Don Cíochóté 2

Caibideal a dó.
A Chéad Ghabháil Amach.

Gach ollmhúchán dá raibh le déanamh bhí sé déanta: an cathbhárr deisithe, an éide sciomartha glan, ainm curtha ar an each, ainm curtha ar an rudaire féin, ainm curtha ar an ríogain; gach aon rud curtha i dtreó chun gluaiste. Ansan tháinig buairt aigne ar an rudaire uasal.

“Ó,” ar seisean leis féin, “féach anso me fós gan cor agam á chur díom, agus nách fios cad é an gátar atá liom ar fuaid na dtíortha! Ní fios cad iad na tíoránaigh atá le smachtú, ná cad iad na héagórtha atá le cosc, ná cé hiad na fathaigh mhóra atá le cloí; agus sin é an gnó go léir ag feitheamh liom, agus mise ag scaoileadh na haimsire thorm, agus b’fhéidir an chaoi ag imeacht uaim, caoi ná tiocfaidh arís, ar ghníomh éigin iúntach a dhéanamh. Ní mór dhom gluaiseacht gan a thuilleadh ríghnis!”

Chuir sé uime an éide. Chuir sé an cathbhárr ar a cheann. Chuir sé srian agus iallait ar Rósínanté. Shocraigh sé na spuir ar a dhá sháil. Dhaingnigh sé an sciath ar a chuislinn chlé; fé mar a chonaic sé in sna leabhraibh, a dheineadh rudairí. Ansan chuaigh sé ar muin an eich, agus thóg sé an tsleá ’na láimh dheis, agus ghluais sé amach an geata a bhí ar an dtaobh thiar dá chlós, i dtreó ná feacaigh éinne ag imeacht é. Nuair a fuair sé é féin amu’, agus an saol mór os a chómhair, agus na gníomhartha móra le déanamh aige, tháinig oiread eile de chroí dho. Chomáin sé leis go dtí go raibh sé tímpall le ceathrú mhíle ón dtigh. Ansan do chuímhnigh sé ar rud a chuir ’ fhéachaint air stad. Thairrig sé an tsrian, agus do stad Rósínanté ’na choilgsheasamh—rud nár mhiste leis. Is é rud fé ndeár an stad ná so. Do chuímhnigh an rudaire ar dhearúd a bhí déanta aige. Ní raibh ceadaithe d’aon fhear gabháil amach ’na rudaire fáin, ná aon ghníomh rudaire do dhéanamh, gan é ’ bheith gairmthe ’na rudaire. Thuig sé in’ aigne nár gairmeadh ’na rudaire fós é; agus, dá bhrí sin, go raibh an gnó go léir bunoscionn. Bhí ’ fhios aige, as na leabhraibh, go mbeadh dlí na rudaireachta aige á bhriseadh dá smachtaíodh sé aon tíoránach, nú dá ndeineadh sé aon ghníomh eile rudaireachta, go dtí go gcurfí gairm rudaire air. Nuair a chuímhnigh sé ar an méid sin ba dhóbair go gcasadh sé tar n-ais abhaile; do baineadh a leithéid sin de phreib as, le heagla go raibh dlí na rudaireachta briste cheana féin aige. Bhí sé ag machnamh ar feadh tamaill, féachaint cad ba cheart do a dhéanamh. Fé dheireadh do chuímhnigh sé ar rud a léigh sé i leabhar éigin, i dtaobh fir éigin a bhí ag gluaiseacht ar an gcuma gcéanna, agus gan é gairmthe ’na rudaire. Is é rud a dhein an fear san ná comáint leis go dtí gur bhuail fíor-rudaire uime ar an slí, agus a iarraidh ar an bhfíor-rudaire sin é ’ ghairm ’na rudaire fáin. Shocraigh sé ar an rud san do dhéanamh. Bhí ’ fhios aige, leis, de réir dlí na rudaireachta, ná raibh ceadaithe d’aon rudaire nuaghairmthe dul i rudaireacht ach amháin in éide gheal; agus ná raibh ceadaithe dho aon chómhartha, i bhfuirm suaitheantais, do chur ar a sciath go dtí go mbainfeadh sé an cómhartha san amach de thoradh gnímh. Ach duairt sé leis féin go ndéanfadh sé an tseanéide a bhí aige do scrios agus do ghlanadh, go dtí go mbeadh sí chómh geal le sneachta, nú le clúmh eirmine. Nuair a bhí socair ar an méid sin aige, do bhog sé an tsrian arís chun Rósínanté. Do bhog Rósínanté arís chun bóthair, agus ní har cos’ in áirde é. Thug an marcach a shlí féin do, agus cead a rogha bóthar do ghabháil. Sin mar ba ghnáth le rudairíbh fáin a dhéanamh, mar do thuigidís gurbh in mar ba dhóichí dhóibh éacht éigin do theacht ’na dtreó. Sin mar a dhein Don Cíochóté an uair sin. Thug sé a shrian féin do Rósínanté. Bhí Rósínanté ag siúl go breá réidh, agus is dócha go raibh aigne shuaimhneasach aige an fhaid ná raibh fuip ná spor ná srian ag déanamh aon chur isteach air. Ní raibh aon tsuím in aon chor ag an marcach dá chur i Rósínanté. Bhí sé thuas san iallait, agus é ag machnamh agus ag cainnt leis féin. Bhí sé ag cuímhneamh ar na leabhraibh a scrí’odh roimis sin ar na gníomharthaibh a dhein na rudairí fáin a bhí sa tsaol fadó; agus bhí sé dhá bheartú in’ aigne conas mar a bheadh cúntas ar a ghníomharthaibh féin in sna leabhraibh a bhí le teacht, agus conas mar a “dhein Don Cíochóté dé lá Mancha a leithéid seo de ghníomh agus a leithéid siúd de ghníomh; conas mar a smachtaigh sé le neart a lámha róchróga a leithéid seo de thíoránach, agus conas mar a threascair sé i gcómhrac aonair a leithéid siúd de phiarda fathaigh a bhí tar éis buachtaint ar rudairíbh fáin an domhain go léir, agus go raibh eagal acu go léir roimis; agus conas mar nár bhuail a dhiongbháil d’fhear cómhraic uime riamh go dtí gur casadh ’na threó an rudaire cróga uasal oirirc cathbhuach, Don Cíochóté dé Lá Mancha!”

Bhíodh sé ag cainnt leis féin ar an gcuma san, agus nuair ’ thagadh amach sa chainnt do focal éigin molta air féin níba mhórtaisí ná ’ chéile, chuireadh sé sceartadh gáire as a bhaineadh preab a Rósínanté bocht a bhíodh ag míogarnaigh.

