Monthly Archives: December 2018

Lúcián 15

XV. Díogenés agus Alecsander Díog. Cad é seo airiú, a Alecsandeir? An amhlaidh a fuarais-se bás, leis, ar ár nós go léir? Alecs. Chíonn tú gurb ea, a Dhíogenéis. Ní hiúnadh me ’ fháil bháis ó ba dhuine me. Díog. … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 14

XIV. Alecsander agus Annibal agus Mínós agus Scipión Alecs. Is ceart mise do chur rómhatsa, a Líbuaigh, óir is feárr me ná thu. An. Ní ceart in aon chor. Is mise is ceart do chur rómhatsa. Alecs. Más ea fágaimís … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 13

XIII. Zénophantés agus Callidémidés   Zén. Airiú, a Challidémidéis, conas a fuarais-se bás! Im thaobh féin de, fear itheacháin ab eadh me do Dheinias agus is amhlaidh a dh’itheas an iomad agus do tachtadh me, mar is eól duit, óir … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 12

XII. Crátés agus Díogenés Crát. An raibh aithne agat, a Dhíogenéis, ar an bhfear saibhir úd ó Chorint, an fear ana-shaibhir úd Moírichos ’na raibh na loingeas cheannaíochta go léir aige? ’Na ndeireadh Aristeas a chol ceathar leis (bhí seisean, … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 11

XI. Chárón agus Hermés agus Daoine Marbha Eile   Chár. Cloisidh conas mar atá an scéal againn. Tá an báidín seo ana-bheag, féach, agus é leathlofa, agus é ag leogaint an uisce isteach go tiubh, agus má suaitear anonn ná … Continue reading

Posted in Lúcián | 3 Comments

Lúcián 10

X. Menippos agus Amphilochos agus Trophónios. Men. Féach anois, is daoine marbha an bheirt agaibhse, a Throphóniois agus a Amphilochois, agus ní féidir liomsa a thuiscint cad a bheir gur fiú sibh teampaill a bheith ann in úr n-onóir agus … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 9

IX. Poseídón agus na Deilphiní Pos. Maith, a Dheilphiní. Is báidhiúil sibh i gcónaí le daoine. Is fadó ’ chuiriúir mac Ínó amach ar an Istmus nuair a bhí sé féin agus a mháthair t’réis titim de sna Scirónaibh isteach … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 8

VIII. Panopé agus Galéné Pan. A Ghaléné airiú, an bhfeacaís cad a dhein Eris inné ag an gcóisire úd i dTettalia, toisc ná fuair sí féin cuireadh chun na cóisireach? Gal. Ní rabhas ’núr bhfochair, a Phanopé. D’órdaigh Poseídón dom … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 7

VII. Poluphémus agus Poseídón. Pol. Ó a athair, féach an cor atá orm ón gcuirpeach iasachta úd. Chuir sé ar meisce me agus ansan tháinig sé orm agus chaoch sé me. Pos. Agus cé ’ leómhaigh an méid sin a … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 6

VI. Apollón agus Vulcan Vulc. An bhfeacaís, a Apollóin, an naíon so Mhaia a rugadh le déanaí, a bhreáthacht atá sé, agus conas mar a gháireann sé le gach éinne agus mar a thaispeánann sé cheana féin go n-iompóidh sé … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment