An Teagasc Críostaí

An Teagasc Críostaí

An tAthair Uilliam Ó Cathain Easpag Chluana da chéad chuir amach

An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canónach do chuir in eagar agus foclóir leis

Nihil Obstat: Gulielmus Landers, Cens. Theol. Deput.

Imprimi potest: Gulielmus, Archiep. Dublinen., Hiberniae Primas.

Dublini, die 19o Octobris, 1920.

Preface to the 1921 edition

This Catechism was originally printed in modern Roman type some sixty years ago for the diocese of Cloyne, by the Rev. Canon Schmiddy, under the direction of Dr. Keane, who was then Bishop of the diocese. In 1901 it was republished in the older Roman or Gaelic Type, with a vocabulary, by Canon O’Leary, and it has since been used in many parts of Ireland.

An edition published in 1919 gave the questions and answers and the prayers in simplified spelling, according to the pronunciation of Canon O’Leary. When that edition was being prepared for the press some additional prayers were supplied by Canon O’Leary to make the book complete for use in the bilingual schools in which Catechism is taught in Irish. At the same time Canon O’Leary altered a few words to bring the language more into conformity with the usage of the present day. Some slight alterations in the text were also necessary to bring the Catechism into conformity with the new Canon Law. All these alterations and the new prayers are given in the present edition.

Na Paidreacha Miona.

In Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sprid Naoimh. Amen.

An Phaidir.

Ár nAthair atá ar Neamh, go naomhaíthear t’ainm; go dtagaidh do ríocht; go ndéantar do thoil ar an dtalamh mar a déantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu; maith dhúinn ár gcionta mar ’ mhaithimídne do chách a chionntaíonn ’nár n-aghaidh; agus ná léig sinn i gcathaíbh, ach saor sinn ó olc. Amen.

An tAvé Maria.

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, lán de ghrástaibh. Tá an Tiarna it fhochair. Is beannaithe thu idir mhnáibh, agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.

A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainne na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis! Amen.

An Chré.

Creidim i nDia, an tAthair Uilechómhachtach, Cruthaitheóir neimhe agus talún, agus in Íosa Críost, a aon-Mhac san, ár dTiarna, a gabhadh ón Sprid Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh, d’fhuilig páis fé Phontius Pílait, do céasadh ar chrois, do fuair bás agus do hadhlacadh, a chuaigh síos go hifreann, d’aiséirigh an treas lá ó mharaibh, a chuaigh suas ar neamh, atá ’na shuí ar deasláimh Dé, an tAthair Uilechómhachtach. As san tiocfaidh ag tabhairt breithiúntais ar bheóibh agus ar mharaíbh. Creidim sa Sprid Naomh, sa Naomh Eaglais Chaitlicí, i gcomaoine na naomh, i maithiúnachas na bpeacaí, in aiséirí na colla, agus sa bheatha shíoraí. Amen.

An Fhaoistin Choiteann.

Admhaím do Dhia ’n uilechómhacht, do Mhuire naofa atá riamh ’na hógh, do Mhícheál naofa árdaingeal, do Naomh Eóin Baiste, do na hAspalaibh naofa, Peadair agus Pól, agus do na naoimh uile, gur pheacaíos go mór agus go rómhór, le smaoineamh, le briathar agus le gníomh, tríom choir féin, tríom choir féin, tríom choir féin go rómhór. Ar an abhar san achainím ar Mhuire naofa atá riamh ’na hógh, ar Mhícheál naofa árdaingeal, ar naomh Eóin Baiste, ar na hAspalaibh naofa Peadair agus Pól, agus ar na naoimh uile, guí chun an Tiarna Dia ar mo shon.

Go dtugaidh Dia ’n uilechómhacht grásta agus trócaire agus maithiúnachas im pheacaí dhom ar an saol so, agus an bheatha shíoraí sa tsaol atá le teacht. Amen.

Glóire don Athair

Glóire don Athair, agus don Mhac, agus don Sprid Naomh!

Mar a bhí ar dtúis, mar atá fós, agus mar a bheidh le saol na saol. Amen.

