ go breá gan é ’ dh’iompáil ’na cheart. D’fhéach Seán níba ghéire air nuair ’ airigh sé an léitheóireacht álainn.

“Ó, a Dhúbhartáin,” ar seisean, “tá an leabhar taobh síos suas arís agat!”

“Tá an leabhar agam ar an ndul ar ar thugais-se dhom é, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire.

“Taíonn tú dhá lé’ agus é taobh síos suas agat! Cad ’na thaobh nár léis ar dtúis é nuair a bhí sé taobh síos suas agat?”

“Cad ’na thaobh nár iarrais orm é, a Sheáin mhic an Iarla?” arsan stracaire.

“Stad go fóill, a Dhúbhartáin,” arsa Seán. Do rug sé ar an leabhar agus thug sé drom an leabhair le Dúbhartán agus bhí aghaidh an leabhair air féin. “Léigh anois é,” ar seisean. Do léigh Dúbhartán amach é go hárd agus go ceólmhar agus do bríomhar. “Sin é ’ shamhlaíos!” arsa Seán ag tógaint an leabhair chuige agus á dhúnadh. “Tá an leabhar go léir de ghlanmheabhair agat!” ar seisean.

“Agus nárbh fhada go bhfuarais amach é” arsan stracaire.

Chómh luath agus do tháinig an focal san is amhlaidh a bhí a raibh láithreach ag titim ar a gcosaibh le sult ag magadh fé Sheán mhac an Iarla. Níor gháir an stracaire. Níor leog sé air go bhfuair sé aon tsult sa scéal.

“An imreófá cluiche liom, a Sheáin mhic an Iarla?” arsan stracaire.

“An bhféadfá cluiche fichille d’imirt, a Dhúbhartáin?” arsa Seán.

“Thabharfainn fé,” arsan stracaire.

Do cuireadh clár fichille eatarthu agus fuireann air. Thosnaíodar ar imirt. Ní raibh an ceathrú fear aistrithe ag Seán nuair a bhí buaite air. Bhí iúnadh ar a raibh láithreach mar ní raibh sa Mhúmhain ficheallaí dob fheárr ná Seán mac an Iarla.

“Imir cluiche eile, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire, “agus ní iarrfad ach leathfuirne id choinnibh.”

“Tá go maith, a Dhúbhartáin,” arsa Seán, “bhís ag sranntarnaigh go hiúntach i gcaitheamh na hoíche aréir ach ní dó’ liom go bhfuil aon mhíogarnach ort inniu. Chodlais do dhóthain is dócha. Má chuireann tú an cluiche orm agus gan agat ach leath na fuirne beidh gníomh déanta agat nách miste dhuit bheith ag maíomh as.”

Do socraíodh an clár eatarthu arís agus gan ar thaobh Dhúbhartáin ach leathoiread fear agus ’ bhí ar thaobh Sheáin mhic an Iarla. Do thosnaigh an imirt. Thug Dúbhartán aon fhéachaint amháin ar an gclár agus ar na fearaibh. Ansan thug sé a dhrom leis an gclár agus níor fhéach sé arís air go dtí go raibh an cluiche críochnaithe. Is amhlaidh a chuireadh sé a lámh siar uaidh nuair a theastaíodh uaidh fear a dh’aistriú. B’é crích an scéil é gur chuir sé an cluiche ar Sheán.

“Tá buaite ort, a Sheáin!” ar seisean agus gan é ag féachaint in aon chor ar an gclár.

“An bhfuil éinne eile ansan ’nar mhaith leis cluiche ’ dh’imirt liom?” arsan stracaire.

“Ní dó’ liom go mbacfaid siad é, a Dhúbhartáin,” arsa Seán mac an Iarla, “ach airímse,” ar seisean, “go bhfuilir go hana-mhaith chun streanncáin ceóil a dhéanamh ar chláirsigh.”

“Ní ró-olc chuige me, a Sheáin mhic an Iarla,” ar seisean, “ach ba mhaith liom streanncáin a dh’aireachtaint uaitse féin ar dtúis, nú ó dhuine éigin ded mhuíntir. Ba mhaith liom, sara ndéanfainn ceól, ’ fhios a bheith agam an dtuigtear ceól anso.”

Do cuireadh fios ar an bhfear cláirsí dob fheárr a bhí ag Seán mac an Iarla. Tháinig sé agus a chláirseach aige. Chrom sé ar sheinnt. Do sheinn sé go hálainn, i dtreó go raibh aiteas thar bárr ar a raibh ag éisteacht leis. Ní rófhada a bhí sé ag seinnt, áfach, nuair a thugadar go léir fé ndeara go raibh a mhéireanna sáite go daingean ’na chluasaibh ag an stracaire. Do stad fear na cláirsí agus buile feirge air.

“Chím,” ar seisean, “ná tuigeann an duine seo ceól. Dá dtuigeadh ní chuirfeadh sé a mhéireanna ’na chluasaibh.”

“Tá gadhar agamsa sa bhaile, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire, “agus dá n-airíodh sé droch-cheól d’aireófí gach aon ghlam olagóin uaidh míle ó bhaile. Tá an béas céanna agamsa. Nuair ’ airím droch-cheól cuireann sé teinneas im chluasaibh agus im cheann agus caithim mo mhéireanna do chur im chluasaibh nú bheinn ag liúirigh leis an dteinneas. Is ar éigin a bhíodar im chluasaibh in am agam an turas so. Ní fheacais iúnadh riamh ach ná raibh glam curtha agam asam sara raibh mo chluasa stopaithe agam! D’airíos droch-cheól i mBéal Átha Seannaigh ach do bhuaigh an ceól so glan air le holcas. D’fhéadas an ceól úd d’fhulag gan mo mhéireanna do chur im chluasaibh ach ambasa do theip orm an ceól so d’fhulag. Is orm atá an t-áthas gan mo ghadhar bocht a bheith anso. Chuirfeadh an screadach ceóil sin olc air.”

Bhíodar go léir ag smutaíol gháirí. Thuigeadar go raibh an ceól go hálainn agus nárbh fhéidir d’éinne locht ’ fháil air. Do labhair fear na cláirsí.

“A Dhúbhartáin Uí Dhúbhartáin,” ar seisean, “an airíonn tú leat me?”

“Airím,” arsa Dúbhartán, “is usa go mór éisteacht led chainnt ná éisteacht led cheól.”

“Tá gadhar agatsa, a Dhúbhartáin,” arsan ceólaí.

“Tá,” arsa Dúbhartán.

“Tá,” arsan ceólaí; “agus tá cráin mhuice agamsa, agus dá mbeadh greim ar chluais ageat ghadharsa ar mo chráin mhuicese do dhéanfadh an chráin ceól.”

“Ní deirim ná go ndéanfadh,” arsa Dúbhartán.

“Dhéanfadh,” arsan ceólaí, “agus ní deirim ná gur feárr a thuigfása ceól na cránach san, nuair a bheadh greim ageat ghadhar ar chluais uirthi, ná mar a thuigeann tú ceól cláirsí.”