Thug sé féin agus an capall an lá san go léir ag cur na slí dhíobh, agus ní bhfuair an rudaire uasal aon chaoi ar éacht ná ar ghníomh a dhéanamh, bíodh gur fhág sé fé Rósínanté a shocrú cad é an bóthar a gheóbhaidís. Bhí an oíche ag teacht, agus bhíodar araon, idir chapall agus marcach, buailte amach le tuirse agus le hocras agus le tart. D’fhéach an rudaire ’na thímpall féachaint an bhfeicfeadh sé caisleán tiarna nú bothán duine bhoicht in aon bhall, agus go bhféadfadh sé lóistín na hoíche ’ dh’fháil do féin agus dá chapall. Bhí ’ fhios aige, as na leabhraibh, gurbh in mar ba ghnáth le rudairíbh fáin a dhéanamh. Níorbh fhada go bhfeacaigh sé, tamall uaidh, tigh ósta. Chuir sé brostú ar Rósínanté, chun bheith ag an dtigh sin, pé saghas é, sara dtiocfadh an doircheacht. Díreach agus é ag déanamh ar an dtigh, do séideadh adharc. Bhí garsún ag aeireacht mhuc tamall beag ar an dtaobh eile den tigh. Theastaigh uaidh na muca ’ thabhairt isteach i gcómhair na hoíche. Shéid sé an adharc chun iad do chruinniú. Chómh luath agus d’airigh an rudaire an adharc, do buaileadh isteach in’ aigne láithreach gur chaisleán uasal éigin an tigh ósta, agus gur thug muíntir an chaisleáin fé ndeara ag teacht é féin, agus gur ag fáiltiú roimis a séideadh an adharc! Bhí ’ fhios aige, ó sna leabhraibh, gur mar sin a curtí fáilte roimh rudaire fáin nuair a thagadh sé chun caisleáin; go ndeineadh abhac an chaisleáin an adharc do shéideadh, chun a chur in úil do gach éinne de mhuíntir an chaisleáin, íseal agus uasal, go raibh an rudaire mór ag teacht, agus nárbh fholáir dóibh go léir teacht agus úmhlú dho, agus é ’ ghlacadh leis an onóir a bhí ag dul do. Nuair a chonaic Don Cíochóté buachaill na muc ag séideadh na hadhairce; b’é an buachaill sin, dar leis, abhac an chaisleáin, agus chun teacht an rudaire do chur in úil a bhí sé ag séideadh na hadhairce. Bhí áthas thar bárr ar an rudaire bocht nuair a chuaigh an méid sin ’na luí ar a aigne. Tháinig sé go doras an tí ósta. Bhí beirt bhan ag an ndoras, beirt chailíní aimsire do bhain leis an dtigh. Nuair a chonaic an rudaire iad níor chailíní aimsire in aon chor iad, dar leis, ach beirt ríogan; beirt iníon don rí go mba leis an caisleán. Tháinig an rudaire anuas dá chapall, agus chrom sé ar úmhlú don bheirt ríogan, agus ar labhairt leó in sna starthaíbh cainnte do curtí in sna leabhraibh rudaireachta mar chómhrá idir rudaire agus ríogan.

“Tugaim go húmhal,” ar seisean, “dúr n-uaisleacht ró-uasal, ró-árd, róríoga, an onóir is dual agus is ceart a thabhairt dúr soíllse; agus bheirim a bhaochas leis an nDúiliúin gur i dtreó bhúr gcaisleáin do casadh me le línn doircheachta na hoíche do thitim ó néalaibh neimhe ar chlár an domhain!”

Bhí an bheirt chailíní ag féachaint air agus ag éisteacht leis, agus ná feadradar ó thalamh an domhain cad é an saghas duine é, ná cad é an brí a bhí aige leis an saghas san cainnte do labhairt leó. Bhí a súile ar leathadh acu ag féachaint air, agus níor labhair éinne acu aon fhocal. Bhí ’ fhios acu gur shaghas éigin duine é, mar d’airíodar a ghlór; ach ní raibh ’ fhios acu cad é an saghas duine é, mar bhí an cealltar úd tairricthe anuas ar a aghaidh aige. Bhí sceón ag teacht iontu, agus bhíodar ag druidim laistigh den doras uaidh. Thug sé fé ndeara an sceón. D’árdaigh sé an cealltar agus thug sé a aghaidh le feiscint dóibh. “A ríogna ró-uaisle,” ar seisean, “ná bíodh scáth ná eagla oraibh. Ní baol díbh. Níor chuí dhómhsa, atá im rudaire fáin, masla ná tarcaisne ná easonóir a thabhairt do bhanntracht uasail. A mhalairt sin ar fad atá ceangailte orm a dhéanamh, de réir dlithe agus rialta na rudaireachta.”

Nuair a chonaic na cailíní an aghaidh lom mhílítheach, agus an driuch a bhí ar an nduine ar fad, ó mhullach talamh, is é rud a dheineadar ná sceartadh ar gháirí. Níor thaithn san leis. Lena línn sin tháinig fear an tí amach, féachaint cad a bhí ag cur na gcailíní ag gáirí. Fear mór beathaithe ab ea é, agus bolg ana-mhór air. Nuair a chonaic sé an stróinséir, ba ródhóbhair do pléascadh ar gháirí ar nós na gcailíní. Ach chonaic sé an fhearg ag teacht ar an stróinséir, agus mheas sé go mb’fhéidir gurbh fheárr bheith stuama. Bhí an fear, a chuid airm, agus a éide, áiféiseach go maith; ach bhí an tsleá mhór fhada úd ’na láimh aige. Rud cúntúrthach ab ea í. Níorbh aon dóithín í. Níor mhaith leis an bhfear mbeathaithe aon mhagadh ’ dhéanamh fúithi féin ná fén té ’na raibh sí ’na láimh aige. Is é rud a dhein sé ná labhairt go breá réidh urramúil. D’úmhlaigh sé don rudaire agus do labhair sé leis.

“A rudaire uasail,” ar seisean, “más lóistín oíche atá uait anso tá sé le fáil aigeat onóir agus fáilte. Tá gach aon rud le fáil aigeat onóir ach amháin leabaidh. Níl aon leapacha againn.”

“Ní dheineann san difríocht ar bith, a Chaistileánaigh uasail,” arsa Don Cíochóté. “Déanfaidh aon rud mo ghnósa, óir is iad m’arm agus m’éide m’órnáidí, agus ní bhíonn de shuaimhneas agam ach an fhánaíocht.”