Foclóirín

abhar: ábhar in the CO. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material, cause”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Ar an abhar san, “for that reason”.
achainím, achainí: “to entreat, petition, beseech”.
amen: “Amen”, or áiméan in the CO. This word is one of many whose spelling in the works of PUL indicates an eschewing of an artificial gaelicisation of a non-Irish word. The pronunciation is given in IWM as /amʹenʹ/.
Ave Maria: “Hail Mary”, or an tÁivé Máiria in the CO. PUL does not shoehorn this Latin phrase into an Irish guise.
baiste: “baptismal”. Eóin Baiste, John the Baptist. In Dinneen’s dictionary, baiste is an adjective meaning “baptismal”, whereas in Ó Dónaill’s dictionary it is a variant of the word baisteadh meaning “baptism”. It is probably to be interpreted as an adjective that derives from the genitive singular of the noun, baistidh, although the spelling Eóin Baistidh is not found.
Caitlicí: “Catholic”, or Caitliceach in the CO. Pronounced /katʹilʹikʹi:/.
cath: “temptation”, often found in the plural, cathaí. Note that in the CO a cognate word cathú is used.
céasaim, céasadh: “to crucify, torment”.
cionta: “sin, crime, guilt”, pronounced /kʹuntə/.
cionntaím, cionntú: “to sin, transgress”, or ciontaím, ciontú in the CO. The double n is given to show the long vowel: pronounced /kʹu:n’ti:mʹ, kʹu:n’tu:/. IWM indicates the first vowel is long in this word, short in the related word cionta, and either long or short in ciontach/cionntach, “guilty”.
Cluain Uamha: Cloyne, Co. Cork. The genitive is given here in Easpag Chluana, Bishop of Cloyne, where PUL’s Mo Sgéal Féin has Dióseas Chluanach agus Rosa, the diocese of Cloyne and Ross.
colann: “body”, with the genitive here colla. The CO has colainn and colainne respectively.
comaoine: “communion”, or comaoin in the CO. Spelt cumaoine in the original, the spelling has been edited to reflect the pronunciation given in the LS edition.
Cré: “creed”.
cruthaitheóir: “creator”. This word is found in the Creed here, but transcribed crunahóir in the LS edition. PUL stated in PUL1926 that he had both seen and heard cruthaitheóir and cruthnaitheóir, but had only seen cruthú in print, but had never heard anything other than cruithniú. Consequently, both cruthaitheóir and cruthnaitheóir are acceptable here, but is likely that the forms with a medial -n- are preferable in Cork Irish. Pronounced /kruhə’ho:rʹ~krunə’ho:rʹ/.
fuiligim, fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. D’fhuilig in the preterite, where the CO has d’fhulaing.
gabhaim, gabháil: “to be conceived”, among other meanings.
grásta: “grace”. Dinneen’s dictionary shows the nominative singular to be grás, but this word is nearly always found as grásta. PUL seems to use it as a grammatically singular word (cf. grásta mór ó Dhia in PUL’s Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha).
marbh: “dead person”. Both maraibh and maraíbh are found in the Creed here. The LS edition indicates a pronunciation maraíbh, reflecting later end-stress of dative plural endings; however, given instability of dative plural forms, maraibh is not incorrect.
ógh: “virgin”, especially Muire Ógh, “the Virgin Mary”. Pronounced /o:/.
páis: “passion”. Páis a dh’fhulag, “to endure suffering”.
peacaím, peacú: “to sin, transgress”. Found in the General Confession here, but peaca a dhéanamh is more common.
uilechómhachtach: “almighty”, or uilechumhachtach in the CO. Pronounced /ilʹi-xo:xtəx/. Similarly, Dia an Uilechómhacht, “Almighty God”.
Uilliam Ó Cathain: William Keane, Bishop of Cloyne 1857-1874.

Nótaí

An Phaidir: “the Lord’s Prayer”. This title is given in the Letiriú Shímplí edition, but not in the 1921 normal-spelling edition.
Go naomhaíthear: “may it be sanctified”. In the Letiriú Shímplí edition, go näfyr is found, indicating an original form, go naofar. However, the preface to the 1921 edition indicates that the language of the text was revised by PUL in line with modern norms, and he may have taken the chance to move this verb into the second conjugation here.
Go ndéantar: “let it be done”. The calcified form go ndéantar is found twice in this prayer, instead of the modern subjunctive autonomous go ndeintear. Calcified forms abound in prayers, and the pronunciation is indicated in the LS edition as /gə nʹe:ntər/; Amhlaoibh Ó Loingsigh’s pronunciation, given in IWM, has a slender medial n,/gə nʹe:nʹtər/, but the form as given by PUL is undoubtedly the correct older form.
Ná léig sinn i gcathaíbh: “lead us not into temptation”. The léig here is calcified, pronounced /lʹe:gʹ/, corresponding to leog in later WM Irish.
Saor sinn ó olc: “deliver us from all”. Amhlaoibh Ó Loingsigh’s version, given in IWM, was saor sinn ón olc, with the definite article.
An tAvé Maria: “the Hail Mary”. This title is given in the Letiriú Shímplí edition, but not in the 1921 normal-spelling edition.
Glóire don Athair: “the Glory Be”. This title is given in the Letiriú Shímplí edition, but not in the 1921 normal-spelling edition.

90. An Crann Úll.

Bhí crann úll ag feirmeóir in’ abhallórd. Crann ana-mhaith ab ea é agus na húlla a bhíodh air dob fheárr agus ba bhoige agus ba mhísle iad ná na húlla a bhíodh ar aon chrann eile dá raibh sa ghort. Bhíodar chómh maith san go gcuireadh an feirmeóir bronntanas díobh ag triall ar a mháistir i gcónaí, nuair a bhídís aibidh. Tháinig a leithéid sin de dhúil ag an máistir in sna húllaibh sin gur órdaigh sé an crann d’aistriú isteach in’ abhallórd féin. Do haistríodh an crann. Bhí an crann róchríonna chun aistrithe, agus do mhairbh an t-aistriú é. D’fheóch sé. Níor fhás a thuilleadh úll air. Do hínseadh don mháistir go raibh an crann tar éis feóchadh.

“’Sea!” ar seisean. “Sin í an tsainnt agam. Dá mb’áil liom bheith sásta leis an mbronntanas a gheibhinn bheadh sé le fáil fós agam.”

“’Sea!” arsan feirmeóir. “Dá mb’áil liomsa gan aon bhronntanas a thabhairt riamh do ní bheadh ’ fhios aige iad a bheith chómh maith, agus ní thiocfadh an dúil aige iontu, agus bheadh mo chrann breá agam féin fós.”

“’Sea!” arsan chómharsa. “Tuilleadh tubaiste chúibh araon! Ar mhaithe leat féin a thugthása an bronntanas uait. Nách maith nách do dhuine bhocht a thugthá é! Ní hé do leas a dheinis, áfach, sa ghnó. Ní maith a tháinig as duit, ach olc. Dhein seisean an éagóir ort, áfach, agus tá a thoradh aige.”

“Ar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán.”

Foclóirín

abhallórd: “orchard”, or úllord in the CO. This was spelt ubhall-ghort in the original, but IWM shows the word traditionally spelt abhall-ghort is pronounced /au’lo:rd/. More research required here to reveal whether /u:’lo:rd/ is also found in the dialect and whether abhall and úll (ubhall in the traditional spelling) both exist as words for “apple” in the WM dialect or not.
ar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán: “the cat purrs for its own good”, i.e. people act out of their own selfish motivations. Also found as mar mhaithe leis féin, etc.
nách maith: “isn’t it good?”, used in a deprecatory rhetorical way to suggest something was in fact bad. Nách maith nách do dhuine bhocht a thugthá é!, “a fine thing it was too that you didn’t give it to a poor person!”
sainnt: “greed.” The traditional double n, not used in the CO, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/. Sin í an tsainnt agam, “that will teach me to be greedy”??
tubaist: “calamity, misfortune”, or tubaiste in the CO. Tuilleadh tubaiste chúibh araon, “it serves you both right!” PUL’s Séadna has both tubaist and tubaiste as the base form of this noun, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows tubaist as the nominative in WM Irish.

89. An Tarbh agus an León.

Fadó riamh, san aimsir ’na n-itheadh taraí caoireóil, duairt an león leis an dtarbh, “Tair chun dínnéir chúm amáireach,” ar seisean. “Tá caíora bhreá mhéith marbh agam, agus caithfirse do chion den fheóil ’ fháil.”

“Tá go maith, a rí,” arsan tarbh.

Tháinig an tarbh amáireach a bhí chúinn. Nuair a tháinig sé isteach d’fhéach sé ’na thímpall. Chonaic sé corcáin mhóra, agus oigheanna móra, agus sceana móra, agus beara móra, agus tine bhreá mhór, agus ní fheacaigh sé aon chaíora. D’iompaigh sé láithreach agus do rith sé leis féin.

“Stad! Stad!” arsan león. “Cad é sin ort mar sin?”

“Ó,” arsan tarbh, “is mithid dómhsa bheith ag imeacht. Dheallródh an t-ollmhúchán mór so nách caíora is maith leat a bheith chun dínnéir agat, ach tarbh!”

An Múineadh.

Scéal ana-dhoimhinn is ea an scéal san. Tá daoine áirithe sa tsaol agus nuair ba mhaith leó thu ’ bhailiú chúthu agus a chur ’ fhéachaint ort rud éigin a dhéanamh dóibh gurbh fheárr leatsa gan é ’ dhéanamh, tabharfaid said cuireadh dínnéir duit. Ar ball, “over the walnuts and the wine,” beid siad ad mhealladh agus ag cimilt bhaise dhíot go dtí go mbeidh geallta agat go ndéanfair an rud san ná ceadófá, b’fhéidir, ar Éirinn, a leithéid do dhéanamh. Fan uathu ar fad. Nú dein mar a dhein an tarbh, rith leat féin uathu.

Foclóirín

bailím, bailiú: “to gather, collect”. Duine a bhailiú chút appears to mean “to get someone on your side”.
bas: “hand, palm of the hand”, or bos in the CO.
bior: “spit (for roasting meat)”, with the plural here beara, where the CO has bioranna.
caoireóil: “mutton”.
cimlím, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in the CO, which preserves the classical forms with a broad c. Ag cimilt bhaise de dhuine, “coaxing someone”.
fadó riamh: “ever such a long time ago”.
oigheann: “oven”, with the plural here spelt adhanna (=oigheanna) in the original, where the CO has oighinn. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows the plural as aigheanta (=oigheanta). Dinneen shows the word can also mean “pan, cauldron”, which might fit the context better here. Pronounced /əin, əinə~əintə/.
ollmhúchán: “preparation”, ullmhúchán in the CO. Pronounced /o’lu:xɑ:n/. Spelt ullamhúchán in the 1931 edition, as if the pronunciation were /oləvu:xɑ:n/, but the Letiriú Shímplí edition of PUL’s Séadna shows the pronunciation to be without a /v/.
tarbh: “ox, bull”, with the plurals tairbh and taraí both found in PUL’s Aesop, where the CO has only tairbh. Pronounced /tɑrəv, tarʹivʹ~tɑ’ri:/.

88. An Bramach agus an León.

Chonaic an león an bramach. Bhí an bramach go beathaithe agus go sleamhain.

“Is breá méith an greim feóla a gheóbhainn ann,” arsan león in’ aigne féin. “Ní mór dhom teacht suas leis ar chuma éigin agus é ’ mharú dhom féin.”

Thug an bramach fé ndeara go raibh an león ag faire air.

“Ní mór dhom mo shúil a chimeád ortsa, a bhioránaigh!” ar seisean.

Chuir an león fógra amach dhá rá gur dhochtúir é féin agus go raibh árdeólas aige ar leighseannaibh.

“’Sea go díreach,” arsan bramach, “agus curfar mise ag triall air le leigheas agus maróidh sé me, agus déarfaidh sé gur den ghalar a fuaras bás! Ach beadsa suas leis.”

Do leog sé air leis an mbuachaill go raibh ciscéim bacaí ann. Do rugadh chun na ceártan é agus do cuireadh cruite nua fé. Ní raibh aon bhacaí air ag teacht abhaile. Do scaoileadh amach ar an bpáirc é. Chonaic sé an león ag faire air. Bhuail sé chuige anonn agus ciscéim bacaí i gcois deiridh leis, mar dhea.

“Féach, a dhochtúir,” ar seisean, “do cuireadh cruite nua fúm ó chiainibh agus is eagal liom gur chuir an gabha tarainge i mbeó sa chois deiridh seo liom atá bacach.”

“Leog dom féachaint uirthi,” arsan león.

D’iompaigh an bramach a dheireadh leis an león agus bhí sé ag druidim chuige i ndiaidh a chúil. Do thuig an león nár bhaol do féin an chos, toisc an tarainge i mbeó ’ bheith inti agus í ’ bheith bacach. Bhí sé ag feitheamh agus ag faire go dtí go mbeadh an bramach cóngarach a dhóthain do chun léimt in áirde air agus breith ar bhaic mhuiníl air. Bhí an tsúil go daingean ag an mbramach air, áfach, agus é ag druidim chuige i ndiaidh a chúil. Tháinig sé chómh fada agus d’oir do teacht. Ní raibh san chómh fada agus d’oir don león é ’ theacht. Do chrom an león a cheann, mar dhea chun féachaint ar an gcois. Lena línn sin, chómh tapaidh leis an splannc, do bhuail an bramach é idir an dá shúil, leis an dá chois deiridh, agus dhein sé dhá leath dhá phlaosc.

Do thit an león marbh ar an bpáirc.

An Múineadh.

“Is mairg a bhíonn thíos ar an gcéad bheárnain.”

“Ná bíodh iúntaoibh agat a cois deiridh an chapaill go dtí go bhfeicfir í ag imeacht ar ghualainn an mhadra.”

Is álainn an rud “cor in aghaidh an chaim.”

Sáraigh do namhaid más féidir é. Cas an feall ar an bhfeallaire.

Foclóirín 

bacaí: “lameness”.
beó: “quick; sensitive or exposed flesh”. Tarainge a chur i mbeó sa chois deiridh, “to drive a nail in the quick of the hind leg”.
bioránach: “lad”. A bhioránaigh!, “my boy!”
bramach: “colt”, or bromach in the CO. While the spellings bramach and bromach would both produce the pronunciation /brə’mɑx/, the distinction becomes significant in the plural, where WM Irish has bramaigh, /brɑmigʹ/.
cam: “bend”. Cor in aghaidh an chaim, “tit for tat”. Is álainn an rud “cor in aghaidh an chaim”, “give as good as you get; play someone at his own game”.
ciscéim: “footstep”, or coiscéim in the CO. Note this word is masculine in PUL’s works: ciscéim bacaí a bheith ionat, “to have a limp”.
crú: “shoe for an animal’s hoof”, with the plural here cruite where the CO has crúite.
cúl: “back”. I ndiaidh a chúil, “backwards”.
leigheas: “cure, remedy, medical treatment”, with the plural here leighseanna where the CO has leigheasanna.
léimim, léimt: “to leap”, or léimim, léim in the CO. The verbal noun is also found as ag léimrigh in PUL’s works. Léim is also found in PUL’s Niamh to describe the sport or act of leaping.
is mairg a bhíonn thíos ar an gcéad bheárnain: “woe to him who falls at the first hurdle”, i.e. you can pay for a mistake early on later in life or later in the course of events.
méith: “fat, juicy”.
ná bíodh iúntaoibh agat a cois deiridh an chapaill go dtí go bhfeicfir í ag imeacht ar ghualainn an mhadra: “don’t leave anything to trust; wait until you see something before you believe it”.
tapaidh: “quick”, or tapa in the CO. Pronounced /tɑpigʹ/.
tarainge: “nail”, or tairne in the CO. The pronunciation is /tɑriŋʹi/.

87. An Mada Rua agus an León Breóite.

Bhí an león breóite. Sin é an ráfla do chuaigh amach, pé in Éirinn é. Bhí na hainmhithe go léir ag teacht, mar ba chóir, ag féachaint an rí. Thug an león fé ndeara nár tháinig an mada rua. Chuir sé an seacál ag triall ar an mada rua dhá fhiafraí dhe cad ’na thaobh nár tháinig sé ag féachaint an rí fé mar a tháinig an chuid eile de sna hainmhithibh.

“Goibh mo leathscéal leis an rí,” arsan mada rua leis an seacál, “agus abair lena shoíllse go bhfuil oiread urrama agam anois do agus ’ bhí riamh agam do. Agus abair lena shoíllse go ndeigheas go minic, ó buaileadh breóite é, chómh fada le béal na pluaise ’na bhfuil sé ’na luí, agus go dtagadh scannradh orm nuair a chínn rian cos na n-ainmhithe eile ann, agus aghaidh gach riain isteach, agus gan aghaidh aon riain amach. Nuair a chínn an ní sin thagadh scannradh orm, agus ní fhéadainn dul isteach.”

Bhí ’ fhios ag an mada rua ná raibh aon bhreóiteacht ar an león, ná raibh sé ach dhá leogaint air go raibh sé breóite i dtreó go dtiocfadh na hainmhithe uathu féin agus nár ghá dho bheith dhá bhfiach.

An Múineadh.

“Ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as.”

“Is sleamhain iad leacacha an tí mhóir.”

An chiall a cheannaigh duine eile dhuit tabhair aire mhaith dhi.

Foclóirín 

is sleamhain iad leacacha an tí mhóir: “the flagstones of the great house are slippery”, a saying referring to problems arising in dealing with the authorities.
ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as: “going to the king’s house and coming out of it are two different things”, i.e. you may get a great disappointment when trying to consort with people who look down on you.
seacál: “jackal”.

87. An Mada Rua agus an León Breóite.

Bhí an león breóite. Sin é an ráfla do chuaigh amach, pé in Éirinn é. Bhí na hainmhithe go léir ag teacht, mar ba chóir, ag féachaint an rí. Thug an león fé ndeara nár tháinig an mada rua. Chuir sé an seacál ag triall ar an mada rua dhá fhiafraí dhe cad ’na thaobh nár tháinig sé ag féachaint an rí fé mar a tháinig an chuid eile de sna hainmhithibh.

“Goibh mo leathscéal leis an rí,” arsan mada rua leis an seacál, “agus abair lena shoíllse go bhfuil oiread urrama agam anois do agus ’ bhí riamh agam do. Agus abair lena shoíllse go ndeigheas go minic, ó buaileadh breóite é, chómh fada le béal na pluaise ’na bhfuil sé ’na luí, agus go dtagadh scannradh orm nuair a chínn rian cos na n-ainmhithe eile ann, agus aghaidh gach riain isteach, agus gan aghaidh aon riain amach. Nuair a chínn an ní sin thagadh scannradh orm, agus ní fhéadainn dul isteach.”

Bhí ’ fhios ag an mada rua ná raibh aon bhreóiteacht ar an león, ná raibh sé ach dhá leogaint air go raibh sé breóite i dtreó go dtiocfadh na hainmhithe uathu féin agus nár ghá dho bheith dhá bhfiach.

An Múineadh.

“Ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as.”

“Is sleamhain iad leacacha an tí mhóir.”

An chiall a cheannaigh duine eile dhuit tabhair aire mhaith dhi.

Foclóirín 

is sleamhain iad leacacha an tí mhóir: “the flagstones of the great house are slippery”, a saying referring to problems arising in dealing with the authorities.
ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as: “going to the king’s house and coming out of it are two different things”, i.e. you may get a great disappointment when trying to consort with people who look down on you.
seacál: “jackal”.

86. An Bolg agus an Chuid Eile de sna Ballaibh Beatha.

D’éirigh toirmeasc idir bhallaibh beatha an duine uair éigin fadó. An bolg fé ndeár é. Do thuig an chuid eile acu gur isteach sa bholg a théadh gach aon bhlúire de thoradh a saothair, agus go rabhadar creachta aige, agus ná deineadh sé féin aon bhlúire oibre, ach é deargdhíomhaoin, ag ithe agus ag ól an uile bhlúire bídh agus an uile bhraon dí dá bhféadaidís a sholáthar.

“Féach,” arsan chos, “an saghas bróige tá orm! Siúlaim a lán agus deinim a lán soláthair, ach sloigeann sé sin gach a bhféadaim a chruinniú agus ní fhágann sé blúire agam féin chun bróige ’ cheannach.”

“Tá an scéal céanna agamsa,” arsan chos eile. “Táim geárrtha ón mbóthar agus táim míllte ag fuachtáin, agus ní féidir liom bróigín a chur orm féin, bíodh gur mó bróg bhreá mhaisiúil a gheóbhainn ar a bhfuil tabhartha don bholg san agam le bliain.”

“Tá an scéal céanna agamsa,” arsan lámh chlé.

“Tá agus agamsa,” arsan lámh dheas.

Mar sin dóibh sa tímpall. Shocraíodar go stadfaidís d’obair.

“Ní shiúlódsa ciscéim eile dho an fhaid a mhairfead!” arsan chos chlé.

“Ná mise!” arsan chos dheas.

“Ní dhéanfad stróc eile oibre dho,” arsan lámh chlé.

“Ná mise!” arsan lámh dheas. “Ná ní chuirfead blúire eile bídh isteach ann, ná braon dí, dá mbeadh sé ag fáil bháis le hocras agus le tart!”

Dheineadar go léir sa tímpall an socrú céanna.

“Fanaidh libh go fóill,” arsan bolg.

D’imigh an lá san agus bhí gach éinne sásta. “Ó,” ar siad, “nách trua nár chuímhníomair air sin fadó!”

Tháinig an lá amáireach.

“Ní bhraithim me féin ar fónamh,” arsan chos chlé. “Táim lag ionam féin ar chuma éigin ná tuigim.”

“Tá lagachar éigin ormsa, leis,” arsan chos eile.

“Ach, sínidh amach sibh féin,” arsan lámh chlé, “agus imeóidh an lagachar san.”

Dheineadar.

Chuireadar lá agus oíche eile dhíobh. Bhí an lagachar ag méadú orthu go léir. Ba gheárr go rabhadar chómh lag san gurbh ar éigin a bhí iontu corraí. Bhíodar dhá chuímhneamh gurbh é an bás a bhí ag teacht orthu agus bhí scannradh ag teacht orthu.

Ansan do labhair an bolg.

“Tá dearúd mór oraibh,” ar seisean. “Is dó’ libh ná deinimse aon obair. Deinim go deimhin. Bím ag obair coitianta anso istigh, i ganfhios díbhse. Nuair a thugann sibhse bia agus deoch dómhsa oibrímse anso istigh iad i dtreó go mbainim an neart astu agus ansan cuirim an neart san mórthímpall ionaibhse. An bia a thugabhair dom dhá lá ó shin, tá an méid nirt a bhí ann ídithe, agus dá bhrí sin níl aon neart agam anois le tabhairt díbh. Imídh anois,” ar seisean, “agus tugaidh tuilleadh bídh agus dí dhom, agus geallaim dhíbh gur geárr go mbainfeadsa an lagachar díbh.”

Thugadar chuige an bia agus an deoch, agus ba gheárr go raibh a neart agus a misneach acu féin arís.

An Múineadh.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach ball de bhallaibh beatha an duine.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach duine sa lín tí.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach lín tí sa pharóiste.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach paróiste in Éirinn.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach duine sa náisiún, ón rí anuas go dtí bacach an mhála.

Deineadh gach éinne an gnó atá ceapaithe dho féin, agus deineadh sé sa cheart é, agus beidh an rath ar an ngnó go léir.

“Ar scáth a chéile a mhairid na daoine.” Ní fhéadfadh éinne maireachtaint ar an saol so in’ aonar.

Foclóirín 

bacach an mhála: “a vagrant or tramp carrying his belongings in a bag”.
ball: “limb”. Baíll beatha, “limbs, vital parts, parts of the body”.
deargdhíomhaoin: “utterly idle; with absolutely nothing to do”.
fuachtán: “chilblain”. Míllte ag fuachtáin, “blighted with chilblains”.
gearraim, gearradh: “to cut”. Note the rules set out in IWM on the lengthening of vowels before rr where rr is followed immediately by a consonant: geárrtha, /gʹa:rhə/. By contrast, the present-tense form and verbal noun are pronounced /gʹarimʹ, gʹarə/. The preterite and imperative also have a lengthened vowel (do gheárr sé, geárr), as the rr is not followed directly by a vowel. Geárrtha ón mbóthar, “cut by the road”, although dictionaries do not indicate this usage.
lín tí: “household”, or líon tí in the CO. Note that PUL’s works show consistent use of a slender n in this word in the nominative and dative as well as the genitive, possibly reflecting assimilation of the n to the following slender t.
stróc: “stroke”, or stróic in the CO. Stróc oibre, “a stroke of work”. This form is given in Dinneen’s dictionary as masculine, whereas stróic in the CO is feminine.
toirmeasc: “row, fuss”, pronounced /torʹimʹəsk/.

85. An Coileach, agus an tAsal, agus an León.

Bhí an coileach in áirde ar an gcruaich. Bhí an t-asal ag stathadh an fhéir a bun na cruaiche agus dhá ithe. Cé ’ bhuailfeadh i dtreó na háite ach an león. Chonaic an coileach é agus chuir sé glao as. Deirtear ná fuil aon rud is lú ar an león ná glao coiligh. Chómh luath agus d’airigh sé an ghlao ón gcoileach chuir sé búirth as agus do rith sé as an áit.

Le línn ghlao an choiligh chuir an t-asal béic uathásach as. Ansan chonaic sé an león ag imeacht ar cos’ in áirde.

“Dar fia,” ar seisean, “ach tá sé ag teiteadh uaim!” agus siúd i ndiaidh an leóin é agus gach aon bhéic aige. D’imíodar as raon ghlao an choiligh. D’fhéach an león laistiar de. Chonaic sé an t-asal ag rith ’na dhiaidh. D’iompaigh sé air agus do rug sé ar bhaic mhuiníl air agus mhairbh sé é. Bhí an coileach ag féachaint orthu.

“Cheap an t-amadán san,” ar seisean, “gurbh é féin a chuir an ruag ar an león! Tá díolta go daor as an ndearúd aige.”

An Múineadh.

Ná glac creidiúint de bhárr gnímh nár dheinis agus ná raibh ar do chumas a dhéanamh, nú iompóidh an chreidiúint chun náire dhuit, nú b’fhéidir chun cailliúint anama dhuit.

Ní hé an té is árd glór is maith gníomh i gcónaí.

Foclóirín

baic: “twist, crook”, found in the phrase baic mhuiníl, “the nape of the neck”.
beag, lú: “small, smallest”. Is beag orm é, “I don’t like it”. Deirtear ná fuil aon rud is lú ar an león ná glao coiligh, “it is said there is nothing a lion likes less than a cock’s crow”.
cruach: “hayrick”.
glao: “call, cry”. Feminine here (although glao coiligh, “cock crow” does not lenite coiligh), but masculine in the CO.
raon: “range”.
ruag: “chase, rout”, or ruaig in the CO. Ruag a chur ar dhuine, “to put someone to flight”.

84. An Dorsán agus an Seangán.

Bhí an geímhreadh ann agus bhí na seangáin ag obair sa scioból ag cur a gcuid arbhair chun taisce. Tháinig an dorsán agus é i ndeireadh an anama nách mór le fuacht agus le hocras, agus d’iarr sé gráinne cruithneachtan orthu.

“Conas a chaithis an samhradh agus an fómhar,” arsa duine acu leis, “agus a rá ná fuil tigh ná scioból ná gráinne cruithneachtan agat féin?”

“Mo chreach chráite é,” ar seisean, “do chaitheas an samhradh agus an fómhar ag ithe agus ag ól agus ag rínce le ceól, agus níor chuímhníos riamh ar gheímhreadh ná ar fhuacht ná ar ocras.”

“Ó, ambasa, a mhic ó,” arsan seangán leis, “dá gcaithimísne an samhradh ag ithe agus ag ól agus ag rínce le ceól ní bheadh againn ach an t-ocras agus an fuacht, agus ba bheag an tairbhe dhúinn dul ag triall ortsa ag lorg gráinne cruithneachtan ort, mar ní bheadh sé agat le tabhairt dúinn. An té ’ chaithfidh an samhradh ag ithe agus ag ól agus ag rínce le ceól ní foláir do an taobh eile den scéal a bheith aige sa gheímhreadh, .i. an fuacht agus an t-ocras. Imigh leat, a dhuine mhacánta. Níl neart againn ort. Ná bí ag leogaint na hoíche ort.”

An Múineadh.

Is é Dia a cheap an obair don duine ar an saol so. Dá bhrí sin, rud beannaithe is ea an obair. Agus más rud beannaithe an obair is rud mallaithe an díomhaointeas. An té a chaithfidh a óige ag ithe agus ag ól agus ag rínce le ceól tiocfaidh an t-aos air, agus beidh teinneas agus diachair air mar gheall ar an ndrochúsáid a thug sé dho féin i dtosach a shaeil, agus ní bheidh aon rud curtha ’na chómhair féin aige chun aon bhogadh ’ dhéanamh ar an gcruatan. Beidh aige “gol an gháire” a bhí i dtosach a shaeil aige.

Má dheineann an drochúsáid cirriú ar a shaol beidh sé ar an saol eile, agus is baolach go mbeidh “gol” níosa mheasa aige.

Cuímhnigh in am ar na nithibh sin.

Foclóirín

cirrím, cirriú: “to cut short, curtail”, or ciorraím, ciorrú in the CO. Cirriú was spelt ciorrbhadh in the original, but the Letiriú Shímplí edition of PUL’s Séadna shows the pronunciation to be /kʹi’rʹu:/, which accords with the comment on the pronunciation given in Dinneen’s dictionary.
diachair: “pain, affliction, distress”.
dorsán: “grasshopper”.
gol: “weeping”. Gol do gháire a bheith agat, “for the laugh to be against you; to be laughing on the other side of your face”.
neart: “strength”. Níl neart againn ort, “we can’t help you; there’s no helping someone like you”.

83. An Seangán agus an Chuil.

Bhuail seangán agus cuil lá umá chéile, agus, tar éis roinnt cainnte ’ dhéanamh dóibh, d’éirigh eatarthu mar gheall ar an sórd slí bheatha a bhí ag gach éinne acu.

“Is feárr agus is uaisle go mór an tslí bheatha atá agam ná mar atá agatsa,” arsan chuil. “Bím i measc na n-uasal is aoirde. Bím ar ghualainn dheis ar rí nuair a bhíd na huaisle móra ar dínnéar aige, agus ithim mo chion den bhia is feárr agus is mísle dá mbíonn ar an mbórd ann. Ní hea, ach dá mb’é an teampall féin é, bím istigh ann nuair a bhíonn an íbirt loiscithe dhá dhéanamh, agus is me is túisce a bhlaiseann feóil na híbirte. Bím ins gach cuideachtain dá aoirde agus dá uaisleacht, agus ní fhanaim choíche le cuireadh ’ dh’fháil. Murab ionann is tusa, ní gá dhom bheith ag briseadh mo chroí agus ag séideadh allais asam ag obair, ó dhubh go dubh, a d’iarraidh blúire bídh a sholáthar dom féin. Dá mbeadh orm maireachtaint mar a mhaireann tusa is é mo thuairim láidir go raghainn agus go mbáfainn me féin!”

“Fan go fóill anois,” arsan seangán. “Tá taobh eile ar an scéal san. Bíonn tú ar dínnéar ag an rí, ach cathain a fuarais cuireadh? Bhítheá ar ghualainn dheis an rí, ach an mó uair a cuireadh as an áit sin tu agus dithneas ort? Is tu is túisce a bhlaiseann feóil na híbirte, ach an mó uair a cuireadh as an dteampall amach tu le scuaib? An cuímhin leat an lá úd a chonacsa féin tu agus do ghob sáite i gcnoblach mhadra agat thall ansúd in aice an fhalla? Bíonn tú ins gach áit, íseal agus uasal, ach cá mbíonn aon fháilte rómhat? Itheann tú gach saghas bídh, ach cathain a dh’ithis aon bhia ba leat féin? Ní dheineann tú aon obair choíche. Is deas an admháil í sin uait. Itheann tú bia agus ní dheineann tú aon bhlúire oibre! Ba chóir go mbeadh náire ort. Díolfair as an ndíomhaointeas ar ball, áfach. Tiocfaidh an dúluachair ort agus ní bheidh aon stór agat ’na chómhair, agus beidh an t-ocras ort. B’fhearra dhuit go mor déanamh mar a dheinimse, fanúint ó sna huaislibh agus ó sna dínnéarachaibh agus dícheall a dhéanamh ar stór beag éigin a bhailiú dhuit féin i gcómhair an gheímhridh.”

An Múineadh.

D’airítí daoine fadó dhá mhaíomh “nár dheineadar aon lá oibre riamh.” Ba chóir go mbeadh náire orthu! Tá daoine ann agus bheadh náire orthu rian na hoibre bheith ar a ndeárnachaibh. Ní náire, ach creidiúint mhór, an rian san.

Foclóirín

allas: “sweat”.
cnoblach: “carcass”, or conablach in the CO. The original spelling here was cunablach, but IWM shows the pronunciation is /knubələx/.
cuil: “fly” (the insect).
deárna: “palm of the hand”, with the plural here deárnacha. The CO has dearna and dearnana.
dínnéar: “dinner”. The CO singular and plurals are dinnéar and dinnéir; I haven’t found attestion of the nominative plural in PUL’s works, but the dative plural here is dínnéarachaibh.
milis: “sweet”, with mísle in the comparative, where the CO has milse. Pronounced /mʹilʹiʃ, mʹi:ʃlʹi/.
seangán: “ant”, pronounced /ʃiŋ’ɑ:n/.