Do gháir a raibh láithreach, ní raibh duine acu dob aoirde a gháir ná Seán mac an Iarla féin. Níor dhein an stracaire aon bhlúire amháin ach déanamh anonn ar fhear na cláirsí agus an chláirseach do thógaint go réidh as a láimh. Ansan do thairrig sé chuige cathaoir agus shuigh sé inti. Ansan do chaith sé dhe a dhá sheanabhróig agus chuir sé chuige an chláirseach idir a dhá ghlúin agus chrom sé ar í ’ sheinnt le méireannaibh a chos! Thosnaigh sé go breá réidh. I ndiaidh ’ chéile do neartaigh ar an gceól go dtí go raibh an dá chois ag imeacht, ba dhó’ le duine, ar buile, síos agus suas, agus isteach agus amach, agus anonn agus anall, agus an ceól ag teacht ’na chaisibh agus ’na thonntachaibh binnis agus mísleachta agus aoibhneasa, go dtí ná feidir a raibh láithreach ceoca ar an saol a bhíodar nú ar an saol eile! Do hairíodh an ceól lasmu’ agus na daoine a dh’airigh é bhíodar ag teacht isteach go dtí go raibh an áit lán de dhaoinibh. Thagadh gach éinne isteach go hana-réidh agus ansan do sheasaíodh sé, gan aon chor eile ’ chur dhe, ag éisteacht leis an gceól agus ag faire ar an dá chois. Chomáineadar na cosa leó ag cur díobh go lúfar agus go luaimneach, agus iad chómh geal le sneachta, bíodh gur as na seanabhrógaibh a thánadar.

Tar éis tamaill do stad an chos chlé agus do chuaigh an lámh dheas ag déanamh an cheóil i dteannta na coise deise agus do mheas gach éinne gur chuir san binneas sa cheól ná raibh ann roimhe sin. Ansan do stad an chos deas agus an lámh dheas agus chuaigh an chos chlé agus an lámh chlé ag déanamh an cheóil, agus is feabhas a cuireadh ar an gceól, dar le gach éinne. Ansan do stad an dá chois agus bhí an dá láimh ag déanamh an cheóil, agus an ceól ag lagú agus ag neartú, ag ciúnú agus ag borradh, agus na daoine ag éisteacht leis, agus gan cor ag aon duine á chur de ach mar ’ bheadh sé gan anam. Ansan do ghluais an dá láimh agus an dá chois, i dteannta ’ chéile, ag déanamh an cheóil agus b’in é an t-uathás! D’éiríodh an chláirseach ón dtalamh i dtreó gur dhó’ le duine go raibh sí ’na beathaidh agus gur mhothaigh sí aoibhneas agus uaisleacht an cheóil a bhí á bhaint aisti. Bhí ceann an cheólaí ag casadh agus ag iompáil le brí an cheóil. Bhí na buaircíní go léir ag rínce agus na preabáin ag preabarnaigh. Bhí eagla ag teacht ar na daoine a bhí láithreach mar bhí ag dul ’na luí ar a n-aigne go raibh rud éigin mínádúrtha sa cheól, gur cheól é do bhain leis an saol eile níba mhó ná mar a bhain sé leis an saol so.

Do stad an ceólaí. Shín sé an chláirseach chun an té a thug do í. Níor labhair éinne. Thairrig sé chuige an dá sheanabhróig agus chuir sé uime iad.

“Tair liom amach, a Sheáin mhic an Iarla,” ar seisean, “go dtaispeánad an dúthaigh seo dhuit.”

“Go dtaispeánaidh sé mo dhúthaigh féin dom!” arsa Seán, in’ aigne féin; ach níor labhair sé. Bhuail an bheirt amach. Níor chorraigh éinne eile. Thug an bheirt aghaidh ar Chnuc Áine. Chuadar suas go barra an chnuic. Bhí an bheirt ’na seasamh ar an mullach agus iad ag féachaint ’na dtímpall ar an ndúthaigh. Thug Seán fé ndeara go raibh an stracaire ag féachaint go hana-ghéar ar na háiteannaibh mórthímpall.

“Dúraís, a Dhúbhartáin,” ar seisean, “go dtaispeánfá an dúthaigh dom, ach ní dheallraíonn tú go bhfuil aon aithne agat ar an ndúthaigh. Níor dhó’ le duine ort go bhfeacais an dúthaigh sin os ár gcómhair go dtí anois. An rabhais ar an gcnuc so riamh roimis seo, a Dhúbhartáin?” ar seisean.

