Eisirt, caib. a 14

Caibideal a XIV

Sa Bhaile Slán

Do mothaíodh go raibh tosach an tslóigh ag siúl ana-ghéar. Níorbh fhada gur mothaíodh go rabhadar ag rith. Níorbh fhada go raibh an tslua go léir ag rith agus gan blúire suime acu in Aodh. Do ghluais an mhuíntir a bhí laistiar de amach tímpall a chos agus eatarthu. Bhí “Tháinig an rí! Tháinig an rí!” i mbéal gach éinne agus gach éinne ag rith. Ansan is ea ’ bhí Aodh i gcruachás. Níor dhein sé ach seasamh mar a raibh aige agus a dhá throigh a chimeád ar an dtalamh go daingean. Bhí na daoine beaga ag gluaiseacht thar na brógaibh agus thar na haltaibh aige, díreach mar a ghluaiseódh an t-uisce dá mbeadh sé ’na sheasamh san abhainn. Bhí sé tamall maith ’na sheasamh ar an gcuma san agus na daoine beaga ag gluaiseacht thairis amach, agus ná leogfadh scannradh dhò aon chos leis a bhogadh den talamh. Bhíodar chómh fada san ag gabháil thairis amach gurbh iúnadh leis cá bhfuaradh iad go léir. Bhí eagla a chroí air ná féadfadh sé a chosa ’ chimeád daingean ar an dtalamh go mbeidís gofa thairis. Fé dheireadh ambasa do ghoibh an duine deirineach acu thairis amach. Ba mhór an fhuascailt é! Ansan is ea ’ thuig sé go raibh Iúbhdán tagaithe, agus gurbh in é fé ndeár an liúireach ar dtúis agus ansan an rith. Chaith sé é féin ar an dtalamh agus shín sé a chosa.

“Dá luathacht a bheadsa sa bhaile in Eamhain”, ar seisean in’ aigne féin, “is ea is feárr é. Níl aon ghnó anso agam. Nílimse oiriúnach don áit agus níl an áit oiriúnach dom. Táim rómhór ar fad don áit seo. Níorbh iúnadh liom go mbeadh doicheall ag teacht orthu. Ithim agus ólaim oiread le deichniúr agus daichead acu féin agus ’na dhiaidh san ní ithim leath mo dhóthana. Táim ag dul as. Ní haon chúmpórd bheith anso, pé onóir a tabharfí do dhuine. Bhí an ceart ag Eisirt nuair aduairt sé ná déarfadh sé liom teacht ná fanúint. Ní féidir dom milleán a chur ar éinne ach orm féin. Is míchothromach an rud do dhuine bheith rómhór, bheith ’na phiarda fathaigh i measc na ndaoine. Cad é an canncar a bhíodh orm go minic in Eamhain mar gheall ar me ’ bheith chómh beag! Cad a dhéanfainn anois dá mbeinn chómh mór le Feargus! Is amhlaidh mar atá an scéal agam táim rómhór—agus táim róbheag. Táim rómhór i Mágh Faithlinn agus táim róbheag in Eamhain”.

An fhaid a bhí sé sa mhachnamh san tháinig Eisirt chuige.

“Cad í an ghruaim seo anois ort, a rí éigeas?” arsa Eisirt.

“B’fheárr liom go mbeinn sa bhaile!” arsa Aodh.

“Ar dheineamair aon rud a chuir míshásamh ort, a rí?” arsa Eisirt.

“Níor dheineabhair, a rí”, arsa Aodh. “Me féin atá ag cur míshásaimh orm féin”.

“Agus cad é an locht atá agat ort féin, a rí?” arsa Eisirt.

“Tá, me ’ bheith rómhór”, arsa Aodh.

“Is tu an chéad duine riamh a dh’airíos-sa dhá lochtú féin mar gheall ar bheith rómhór. Is ana-mhinic, áfach, a dh’airíos duine dhá lochtú féin mar gheall ar é ’ bheith róbheag”, arsa Eisirt.

“Is fíor dhuit sin”, arsa Aodh. “Nuair a bhíos-sa sa bhaile in Eamhain ní raibh dhom baint den tsaol, de ló ná d’oíche, ach me ’ bheith chómh beag. Nuair ’ fhéachainn ar Fheargus agus ar na fir mhóra eile bhíodh mo chroí dá loscadh coitianta le formad. Ní fhéadadh duine féachaint ghéar a thabhairt orm ná measainn gur a’ déanamh iúnadh dem luíghead a bhíodh sé, agus bhínn ar buile. Anois, níl dhom baint den tsaol ach me ’ bheith chómh mór. Má fhéachann duine de mhuíntir na háite seo géar orm buailtear isteach im aigne láithreach gur ag déanamh iúnadh dem mhéid a bhíonn sé, agus tagann an bhuile chéanna orm. Is gasta a dheinis-se an gnó, a Eisirt, nuair adúraís ná déarfá liom teacht anso ná fanúint sa bhaile. Dá n-abarthá liom teacht is dócha go mbeinn ag cur an mhilleáin go léir ort anois agus dhá rá leat go raibh sé ceart agat me ’ fhágáilt sa bhaile. Ní dúraís liom teacht ná gan teacht. Ní féidir dom milleán an scéil do chur ar éinne ach orm féin”.

“Ná cuir milleán ort féin ná ar éinne eile, a rí éigeas”, arsa Eisirt. “Ní tusa an t-éinne amháin go bhfuil an dá ní sin, luíghead agus méid, ’á bhaint den tsaol. Luíghead agus méid cuirp atá ag cur ortsa. Is neamhní iad san seochas an dá ní eile úd, luíghead agus méid aigne. Nuair a bhís-se sa bhaile bhíthá buartha toisc gan tu ’ bheith chómh mór id cholainn le Feargus. Tá buairt anso ort toisc gan tu ’ bheith chómh beag liomsa”.

“Gabhaim párdún agat, a Eisirt”, arsa Aodh. “Ní dó’ liom gur mhaith liom bheith chómh beag leatsa!”

“Sin é ’ shamhlaíos, a rí”, arsa Eisirt. “Ní huiriste teacht suas le duine go bhfuil fios a aigne féin i gceart aige. Ach ní chuige sin a bhíos. Chuige seo is ea ’ bhíos, a rí. An bhuairt seo a bhíonn ortsa mar gheall ar do mhéid, nú ar do luíghead, is beag fear i gCúig’ Uladh ná bíonn an bhuairt chéanna air agus an formad céanna dhá bhaint den tsaol. Níl duine acu ná mothaíonn é féin róbheag nuair ’ fhéachann sé ar na daoine atá níos uaisle ná é féin, agus bíonn sé ar buile. Agus níl duine acu ná mothaíonn é féin rómhór nuair ’ fhéachann sé ar na daoine atá níos ísle ná é féin, agus bíonn sé ar buile le huabhar, agus bíonn fuath ag gach éinne dhò. Bíonn gach éinne ag fanúint uaidh amach”.

“Ní dó’ liom gur ceart an chainnt sin a thagairt dómhsa, a rí”, arsa Aodh.

“Ní ceart, a rí ollamh, agus ní duit atáim dhá tagairt. Ní hamhlaidh a bhíonn daoine ag fanúint uaitse amach. Is amhlaidh nách féidir iad a chimeád uait amach. Táim ag tagairt na cainnte do dhaoine a mheasann go bhfuil aigne mhór acu, agus gan acu, le fírinne, ach aigne ana-bheag. Is dó’ leó gur fathaigh iad, ’na n-aigne, ach chíodh an uile dhuine ná fuil iontu ach abhaic”.

“Im abhac nú im fhathach dom, a Eisirt”, arsa Aodh, “b’fheárr liom go mbeinn sa bhaile i gCúig’ Uladh”.

“Téanam ort isteach más ea, agus fág slán ag an rí agus ag tuatha Luchra agus Luprachán, agus cuirfidh Iúbhdán an t-each buí leat go Tráigh na dTréanfhear. Ní bheifá i bhfad ag dul abhaile go hEamhain dá mbeifá ar Thráigh na dTréanfhear”.

Do phreab Aodh ’na shuí. Thóg sé Eisirt ar a bhais chuige. Thánadar go dtí an halla mór mar a raibh féasta dá ollmhú chun fáilte ’ chur roimh Iúbhdán ar a theacht abhaile a’ hEamhain. Bhí maithe agus móruaisle tuatha Luchra agus Luprachán cruinnithe, agus bhí gach éinne ag suí isteach in’ inead féin, de réir teidil agus onóra agus uaisleachta. Níor deineadh dearúd den bhosca ’ bheith socair ar dheis an rí i dtreó go bhféadfadh Aodh suí air.

Do shuigh an chuideachta agus do chaitheadar an bia. Ansan do baineadh “na cínn bheaga as na dabhchaibh agus do dáileadh lionn sean suain somblasta” ar an gcuideachtain agus bhíodar go suairc agus go súgach agus go lán d’aoibhneas. Bhí an bia go maith agus bhí an deoch go maith agus bhí an caitheamh aimsire go maith. Ach, maith dob fheárr ná gach maith eile, bhí an rí sa bhaile acu.

Ar ball d’éirigh Iúbhdán agus dhein sé cainnt. Ní maíomh ná mustar ná bladhmann a bhí sa chainnt, áfach, ach tuairisc bhreá chruínn léir sholasmhar, ar Fheargus agus ar Ultaibh agus ar Chúig’ Uladh, ar na daoine móra a bhí ann agus ar a nósaibh agus ar a mbéasaibh.

“Agus”, ar seisean, ag críochnú na cainnte, “ní ceart do rí choíche bheith ag maíomh a’ méid a chómhacht ná a’ neart a shló, mar ní fheadair sé ná go mbeadh cómhacht le fáil ba mhó ná a chómhacht agus slua le fáil ba threise ná a shlua”.

Nuair a bhí an oíche caite agus an chuideachta ag cuímhneamh ar scaipeadh, tháinig Eisirt in aice an rí agus d’inis sé dhò go raibh Aodh ag dul abhaile go hEamhain.

“Tá go maith”, arsan rí. “Caithfar é ’ chur abhaile le honóir. Is é ollamh Uladh é. Deinse an t-each buí do ghléasadh, a Eisirt”, ar seisean, “agus beir Aodh leat go Tráigh na dTréanfhear”.

Dhein Eisirt mar aduairt an rí leis. Do ghléas sé an t-each buí agus chuaigh sé ar a mhuin agus chuir sé Aodh ar a chúlaibh. Do ghluais an t-each buí leó thar gach réidh, thar gach achrann, thar gach móin agus machaire, thar gach tír agus farraige, go dtí go rabhadar ar Thráigh na dTréanfhear.

Bhí uaigneas mór ar an mbeirt nuair a bhíodar ag scarúint le chéile. Ach b’éigean dóibh scarúint. Chuaigh Aodh abhaile go hEamhain agus tháinig Eisirt thar n-ais go Mágh Faithlinn ar each buí Iúbhdáin.

Ní hé mo thuairim go bhfeacadar a chéile ó shin.

CRÍOCH.

Foclóirín

abha: “river”. The dative is abhainn, which has replaced the nominative in GCh. Pronounced /au/ and /auŋʹ/.
achrann: “entanglement, undergrowth”, pronounced /ɑxərən/. This word can mean “fastness, depths”, but seems in context here to refer rather to land overgrowth with briars. PSD also has “obstacle”, as of a rock in a field, which may be relevant to the meaning here.
alt: “ankle”.
ambasa: “indeed”, or ambaiste in GCh. While this appears to mean “by my hands”, the form ambaiste indicates the derivation is rather from the asseveration “by my baptism”, perhaps by way of a circumlocuation to avoid uttering an irreligious phrase.. Pronounced /əm’bɑsə/.
bainim, baint: “cut”; baint de, “to remove from”. Rud a bhaineann den tsaol thu, “something that ‘kills’ you”, in the sense of greatly distressing you.
bladhmann: “bombast, bragging”, pronounced /bləimən/.
cad é: “how”. Cad é an canncar a bhíodh orm, “how vexed I used to be!”
cuirim, cur: “to put”. Cur ort, “to affect you adversely”, as of a heart complaint (in context here luíghead agus méid cuirp atá ag cur ortsa, “you are being troubled by your variously small and great stature”).
cúmpórd: “comfort”, or compord in GCh. Pronounced /ku:m’po:rd/. Ní haon chúmpórd bheith anso, “there is no pleasure in being here”.
dáilim, dáileadh: “to distribute, pour out, serve (of food and drink)”, used with ar. Dálaim, dáileadh in GCh.
diaidh: “wake, rear”, pronounced /dʹiəgʹ/. Na dhiaidh san, /nə jiə son/, “nevertheless, in spite of everything”.
doicheall: “inhospitality”. Pronounced /dohəl/.
dóthain: “enough, sufficiency”. A dhóthain mór, “more than enough for him”. Leath mo dhóthana, “half enough for me”. Note the genitive is dóthana, where GCh has dóthain and that this word is masculine in PUL’s works, where GCh has it as feminine.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
fuascailt: “ransoming, ransom”. Ba mhór an fhuascailt é, “it was a great relief!”
géar: “keen, sharp, acute”. Féachaint ghéar a thabhairt ar dhuine, possibly “to stare at someone”.
lá: “day”. De ló, “by day”, where a calcified dative used only in this phrase is found.
luathacht: speed, especially in dá luathacht, “how fast”. Note that this would be dá luaithe in GCh, although dá luaithe is also used in WM Irish.
maith: “good”, also “something good” as a noun.
míchothromach: “most inconvenient”, pronounced /mʹiː-xorhəməx/.
milleán: “blame”.
móin: “moor”.
mustar: “diplay, ostentation”.
piarda: “pillar; huge person”. Piarda fathaigh, “giant”.
réidh: “moorland, heather plain”, or in GCh. Pronounced /re:gʹ/.
scaipim, scaipeadh: “to disperse, scatter”. Agus an chuideachta ag cuímhneamh ar scaipeadh, “the people present were thinking of leaving”.
scaraim, scarúint: “to part, separate”, or scaraim, scaradh in GCh.
slua, slóite: “crowd, army”. This word generally is feminine in PUL’s Irish, but masculine in GCh. PUL normally forms the plural of this word, sluaite in the Standard, with an –ó– (slóite). While IWM shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse. The genitive plural here is sló. Neart sló, “military strength/manpower”. Also note that both na sló and an tslóigh (in chapter 14) are found in the genitive singular here: tslóigh is transcribed as tlóig in the LS version of Eisirt, indicating that a g is heard in this form.
somblasta: “well-flavoured, palatable”, or so-bhlasta in GCh, which form is also given in PSD. Pronounced /so-mlɑstə/.
suairc: “pleasant, agreeable, gay”.
suan: “sleep, slumber”. Lionn sean suain, “old ale that easily makes you sleep”.
suím, suí: “to sit”. Do phreab sé na shuí, “he jumped up, he leapt onto his feet”.
tagraim, tagairt: “to refer”, or tagraím, tagairt in GCh. Pronounced /tɑgərimʹ, tɑgirtʹ/. Cainnt a thagairt do dhuine, “to refer or allude in a certain way to someone”.
téim, dul: “to go”. Dul as, “to get thin, waste away, get frail”.
uiriste: “easy”, furasta in GCh. Fuiriste is also found in PUL’s works, generally, in lenited contexts (rófhuiriste).

Eisirt, caib. 13

Caibideal a XIII

Fáilte dá hOllmhú.

Nuair a tháinig seacht catha féinne Luchra agus Luprachán abhaile ó Eamhain agus gan an rí acu bhí buairt agus brón agus uaigneas ar na daoine beaga go léir. D’inis an mhuíntir a tháinig abhaile ó Eamhain cad ’duairt Iúbhdán, go nduairt sé nárbh fholáir dhò féin bheith bliain in Eamhain agus ansan rogha a shéad d’fhágáilt ag Feargus. Shocraigh na daoine go léir a n-aigne agus dúradar lena chéile go gcaithfidís foighne ’ bheith acu, agus nár bhaol ná go dtiocfadh an rí abhaile chómh luath agus ’ bheadh na coinníollacha cómhlíonta agus na geasa ar neamhní. Bhí ’ fhios acu gur dhein Iúbhdán an éagóir ar Eisirt. Bhí ’ fhios acu gur mheasa go mór éagóir ó rí ná éagóir ó aon tsaghas eile duine, agus gur dheocra sásamh a thabhairt san éagóir sin ná san éagóir a dhéanfadh duine ba lú ná rí. Ach bhíodar ag faire na haimsire agus ag áireamh gach lae agus gach seachtaine go dtí go raibh an bhliain istigh.

Fé dheireadh bhí ’ fhios ag Eisirt go raibh an aimsir nách mór istigh, agus go mbeadh ar chumas Fhearguis, nuair a tabharfí dhò rogha na séad, Iúbhdán do leogaint chun siúil gan feitheamh le deireadh na bliana ar fad. Do ghlaeigh Eisirt chuige ar mhaithibh tuatha Luchra agus Luprachán agus do labhair sé leó.

“A mhaithe agus a mhóruaisle”, ar seisean, “tá ár rí ag teacht chúinn abhaile. Is ceart dúinn sinn féin do ghléasadh agus d’ollmhú chun fáilte ’ chur, mar is cóir agus mar is ceart, roimh Iúbhdán agus roim Bhébó”.

Do ghluais an scéal san mórthímpall na tíre go léir, mórthímpall Máighe Faithlinn, agus thosnaigh na daoine beaga ar theacht isteach ón uile thaobh den tír. Nuair a bhíodar cruinnithe, na céadta mílte dhíobh, do labhair Eisirt arís leó.

“A mhaithe agus a mhóruaisle agus a dhaoine”, ar seisean, “tá ár rí agus ár ríogan, Iúbhdán agus Bébó, ag teacht chúinn abhaile ar an each mbuí. Is chuige ’ chuireas teachtaireacht amach ag triall oraibh, chun go dtiocfadh sibh go léir anso agus go ndéanfadh sibh sibh féin do ghléasadh de réir úird agus uaisleachta, gach buíon agaibh féna dtaoiseach agus gach réim um á ríogra, agus go siúlóimís go léir amach, ’nár gcéadta mílte, ag cur fáilte roimis an rí agus roimis an ríogain”.

Chuireadar go léir liú suas, díreach mar a chuireadar nuair a bhí na seacht catha dhíobh ar faiche na hEamhna nuair a tháinig Iúbhdán chúthu amach agus gur mheasadar gur ag teacht leó abhaile a bhí sé. Bhí Aodh Éigeas ann, agus d’airigh sé an liú, agus dhein sé oiread iúnadh dhe díreach agus ’ dhein na hUltaigh de nuair ’ airíodar é ar faiche na hEamhna.

Do ghléas na daoine beaga iad féin ansan, fé mar aduairt Eisirt leó a dhéanamh, agus ba mhór an radharc iad. Do leath a shúile ar Aodh Éigeas nuair a chonaic sé an suaitheantas acu a bhí ann agus iad chómh mion!

“Cad a dhéanfadsa, a rí ollamh?” ar seisean le hEisirt. “Ba mhaith liom dul amach, chómh maith le cách, ag fáiltiú roimis an rí agus roimis an ríogain, ach má shiúlaím i measc na ndaoine tá eagla mo chroí orm, dá fheabhas aireachas a thabharfad dom chosaibh ná féadfad gan cuid acu do ghortú, nú b’fhéidir do mharú. Dá ráineódh go dtabharfainn ciscéim anacair cá bhfios dom, nuair a chuirfinn mo chos fúm arís, ná go mbeadh mórsheisear fém bróig agam, i bhfad uainn an t-olc! Dá bhfaighinn barrathuisle agus go leagfí me ní fios an mó duine ’ bheadh marbh fúm! Ní fheadar ’en domhan, a rí ollamh, cad is maith dhom a dhéanamh”.

“Socródsa an ní sin duit láithreach, a rí éigeas”, arsa Eisirt. “Féach, a rí éigeas” ar seisean, “seasaimhse ansan”.

Do sheasaimh Aodh ar lár an mhachaire san áit ’na nduairt Eisirt leis seasamh. Ansan do ghlaeigh Eisirt chuige ar dhuine de sna taoiseachaibh airm.

“Féach, a dhuin’ uasail”, ar seisean, “cuir trí naonúir de sna fearaibh atá agat, guala le gualainn, ansan laistiar d’Aodh, agus fanaidís breis agus daichead órlach uaidh siar”.

Do dhein.

“Cuir anois”, arsa Eisirt, “trí naonúir anso ar a láimh dheis, i ndiaidh ’ chéile”.

Do chuir.

“Cuir anois”, arsa Eisirt, “trí naonúir anso ar a láimh chlé, ar an gcuma gcéanna, i ndiaidh ’ chéile agus iad breis agus daichead órlach uaidh amach”.

Do dhein.

“Cuir anso anois, roimis amach, guala le gualainn, an ceathrú trí naonúir, agus aid breis agus órlach roimis amach”.

Dhein an taoiseach mar adúradh leis.

Nuair a bhí an méid sin déanta bhí Aodh ’na sheasamh istigh i lár na slí a bhí folamh ’na thímpall, agus bhí na cheithre línte fear san ’na seasamh, líne acu laistiar de, líne acu lasmu’ dhe, agus líne acu ar gach taobh de, agus gan aon fhear acu i ngaireacht daichead órladh dò.

“’Sea, a rí ollamh”, arsa Eisirt, “má gheibheann tú barrathuisle anois agus go mbainfear leagadh asat ní dó’ liom go dtitfir ar éinne. Tá breis agus t’aoirde féin de shlí ar gach aon taobh díot. Ach nuair a thosnóidh an siúl, a rí éigeas, deinse siúl go hana-réidh. In aghaidh gach ciscéim dá dtabharfairse caithfidh gach fear díobh so trí nú ceathair de chiscéimibh a thabhairt chun cimeád suas leat. Cuímhnigh ar sin, a rí éigeas, agus ná bí ródhian orthu. Agus tugaidhse aire”, ar seisean leis na fearaibh, “an slí chéanna ’ chimeád i gcónaí idir sibh agus Aodh, agus ar úr mbás gan éinne do leogaint thoraibh isteach sa tslí oscailte seo atá laistigh díbh”.

Bhí gach aon rud socair. Do tugadh don tslua an focal chun gluaiste. Do ghluais an tslua go léir ar aon chiscéim. An méid den tslua a bhí laistiar d’Aodh ní fhéadaidís gan bheith coitianta ag féachaint ar an bhfathach mór go raibh a cheann, dar leó, in áirde sa spéir agus a chosa ar an dtalamh i measc a gcos féin, agus gach aon chiscéim fhada ríghin a thugadh sé gur dhó’ le duine gur ag titim ’na chodladh a bhíodh sé agus nárbh fhios cad é an neómat a bainfí leagadh as. An méid den tslua a bhí lasmu’ dhe ní leogadh dlí an tsiúil dóibh féachaint siar, ach mheasaidís go gcritheadh an talamh féna gcosaibh in aghaidh gach ciscéim dá dtugadh sé. An méid den tslua a bhí ar gach taobh de ní fhéadaidís gan stracfhéachaint a thabhairt, anois agus arís, thar a nguaillibh air féachaint an mór den dúthaigh a féadfí a dh’fheiscint idir a dhá chois in aghaidh gach ciscéim dá dtugadh sé. Ba chuma le hAodh an fhaid ná raibh aon bhaol go satlódh sé ar aon chuid acu. Ach nuair ’ fhéacadh sé ’na thímpall ar na mílte sló go léir agus iad chómh beag, iad thíos ar fad uaidh ar an dtalamh, bhíodh sé a d’iarraidh cuímhneamh ar rud éigin a chuirfeadh sé i gcúmparáid leó, i dtreó go bhféadfadh sé cúntas éigin cruínn a thabhairt orthu nuair a raghadh sé abhaile go hEamhain. Ní fhéadadh sé cuímhneamh ar aon chúmparáid a thiocfadh isteach ar aon tslacht leis an bhfírinne. Ní fheacaigh sé riamh a leithéid de radharc. Na mílte daoine agus iad go léir chómh beag, agus san am gcéanna iad go léir chómh cúmtha, chómh córach, chómh dathúil, chómh glan, chómh dea-bhéasach, chómh lán d’eólas agus de thuiscint agus d’íntleacht.

Bhí an siúl dá dhéanamh. Bhíodar ag cur na slí dhíobh. I lár a mhachnaimh dò d’airigh Aodh an liú ag éirí amu’ i dtosach na sló. Do tógadh an liú, ó dhuine go duine, go dtí go raibh an tslua go léir ag liúirigh chómh hárd, chómh cuthaigh agus ’ bhí sé sa chliabh agus sa scórnaigh acu. Chuir Aodh liú as, go mbeadh sé, dar leis, chómh maith leó. Má chuir do scread na daoine beaga a bhí ar gach taobh de agus do ritheadar uaidh amach. Do scread na daoine beaga a bhí laistiar de agus do ritheadar uaidh siar. Do scread na daoine beaga a bhí lasmu’ agus do ritheadar uaidh amach. Shíl gach éinne nuair a hairíodh an liú a chuir Aodh as gurb amhlaidh a bhí an t-aer agus an talamh ag titim ar a chéile. Bhí gach aon chúntúirt go maródh na daoine beaga a chéile ag brú ar a chéile agus ag gabháil de chosaibh ’na chéile, do chuir an liú a dhein Aodh a leithéid sin de sceón iontu. Chonaic Eisirt an sceón agus an chúntúirt. Chonaic Aodh an sceón agus an chúntúirt.

“Cas scol amhráin dóibh, a rí éigeas”, arsa Eisirt.

Do chas Aodh an scol amhráin. Do chas sé é go hárd agus go bínn, agus ba mhaith chuige é. Do stad an brú láithreach. D’éirigh na daoine beaga a bhí ar lár agus do ghlanadar an ceó dá gcuid éadaigh. Ní raibh éinne marbh ná aon chnámh briste. Ba gheárr go rabhadar go léir go ciúin ag éisteacht le hamhrán Aodha.

“Stad anois, a rí éigeas”, arsa Eisirt.

Do stad. Tháinig lán a gcroí de náire ar an muíntir a ghlac an sceón. Bhíodar ag filleadh, gach éinne chun a áite féin sa tsiúl.

