Appendix 3

C. Cad iad na tíolaicí a thugann dul fé láimh easpaig dúinn?
F. Seacht tíolaicí an Sprid Naoimh.
C. Abair iad?
F. Eagna, Tuiscint, Cómhairle, Neart, Fios, Cráifeacht, Eagla an Tiarna.
C. Cad is Eagna ann?
F. Tíolaice ón Sprid Naomh, a thugann neamhshuím dúinn in nithibh saolta agus speóis i ngnó ár n-anama.
C. Cad is Tuiscint ann?
F. Tíolaice ón Sprid Naomh, trína dtuigimíd go soiléir fírinní ár gcreidimh, agus trína ndeinimíd dá réir.
C. Cad is Cómhairle ann?
F. Tíolaice ón Sprid Naomh, a sheólann sinn chun glóire ’ thabhairt do Dhia, agus chun leas ár n-anama do dhéanamh.
C. Cad is Neart ann?
F. Tíolaice ón Sprid Naomh, a thugann misneach spriodálta dhúinn chun gach buairt agus trioblóid saolta d’fhulag ar son Chríost, agus chun bua do bhreith ar namhaid ár n-anama.
C. Cad is Fios ann?
F. Tíolaice ón Sprid Naomh, lena n-aithnímíd an tslí chóir chun Dé, ionas go leanfaimís í, agus lena n-aithnímíd an tslí atá aimhleasta, ionas go seachnóimís í.
C. Cad is Cráifeacht ann?
F. Tíolaice ón Sprid Naomh, a bheir dúinn gach ní a thabharfadh glóire agus onóir do Dhia do dhéanamh go héasca agus go húmhal.
C. Cad is eagla an Tiarna ann?
F. Tíolaice ón Sprid Naomh, trína gcrithnímíd le heagla roimh aon ní do dhéanamh a chuirfeadh fearg ar Dhia.

Nóta

Seacht tíolaicí: “seven gifts”. Note that eclipsis is often omitted in PUL’s works after seacht, ocht and deich, as the /t/ or /h/ at the end of these numerals would tend to devoice the first consonant of the following noun.

Foclóirín

crithním, crithniú: “to tremble, shiver”, or creathnaím, creathnú in the CO.
éasca: “free, easy”. Pronounced /e:skə/ according to IWM, but transcribed with the pronunciation /iaskə/ in the Leitiriú Shímplí edition of An Teagasc Críostaí here.
speóis: “interest, liking”, a variant of spéis according to Dinneen’s dictionary.
tíolaice: “bestowal, gift (especially from God)”, or tíolacadh in the CO. This word and its cognates are often spelt with an n instead of an l in PUL’s works (tíodhnactar in PUL’s version of Na Cheithre Soisgéil, etc). The broad or slender quality of the c requires research, as IWM shows tíolacadh to be pronounced /tʹəiləkə/; Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows the verb tíolacaim to be pronounced /tʹəiləkimʹ/; whereas the Leitiriú Shímplí transcription here shows the pronunciation of tíolacadh, spelt tíodhlaice in the original, to be /tʹəilikʹi/, with tíolaicí in the plural, /tʹəilikʹi:/, where the CO has tíolacthaí. It would be difficult to devise a spelling for tíolaice that showed the WM pronunciation without veering a long way from established norms (teadhlaice?).

Appendix 2

C. Cad chuige gur ghlac Mac Dé colann daonna?
F. Chun báis d’fhulag ar ár son.
C. Cathain a fuair sé bás?
F. Aoine an Chéasta.
C. An mó nádúr in Íosa Críost?
F. Dhá nádúr, nádúr Dé agus nádúr duine.
C. Nuair a fuair sé bás ar scar a anam lena chorp?
F. Do scar.
C. Ar scar nádúr Dé lena anam?
F. Níor scar.
C. Ar scar nádúr Dé lena Chorp?
F. Níor scar.
C. Conas d’aiséirigh sé ón mbás?
F. Thug sé a chorp agus a anam chun a chéile arís, lena chómhacht féin, agus ansan bhí sé glórmhar domharaitheach, ag éirí dho as an uaigh.
C. Cad a tuigtear le deasgabháil ár Slánaitheóra?
F. A ghabháil ar deasláimh Dé.
C. Cad é brí na bhfocal san, “ar deasláimh Dé.”
F. Go bhfuil ag Íosa Críost, sa mhéid gur Dia é, na cómhachta céanna atá ag an Athair Síoraí, agus sa mhéid gur duine é gurb é is giorra do Dhia in sna flaithis.
C. Cad chuige gur fhuilig Críost bás ar ár son-ne?
F. Chun sinn do shaoradh ó ifreann agus ó chómhachtaibh an diabhail.
C. Cad do bheir sinn i gcómhachtaibh an diabhail?
F. Peaca an tsínsir.
C. Conas a thárla sinne ’ bheith ciontach i bpeaca an tsínsir?
F. Óir, an easúmhlaíocht a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair, do chuir sé an peaca orthu féin agus ar a sliocht, agus mar gheall air sin do gineadh agus do rugadh sinn i bpeaca.
C. Ar chuaigh éinne de shliocht Adam agus Ébha saor ón bpeaca san?
F. Do cimeádadh an Mhaighdean Mhuire saor uaidh, óir bhí sí le bheith ’na máthair ag Mac Dé.
C. Ar rugadh aon duine eile saor uaidh?
F. Do rugadh, Naomh Eóin Baiste. Do glanadh é ó pheaca an tsínsir agus é i mbroínn a mháthar.