Cheap an fear beathaithe, nuair ’ airigh sé “Caistileánach” á thabhairt air, gur mheas an stróinséir gur ó Chastília é. Bhí ’ fhios aige féin nárbh ea, ach ó Andalúsia, ó bhruach na farraige; agus árdchleasaí ab ea é, agus árdbhithiúnach.

“Ach,” ar seisean leis an stróinséir, “más mar sin atá an scéal agat, a dhuin’uasail, ní bhíonn de leabaidh agat go minic ach an charraig, agus is faire a dheineann tú nuair a dheinid daoine eile codladh. Dá bhrí sin fan anso againn; agus geallaim dhuit go mbeidh do dhóthain de chúis agat chun na faire ’ dhéanamh, ar feadh bliana, ní áirím ar feadh aon oíche amháin.

Do rugadh isteach é, agus is é a bhí go gofa suas agus go crapaithe ’na chnámhaibh, ó bheith san iallait i gcaitheamh an lae go léir, agus an brothall dhá thraochadh. Nuair a bhí sé ag dul isteach, duairt sé leis an bhfear mór, rudaire an chaisleáin, dar leis, aire mhaith a thabhairt don each; “an t-each is feárr,” ar seisean, “do chothaigh éinne riamh!” D’fhéach ‘rudaire an chaisleáin’ ar an each. Má fhéach ní duairt sé aon rud. Do rug sé an capall go dtí an stábla. Ansan tháinig sé thar n-ais. Bhí an bheirt chailíní tar éis a gcuid sceóin a chur díobh um an dtaca san; agus bhí duine acu ar gach taobh den stróinséir, agus iad a d’iarraidh na héide ’ bhaint de. Bhí an lúireach bainte dhe acu, agus níorbh fhuiriste dhóibh é, bhí na búclaí agus na cnaipí agus na tuisleanna chómh dúr chómh calcaithe sin le meirg. Do theip orthu an scórnán a bhaint in aon chor de, agus ní leogfadh sé dhóibh an cathbhárr a bhaint de; mar bhí an cealltar ceangailte den chathbhárr le ribíníbh deasa, agus níor mhaith leis iad do ghearradh.

An fhaid a bhíodar ag déanamh na hoibre sin do, bhí sé dhá moladh agus ag cainnt leó mar ba cheart cainnt a dhéanamh le ríoganaibh uaisle. Níor thuigeadar an staraíocht a bhí ar siúl aige, ach ba chuma leis: do lean sé air dhá ínsint dóibh cad í an onóir a bhí fálta aige, agus an dá ríogain uaisle a bheith ag friothálamh air mar a bhíodar. Níor chuímhin leis, in aon cheann de sna leabhraibh, cúntas ar a leithéid sin d’onóir á thabhairt d’aon rudaire fáin. Bhí, dar leis, buaite sa méid sin aige orthu go léir. Ba ródheocair do sna cailíníbh fanúint gan gáire ’ dhéanamh an fhaid a bhí an obair sin ar siúl acu; ach d’fhanadar, mar, bíodh gur thug an éide, agus a fhéachaint ar fad, cúis a ndóthain dóibh chun gáirí, do chuir an staraíocht cainnte eagal orthu; go mór mór nuair a bhíodh sé ag tabhairt ríogan orthu agus ag úmhlú dhóibh, agus gan iontu ach cailíní aimsire!

Fé dheireadh bhí an méid ’ fhéadadar den iarann bainte dhe acu, agus tháinig an t-am chun bídh a thabhairt do; agus go deimhin is aige a bhí gá go cruaidh le bia agus le digh! Dé hAoine ab ea é, agus ní raibh le fáil aige, de réir dheallraimh, ach iasc.

“Cad é an sórd éisc atá agat, a rí?” ar seisean le fear an tí, le rudaire an chaisleáin, dar leis.

“Níl againn ach roinnt bheag breac,” arsa fear an tí.

“Má tá puínn acu ann,” arsa Don Cíochóté, “déanfaid siad an gnó; ach dá luathacht a gheóbham iad is ea is feárr é.”

Do cuireadh an bórd ag an ndoras, i dtreó go mbeadh an ionfhuaire ag an stróinséir an fhaid a bheadh sé ag caitheamh a choda. Ansan is ea ’ tháinig an cruatan. Bhí an cathbhárr ar a cheann ag an bhfear mbocht, agus bhí an cealltar ceangailte den chathbhárr. Ní fhéadfadh sé aon rud do chur isteach ’na bhéal gan an cealltar do chimeád suas dá aghaidh lena dhá láimh. Nuair a bhí an dá láimh ar an gcealltar aige, ní raibh an tríú lámh aige chun an bhídh a chur ’na bhéal. B’éigin do dhuine den bheirt chailíní an biadh ’ chur isteach ’na bhéal do, mar a curfí i mbéal linbh óig. Ansan is ea a bhí an mhóráil ar fad air. Beirt ríogan ró-uasail ag friothálamh ar an gcuma san air, ag cur an bhídh isteach ’na bhéal do! Ní bhfuair rudaire fáin riamh a leithéid d’onóir! Cad é an iúnadh shaeil a déanfí den méid sin scéil, nuair a bheadh sé scríofa síos i leabhar rudaireachta, agus daoine ag lé’ an leabhair ar fuid an domhain!

Do deineadh an gnó maith go leór an fhaid a bhí an bia dá chur i mbéal an duin’uasail, ach nuair a tháinig an t-am chun dí ’ thabhairt do is ea ’ tháinig deacracht na hoibre. Bhí a dhá láimh ar an gcealltar aige dhá chimeád suas dá bhéal; ach ní fhéadfadh sé an cealltar do chur suas árd a dhóthain, ná a cheann do leogaint siar a dhóthain, chun dí ’ dh’ól as aon árthach. B’éigean do rudaire an chaisleáin feadán d’fháil, nú píopa éigin i bhfuirm cleite; agus ceann an fheadáin do chur i mbéal an duin’uasail, agus an ceann eile den fheadán do chur síos san árthach; agus ansan leogaint don duin’uasal an deoch do dheól, nú do shú chuige suas as an árthach, go dtí go raibh a dhóthain deólta aige. Ní miste a rá ná go gcuirfeadh san na cailíní ag gáirí ar a ndícheall, ach an t-eagla ’ bheith orthu. Gach aon chor dár chuir sé dhe, bhí ag dul ’na luí ar aigne na gcailíní gur dhuine buile é; nú, murarbh ea, nár rófhada uaidh é. Níor ghá an trioblóid go léir in aon chor dá mb’áil leis leogaint do sna cailíníbh na ribíní a bhí ar an gcealltar aige do ghearradh; ach ní leogfadh, agus ní leogfadh eagla dóibh sin dul ródhian dhá iarraidh air.

An fhaid a bhí an béile áiféiseach san ar siúl, do thárla go dtáinig chun an tí dochtúir muc a bhí sa chómharsanacht. Nuair a tháinig sé i ngiorracht don tigh, do sheinn sé suas port ar úirlis ceóil a bhí aige: port éigin a bhain lena chéird, agus a thug le tuiscint do mhuíntir an tí go raibh sé ann. Chómh luath agus d’airigh Don Cíochóté an ceól, do buaileadh isteach in’ aigne gur cheól a bhí ag muíntir an chaisleáin á dhéanamh ag fáiltiú roimis féin agus dhá onórú. Bhí an scéal go léir socair in’ aigne ansan. Caisleán uasal ab ea an tigh ósta. B’é fear an tí rudaire an chaisleáin. Beirt ríogan ab ea an bheirt chailíní. Arán chómh geal le sneachta, dar leis, ab ea an crústa dubh diomlasta a tugadh le n-ithe dho. Fíon oiriúnach do rí ab ea, dar leis, an rud searbh a tugadh le n-ól do tríd an ndeóchán. Bhí gach aon rud ar áilleacht an domhain, agus bhí an fear bocht lán de mhórtais agus de mhóráil, toisc go raibh éirithe leis chómh maith ’na chéad chuaird rudaireachta fáin. Bhí aon ní amháin ag déanamh buartha dho. Bhí sé gan gairm ’na rudaire fós; agus bhí ’ fhios aige ná beadh sé dleathach do gníomh rudaireachta do dhéanamh go dtí go mbeadh sé gairmthe ’na rudaire de réir dlí na rudaireachta, fé mar a chonaic sé an dlí in sna leabhraibh a bhí sa bhaile aige.

Nóta

Le n-ithe: WM Irish prefixes n to ithe and ól, where other dialects and the CO prefix h.

Foclóirín

abhac: “dwarf”, pronounced /auk/.
ag: “at”. Ag do appears here as agead/ageat, pronounced /igʹəd~igʹət/. The combination ag á, corresponding to ag a in the CO, is pronounced /i’gʹɑ:/.
Andalúsia: Andalusia, a region in Spain.
aoraim, aeireacht: “to shepherd, herd”, or aoirím, aoireacht in the CO. Traditionally written aodharaim, aodhaireacht, the spelling change of the mid-twentieth century has produced CO spellings that yield the incorrect pronunciation for speakers of Munster Irish. Pronounced /e:rimʹ, e:rʹəxt/.
arís: “again”. PUL used the spelling airís, indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/, whereas Amhlaoibh Ó Loingsigh had /ə’ri:ʃ/, as shown in IWM.
banntracht: “womankind, womenfolk”, bantracht. Pronounced /bauntrəxt/.
baochas: “thanks”, pronounced /be:xəs/; buíochas in the CO. Buidhchas stood in the original.
béile: “meal”, which is masculine here, as it is in the CO. However, Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne indicates this word is feminine, and PUL’s works vary in the gender they assign this word. Béile is masculine in PUL’s novel Niamh, but feminine in his Mo Sgéal Féin.
búcla: “buckle”.
bunoscionn: “awry, not right”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
caoi: “opportunity”, pronounced /ke:/.
caistileánach: “castellan, the governor of a castle”, a word not given in dictionaries.
Castília: Castile, an ancient kingdom in Spain.
cathbhuach: “victorious in battle, triumphant”.
ceárd: “trade, occupation”, or ceird in the CO, where the historic dative has replaced the nominative. Note that vowels are lengthened before rd, and so the dative is correctly céird here.
cloím, cloí: “to subdue”.
clúmh: “fur”, pronounced /klu:v/.
cnaipe: “button, stud”.
coilgsheasamh:’na choilgsheasamh, “bolt upright”, or ina cholgsheasamh in the CO. Pronounced /nə xilʹigʹ ‘hɑsəv/.
crústa: “crust of bread”.
cuisle: 1. “vein, pulse”. Iarracht de chuislinn do bheith ort, “to have an attack of diarrhoea” (see Dinneen’s dictionary). 2. arm, forearm. Note cuislinn in the dative.
cúntúrthach: “dangerous, risky”, or contúirteach in the CO.
deóchán: “tube, straw”. Deóchán is a variant given in Dinneen’s dictionary of diúchán, “windpipe”, in itself a variant of the form diúch used in the CO. In the meaning of “tube”, feadán would be used in the CO.
deólaim, deól: “to suck”, usually of a baby suckling at its mother’s teat, or diúlaim, diúl in the CO.
diomlasta: “bitter, unsavoury, sour, tasteless”, or domlasta in the CO. The original spelling was díomblasta, but the Leitiriú Shímplí edition shows the pronunciation as /d′imələstə/. Ó Dónaill cross-references diomlasta to domlasta, derived from domlas, “gall, bile”, but Dinneen derives diomlasta from díomblas, “want of taste”, a word not given in Ó Dónaill’s dictionary.
diongbháil: “equal, match”. A dhiongbháil d’fhear cómhraic, “his equal in battle”. Pronounced /dʹiŋə’vɑ:l′/.
dlí: “law”. The plural used here is dlithe; this would be dlíthe in the CO, but the WM pronunciation is /dlʹihi/.
doircheacht: “darkness”, or dorchacht in the CO.
dóithín: “source of expectation”. Níorbh aon dóithín é, “it was not something to be trifled with”.
driuch: “sickly appearance”.
dúileamh: “creator”, referring to God. The dative dúiliúin here is derived from a genitive dúiliún, where the CO has dúilimh in the genitive.
éagóir: “injustice”. The plural here is éagórtha, where éagóracha stands in the CO.
eirmin: “ermine”, or eirmín in the CO. PUL’s forms of words that are clearly recent borrowings from English frequently seem influenced by the English form rather than by an attempt to gaelicise the word. Dinneen had no word for ermine in his dictionary, but PUL’s use of clúmh eirmine in the genitive (spelt clúmh ermine in the original) either reflects a nominative eirmin, or is simply the English word used in his Irish. Osborn Bergin’s Leitiriú Shímplí transcription, klûv ermín, accords well with what is now the CO form.
fanaim, fanúint: “to stay, wait”, or fanaim, fanacht in the CO. Fanúint gan rud a dhéanamh, “to refrain from doing something”.
féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.
fé ndeár, fé ndeara: “cause, reason”, pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Is é rud fé ndeár an stad ná so, “this is why he stopped”. Also note an alternative meaning found in thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in the CO.
fuip: “whip”.
gabháil amach: “sally, expedition”.
gairim, gairm: “to call, summon, name, proclaim”. The forms do gairmeadh and gairmthe, pronounced /gɑr′im′əg/ and /gɑr′im′hi/, show that an m tends to creep in the conjugation of this verb, where the CO has gaireadh and gairithe. Yet PUL’s translation of the gospels has Íosa dá ngoirtear Críost, showing that not all forms have the m. Another issue is the spelling of gairim in some PUL’s books with oi. The Leitiriú Shímplí edition of Don Quixote shows the pronunciation is with a, but goirim was possibly a variant.
gheibhim, fáil: “to get, find”. This is the absolute form of the verb faighim; the distinction is not observed in the Standard, which has faighim alone. The past participle used here is fálta, /fɑ:lhə/, corresponding to faighte in the Standard. Fachta is sometimes found in WM Irish with the same meaning.
gofa suas: a phrase not given in dictionaries, but possibly meaning “seized up (i.e., physically incapacitated)”.
iallait: “saddle”, or diallait in the CO. Pronounced /iəlitʹ/.
i gcómhair: “for, in store for”. This phrase was uniformly spelt i gcóir in the original, in line with PUL’s view (cf. Notes on Irish Words and Usages) that this phrase derives from cóir, “proper arrangement (among other meanings)” and not cómhair, “presence”. He indicated he did not have a nasal vowel in this phrase, but the issue is complex, as his etymology seems faulty (The Dictionary of the Irish Language has i gcomhair) and it is possible that i gcómhair has become conflated with a separate phrase i gcóir, “ready” in WM Irish. In any case, nasalisation is not a noted feature of modern-day WM Irish, and so the CO form produces the correct pronunciation.
ionfhuaire: “coolness, freshness”, or fionnuaire in the CO. Possibly pronounced /i’nuər′i/.
leabaidh: “bed”, or leaba in the CO. The traditional dative has replaced the nominative in Cork Irish. Pronounced /lʹabigʹ/.
luathacht: speed, especially in dá luathacht, “how fast”. Note that this would be dá luaithe in the CO, although dá luaithe is also used in WM Irish. Dá luathacht a gheóbham iad is ea is feárr é, “the quicker we get them the better”.
lúireach: “breastplate”.
míogarnach: “dozing off”. As a feminine verbal noun in -ach this becomes ag míogarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
mura: “if not”, with the past-tense copula form murarbh found here. Mara and mura are both found in PUL’s Irish.
ollmhúchán: “preparation”, ullmhúchán in the CO. Pronounced /o’lu:xɑ:n/.
onóraím, onórú: “to honour”. Here PUL uses the forms that have been adopted in the CO, but onóraim, onóradh is also found in his works.
rí: “king”. Note that a rí! was used as a term of address, not just for the king, but for noblemen too.
riail: “rule, regulation”, with the plural here rialta, or rialacha in the CO.
ríogan:ríon in the CO, “queen, princess, noble lady”. Pronounced /ri:gən/, ríogan is one of a number of words where an original gh is pronounced as a g in WM Irish. Note ríogain in the dative singular. The plural here is ríogana, where the CO has ríonacha.
sceón: “terror”, or scéin in the CO.
scórnán: “gorget, a collar to protect the throat that forms part of a suit of armour”.
scriosaim, scrios: “to scrape”, or scriosaim, scriosadh in the CO.
seinnim, seinnt: “to play music”, or seinnim, seinm in the CO. Port a sheinnt suas, “to strike up a tune”.
spor: “spur”. The plural is spelt spuir in the original, and this is retained here in preference to the CO’s spoir, as indicating the vowel more precisely.
srian: “reins of a horse”. Note that this word is feminine here, but masculine in the CO.
stair: “a passage or recitation”. Starthaí cainnte, “long passages of speech”.
staraíocht: generally “storytelling, recitation”, but here possibly “a lengthy declamation”.
stuama: “level-headed, sensible, restrained”, traditionally spelt stuamdha. The traditional WM pronunciation would be with a devoiced m, /stuəmhə/.
súim, sú: “to suck”, used in most senses, as opposed to deólaim, deól, generally used of suckling babies.
suaitheantas: “badge, emblem, insignia, escutcheon”.
tairrigim, tarrac: “to pull”, or tarraingím, tarraingt in the CO. Pronounced /tarʹigʹimʹ, tɑrək/. The various forms of this verb exhibit the same changes: the past is do thairrig /harʹigʹ/. The past participle, tarraingthe in the CO, is tairricthe, pronounced /tar′ik′i/. Osborn Bergin in his Leitiriú Shímplí edition transcribed most forms of this verb with a broad r, e.g. haruig in the preterite and taruici for the participle, but other sources indicate the r is slender (other than in the verbal noun).
thar: “through, across, past”. Thorm, “past me, past you”, spelt tharam in the CO; pronounced /horəm/.
tuisle: “hinge”. PUL uses tuisleanna in the plural here, where there would be tuislí in the CO. However, he wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p110) that both forms of the plural were acceptable.
úil: iúl in the CO, “knowledge”. The word úmhail, “attention”, appears to have become confused with the dative of eól, producing úil. Rud a chur in úil do dhuine, “to let someone know something, to make someone realise something”.
úirlis: “tool, implement”. Úirlis ceóil, “musical instrument”.
úr: “your (plural)”, bhur in the CO. Pronounced /u:r/. Dúr, “to your”, or do bhur in the CO.
úmhal: “submissive, obedient”. Pronounced /u:l/.
urramúil: “respectful, deferential”, or urramach in the CO.

Don Cíochóté 1

Don Cíochóté

An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canónach, S.P.
do scríbh ón scéal Spainneach.

Seo mar a Thárla

Tímpall cheithre bliana fichead ó shin bhíos thiar i gCíll Chaoi ag an sáile. Do bhuail umam ann, agus me ag siúl go réidh ar bruach na farraige, fear a bhí ag siúl ar an gcuma gcéanna. Do labhramair. Níorbh fhada, sa chainnt dúinn, gur thuigeas féin gur Spáinneach é. Chromas ar thrácht ar an Spáinn; ar chlaínn Mhíle a tháinig go hÉirinn fadó ón Spáinn; ar an gcogadh mór a bhí sa Spáinn in aimsir Bhónapart; ar na tréithe Spáinneacha atá le feiscint, anois féin, ’na lán de sna daoine a rugadh agus a tógadh sa chúinne sin thiar theas den oileán so na hÉireann; agus mar sin.

Sa chainnt dom leis chuireas ceisteanna chuige i dtaobh na Spáinnise; ansan, i dtaobh scríbhinní na Spáinnise, agus i dtaobh léinn na Spáinnise, agus i dtaobh na leabhar agus na n-údar atá acu sa Spáinnis. Bhí sé ag freagairt na gceisteanna dhom, agus ba mhaith chuige é agus ba thuisceanach. Fé dheireadh chuireas ceist éigin chuige i dtaobh “Don Quixote.”

“Don Quixote; Don Quixote;” ar seisean agus é ag machnamh. “Ní heól dom aon údar Spáinneach, ná aon leabhar Spáinneach, ná aon fhocal Spáinneach den tsórd san,” ar seisean agus iúnadh air. “Níor airíos riamh an focal san ‘Quixote,’” ar seisean.

“Ó,” arsa mise, “ní foláir nú d’airís. Scéal is ea é atá leata ar fuaid na hIúróipe go léir. Míguél Cerbhantés ainm an fhir do scríbh an leabhar.”

“Ó!” ar seisean, agus thug sé léim ón dtalamh, “‘Don Cíochóté’ atá ar siúl agat! ‘Don Cíochóté’; ar nóin d’airigh gach éinne teacht thairis sin!”

Thuigeas-sa im aigne an uair sin gur “Don Cíochóté” an ainm cheart, agus gur loit muíntir an Bhéarla é nuair a dheineadar “Don Quixote” de, agus go raibh an lot chómh tiubaisteach san nár aithin an Spáinneach féin é nuair ’ airigh sé é!

D’fhan an méid sin scéil im aigne riamh ó shin, go dtí leathbhliain ó shin, nuair a chuímhníos gur mhaith an rud an scéal Spáinneach san do chur síos i nGaelainn. Ansan do thuigeas, dá mbeadh aon tseans go gcasfí an Ghaelainn sin agus an Spáinneach úd ar a chéile, gur mhaith an rud “Don Cíochóté,” an ainm a thug sé dhom, a bheith mar ainm sa Ghaelainn ar an scéal.

Chuir duine éigin Béarla ar an scéal; agus, chómh fada is ’ théann mo thuairimse, tá feabhas an scéil sa Bhéarla chómh fada ón’ fheabhas sa Spáinnis agus atá an focal “Don Quixote,” ón bhfocal “Don Cíochóté.”

Peadar Ua Laoghaire.

Caisleán Ua Liatháin
Bealltaine 5, 1912.

Caibideal a haon.
É Féin agus a Mhuíntir agus a Cháirde.

Roinnt céadta blian ó shin bhíodh aicme laoch ag gluaiseacht ar fuaid na hIúróipe, agus Rudairí Fáin a tugtí orthu. Ní bhíodh de shaoltacht ag gach rudaire acu ach a arm agus a éide agus a chapall, agus ní bhíodh de chuallacht aige ach a ghiolla. Bhíodh an rudaire fáin agus an giolla ag gluaiseacht rómpu, féachaint cá bhfaighidís tíoránach le smachtú, éagóir le ceartú, ropaire le marú, nú aon ghníomh uasal eile le déanamh do thuíllfeadh oirearcas don té a dhéanfadh é.

Nuair a bhí an aicme sin ar bith ar feadh roinnt aimsire, agus iad ag déanamh a ngníomhartha, do thosnaigh scéalta iúntacha ar bheith dá n-ínsint ins gach aon bhall, ’na dtaobh féin agus i dtaobh na ngníomhartha gaile agus gaisce a dheinidís. Ansan do tosnaíodh ar an scéalaíocht san do chur síos i leabhraibh, agus do thosnaigh na leabhair ar dhul ó láimh go láimh go dtí gur leathadar, coiteann go maith, ar fuaid na hIúróipe. Ní bhíodh puínn daoine an uair sin a dh’fhéadadh na leabhair do lé’; ach nuair a bhíodh fodhuine a dh’fhéadadh, bhíodh an leabhar ag an nduine sin, agus bhíodh lán tí ’na thímpall gach aon tosach oíche, agus é ag lé’ an leabhair dóibh, agus a mbéil ar leathadh acu ag éisteacht leis na hiúnaíbh éacht a léití as an leabhar dóibh; agus, ní nárbh iúnadh, gach aon rud a léití as an leabhar dóibh fírinne ghlan ab ea é, dar leó.

Nuair a thuig lucht na leabhar do chumadh dá uathásaí na gníomhartha a hínstí gurbh ea ba mhó an meas a bhíodh orthu, do thosnaíodar ar na gníomharthaibh a dhéanamh ní b’uathásaí ná ’ chéile; go dtí, fé dheireadh, gur chuadar thar na beartaibh ar fad leó, gan blúire suime acu sa deallramh ba cheart a bheith le scéal, ach gur chuma leó ’en domhan ceoca ba scéal gan dath é nú nárbh ea, an fhaid a creidfí é.

Bhí a lán daoine nár ghéill, ó thosach, go raibh puínn fírinne sa scéalaíocht san na rudaireachta. Fé mar a chuaigh an scéalaíocht in annspiantacht chuaigh an aicme sin i méid; go dtí, fé dheireadh, go meastí oiread fírinne ’ bheith i scéalaíocht rudaireachta ar fuaid na hIúróipe, agus do meastí a bheith in sna scéaltaibh Fiannaíochta a bhíodh againn in Éirinn tamall ó shin.

Do lean meas ar scéalaíocht na rudaireachta, agus ar an rudaireacht féin, sa Spáinn theas, i bhfad tar éis idir scéalaíocht agus rudaireacht do thitim fé mhímheas in áiteannaibh eile.

Tímpall na haimsire sin bhí ’na chónaí sa Spáinn, i Lá Mancha, i mbaile bheag nách cuímhin liom cad é an ainm a bhí air, agus gur cuma liom, duine de sna huaislibh úd gur ghnáth leó roinnt de sna córachaibh a bhain leis an rudaireacht do chimeád agus do bheith acu. Bhí aige, in áirde ar raca, sleá rudaire agus seanasciath mheirgeach. Bhí aige seanachapall lom agus cú; agus bhí sé féin, ar nós an chapaill, lom láidir. Bhí sé lom go maith, peoca ’ bhí sé láidir go maith nú ná raibh. Ar nós na cod’ eile den aicme, ní rórabairneach an cothú a chuireadh sé air féin. Bhíodh súp chun dínnéir aige, agus ba mhó an chaoireóil ná an mhairteóil a curtí i ndéanamh an tsúip sin. Bhíodh an fheóil bhriste, agus í fuar, chun suipéir aige. Leite a bhíodh aige Dé hAoine. D’fhágadh san teinneas ’na bholg Dé Satharainn, agus iarracht de chuislinn air. Ansan b’fhéidir go mbeadh colúr mar shólaist aige Dé Domhnaigh. Bheireadh an rabairne sin uaidh trí ceathrúna dá mbíodh ag teacht isteach chuige de shaibhreas. Do chuireadh an ceathrú cuid eile balcais éadaigh air; clóca éadaigh uasail, bríste veilbhit, agus bróga éadroma den stuif chéanna, i gcómhair an Domhnaigh; agus casóg mhaith láidir bhréide i gcómhair laethanta eile na seachtaine. Ní raibh de mhuíntir thí aige ach bean tí a bhí os cionn a dachad, iníon driothár a bhí fé bhun fiche blian, agus buachaill a dheineadh friothálamh istigh agus amu’ air; buachaill a bhí go maith chun aire ’ thabhairt don chapall; nú chun sceiche an gháirdín do bhearradh. Bhí sé féin tímpall deich mbliana is dachad, agus é cnámhach, dea-shláinteach, lom. Bhíodh sé ’na shuí go moch ar maidin; agus amu’ i dteannta na bhfiagaithe ba mhaith leis bheith nuair a bhídís amu’.

Deir cuid den mhuíntir a dhein seanchas air gur Cíocháda ab ainm do. Deir aicme eile acu nárbh ea ach Céasánach. De réir na tuairime is feárr is Cíochán ab ainm do.

Do thárla, tráth éigin, don duin’uasal bocht, pé ainm a bhí air, go dtáinig féna láimh leabhar éigin de leabhraibh scéalaíochta na rudaireachta. Do léigh sé an leabhar. Do thaithn an leabhar leis. Do léigh sé arís é. Do thaithn sé níos feárr leis an tarna huair ná mar a thaithn sé leis an chéad uair. Do sholáthraigh sé leabhar eile den tsaghas chéanna agus do léigh sé é. Do thaithn an tarna leabhar leis ní b’fheárr ná mar a thaithn an chéad leabhar leis. Bhí sé ag soláthar na leabhar, agus dhá lé’, go dtí nár fhan aon tsuím in aon chor aige in aon tsaghas eile gnótha. Thug sé faillí i ngnó an eastáit bhig a bhí aige. Ní feictí choíche amu’ i dteannta na bhfiagaithe é, ar muin an chapaill spágaigh úd a bhí gan iomad feóla air. Bhíodh sé ’na shuí ar maidin ar an gcéad sholas; ach is os cionn na leabhar a bhíodh sé. Nuair a bhíodh a bhriocfaist ollamh, do glaeití air chuige. Ar éigin a thugadh sé uain do féin ar é ’ dh’ithe le haon chúmpórd, nuair siúd thar n-ais chun na leabhar é. Mar sin do gach aon bhéile bhídh eile, leis. Níorbh annamh, dá n-éiríodh an bhean tí san oíche, go bhfeiceadh sí an solas ar lasadh ’na sheómra aige, agus é sáite in sna leabhraibh in inead bheith ar a leabaidh ’na chodladh go sámh do féin.

Bhí sagart na paróiste ’na chónaí sa bhaile bheag. Fear léannta dob ea é a fuair árdchéim in Ollscoil Shígúénsa. Thagadh duin’uasal na leabhar uaireanta chun cainnte leis; agus bhíodh sé dhá fhiafraí dhe ceoca ba dhó’ leis ab fheárr de rudaire, Palmerín Shasana nú Amadís na Frainnce. Deireadh bearbóir a bhí ann, darbh ainm Nioclás, gurbh fheárr Rudaire na Gréine ná éinne den bheirt; ach go raibh rudaire dob fheárr ná Rudaire na Gréine féin, agus gurbh é fear é sin ná Don Galaór, driotháir Amadís.

Bhí an duin’uasal bocht ag gabháil do sna leabhraibh sin, agus ag cuímhneamh ar na gaiscíochaibh sin, agus ar na gníomharthaibh a dheinidís, agus gan aon phioc dá mhearathall air ná gurbh fhírinne ghlan an uile fhocal den scéalaíocht. Chimeád sé in’ aigne an uile fhocal dár léigh sé ar chómhracaibh, ar ghleiceannaibh, ar aighneas, ar choímheascar, ar bhuillíbh troma, ar ghonaibh maraitheacha, ar shuirí, ar ghrá, ar éad, ar dhíoltas, ar an uile shaghas ruda dob iúntaí agus ba dheocra a chreidiúint ná ’ chéile; agus é lándeimhnitheach gur dhuine a bheadh as a mheabhair adéarfadh nárbh fhírinne ghlan an uile fhocal den ráiméis sin go léir. Na daoine do scríbh na leabhair a d’iarraidh buachtaint ar a chéile in ínsint an éithigh; dá gcuireadh duine acu bréag mhór síos nárbh fholáir le duine eile bréag ba dhá mhó ná í do chur síos; agus an duin’uasal bocht lándeimhnitheach gurbh é rud a bhíodh thíos ná fírinne ba dhá mhó.

Fé dheireadh do chuaigh dá mheabhair. Bhíodh sé ag déanamh cúmparáide idir na rudairíbh móra. Rudaire tréan, dar leis, ab ea an Síd Ruí Díás; ach ní raibh aon bhreith aige ar Rudaire an Chlaímh Sholais, an fear a bhí ag cómhrac leis an dá fhathach mhóra, agus do mhairbh iad araon le haon scuab-bhuille amháin den chlaíomh; agus do chuir oiread san nirt leis an mbuille sin gur deineadh dhá leath de gach fathach díobh, díreach mar a dhéanfadh speal dhá leath de gach brobh de dhá bhrobh luachra!