Foclóirín

aghaidh: “face”, pronounced /əigʹ/. In aghaidh, “for, for each”, often losing the final slender g and thus pronounced /ən əi/.
amhrán: “song”; pronounced /ɑvə’rɑːn/.
anacair: “uneven”, probably derived from anshocair, “unsteady”, pronounced /ɑnəkirʹ/. Ciscéim anacair was glossed in PUL’s Notes on Irish Words and Usages as “a step on a stone [that] tends to cause a fall or a sprain”.
barrathuisle: “stumble”, or barrthuisle in GCh.
brúim, brú: “to press”. The verbal noun was traditionally spelt brúghadh, and is one of a number of words where an audible h may be heard in some circumstances (see the note to paragraph 355 of IWM): /bru:~bru:h/.
casaim, casadh: “to twist, turn”, or “to curl” (of hair). Amhrán a chasadh, “to sing a song, strike up a song”.
chun: “towards”. The combined forms of this preposition are distinctive: chúm, chút, chuige, chúithi, chúinn, chúibh, chúthu. The Standard has chugam, chugat, chuige, chuici, chugainn, chugaibh, chucu. Is chuige, “that is the reason why; it was to that end”.
ciscéim: “footstep”, or coiscéim in GCh. The dative plural here, ciscéimibh, would support the view the nominative plural is ciscéimí, where GCh has coiscéimeanna. Ar aon chiscéim, “marching in unison”.
cliabh: “bosom, chest”.
coitianta: “regular, habitual; regularly, constantly”. Pronounced /ko’tʹiəntə/.
cumas: “power, ability”. Impersonally, tá ar do chumas é dhéanamh, “you are capable of doing it”.
cúntúirt: “danger”, or contúirt in GCh.
cuthach: “rage, fury.” The genitive of this word, cuthaigh, is used as an adjective meaning “furious, fierce”.
dea-bhéasach: “well-behaved, well-mannered”.
dlí: “law”. Dlí an tsiúil, “the marching regulations”.
éigeas: “learned man; sage, poet”, with éigse in the plural. Rí éigeas, “chief poet in ancient Ireland”. Note that we find here a rí éigeas in the vocative. Compare the comments on apposition in Gearóid Ó Nualláin’s Studies in Modern Irish Part 1, p240, where he explains that a Athair Peadar is the correct form of the vocative.
feitheamh: “waiting”, a verbal noun with a corresponding verb; used with le. Pronounced /fʹihəv/.
fios: “knowledge”. Ní fios, “who knows?; there is no knowing” in rhetoric utterances.
foighne: “patience”, pronounced /fəiŋʹi/.
gaireacht: “closeness, nearness”. This was spelt goireacht in the original. Pronounced /gi’rʹaxt/.
glaeim, glaoch: “to call”, or glaoim, glaoch in GCh. The spelling used in the editing here shows the pronunciation, /gleːmʹ, gleːx/. The traditional spelling was glaodhaim, glaodhach, which produces the right pronunciation in WM Irish. Glaoch chút ar dhuine, “to summon someone to you”.
istigh: “inside”, but also “complete; up”, of a time period. Pronounced /iʃ’tʹigʹ/.
lár: “ground”, as well as “centre, middle”. Ar lár, “on the ground, fallen down”.
mion: “small”, pronounced /mʹun/.
oscailte: “open”. Oscailte is found here in the original, and retained where found, but forms in -lta are more fundamental to the dialect; PUL’s Séadna has both oscalta and oscailte.
ráiníonn: “to reach”, without a verbal noun in common use. Usually found impersonally meaning “to happen to, transpire”. Dá ráineódh go, “if it transpired that”.
réim: “sway, authority; force of men”. See the definition in PSD: “a body of men larger than a buíon”. Gach réim um á ríogra, “each body of men accompanying their nobles”.
satlaim/satlaím, satailt: “to tread”, or satlaím, satailt in GCh. Pronounced /sɑtəlimʹ~sɑtə’li:mʹ, sɑtihlʹ/.
sceón: “terror”, or scéin in GCh.
scol: “call, shout”. Scol amhráin, “a burst of song; a clear, ringing singing voice”.
scórnach: “throat”, with scórnaigh in the dative.
screadaim, screadach: “to scream, shriek”.
seasaím, seasamh: “to stand”, but also “to last, endure”, as of shoes here. This verb is in the first conjugation in GCh (seasaim). As with a number of verbs where the verbal noun has -mh, the imperative and third-person singular of the preterite here are in -imh, seasaimh/do sheasaimh sé, where GCh has seas/sheas sé.
siúl: “marching, procession”.
siúlaím, siúl: “to walk”, or siúlaim, siúl in GCh. The past habitual shiúladh sé is found here in the first conjugation; PUL’s usage across his various works is mixed, with the future, past and imperative found in the second conjugation (siúlóidh sé, shiúlaigh sé). The present-tense form is found as siúlann in PUL’s translation of the Gospels, but as siúlaím in chapter 13 here. The LS version of Eisirt shows that do shiúlaigh sé is pronounced /də xʹuːli ʃeː/, as the slender sh is realised as /xʹ/ before a broad vowel.
slacht: “order, tidiness”. Ar aon tslacht, “neatly, with finish/aplomb”.
stracfhéachaint: “a cursory, sideways glance”, or sracfhéachaint in GCh.
suaitheantas: this generally means “badge, insignia”, but can also mean “vast numbers or quantity”, as here.
tagaim, teacht: “to come”. Teacht isteach le rud, “to fit in with something, to suit it”: ní fhéadadh sé cuímhneamh ar aon chúmparáid a thiocfadh isteach ar aon tslacht leis an bhfírinne, “he couldn’t think of any comparison that would fit the truth at all neatly”.
thar: “through, across, past”. Thoraibh, “past you”. The original spelling—tharaibh—has been edited here in line with the WM pronunciation. The LS version of Eisirt has haruiv.
tosnaím, tosnú: “to begin”, or tosaím, tosú in GCh. The original text has thusnuigh; some speakers may have had /u/ in the first syllable, although most of PUL’s works use the spelling thosnaigh.

Eisirt, caib. a 12

Caibideal a XII.

Rogha na Séad.

“’Sea, a Fhearguis, a bhráthair”, arsa Iúbhdán le Feargus, “tá an tréimshe caite agus níl ar do chumas-sa mise ’ chimeád anso níos sia. Níl ach aon ní amháin agam le déanamh anois sara n-imíod. Duairt Eisirt, árdollamh tuatha Luchra agus Luprachán, go gcaithfinnse an tréimhse seo do chaitheamh anso agatsa, agus go gcaithfinn rogha mo shéad d’fhágáilt agat anso nuair a bheinn ag imeacht. Áireód na séada dhuit, a Árdrí, agus ansan féadfair do rogha dhíobh a chimeád”.

Do thóg Iúbhdán a shleagh ’na láimh.

“Féach, a Fhearguis”, ar seisean, “sin í mo shleagh. Más maith leat í ’ chimeád is rómhaith an tseóid í. Is líonmhar iad do namhaidse, ach is cosaint duit an tsleagh so ar chéad namhaid. An rí go mbeidh an tsleagh so ’na láimh aige agus é ag dul i gcath tiocfaidh sé saor ó reannaibh a namhad”.

Nuair ’ airigh Feargus an méid sin níor fhéad sé gan sceartadh gáire ’ chur as. Bhí sleagh Iúbhdáin, mar adéarfá, chómh mór chómh fada leis an mbiorán cnutála a bheadh ag mnaoi agus í ag cnutáil stoca.

“Beir id láimh ar an sleagh so, a rí”, arsa Iúbhdán.

Do rug. Ní túisce a dhein ná mar a bhí an tsleagh chómh mór chómh fada chómh trom lena shleagh féin!

“Beartaigh í”, arsa Iúbhdán.

Do dhein.

“Dheineas mo gháire roluath, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “Níor bheartaíos riamh i gcath ná i gcruachómhrac sleagh dob fheárr ná í seo”.

“Sid í mo sciath, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán.

Thóg sé suas an sciath. Bhí an sciath mar adéarfá chómh mór chómh leathan le píosa coróinneach. Níor gháir Feargus.

“Beir id láimh ar an sciath, a rí, agus beartaigh í”, arsa Iúbhdán. “Ní féidir an tseóid is feárr do thoghadh mura dtrialair id láimh féin gach seóid acu”.

Do rug Feargus ar an scéith. Ní túisce ’ dhein ná mar a bhí sé chómh mór chómh leathan chómh trom lena sciath féin.

“Is é bua na scéithe sin, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “an fear a bheadh ar a scáth nách féidir é ’ bhualadh bíodh ná beadh ann ach garsún gan féasóg, nú bíodh go mbeadh sé ’na sheanduine liath.

“Sid é mo chlaíomh, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, agus do nocht sé an claíomh.

Bhí an claíomh, mar adéarfá, chómh mór chómh fada le snáthaid ramhar a bheadh ag mnaoi agus í ag cur cléithe i stoca. Ba dhóbair go ngáireadh Feargus arís nuair a chonaic sé an claíomh agus nuair a chuímhnigh sé ar a chlaíomh féin, ar an gCalacholg.

“Is mór is fiú an claíomh so”, arsa Iúbhdán. “Níl a leithéid eile de chlaíomh catha i láimh rí ná i láimh flatha, ná ní raibh riamh fós. Beir id láimh air, a rí, agus beartaigh é”.

Do dhein. Chómh luath agus ’ dhein do samhlaíodh dò gurbh é a chlaíomh féin, an Calacholg, a bhí ’na láimh aige bhí an claíomh chómh mór chómh trom chómh sobheartaithe sin.

“Sid é mo bhrat, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Brat maith is ea é. Má thógann tú é beidh sé nua agat go brách. Beidh sé nua agat i gcaitheamh do shaeil féin agus beidh sé nua ageat mhac id dhiaidh, i gcaitheamh a shaeil, agus ag mac do mhic i gcaitheamh a shaeil. Féach, a rí, cuir umat é go dtrialair é.”

D’fhéach Feargus ar an mbrat. Cheap sé dá leathadh sé a lámh go mbeadh an lámh níos leithe ná an brat. Ach dhein sé mar aduairt Iúbhdán leis. Do rug sé ar an mbrat, agus ní túisce ’ thug sé iarracht ar é ’ leathadh ar a shlinneánaibh ná mar a chlúdaigh an brat é go hálainn, chómh maith díreach agus dá mba dhò féin a déanfí ar dtúis é.

“Sid í mo léine, a Fhearguis, má ba mhaith leat í ’ ghlacadh mar rogha”, arsa Iúbhdán. “Is léine bhreá í, mar a chíonn tú. Is í bean athar mo sheanatharsa do dhein an léine sin, a Fhearguis, lena dhá láimh féin, agus is iad a dhá láimh féin do shnímh gach snáth dá bhfuil sa léine sin, a Fhearguis”.

Ní duairt Feargus aon rud leis an léine.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “sid é mo chrios. Bíonn airgead agus ór sa chrios so, a Fhearguis. An té go mbeadh an crios so fan chuím air, a rí, ní thiocfadh galar cuirp ná croicin air. Cuir umat é, a rí, féachaint a’ dtaithnfeadh sé leat”.

Cheap Feargus gur beag ná go líonfadh a órdóg an crios. Nuair a chuir sé aniar fan chuím air féin é bhí sé mór a dhóthain, chómh hoiriúnach dò agus dá mba dhò féin a déanfí é.

“Sid é mo chafárr, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Seóid uasal is ea é agus tá bua mór air”.

D’fhéach Feargus ar an gcafárr. Bhí sé, mar adéarfá, mór a dhóthain chun dul ar bharra órdóige Fhearguis.

“Cad é an bua mór atá ar rud chómh beag, a rí?” arsa Feargus.

“Tá do cheannsa mór go maith, a Árdrí”, arsa Iúbhdán, “ach má ghlacann tú an cafárr so ní baol duit ná go raghaidh do chloigeann ríoga isteach ann, agus an cloigeann ar a mbeidh an cafárr so ní thitfidh an ghruaig de agus ní bheidh aithis maoile go brách air. Triail ar do cheann é, a rí”.

Do dhein. Chuaigh ceann Fhearguis isteach sa chafárr chómh breá chómh socair chómh cúmpórdach agus do raghadh sé isteach ’na chafárr féin.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “sid é m’ionar. (Ionar a tugtí an uair sin ar bhall éadaigh a bhíodh fáiscithe ar chabhail dhuine, laistigh den bhrat, i bhfuirm veiste nú casóige cuirp.) Is éadach síodúil socair é.”

“Agus cad é an bua atá ar an ionar so, a Iúbhdáin, a bhráthair?” arsa Feargus, ag breith ’na láimh dò ar an ionar agus an t-ionar chómh beag san gur mheas Feargus ná dúnfadh sé ar a órdóig.

“Tá a chorcar glan anois, a rí” arsa Iúbhdán.

“Tá gan amhras”, arsa Feargus. “Ní fhéadfadh sé bheith níos glaine”.

“Dá mbeadh duine á chaitheamh go ceann céad blian”, arsa Iúbhdán, “bheadh a chorcar chómh glan an lá déanach den chéad blian agus ’tá sé anois”.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “sid é mo choire”, agus thispeáin sé dhò rud i bhfuirm scilléidín, ach ba chorcán ana-mhór an scilléidín in aice Iúbhdáin. Bhí béal an chorcáinín suas, nách mór, go smigín air.

“Agus cad é an bua atá ar an gcoire seo, a Iúbhdáin?” arsa Feargus.

“Ta so, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Dá mba ná curfí ann ach clocha agus uisce agus é ’ chur os cionn tine, do geóbhfí ann ar ball feóil álainn ba bhia do rí”.

“Níor dhó’ liom”, arsa Feargus, “dá mbeadh puínn ocrais ar an rí, go gcuirfeadh a mbeadh d’fheóil sa choire sin aon mhasmas air”.

“Dáltha gach seóide eile dá bhfuil agamsa, a rí”, arsa Iúbhdán, “an fhaid is liomsa é tá sé beag mo dhóthain, ach má ghlacann tusa mar rogha é beidh sé mór do dhóthain. Beidh tuilleadh agus úr ndóthain feóla ann duit féin agus dot theaghlach”.

“Is maith é sin, a rí”, arsa Feargus, “ach feiceam tuilleadh det sheóidibh”.

“Féach, a rí”, arsa Iúbhdán, “sid é mo dhabhach fothraigthe”. Bhí an dabhach fothraigthe leathtroigh ar faid agus mar adéarfá dhá órlach go leith ar leithead agus an méid céanna ar doimhneas.

“Ná bac a luíghead, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Má ghlacann tú é beidh sé mór do dhóthain feasta”.

“Agus cad é an bua atá air?” arsa Feargus.

“Tá, a rí”, arsa Iúbhdán, “an té go mbeidh an dabhach so aige agus do dhéanfaidh é féin do ní ann casfaidh a óige trí huaire air. Gheóbhaidh sé cheithre saeil duine sara dtiocfaidh an bás air”.

“Is
ana-mhaith an tseóid an dabhach san, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “An bhfuil a thuilleadh acu agat?”

“Tá, a rí”, arsa Iúbhdán. “Féach”, ar seisean, “sin é mo chleith ailpín”, agus thóg sé suas ’na láimhín bheag rud ná feacthas oidhre riamh ar tharainge crú ach é. Bhí an ceann caol den tarainge ’na láimh aige agus an ceann ramhar uaidh amach aige. Fé mar a chíodh Feargus gach seóid do thagadh fonn gáirí air, ach do dheineadh sé staonadh ó gháirí le heagla go measfadh Iúbhdán ná raibh an stuaim aige ba cheart a bheirt ag rí. Ach nuair a choanic sé an chleith ailpin, an tarainge crú, do bhris ar an stuaim aige, agus chuir sé sceartadh gáire as a bhain a anál de, nú gheall leis. Do stad Iúbhdán go breá réidh stuama go dtáinig Feargus as an dtritheamh gáirí. Nuair a chonaic Feargus an firín beag chómh daingean chómh stuama chómh ríoga, agus an tarainge crú ’na láimh aige, sínte uaidh amach, ba dhóbair dò tritheamh eile ’ theacht air, ach do staon sé, mar bhí naire air.

“Agus cad é an bua atá ar do chleith ailpín, a Iúbhdáin?” ar seisean.

“Dá mbeithá i bhfrithghuin catha, a rí”, ar seisean, “agus an chleith seo ’ bheith id láimh agat, do chosnódh an chleith do cheann féin agus ceann gach duine den naonúr ba ghiorra dhuit ded mhuíntir, ar gach taobh díot”.

“Is maith an chleith í, a Iúbhdáin; ach cad é seo eile id láimh agat?” arsa Feargus.

“Sid í mo shlat, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “an tslat lena gcomáintear an t-each buí”.

“Agus cad é an bua atá ar an slait sin, a Iúbhdáin?” arsa Feargus.

“Dá mbeadh duine ar muin capaill a bheadh chómh ríghin le seanasal do dhéanfadh aon bhuille amháin den tslait seo an capall ríghin sin níos luaithe ná eachra an domhain”.

“Is maith an tslat í”, arsa Feargus. “An bhfuil a thuilleadh agat?”

“Tá, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Féach, a rí. Sin é mo thiompán, an tiompán is feárr sa domhan chun ceóil. Ó bhruach na Mara Rua a tugadh ar dtúis é, agus tá ceól ann dóthain aon chuideachtan sa domhan pé eólas a bheadh ar cheól acu, pé géire ná pé cruinneas a bheadh ’na gcluasaibh acu. Agus tá buatha móra ar an dtiompán so, a Fhearguis”.

“Inis dúinn cuid de sna buathaibh, a rí”, arsa Feargus.

“Neósfad, a rí”, arsa Iúbhdán. “Fear nár rug riamh ’na láimh ar úirlis ceóil agus nár fhoghlaim riamh conas ceól do sheinnt, níor ghá dhò ach breith ’na láimh ar an dtiompán so agus bhainfeadh sé ceól as níos feárr agus níos binne agus níos síreachtaí ná mar a bhainfeadh an ceólaí dob oilte a’ tiompán eile. Mó thiompán álainn, a Fhearguis, níl tiompán eile ar bith chómh téadbhínn, agus gheibhtear a cheól gan dua”.

“Is maith an tiompán é. Is iúntach a bhfuil de shéadaibh agat, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “An bhfuil tuilleadh agat?”

“Tá, a Fhearguis. Féach, sin é mo dheímheas”.

Thispeáin sé an deímheas. Ní raibh an deímheas san ach mar adéarfá trí ceathrúna d’órlach ar faid agus tímpall ceathrú d’órlach ar leithead, agus bhí sé déanta de chruaidh
a bhí chómh geal le hairgead, agus bhí faor ar a dhá bheann do gheárrfadh “fionnadh in aghaidh srutha”, mar adeirtear in sna seanascéaltaibh.

“Cad é an bua atá ar an ndeímheas san, a Iúbhdáin?” arsa Feargus.

“Tá, a rí”, arsa Iúbhdán, “an fear go mbeadh an deímheas so aige agus ’ dhéanfadh úsáid de ar a ghruaig agus ar a chuid féasóige bhéarfadh sé bua ar fhearaibh Éireann in áilleacht agus i maisiúlacht pearsan”.

“Is álainn an tseóid é. Is mó fear gur mhaith leis a leithéid a bheith aige. Cé ’ dhein an deímheas san, a rí?” arsa Feargus.

“An gabha is feárr le fáil, gabha Barráin”, arsa Iúbhdán.

“Ní hiúnadh é ’ bheith go maith. An bhfuil aon deireadh let sheóidibh? Ní rófhuiriste dhómhsa an ceann ceart do thoghadh ar ball”, arsa Feargus.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “sin í mo shnáthad”.

D’fhéach Feargus ar an snáthaid. Is ar éigin ’ fhéad sé í ’ dh’fheiscint in aon chor bhí sí chómh beag san.

“Cad é an bua atá ar do shnáthaid, a Iúbhdáin?” arsa Feargus. “Is deocair bua mór a bheith ar rud chómh beag”.

“Tá bua ana-mhór, ana-thairbheach, ar an snáthaid seo. An t-éadach is gairbhe, agus is tútaí dár fíodh riamh bheadh sé chómh mín le síoda nú le sról ach go gcurfí an tsnáthad so thríd”.

“Brostaigh ort, a rí”, arsa Feargus. “Áirimh an chuid eile”.

“Má thógann tú dhá mhuic de sna mucaibh atá agam ní bheidh do theaghlach gan muiceóil choíche”, arsa Iúbhdán.

“Conas san, a rí?” arsa Feargus. “Cad é an fhaid le dul dhá mhuic ar mo theaghlachsa? Go mór mór nuair is dócha ná faigheadh fear dem theaghlach aon lán béil amháin ins gach muic díobh, ní hea, ach sa dá mhuic in éineacht”.

“Is mór é do theaghlach, a rí”, arsa Iúbhdán, “agus is mór an goile atá ag gach duine dá bhfuil ar do theaghlach, ach dá mbeadh oiread eile acu ann agus oiread eile slí ag gach duine acu don bhia gheóbhaidís a ndóthain sa dá mhuic seo adeirim. Agus rud eile. Maraítear an dá mhuic agus itear iad istoíche, agus gheófar beó iad ar maidin i dtreó go bhféadfar iad do mharú agus d’ithe arís an tarna hoíche. Ar an gcuma san thabharfaidh an dá mhuic adeirim a ndóthain muiceóla dod theaghlach, a Fhearguis, agus beid na muca féin agat i gcónaí”.

“Is iúntach na muca iad, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “Comáin leat”.

“Féach, a rí”, arsa Iúbhdán, “b’fhéidir go dtaithnfeadh m’adhastar leat”.

“Agus cad é an bua atá ar an adhastar, a rí?” arsa Feargus.

“Dá mbeadh bó dhubh ag duine agus é dhá tabhairt leis thar triúchaibh agus dá mbeadh fear na bó ar a tóir ní bheadh le déanamh aige ach an t-adhastar so do chur ar cheann na bó agus dhéanfadh bó bhán di agus ní aithneódh an té a bheadh ar a tóir í nuair a chífeadh sé í”.

“Ní bheadh aon ghnó agamsa den adhastar san, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “Nuair a thugaim táin bó liom is le claíomh a chosnaim iad ar thóir”.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Níorbh fhearra dhuit rud a dhéanfá ná mo bhróga do ghlacadh mar rogha. Bróga deasa fionndruinne is ea iad”.

D’fhéach Feargus ar na bróga. Ansan d’fhéach sé ar a dhá throigh féin. Ní raghadh barra órdóige a choise isteach in aon cheann de bhrógaibh Iúbhdáin. Do thuig Iúbhdán cad a bhí in’ aigne.

“Seo, a rí”, ar seisean, “triail iad féachaint conas a dh’oirfidís duit”.

Bhain Feargus de a bhróga féin, chun Iúbhdáin a shásamh. Do rug sé ar cheann de sna bróga fionndruinne agus chrom sé síos chun, mar dhea, órdóige a choise do chur isteach sa bhróig. Ní túisce ’ chuir sé an órdóg chun béil na bróige ná mar a mhéadaigh an bhróg agus shleamhnaigh a chos isteach inti i dtreó go raibh sí uime go sásta.

“Cuir umat an bhróg eile, a rí”, arsa Iúbhdán.

Do dhein. Do mhéadaigh an bhróg eile agus shleamhnaigh sí suas ar an gcois ar an gcuma gcéanna. Do shiúlaigh Feargus roinnt in sna bróga. Do thaithneadar leis go mór. Bíodh gur bhróga fionndruinne iad bhíodar ana-bhog ar a chosaibh ana-chúmpórdach.

“Cad é an bua atá ar na brógaibh seo, a Iúbhdáin?” arsa Feargus.

“Tá bua mór ar na brógaibh sin, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Molaimse an rí ’na mbeidh na bróga san idir a throithe agus talamh”.

“Cad ’na thaobh a rí?” arsa Feargus.

“Ní bheidh aon ghá choíche le bád ná le luíng aige. Siúlóidh sé leis na brógaibh sin ar talamh nú ar uisce mar a chéile. Is cómhdheas do sna brógaibh sin muir agus tír”.

“Glacaim na bróga so mar rogha, a Iúbhdáin”, arsa Feargus.

“Tá go maith, a rí”, arsa Iúbhdán. “Táimse saor anois ó sna geasaibh a chuir Eisirt orm mar gheall ar an ngabháil éagórtha a dheineas air. Níl ar do chumas-sa, a Fhearguis, me ’ chimeád anso níos sia. Táim baoch díot, a rí, agus d’uaislibh Uladh, idir rí agus rídhamhna agus ollamh agus file, idir ríogain agus baintiarna agus iníonra ró-uasal. Táim baoch de dhaoinibh Uladh idir íseal agus uasal, mar do tugadh mórchuid aoibhnis agus mórchuid áthais agus mórchuid
suilt agus caitheamh aimsire dhom ón lá a thánag anso ’na measc agus gur tarraigeadh as an leitin me”.

“Beidh uaigneas mór ar an uile dhuine anso id dhiaidh, a rí, agus ormsa thar chách. Ach ná himigh uainn go dtagaid Ultaigh na cúige seo ar aon láthair agus go bhfaighid siad go léir aon radharc amháin eile ort sara n-imír, agus go bhfágair slán agus beannacht acu, agus go leogaid siad slán agus beannacht leat”.

Do thoiligh Iúbhdán chuige sin.

Do cuireadh scéala amach ar fuid na cúige go raibh Iúbhdán ag imeacht. Tháinig na daoine go léir isteach as gach áird d’árdaibh na cúige, go bhfeicfidís Iúbhdán aon uair amháin eile sara n-imeódh sé. Bhí uaigneas mór orthu go léir. Ach d’fhág Iúbhdán slán agus beannacht acu, agus dúradar san leis, “Go dtéir slán!” agus d’imigh sé uathu, é féin agus a ríogan, Bébó, ar muin an eich bhuí.

Bhí sé féin agus Bébó agus an t-each buí chómh beag san nách rófhada ’ fhéad na hUltaigh radharc a chimeád air. Bhíodar go léir ag faire chómh géar agus dob fhéidir leó é.

“Ó, chímse fós iad”, adeireadh duine.

“Canad?” adeireadh duine eile.

“Ansúd mar a bhfuil an cnapóigín féir”, adeireadh an chéad duine.

Ba gheárr ná raibh le feiscint in aon bhall ach na cnapóigíní féir.