———

C. Cé ’ chuir an eaglais ar bun?
F. Íosa Críost.
C. Conas ’ aithnítear an eaglais a chuir Críost ar bun ó gach eaglais eile?
F. Táid cheithre cómharthaí sofheicse ar eaglais Chríost.
C. Cad iad na cheithre cómharthaí iad san?
F. Aondacht, naofact, caitliceacht agus aspalaitheacht.
C. Cad a chiallaíonn aondacht na heaglaise?
F. Nár chuir Críost ar bun ach aon eaglais amháin, gur thug di aon chreideamh amháin, agus gur chuir sé os a cionn ar an saol so aon cheann sofheicse amháin.
C. Cé hé ceann sofheicse na heaglaise?
F. An Pápa.
C. Cad a chiallaíonn naofact na heaglaise?
F. Gur naofa an tÉ ’ chuir ar bun í, gur naofa a teagasc, gur naofa iad a sacraimíntí, agus go bhfuilid daoine naofa le fáil i gcónaí inti.
C. Cad a chiallaíonn caitliceacht na heaglaise?
F. Gur sheasaimh sí gan chlaochló ó chuir Críost ar bun í go dtí inniu, agus go seasóidh sí go deireadh an tsaeil, agus go leathfar í ar fuid an domhain uile.
C. Cad a chiallaíonn aspalaitheacht na heaglaise?
F. Gurb í an eaglais chéanna inniu í a chraobhscaoileadar na haspail ar dtúis, agus gurbh í an eaglais chéanna í an uile lá i gcaitheamh na haimsire sin.
C. An mhuíntir a rugadh agus do tógadh i gcreideamh eile, agus go dtuigid ’na n-aigne, i láthair Dé, gurb é an creideamh fírinneach atá acu, an bhfuilid na daoine sin geárrtha amach ón eaglais?
F. Nílid. Bainid na daoine sin le hanam na heaglaise, agus táid siad páirteach i gcomaoine na naomh, ar shlí, agus ’na lán de shaibhreas spriodálta na heaglaise, bíodh gan ’ fhios san do bheith acu féin.

———

C. An mó sórd peaca ann?
F. Dhá shórd; peaca an tsínsir, agus peaca gnímh.
C. An mó sórd peaca gnímh ann?
F. Dhá shórd; peaca maraitheach agus peaca solathach.
C. An mó cuma ’na ndeintear peaca?
F. Cheithre chuma; le smaoineamh le briathar le gníomh agus le faillí.
C. An peaca gach drochsmaoineamh?
F. Ní hea muna dtugtar toil do.
C. Cad iad na coinníll atá riachtanach chun gnímh do bheith ’na pheaca?
F. Ní foláir é ’ bheith toiltiúil agus é ’ bheith in aghaidh dlí Dé.
C. Conas a deintear peaca le briathar?
F. Le focal peacúil nú le cainnt pheacúil.
C. Cad a thuigeann tú le dlí Dé?
F. Aitheanta Dé agus na heaglaise.
C. Cad í an aithne a bristear le smaoineamh drúisiúil?
F. An naoú aithne d’aitheantaibh Dé.
C. Cad í an aithne a bristear le gníomh drúise, nú le focal drúisiúil?
F. An séú aithne d’aitheantaibh Dé.
C. Cad í an aithne a bristear le leabhar éithigh do thabhairt?
F. An dara haithne agus an t-ochtú aithne.
C. Conas a bhriseann leabhar éithigh an dara haithne?
F. Mar nuair a thugann duine an leabhar tugann sé Dia mar urra leis, go bhfuil an fhírinne aige dá ínsint, agus más éitheach atá aige dá ínsint in inead na fírinne, cuireann sé an t-éitheach san i leith Dé, agus sin diamhasla.
C. Conas a bhriseann sé an t-ochtú aithne?
F. Leis an mbréig féin.
C. Cad í an aithne ’ bhrisfeadh duine a shéanfadh a chreideamh?
F. An chéad aithne, agus an dara haithne. Agus briseann sé an t-ochtú aithne leis, mar séanann sé os cómhair daoine an ní a chreideann sé ’na chroí agus sin bréag.
C. Cad í an aithne ’ bhrisfeadh duine d’íosfadh feóil Dé hAoine?
F. An dara haithne d’aitheantaibh na heaglaise.
C. Cad í an aithne a bhrisfeadh duine d’fhanfadh breis agus bliain gan dul chun faoistine?
F. An tríú aithne d’aitheantaibh na heaglaise, agus bheadh an aithne briste aige chómh luath agus ’ bheadh an bhliain iomlán caite aige.
C. Cad í an aithne a bhrisfeadh an té ’ dhéanfadh díobháil dá chómharsain ’na chuid?
F. An seachtú aithne.
C. Cad í an aithne a bhrisfeadh duine ’ dhéanfadh díobháil dá chómharsain ’na phearsain?
F. An cúigiú aithne.
C. Cad í an aithne a bhrisfeadh duine a chuirfeadh é féin ar meisce?
F. An cúigiú aithne.
C. Conas san?
F. Deineann sé díobháil dá phearsain féin, mar baineann sé dhe féin an mheabhair agus an chiall a thug Dia dho, agus sin peaca trom in aghaidh Dé.
C. Cad a tuigtear le col?
F. Gaol nú cóngas a dheineann cosc ar phósadh.
C. Cad é an gaol a dheineann cosc ar phósadh?
F. Trí ghlúine gaoil, ag cómhaireamh ón bpréimh.
C. Cá bhfuil an phréamh?
F. An lánú ór shíolraigh na trí ghlúine gaoil.
C. Ainmnigh na trí ghlúine?
F. Clann na lánún an chéad ghlúin;
Clann na clainne sin, an dara glúin;
A gclann san, an tríú glúin.
C. Cad é an deifríocht atá idir ghaol agus cóngas?
F. Sa ghaol sroiseann gach glúin ar thaobh na trí ghlúine ar an dtaobh eile. Sa chóngas sroisid dhá ghlúin ar thaobh éinne amháin ar an dtaobh eile. Tá cóngas idir fhear agus gaolta a mhná, nú idir mhnaoi agus gaolta a fir, ach tá gaol idir aon bheirt atá laistigh de na trí ghlúinibh.
C. An bhfuil cóngas spriodálta ann?
F. Tá. An té ’ sheasaíonn chun baistí le leanbh, tá cóngas spriodálta idir é agus an leanbh; agus tá cóngas spriodálta idir an mháthair baistí agus an leanbh.
C. Cad a thuigeann tú le pósadh fé cheilt?
F. Pósadh ná deintear os cómhair na heaglaise.
C. Cad iad na paidreacha áirithe is gnáth le daoinibh do rá ar maidin agus istoíche?
F. “Ár nAthair atá ar neamh,” agus “Go mbeannaíthear duit, a Mhuire,” agus Cré na nAspal, agus “Admhaím do Dhia.” Agus ba mhaith an rud an Choróinn Mhuire do rá leis.
C. Cé ’ chúm an phaidir sin, “Ár nAthair atá ar neamh?”
F. Íosa Críost féin, moladh go deó leis!
C. Cad chuige gur chúm sé an phaidir sin?
F. Chun a mhúineadh dhúinne conas is ceart dúinn ár n-achainí do chur chun Dé.
C. Cá mhéid achainí sa phaidir sin?
F. Seacht n-achainí.
C. Abair iad?
F. Iarraimíd ar Dhia, ar dtúis, go gcuirfeadh sé ’nár gcroíthibh uile a ainm do naomhú, ’sé sin glóire agus onóir do thabhairt dá ainm rónaofa.
Sa dara hachainí iarraimíd ar Dhia go dtiocfadh a ríocht, ’sé sin le rá, go mbeadh ríocht agus bua ar an bpeaca ag grásta Dé ’nár gcroí go hiomlán ar an saol so, ionas go bhfaighimís ríocht na bhflaitheas ar an saol eile.
Sa tríú hachainí iarraimíd ar Dhia grásta ’ thabhairt don chine daonna uile ionas go ndéanfí a thoil naofa ar an saol so go hiomlán, fé mar a dheinid na naoimh agus na haingil a thoil ar neamh.
Sa cheathrú achainí iarraimíd ar Dhia gach ní atá in easnamh orainn i dtaobh anama agus chuirp.
Sa chúigiú achainí iarraimíd ar Dhia ár bpeacaí do mhaitheamh dúinn, agus geallaimíd do go maithfimíd féin don uile dhuine gach gníomh a déantar ’nár n-aghaidh.
Sa séú achainí iarraimíd ar Dhia sinn do chimeád lena ghrástaibh ó gach cúntúirt peaca.
Sa seachtú achainí iarraimíd ar Dhia sinn do shaoradh ón uile olc agus go mór mór ón bpeaca.