“Bhíos ar an gcnuc so go minic roimis seo, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire, “agus is rómhaith is cuímhin liom an lá deirineach a bhíos ann. Bhí fiach ar siúl agus bhí an dúthaigh sin go léir lán de sna huaislibh a bhí ag déanamh na seilge. Bhí an rí agus cuid de sna huaislibh móra ’na suí anso mar a bhfuilimídne ’nár seasamh anois. Bhí giollaí agus gadhair agus uaisle agus daoine ag gluaiseacht mórthímpall na ngleannta agus na machairí sin ag dúiseacht na seilge, agus bhíos féin im sheasamh anso ag éisteacht leis an gceól, uallfartach na ngadhar agus liúireach na bhfear agus géimreach beithíoch a bhí ag imeacht ar buile le sceón. Do cuireadh bruic a broclasaibh agus míl mhuíghe re mullachaibh agus sionnaigh ar seachrán agus eóin ar eiteallaigh agus laoigh arna luail, agus bhíomair ag éisteacht le monghair na mile agus le sníomh na slabhra agus le guthaibh na ngadhar, agus le gríosacht na ngiollanra mar adeirtear in sna scéaltaibh fiannaíochta so ’na mbíonn an dúil go léir agatsa iontu, a Sheáin mhic an Iarla.”

“Tá go breá, a Dhúbhartáin,” arsa Seán mac an Iarla. “Ní deirim ná go neósfá scéal fiannaíochta maith go leór, ach ní gá dhuit bheith ag casadh lena chur ’na luí orm go bhfeacais féin fiach den tsórd san san áit seo. Is sine mise ná thu agus ní fheaca é, agus ní baol go mbeadh sé ann i ganfhios dom.”

“Fé dheireadh, “arsan stracaire, “d’éirigh fia ballach bándearg anso siar rómhainn agus do scaoil an rí a iallchoin ’na dhiaidh——.”

“Stad, a Dhúbhartáin,” arsa Seán. “Cérbh é an rí? Ní leogfadsa dhuit féin ná dot athair ná dá bhfuil de Dhúbhartánaibh beó an dubh do chur ’na gheal orm. Cérbh é an rí? Agus cérbh iad na huaisle a dhein an fiach san?”

“Neósfadsa san duitse go cruínn, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire, “an rí dob fheárr agus na huaisle dob fheárr dá raibh in Éirinn lena línn féin, agus ná feacthas a leithéidí ó shin, .i., Fionn mac Cúmhaill agus an Fhiann.” D’fhéach Seán thar a ghualainn i dtreó an stracaire.

Bhí an stracaire ag féachaint uaidh ar an ndúthaigh agus bhí faobhar ar an bhféachaint aige agus faghart in sna súilibh aige, fé mar a bheadh radharc aige ar nithibh ná feacaidh éinne ach é féin. Do stad Seán mac an Iarla ag féachaint air. Níor fhéad sé a shúile do bhogadh dhe.

“Chím anois iad!” arsan stracaire, “na huaisle agus na slóite daoine agus na giollaí agus na gadhair agus iad ag gluaiseacht agus an fia mór ballach bándearg rómpu amach. Aithním iad go léir! Oisín Mac Finn; agus Raighne Mac Finn; agus Oscar Mac Oisín; agus Glúndubh agus Dubhchosach Beinne Gulbain; agus Dubhthuath; agus Art Mac Mórna; agus Goll; agus Conán; agus Beith Bárrghlas Mac Mórna; agus Diarmaid Ó Duíbhne; agus Glas Mac Aoncheárda Bhéara. Ó! Cad é mar a ghluaisíd siad! Iad féin agus a gcoin agus a ngiollanra ag scuabadh treasna na tíre agus an fia mór ballach bándearg rómpu amach agus é ag cur na slí dhe go huaibhreach le neart a chroí agus le fuinneamh a chos agus gur dhó’ le duine ná fuil aon bhreith ag gadhar ná ag cú ná ag duine ar theacht suas leis. Ach tá Bran ar a thóir, agus Eanán, agus Mac an Truim, trí coin an rí, na trí coin is feárr a bhí in Éirinn riamh. Táid siad féin agus an fia ag fágaint na sló agus na ngadhar eile ’na dhiaidh. Táid na trí coin ag imeacht go tréan ach tá ag teip orthu teacht órlach níos giorra don fhia. Tá an fia ag imeacht go tréan ach tá ag teip air órlach eile slí do chur idir é agus na trí coin. Táid siad ag déanamh siar anois ar Lios an Rí agus is dócha, le titim an tailimh as san siar ná beidh radharc againn orthu a thuilleadh——.”