Personal name
Barráin: the name of a blacksmith here.

Placename
Muir Rua (an Mhuir Rua): the Red Sea.

Foclóirín

adhastar: “halter”, pronounced /əistər/.
ailpín: “knob”, the diminutive of ailp, found in the phrase cleith ailpín; see under cleith.
áird: “direction”. As gach áird d’ardaibh na cúige, “from all directions in the province”.
áirím, áireamh: “to count, reckon”. Áirimh an chuid eile, “list the rest”. As with a number of verbs where the verbal noun ends in -mh, the third-person singular of the preterite and the imperative have -mh; GCh has áirigh.
aithis: “slur, reproach”. Aithis maoile ’ bheith ort, “to suffer the disgrace of being bald”.
ansúd: “there”, or ansiúd in GCh.
asal: “donkey”.
baoch: “grateful”, buíoch, pronounced /be:x/ in WM Irish.
beann: “peak, point, prong”, as of the point of a pair of scissors here. Ar a dhá bheann fails to use the dative dual (bínn).
beartaím, beartú: “to brandish or wield”, of a weapon.
biorán: “pin”, pronounced /brʹɑ:n/.
brat: “mantle, cloak”.
bua: “victory”, but also “special power or quality”, as in bua na scéithe here. The dative plural here is buathaibh; compare the GCh plural buanna. The nominative plural was also given in the original text here as buadha, but the LS version of Eisirt shows this should be pronounced buatha, which is how it is edited here.
cách: “everyone”. Thar chách, “more than everyone else”.
cafárr: “helmet”. This word is transcribed in LS here as cafár, where the LS edition of PUL’s Dón Cíochóté had cahvár.
canad: “where?”, or cá háit?, cén áit? in GCh.
ceólaí: “musician”, a variant of ceóltóir.
cleith: “stake, staff, rod”. Cleith ailpín, “knobstick, a stick with a knob at the end, used as a walking stick”. This is known in German as an alpenstock, but it seems ailpín is a native Irish word.
cliath: “splint”, also used in reference to darning of socks/stocking. With cléithe in the genitive. Cliath a chur i stoca, “to darn a stocking”.
cnapóigín: “little lump”. Cnapóigín féir, “little tuft of grass”.
cnutálaim, cnutáil: “to knit”, or cniotálaim, cniotáil in GCh. Biorán cnutála, “knitting needle”.
coire: “cauldron”, pronounced /kirʹi/.
comáinim, comáint: “to drive, drive forward”, or tiomáinim, tiomáint in GCh. Comáin leat, “proceed, continue!”
corcar: “purple hue”, or corcair in GCh.
coróinn: “crown, circle”, pronounced /kroːŋʹ/. The genitive, coróinneach, is pronounced /kroːŋʹəx/.
crú: “horse-shoe”.
cruaidh: “steel”, or cruach in GCh. Pronounced /kruəgʹ/.
cúm: “waist”, or coim in GCh. The genitive is cuím.
cúmpórdach: “comfortable”, or compordach in GCh. Pronounced /ku:m’po:rdəx/.
deímheas: “pair of shears or scissors”, pronounced /dʹiːs/, according to the LS version of Eisirt.
dóbair: “it nearly happened”, used with the copula (ba dhóbair go), originally the preterite of the verb fóbraim.
dúnaim, dúnadh: “to close”. Ní dúnfadh sé ar a órdóig here appears to mean the tiny tunic would not cover his thumb, or was too small to be fastened onto his thumb.
eile: “other”. Aon radharc amháin eile, “one more look”.
fáiscim, fáscadh: “to squeeze; to tighten, to bind”.
fíom, fí: “to weave”.
fionnadh: “hair”, especially hair on the face. Fionnadh in aghaidh srutha, “a hair lying on a stream”. Pronounced /fʹunə/.
flaith: “prince, lord”, with flatha in the genitive.
fothragaim, fothragadh: “to bathe”. The verbal adjective here is fothraigthe (dabhach fothraigthe, “bathing tub”), where GCh has fothragtha. Pronounced /fohərəgimʹ, fohərəgə, fohərikʹi/.
frithghuin: “cut and thrust”, as in a battle. This is glossed by PUL in Notes on Irish Words and Usages as “the thick of the fight, i.e., where wounds are crowded thickly”. FGB says that thit sé i bhfrithghoin an chatha means “he fell on the opposing side of the battle”. This seems to be one of the most mistaken definitions in Ó Dónaill’s dictionary. The LS version of Eisirt transcribes i bhfrithghuin as a vriochuin, /i vrʹixinʹ/.
fuiriste: “easy”, furasta in GCh. Fuiriste is generally found in PUL’s works in lenited contexts (rófhuiriste); otherwise, uiriste is more common.
gabha: “blacksmith”, pronounced /gou/.
garbh: “rough”, pronounced /gɑrəv/. The plural, garbha, is pronounced /gɑ’ruː/ according to the LS version of Eisirt. The LS version transcribes the comparative gairbhe as gairivi, but I expected /gɑ’rʹiː/ for this word.
glan: “clean”, with glaine as the comparative. Pronounced /glɑn, glinʹi/.
go leith: “and a half”, pronounced /gilʹi/.
goile: “appetite”, pronounced /gilʹi/.
iníonra: “girls, maidens”, a collective word like other words in -ra.
ionar: “tunic, jerkin”.
láimhín: “little hand”. It is worth noting that such diminutives are masculine in GCh, but tend to follow the gender of the root noun in PUL’s Irish (e.g. an Chathairín in PUL’s Mo Sgéal Féin), and consequently láimhín is feminine here.
lán béil: “mouthful”.
leathan: “broad”, with leithe in the comparative here. PUL’s translation of the Gospels had leithne for the comparative. PSD shows that leithe can be used as the comparative of leathan, but ultimately derives from an obsolete adjective, leath.
long: “ship”, with luíngin the dative. Pronounced /lu:ŋg, li:ŋgʹ/.
mar a chéile: “just the same, alike”.
mar dhea: a phrase meaning “as if, supposedly, as it were”. Probably derived from mar bh’ea. Pronounced /mɑr ‘ja:/.
masmas: “nausea, queasiness, a surfeit of food”.
mín: “smooth, soft”, of cloth.
mórchuid: “a great amount”, pronounced /muər-xudʹ/.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative. The context here (is líonmhar iad do namhaidse) show that namhaid is also the plural, in contradistinction to the historically correct naimhde of GCh.
naonúr: “nine people”.
ocras: “hunger”, pronounced /okərəs/.
oidhre: “a likeness of something”, spelt eighre in the original. Oidhre ar tharainge crú, “something that looked exactly like a horseshoe nail”.
oilte: “nurtured, cultivated, learned, versed”.
órdóg: “thumb”. Órdóg choise, “big toe”.
rinn: “point, tip”, e.g. of a spear, with reanna in the plural. Pronounced /riːŋʹ, rɑːnə/. The LS version of Eisirt shows the r is slenderised in lenitable circumstances: ó reannaibh is /oː rʹanivʹ/.
saol: “life, world”. The original spelling was saoghal, and the spelling change has introduced inconsistencies: the genitive and plural, originally saoghail, are spelt saoil in GCh (although GCh has saolta in the plural, which is an adjective in PUL’s Irish), which would give the wrong WM pronunciation. The genitive and plural are edited as saeil here. Cheithre saeil duine, “four lives”.
sásta: “satisfied”. Go sásta, “comfortably (on his foot, of a shoe)”.
sciath: “shield”, with scéithe in the genitive. Note ar an scéith and lena sciath féin in the dative here: the dative was generally, but not always, declined in PUL’s works. It is also possible that the addition of féin turns sciath féin into an independent phrase noun in the nominative absolute (see Nolan on the Bracketed Construction).
scilléidín: “little skillet or iron saucepan”, the diminutive of scilléid, according to Foclóir Eisirt, a word that is found as scilléad in GCh.
séad: “treasure, valuable gift”. This is the noun from which seóid developed as a by-form according to PSD. This noun occurs only in the plural here, which may mean that it is rarely found in the singular and séada functions as a plural of seóid (in which case, contrast seóide as the plural of seóid, found in PUL’s novel Niamh and elsewhere). This interpretation is supported in Foclóir d’Eisirt, which lists séad as the genitive plural of seóid, although it states seóidibh is the dative plural; the nominative plural séada is not commented on in Foclóir d’Eisirt.
síoda: “silk”.
síodúil: “silky, silklike, smoth”.
síreachtach: “plaintive”, of music.
smigín: “chin”. This is the diminutive of the form smig used in GCh, but glossed merely as “chin” in Foclóir d’Eisirt, and so it seems this is regular form in WM Irish.
snáthad: “needle”, with snáthaid in the dative, which form is used for the nominative in GCh.
sníomhaim, sníomh: “to spin”, with shnímh in the preterite here (where shníomh would stand in GCh).
sobheartaithe: “easy to wield”. It seems such constructions with so- all have a full vowel, and not a neutral vowel, in the prefix, /so-‘vʹartihi/.
socair: “settled”, but “comfortable” in reference to an item of clothing.
sruth: “stream”, with srutha in the genitive.
stuaim: “level-headedness, self-control, self-possession”. Do bhris ar an stuaim aige, “he lost his self-possession/his dignity”.
stuama: “level-headed; sensible”, traditionally spelt stuamdha. The traditional WM pronunciation would be with a devoiced m, /stuəmhə/.
táin: “herd of cattle; cattle raid”. Táin bó, “driving off of cows in a cattle raid”.
talamh: “earth, ground”. Idir a throithe agus talamh, “between his feet and the ground”: the lack of a definite article before talamh is worth noting. Irish seems much more haphazard in use of the article than many other European languages. Ar talamh, “on land”, as opposed to “on sea”, a general reference that does not require lenition.
tarainge: “nail”, or tairne in GCh.
téadbhínn: “sweetstringed, melodious”, of a stringed instrument.
tiompán: “lyre”. The LS version of Eisirt has tiompán, probably /tʹum’pɑːn/.
toghaim, toghadh: “to choose”, pronounced /toumʹ, tou/.
tóir: “pursuit”. Ar a tóir, “in pursuit of it”.
trialaim, triail: “to try, test”, or triailim, triail in GCh. The difference in pronunciation between this verb and triallaim, “to fare, journey” is minimal or absent: trialaim would be /trʹialimʹ/ and triallaim /trʹiəlimʹ/, but the two may be identical in the Irish of younger speakers. The distinction is clearer in GCh. A slender l is found in the verbal noun, the third-person singular of the preterite and the imperative: triail ar do cheann é, “try it out on your head”.
triúch: “district”. Foclóir d’Eisirt claims the nominative singular is triúcha, but this word is found in all of PUL’s works as triúch. Thar triúchaibh, “across country”.
uaidh amach: “coming out, sticking out from him”.
úirlis: “instrument”. Úirlis ceóil, “musical instrument”.
um: “about, round”. The combined forms are umam, umat, uime, uímpi, umainn, umaibh and úmpu. Note um á (umá in the original) where um is coupled with the possessive particle. PUL uses the traditional do bhuail sé uime in preference to do bhuaileas leis to mean “I met him, bumped into him”. Cuir umat é, “put it on”: PUL explained in his Notes on Irish Words and Usages that this use of um was not obsolete for him, even if it had become so in some Irish-speaking areas, where cuir ort would be said. Logically, cuir ort would be appropriate for something that is put “on”, such as a hat, whereas an item of clothing put “around” the body, such as a coat, ought to require umat.
veist: “vest, waistcoat”, spelt bheiste in the genitive in the original.

Eisirt, caib. a 11

Caibideal a XI.

Leigheas ar an nDíobháil.

Do cuireadh Iúbhdán ’na sheasamh anuas ar an dtalamh, agus d’imigh sé amach ag triall ar an slua mór de dhaoine beaga a bhí amu’. Nuair a chonacadar chúthu é do thógadar liú áthais agus gháirdeachais nár hairíodh a leithéid riamh roimis sin in Eamhain. Bhí liú gach fir acu caol árd, ach ana-cheólmhar. Nuair a chuir na mílte go léir an liú in éineacht astu níorbh fhéidir a dhéanamh amach cad ba cheart do chur i gcúmparáid leis an bhfuaim. Bhí sé níos treise go mór ná an foghar a dhéanfadh saithe beach. Ní raibh sé chómh láidir ná chómh garbh leis an ngogalach a dhéanfadh lán páirce de ghéannaibh. B’fhíordheallraitheach é leis an gcrónán a dhéanfadh píb mála, ach é ’ bheith níos mísle agus níos binne ná crónán an phíb.

“A mhaithe agus a mhóruaisle mo thuatha féin”, arsa Iúbhdán, “is eagal liom go bhfuil dearúd oraibh. Ní chun dul libh abhaile a thánag chúibh amach anso anois, ach chun a ínsint díbh ná fuil ar mo chumas dul libh anois. Thugas mo bhriathar rí d’Fheargus mhac Léide, d’Árdrí uasal Uladh, ná fágfainn Cúig’ Uladh go dtí go mba thoil leis féin leogaint dom imeacht. Ní féidir dómhsa mo bhriathar rí do bhriseadh. Tá ’ fhios ag Feargus nách féidir dom mo bhriathar rí do bhriseadh agus nách gá dhò ceangal ná cuíbhreach do chur orm chun me ’ chimeád. Dá bhrí sin níl orm anso ach saorchimeád agus tá urraim agus onóir agus cion agam dá fháil anso ó Fheargus, oiread agus d’fhéadfadh árdrí a dh’fháil ná d’éileamh ó árdrí eile. Agus i dtaobh na nUltach so go bhfuil an díoltas go léir déanta agaibhse orthu, tá oiread urrama agus oiread onóra agus oiread ceana fálta agamsa uathu, ó cuireadh saorchimeád orm, agus d’fhéadfadh Feargus féin a dh’fháil uathu.

“Dá éaghmais sin agus uile, is eól díbh, mar gheall ar an ngabháil éagórtha a dheineas-sa ar Eisirt, conas mar a cuireadh de gheasaibh orm teacht anso agus an fhírinne a dh’fheiscint lem shúilibh féin, agus conas mar a cuireadh de phionós orm nárbh fholáir dom bliain a thabhairt anso i gCúig’ Uladh ag Feargus mac Léide, agus ansan, nuair a bheinn ag imeacht, rógha mo shéad d’fhágáilt aige.

“Dá bhrí sin, a thuatha, ná deinidhse a thuilleadh díobhála d’Ultaibh, ach téidh agus leighisidh gach díobháil dá bhfuil déanta agaibh. Agus, ós ag leigheas díobhála díbh é, deinidh, mar is gnáth libh nuair a dheineann sibh tairbhe, an tairbhe ’ dhéanamh go rafar. Tugaidh le rá do sna hUltaibh seo gur mó úr dtairbhe ná úr ndíobháil”.

D’iompaigh sé uathu agus tháinig sé isteach ag triall ar Fheargus. D’iompaíodar san, go dúbhach agus go ciúin agus go ceanníseal, gan liú gan lámhghreadadh, agus d’imíodar.

Ar maidin amáireach a bhí chúinn is ea ’ bhí an t-áthas agus an mhóráil agus an gáirdeachas ag óg agus aosta, ag bocht agus ag saibhir, ag fearaibh agus ag mnáibh, ar fuid Cúig’ Uladh go léir. Go moch ar maidin, le neart tarta, tháinig bean agus árthach aici féachaint a’ bhfaigheadh sí aon diúir ón mboin. Do thál an bhó uirthi go trom agus go tiubh. Níorbh fhada go raibh an t-árthach lán. Do rith an bhean agus d’inis sí an scéal. Do leath an focal ins gach aon bhall. Siúd chun na mbó na mná go léir agus na hárthaí acu. Siúd na ba go léir ag tál go trom agus go tiubh. Ba gheárr go raibh cion na seachtaine de leamhnacht acu ó aon chrú amháin. D’fhéach na daoine ar na guirt chruithneachtain. Ní raibh aon dias gan a cheann arís air agus an ceann níos troime agus níos téagartha ná mar a bhí sé ar dtúis. D’fhéachadar ar na háitheanna agus ar na muíltibh. Bhí gach muileann agus gach áith chómh slán agus ’ bhíodar riamh agus chómh hollamh chun oibre. Chuadar a d’iarraidh an uisce chun na dtoibreacha. Bhí gach tobar chómh glan agus ’ bhí sé riamh, nú níos glaine, agus bhí an t-uisce níos folláine agus níos mísle agus níos súáilcí ná mar a bhí sé roimis sin. Bhí áthas mor ar na daoine go léir, ní nárbh iúnadh, agus nuair a hínseadh dóibh gurbh é Iúbhdán a chuir cosc leis an ndíobháil agus do chur an tairbhe á dhéanamh, bhí ana-bhaochas acu air agus an-urraim acu dhò. Ach bhí iúnadh a gcroí orthu conas ’ fhéad firín chómh beag leis maith chómh mór a dhéanamh.

Má bhí urraim mhór agus onóir agus creidiúint ag Iúbhdán, in Eamhain agus ar fuid Chúig’ Uladh roimis sin bhí a sheacht n-oiread urrama agus onóra agus creidiúna aige as san amach. Ní raibh aon uair a crúití bó agus go dtugadh an bhó bainne maith uaithi, ná cuímnítí ar Iúbhdán. Ní raibh aon uair a beirtí arbhar chun muilinn , agus go bhfeictí an muileann ag casadh agus ag obair go hálainn, ná cuímhnítí ar an bhfirín mbeag a bhí ’na charbad ar chuislinn Fhearguis, agus ná go ndeintí iúnadh de sna cómhachta móra a bhí ag firín chómh suarach. Ansan, nuair a thagadh an mhin abhaile agus nuair a blaistí an t-arán nú an leite agus nuair a gheibhtí an bia chómh dei-bhlasta, “Do loisceadh na háithe”, adeirtí, “ach is feárr a chruaid siad an t-arbhar anois ná sarar loisceadh iad”.

“Iúbhdán fé ndeár é sin”, adeireadh duine eile. “D’órdaigh sé do sna daoine beaga úd an mhaith a dhéanfaidís a bheith níos mó ná an díobháil a dheineadar”.

Níorbh é sin féin, ach mórán nithe nár deineadh lot ná leigheas orthu mheasadh daoine go raibh feabhas éingin orthu ná raibh roimis sin, nú go raibh tairbhe éigin iontu nár mothaíodh roimis sin iontu, agus do thug gach éinne a bhaochas san go léir d’Iúbhdán, i dtreó gur tugadh a lán baochais dò ná raibh tuíllte in aon chor aige.

Is é rud a tháinig as san go léir d’Iúbhdán nár mhothaigh sé puínn an chuid eile den bhliain ag imeacht. D’imigh an aimsir, áfach, agus tháinig an lá ’na raibh deireadh leis na geasaibh agus le braighdineas Iúbhdáin agus ’na raibh neart dò imeacht abhaile go Mágh Faithlinn chun a mhuíntire, ach an coinníoll deirineach do chómhlíonadh. B’é coinníoll é sin ná rogha a shéad d’fhágáilt ag Feargus.

Foclóirín

ar fuid: “throughout”, pronounced /erʹ fidʹ/, or ar fud in GCh. More often found as ar fuaid, but PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí); this distinction is not always adhered to in his works. Fuid lenites a following noun: ar fuid Chúig’ Uladh, “throughout Ulster”.
caol: “slender”, but also “shrill” of a sound. Caol árd, “shrill and high-pitched”.
ceanníseal: “dejected, crestfallen”.
coinníoll: “condition”, pronounced /ki’nʹi:l as if with a single n.
cruaim, cruachan: “to harden.”
cuíbhreach: “fetter, shackle”. This is pronounced /kiːrʹəx/ (cf. PSD, who says that this word is sometimes pronounced cuíreach; this is the pronunciation shown in the LS version of Eisirt).
cuirim, cur: “to put”. Also used in the sense of “having something done, causing something to be done”: gurbh é Iúbhdán do chur an tairbhe á dhéanamh, “that it was Iúbhdán who had caused the improvements to be done”.
dei-bhlasta: “palatable, savoury”, or dea-bhlasta in GCh. GCD shows there are a number of adjectives, such as blasta, that take dei- and not dea-; these generally have stress on the prefix. Pronounced /’dʹəi-vlɑstə/.
dúbhach: “melancholy, sorrowful”, pronounced /duːx/.
éagórtha: “unjust”, or éagórach in GCh.
fíordheallraitheach: “resembling greatly”, pronounced /fʹiːrʹ-jaurihəx/.
foghar: “sound”, pronounced /four/.
gáirdeachas: “joy, rejoicing”, or gairdeas in GCh.
gogalach: “gobbling, cackling”, the sound made by geese.
lámhghreadadh: “beating of hands”, as an expression of grief, a word not found in dictionaires. FGB has greadadh bos.
neart: “strength”. Le neart tarta, “out of thirst”. Neart dò, “able to”.
píb mála: “bagpipes”, a singular word in Irish. Píb is usually feminine, but is masculine here, with an phíb in the genitive (compare an phíb in the nominative in PUL’s Séadna and Aesop a Tháinig go hÉirinn).
saithe: “swarm”, pronounced /sɑhə/.
seacht: “seven”, used as an intensifier in a sheacht n-oiread urrama, literally, “seven times as much respect”.
súáilceach: “pleasant, satisfying”. The LS version of Eisirt has sováilcí for the comparative here, spelt sobháilcíghe in the original text, where the LS edition of Séadna has suáilceach. Similarly, the related noun suáilce/subháilce is transcribed without a v in the LS version of PUL’s An Teagasg Críostaidhe, but with a v in the LS version of Catilína. Bearing in mind the comments in paragraph 137 of IWM that a v at the beginning of a word or syllable approaches /w/ in its realisation, it seems reasonable to adopt the transcription used in Scéal mo Bheatha, the autobiography of Dónall Bán Ó Céileachair edited by Coiste Litríochta Mhúscraí: see súáilceach on p 182. The pronunciation is therefore /suː’ɑːlʹkʹəx/.
tálaim, tál: “to yield milk, pour forth”.

Eisirt, caib. a 10

Caibideal a X

Díoltas na bhFear mBeag

Bhí Iúbhdán ar an gcuma san in Eamhain agus ana-chaitheamh aimsire ag Feargus agus ag uaislibh Uladh á bhaint as. Ach bhí uaigneas mór ar thuathaibh Luchra agus Luprachán i ndiaidh a rí. Tháinig na tiarnaí agus na huaisle agus na maithe móra i gcómhairle, féachaint cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh chun a rí d’fhuascailt agus do thabhairt leó abhaile. Bhí ar an gcómhairle sin Conán mac Ruichid, agus Géarchú mac Gairid, agus Ríbheag mac Róbhig, agus Luigín mac Luigid, agus Glúnán mac Gabairn, agus Feabhal mac Feóirín, agus Cínnbheag mac Gnumáin, agus Bríbheag mac Buain, agus Bran mac Luain, agus Methear mac Miontáin. Bhí ar an gcómhairle chéanna Glómar mac Glais mic Glomraide, an tréanfhear, an fear a dheineadh an feóchadán do leagadh le haon bhuille ’ chlaíomh. Bhí ar an gcómhairle sin, leis, Eisirt mac Big mic Buaigeine, an t-árdollamh. Do deineadh a lán cainnte mar is gnáth a dhéanamh i gcómhairle dá sórd, agus bíodh gur chainnteóirí beaga a bhí ag déanamh na cainnte, dheineadar oiread cainnte agus dá mbeadh gach fear díobh sé troithe ar aoirde in inead aon leathtroigh amháin.

Sa chainnt dóibh níor fhéad na cainnteóirí gan a thabhairt le tuiscint go raibh milleán mór acu ar Eisirt mar gurbh í an gháire úd a dhein Eisirt fé ndeár an rí ’ bheith i mbraighdineas i gCúig’ Uladh uathu. Níor leog eagla dhóibh labhairt róshoiléir sa méid sin den scéal mar bhí Aodh Éigeas, an fear mór, an fathach dar leó, ansúd ’na shuí ar a bhosca agus ná raghadh ceann aon fhir acu thar leath slí go glúinibh air, agus urraim an domhain aige d’Eisirt. Thuigeadar ’na n-aigne dá gcuiridís fearg air ná beadh aige ach éirí agus cromadh ar ghabháil de chosaibh iontu agus go mbeidís go léir marbh aige gan puínn ríghnis. Thuig Eisirt cad a bhí ’na n-aigne. D’éirigh sé agus do labhair sé.

“A mhaithe agus a mhóruaisle tuatha Luchra agus Luprachán”, ar seisean, “ní haon tairbhe dhúinn anois bheith ag cásamh an uilc agus an mhí-ádha atá tagaithe orainn, ná bheith a d’iarraidh a dhéanamh amach cé fé ndeár an t-olc ná cad fé ndeár é. Is ar cad a leighisfidh an t-olc is ceart bheith ag cuímhneamh anois. Tá Iúbhdán i gCúig Uladh ag Feargus mac Léide. Tá sé ar saorchimeád aige ann. Tá urraim agus onóir aige dá fháil ó Fheargus i gCúig’ Uladh, agus óna bhfuil d’Ultaibh ann, oiread díreach agus d’fhéadfaimís féin a thabhairt dò dá mbeadh sé anso sa bhaile againn. Is cuímhin libh go léir an chainnt úd a bhain an gháire úd asamsa an oíche úd a gabhadh mise le hórdú an rí. Do labhair Iúbhdán an oíche sin ar fheabhas na gcuraí agus na gcathmhilí a bhí sa tigh seo an oíche sin. Is iad na curaí céanna agus na cathmhilí céanna atá anso anocht. Do labhair sé ar na tréanfhearaibh agus ar na rídhamhnaibh mearbhorba mearláidre mórghníomhacha a bhí anso an oíche sin. Is iad na tréanfhir chéanna agus na rídhamhnaí céanna atá anso anocht.

“A mhaithe agus a mhóruaisle, ní foláir dómhsa an méid seo do rá anois. D’fhiafraigh Iúbhdán díbhse an oíche úd an bhfeacthas riamh cathmhilí dob fheárr ná na cathmhilí a bhí aige féin. Dúrabhair go léir d’aon ghuth ná feacthas. Anois an t-am agaibh chun a thispeáint ceoca ’ bhí fírinne sa bhfreagra san nú ná raibh”.

“Cad ’tá le déanamh againn chun san do thispeáint, a rí ollamh?” arsa Conán mac Ruichid.