Nótaí

A chraobhscaoileadar na haspail: another example of the governance of a past-tense verb conjugated in the plural by a plural noun subject. See also chuadar na fir in PUL’s Séadna.
Ar thaobh na trí ghlúine: in addition to the unexpected lenition of glúine after trí, this phrase here does not give the expected eclipsis in the genitive, or the historic genitive plural (glún). Ar thaobh na dtrí nglún could have been used.

Foclóirín

achainí: “entreaty, supplication”. The original text here uses athchuinge in the singular and athchuingí in the plural. However, achainí is pronounced /ɑxi’nʹi:/ in the singular, as indicated in the Leitiriú Shímplí edition, thus obscuring the distinction with the plural, which, in consequence, is generally found as achainíocha.
Adam: Adam, father of the human race.
An Choróinn Mhuire: the Rosary.
Aoine an Chéasta: Good Friday.
aondacht: “oneness, unity”, or aontacht in the CO.
aspalaitheacht: “apostolicity”, a word not found in dictionaries, unless this corresponds to aspalacht, “aspostleship”, in the CO. It seems to me that “apostolicity” and “apostleship” are not identical. Possibly derived from apstaldacht.
baisteadh: “baptism”. The genitive, baiste in the CO (baistidh in the older spelling), is consistently given with a long vowel here, baistí. Seasamh chun baistí le duine, “to support someone at his baptism in the role of godparent”, or maybe only “to attend someone’s baptism”? Máthair baistí, “godmother”. Note that Ó Dónaill’s dictionary has máthair bhaistí, with lenition. Lenition would make sense after a feminine noun, but the Leitiriú Shímplí edition concurs in accepting the form without lenition. More research required here. Baistí is an adjective in the CO, rather than the genitive singular of baisteadh, which may explain why the lenition is used, as lenition of nouns in the genitive after feminine nouns was not universally adhered to.
beirim, breith: “to seize, to bring”. Cad do bheir sinn i gcómhachtaibh an diabhail? “how did we come to be in the power of the Devil?” The entries under beirim and do-bheirim (the absolute form of tugaim) in Dinneen’s dictionary [p93, under beirim: cad do bheir ann tú? how came you to be there? cad do bheir chómh fliuch soin tú? what caused you to be so wet?; p349, under do-bheirim: cad do thug tú? why did you come?] would support the view that do bheir is a conjugated form of either of these verbs, which are etymologically related and liable to be confused. However, do-bheir (better spelt with a hyphen) is a present-tense form of do-bheirim/tugaim, whereas do bheir is a variant past-tense form of beirim, equivalent to do rug.
caitliceacht: “catholicity, the universality of the church”.
claochló: “deterioration, corruption”.
col: “impediment”.
cóngas: “affinity”, a broader relationship than gaol, “consanguinity”, as it includes relationships by marriage, by adoption and by the spiritual link with godparents.
cúigiú: “fifth”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
cúntúirt: “danger”, or contúirt in the CO.
drúisiúil: “lascivious, lustful”.
Eóin Baiste: St. John the Baptist.
lánú: “couple”, or lánúin in the CO. Note the genitive here, lánún, where the CO has lánúine.
naoú: “ninth”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
nú: “or”, or in the CO.
ó: “from”. Note the combined form with relative pronoun and the perfective particle here, ór, where ónar would be more common.
ochtú: “eighth”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
peaca gnímh: “actual sin”, as opposed to original sin.
préamh: “root”, or fréamh in the CO.
seachtú: “seventh”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
seasaím, seasamh: “to stand”, or seasaim, seasamh in the CO. Note the preterite do sheasaimh sé, where the CO has sheas sé, reflecting a general tendency for -mh to appear in the third-person singular preterite (and imperative) where the verbal noun ends in -mh in WM Irish.
séú: “sixth”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
sórd: “sort”, or sórt in the CO.
trí: “three”. Usually used without lenition before a plural noun or with lenition before a singular noun, but here we have trí ghlúine, with lenition and a plural noun.
tríú: “third”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
urra: “warranty, security”.

Appendix 1

APPENDIX.

C. An bhfuil gach pearsa fé leith, de na trí pearsanaibh, ’na Dhia?
F. Tá, go fíor.
C. Nách sin trí deithe fé leith ann?
F. Ní hea ach trí pearsana fé leith in aon Dia amháin.
C. Conas san?
F. Mar níl in sna trí pearsanaibh ach aon nádúr amháin diaga.
C. An féidir dúinn an ní sin do thuiscint?
F. Ní féidir, ach tá sé ceangailte orainn a chreidiúint gur fíor é.
C. Conas is féidir dúinn a chreidiúint gur fíor é muna féidir dúinn é ’ thuiscint?
F. Is mó rud is fíor nách féidir linn a thuiscint, agus is mó rud a chreidimíd nách féidir linn a thuiscint.
C. Cá bhfios dúinn an fíor go bhfuil trí pearsana i nDia?
F. Mar d’fhoillsigh Dia féin dúinn é.

———

C. Ceoca de na trí pearsanaibh a ghlac colann daonna?
F. An Mac.
C. Cad a ghlac sé?
F. Corp agus anam daonna.
C. Cár ghlac sé colann daonna?
F. I mbroínn na Maighdine Muire.
C. Conas?
F. Le hoibriú ón Sprid Naomh.
C. Cathain?
F. Lá fhéile Muire, an cúigiú lá fichid de Mhárta, naoi gcéad déag blian ó shin.
C. Cathain a rugadh é?
F. Oíche Nollag, trí ráithe ón Márta san.
C. Cad é an ainm a tugadh air?
F. Íosa Críost.
C. An bhfuil an dara pearsa den Tríonóid ’na Dhia agus ’na dhuine ó shin?
F. Tá.
C. Conas is féidir Dia agus duine ’ bheith in aon phearsain amháin?
F. Ní féidir an ní sin do thuiscint.
C. An bhfuil sé ceangailte orainn é ’ chreidiúint?
F. Tá.
C. Cá bhfios duinn an fíor é?
F. D’fhoillsigh Dia dhúinn é.

———

Foclóirín

Lá Fhéile Muire: March 25th, the Feast of the Annunciation. As in all such feast names, fhéile is truncated, and the pronunciation, as shown in the Leitiriú Shímplí version is /lɑ: lʹi mirʹi/.
muna: “if not”. The CO form is found here, but mara or mura are more common in WM Irish.
ráithe: “season, three months, quarter”, pronounced /rɑ:hə/.

An Teagasc Críostaí 16

Ceacht a sédéág.

C. Cá uair a bhéarfaidh Dia breithiúntas orainn?
F. Gan stad tar éis ár mbáis, agus lá an bhreithiúntais geinearálta.
C. An éireóid ár gcuirp uile an lá déanach?
F. Éireóid, le hórdú Dé.
C. Cé ’ bhéarfaidh breithiúntas orainn an lá déanach?
F. Íosa Críost.
C. Cad fá go dtabharfaidh sé breithiúntas orainn an lá san, tar éis breithiúntais do thabhairt orainn gan stad tar éis ár mbáis?
F. Chun a chirt do thaispeáin os cómhair an domhain, chómh maith agus do thaispeáin sé a thrócaire.
C. Cad ’déarfaidh Críost leis an ndream mallaithe an lá déanach?
F. “Imídh uaim, a dhream mhallaithe, go tine shíoraí, do hollmhaíodh don diabhal agus dá aingealaibh.”
C. Cad ’déarfaidh Críost leis na dea-dhaoinibh an lá déanach?
F. “Gluaisídh liomsa, a dhream bheannaithe seo m’Athar, agus glacaidh an ríocht atá ollamh díbh.”
C. Cá raghaidh an dream mallaithe an lá déanach?
F. Curfar, idir chorp agus anam, iad go pianta síoraí.
C. Cá raghaid na dea-dhaoine an lá déanach?
F. Raghaid, lena gcuirp glórmhara, domharaitheacha, go flaitheas Dé.
C. Cad a chiallaíonn “amen”?
F. Bíodh mar sin.

Foclóirín

bheirim, tabhairt: “to give”, or tugaim, tabhairt in the CO. Note that bheirim, in itself derived from the historic form do-bheirim, is the absolute form corresponding to the dependent form tugaim, but is generally replaced by tugaim in WM Irish. Bheir, a present-tense absolute form corresponding to tugann. Béarfaidh (cá uair a bhéarfaidh Dia breithiúntas orainn?), a future-tense absolute form correspond to tabharfadh: béarfaidh is also the future-tense form of beirim, breith too, but the idiom is breithiúntas a thabhairt ar dhuine.
geinearálta: “general”, or ginearálta in the CO. The pronunciation is unclear from the Leitiriú Shímplí edition, which gives it as jenearálta, as if the word were pronounced with an English j, presumably because it is a borrowing from English. If that were ever the case, it may not be so today, where the word has become gaelicised, but research is required here.
gluaisím, gluaiseacht: “to go, proceed”, or gluaisim, gluaiseacht in the CO. PUL uses both first- and second-conjugation forms. Here we have gluaisídh as the second-person plural imperative where gluaisidh could have been expected.

An Teagasc Críostaí 15

Ceacht a cúigdéag.

C. Cad is Ola dhéanach ann?
F. Sacraimínt a cuireadh ar bun chun nirt agus furtachta ’ thabhairt do dhaoinibh le línn báis dóibh.
C. Cad a thuigeann tú le hÓrd beannaithe?
F. Sacraimínt a bheir easpaig, sagairt, agus cléir eile, don eaglais.
C. Cad a thuigeann tú le pósadh?
F. Sacraimínt a bheir grásta don lánúin pósta chun bheith grách dílis dá chéile agus a gclann do thabhairt suas go rialta críostúil.
C. An féidir na sacraimíntí ’ ghlacadh an athuair?
F. Is féidir ach amháin Baisteadh, dul fé láimh easpaig, agus Órd Beannaithe.
C. Cad fá nách féidir iad san do ghlacadh an athuair?
F. Mar cuirid siad cómhartha, nú séala, spriodálta san anam, nách féidir go brách do chur as cló.

Foclóirín

furtacht: “succour, relief”, or fortacht in the CO.
grách: “loving”.
spriodálta: “spiritual”, or spioradálta in the CO.

An Teagasc Críostaí 14

Ceacht a ceathairdéag.

C. Cad é an ní Sacraimínt na haithrí?
F. Sacraimínt lena maitear dúinn na peacaí a dheinimíd tar éis ár mbaistí.
C. Cad iad na cómhachta lena maitear peacaí?
F. Leis na cómhachta d’fhág Críost ag á eaglais.
C. Cá uair d’fhág sé na cómhachta san ag á eaglais?
F. Go háirithe nuair aduairt sé lena Aspalaibh, “Glacaidh an Sprid Naomh; pé peacaí a mhaithfidh sibh táid maite.”
C. Cad í an tslí is feárr chun dea-fhaoistine do dhéanamh?
F. Ar dtúis ní foláir dúinn grásta Dé d’iarraidh chun í ’ dhéanamh mar is cóir; an dara ní, scrúdadh dúthrachtach orainn féin do dhéanamh, i dtaobh aitheanta Dé agus na hEaglaise, chun fios d’fháil cad ann, nú cá mhéid uair, a pheacaíomair, le smaoineamh le briathar le gníomh nú le faillí; an tríú ní, sinn féin do spreagadh chun doilís croí fá fhearg do chur ar Dhia; agus ansan, rún daingean do ghlacadh gan an peaca do dhéanamh arís, ach ár mbeatha do leasú.
C. Cad é an ní croíbhrú?
F. Doilíos croí agus fuath don pheaca os cionn gach uile ní, de bhrí go gcuireann sé fearg ar Dhia.
C. Cad é an módh is feárr chun sinn féin do spreagadh chun croíbhrú?
F. A chuímhneamh gur chuireamair fearg ar Dhia a thuilleann ár ngrá go hiomlán.
C. Cad is cóir dúinn a dhéanamh in am faoistine?
F. Is cóir dúinn beannacht an tsagairt d’iarraidh; “admhaím do Dhia, &c,” do rá, go dtí na focail “tríom choir féin, &c”; sinn féin do dhaoradh ’nár bpeacaí; ansan na peacaí d’ínsint go fírinneach: ansan “ar an abhar san achainím, &c,” do rá; agus éisteacht go húmhal le cómhairle an tsagairt, agus ár gcathú d’athnuachaint le línn é ’ thabhairt na haspalóide dhúinn.
C. Cad is cóir a mheas don té a cheilfeadh peaca maraitheach in’ fhaoistin?
F. Titeann sé i gcoir uathásach, agus in inead maithiúnachais d’fháil cuireann sé suas níos mó fearg Dé.
C. Cad is ceart dúinn a dhéanamh tar éis faoistine?
F. Baochas do bhreith le Dia, agus ár mbreithiúnachas aithrí do chúiteamh.
C. An ndéanfadh an breithiúnachas aithrí a chuireann an sagart orainn sásamh ’nár bpeacaí i ngach uile chás?
F. Ní dhéanfadh: ach is féidir dúinn a dteastaíonn de do dhéanamh suas le gníomharthaibh aithrí uainn féin, agus le toradh logha, agus ba chóir dúinn fíorthaithí ’ dhéanamh de na gníomharthaibh sásaimh seo.
C. An iad na beó amháin a fhéadann cúiteamh do thabhairt ’na bpeacaí le gníomharthaibh sásaimh?
F. An mhuíntir a gheibheann bás ar staid na ngrást agus ná bíonn leórghníomh iomlán déanta acu ’na bpeacaíbh ar an saol so, fuiligid siad an leórghníomh iomlán i bPurgadóireacht.
C. Cad a thuigeann tú le Purgadóireacht?
F. Pionós ar an saol eile, d’fhuiligeann an mhuíntir a gheibheann bás ar staid na ngrást agus gan ceart Dé do bheith cúitithe acu go hiomlán ’na bpeacaí.
C. Cad é an creideamh Caitliceach i dtaobh Purgadóireachta?
F. Go bhfuil a leithéid de staid ann, agus go bhfuascaltar na hanamnacha a bhíonn ann le húrnaithe agus le dea-oibreacha na gCríostaithe.
C. Cad a thuigeann tú le logha?
F. Réiteach ón bpionós aimsire d’fhanann go minic i ndiaidh an pheaca tar éis maithiúnachais d’fháil in sa choir.
C. Cé ’ thugann amach logha?
F. An Eaglais.
C. An maitheann logha peacaí?
F. Ní mhaitheann. Ní foláir na peacaí do bheith maite sular féidir toradh an logha d’fháil.

Foclóirín

athnuaim, athnuachaint: “to renew, rejuvenate”, or athnuaim, athnuachan in the CO. Pronounced /ɑnhuəmʹ, ɑnhuəxintʹ/.
baisteadh: “baptism”. The genitive, baiste in the CO (baistidh in the older spelling), is consistently given with a long vowel here, baistí. I am unclear whether tar éis ár mbaistí here is singular (in the genitive) or plural, as each of us has only one baptism?
breithiúnachas: “judgement, sentence”. Breithiúnachas aithrí, “penance, as in the penalty imposed during confession”. Breithiúnachas is a variant of breithiúntas, but seems particularly used in this sense.
coir: “sin, crime”, pronounced /kirʹ/.
doilíos: “sorrow”.
dúthrachtach: “fervent, earnest”, pronounced /du:rhəxtəx/.
fá: “about”, generally in WM Irish and faoi in the CO.
fíorthaithí: “constant habit”.
fuasclaim, fuascailt: “to redeem, save”, or fuasclaím, fuascailt in the CO. The present autonomous form fuascaltar found here shows that this verb is in the first conjugation (cf. fuasclaítear in the CO). However, as a syncopating verb, future and conditional forms will reflect second-conjugation patterns (cf.go dtí go bhfuasclódh sí féinin PUL’s Sliabh na mBan bhFionn).
inead: ionad in the CO, “unit”. Pronounced /inʹəd/ in WM Irish. In inead, “instead of, in the place of”.
leasaím, leasú: “to polish; manure”. Do bheatha do leasú, “to turn over a new leaf, make positive changes in your life”.
leórghníomh: “restitution, amends”.
logha: “indulgence”.
purgadóireacht: “purgatorial suffering”, and by extension, “purgatory”. Purgadóir is the form used in the CO, where the logically correct distinction between “purgatorial suffering” and “purgatory” is maintained. Note that this word should be pronounced /progə’do:rʹəxt/ according to IWM, but the Leitiriú Shímplí transcription here indicates /purgə’do:rʹəxt/.
rún: “intention, purpose”. Rún daingean, “a firm intention”.
scrúdaim, scrúdadh: “to examine”, or scrúdaím, scrúdú in the CO. PUL also uses scrúdú in some of his works.
spreagaim, spreagadh: “to inspire”. PUL often uses spriocaim, spriocadh (which means “to fix arrange” in the CO) in the sense of “to inspire”, but spreagaim, spreagadh is also so used, as here.
teastaíonn, teastbháil: “to be wanting, lacking”, or teastaíonn, teastáil in the CO. A dteastaíonn de do dhéanamh suas uses the comprehensive relative particle, meaning “to make up all that is lacking therein”.
uathásach: “terrible”, or uafásach. Pronounced /uə’hɑ:səx/ in WM Irish.

An Teagasc Críostaí 13

Ceacht a trídéag.

C. Cad é an ní Sacraimínt Chorp Críost?
F. Fuil agus feóil, anam agus Diacht, ár Slánaitheóra Íosa Críost, fé ghné aráin agus fíona.
C. An bhfuil arán agus fíon i Sacraimínt na haltórach?
F. Níl, de bhrí go n-athraíthear substainnt an aráin agus an fhíona i bhfuil agus i bhfeóil ár Slánaitheóra Íosa Críost, trí bhrí na bhfocal lena ndeintear an coisreacadh.
C. Conas is féidir an t-arán agus an fíon d’athrú i bhfuil agus i bhfeóil Críost?
F. Le cómhachtaibh agus trí mhórmhaitheas Dé, ná fuil aon ní doiciúil ná dodhéanta dho.
C. Cad a thuigeann tú le híbirt?
F. Gníomh Dia d’adhradh, len’ admhaímíd cómhachta Dé go hiomlán os ár gcionn agus ár spleáchas féin go fórlíonta leis.
C. Cad í an íbirt atá sa dlí nua?
F. Íbirt an aifrinn.
C. An bhfuil íbirt an aifrinn bunoscionn le híbirt na croise?
F. Níl, de bhrí gurb é an Slánaitheóir céanna d’íbir é féin go fuilteach ar an gcrois atá anois dhá íbirt féin ar ár n-altóiríbh, ar módh neamhfhuilteach.
C. Cad iad na habhair ar a n-abarthar an t-aifreann?
F. Chun glóire ’ thabhairt do Dhia, chun baochais do bhreith leis i dtaobh a thabharthaisí, agus chun a ghrásta agus a thrócaire d’iarraidh.
C. Cad é an fáth eile go ndeirtear an t-aifreann?
F. Chun páise agus báis ár Slánaitheóra do chur i gcuímhne dhúinn.
C. Conas is ceart dúinn bheith ollamh chun comaoine?
F. Ní foláir dúinn bheith ar staid na ngrást, creideamh beó do bheith againn, dóchas láidir, agus teasghrá carthanachta. Agus is éigean bheith ar céalacan ó mheán oíche roim ré.
C. Cad is ceart dúinn a dhéanamh tar éis comaoine?
F. Is ceart dúinn suím aimsire do chaitheamh ag breith baochais le Dia agus ag rá úrnaithe.
C. An peaca mór comaoine do ghlacadh ar drochstaid?
F. Is peaca róchritheaglach é, óir “an té d’itheann agus d’ólann ar drochstaid,” adeir naomh Pól, “itheann sé agus ólann sé breithiúntas, sé sin, damnú dho féin.”

Foclóirín

adhraim, adhradh: “to worship”. Note that IWM gives the pronunciation of the verbal noun as /əi’ru:/, implying that adhraím, adhrú would be more common in Muskerry. The CO has adhraim, adhradh.
bunoscionn le: “at variance with”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
coisreacadh: “consecration”. This appears to be a variant of coisreacan, the verbal noun found in PUL’s other works and in the CO.
critheaglach: “fearful, quaking with fear”.
cros: “cross”. PUL seems to use cros as the nominative (cf. Na Cheithre Soisgéil), other than in an Chrois Chéasta, “crucifix”. Crois in the dative is pronounced /kriʃ/ according to IWM, but the Leitiriú Shímplí edition transcribes as /kroʃ/ here.
damnú: “damnation, condemnation”, pronounced /dɑmə’nu:/.
deirim, rá: “to say”. The present autonomous is generally deirtear, but the rarely found dependent form of this, abarthar, is used here too. The Leitiriú Shímplí edition transcribes it abartar, but the original spelling was abarthar, and lenition of th after r in the autonomous accords with historic norms.
diacht: “divinity”, a variant of diagacht.
dodhéanta: “impossible, hard to do”. Note that the do- prefix is always fully pronounced /do-/ and does not become a neutral vowel.
doiciúil: “hard to manage, difficult”.
drochstaid: “a state of sin”, as opposed to dea-staid, “a state of grace”.
glóire: “glory”, or glóir in the CO.
gné: “form, appearance”. Fé ghné aráin agus fíona, “under the accidents of bread and wine”.
Pól: St. Paul.
teasghrá: “fervent love, zeal”.

An Teagasc Críostaí 12

Ceacht a dódhéag.

C. Cad a thuigeann tú le sacraimínt?
F. Cómhartha sofheicse a cheap Críost chun grásta ’ thabhairt dúinn.
C. Cad as go bhfuil cómhachta ag na sacraimíntí chun grásta ’ thabhairt dúinn?
F. As mórluacht bheatha Chríost agus a bháis, a chuirid chun sochair dár n-anamnachaibh.
C. Cá mhéid Sacraimínt ann?
F. Seacht Sacraimíntí.

  1. Baisteadh.
  2. Dul fé láimh easpaig.
  3. Corp Críost.
  4. Aithrí.
  5. Ola dhéanach.
  6. Órd beannaithe.
  7. Pósadh.

C. Cad é an ní Baisteadh?
F. Sacraimínt a ghlanann sinn ó pheaca an tsínsir, agus a dheineann Críostaithe agus clann Dé dhínn.
C. Conas is cóir d’fhear nú do mhnaoi baisteadh ’ thabhairt do leanbh in am riachtanais?
F. Bas uisce do dhortadh ar cheann an linbh, agus a rá lena línn sin, “Baistim thu in ainm an Athar agus an Mhic agus an Sprid Naoimh.”
C. Cad é an ní dul fé láimh easpaig?
F. Sacraimínt do neartaíonn sinn ’nár gCreideamh.
C. Conas is cóir bheith ollamh chun sacraimínt dul-fé-láimh-easpaig do ghlacadh?
F. Fios aitheanta ár gCreideamh do bheith againn agus bheith ar staid na ngrást.
C. Cad é an deifríocht atá idir shacraimínt dul fé láimh easpaig agus sacraimínt an bhaistí?
F. Tá, go ndeineann an baisteadh Críostaithe agus clann Dé dhínn, agus go ndeineann dul fé láimh easpaig Críostaithe níos iomláine dhínn, agus saighdiúirí cróga dár Slánaitheóir Íosa Críost.
C. An bhfuil dul fé láimh easpaig riachtanach?
F. Ar a shon gur féidir duine do shábháil in’ éaghmais, bheadh duine ciontach i bpeaca rómhór a thabharfadh faillí ann.
C. Cad é an pionós a chuireadh an Eaglais i dtosach aimsire ar na haithreacha nú ar na máithreacha a leogfadh dá gclaínn bás d’fháil gan an sacraimínt sin?
F. Aithrí trí mblian. Agus taispeánann san dúinn gur mór an peaca faillí do thabhairt sa tsacraimínt sin an uair is féidir é ’ fháil.
C. Cad é an tairbhe a dheineann an sacraimínt sin dúinn?
F. Neartaíonn sé ’nár gcreideamh sinn, tugann sé misneach dúinn chun ár gcreideamh d’admháil ós árd agus do chosnamh in aghaidh namhad, agus chun ár ndualgas do chómhlíonadh gan náire ar bith.
C. An dtugann sé aon tairbhe eile dhúinn?
F. Tugann, de bhrí gur leis a ghlacaimíd an Sprid Naomh mar aon lena thíolaicí, agus séala beannaithe an Tiarna ’nár n-anam, chun go mbeimís ’nár saighdiúirí chróga ag ár Slánaitheóir Íosa Críost.
C. Ná tugann an Baisteadh an Sprid Naomh agus a thíolaicí dhúinn?
F. Tugann, ach ní chómh hiomlán leis an sacraimínt seo é.
C. An féidir do dhuine an sacraimínt dul fé láimh easpaig do ghlacadh thar aon uair amháin?
F. Ní féidir, agus is peaca rómhór é ’ ghlacadh go fiosach an dara huair.
C. Cad fá go mbuaileann an t-easpag buille ’ bhais sa leacain ar an té a curtar fé láimh easpaig?
F. Chun a chur i dtuiscint do gur cóir do bheith ollamh chun gach masla agus tarcaisne d’fhulag ar son an chreidimh.

Foclóirín

ar a shon (go): “even though”.
baisteadh: “baptism”. The genitive, baiste in the CO (baistidh in the older spelling), is consistently given with a long vowel here, baistí.
bas: “palm”, or bos in the CO. Bas uisce, “a palmful of water”.
Corp Críost: in section 4 of the catechism, we had corp Chríost, the physical body of Christ that lay in the tomb, whereas here we have Corp Críost, with no lenition—the Eucharist. Ó Dónaill’s dictionary has Corp Chríost for the Eucharist, but the Leitiriú Shímplí version of An Teagasc Críostaí concurs that in the meaning of Eucharist, this phrase has no lenition on the word Críost.
deifríocht: “difference”, or difríocht in the CO. The Leitiriú Shímplí transcription points to a pronunciation /dʹefʹi’rʹi:xt/, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has a broad r, /dʹefʹə’ri:xt/.
órd beannaithe: “the sacrament of holy orders; ordination”. It is worth noting that this is not plural in Irish.
ós árd: “in public, out loud”. I had expected os árd, but the Leitiriú Shímplí transcription showed a long o here; more research required.
tíolacadh: “bestowal, gift (especially from God)”. This word and its cognates are often spelt with an n instead of an l in PUL’s works, but IWM, Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne and the Leitiriú Shímplí transcription here all show the pronunciation to be /tʹəiləkə/, with tíolaicí in the plural, /tʹəilikʹi:/, where the CO has tíolacthaí.