D’iompaigh Seán mac an Iarla a shúile ón stracaire agus d’fhéach sé siar sa treó ’na raibh an stracaire ag féachaint. Má dhein ní fheacaigh sé cú ná fia, ní nárbh iúnadh. Ní rabhadar ann chuige. Nuair ’ fhéach sé thar n-ais ní raibh aon tuairisc ar an stracaire—bhí sé imithe fé mar a shloigfeadh an talamh é. D’fhíll Seán isteach abhaile agus d’innis sé dá mhuíntir conas mar a bhí an stracaire agus é mar ’ bheadh sé as a mheabhair, ag féachaint ar shlóitibh na bhFiann agus dhá n-áireamh, agus ag faire an shaghas éigin seilge a bhí san áit míle blian roimis sin.

“Agus ansan,” ar seisean, “d’imigh sé as mo radharc mar a shloigfeadh an talamh é!”

“Mo ghraidhin mo shúil!” arsan chéad duine de sna seirbhíseachaibh a leagadh ar maidin, “nách maith a bhí ’ fhios agam gur dhuine buile é!”

“Thug sé an cor coise dhuit go deas pé buile a bhí air,” arsa duine nár leagadh.

“Mheasamair,” arsan duine a tháinig ó Bhéal Átha Sheannaigh, “go raibh muíntir Uí Dhónaill go leir marbh mar gheall air. Chonac féin iad sínte ar an úrlár ach nuair a ghlaos ann ar maidin dúradh liom nár maraíodh éinne, go raibh an uile dhuine acu ’na shaol agus ’na shláinte.”