“Dá mbeadh fírinne sa bhfreagra úd, a Chonáin”, arsa Eisirt, “do raghadh seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán, féna gcuraí agus féna gcathmhilí agus féna rídhamhnaibh, líon a sló, go hEamhain, agus d’iarrfaidís ar Fheargus mhac Léide a rí ’ thabhairt dóibh le fuascailt, agus dhéanfaidís luach maith do thairiscint dò mar fhuascailt”.

“Ó!” ar siad go léir, “sin é díreach atá againn le déanamh! Deinimís láithreach é. Is trua nár cuímhníodh air níos túisce!”

Do ghléas gach cathmhile agus gach curadh agus gach rídhamhna a neart sló féin ar aon láthair agus ghluaiseadar gan a thuilleadh ríghnis. Ní hínstear conas a chuireadar an tslí dhíobh ach gur shroiseadar faiche na hEamhna agus go rabhadar ann sarar éirigh grian ar maidin amáireach a bhí chúinn. D’éirigh lucht na cathrach agus d’fhéachadar amach. Chonacadar amu’ ar an bhfaiche na daoine beaga go léir, na céadta mílte acu, agus iad riartha gléasta go hálainn, in arm ’s in éide agus in íonaibh catha, agus gan an fear ba mhó acu thar leathtroigh ar aoirde. Chuireadar teachtaireacht isteach dhá rá gur theastaigh uathu labhairt leis an Árdrí. Tháinig Feargus agus uaisle Uladh amach láithreach go fonnmhar, ní hamháin chun na teachtaireachta d’fhreagairt ach chun go bhfeicfidís an radharc, leis. Ní raibh Eisirt amu’. D’fhan sé féin agus Aodh sa bhaile i ndiaidh na sló ag tabhairt aire don áit. Tháinig Conán mac Ruichid i gcóngar d’Fheargus agus d’úmhlaigh sé dhò agus do labhair.

“A Árdrí Uladh”, ar seisean, “tá Iúbhdán, Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán, Árdrí Muighe Faithlinn, anso i mbraighdineas agatsa. Sinne a mhuíntir. Thánamair ag triall ort dhá iarraidh ort ár rí ’ thabhairt dúinn le fuascailt agus tabharfaimíd luach maith dhuit air”.

“Cad é an luach a thabharfaidh sibh dom air?” arsa Feargus.

“Is mór agus is fairseag an machaire é seo”, ar siad, “an mhágh so na hEamhna. Cuirfimíd barra cruithneachtan ar an machaire seo gach bliain duit, gan a bheith oraibh é ’ threabhadh ná do leasú ná aon phioc eile dá dhua ’ fháil. Ní bheidh oraibh fiú aon ghráinne síl do chur ann, ach fásfaidh an chruithneacht uaithi féin chúibh ’na bróin throm shaibhir”.

“Ní thabharfadsa Iúbhdán díbh ar an bhfuascailt sin”, arsa Feargus.

“Más ea”, ar siad, “nuair ná tabharfá dúinn é le fuascailt déanfaimíd díoltas ort”.

“Agus cad é an díoltas a dhéanfaidh sibh orm?” arsa Feargus.

“Imeóimíd mórthímpall trí Chúig’ Uladh agus scaoilfimíd gamhna na Cúige chun a máithreacha agus deólfaid na gamhna na máithreacha agus ní bheidh, ar maidin amáireach, oiread leamhnachta le fáil i gCúig’ Uladh agus ’ dhéanfadh deoch d’aon bhunóic amháin”

“Bíodh agaibh”, arsa Feargus, “ach ní bheidh Iúbhdán agaibh”.

D’imíodar agus dheineadar an fhoghail sin, mar adúradar. Tháinig an mhaidean. Chuaigh mná na Cúige ag crú na mbó. Ní raibh diúir bhainne le fáil ó aon bhoin i gCúig’ Uladh. Shíl gach bean chrúite gurbh iad a ba féin a bhí gan bainne agus go bhféadfadh sí, ní nárbh iúnadh, roinnt bhainne ’ fháil ar iasacht i gcómhair an lae sin. Bhuail na mná um á chéile agus iad ag dul a d’iarraidh iasachta an bhainne ar a chéile.

“An bhféadfá roinnt bhainne ’ thabhairt dom ar iasacht go dtí amáireach?” adéarfadh bean le mnaoi eile. “Chuaigh na gamhna chun na mbó aréir agus níl braon ag aon bhoin inniu”.

“Aililiú!” adéarfadh an bhean eile, “d’imigh an rud céanna díreach ar mo bhuaibhse agus is amhlaidh a bhíos ag teacht ag triall ortsa féachaint an bhfaighinn roinnt bhainne uait ar iasacht”.

Lena línn sin thiocfadh an tríú bean suas agus an focal céanna aici. Níorbh fhada gur tuigeadh ná raibh oiread agus diúir bhainne le fáil ó aon bhoin i gCúig’ Uladh. Cheap na mná láithreach gur drochní éigin a bhí tagaithe ar bhuaibh na Cúige agus go raibh an dúthaigh creachta. Ba gheárr ná raibh ar fuid na Cúige, thoir thiar thall, ach liúireach agus olagón agus bualach bas. Bhí mná na cathrach chómh mór buairt agus lógóireacht le mná na tuatha. Bhí sé buailte isteach ’na n-aigne ná faighfí aon bhraon bainne choíche arís ó aon bhoin i gCúig’ Uladh.

I lár an éirligh do chruinnigh tuatha Luchra agus Luprachán arís ar faiche na hEamhna, in íonaibh catha, díreach mar a bhíodar inné roimis sin. Tháinig Feargus amach chun cainnte leó.

“An dtabharfair ár rí dhúinn, a Fhearguis?” ar siad.

“Ní thabharfad”, arsa Feargus. Agus do theip air gan sceartadh gáire ’ chur as nuair a chonaic sé na fir bheaga agus iad chómh feargach, chómh fíochmhar, chómh cróga ’na bhféachaint, gur dhó’ le duine go maróidís an saol, agus gan aon fhear acu thar sé hórlach ar aoirde!

“Mura dtugair dúinn ár rí, a Fhearguis”, ar siad, “déanfaimíd foghail eile anocht ort”.

“Cad í an fhoghail a dhéanfaidh sibh anocht orm?” arsa Feargus.

“Ní fhágfaimíd tobar i gCúig’ Uladh gan sailiú oraibh. Ansan ní bheidh deoch uisce ná deoch bhainne agaibh. Ach má tugtar ár rí dúinn leighisfimíd an fhoghail a dheineamair aréir agus ní dhéanfaimíd a thuilleadh foghla ort, agus beidh cion dá lae de bhainne inniu ag úr mbuaibh”.

“Ní bhfaighidh sibh Iúbhdán air sin”, arsa Feargus.

D’imíodar an oíche sin, agus dheineadar mar a ghealladar. Tháinig na daoine ar maidin a d’iarraidh an uisce. Tháinig bean chun an tobair ba giorra dhi.

“Ochón!” ar sise. “Cad d’imigh ar an dtobar!”

Siúd chun siúil í fé dhéin tobair eile. Siúd ag teacht ’na coinnibh bean eile agus an t-“Ochón” céanna aici. Siúd fé dhéin an tríú tobair an bheirt. Siúd ’na gcoinnibh an tríú bean agus an t-“Ochón” céanna aici sin leis. Ba gheárr go raibh aon phuile-má-liú amháin ar fuid na dútha acu. An mhaidean ag gluaiseacht, gnó gan déanamh, bia gan ollmhú, agus gan aon bhraon uisce le fáil! Ba gheárr go raibh scannradh ag teacht ar na daoine go léir! Na ba i ndísc! Na toibreacha loitithe! Cad é an chéad olc eile ’ thiocfadh! Chaith gach bean a hárthach ar an dtalamh uaithi agus shuigh sí ar an gclaí ag gol. Bhí na páistí in sna dóirsibh ag béicigh. Bhí na fir anso ’s ansúd, ’na dtriúr is ’na gceathrar, ag féachaint ar a chéile agus ná feadradar cad ba mhaith dhóibh a rá ná a dhéanamh, nú cad é an scéal nua ’ thabharfadh an lá ’máireach leis.

Ar ball tháinig na sluaite móra de dhaoine beag ar faiche na Eamhna. Tháinig Feargus chun cainnte leó.

“Cuir chúinn amach ár rí”, ar siad, “a Fhearguis na mórghníomh, agus leighisfimíd gach foghail dá bhfuil déanta againn ort agus déanfaimíd breis agus a dhúbailt maitheasa dhuit”.

“Ní dhéanfad”, arsa Feargus.

“Más ea, déanfaimíd foghail eile ort anocht”, ar siad.

“Cad í an fhoghail a dhéanfaidh sibh anocht orm?” arsa Feargus.

“Loiscfimíd úr muílte agus úr n-áithe ins gach páirt den chúige, i dtreó ná beidh aon ghráinne mine le fáil ageat dhaoine, a Fhearguis”, ar siad.

“Ní bhfaighidh sibh Iúbhdán air sin”, arsa Feargus.

Do loisceadar na muílte agus na háithe an oíche sin. Ar maidin amáireach ní raibh muileann ar siúl in aon pháirt de Chúig’ Uladh.

“Táimíd réidh ar fad anois!” arsa gach éinne. “Gheóbhaimíd go léir bás den ghorta!”

Ansan bhí na fir ag gol chómh maith leis na mnáibh agus leis na páistí.

Tháinig tuatha Luchra agus Luprachán go hEamhain. Tháinig Feargus chun cainnte leó.

“Tabhair dúinn ár rí, a Fhearguis”, ar siad, “agus leighisfimíd an díobháil go léir ar a dhúbailt duit féin agus dod dhaoine”.

“Ní thabharfad”, arsa Feargus.

“Más ea, déanfaimíd tuilleadh díobhála dhuit”, ar siad.

“Cad é an díobháil eile ’ dhéanfaidh sibh?” ar seisean.

“Geárrfam a gcínn de dhiasaibh na cúige seo anocht”, ar siad. “Ansan ní bheidh uisce ná leamhnacht agaibh; ní bheidh muileann ná rud le meilt agaibh”.

“Ní bhfaighidh sibh Iúbhdán air sin”, arsa Feargus.

D’imíodar an oíche sin agus níor fhágadar dias arbhair i gCúig’ Uladh gan an ceann a ghearradh dhe. D’éirigh na daoine ar maidin agus chonacadar an scrios. Mhairbh an radharc san ar fad iad. Níorbh fhiú an chuid eile trácht air, dar leó, seochas na cínn a bhaint de sna diasaibh.

Tháinig na daoine beaga go hEamhain. Tháinig Feargus chun cainnte leó.

“Dein do leas, a Fhearguis”, ar siad, “agus leas do chúige, agus tabhair ár rí dhúinn. Má thugann tú dhúinn anso féin é beidh gach ní go maith, mar leighisfimíd a bhfuil d’olc déanta againn ortsa agus ar Ultaibh”.

“Ní thabharfadsa Iúbhdán air sin díbh”, arsa Feargus.

“Tá olc againn le déanamh fós ort agus cuirfidh an t-olc san ’ fhiachaibh ort ár rí a thabhairt dúinn le breith linn abhaile go Mágh Faithlinn”, ar siad.

“Cad é an t-olc eile é seo atá agaibh le déanamh orm?” arsa Feargus.

“Beárrfaimíd an ghruaig anocht de gach ceann duine dá bhfuil i gCuig’ Uladh, i dtreó ná beidh le feiscint amáireach ar éinne ded dhaoine, ar fhear ná ar mhnaoi, óg ná aosta, ach cloigeann a bheidh chómh maol le plaosc as an uaigh”, ar siad.

“Dar lámh m’athar”, arsa Feargus, “má dheineann sibhse an gníomh san anocht beárrfadsa idir cheann agus folt d’Iúbhdán amáireach!” Agus d’imigh sé uathu isteach agus árdfhearg air.

D’airigh Iúbhdán an focal agus chonaic sé an fhearg.

“Go réidh, a Fhearguis, a bhráthair”, ar seisean. “Ní gá ceann ná folt a bhaint d’éinne. Leogtar mise amach chun mo thuath agus labharfad leó, agus déarfad leó gach a bhfuil d’olc déanta acu ar Chúig’ Uladh do leigheas agus gan a thuilleadh uilc do dhéanamh, ach imeacht abhaile go síochánta”.

“B’fhéidir”, arsa Feargus, “dá leogtí amach tu chúthu go mbéarfaidís leó thu”.

“Tá mo bhriathar rí agatsa, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “ná fágfad Cúig’ Uladh go dtí gur loit leatsa féin leogaint dom imeacht”.

“Is fíor”, arsa Feargus. “Níor chuímhníos air sin. Imigh amach ag triall orthu agus abair do rogha rud leó”.

Names

Bran mac Luain: the name of the leader of a leprechaun warrior band here.
Bríbheag mac Buain: the name of the leader of a leprechaun warrior band here.
Cínnbheag mac Gnumáin: the name of the leader of a leprechaun warrior band here.
Methear mac Miontáin: the name of the leader of a leprechaun warrior band here.

Places

Mágh Faithlinn: pronounced /mɑː falʹhiŋʹ/ according to the transcription in LS. I haven’t been able to identify this placename. The genitive is given in chapter 5 here as Máighe Faithlinn, which is pronounced the same according to the LS transcription. The genitive is also given as Muighe Faithlinn in chapter 10 here, transcribed as My Failhing. It seems the genitive was sometimes /miː/, as PUL’s Mo Sgéal Féin has míol maíghe for “hare” (literally, “critter of the plain”).
Ulaidh: Ulster, the northern province of Ireland. As a plural noun, the genitive is Uladh and the dative Ultaibh. Pronounced /olə/. As this plural originally referred to the people, and then came to be applied to the place, a raibh d’Ultaibh in chapter 10 here means “all the Ulstermen” and is thus equivalent to a raibh d’Ultachaibh.

Foclóirín

áith: “kiln for drying corn before grinding”, with áithe in the plural, where GCh has áitheanna. Foclóir d’Eisirt explains this is the same thing as leac an mhuilinn. A long vowel is not indicated in the original text here, but the LS version of Eisirt shows the pronunciation is /ɑːh, ɑːhə/.
anois: “now”. Constantly transcribed /i’nʹiʃ/ in the LS editions of PUL’s works, it seems the n is slender, contrary to what is written in IWM.
arbhar: “corn”, pronounced /ɑ’ruːr/.
barra: “crop”. This is a form of bárr, “top”: barra is often used in the dative of bárr, but is used as the nominative in the meaning of “crop”.
bas: “palm of the hand”, or bos in GCh. Bualadh bas, “a clapping of hands as an expression of grief”. Foclóir d’Eisirt states that clapping hands as an expression of grief is universal in all areas where Irish is still spoken.
bean: “woman”, with mnaoi in the dative.
bearraim, bearradh: “to clip, shave”.
béicim, béiceach: “to shout, cry out”. Note the verbal noun is feminine, and so we find ag béicigh, /i bʹe:kʹigʹ/ in the dative, a distinction not observed in GCh.
bó: “cow”, with boin in the dative.
braighdineas: “captivity”, braighdeanas in GCh. IWM confirms this word normally has a broad n in WM Irish, but PUL consistently spelt it slender.
bró: “solid mass”, with bróin in the dative.
bunóc: “baby girl”, according to Foclóir d’Eisirt, and “newborn infant” according to PSD. This word derives etymologically from banmhac, and so originally referred to a baby girl, but it seems the meaning covers all newborn babies, as is shown in CFBB. Pronounced /bə’noːk/ according to CFBB, although the LS edition of Eisirt shows búnóc.
cásaím, cásamh: “to deplore, bewail”.
cathair: “city”, with cathrach in the genitive. Pronounced /kɑhirʹ, kɑhərəx/.
céad: “first”. An chéad X eile, “the next X”.
cion: “share”. Cion dá lae, “two days’ worth”.
cloigeann: “skull, head”.
creachaim, creachadh: “to plunder, rob”, with the participle creachta, “ruined”, found here.
crúim, crú: “to milk”. Bean chrúite, “milkmaid”.
cruithneacht: “wheat”; pronounced /kriŋʹ’hɑxt/.
dias: “ear of corn”, with diasa in the plural here. IWM shows this was often léas in WM Irish (with léasracha in the plural), one of several words where d gave way to l. CFBB also shows the pronunciation to be /lʹias/. However, PUL consistently spells this word with a d, and this is left as is, as it is impossible to know now what pronunciation PUL used.
dísc: “dryness, barrenness”. Na ba i ndísc, “the cows without milk”.
diúir: “drop”. This is a variant of deóir, “tear”, used especially in the sense of a drop of milk.
doras: “door”. The genitive is given as dorais here, but the LS edition of Eisirt has duirish in the genitive. In sna dóirsibh, “indoors”. Pronounced /dorəs, doriʃ~dirʹiʃ, doːrʃivʹ/.
drochní: “something bad or evil”.
dua: “trouble doing something”. A dhua fháil, “to go some trouble doing something, to put yourself out doing it”. Ní bheidh oraibh aon phioc dá dhua fháil, “you will not have to go to the slightest trouble over it”.
dúbailt: “double, twice as much”.
dúthaigh: “land, region, district”, or dúiche in GCh.
eagla: “fear”, pronounced /ɑgələ/.
éide: “vestments, uniform, armour”. In arm s in éide, “in arms and accoutrements”.
éinne: “anyone”, or aon duine in GCh.
fairseag: “wide, extensive”, or fairsing in GCh. Pronounced /fɑrʃəg/.
feadar: “I don’t know, I wonder”. This is a defective verb, whose forms are past-tense in form but present or past in meaning: ní fheadradar, “they didn’t know”, /nʹiː ‘adərədər/.
feargach: “angry”, pronounced /fʹarəgəx/.
fiach: “debt; obligation”. Usually used in the plural, fiacha. Cur ’ fhiachaibh, “to force or compel someone”. This would be cur d’fhiacha in GCg. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs in traditional Munster Irish as cur d’fhiachaibh ar dhuine rud a dhéanamh. Fiacha literally means “debts”, and the use of fiacha reflects some kind of confusion with the related phrase cur d’fhéachaint. PUL claimed in his Notes on Irish Words and Usages (p135) that there was a “manifest difference” between d’fhiachaibh and fhéachaint, withe the former meaning “bound” to do something, and the latter “made” to do something.
foghail: “pillaging, depredation, outrage”, pronounced /foulʹ/. With foghla in the genitive.
fuascailt: “ransoming, ransom”.
gamhain: “calf”, with gamhna in the plural. Pronounced /gaunʹ, gaunə/.
gorta: “hunger, famine”.
gráinne: “grain; a grain”.
i gcómhair: “for, in store for”. This phrase was generally spelt i gcóir in PUL’s works, in line with PUL’s view (cf. Notes on Irish Words and Usages) that this phrase derives from cóir, “proper arrangement (among other meanings)” and not cómhair, “presence”. He indicated he did not have a nasal vowel in this phrase, but the issue is complex, as his etymology seems faulty (The Dictionary of the Irish Language has i gcomhair) and it is possible that i gcómhair has become conflated with a separate phrase i gcóir, “ready” in WM Irish. In any case, nasalisation is not a noted feature of modern-day WM Irish, and so the GCh form produces the correct pronunciation.
iarraim, iarraidh: “to seek, request”, but also more generally “to get”.
iasacht: “loan”. Rud a dh’fháil ar iasacht, “to borrow something”.
inné: “yesterday”, /i’neː/.
inniu: “today”, /i’nʹuv/. The final consonant heard in the pronunciation is left untranscribed, as it was not indicated in the historical orthography and is not indicated in the spelling adopted in GCh. The spelling aniogh was found in the works of Seathrún Céitinn.
íon: “weapon, spear, pike”. In íonaibh catha, “in readiness for battle; in battle order”.
leamhnacht: “fresh milk”, pronounced /lʹaunəxt/.
leasaím, leasú: “to manure”.
leighisim, leigheas: “to cure, remedy”, or leigheasaim, leigheas in GCh.
líon: “full amount”. Líon a sló, “with the full strength of their army”.
liúireach: “shouting; a cry”.
lógóireacht: “wailing, lamenting”.
luach: “value; reward”.
machaire: “plain”.
mágh: “plain”, pronounced /mɑː/. An mágh is found in chapter 10 here, but it seems to be an error, as Foclóir d’Eisirt confirms this word is feminine.
méid: “amount”. Labhairt sa méid sin den scéal, “to speak about that”. Méid resists lenition in PUL’s works (other than after the proleptic particle a/dá).
meilim, meilt: “to grind”.
mí-ádh: “bad luck”. The genitive mí-áidh is not given here. FGB gives ádha as a variant genitive of ádh, and so the original spelling an mhí-ádh is adjusted to an mhí-ádha in the editing here, which gives the right pronunciation.
milleán: “blame, reproach”.
min: “meal, flour”.
muileann: “mill”, with muílte in the plural.
mura: “unless”, or muna in GCh. Mara is also found in WM Irish.
ochón!: “oh dear!”
olagón: “wailing, lament”.
olc: “evil”, with uilc in the genitive.
ollmhaím, ollmhú:ullmhaím, ullmhú in GCh, “to prepare”. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/ in WM Irish. The original spelling here is ollamhú, which may indicate that /olə’vuː/ also existed (or that Eleanor Knott, who edited Eisirt, thought so), and this is is transcription given in the LS version of Eisirt.
plaosc: “skull”, or blaosc in GCh. This word is masculine in PUL’s works, as is apparent here (le plaosc) and in one passage of PUL’s Aesop a Tháinig go hÉírinn.
puile-má-liú: “hullabaloo”, the sound of voices in lamentation. Fuilibiliú in GCh and puillilliú in PSD. Compared puiliú and puililiú in CFBB. This word is spelt puilemoliú in the original (and phuilemoliú is transcribed fuilemoliú in the LS version of Eisirt), but this seems one of a number of words where “around” is the medial element in adverbial expressions implying confusion. An example is céimaighrádh (cé-má-rá) in PUL’s Séadna, “bewilderment, puzzlement”. Examples in PSD (p 690, under ) include cóir-má-ndíreach (cóir-má-’ireach), “for a certainty”; ciol-má-múta,“trickery, foul play”; húrla-má-boc (húrla-má-gciúrlamá), “clatter, row, confusion”; cíorla-má-guairle (cíle-má-guairle, círle-má-guairle), “racket, diversion, noise”; fuirse-má-rabhdalam, “confusion, mêlée”; túrla-má-giúng, “rumpus, confusion”; and PSD also has entries for ciara-má-boc, “uproarious merriment”, and ciorrbhadh-má-gcuach, “all round mangling”.
riaraim, riaradh: “to arrange”, along with many other meanings. Riartha, “marshalled or arranged”, or troops.
rídhamhna: “prince; heir to the throne”, literally “material for a king”.
sailím, sailiú: “to sully, foul”, or salaím, salú in GCh.
scannradh: “terror”, scanradh in GCh, pronounced /skaurə/ in WM.
sílim, síleadh: “to think”, a word rarely used in the present tense in WM Irish.
tairgim, tairiscint: “to offer”.
thoir thiar thall: “all over the place; here, there and everywhere”.
tobar: “well”, with toibreacha in the plural. Pronounced /tobər, tebʹirʹəxə/.
treabhaim, treabhadh: “to plough”. Pronounced /trʹaumʹ, trʹau/.
um: “about, round”. PUL uses the traditional do bhuail sé uime in preference to do bhuaileas leis to mean “I met him, bumped into him”. The combined forms are umam, umat, uime, uímpi, umainn, umaibh and úmpu. Note um á (umá in the original) where um is coupled with the possessive particle.
úmhlaím, úmhlú: “to humble (e.g. yourself); to bow (to someone)”. Pronounced /u:’li:mʹ, u:’lu:/.

Eisirt, caib. a 9

Caibideal a IX

Dhá Árdrí

Nuair a bhí deireadh leis an bhféasta agus leis an gcaitheamh aimsire do thóg Feargus Iúbhdán ar a bhais chuige, agus do thóg an ríogan óg úd Bébó ar a bais. Bhí an t-aragal, an seómra deiridh, curtha i dtreó dhóibh um an dtaca san, fé mar a dh’órdaigh Feargus. Do rug Feargus agus an ríogan óg an bheirt leó go dtí an seómra san. Do lean an priúnsa Laighneach agus tuilleadh den chuideachtain iad.

“Seo, a Árdrí”, arsa Feargus. “Bhíodh an t-aragal so agatsa an fhaid a bheidh tú anso i gCúig’ Uladh”.

“Is maith an t-aragal é seo, a Fhearguis, a bhráthair”, arsa Iúbhdán, “ach tá aragal agamsa sa bhaile i Mágh Faithlinn atá níos feárr go mór ná é. D’ór dhearg atá an leath uachtarach dem aragalsa déanta, agus tá an leath íochtarach de déanta d’airgead ghléigeal. Tá fárdoras fionndruinne os cionn a dhorais agus is d’úmha atá an táirseach déanta, agus is é díon atá air ná cleití na n-éan is áille dath. Tá coínnleóir álainn órdhaite i lár an aragail sin agus coinneal ar lasadh sa choínnleóir sin agus tugann an choinneal san solas dúinn, solas aoibhinn ná tagann lagú ná dorchú choíche air. Tá mórthímpall ar sholas na coínnle sin coróinn de chlochaibh luachmara a bhíonn coitianta ag taithneamh agus ag spréacharnaigh sa tsolas. —Níl gruaig dhubh ar éinne dár ndaoine. Folta buí barachasa atá orthu go léir. Níl dubh ach mise agus an tÁrdríogan anso. Agus féach, a Fhearguis, a bhráthair; ní thagann breóiteacht ná easpa sláinte ná aos na fuiritheacht ná bás ar éinne sa tír as a dtánamairne. Bíonn gach éinne i mbláth na hóige ann choíche. Agus éinne ’ thagann ag triall orainn agus gur maith leis fanúint, bíonn míle fáilte againn roimis. Tá ár ndóirse ar oscailt i gcónaí do gach éinne a thagann”.

Do fágadh Iúbhdán agus Bébó san aragal san, agus thagadh Feargus gach aon lá agus bheireadh sé leis ar a bhais Iúbhdán, ag tispeáint na tíre dhò agus ag tispeáint na ndaoine dhò, agus bhíodh sé ag faire ar gach aon fhocal a thagadh ó Iúbhdán mar thuigeadh sé go mbíodh ana-bhrí agus ana-dhoimhneas ’na chainnt. Agus ní hé Feargus amháin a bhíodh ag faire ar a chainnt ach an uile Ultach, uasal agus íseal, a gheibheadh aon chaoi ar bheith ag éisteacht leis.

Bhí fear ar theaghlach Fhearguis agus b’é a ghnó tínteacha an teaghlaigh d’adú agus aire ’ thabhairt dóibh i dtreó ná raighidís in éag. Fer dedh a tugtí ar an bhfear so go raibh an cúram san air. Is ionann fear dedh agus giolla tine, agus giolla tine a tugtí ’na dhiaigh san ar an seirbhíseach san. Bhí an fear dedh lá ag adú na tine agus bhí Iúbhdán ag féachaint air. Chuir an fear dedh féithleann fó chrann ar an dtine díreach mar a chuirfeadh sé aon adhmad eile. Do labhair Iúbhdán.

“A fhir seo a dheineann datach mór ag adú na dtínte agus a loisceann mórán adhmaid, ná loisc rí na gcrann. Dein an tine do rí na bhfleadh, d’Fheargus uasal na sló, ach ná cuir sa tine sin rí na coille. Ná loisc rí na bhfeadha do rí na bhfleadh. Is fann é an féithleann. Níl slóite móra aige mar atá ag Árdrí Uladh. Ach tá a neart féin aige. Níl an crann san ag fás a’ talamh na hÉireann ná fuil féna smacht. Cuireann sé a ghéaga caola fada tímpall ar an gcrann is mó agus is treise, agus is seirbhíseach an crann san dò feasta. Ná loisc é, a fhir an dataigh. Is dual dò an urraim is dual do rí. Tabhair dò an urraim is dual dò, nú beidh a chathú ort. Goinfidh faor thu nú báfaidh uisce thu.

“Ná loisc an crann úll aláinn, crann na ngéag bhfaon fé ualach mhilis, crann an chínn bháin gur mhinic air lámh an duine.

“Ná loisc an draíghean dubh. Ní loiscfid saoir é. Tugann sé díon don éan sa gheímhreadh.

“Ná loisc crann sailí, crann na bhfilí. Tá mísleacht dán ann. Tá mil do bheachaibh ann. Is aoibhinn bheith ag éisteacht le crónán na mbeach agus iad ag deól na meala as a bhláthaibh. Ní ceart é ’ chur sa tine.

“Loisc an cárthann, crann na ndraoithe, crann caomh na gcaor ndearg, crann na piseóg agus na deismireachta. Ach seachain an coll, coll na ngéag bhfann agus na gcnó a thaithneann leis an bhfiacail. Ná loisc an coll, a fhir an dataigh.

“An fhuínseóg: dorcha a dath. Cuireann sí luas i rothannaibh; slata i lámhaibh marcach; ruag ar namhaid i gcath. Is mairg a loiscfeadh í.

“Loisc an dris, an rud ríghin deilgneach a ghearrann cos an duine agus do stracann a chuid éadaigh. Loisc an dris idir chríon agus glas.

“Adhmad te dair úr. Ní gnáth éinne séimh uaidh. Cuireann a ghal teinneas cínn ar dhaoine agus cuireann a ghríos teinneas ’na súilibh. Ná cuir sa tine an t-adhmad a chuirfeadh meidhreán agus sileadh súl ar dhaoine.

“Ná staon ón gcrann feárna do loscadh, badhb teasaí na coille. Is fada ó fhuacht duit tine feárna agus sceiche gile.

“Cuileann, loisc a úr. Cuileann, loisc a chríon. Chun tine níl crann le fáil is feárr ná cuileann.

“An trúm, an drochadhmad, crann
eachra na sló sí, loisc go mbeidh ’na ghual.

“Loisc an beithe nuair a gheóbhair sínte ar an dtalamh é. Agus loisc go mall agus go moch, pé tráth is maith leat é, an crann úd go mbíonn a bhárr ar crith.

“Ach an t-iúr, an t-adhmad is uaisle dhíobh go léir, crann na bhfleadh, mar is eól duit, dabhcha donna is ceart a dhéanamh de.

“Glac mo chómhairle, a fhir an dataigh. Cuirfidh an chómhairle sin an rath ort i dtaobh anama agus chuirp”.

Thug an giolla aire mhaith do gach focal dár labhair Iúbhdán an uair sin agus do ghlac sé an chómhairle agus do dhein sé beart dá réir as san amach.

Bhí Iúbhdán ar an gcuma san i gCúig’ Uladh agus saorchimeád air agus níor bheag d’aiteas le fearaibh Uladh agus le Feargus bheith in’ fhochair ag féachaint air agus ag éisteacht lena chainnt. An bhreis a bhí acu san air sin i méid cuirp bhí sé aige sin orthu san i ngéarchúis agus in éirim agus in íntleacht aigne.

Dhein Feargus cathaoir bheag dheas, i bhfuirm carbaid, agus do dhaingnigh sé an chathaoir ar a chuislinn chlé, agus do chuireadh sé Iúbhdán ’na shuí sa chathaoir sin. Ansan do ghabhadh sé amach ar fuid na háite agus cuid d’uaislibh Uladh in éineacht leis, agus iad go léir, idir rí agus uaisle, ag fair ar gach aon chor a chuireadh Iúbhdán de, agus ar gach aon fhocal adeireadh sé.

Thánadar mar sin, Feargus agus Iúbhdán, isteach san áit ’na raibh cuid de bhanntracht Uladh. Bhí cuid de sna ríoganaibh óga iad ag cíoradh a gcínn agus ag cur órnáidí ar a ngruaig, agus mórán de dhua na hoibre sin acu dá fháil. Do stad Iúbhdán ag féachaint orthu ar feadh tamaill. Do stad na huaisle ag féachaint ar Iúbhdán agus ag feitheamh leis an bhfocal adéarfadh sé. Fé dheireadh do dhein Iúbhdán gáire.

“Cad fé ndeara dhuit an gháire sin a dhéanamh, a rí?” arsa Feargus.

“Tá cúis gháire agam, a rí”, arsa Iúbhdán. “Nár dhó’ le héinne gur ar mhaithe leis an gceann a deintear an cíoradh go léir agus an sleamhnú go léir, agus an fí agus an casadh go léir?”

“Agus ar ndó’ is ea leis”, arsa Feargus.

“Ní hea in aon chor, a rí,”, arsa Iúbhdán. “Is díobháil a dheineann an obair sin don cheann”.

“Agus cad chuige go ndeintear an obair, más ea?” arsa Feargus.

“Deintear an obair go léir ar mhaith led shúilibhse agus lem shúilibhse, a rí”, arsa Iúbhdán.

“Agus cad é an tairbhe ’ dheineann an obair sin dár súilibhne, a rí?” arsa Feargus.

“Is cuma leis na ríoganaibh óga san ach go bhfeicfar áilleacht a bhfolt agus go ndéanfar iúnadh den áilleacht”, arsa Iúbhdán.

“Agus cad é an tairbhe don áilleacht iúnadh ’ dhéanamh de?” arsa Feargus.

“Nách in é ’ bhaineann an gháire asam, a rí!” arsa Iúbhdán.

Chuadar lá go tigh duin’ uasail a bhí ’na cheann airm ag Feargus. Bhí bróga nua fálta ag an nduin’ uasal agus bhí sé dhá gcur uime. Thug sé fé ndeara go raibh na buínn ana-thanaí fúthu. Dhírigh sé ar spídiúchán ar an ngréasaí agus ar ghearán ná seasódh na bróga aon fhaid, mar gheall ar na buínn a bheith chómh tanaí fúthu, agus dá éaghmais sin ná cosnóidís buínn a chos ar chlochaibh an bhóthair nuair a bheadh air dul ar slógadh le Feargus.

Nuair a thánadar uaidh do chuir Iúbhdán gáire as.

“Cad fé ndeara an gháire sin, a rí?” arsa Feargus.

“An fear úd a bhí ag cáineadh na mbróg”, arsa Iúbhdán. “Is beag an gá atá aige le hiad do cháineadh. Táid na buínn tanaí. Má táid féin mairfid buínn na mbróg níos sia ná ’ mhairfidh buínn na gcos”.

Ní rabhadar i bhfad imithe ó thig an duin’ uasail sin nuair a tháinig scéala chúthu go raibh an duin’ uasal marbh. Go dtáinig ceann airm eile chun an tí chéanna. Gur éirigh idir an mbeirt. Gur throideadar, agus gur thit an bheirt.

“’Sea!” arsa Iúbhdán. “Bhí an buínn úd láidir a ndóthain!”

Ar theaghlach Fhearguis a bhí an bheirt a mhairbh a chéile. Do deineadh iad do thórramh. Bhí Feargus agus Iúbhdán ar an dtórramh. Chonaic Iúbhdán an dá chorp agus iad ’na luí in aice ’ chéile ar an gclár. Bhí sé ag féachaint orthu ar feadh tamaill mhaith.

“Cad is dó’ leat dóibh anois, a rí?” arsa Feargus.

“Féachaid siad ana-mhuínteartha le chéile anois, a rí”, arsa Iúbhdán. “Tá síocháin eatarthu anois”, ar seisean, “síocháin a bheidh buan”.

“Tar éis an tórraimh tháinig lá a n-adhlactha. Do deineadh an dá uaigh in aice ’ chéile, agus do cuireadh órnáid mhór ar na huaghannaibh toisc gur bhain na fir le teaghlach an rí. Bhí cuid de sna daoine ag cogarnaigh.

“Is deise an uaigh seo”, adeireadh duine.

“Ní deise”, adeireadh duine eile. “Is deise í seo”.

“Beir in aice na huaghanna me, a rí”, arsa Iúbhdán, “go bhféachad síos iontu”.

Do rug. Thug sé tamall ag féachaint síos in uaigh acu.

“Beir chun na huagha eile me, a rí”, ar seisean.

Do rug. Thug sé tamall ag féachaint síos inti sin.

“Déanfaidh san an gnó, a rí”, ar seisean.

Dhrid Feargus siar ó sna huaghannaibh. Bhí sé féin agus a raibh láithreach ag faire agus cluas ar gach éinne féachaint cad ’déarfadh Iúbhdán. Níor labhair Iúbhdán. Fé dheireadh do labhair Feargus.

“Ceoca uaigh is dó’ leat is deise, a rí?” arsa Feargus.

“Is deocair rogha ’ bhaint a’ dhá dhíg, a Fhearguis, a chara”, arsa Iúbhdán.

Thug san abhar machnaimh dá raibh láithreach.

Foclóirín

abhar:ábhar in GCh. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Abhar machnaimh, “something to think about, food for thought”.
adaím, adú: “to kindle, set a fire”. Both fadaím and adaím are found, but the form without f is prefereable in the dialect. GCh prefers the forms with f.
adhlacaim, adhlacadh: “to bury”, with adhlactha the genitive of the verbal noun. Pronounced /əiləkimʹ, əiləkə/.
airgead: “silver”, pronounced /arʹigʹəd/.
aiteas: “delight”. This word is given in FGB as “pleasantness, fun”, but PUL states in his Notes on Irish Words and Usages that this word means “intense delight”, a stronger word than áthas.
aragal: “apartment, private dwelling; hospital ward”, or aireagal in GCh. PSD shows that argal means “contention, disorder”, and so tigh argail means “a deserted house”, and from that meaning the submeanings “apartment, private dwelling” and (more commonly today) “hospital ward” have developed.
árdrí: “high king”.
árdríogan: “high queen”. This word seems to have been made up by PUL, assuming the wife of a high king to be a high queen; there is not attestation that such a title existed in history.
badhb: “curse, scold; vulture”, or badhbh in GCh. PSD comments that this word is pronounced badhb, /bəib/. Badhb teasaí na coille, “hot-tempered witch of the woods”, which fails to lenite teasaí here, which may indicate that badhb was masculine in PUL’s Irish, or an obscure word even to him.
banntracht: “womankind, womenfolk”, or bantracht in GCh. Pronounced /bauntrəxt/.
barrachas: “ringleted, curly-tipped”, or barrchas in GCh, where the epenthetic vowel is not written out. The editing approach here is to write out such vowels in prefixes (barra-, seana-), although not otherwise.
beach: “bee”.
beart: “move, deed, act”.Beart a dhéanamh dá réir, “to act accordingly”.
beithe: “birch tree”, or beith in GCh.
bláth: “flower”, with blátha and bláthanna in the plural.
bonn: “sole” of the foot/shoe, with buínn in the plural. Pronounced /buːn, biːŋʹ/.
bráthair: “brother”, explained in Foclóir d’Eisirt as a courtesy title between people of equal rank. The general word for “brother” is driotháir, with bráthair used for monks/brothers in the religious sense.
breóiteacht: “sickness”.
caomh: “gentle, fair”.
carbad: “chariot”, pronounced /kɑrəbəd/. The original spelling, in the genitive, was cárbait, which may reflect what PUL thought was the classical spelling, but the LS version of Eisirt gives a more acceptable pronunciation.
cárthann: “rowan tree”, a tree sacred to the druids; caorthann in GCh.
casaim, casadh: “to twist, turn”, or “to curl” (of hair).
cíoraim, cíoradh: “to comb”.
cluas: “ear”. Cluas ar gach éinne, “everyone had pricked up his ears, listening”.
cnó: “nut”.
cogarnach: “whispering”, a feminine verbal noun that becomes ag cogarnaigh in the dative; this distinction is not observed in GCh.
coinneal: “candle”, pronounced /kiŋʹəl/. The plural, coínnle, is pronounced /kiːnlʹi/, according to CFBB p276, but I am unsure what to make of the claim in Gaeilge Chorca Dhuibhne (p102) that the genitive, also coínnle, is pronounced differently from the plural. The transcription in LS shows /kiːnlʹi/ for the genitive too.
coínnleóir: “candlestick”, pronounced /kiːn’lʹoːrʹ/.
coll: “hazel tree”, pronounced /koul/.
coróinn: “crown, circle”, pronounced /kroːŋʹ/.
críon: “withered; dry (of branches)”. Loisc a chríon, “burn dry branches of it”.
crónán: “humming, purring”.
cuileann: “holly tree”.
daingním, daingniú: “to make fast, to fasten”. Pronounced /daiŋʹi’nʹi:mʹ, daiŋʹi’nʹu:/.
dair: “oak tree”.
datach: “smoke”, or deatach in GCh, pronounced /də’tɑx/. This word is written with a slender d in the original, and is so transcribed in the LS version of Eisirt, but CFBB shows the d is broad (p 272).
deilgneach: “thorny; made of thorns”. Pronounced /dʹelʹigʹinʹəx/.
deismireacht: “incantation, spell”.
deocair: “difficult”, deacair in GCh. Spelt deacair in the original, but pronounced /dʹokirʹ/ in WM Irish.
deólaim, deól: “to suck”, or diúlaim, diúl in GCh. Foclóir d’Eisirt explains this word is normally used of young animals (e.g. suckling at their mothers’ teats), with used in other contexts. However, it is used, as here, of bees sucking honey from flowers.
díog: “ditch, trench”, with díg in the dual/dative. Rogha bhaint a’ dhá dhíg means “to choose between two evils”, and so there a pun here, as Iúbhdán refers to choosing between two graves, which would be ditches/trenches. (Díogha, “the worst”, is found as díg in PUL’s Irish; see tabhair rogha don bhodach agus tógfaidh sé díg, “give a better a choice and he will ride to the devil”, in PUL’s Sgéalaídheacht as an mBíobla Naomhtha. FGB has rogha an dá dhíogha.)
dó’: “hope, expectation; source of expectation”, or dóigh in GCh. This occurred as dóich in the original, but is uniformly edited as dó’ here, in line with the pronunciation. Ba dhó’ le duine (go), “you would think (that)”. Dar ndó’, “of course”, also found as ar ndó’. Cad is dó’ leat dóibh?, “what do you think of them?”
doimhneas: “depth”, pronounced /deŋʹəs/.
dorcha: “dark”, pronounced /dorəxə/.
dorchaím, dorchú: “to darken”. Pronounced /dorə’xiːmʹ, dorə’xuː/. This form is interesting, because PUL often has dorchú for the verbal noun, but conjugated forms of the verb are usually derived from doirchím.
draíghean: “blackthorn”. Also draíghean dubh. Pronounced /driːn/ according to the LS version of Eisirt.
draoi: “druid, wizard”.
dris: “bramble, brier”.
dual: “natural; fitting”.
eachra: “horses, steeds”, pronounced /ɑxərə/. This is a collective word, used in the singular with a plural meaning.
éag: “death”. Dul in éag, “to die out”, e.g. of embers.
éineacht: found in the phrase in éineacht le, “together with”. The original spelling here was aonfheacht, although éineacht, which is used in GCh, is also found in PUL’s works. Aonacht is used in Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse.
éirím, éirí: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ, əi’rʹi:/ in WM Irish. Éirí as, “to give something up; to leave off, leave it alone, stop it”. Impersonally, d’éirigh eatarthu means “they fell out, they quarrelled with each other”.
fann: “weak, feeble”.
faon: “weak, delicate, helpless”.
fárdoras: “lintel of a door”. The long a is shown in the original text, although the LS version of Eisirt has fardoras.
feárna: “alder tree”. The nominative of this word is shown, possibly incorrectly, as fearna in Foclóir d’Eisirt. GCh has fearn in the nominative and fearna in the genitive. No long vowel is indicated in the original text, or in the LS version of Eisirt, but PSD shows the genitive was traditionally written feárna, so I presume a long vowel.
féithleann: “woodbine, honeysuckle”. Féithleann fó chrann, “woodbine wound around a tree”. Pronounced /fʹeːlʹhən/.
fer dedh: “man of fumes” or “man of smoke”. In the Ulster cycle of myths, a son of Feargus mac Róigh and brother of Cúchulainn is called Ferdia, a name that exists in numerous versions, including fer dedh. Fer is the modern word fear; dedh appears to be the genitive of , “smoke, spark” (the genitive of which is given in PSD as déithe and diadh). The pronunciation shown in LS for this phrase in older Irish is /fʹer dʹe/.
fiodh: “wood, forest”. Rí na bhfeadha here gives the genitive plural, which is pronounced /fʹa/, with a short vowel; I am unsure of the pronunciation of the singular (/fʹu/?). The genitive singular is given as feadha in PSD (corresponding to feá in GCh), and I decided to edit rígh na bhfeadh in the original text of Eisirt here as rí na bhfeadha, with an additional a at the end, to avoid suggesting any connection of this word with feadh (“fathom”, found in ar feadh).
fíom, fí: “to weave”, or, of hair, “to plait”.
folt: “head of hair”, with folta in the plural here, where PUL’s novel Niamh has foilt. Pronounced /fohl, folhə/.
fuínseóg: “ash-tree”.
fuiritheacht: “perfection; old age; decrepitude”, or foirfeacht in GCh. Pronounced /firʹihəxt/.
gal: “fume, vapour”.
geímhreadh: “winter”, pronounced /gʹiːrʹi/.
giolla: “servant” of various types, including a groom (to take care of a horse), and giolla tine here, a servant to poke the fire, pronounced /gʹulə/.
gléigeal: “very bright; brilliant white”.
gnáth: “usual”. Ní gnáth éinne séimh uaidh, “no one is rendered placid by it”.
goinim, goint: “to wound”. Goinfidh faor thu, “you will be cut down by a sword”, where goinfidh is /ginʹhigʹ/.
gríos: “red-hot embers”.
gual: “coal; hot cinder”.
iúr: “yew-tree”.
mairg: “woe”. Is mairg a loiscfeadh í, “woe to him who would burn it”. Pronounced /marʹigʹ/.
maraím, marú: “to kill”. The preterite mhairbh given here has a slender r, /vɑrʹivʹ/, where GCh has mharaigh.
marbh: “dead”, pronounced /mɑrəv/.
meidhreán: “dizziness”, or meadhrán in GCh.
mísleacht: “sweetness”, or milseacht in GCh.
órdhaite: “gold-coloured; gilt”. This is given with an unlenited d in both the original text and Foclóir d’Eisirt, although the LS version of Eisirt lenites the d.
piseóg: “witchcraft, sorcery; charm, spell”.
ríghin: “slow”, but also “viscous” of liquids and “tough” of plants and thorns. Pronounced /riːnʹ/.
ruag: “rout”, or ruaig in GCh, where the historical dative has replaced the nominative.
saileach: “willow”, with sailí in the genitive.
saor: “craftsman”, especially an artisan using wood or stone, referring here to a carpenter.
saorchimeád: “parole; soft custody”, i.e. a form of guarding of someone where he is free to go about, but not to leave.
sceach: “whitethorn”; also sceach gheal.
seasaím, seasamh: “to stand”, but also “to last, endure”, as of shoes here. This verb is in the first conjugation in GCh (seasaim).
sí: “fairy”. Fear sí, “a fairy man, one of the ‘wee folk’”. An tslua sí, “the fairy host”.
silim, sileadh: “to drop, hang”. Sileadh súl, “watery eyes”.
slógadh: “a military expedition”. This word was given by PSD as slóghadh, and the LS version of Eisirt has sló. However, the LS version of PUL’s Catilína indicates the g is pronounced, which dovetails better with PUL’s spelling in the original text here, and also with the form used in GCh.
spídiúchán: “reviling, cursing”.
stracaim, stracadh: “to tear”, or sracaim, sracadh in GCh.
táirseach: “threshold”.
tanaí: “of no thickness, thin, flimsy”.
teasaí: “hot-tempered”.
tine: “fire”, with tínteacha and tínte in the plural here. GCh has tinte in the plural, and PUL stated in his Notes on Irish Words and Usages that both tínte and tínteacha are acceptable plurals of this word.
tórramh: “wake, funeral”. This is also a verbal noun, “to hold a wake for someone”.
trúm: “elder tree”, spelt trom in the original, but pronounced /truːm/, according to the LS edition of Eisirt, in contradistinction to the pronunciation of the similarly spelt adjective.
uaigh: “grave”, with uagha in the genitive and uaghanna in the plural. Pronounced /uəgʹ, uə, uənə/. GCh has uaigheanna in the plural.
úmha: “copper”, pronounced /uː/ according to the LS version of Eisirt.
úr: “fresh”, or “green” (of wood). Loisc a úr, “burn green/fresh branches of it”.

Eisirt, caib. a 8

Caibideal a VIII

Éad, agus a leigheas

Do rugadh isteach Bébó agus do cuireadh ’na suí in áirde ar an mbórd í, ar láimh dheis Fhearguis, díreach mar a cuireadh Eisirt nuair a bhí sé ann. Bhíodh na mná uaisle go léir ag baint cainnte aisti agus ag baint suilt aisti, ach níor thaithn sí leó leath chómh maith agus do thaithn sí le Feargus agus le ríogra Uladh. Ba léir dóibh, idir ríogra agus mná uaisle dhóibh, ná raibh aon bhean láithreach a bhí leath chómh huasal léi, i ndeallramh ná i gcló, i gcruth ná i bpearsain, i ndeilbh ná i maisiúlacht. Is amhlaidh a mhéadaigh a luíghead a háilleacht ar gach aon tsaghas cuma. Bhíodh na fir ag féachaint uirthi agus ansan ag féachaint ar a mnáibh féin agus á cur i gcúmparáid leó, agus go deimhin ní hacu ’ bhíodh an ceann ab fheárr den chúmparáid. Thuigeadar na mná féin go maith nárbh ea, agus dá bhrí sin bhíodar lán d’éad agus de mhioscais agus de channcar chúithi. Nuair ’ fhéachadh éinne dá bhfearaibh féin uirthi agus ansan nuair ’ fhéachadh sé uaithi ar a bhean féin chídís an diomá ’na shúilibh. Bhídís cráite loiscithe scólta, ach ní leogadh uabhar dóibh a leogaint orthu go dtugaidís fé ndeara an diomá. Bhí Bébó ana-ghéarchúiseach. Thug sí fé ndeara an scéal go léir agus thuig sí go hálainn é, ach in inead aon bhogadh ’ dhéanamh ar abhar an éada dhóibh is amhlaidh a dhein sí a dícheall chun é ’ ghéarú, agus gan aici á thabhairt dóibh i gcaitheamh na haimsire ach gach focal ba shéime ná ’ chéile agus gach gealgháire ba ghile ná ’ chéile, agus ba ghrianaí.

Bhí Feargus ag baint cainnte aisti. Bhí gach aon tsaghas eólais uaidh ar Mhágh Faithlinn agus ar thuathaibh Luchra agus Luprachán; ar a nósaibh agus ar a slí bheatha agus ar a mbéasaibh; ar a lucht léinn agus eólais agus ealaíon; ar a n-aos dán agus ar a n-aos ceóil agus ar a bhfilíbh. Is é rud a tháinig as an gcainnt sin d’Fheargus ná gur buaileadh isteach in’ aigne gur inis Iúbhdán an fhírinne dhò agus ná raibh aon uisce-fé-thalamh aige féin ná ag Eisirt á dhéanamh, agus ná raibh aon ghnó acu go Cúig’ Uladh ach an gnó adúradar.

Chómh luath agus do thuig Feargus an méid sin d’órdaigh sé Iúbhdán do thabhairt ’na láthair.

Do tugadh isteach é agus do cuireadh ar shuíochán in áirde ar an mbórd é, in aice Bhébó.

Do labhair Feargus leis.

“A Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán”, ar seisean, “is eagal liom gur dheineas éagóir ort. Mheasas go mb’fhéidir gur namhaid tu agus gur ag brath na tíre seo a thánaís. Níl sé ceart ag rí, má bhíonn aon drochiontaoibh aige à duine iasachta a thagann chuige isteach à tír iasachta gan an uile shaghas aireachais a thabhairt sara mbéarfadh an duine iasachta leis eólas éigin, nú aithne éigin, a chuirfeadh ar chumas namhad teacht i ganfhios agus díobháil a dhéanamh don tír agus do mhuíntir na tíre. Uime sin is ea ’ chuireas-sa thusa sa gharbhtheaghlach agus cimeád chómh daingean ort. Ón gcainnt a thárla anso anois, idir me féin agus do bhaintiarna, do buaileadh isteach im aigne nách chun aon díobhála ’ dhéanamh do Chúig’ Uladh ná d’Ultachaibh a thánaís, ach mar gheall ar na geasa a chuir do rí ollamh ort. Dá bhrí sin, a Árdrí, goibh mo leathscéal agus maith dhom an éagóir a dheineas ort”.

“Tá go maith, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Mura bhféadaid dhá árdrí mar thusa agus mise maitheamh dá chéile agus caradas a thabhairt dá chéile, conas is féidir dár ndaoine ar gach taobh caradas agus muíntearthas a thabhairt dá chéile mar is ceart? Dhein Árdrí Uladh éagóir ar Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán. Tá an éagóir sin maite. Ní dhéanfaidh éinne de thuathaibh Luchra agus Luprachán díoltas choíche mar gheall ar an éagóir sin. Ach tá so agam le hiarraidh ar Árdrí Uladh, ná fágfar a thuilleadh sa gharbhtheaghlach me. Tá anála na bhfear mór san róthrom. Bím dom thachtadh ag an mbalaithe atá ins gach aon bhall ’na mbíd na fir mhór gharbha san. Ní maith an chóir ag Árdrí dá chur ar Árdrí eile é ’ fhágáilt ’na measc”.

“Is fíor san, a Árdrí, ach b’fhéidir dá mba ná beadh cimeád ort go n-imeófá uainn”.

“Bheirim mo bhriathar rí dhuit, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “pé cimeád a bheidh orm ná ná beidh, ná himeód uaibh go brách go dtí gur toil leat féin agus le hUltaibh me ’ dh’imeacht”.

“Dá mba dhó’ liom gurbh fhíor san”, arsa Feargus, “ní bheithása idir an ngarbhtheaghlach”.

“Níor bhriseas-sa mo bhriathar riamh”, arsa Iúbhdán, “agus ní bhrisfeadh go deó”.

“Tá go maith, a Árdrí”, arsa Feargus.

Ansan d’órdaigh Feargus seómra áirithe, seómra deiridh, an seómra ba dheise agus ba ghile agus ba ghrianaí a bhí sa rítheaghlach, do cheartú agus do chórú agus do chur i dtreó d’Iúbhdán. An fhaid a bhí san dá dhéanamh do tugadh “nua gacha bídh agus sean gacha dí” ag triall air féin agus ar Bhébó, agus do tugadh an uile shaghas onóra agus urrama dhóibh, agus do dhein Feargus agus an uile dhuine den chuideachtain an dícheall ba mhó ab fhéidir chun áthais do chur ar an mbeirt agus chun aoibhnis a thabhairt dóibh.

Bhíodh an diomá agus an seirithean agus an ceann-fé ar na fearaibh uaisle nuair ’ fhéachaidís ar Bhébó agus ansan nuair a chídís a mná féin, dá bhreáthacht iad agus dá uaisleacht iad, chómh garbh, chómh tútach, chómh mísciamhach, i gcúmparáid léi, ach dheineadar a ndícheall chun gan a leogaint orthu gur thugadar fé ndeara an deifríocht, le heagla ná taithnfeadh san le Bébó. Thug na mná go léir fé ndeara an seirithean agus an diomá, ach níor leogadar orthu gur thugadar, le heagla ná taithnfeadh san lena bhfearaibh. Do thuig Bébó, agus do thuig Iúbhdán, cad a bhí in aigne na bhfear agus cad a bhí in aigne na mban, ach níor leogadar orthu gur thuigeadar blúire dhe. Bhí a n-aigne féin ró-uasal, agus ba lag leó nithe den tsórd san a thabhairt fé ndeara in aon chor. Chonaic Bébó gur róbhaol go mbeadh drochobair sa chuideachtain ar ball. Bhí sí ag déanamh a díchill chun bheith séimh agus sultmhar agus gealgháiriteach leis na fir, a d’iarraidh an tseirithin a bhaint díobh. B’in mar ba mhó, áfach, a thug sí le feiscint dóibh an áilleacht agus an uaisleacht agus an mhaisiúlacht a bhí inti seochas a mná féin, agus b’in mar ba mhó a chonaic a mná féin an diomá agus an seirithean a bhí orthu. Bhí priúnsa óg agus ríogan óg ar an gcuideachtain. Óigbhean ana-bhreá, ana-dhathúil, ab ea an ríogan. Bhí uaisle óga Chúig’ Uladh go léir, agus uaisle i bhfad lasmu’ de Chúig’ Uladh, ag cailliúint a meabhrach a d’iarraidh go bhfaighidís í le pósadh, go dtí gur thárla geallúint phósta idir í féin agus priúnsa Laighneach a bhí
uasal, ríoga, cróga, maith a dóthain di ar gach aon tsaghas cuma. Bhí an priúnsa Laighneach ag féachaint ar Bhébó. Bhí an ríogan óg ag féachaint air sin agus an dá shúil mhóra, sholasmhara ar dianleathadh aici le heagla, nuair ’ fhéachfadh sé uirthi féin go bhfeicfeadh sí an diomá agus an seirithean ’na ghnúis. Ba gheárr gur fhéach, agus do chonaic. Chonaic sí go soiléir gur bheag ná go raibh gráin aige uirthi agus ná raibh leigheas aige air. Bhí sí i riocht dul i laige le buairt agus le hanaithe. Bhí fáinne óir idir a méireannaibh aici agus í dhá chasadh agus ag iniúchadh na cloiche solais a bhí ann, a d’iarraidh a leogaint uirthi ná raibh aon rud uirthi ná aon rud aici dhá thabhairt fé ndeara. Bhí creathán in sna méireannaibh agus ar éigin bháis ’ fhéadadh sí na deóracha ’ chimeád siar gan teacht as a súilibh. Le neart an anaithe a bhí uirthi, agus mar gheall ar an gcreathán, do shleamhnaigh an fáinne as a méireannaibh agus do thit sé ar an mbórd. Do ghluais sé go breá réidh, fan an bhúird anonn, go dtí gur stad sé ag cosaibh Bhébó. Thóg Bébó suas an fáinne. Bhí muiríon a dhá lámh ann go maith. D’éirigh sí agus shiúlaigh sí treasna an bhúird agus an fáinne sa dá láimh aici agus chuir sí an fáinne ar mhéir na ríogana, ar an méir ’nar cheart fáinne pósta ’ chur uirthi, agus thug sí súilfhéachaint, lena línn sin, anonn ar an bpriúnsa Laighneach. Bhí an priúnsa ag féachaint go dlúth, san am gcéanna, ar Bhébó agus ar an ríogain óg, agus peoca ’ chuir Bébó draíocht éigin ar a shúilibh, nú gur chuir sí draíocht éigin ar dheilbh na ríogana, shamlaigh an priúnsa ná feacaigh sé riamh éinne d’fhéach chómh breá agus d’fhéach an ríogan an uair sin. D’fhéach sí níos áille go mór ná mar ’ fhéach Bébó féin. Do las an t-áthas ’na shúilibh agus ’na ghnúis nuair a chonaic sé an méid sin. Do thárla gur fhéach an ríogan ’na threó an neómat céanna agus go bhfeacaigh sí an t-áthas. Do las áthas ’na gnúis féin ag freagairt an áthais sin. Do mhéadaigh sin a háilleacht go mór.

Nuair a bhí Bébó ag siúl treasna an bhúird agus an fáinne aici, agus í ar éigin ábalta ar an ualach do bhreith léi, bhí Feargus agus an chuideachta in sna trithíbh dúbha ag gáirí, agus gach aon liú acu ag moladh a nirt. Nuair a bhí an fáinne beirthe anonn aici agus an gnó déanta aici tháinig sí anall thar n-ais agus shuigh sí mar a raibh sí ar dtúis in aice Iúbhdáin.

Peoca ’ chuir sí draíocht éigin eile ar an gcuideachtain, nú gurb amhlaidh a tháinig athrú aigne orthu féin nuair a chonacadar a shuaraí a bhí sí ’na tuirt, pé rud a bhain dóibh d’imigh an seirithean agus an diomá de sna fearaibh agus d’imigh an t-éad de sna mnáibh.

Bhí an aimsir go suairc agus go haoibhinn acu as san amach. Bhí Feargus ag baint cainnte à hIúbhdán, dhá fhiafraí dhe cad é an saghas dlithe a bhí aige i Mágh Faithlinn agus conas a curtí na dlithe i bhfeidhm; cad é an neart sló a bhí aige agus conas a deintí gnóthaí cogaidh a mhúineadh dhóibh; cad iad na gníomhartha gaile agus gaisce a dheineadh na fir láidre a bhí aige. Ní raibh aon tseó ach an sult a gheibheadh an chuideachta in sna tuairiscibh a thugadh Iúbhdán uaidh ar na cathannaibh móra a throideadh tuatha Luchra agus Luprachán i gcoinnibh a namhad, agus ar na gníomharthaibh iúntacha a dheineadh na fir mhóra a bhí orthu. D’inis sé dhóibh i dtaobh Ghlómair mhic Glais mhic Glomraide agus conas mar a dheineadh sé an feóchadán do leagadh le haon bhuille ’ chlaíomh, rud ná féadfadh aon fhear eile ar thuathaibh Luchra agus Luprachán a leithéid a dhéanamh.

“Tá sé nách mór seacht n-órlach ar aoirde”, arsa Iúbhdán, “agus téagartha dá réir, agus é cúmtha córach fuinniúil, agus an dáréag eile is treise againn do theacht chuige is é a ndícheall é ’ threascairt”.

Ba dhó’ le duine go dtitfeadh an t-anam tur te à cuid de sna fearaibh a bhí láithreach nuair ’ airíodar an gníomh mór, an feóchadán do leagadh le haon bhuille ’ chlaíomh, agus neart uathásach an fhir a bhí suas le seacht n-órlach ar aoirde. Níor gháir Feargus in aon chor, áfach. Ghlac sé cainnt an fhir bhig chómh mór dáiríribh agus dá mba ag trácht a bheadh sé ar Ultach éigin a bheadh suas le seacht troithe ar aoirde agus ’ bhainfeadh an chos de chapall le haon bhuille ’ chlaíomh. Chonaic Iúbhdán an chuid eile ag gáirí agus gan aon gháire ag teacht à Feargus. Do labhair sé.

“Ní rómhaith an tuiscint atá ag cuid det dhaoinibhse, a Fhearguis, a bhráthair”, ar seisean.

“Cad uime go n-abrann tú an chainnt sin, a Árdrí?” arsa Feargus.

“Is cúrsaí gáirí leó fear láidir ar thuathaibh Luchra agus Luprachán a bheith suas le seacht n-órlach ar aoirde. Dá mbeadh sé suas le seacht troithibh ar aoirde ní dhéanfaidís aon gháire uime. Cá bhfios dóibh ná go bhfuil tír éigin ar uachtar na cruinne agus go bhfaighfí fear láidir ann a bheadh suas le seacht slata ar aoirde. Dá dtagadh fear ó thír den tsórd san anso go Cúig’ Uladh an dó’ leat ar chúrsaí gáirí leó é?”

“Má tá a leithéid de thír ann, a Iúbhdáin, a bhráthair”, arsa Feargus, “tá súil agam go bhfanfaid na daoine sa bhaile ann, nú má fhágaid siad an baile ná faighid siad eólas na slí anso mar a fuarais-se agus do bhaintiarna. Dá bhfaighidís measaim nách gáirí a bhainfidís à huaislibh Uladh”.

Do stad an gháirí láithreach. Tháinig náire ar na huaislibh nuair a thuigeadar an drochmhúineadh a bhí tispeánta acu d’Iúbhdán agus do Bhébó, agus chromadar ar a ndícheall a dhéanamh chun urrama agus onóra ’ thispeáint dóibh ar gach aon tsaghas cuma. Ní raibh Aodh Éigeas ann. D’fhan sé i Mágh Faithlinn i dteannta Eisirt. Ach bhí filí agus éigse agus lucht ealaíon go tiubh acu in éaghmais Aodha, agus chuireadar ar siúl iad chun spóirt agus aoibhnis agus caitheamh aimsire ’ dhéanamh d’Iúbhdán agus do Bhébó.

Foclóirín

aireachas: “care, attention”, pronounced /i’rʹɑxəs/.
anaithe: “fear, terror; awe”, or anfa in GCh. This is one of many words in Irish where an original f is pronounced as h: /ɑnihi/.
anál: “breath”, or anáil in GCh, where the historical dative has replaced the nominative. The plural here is anála, where GCh has análacha.
aos: “people; people of one profession”. Aos ceóil, “musicians”. Aos dán, “poets”.
bainim, baint: “to touch”. Rud a bhaint duit, “for something to happen to you, to come over you”.
balaithe: “smell”, or boladh in GCh. The original spelling, balaith, is adjusted here in the line with the WM pronunciation, /bɑlihi/, which appears to derive originally from the plural of the word.
baol: “danger”. Is baol go, “perhaps”. Is róbhaol go, “it is very likely that”.
bogadh: “softening”. Bogadh dhéanamh ar rud, “to soften or mitigate something; to alleviate it”.
bórd: “table”, with búird in the genitive. These would be bord and boird in the GCh.
ceartaím, ceartú: “to correct, adjust, set right”. Seómra cheartú, “to fix a room up”.
ceann-fé: “shame”, or ceann faoi in GCh. The hyphen in the original is preserved here, as this is a noun.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in the CO.
cló: “form, appearance”.
córaím, córú: “to dress, equip, arrange”, or cóirím, cóiriú in GCh.
creathán: “trembling”, pronounced /krʹi’hɑːn/.
cruinne: “universe, globe, world”. Ar uachtar na cruinne, “in the world, on the face of the earth”.
cruth: “appearance”. This word may have variable gender, as cruith is found in the dative in some of PUL’s works, where cruth is found here.
cúrsa: “course, journey, career”. Cúrsaí, in the plural: “a matter for something”. Cúrsaí gáirí leó, “a subject of mirth”.
deallramh: “appearance”, or dealramh in GCh. Pronounced /dʹaurəv/.
dealbh: “appearance, figure”, or deilbh in GCh, where the historical dative has replaced the nominative. Pronounced /dʹaləv/.
deifríocht: “difference”, or difríocht in GCh. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has a broad r, /dʹefʹə’ri:xt/ (deifearaíocht), but the original spelling here would be consisent with a pronunciation of /dʹefʹi’rʹi:xt/.
deireadh: “end”. Seómra deiridh, “a secluded room”.
dlí: “law”, with dlithe in the plural where GCh has dlíthe.
drochobair: “mischief”. Pronounced /dro-hobirʹ/.
dubh: “black”, with dúbha in the plural, pronounced /duv, duː/.
éaghmais: “absence, lack”, or éagmais in GCh. In éaghmais, “in the absence of”.
fan: “throughout, along”, with the genitive. Fan is a corruption of ar feadh an.
fios: “knowledge”. Cá bhfios doibh?, “how do they know?”, pronounced /kɑvəs doːvʹ/.
fuinniúil: “energetic”.
gach: “each, every”, with vestigial use of a genitive form here, gacha. Nua gacha bídh agus sean gacha dí, “fresh food and old drink, a real feast” (or literally, “the new of each food and the old of each drink”), a common phrase in old stories.
gáirim, gáirí: “to laugh”. Note that gáirí is a verbal noun meaning “laughing, laughter”, corresponding to gáire in GCh. This noun appears to have unstable gender, being given here as an gháirí, and found as both an gháirí and an gáirí in the original text of PUL’s novel Séadna. The authorised Foclóir do Shéadna states that gáirí is masculine; Foclóír d’Eisirt does not list this word.
garbh: “rough”, pronounced /gɑrəv/. The plural, garbha, is pronounced /gɑ’ruː/ according to the LS version of Eisirt.
gealgháire: “a pleasant smile”, pronounced /gʹalə-ɣɑːrʹi/.
gealgháiriteach: “radiant, cheeful”, or gealgháireach in GCh. Pronounced /gʹalə-ɣɑːrʹitʹəx/.
geallúint: “promise”, or gealltanas in GCh.
géaraím, géarú: “to sharpen, to render more intense/keen”.
gnúis: “face, countenance”. PUL glossed this word in Notes on Irish Words and Usages as “the face as giving expression to the mind and its passions or energies; the equivalent of the Latin vultus”.
grianach: “sunny; cheerful”.
lag: “weak”. Ba lag leó, “they would be loth to”.
láidir: “strong”, with láidre in the plural. Pronounced /lɑːdʹirʹ, lɑːdʹirʹi/.
Laighneach: “of or pertaining to Leinster”, pronounced /lainʹəx/.
leathscéal: “excuse”, or leithscéal in GCh. Pronounced /lʹa’ʃkʹial/.
loiscim, loscadh: “to burn”. Loiscithe, “burnt”, and by extension here, “tormented”.
mioscais: “spite, hatred, ill-will”.
mísciamhach: “ugly, lacking in beauty, ill-favoured in terms of looks”.
muíntearthas: “friendliness”, or muintearas in GCh.
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in GCh. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint; consequently, the GCh form is no more authoritative than the WM form.
nua: “new; something new”, pronounced /noː/.
óigbhean: “young woman”, or ógbhean in GCh. The g is slender.
pearsa: “person; features, bearing”, with pearsain in the dative.
peoca: “whether”, from pé acu, or pé’cu. Pronounced /pʹukə/. Often followed by a relative clause. Gearóid Ó Nualláin explained in his Studies in Modern Irish Part 1 the difference between ceoca and peoca (see p76). Ceoca is used with substantival clauses (ní fheadar ceoca thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh), whereas peoca is used with adverbial clauses (peoca thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh,
fanfadsa
).
scólaim, scóladh: “to scald”. Scólta, “scalded”, and by extension, “irritated, tormented”.
seirithean: “indignation, disgust; a feeling of disappointment”, or seirfean in GCh. Pronounced /ʃerʹihən/.
seó: “show, spectacle”. Níl aon tseó ach é, “it is a marvel, there is nothing like it”.
súilfhéachaint: “glance”.
te: “hot”. Traditionally spelt teith, PUL is on record in his Notes on Irish Words and Usages (p127) as insisting this word has a “most distinct” final –h in the pronunciation. However, this is likely to be apparent only before a following vowel. Pronunciation /tʹe~tʹeh/. See under anam and tur.
tiubh: “thick, rapid, plentiful”. Go tiubh, “aplenty”.
treasna: “across”, or trasna in GCh.
tuirt: “bulk, size”, or toirt in GCh. The original spelling his retained here to show the pronunciation.
tur: “dry”. Tur te, immediately. An t-anam a thitim tur te asat, “to collapse” (e.g. with laughter).
uabhar: “pride”, pronounced /uər/.
Ultach: “native of Ulster; Ultonian”, pronounced /oulhəx/.

Eisirt, caib. a 7

Caibideal a VII.

Corcán na Leitean

“Is cruaidh an cás ’na bhfuilim anois, a Bhébó”, arsa Iúbhdán.

“Dheinis dearúd mór, a rí”, ar sise. “Ní raibh aon cheart agat an ghabháil úd do chur ar Eisirt go dtí go mbeadh deimhne agat air go raibh bréag aige dhá ínsint”.

“Ní foláir dom imeacht láithreach, a Bhébó”, ar seisean. “An dtiocfairse liom nú an bhfanfair anso im dhiaidh?”

“Raghadsa leat, a rí”, arsa Bébó.

Ansan do tugadh chúthu an t-each buí agus chuaigh Iúbhdán ar an each, agus chuaigh Bébó ar chúlaibh Iúbhdáin.

Níorbh fhada go rabhadar in aice Eamhna Mhacha. Ba chómhdheas don each bhuí muir agus tír, cnuc agus gleann, áit gharbh agus áit réidh, agus ba luaithe ar an slí é ná an seabhac agus ná an fiolar. Bhíodar in aice na hEamhna i bhfad roim éirí lae. Shleamhnaíodar isteach sa chathair i ganfhios d’éinne.

“Cuardaigh an chathair, a Iúbhdáin”, arsa Bébó, “don leitin úd aduairt Eisirt, go bhféachair uirthi agus go n-imíom abhaile sara mbeidh na daoine ag éirí”.

Sa chuardach dóibh chuadar isteach i bpálás an rí. Fuaradar an coire mór, coire mór na hEamha, agus fuíollach na leitean ann a deineadh don tslua aréir roimis sin. Bhí tuairim acu go raib cuid éigin den leitin sa choire, ach ní fhéadfaidís féachaint isteach sa chorcán. Bhí sé ró-árd. Tháinig Iúbhdán in aice an chorcáin. Ní raibh ann ach mar ’ bheadh sicín circe in’ aice. Bhí sé ag gabháil tímpall ar an gcorcán agus a dhá láimh sínte in áirde, dhá gcimilt de thaobh an chorcáin, féachaint an bhfaigheadh sé aon rud go bhféadfadh sé greim a bhreith air. Ní bhfuair. Bhí taobh an chorcáin chómh sleamhain le gloine mórthímpall. Bhí sé i gcruachás agus bhí an oíche ag imeacht.

“Éirigh in áirde ar an each, a rí”, arsa Bébó, “agus b’fhéidir go mbeifá árd do dhóthain ansan chun breith ar bhéal an chorcáin”.

Chuaigh sé in áirde ar an each. Tháinig sé féin agus an t-each isteach in aice an chorcáin. Sheasaimh sé suas ar dhrom an eich agus shín sé in áirde a lámh. Bhí barraí a mhéireanna i ngiorracht cúpla órlach don fhúnsa airgid a bhí mórthímpall ar bhéal an chorcáin. Thug sé léim agus do rug sé ar an bhfúnsa lena láimh dheis. Bhain sé casadh as féin agus chuir sé an lámh chlé ar an bhfúnsa airgid. Bhailigh sé suas é féin go dtí go raibh cos leis ar fhabhra an chorcáin, ar an bhfúnsa airgid. Bhí sé ag féachaint síos sa chorcán, ach ní fhéadfadh sé an leite ’ dh’fheiscint mar bhí an doircheacht ann. Shín sé síos lámh leis féachaint an bhféadfadh sé a lámh do chur ar an leitin. Ní fhéadfadh. Bhí an leite rófhada síos. Díreach agus é ag tarrac na lámha chuige do shleamhnaigh a chos d’fhabhra an chorcáin agus thit sé isteach! Bhí oiread leitean ar thóin an chorcáin agus go ndeigh sé síos go dtí an dá oscaill inti. Ach ní raibh sí te. Ba mhaith an bhail air ná raibh. Bhí sí i ndeireadh a teas. Thug sé iarracht ar é féin a tharrac as an leitin. Is amhlaidh a chuaigh a dhá láimh síos inti leis an únthairt, agus ansan ní fhéadfadh sé lámh ná cos do chorraí in aon chor, bhí sé chómh daingean san sáite sa leitin agus bhí an leite chómh ríghin sin.

“Is fada ataoi, a fhir dhuibh!” arsa Bébó amu’. “Cad ’tá at chimeád?” ar sise.

Gruaig dhubh chasta is ea ’ bhí ar Iúbhdán, agus bhí a chroiceann chómh geal le sneachta agus a dhá ghrua chómh dearg le caor. Gruaig fhionnbhuí is ea ’ bhí ar an gcuid eile de thuaith Luchra agus Luprachán. Ní raibh gruaig dhubh ar aon duine eile ann ach ar an rí féin. Sin é cúis go ndeirtí, “a fhir dhuibh”, leis.

D’fhreagair sé Bébó as an gcorcán.

“Imighse abhaile, a Bhébó”, ar seisean. “Táimse ceangailte go daingean anso. Níl aon bhreith agam ar an áit seo ’ fhágaint go dtí go dtógaid muíntir an rítheaghlaigh as me”.

“Más mar sin atá an scéal agat, a fhir dhuibh”, arsa Bébó, “is focal baoth an focal adúraís go minic thall sa bhaile nuair adeirthá ná féadfadh neach fó ghréin cosc ná ceangal do chur ort i gcoinnibh do thoile féin”.

“Focal baoth ab ea é gan amhras, a Bhébó. Beidh cosc agus cimeád anso orm go ceann bliana, an uile lá de bhliain, agus ní bheidh aon bhreith agam ar aon radharc ’ fháil ar thuathaibh Luchra agus Luprachán go dtí go mbeidh iomláine na bliana caite. Ach imighse abhaile, a Bhébó, agus beir leat abhaile an capall san”.

“Ná habairse sin, a rí”, arsa Bébó. “Ní imeódsa uaitse go brách go bhfeicead cad ’ imeóidh ort”.

Bhí an lá tagaithe. Bhí muíntir an rítheaghlaigh ag éirí. Ba gheárr go dtáinig cuid acu chun na háite ’na raibh an coire mór. D’fhéachadar sa choire. Chonacadar an firín beag gleóite agus é istigh sa chorcán agus é ceangailte sa leitin mar a bheadh cuil ar mhéis meala. Do liúdar agus do sceartadar ar gháirí. Bhíodar ag dul ó thritheamh go tritheamh gáirí ar feadh tamaill, ag féachaint ar an gcuma ’na raibh sé agus ar an gcor a bhí air. Fé dheireadh thógadar amach as an gcorcán é agus ghlanadar an leite dhe agus do rugadar leó é ag triall ar Fheargus.

“Mo chús”, arsa Feargus, “ach ní hé sin an fear beag a bhí anso arú ’nné. Folt fionn a bhí ar an bhfear mbeag úd agus casair dhubh atá air seo. Cé hé thusa, a fhir bhig?” ar seisean, “nú cá tír as a dtánaís?”

“De thuathaibh Luchra agus Luprachán me”, arsa Iúbhdán, “agus is me is rí ar na tuathaibh sin, agus Iúbhdán m’ainm”.

“An leatsa an fear beag fionn a bhí anso arú ’nné?” arsa Feargus.

“Is liom”, arsa Iúbhdán.

“Tháinig sé siúd anso ar dtúis agus thánaís-se anso anois. Cad ’tá ag úr dtabhairt anso? Cad ’na thaobh ná fanann sibh sa bhaile? Má taoise chómh géarchúiseach leis an bhfirín eile measaim nách maith an bhail orainn sibh a bheith ag teacht anso chúinn. Tháinig an fear fionn ar dtúis ag brath na tíre seo. Thánaís-se anois chun pé drochbheart atá ar aigne agaibh do chur chun cínn. Cé hí seo?”

Bhí fearg ar Fheargus agus bhí féachaint ana-choímhtheach aige nuair a bhíodh an fhearg air. Má bhí, níor staon Iúbhdán ón bhféachaint ná ón bhfeirg. D’fhéach sé idir an dá shúil ar Fheargus agus bhí an fhéachaint chómh dána, chómh seasmhach san gur bheag ná gur staon Feargus.