An Teagasc Críostaí 11

Ceacht a haondéag.

C. Cad é an ní guí chun Dé.
F. Tógáil ar gcrathacha suas chun Dé, chun baochais do bhreith leis, chun é do mholadh, agus chun a thabharthaisí d’iarraidh.
C. Cá uair ba chóir dúinn úrnaithe do rá?
F. Ba chóir ná beadh ’nár mbeatha, atá íbiortha do Dhia, ach aon úrnaithe amháin chónaitheach; ach tá d’fhiachaibh orainn úrnaithe do dhéanamh go háirithe ar maidin agus um thráthnóna, agus in am gach catha agus gach guaise.
C. Cad iad na húrnaithe is mó a cómhairlíthear dúinn do rá?
F. An Phaidir, an tAve Maria, agus an Chré.
C. Cé ’ dhein an Phaidir?
F. Íosa Críost, moladh go deó leis!
C. Cé ’ dhein an tAve Maria?
F. Do dhein an tAingeal Gábriel agus Naomh Eilís an chéad chuid de, agus do dhein an Eaglais an chuid eile.
C. An bhfuil sé dleathach onóir do thabhairt don Mhaighdean Ghlórmhar?
F. Tá go cínnte, de bhrí gur thug Dia féin onóir di agus “go ndéarfaid cineacha an domhain gur beannaithe í.”
C. Cad í an onóir a bheirimíd di?
F. Onóraimíd í os cionn na naomh uile de bhrí gurb í máthair Chríost í, ach ní thugaimíd di an onóir is dual do Dhia.

Foclóirín

aondéag: “eleven”. Pronounced /e:ŋʹiag/ in WM Irish. The pronunciation could justify a spelling of éinnéag, although this would diverge greatly from the established orthography.
cá uair?: “when, at what time?” This is given as cá uair? in the original, and the foclóirín appended and the Leitiriú Shímplí edition concur. Yet, cá huair? with h-prefixation might have been expected. This adverbial phrase occurs rarely in PUL’s works—I can’t find any other example—and may be more common in other dialects.
cine: “race, nation”. Note this word is feminine in Cork Irish. The plural here is cineacha, where the CO has ciníocha.
cónaitheach: “constant, continual”.
croí: “heart”. The plural is generally croithe, but crathacha is found here.
Eilís: St. Elizabeth, the mother of John the Baptist.
Gábriel: the angel Gabriel, who announced the conception of Jesus to the Virgin Mary.
guais: “danger”.
íbrim, íbirt: “to sacrifice”, or íobraím, íobairt in the CO. PUL consistently used a slender b in this word.
onóraím, onórú: “to honour”. Here PUL uses the forms that have been adopted in the CO, but onóraim, onóradh is also found in his works.
os cionn: “above”. Pronounced /aʃ kʹu:n/ according to the Leitiriú Shímplí edition (prepared by Shán Ó Cuív), but LS editions of some of PUL’s other works by Osborn Bergin give /ɑs kʹu:n/ as the pronunciation. IWM has /os ə xʹu:n/ for os a chionn, but has no examples of os cionn itself.
tógaim, tógáil: “I lift, build”, etc. The verbal noun is given here as tógáil, the form adopted in the CO, but is generally tógaint or tógáilt in PUL’s works.

An Teagasc Críostaí 10

Ceacht a deich.

C. An bhfuil sé ceangailte orainn mar an gcéanna aitheanta na hEaglaise do chimeád?
F. Tá, óir “an té ná héisteann leis an Eaglais,” adeir Críost, “creididh gurb ionann é agus an págánach nú an puibleacánach.”
C. Cá mhéid aithne ’ thug an Eaglais dúinn?
F. Sé haitheanta:—

  1. Aifreann d’éisteacht gach Domhnach agus lá saoire.
  2. Troscadh agus tréanas do dhéanamh ar na laethanta órdaithe.
  3. Faoistin do dhéanamh ’nár bpeacaíbh, an chuid is lú dhe, uair sa mbliain.
  4. Corp Chríost do ghlacadh um Cháisc nú tímpall na Cásca.
  5. A gceart féin do dhíol leis an Eaglais.
  6. Gan pósadh do dhéanamh [go solmanta] san aimsir choiscithe, ná in sna glúinibh toirmiscthe gaoil.

C. Cad é an ní lá troscaidh?
F. Lá ná ceadaítear dúinn do chaitheamh ach aon bhéile amháin, agus ar a mbíonn feóil toirmiscthe orainn.
C. Cad a tuigtear le laethibh tréanais?
F. Laethe ’na gcoisctear feóil orainn ach ar ar féidir linn ár ngnáthbhéilí do chaitheamh.
C. An leór dúinn dul uair sa mbliain chun faoistine?
F. Ní leór. Tá faoistin ghnáthach riachtanach do gach uile dhuine, ach tá ceangailte orainn fé phéin pheaca mhairbh gan bheith bliain iomlán gan faoistin.
C. Cá bhfuil sé d’fhiachaibh orainn comaoine do ghlacadh um Cháisc?
F. ’Nár bparóiste féin.

Foclóirín

gnáthach: “ordinary, usual”, or gnách in the CO.
gnáthbhéile: “ordinary meal”.
lá: “day”. Note that laethe is found in the plural here, where laethanta would be more common. The Leitiriú Shímplí transcribes as if from laethanta.
puibleacánach: “publican, tax-collector”.
solmanta: “solemn”, or sollúnta in the CO. Pronounced /soləməntə/.
tímpall: “around”, or timpeall in the CO. The broad p in WM Irish is preserved here: /tʹi:mʹpəl/.
toirmiscim, toirmeasc: “to prevent, hinder”. Given in Dinneen’s dictionary as toirmeascaim, I haven’t found attestion of this verb in the present tense yet. In sna glúinibh toirmiscthe gaoil, “within the prohibited degrees of consanguinity”.
tréanas: “abstinence from meat”, pronounced /tre:nəs/.
troscadh: “fast, abstinence”.