Foclóirín

aiteas: “intense delight”. PUL stated in his Notes on Irish Words and Usages that his word is much stronger than áthas.
aoibhneas: “bliss, delight”. Note both aoibhnis and aoibhneasa are attested in the genitive in PUL’s works; aoibhnis is the form used in the CO.
Art mac Mórna: brother of Conán mac Mórna in the Fenian cycle of myths.
ballach: “spotted”.
bándearg: “pink”.
Beann Ghulbain: Benbulben, a rock formation in Co. Sligo and mythical residence of a band of Fenian warriors. Usually found as Binn Ghulbain in modern Irish. Two individuals, Glúndubh and Dubhchosach, are cited here as from Beann Ghulbain, but I have not been able to find out more about them.
Beith Bárrghlas mac Mórna: a member of the fianna in the Fenian cycle of myths.
Bran: Finn McCool’s dog.
broc: “badger”, with bruic in the plural, where the CO would have broic.
broclas: “badger’s warren”, or brocach in the CO. Dinneen has broclach.
buile: “madness”. Imeacht ar buile, “to go mad”. Note that PUL frequently uses imeacht, where there is no sense of “going away”; dul ar buile could have been used too.
ceoca: “which? which of them?” From cé acu or cé’cu. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.
ceólaí: “musician”, a variant of ceóltóir.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in the CO. The second-person preterite is here ní fheacais, where ní fheacaís would be expected, but is retained as both forms existed. Ní fheacais iúnadh riamh ach, “it was truly astonishing that…”.
Conán mac Mórna: a member of the fianna and an ally of Finn McCool in the Fenian cycle of myths, represented as a comic but loyal figure.
cráin: “sow”; also cráin mhuice.
crích: “end”, or críoch in the CO. Críoch was also the spelling used in the original, but it has been edited here as crích in line with WM usage, where the historic dative has replaced the nominative. Most of PUL’s books have crích.
cú: “dog”, with coin in the plural where the CO has cúnna. is feminine in WM Irish, but masculine in the CO.
deirineach: “last”, or deireanach in the CO.
Diarmaid Ó Duíbhne: a member of the fianna in the Fenian cycle of myths, with whom Gráinne, the intended wife of Finn McCool, elopes.
drom: “back”, or droim in the CO. PUL uses drom for the actual back of something (a person, an animal, or, as here, a book), but druím for more derived usages (druímlámha, “the back of a hand”; druím na talún, “the face of the earth”).
éan: “bird”. The plural is usually éin in PUL’s works, but a variant plural eóin in found here.
Eanán: apparently the name of a dog in the Fenian myths, but I have not been able to identify the reference.
eiteallach: “flying”, or eitilt in the CO. Note that as a feminine verbal noun ending in -ach, this becomes ar eiteallaigh, “flying, in flight”, in the dative. This would also imply ag eiteallaigh, but no attestation of this phrase has yet been found in PUL’s works.
faghart: “glint, gleaming”, or faghairt in the CO. The spelling faghart in the original here may indicate a broad rt in the pronunciation. Dinneen gives “vigour, verve, eagerness” as possible translations.
fia: “deer”.
Fiann: “a roving band of warriors”. An Fhiann, the warriors of Fionn mac Cúmhaill in Irish mythology.
Fionn mac Cúmhaill: Fionn mac Cumhaill, or Finn McCool, a hunter-warrior in the Fenian cycle of myths.
fuireann: “crew”, or foireann in the CO. Here fuireann fichille is “a set of chessmen”, i.e. the pieces set up on the chessboard and ready to play.
géimreach: “lowing, bellowing”, or géimneach in the CO. Pronounced /gʹe:mʹirʹəx/.
giollanra: “youths, attendants”, a collective word stated as being feminine in the glossary to An Cleasaidhe, although masculine in the CO. While generally singular in collective meaning, we have gríosadh na ngiollanra, “the inciting, the urging on of the youths”, here, with the genitive plural.
glam: “howl, roar”.
Glas Mac Aoncheárda Bhéara: Glas Mac Encarda, from Béara, mentioned in the Fenian myths as accompanying Finn McCool to the enchanted house of rowan trees where the fianna where held by magic for a time. Found as Glas Mac Aoinchearda Bhéara in the original.
gluaisim/gluaisím, gluaiseacht: “to proceed”, with gluaisim, gluaiseacht in the CO. Some second-conjugation forms are occasionally found in PUL’s works, including gluaisíd siad here.
Goll mac Mórna: a member of the fianna and the slayer of Finn McCool’s father, Cúmhall, in the Fenian cycle of myths.
graidhin: “affection, jollity”, but mainly found in exclamations. Mo ghraidhin mo shúil!, “didn’t I just know it!” Pronounced /grəinʹ/.
gríosacht: “inciting”, or gríosú in the CO. Adjusted from gréasacht in the original.
iallchú: “leash-hound”, with iallchoin in the plural. This word is not given in Ó Dónall’s dictionary, but is given under iall in Dinneen’s dictionary.
inniu: “today”, pronounced /i’nʹuv/.
ínsim, ínsint: “to tell”, or insim, insint in the CO. Note the use of d’innis here in the preterite: the spellings d’innis and d’inis are both found in PUL’s works, pointing to a pronunciation /dʹiŋʹiʃ/.
iúnadh: “wonder, surprise”, or ionadh in the CO. Pronounced /u:nə/.
lao: “calf”, with laoigh in the plural here where the CO has laonna. The pronunciation of laoigh is unclear to me.
leathéadromacht: a word not found in any dictionary. The phrase ar leathéadromacht means “almost of your senses; struck half witless (e.g. with awe, wonder, etc)”. Éadromacht, “lightness”, is not found in Ó Dónaill’s dictionary, and may correspond to éadroime in the CO.
leathfuirne: here meaning “half a set of chessmen”. Leath- usually lenites, but is attested as eclipsing an f in WM Irish. More research required here; the pronunciation may be /lʹa-virʹinʹi/.
Lios an Rí: a placename meaning “enclosure of the king”, but I have been unable to pinpoint it further. Lios na Rí (Lisnaree), with the genitive plural, is found as a placename in Ireland.
luail: “act of motion”. Ar luail, “in motion”.
luaimneach: “nimble”, or luaineach in the CO.
Mac an Truim: Oscar mac Oisín’s deerhound. Possibly meaning “son of anger”, if this can be connected to trom, glossed as “weight, load; anger” in Dinneen’s dictionary.
mile: “soldier”, or míle in the CO. The foclóirín to An Cleasaidhe explains that míle was the older form, but this word later became confused with bile, a poetic word for “tree”.
míogarnach: “dozing off; sleepiness”.
míol muíghe: “hare”, literally “critter of the plain”. A rare word; giorrae is more common. Míl mhuíghe in the plural.
mísleacht: “sweetness”, or milseacht in the CO. Pronounced /mʹi:ʃlʹəxt/.
monghair: “confused sound, din, roar”, or monghar in the CO. Monghair na mile, “the confused shouts of the soldiers”. Pronunciation unclear to me.
Oisín mac Finn: son of Finn McCool in the Fenian cycle of myths. Known as Ossian in English.
olc: the notes to the early edition of An Cleasaí note that olc can mean “rabies, hydrophobia” in Irish.
Oscar mac Oisín: son of Oisín mac Finn in the Fenian cycle of myths. Oscar’s death caused Finn McCool to weep for the only time in his life.
preabarnach: “bounding, jumping, throbbing”. As a feminine verbal noun in -ach this becomes ag preabarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
Raighne mac Finn: son of Finn McCool in the Fenian cycle of myths.
re: “by”, an archaic word now subsumed by the preposition le. Re mullachaibh, “along/towards the summits of the hills”.
saghas: “sort”. PUL seems to use saghas in the genitive, rather than the saghais found in the CO. See also chun aon tsaghas Madam in PUL’s Mo Sgéal Féin. Ag faire an shaghas does not give the expected t-prefixation in the genitive.
sceón: “terror”, or scéin in the CO.
seilg: “hunt, chase.” Also, “game, prey, quarry.”
sionnach: “fox”.
slua, slóite: “army”. PUL normally forms the plural of this word, sluaite in the Standard, with an  ó . While IWM shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse. The medial  ó  is therefore retained wherever it was given in the original, including the use of sló, found here in the genitive plural. It is also worth noting this word is generally feminine in PUL’s works. Most other writers of WM Irish have slua as masculine; PUL’s usage is exceptional.
smutaíol: “sniggering”, or smiotaíl in the CO. Ag smutaíol gháirí, or ag smiotaíl gháire in the CO. Verbal nouns in -aíl in the CO appear with a broad l in WM Irish.
stopaim, stopadh: “to stop, stop up, stuff”. The participle stopaithe was written stupaithe in the original, implying a pronunciation /stupihi/; the CO has stoptha.
streanncán: “tune, strain”, or streancán in the CO. Streanncán ceóil, “a strain of music”.
táim, bheith: “to be”. Note the form taíonn tú, “you are”, where the CO has tá tú.
talamh: “land”. The genitive of this word is consistently found with a slender l, tailimh, in PUL’s works. The CO has talaimh. Le titim an tailimh, “with the lie/slope of the land”.
tonn: “wave”. Note the dative plural here, tonntachaibh, where tonnaibh is attested in PUL’s translation of the gospels. The CO plural is tonnta.
uallfartach: “howling, yelling”. Pronounced /uəlhərtəx/.
uathás: “cause of astonishment”, or uafás in the CO.