“Is í mo bhean”, arsa Iúbhdán. “Is í baintiarna ar thuathaibh Luchra agus Luprachán, agus Bébó is ainm di. Ní hag brath na tíre seo ná ar tí díobhála ’ dhéanamh duitse ná dot mhuíntir a thánamair anso. An fear a tháinig anso an lá fé dheireadh Eisirt is ainm dò. Is é ollamh tuatha Luchra agus Luprachán é. Duairt sé go raibh daoine ana-mhóra anso i gCuig’ Uladh. Níor chreideamair a chainnt. Do gabhadh é mar gheall ar an gcainnt bhréagach do rá, dar linn. D’iarr sé aisce agus cáirde trí lá agus trí oíche chun go dtiocfadh sé anso agus go mbéarfadh sé leis abhaile cómhartha sofheicse a thispeánfadh dúinn go léir go nduairt sé fíor nuair aduairt sé go raibh na fir mhóra so i gCúig’ Uladh. Tháinig sé. Chonacabhair go léir é. Do rug sé leis abhaile ag triall orainn Aodh Éigeas. Chómh luath agus ’ chonacamair Aodh Éigeas bhí ’ fhios againn gur fírinne do labhair Eisirt agus gur deineadh éagóir air. Ansan do chuir Eisirt de gheasaibh ormsa teacht anso go hEamhain agus gur me céad duine ’ chífeadh an leite coímhde a déanfí anso ar maidin inniu. A d’iarraidh radhairc ’ fháil ar an leitin sin a bhíos nuair a thiteas isteach sa choire. Sin é fírinne an scéil go léir agat, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “agus”, ar seisean, “ní duartsa bréag riamh”.

“Tá go breá!” arsa Feargus. “B’fhéidir go bhfuilimíd beagán mothaolach, dar leatsa, a Árdrí bhig. Ná meas it aigne, áfach, go gcreidfimís cainnt den tsórd san. Beirtear amach an tÁrdrí beag so agus curtar i measc an gharbhtheaghlaigh é agus cimeádtar go maith é. Caithfar a dhéanamh amach cad é an gnó a thug anso é, nú cad é an t-uisce-fé-thalamh atá beartaithe ag na daoine beaga so do dhéanamh orainn”.

Do rugadh Iúbhdán amach agus do cimeádadh é i measc an gharbhtheaghlaigh, agus is é a bhí go dochraideach ann. Níor mhiste, dar leis, garbhtheaghlach a thabhairt ar an muíntir a bhí ’na thímpall. Bhíodar garbh ar gach aon tsaghas cuma; garbh ’na mbéasaibh; garbh ’na gcainnt; garbh ag ithe agus ag ól; garbh ’na gcuideachtanas. Ní raibh aon taithí riamh ag Iúbhdán ar a leithéidí agus bhí an scéal go míchothromach aige eatarthu.

Foclóirín

anso: “here”, or anseo in GCh.
arú nné: “the day before yesterday”, pronounced /ɑ’ru: nʹe:/.
aréir: “last night”, pronounced /ə’reːrʹ/ (araeir). Aréir roimis sin, “the night before”.
bailím, bailiú: “to gather”. Do bhailigh sé suas é féin, “he gathered himself, straightened himself back up”, i.e. after falling over or slipping or suffering a twist.
baintiarna: “lady, queen”, pronounced /bainʹ-tʹiərnə/. This would be bantiarna in GCh, but it seems correct to retain the slender n given in the original text here.
béal: “mouth”, but also “edge or opening of something”, as of the opening/top edge of a pot here.
beartaím, beartú: “to plan, devise”.
brách: “judgement, doomsday”. Go brách, “forever”, or in negative contexts, “never”.
braithim, brath: “to spy out, reconnoitre”.
breá: “fine”. Tá go breá, “that’s all very well”, in a sarcastic/deprecatory sense.
cá: “what? where?” Cá tír as a dtánaís?, “what country have you come from?”
caor: “berry”.
cás: “case”, but often more along the lines of “state of affairs, situation”.
casair: “head of curly hair”, a word that means “hail” (the meteorological phenomenon) in FGB.
casta: “twisted; curly, of hair”.
cimlim, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in GCh. Cimilt de rud, “to rub against something”. Pronounced /kʹimʹilʹimʹ, kʹimʹiltʹ/.
cnuc: “hill”, or cnoc in GCh.
coímhtheach: “alien; wild”, or coimhthíoch in GCh. Féachaint choímhtheach, “a wild, fierce look”. Pronounced /ki:həx/.
cómhdheas: “equally good, equally convenient; all the same”.
cruaidh: “hard”, or crua in GCh. Pronounced /kruəgʹ/.
cuardaím, cuardach: “to search”. Cuardach do rud, “to search for something”.
cuideachtanas: “social intercourse”. Garbh na gcuideachtanas, “rough/uncultured in their social habits/their style of social interaction”.
cuil: “fly” (the insect”.
cús: “conscience”, or cúis in GCh. This word was spelt chubus in the original as if there were a clearly pronounced b here, but the transcription of mo chubus in the LS edition of Eisirt was mo chús. The word was originally spelt cubhas, but PSD indicates that cubhais was the later accepted form that influenced the GCh form. More research required on the WM pronunciation of this word, especially asCFBB has cúis in the meaning of “conscience”. Foclóir d’Eisirt claims the modern Irish form of this word is cogúbhas or cogus, and PSD also has entries for cogubhas/coguas/cogús. FGB has cogús without crossreferencing to cúis. Mo chús!, “by my conscience” (see dar mo chúis! in FGB).
dearg: “red”, pronounced /dʹarəg/.
dearúd: “mistake”, or dearmad in GCh.
dochraideach: “sore at heart, worried and annoyed”, pronounced /doxəridʹəx/.
doircheacht: “darkness”, or dorchacht in GCh. Possibly pronounced /dorʹihəxt/.
fiolar: “eagle”, or iolar in GCh.
fionnbhuí: “light yellow”. Pronounced /fʹunə-viː/.
fó: “under”. This is a byform of , and the LS edition of Eisirt gives the pronunciation of neach fó ghréin as neach fé ghrén.
fúnsa: “circular band, hoop”, or fonsa in GCh.
fuíollach: “remains, remainder”, or fuílleach in GCh.
garbh: “rough”, pronounced /gɑrəv/.
garbhtheaghlach: “the common soldiers of the royal household”.
giorracht: “closeness, nearness”.
gleóite: “lovely, delightful”.
grua: “cheek”. This word is feminine in GCh, but appears to be masculine here, as is confirmed by Foclóir d’Eisirt, as the dual form a dhá ghrua does not given the feminine dative singular form gruaidh.
i ganfhios: “unbeknown, unawares”. Pronounced /ə’gɑnis/.
láithreach: “presently, without delay”, pronounced /lɑːrʹhəx/.
méar: “finger”, with méireanna in the plural, where GCh has méara.
mias: “dish, plate”, with méis in the dative.
míchothromach: “uneven, unequal; wretched, extremely uncomfortable”, or míchothrom in GCh. Pronounced /mʹi:’xorhəməx/.
mil: “honey”, with meala in the genitive.
mothaolach: “gullible”.
muir: “sea”.
neach: “a person”. Neach fó ghréin, “anyone under the sun”; in negative contexts “no one at all”.
oiread: “amount”. Bhí oiread leitean ar thóin an chorcáin agus go ndeigh sé síos go dtí an dá oscaill inti, “there was so much porridge on the bottom of the pot that he sank down into it up to his armpits”. Theoretically oiread agus should be followed by a relative clause (oiread agus a chuaigh sé síos…): Gearóid Ó Nualláin explains such constructions with oiread agus go as the product of the contamination of bhí oiread leitean ann go ndeigh sé síos by bhí oiread leitean ann agus a chuaigh se síos; see Studies in Modern Irish, Part 1, p195.
oscall: “armpit”, with the dative singular/dual oscaill. Note the nominative/dative distinction is not observed in GCh, where the word appears as ascaill.
ríghin: “slow”, but also “viscous” of liquids. Pronounced /riːnʹ/.
sceartaim, sceartadh: “to burst”, or scairtim, scairteadh in GCh. Note that PUL’s Séadna uses both sceartaim and scairtim. Scairteadh ar gháirí/ar gháiríbh, “to burst out laughing”.
seabhac: “hawk”. Pronounced /ʃauk/.
sicín: “chicken”. Generally sicín circe.
sleamhain: “smooth, slippery”, pronounced /ʃlʹaunʹ/.
sleamhnaím, sleamhnú: “to slip”. Sleamhnú de rud, “to slip against something”.
teas: “heat”. I ndeireadh a teas, “lukewarm”. GCh has teasa in the genitive, but PSD confirms that teas is a valid genitive of this word.
téim, dul: “to go”. Dul ar an each, “to get on/mount the horse”.
tí: “point, mark”. Ar tí, “on the point of, intending to”.
tír: “country”. PUL uses tíre in the genitive, but the LS edition of Eisirt transcribes tíre as tíreach in chapter 7, which form is found as a variant in PSD.
tón: “bottom”, or tóin in GCh, where the historic dative has replaced the nominative.
tritheamh: “fit (e.g., of laughter)”. Tritheamh gáirí, “a fit of laughter”.
uisce-fé-thalamh: “intrigue”, or uisce faoi thalamh in GCh. This is properly a single hyphenated noun, and not a noun phrase.
únthairt: “rolling, tossing about”, or únfairt in GCh. Pronounced /u:nhirtʹ/.

Eisirt, caib. a 6

Caibideal a VI.

Do Labhrais Fíor!”

Nuair a bhí Aodh ’na shuí ar an gcórtha agus a dhrom siar leis an bhfalla bhí sé ar a shástacht maith go leór. Bhí sé ar dheis an Árdrí, ach bhí ceataí sa scéal. Na huaisle a bhí ar dheis Aodha ní raibh aon bhreith acu ar aon radharc ’ fháil ar an Árdrí, ná ag an Árdrí ar aon radharc ’ fháil orthu san. Nuair a bhí an tÁrdrí ’na shuí ’na chathaoir ríoga, bíodh go raibh an t-árdán fén gcathaoir, ní raibh ceann an Árdrí ach chómh hárd leis an gcórtha. Bhí ceathrú chlé Aodha suas ar fad os cionn chínn an Árdrí, agus bhí glúin chlé Áodha an-fhada suas agus an-fhada amach, i dtreó ná raibh aon bhreith ag an Árdrí ar aon radharc in aon chor a dh’fháil ar a raibh den halla agus den chuideachtain ar an dtaobh eile d’Aodh. Ní raibh radharc aige ach ar na daoine a bhí ar a thaobh féin den halla agus ar na daoine a bhí ar a aghaidh anonn.

Bhí Eisirt ar a aghaidh anonn, san áit ’na raibh sé an oíche ’ dhein sé an gháire úd a chuir an fhearg ar an Árdrí, ar Iúbhdán. Bhí ana-channcar anois ar Iúbhdán mar gheall ar an bhfeirg sin, ach ní aithneódh éinne air go raibh aon channcar air. Bhí ’ fhios aige go raibh buaite ag Eisirt air, ach ní aithneódh éinne air go raibh sé ag cuímhneamh in aon chor ar Eisirt, ná ar an ngáire ’ dhein sé, ná ar an éagóir a deineadh air. Bhí aigne Iúbhdáin róríoga agus an smacht rómhaith aici uirthi féin. Níorbh fhéidir d’éinne a thabhairt fé ndeara go ngoíllfeadh nithe den tsórd san uirthi. Bhí Eisirt thall agus é ag faire go géar ar an Árdrí féachaint an dtispeánfadh sé aon phioc den channcar. Níor thispeáin. Bhí sé ag cainnt go breá séimh sultmhar, uaidh suas, le hAodh, ag cur an uile shaghas tuairiscí air i dtaobh Chúige Uladh agus i dtaobh na ndaoine móra agus i dtaobh Fhearguis mhic Léide, an tÁrdrí a bhí orthu. Bhí Aodh Éigeas ag tabhairt gach cúntais dò, ar na daoine móra agus ar a nósa agus ar a ndlithe, ar a scéalaíocht agus ar a seanchas agus ar a gcuid léinn agus eólais. Bhí teinneas i mineál Iúbhdáin ó bheith ag casadh a chínn agus ag cainnt uaidh suas, agus bhí teinneas i mineál Aodha ó bheith ag casadh a chínn a d’iarraidh cromadh síos dá ghualainn chlé chun beirthe ar fhocal an Árdrí fé mar a labhradh sé an focal.

Sa chainnt dóibh do thuig gach duine acu aon ní amháin. Do thuig Aodh, má ba bheag agus má ba shuarach le rá colann an Árdrí gur mhór agus gurbh árd í a aigne. B’é féin árdollamh Uladh, ach do thuig sé ná raibh ann ach duine gan eólas seochas Iúbhdán. Bhí ’ fhios aige gur thuig Iúbhdán an ní sin leis, ach go raibh sé ró-uasal, róríoga, chun a leogaint air gur thuig sé é. Do thuig Iúbhdán in’ aigne, pé téagar cuirp agus neart géag a bhí in sna fearaibh móra i gCúig’ Uladh, ná raibh puínn le maíomh acu a’ neart a n-aigne ná a’ méid a n-eólais ná a’ géire a n-íntleachta. Dar leis, má b’é an tAodh seo an t-árdollamh a bhí acu agus an réalt eólais a bhí acu, bhí an donas ar fad le dúire ar an gcuid eile acu, idir rí agus daoine.

Níorbh é Iúbhdán amháin go dtáinig an smaoineamh san in’ aigne dhò an uair sin. Bhí na daoine beaga go léir, mórthímpall an tseómra mhóir, idir gach dá ghreim bídh a dh’ithidís, ag féachaint anonn ar an bhfathach a bhí thall ar dheis an rí agus bhí sé daingean ’na n-aigne go léir ná raibh ann ach leathamadán. Bhí a cheann agus a cheannatha agus a bhalla beatha go léir rómhór, ró-annspianta chun puínn cruinnis aigne ’ bheith istigh ann. Do rug an smaoineamh san greim níos daingne fós ’na n-aigne nuair a chonacadar an t-ualach mór bídh a dh’ith sé. Is amhlaidh a cuireadh clár mór ar a ghlúinibh chuige agus do cuireadh an bia ar an gclár. Do cuireadh dóthain beirte chuige ar an gclár. D’oscail sé a bhéal agus chuir sé an méid sin isteach ann in éineacht. Is ar éigin ’ fhéad sé é ’ thabhairt fén’ fhiaclaibh bhí sé chómh suarach san. Bhí sé imithe siar gan tuairisc sara raibh ’ fhios aige, puínn, go raibh sé ’na bhéal. Ansan do cuireadh dóthain trír chuige, —dóthain ceathrair, —dóthain cúigir. Bhíodh an bia ite aige chómh tiubh agus a curtí chuige é. Bhí iúnadh agus scárd ar an gcuideachtain nuair a chonacadar an bia go léir ag imeacht. Níor leogadar orthu, áfach, go raibh blúire iúnadh orthu. Bhíodar ró-onóireach, róbhéasach chuige sin. Do choigleadar an iúnadh chómh maith san, le cainnt agus le sult agus le magadh eatarthu féin, nár thuig Aodh go rabhthas ag déanamh aon iúnadh dhe. Um an am ’na raibh a ndóthain bídh ite acu go léir bhí dóthain deichniúir agus daichead acu san de bhia ite ag Aodh.

Nuair a bhí an bia caite do tugadh an deoch tímpall. “Do baineadh na cínn bheaga as na dabhchaibh”, mar a baineadh an chéad oíche úd. Ansan is ea ’ bhí an obair ag an lucht friothála. Cá bhfaighfí árthach ’na bhféadfadh Aodh deoch a dh’ól as? Bheadh sé chómh maith aige bheith ag casadh le deoch a dh’ól a’ méaracán le bheith ag casadh le deoch a dh’ól as aon cheann de sna hárthaíbh a bhí acu san. Chuímhnigh Eisirt ar sheift. Ghlaeigh sé chuige ar an bhfear-tís agus thug sé cogar dò.

“Bain an ceann uachtair le buille ’ thuaigh as an mbairille mór san thall”, ar seisean, “agus déanfaidh sé an gnó”.

Do bhain. Do cuireadh an bairille agus a raibh de dhigh ann ar an dtalamh chun Aodha. B’éigean dò féin é ’ thógaint agus é ’ chur ar an gclár a bhí ar a ghlúinibh. Ní fhéadfadh an lucht friothála an bairille ’ chur in áirde ar an gclár dá bhfaighidís Éire air. Do rug Aodh air díreach mar a bhéarfadh fear ar mhórnán agus chuir sé chuige ar an gclár é. Ní rófhada go raibh sé folamh aige. Dúradh leis é ’ chur ar an dtalamh agus do líonadh arís dò é.

Bhíodar go léir “ag ól agus ag aoibhneas” ar feadh tamaill mhaith. Tháinig an t-am ’nar ceapadh go n-éireódh Iúbhdán agus go ndéanfadh sé cainnt. Níor éirigh sé. D’éirigh Eisirt agus d’iarr sé ar an Árdrí cead cainnte ’ thabhairt dò. Do thug. Ansan do labhair sé.

“An uair dhéanach a bhíomair anso i bhfochair a chéile”, ar seisean, “do labhair an tÁrdrí linn ar mhéid a chómhacht, ar neart agus ar líonmhaire a mhórshló, ar uaisleacht agus ar thréine a thaoiseach agus a ríthe féinne, agus duairt sé linn ná raibh an chómhacht san ar bith a bhéarfadh daoine ná ollmhaitheas amach as an rítheaghlach so ar éigin. Nuair ’ airíos féin an chainnt sin níor fhéadas gan gáire ’ dhéanamh. Tháinig fearg ar an Árdrí. D’fhiafraigh sé dhíom, os úr gcómhair go léir, a mhaithe agus a mhóruaisle tuatha Luchra agus Luprachán, cad fé ndeara dhom an gháire sin do dhéanamh. Duartsa, á fhreagradh, gurbh eól dom cúige de chúigibh Éireann agus go raibh fir ann go mbéarfadh aon fhear amháin acu daoine agus ollmhaitheas amach as an dteaghlach so ar éigin, in ainneóin Iúbhdáin agus seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán. Nuair ’ airigh an tÁrdrí an focal san uaim tháinig fearg mhór air agus d’órdaigh sé me ’ ghabháil agus díoltas a dhéanamh orm mar gheall ar an gcainnt aduart. D’iarras ar an Árdrí agus ar an gcuideachtain a bhí láithreach go mbogfí dhíom agus go leogfí dhom dul go dtí an áit ’na raibh na fir mhóra san agus go dtabharfainn liom anso cómhachta sofheicse a thispeánfadh gur labhras fírinne nuair aduart an chainnt. Fágaim anois fén Árdrí féin agus fúibhse, a mhaithe agus a mhóruaisle, ar labhras fírinne nú ar labhras bréag”.

“Do labhrais fíor! Do labhrais fíor!
ar siad go léir agus iad ag féachaint ar Aodh agus ag cur na súl tríd, ó gach aon pháirt den tseómra. Bhí Aodh ag féachaint anuas orthu mórthímpall agus a dhá shúil ar dianleathadh le hiúnadh nuair a chonaic sé na daoine beaga miona go léir agus iad chómh hanamúil, chómh haibidh, chómh géarchúiseach.

“Do labhras fíor, a Árdrí, agus a mhaithe mhóra”, arsa Eisirt. “Do gabhadh me gan chúis. Do deineadh éagóir orm. Do deineadh ní orm ba mheasa ná me ’ ghabháil gan chúis. Do labhras fíor agus do cuireadh bréag im leith. Is é Iúbhdán, Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán, a chuir an bhréag san im leith. Dá bhrí sin cuirimse anois de gheasaibh ar Iúbhdán dul go hEamhain mar a gcónaíonn Fergus mac Léide agus na fir mhóra, agus gurb é céad duine do chífidh ar maidin amáireach an leite coímhde atá i gcoire mór na hEamhna, i dteaghlach Fhearguis. Ní foláir duit dul ann, a Árdrí, agus beidh tú bliain in Eamhain sara dtiocfadh leat casadh thar n-ais go Mágh Faithlinn”.

Do shuigh Eisirt. Chrom na daoine a bhí in’ aice ar é ’ cheistiú i dtaobh na n-iúnaí saeil a chonaic sé i gCúig’ Uladh. Bhí sé dhá n-ínsint dóibh. Bhí gasra thall leis ag ceistiúchán ar Aodh agus bhí Aodh ag tabhairt gach tuairisce dhóibh chómh maith agus d’fhéad sé.

D’éirigh Iúbhdán agus shleamhnaigh sé amach. D’éirigh Bébó agus shleamhnaigh sí amach ’na dhiaidh.

Foclóirín

amáireach: “tomorrow”, or amárach in GCh.
anamúil: “lively”.
anonn: “over to that side”. Ar a aghaidh anonn, “facing him on the other side”. Pronounced /ə’nuːn/.
aoibhneas: “delight”, pronounced /iːvʹinʹəs/. Ag aoibhneas here seems to use aoibhneas as a verbal noun, “enjoying themselves”.
ball: “place, spot”. Ball beatha, “limb”.
beirim, breith: “to bear, take, carry; to give birth”, and numerous other meanings. Note that the r of rug is pronounced slender in some circumstances, e.g. do rug, /də rʹug/. Rud do bhreith ar do bhais leat, “to carry something in the palm of your hand”. Breith ar fhocal, “to catch a word someone is saying”. Chun beirthe ar fhocal an Árdrí: this phrase uses the genitive of the verbal noun where chun breith could have been employed instead.
bia: “food”, with bídh in the genitive, pronounced /bʹiə, bʹiːgʹ/.
bogaim, bogadh: “to move”. Bogadh de dhuine, “to release someone, let him go”.
buaim, buachtaint: “to win, gain a victory”, or buaim, buachan in GCh. In impersonal use with ar: bhí buaite ag Eisirt air, “Eisirt had beaten him”.
canncar: “canker, anger, spleen”, or cancar in GCh. The traditional double n is retained here to show the diphthong: /kauŋkər/.
ceannatha: “facial features”, or ceannaithe in GCh. Pronounced /kʹə’nɑhə/, according to PUL in NIWU 60.
ceataí: “inconvenience, awkwardness, a problem”. This appears in GCh as ciotaí, but ceataighe is the traditional spelling, and the pronunciation in WM Irish is /kʹa’ti:/.
ceathrar: “four people”, pronounced /kʹahərər/.
ceathrú: “quarter”, but also “thigh”. Pronounced /kʹar’huː/.
clár: “board; table”.
coiglim, coigilt: “to conceal, cover up”, or coiglím, coigilt in GCh. Pronounced /kogʹilʹimʹ, kogʹiltʹ/.
coímhde: “lord, king”, or coimdhe in GCh where the traditional spelling with an unlenited m and a lenited d is adhered to. Leite coímhde, “royal stirabout, stirabout for the king’s household”. FGB shows that an Coímhde is generally used referring to God. Pronounced /kiːdʹi/.
coire: “cauldron, cooking pot”, pronounced /kirʹi/.
colann: “body”, with colainn in the dative, which form is used in the nominative in GCh.
cúige: “province”, literally “a fifth part”. The dative plural would generally be cúigíbh, but the form cuígibh is given in the original and retained as a slightly older form; the LS edition of Eisirt has cúigív.
daichead: “forty”, pronounced /dɑhəd/.
daingean: “firm”, with daingne in the comparative. Pronounced /daŋʹən, daŋʹinʹi/.
deichniúr: “ten people”, pronounced /dʹenʹ’hu:r/.
donas: “bad luck, misfortune”. Bhí an donas ar fad le X orthu, “they were in a bad way in terms of X, they were dreadfully afflicted by X”.
dúire: “rigidity”, and by extension, “stupidity, thickness”.
éigean: “violence, force”. Ar éigin, “by force”. Foclóir d’Eisirt says this word is feminine, which explains the dative form, although PUL’s gospels have lucht an éigin, which show the word to be masculine.
falla: “wall”, or balla in GCh.
fé ndeár, fé ndeara: thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in GCh. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeár also has a additional meaning, “cause, reason”. Gearóid Ó Nualláin points out in his A Key to the Exercises in Studies in Modern Irish Part I, pp3-4 that in Munster Irish it is usual to say tabhairt fé ndeara for “to notice”, but fé ndeár for “cause”, but in any case fé ndeara may be found, as in chapter 6 here, in the meaning of “cause” on the analogy of feárr/fearra.
fiacal: “tooth”, with fiacla in the plural. This would be fiacail in GCh, where the historical dative is used. Pronounced /fʹiəkəl, fʹiəkələ/.
freagraim, freagairt/freagradh: “to answer, reply to”, pronounced /frʹagərimʹ, frʹagirtʹ~frʹagərə/. While the verbal noun is normally freagairt, there is an example here of freagradh being used as the verbal noun of this verb.
gasra: “band or group of people”, pronounced /gɑsərə/.
geas: “solemn injunction”, and in the plural geasa, “a magical spell”; geis in GCh where the historical dative is used. Cuirim de gheasaibh ort rud a dhéanamh, “I place a spell on you forcing you to do something”. Foclóir d’Eisirt explains that rather than being a spell as such, geas was “a kind of magical bond which it was considered impossible to violate. To break the geas meant both death and dishonour”.
goillim, goilliúint: “to injure, harm, affect adversely”, used with ar. The conditional is edited as goíllfeadh here, although goilhach is the form shown in the LS version of Eisirt. This is because IWM shows the preterite ghoíll is pronounced /ɣiːlʹ/, and a long i can be expected before verbal endings starting with a consonant. These forms are therefore pronounced /gilʹimʹ, gi’lʹuːntʹ, giːlʹhəx/.
íntleacht: “intellect, intelligence”, pronounced /i:ntlʹəxt/. The LS version of Eisirt has íntileachda, for íntleachta, but I am not convinced an epenthetic vowel is needed here, as CFBB shows none for intliúil.
leite: “porridge, gruel, stirabout”.
mineál: “neck”, or muineál in GCh. CFBB shows this word has a slender m (p 273).
mórnán: “porringer, pail; a small bowl”.
onóireach: “honourable, upright”. Onórach is also found in PUL’s works, which form is adopted in GCh.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
puínn: “much”. Sara raibh fhios aige, puínn, “before he quite knew”. Pronounced /piːŋʹ/.
réalt: “star”, pronounced /reːhl/. This is generally réiltín in WM Irish and réalta in GCh, but is used here in a metaphorical sense: réalt eólais, “guiding star, lodestar; leading light in terms of knowledge”.
seanchas: “history”, pronounced /ʃanəxəs/. PUL stated in Notes on Irish Words and Usages that stair does not mean “history”, and that the correct word is seanchas. Nevertheless, seanchas is commonly used for the storytelling, folklore mode of the recounting of history.
seift: “plan, idea”.
suarach: “paltry, insignificant”. Suarach le rá, “no big deal, nothing to speak of”.
súil: “eye”. Na súile chur trí dhuine, “to look at someone intently”.
táim, bheith: “to be”. Rabhthas here is the dependent autonomous form of the preterite, pronounced /rouhəs/.
téagar: “bulk”.
teinneas: “soreness”, or tinneas in GCh.
tíos: “housekeeping, household”. Fear-tís, “house steward”.
triúr: “three people”, with trír in the genitive here where GCh has triúir. Dóthain trír, “enough for three people”.
tua: “axe”, with tuaigh in the dative. Buille thuaigh, “axe-blow”, where de is elided between the two words.
tuairisc: “news, tidings, account”. Imithe siar gan tuairisc, of food, means, more or less, “gone and forgotten”, of food that hardly registers on your appetite.
uaidh suas: a phrase used to show that the king was having to lean upwards to talk to Aodh; what he said was delivered “from him, upwards”.

Eisirt, caib. 5

Caibideal a V.

An tAbhac in’ Fhathach.

Bhí Eisirt agus Aodh ag cur na slí dhíobh. Thugadh Aodh fé ndeara conas mar a bhíodh Eisirt ag sodar, a d’iarraidh cimeád suas sa tsiúl. Tháinig ana-mhóráil ar Aodh mar gheall air sin. B’in rud nár thit amach riamh roimis sin dò, duine ’ bheith ag siúl lena chois agus go gcaitheadh sé bheith ag sodar a d’iarraidh cimeád suas leis. D’árdaigh sé a cheann agus shiúlaigh sé go hana-rábach, i dtreó gur dhó’ le duine gurbh fhathach é in inead é ’ bheith ’na ruathaire bheag abhaic. Do shuaitheadh sé a dhá chuislinn agus dhíríodh sé a dhrom agus do shíneadh sé a chosa, i dtreó gur dhó’ le duine air go raibh se buailte isteach in’ aigne go raibh sé chómh mór, chómh hárd, chómh calma le Feargus mac Léide féin.

Uair dá raibh Eisirt tamall maith siar uaidh d’fhéach sé thar a ghualainn siar air agus bhain sé crothadh as a cheann le mímheas.

“Ach!” ar seisean, “a rí ollamh, ní maith an cuisí thu!”

Do rith Eisirt go dtí go dtáinig sé suas leis agus go raibh sé an fhaid chéanna roimis amach.

“Eatarthu san atá an chóir, a rí ollamh”, arsa Aodh.

“Is fíor”, arsa Eisirt, “agus sin ar airíos-sa den chóir uaibhse ó thánag go Cúig’ Uladh. Dar mo bhriathar ach gur dó’ liom nár airíos an focal ‘cóir’ amach a’ béal éinne i gCúig’ Uladh gur airíos as do bhéalsa anois é. B’é úr leas aithne níos feárr do chur ar an bhfocal agus ar an ní”.

Ní deirtear sa scéal gur thug Aodh aon fhreagra ar an gcainnt sin.

Chomáineadar leó go dtánadar go Tráigh na dTréanfhear i gCúig’ Uladh.

“Cad a dhéanfaimíd anois?” arsa Aodh.

“Cad a dhéanfaimís ach comáint linn ar uachtar na farraige!” arsa Eisirt.

“Ambasa, a rí ollamh”, arsa Aodh, “má thig leatsa siúl ar uachtar an uisce ní thig liomsa é ’ dhéanamh”.

“Is mór an iúnadh é sin, a rí éigeas”, arsa Eisirt, “agus gur feárr an siúl atá agatsa ná mar atá agamsa. Ba chóir go bhféadfása an fharraige ’ ghabháil san áit ’na mbáfí mise. An t-uisce ná raghadh puínn thar glúinibh ortsa do bháfadh sé mise”.

Lena línn sin chonaic Aodh rud a chuir scannradh air. Chonaic sé ainmhí éigin ag déanamh orthu isteach tríd an bhfarraige.

“Ó!” arsa Aodh, “táimíd réidh!”

“Cad ’tá ort, a rí éigeas?” arsa Eisirt.

“Ó, féach”, arsa Aodh, “an míol miongrua! Tá sé ag déanamh orainn. Táimíd réidh! Do bhárthan ort féin, a dhrochainmhí!” ar seisean leis an ainmhí.

“Éist, a rí éigeas”, arsa Eisirt. “Ní baol dúinn. Ní míol mongrua ná míol mór ná aon drochainmhí eile é sin. Sin é each Iúbhdáin atá tagaithe anso ’nár gcoinnibh chun sinn a bhreith thar farraige go crích tuatha Luchra agus Luprachán. Níl againn ach dul ar a mhuin agus béarfaidh sé slán sinn pé stoirm ná suathadh a bheidh ar an bhfarraige”.

Is amhlaidh a bhí an capall san agus dhá shúil ghríofa, ghlana, sholasmhara, ghlórmhara, ’na cheann, agus muíng bhreá, throm, álainn, chorcra air, agus cheithre cosa uaithne faoi, agus srian óir air. Chuaigh Eisirt ar a mhuin láithreach.

“Tair anso ar mo chúlaibh, a Aodh”, arsa Eisirt.

“Ach, a rí ollamh”, arsa Aodh, “níl ach slí dhuit féin air”.

“Ná bí ag cáineadh an chapaill, a rí éigeas”, arsa Eisirt, “ach tair anso ar mo chúlaibh, agus dá mhéid meáchaint atá ’na bhfuil d’eólas agus d’eagna ionatsa chífir go mbéarfaidh sé sinn araon leis”.

Ansan do chuaigh Aodh suas ar chúlaibh Eisirt, agus do ghluais an capall leó tar thonnaibh móra na farraige, agus do shroiseadar Mágh Faithlinn gan brón gan bá. Bhí Iúbhdán agus tuatha Luchra agus Luprachán go léir cruinnithe rómpu ar Mágh Faithlinn in aonach.

“Sid é Eisirt chúinn!” ar siad go léir.

Ach nuair a chonacadar an fear mór le cois Eisirt tháinig crith chos agus lámh orthu agus ní leogfadh eagla d’éinne acu teacht in aon ghaobhar do. Ní raibh ach Iúbhdán féin go raibh sé de mhisneach aige teacht ’na dtreó agus labhairt leó.

Tháinig sé agus chuir sé fáilte roimh Eisirt agus thug sé trí póga dho.

“Míle fáilte rómhat, a rí ollamh”, ar seisean. “Ach cad chuige dhuit an fomorach so do thabhairt leat chúinn, nú an amhlaidh is maith leat go maródh sé sinn go léir?”

“Ní fomorach é seo, a Árdrí”, arsa Eisirt. “Sid é rí éigeas agus fear dána Chúig’ Uladh, agus cé gur mór ’ fhéachann sé anso níl ann ach abhac ’na dhúthaigh féin. Táid fir mhóra Chúig’ Uladh chómh mór i gcúmparáid leis sin agus ’tá sé sin i gcúmparáid linne. Nuair a bhíonn sé sin sa bhaile is ar bhasaibh na bhfear mor a beirtear ó áit go háit é. Is mór acu go léir é, mar tá léann agus eólas agus eagna agus filíocht ann thar a raibh d’éigsibh riamh in Éirinn. Ní foláir cúram maith a dhéanamh de an fhaid a bheidh sé againn anso, agus cóir mhaith a chur air, i dtreó ná beidh aon locht aige le fáil orainn nuair a raghaidh sé abhaile ag triall ar Fheargus mhac Léide agus ar uaislibh Uladh”.

“Agus cad é an ainm atá ar an bhfear mór so, —nú b’fhéidir gur ceart dom a rá, ar an bhfear mbeag so?” arsa Iúbhdán.

“Aodh Éigeas is ainm do”, arsa Eisirt. “Is é abhac an rí é, agus is mór ag Feargus é”.

Bhí an chuid eile den tslua ag faire ar an dtriúr an fhaid a bhí an chainnt sin ar siúl, agus ba mhór é a meas ar chrógacht Iúbhdáin nuair a chonacadar é, gan scáth gan eagla air, ag dul chómh cóngarach don fhear mhór agus ag cur a thuairisce ar Eisirt.

Ansan do labhair Iúbhdán le hAodh féin agus chuir sé na mílte fáilte roimis agus thug sé trí póga dho, ach b’éigean d’Aodh teacht ar a ghlúinibh agus cromadh síos chun an tailimh chun na bpóg do ghlacadh ón rí, agus nuair a bhí sé ag glacadh na bpóg do chonacthas go raibh a bhéal chómh mór le haghaidh an rí ar fad.

Nuair a chonaic an tslua é ag teacht ar a ghlúinibh agus ag cromadh chun an tailimh mheasadar gur ag úmhlú don rí a bhí sé. D’imigh an scárd díobh láithreach agus chuireadar liú suas mórthímpall Máighe Faithlinn, ag fáiltiú roimis an bhfathach a thug Eisirt abhaile leis. Do líonadar chuige isteach chun go bhfaighidís radharc maith air.

“Ó”, adeiridís le hEisirt, “cá bhfuarais an fathach mór? Conas a thugais leat é? Conas ’ fhéadais bua ’ fháil air agus é ’ thabhairt leat, agus gan é gofa ná ceangailte agat?”

Bhíodar ag dridim isteach i ndiaidh ar ndiaidh agus ag dul i ndánacht ar Aodh go dtí go rabhadar tímpall ar a chosaibh ag iniúchadh agus ag méaraíocht ar na búclaí óir a bhí ’na bhrógaibh agus ag déanamh an uile shaghas magaidh futhu. Ní raibh aon mheas in aon chor acu ag an gceárdaí a ghréas na hórnáidí.

“Ó!” adeiridís, “na cosa móra! Na cosa móra! Conas ’ fhéadann an fathach bocht siúl in aon chor leó! Agus na bróga, nách tútach an lámh a bhí ag an ngréasaí a dhein iad! Ní lámha a bhí aige ach crúba! Agus dar ndó’, ní cosa atá iontu anois ach crúba”.

“Eist”, adéarfadh duine acu, “aireóidh an fathach thu!”

“Ní aireóidh”, adéarfadh an té a labhair, “tá a cheann rófhada suas sa spéir”.

D’airíodh Aodh go maith iad ach ní leogadh sé air go n-airíodh. Níor bheag leis de shult bheith ag éisteacht leó agus ag féachaint uaidh síos orthu.

Ba gheárr go dtáinig na linbh óga tímpall a chos chómh maith le cách, agus iad ag damhas agus ag gáirí agus ag cainnt, ag déanamh suilt de gach ní dá bhfeacadar. Bhí na fir agus na mná beag go leór ach ní raibh in sna linbh ach mar a bheadh luchaidh. Ansan is ea ’ bhí Aodh i dteannta. Bhíodar bailithe isteach tímpall a dhá bhróg agus ní leogfadh scannradh dho aon chos leis a bhogadh den talamh sara satlódh sé orthu agus go maródh sé leathdosaen acu b’fhéidir. Fé dheireadh ghlaeigh sé ar Eisirt.

“Ar ghrá th’oinigh, a Eisirt, a rí ollamh”, ar seisean, “abair leó so dridim amach óm brógaibh le heagla go satlóinn orthu!”

Do labhair Eisirt leó agus dhrideadar amach. Ansan is ea ’ tháinig an alltacht ar fad orthu nuair a chonacadar an fathach ag siúl.

“Aililiú!” ar siad, “conas ’ fhéadann sé na cosa móra san do thógaint chómh hárd!”

Ansan bhíodh cuid dá scoláiríbh ag teacht ’na dhiaidh ag breithniú ar rian a chos agus dhá thómhas le sraíng, agus is mó argóint léannta a bhíodh eatarthu dá bhárr, cuid acu dhá dhéanamh amach gur chosa daonna a bhí aige agus tuilleadh acu dhá dhéanamh amach nárbh ea, ach cosa draíochta.

Chuir Iúbhdán fógra amach dhá rá nárbh fholáir féasta mór a dhéanamh in onóir d’Aodh Éigeas, do rí ollamh Uladh. Gur mhaith leis féin síth agus dea-mhéinn agus caradas a cheangal idir é féin agus Feargus mac Léide, Árdrí Uladh, agus go ndéanfí an ní sin mar ba chuí agus mar ba chóir nuair a tabharfí urraim agus friothálamh ríoga don uasal Ultach so a thárla ar a measc. Do freagradh an fógra go hollamh agus go fonnmhar. Do ceapadh lá an fhéasta. Do hollmhaíodh an bia agus an deoch. Tháinig na huaisle go léir chómh luath agus ’ fuaradar cuireadh. Tháinig seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán féna ríthibh féinne agus féna dtaoiseachaibh airm, díreach mar a thánadar an chéad lá úd nuair a dhein Iúbhdán an chainnt úd a bhain an gháire
a hEisirt.

Bhí Glómar mac Glais mic Glomraide ann, tréanfhear Iúbhdáin, an fear a leagadh an feóchadán le haon bhuille ’ chlaíomh agus go raibh feidhm an dáréag ’na threascairt. Chonaic sé Aodh.

“Dar lámh m’athar”, ar seisean, “ach tá deireadh le leagadh na bhfeóchadán! Ní feicfar mise ag leagadh feóchadáin arís le haon bhuille ’ chlaíomh. Níl ionainn ach meathlóirí seochas an fear san!”

“Ach, a Ghlómair”, arsa Eisirt, “abhac is ea an fear san seochas na fir mhóra atá ’na dhiaidh sa bhaile. In uchtaibh na bhfear mór is ea ’ bhíonn sé, mar a bheadh leanbh. Bhéarfadh fear acu súd Aodh ar bhais leis díreach mar a bhéarfadh Aodh thusa ar a bhais leis”.

Níor labhair Glómar a thuilleadh.

Do cuireadh rítheach Iúbhdáin i gcóir chun an fhéasta agus do cuireadh an chuideachta ’na suí de réir a n-úird, agus do cuireadh Aodh ar dheis Iúbhdáin. Sarar chuaigh Aodh isteach sa rítheach, áfach, b’éigin doras mór d’oscailt i gceann an tí dho, mar, pé cor a thabharfadh sé dho féin ní fhéadfadh sé dul isteach doras an tí. Nuair a bhí sé istigh bhí an scéal maith go leór aige mar bhí an tigh an-árd agus d’fhéad sé seasamh díreach gan a cheann do chur amach trí bhuaic an tí. Ach conas a curfí ’na shuí é? B’in í an cheist. Cá bhfaighfí cathaoir a bheadh mór a dhóthain? Bhí gach éinne ag cuímhneamh agus gach éinne ag cuardach féachaint cá bhfaighfí an chathaoir. Fé dheireadh duairt an bhannrín, Bébó, lena seirbhíseachaibh imeacht agus córtha mór a bhí aici ’na seómra féin do thabhairt leó. Do tugadh isteach an córtha. Bhí sé mór. Bhí sé troigh ar leithead agus troigh ar faid agus naoi n-órlach ar aoirde. Do socraíodh é ar dheis an rí agus do shuigh Aodh air agus bhí sé ar a shástacht.

Foclóirín

ainmhí: “animal”, pronounced /anʹi’vʹi:/.
aonach: normally “fair”, but Foclóir d’Eisirt shows cruinnithe in aonach means “gathered to hold an assembly”.
argóint: “argument”, pronounced /ɑrə’goːntʹ/.
bárthan: “injury, accident”, or bárthainn in GCh. The form bárthan is masculine, in distinction to the GCh form, which is feminine. Do bhárthan ort féin!, “may the injury you intend to do us fall upon yourself instead!”
breithním, breithniú: “to consider, examine”, breathnaím, breathnú in GCh. Pronounced /brʹenʹ’hi:mʹ, brʹenʹ’hu:/. However, IWM has breathnaigh; both forms are likely to have co-existed in WM.
buac: “top, roof”, or buaic in GCh. This is masculine in PUL’s Irish, although buaic, feminine, was the form preferred by PSD.
búcla: “buckle” e.g., on a shoe. Possibly with an epenthetic vowel, although none is shown in the LS edition of Eisirt.
cáinim, cáineadh: “to disparage, belittle”.
caradas: “friendship”, or cairdeas in GCh.
ceann: “head”. I gceann an tí, “at the end of the house/building”.
ceárdaí: “craftsman”.
cóir: “justice”. Eatarthu san atá an chóir, “the golden mean/the right thing lies between those two extremes”. I gcóir, “ready, properly equipped”.
cor: “throw, cast; condition, situation”. Pé cor a thabharfadh sé dho féin, “however he looked at it; no matter what he did”, literally “whatever turn he gave himself”.
córtha: “coffer, large chest”, or cófra in GCh. The original spelling is retained here, showing the correct pronounciation, /koːrhə/.
crích: “end, fate; territory, region”, or críoch in GCh, where the historically correct nominative is used.
crith: “trembling”. Crith chos agus lámh, “trembling in all the limbs”, a phrase always given so with lenition on the word cos.
crúb: “hoof”.
cuí: “fitting, proper”. Often combined with cóir, mar ba chuí agus mar ba chóir, “as would be fitting and right”.
cuireadh: “an invitation”, pronounced /kirʹi/.
cuisí: “walker; traveller on foot”, or coisí in GCh. The original spelling here is cuisidhe and the LS edition of Eisirt has cuishí, which seems to show a pronunciation of /ki’ʃiː/, but I would still like to check whether /ko’ʃiː/ is not possible.
cuisle: “vein”, but also “arm, forearm”, with cuislinn in the dative. Pronounced /kuʃlʹi, kuʃlʹiŋʹ/.
cúl: “back of the head”. Ar mo chúlaibh, “behind me”.
cúmparáid: “comparison”, or comparáid in GCh.
damhas: “to dance”, or damhsa in GCh. Dinneen notes that this word is used in Munster to refer to the gambolling or dancing of animals, and says that of humans, rínce is used. However, the word is used of the dancing or skipping around of young children here. Pronounced /daus/.
dea-mhéinn: “goodwill”, or dea-mhéin in GCh. Pronounced /dʹa-vʹe:ŋʹ/.
deinim, déanamh: “to do, make”, or déanaim, déanam in GCh. Déanamh amach, “to hold or claim (in an argument)”.
dridim, dridim: “to get close to, approach, move near”, but often more generally simply “to move”; druidim, druidim in GCh. Dridim amach, “to move away”. Dridim isteach, “to move in closer”.
drom: “back”, or droim in GCh. PUL uses drom (in the nominative and dative) for the actual back of a person or an animal, but druím for more derived usages (druím lámha, “the back of a hand” etc). Pronounced /droum/.
each: “horse, steed”. Pronounced /ɑx/.
eagna: “wisdom”, pronounced /ɑgənə/.
éistim, éisteacht: “to listen; keep silent, hold your tongue”. Note that éist is normally /e:ʃtʹ/, but a byform eist /eʃtʹ/ may also be heard in the phrase eist do bhéal, “hold your tongue”, or as an imperative meaning “hush”.
fé: “under”, or faoi in GCh. Faoi is also found in one passage here.
foláir: “excessive, superfluous”. Ní foláir dom, “I must”. Pronounced /flɑ:rʹ/.
fomorach: “giant”, or fomhórach in GCh. Note that this word properly means “Fomorian”, a mythical race that once conquered Ireland. This word is transcribed in the LS edition of Eisirt as fomarach, whereas fomoraigh was transcribed in the LS edition of Aesop a Tháinig go hÉirinn as fôuruig. PUL consistently writes this word without a lenited m.
fonnmhar: “willing, desirous”. Go fonnmhar, “gladly”. Pronounced /funəvər/.
gabhaim, gabháil: “to go” with many subsidiary meanings. An fharraige ghabháil, “to cross the sea”; see gabháil an t-áth, an abha, in PSD p 503. The past participle is edited as gofa here (“seized, captured”), where the original had gabhtha and GCh has gafa.
gréasaí: “shoemaker, cobbler”. See under gréasaim.
gréasaim, gréasadh: “to decorate, ornament, embroider”, or gréasaím, gréasú in GCh. This word is not given in PSD, but PSD’s entry under gréasaidhe shows that that word, which means “shoemaker, cobbler”, originally meant “embroiderer”.
gríofa: “griffin-like; ferocious”.
guala: “shoulder”, with gualainn in the dative, which form is used for the nominative in GCh.
leathdosaen: “half a dozen”, pronounced /’lʹah-tə’se:n/.
leithead: “width”. Ar leithead, “in width”.
líonaim, líonadh: “to fill”. Do líonadar chuige isteach, “they crowded in around him”.
luch: “mouse”, with the plural luchaidh, where GCh has lucha. Pronounced /lux, luxigʹ/.
meáchaint: “weight”, or meáchan in GCh. Dá mhéid meáchaint atá ’na bhfuil d’eólas agus d’eagna ionatsa, “however deep your knowledge and wisdom”.
méaraíocht: “act of fingering, toying or fiddling with something”, followed by ar.
meathlóir: “weakling, blighted creature”, pronounced /mʹahə’loːrʹ/.
mímheas: “disrespect; disdainful regard”.
míol: “animal, creature”. Míol mór, “whale”, written as one word in the original.
mongrua: “russet-maned”, where mong is the original nominative of a word meaning “mane”, found in GCh as moing and here as muíng. This word would probably be moingrua in GCh. Míol mongrua, “hare”, a translation that agrees with the text in Silva Gadelica. See also PSD under mong-. Pronounced /mouŋg̩̩̩-ruə/.
móráil: “pride, vanity”, pronounced /muə’rɑ:lʹ/.
muíng: “horse’s mane”. Pronounced /miːŋgʹ/.
oineach: “good name, reputation.” Ar ghrá th’oinigh, “for the sake of your honour.” Listed in Ó Dónaill’s dictionary under both eineach and oineach.
ollamh: “readily”, or ullamh in GCh. Go hollamh, “readily”, as with a degree of enthusiasm.
órd: “order, rank, dignity”, with úird in the plural. These would be ord and oird in GhC, but the pronunciation is /oːrd, uːrdʹ/. De réir a n-úird, “by rank, according to their ranks”.
órlach: “inch”. The plural used with numerals is generally órla (cf. sé hórla in PUL’s novel Niamh), but we have naoi n-órlach here, using the singular.
pé: “whichever, whatever”.
rábach: “bold, dashing”. Siúl go rábach, “to walk vigorously”.
réidh: “smooth, even, even-tempered”, but also “done for”. Pronounced /re:gʹ/.
ruathaire: “rover, gadabout”, explained in Foclóir d’Eisirt as originally meaning “a small, loose stone on the road, and hence a small person always running about”.
satlaím, satailt: “to tread”. This word occurs as satlann in the present tense in PUL’s Aesop a Tháinig go hÉirinn, but is generally used,
as here with satlódh in the conditional, in the second conjugation. Pronounced /sɑtə’liːmʹ, sɑtihlʹ/.
scárd: “a terrified look”. Both scárd (masculine) and scáird (feminine) are found in PUL’s works.
scoláire: “scholar, pupil”, pronounced /sklɑ:rʹhi/. AÓL is on record as confirming the h in the pronunciation of this word, which is sometimes written scoláirthe.
seirbhíseach: “servant”, pronounced /ʃerʹi’vʹiːʃəx/.
seochas: “besides, in comparison with”, or seachas. Spelt seachas in the original, but pronounced /ʃoxəs/.
seómra: “room”, pronounced /ʃoːmərə/. I need to confirm this, as IWM and the LS editions of Séadna and Eisirt do not show an epenthetic vowel, whereas the LS edition of An Choróinn Mhuire does.
síth: “peace”.
slua: “crowd”. This word is feminine in PUL’s Irish, but masculine in GCh.
sranng: “string, cord”, or srang in GCh. The dative is edited here is sraíng. Pronounced /srɑuŋg, sri:ŋgʹ/.
srian: “reins of a horse”.
sroisim, sroisiúint: “to reach”, or sroichim, sroicheadh in GCh. This was spelt with -ch in the original, but IWM and CFBB confirm the WM pronunciation is /sroʃimʹ, sro’ʃu:ntʹ/.
stoirm: “storm”, pronounced /storʹimʹ/.
suaithim, suathadh: “to shake, toss about”, or suaithim, suaitheadh in GCh.
tagaim, teacht: “to come”. Impersonally with le, “to be able”, an idiom in which tagann frequently occurs in the form thig: má thig leatsa siúl ar uachtar an uisce ní thig liomsa é ’ dhéanamh, “if you are able to walk on the surface of the water, I can’t”. The imperative, given as tar in the original, which is the form adopted in GCh, is edited here as tair, in line with the general WM pronunciation.
teannta: “prop, support”, but also “a fix, a difficult situation”. Bhí Aodh i dteannta, “Aodh was in an awkward situation”.
tómhaisim, tómhas: “to measure, estimate”. Pronounced /toːʃimʹ, toːs/.
tonn: “wave”, with tonnaibh in the dative plural, given as tonntachaibh in PUL’s An Cleasaidhe. Pronounced /tuːn, tunivʹ, tuːntəxivʹ/.
tútach: “clumsy; crude, botched”.
uachtar: “top, surface”.
uaithne: “green”, or uaine in GCh, pronounced /uənʹhi/. Uaithne, in contrast to glas, refers to artificial green shades.
ucht: “bosom; lap”.

Placenames

Mágh Faithlinn: pronounced /mɑː falʹhiŋʹ/ according to the transcription in LS. I haven’t been able to identify this placename. The genitive is given here as Máighe Faithlinn, which is pronounced the same.
Tráigh na dTréanfhear: apparently a place in Ulster. The Giant’s Causeway on the northern shores of Co. Antrim was known in Irish as Tóchar na dTréanfhear and Tráigh na dTréanfhear may be a variant of this.