Is é rud a tháinig fé dheireadh as an machnamh san do, agus as an gcúmparáid sin a bhíodh aige á dhéanamh idir na rudairíbh fáin, ná gur buaileadh isteach in’ aigne go daingean go raibh ceangailte air féin imeacht ’na rudaire fáin mar iad! Gurb é a dhualgas, ó thuig sé an scéal ní b’fheárr ná mar a thuig éinne eile an uair sin é, arm agus éide do ghlacadh, arm cosanta do chur uime, a chlaíomh agus a sciath agus a shleá do thógaint; dul ar muin a chapaill, agus ansan imeacht ar fuid na ndúthaí ag smachtú tíoránach, ag ceartú éagóra, ag cosaint na lag, ag cabhrú leó in aghaidh na láidir, ag lorg éacht le déanamh, agus ag déanamh na n-éacht nuair a casfí air iad. Do thuig sé, an duine bocht, go ndéanfadh sé ar an gcuma san tairbhe do thír a dhúchais, agus do thíorthaibh lasmu’ dhi; agus san am gcéanna go dtuíllfeadh sé mórchlú dho féin, agus cáil agus oirearcas os cómhair an domhain go léir. Do thuig sé go scríobhfí tuilleadh de sna leabhraibh rudaireachta, agus go mbeadh a ainm féin in sna leabhraibh a bhí le teacht; agus go mbeadh a ainm i gcómhluadar na n-ainmneacha móra eile úd, .i. Palmerín Shasana, agus Amadís na Frainnce, agus Don Galaór, agus Rudaire na Gréine, agus Rudaire an Chlaímh Lasrach, agus Don Belianís na Gréige, agus an chuid eile acu mar a bhíodar. Do thuig sé, leis, nuair a thiocfadh a ainm féin amach in sna leabhraibh, agus áireamh ar na héachtaibh móra a bheadh déanta aige, agus ar na trioblóidibh a bheadh fuilicthe aige; ar na héagóraibh a bheadh ceartaithe aige, agus ar na tíoránachaibh a bheadh smachtaithe aige, agus ar na gníomharthaibh móra gaile agus gaisce a bheadh déanta aige, nár bhaol ná go mbainfí ón oirearcas a bhí ar na hainmneachaibh eile úd. Do thuig sé gan aon dabht gurbh é deireadh ’ bheadh ar an scéal do ná rí ’ dhéanamh de ar thír mór leathan éigin; nú ímpire, b’fhéidir, os cionn na hIúróipe go léir.

Bhí aige, i gcúinne éigin dá thig, seanéide a bhíodh ag á sheanathair, agus a bhí lán de mheirg ó bheith chómh fada gan aon úsáid a dhéanamh di. Thairrig sé chuige an tseanéide agus chrom sé ar í ’ ghlanadh. Thug sé lá ó mhaidin go hoíche ag sciomar uirthi, ag baint na meirge dhi. Do cheartaigh sé í agus do dheisigh sé í chómh maith agus d’fhéad sé é. Níorbh fhuiriste dho é. Bhí mórán deisiúcháin le déanamh uirthi, mar bhí sí briste nú leathbhriste ’na lán áiteanna. Fé dheireadh bhí sí curtha i dtreó aige chómh maith agus dob fhéidir í ’ chur i dtreó. Bhí aon mháchail amháin uirthi, áfach. Ní raibh de chathbhárr ann ach an cloigeann. Bhí an cealltar imithe. Chuardaigh sé gach aon chúinne den tigh, féachaint an bhfaigheadh sé an cealltar. Ní bhfuair. Chuir sé cloigeann an chathbháirr ar a cheann. Chuaigh a phlaosc isteach ann go sámh agus go socair, chómh socair agus chómh hoiriúnach agus dá mba dho féin a déanfí an cathbhárr an chéad lá. Thuig sé in’ aigne gurbh amhlaidh a fuair sé plaosc a sheanathar ó dhúchas. Do thaithn san leis. D’fhéach sé sa scáthán. Conaic sé an plaoiscín maol! Chonaic sé an laithróidín cínn a bhí air, agus é in áirde ar an scrogall muiníl; agus gan iontu araon, idir liathróidín agus scrogall, ach mar a bheadh colpa súiste! Ní dhéanfadh an colpa súiste sin an gnó go deó, dar leis, mar cheann agus mar mhuineál ar rudaire fáin a bhí ceapaithe ar ghabháil tríd an ndomhan bhraonach ag déanamh éacht a chuirfeadh iúnadh ar an saol! D’aimsigh sé páipéar maith láidir, agus dhein sé cealltar páipéir agus shocraigh sé ar an gcathbhárr é, díreach mar a socrófí cealltar ceart. Ansan do chuir sé uime arís an cathbhárr, agus d’fhéach sé sa scáthán agus bhí a aigne sásta. Bhí a aigne sásta go leór leis an gcuma ’nar fhéach an cathbhárr ar a cheann, ach ní raibh a aigne róshásta leis an gcuma ’na dtiocfadh an ceann as dá mbuailtí buille ’ chlaíomh air. Chun go bhfeicfeadh sé conas a thiocfadh sé as, chuir sé an cathbhárr ar bharra bata, agus thairrig sé a chlaíomh féin agus bhuail sé buille dhe ar an gcealltar. Dhein sé cimil a’ mháilín den chealltar, ní nárbh iúnadh. Ansan do dhein sé cealltar eile, agus chuir sé fúnsaí beaga iarainn fíllte istigh sa pháipéar, dhá neartú. Nuair a bhí sé déanta aige, duairt sé leis féin go ndéanfadh sé an gnó go hálainn. Níor thriail sé le buille ’ chlaíomh é, áfach.

Bhí arm agus éide ansan aige go hiomlán, agus chuímhnigh sé ar an gcapall. Siúd chun na háite ’na raibh an capall é. Ba ró-ainnis an capall é gan amhras. Ar éigin a bhí locht riamh i gcapall ná raibh ann. Bhí sé chómh lom san gur dhó’ le duine ná raibh ann ach croiceann agus cnámha, agus go raibh a dhá chlí buailte ar a chéile. Ach, dar leis an nduin’uasal go mba leis é, ní raibh a leithéid eile d’each riamh, ná an uair sin, le fáil sa domhan, agus Búcephalus Alexandeir do chur leis, nú an Babiéca úd a bhí ag an Síd. Ach cad é an ainm ba cheart a thabhairt ar an gcapall? B’in í an cheist ansan. Thug an duin’uasal bocht cheithre lá a d’iarraidh cuímhneamh ar ainm cheart don chapall. Dar leis, níor cheart in aon chor each chómh huasal do bheith ag rudaire chómh huasal, agus gan ainm uasal do bheith ar an each. Do thuig sé gur tugadh Búcephalus ar an each a bhí ag Alexander toisc ceann mar cheann tairbh a bheith ar an each san; mar is ionann “Búcephalus” agus “ceann tairbh.” Do chuímhnigh sé ar a lán ainmneacha, ach do chaith sé uaidh iad chómh tiubh agus ’ chuímhnigh sé orthu, go dtí go dtáinig an machnamh so ’na chroí. Is é ainm a tugtí sa Spáinn ar capall oibre ná “rósín.” Ní raibh i gcapall an duin’uasail ach “rósín,” .i. “cábóg capaill,” go dtí an uair sin. Bhí sé le bheith ’na chapall rudaire fáin as san amach. Dá bhrí sin, “Rósín roimhe” ab ea é. Is ionann “anté” sa Laidin agus “roimhe” sa Ghaelainn. Chuir an duin’uasal an dá fhocal le chéile, “rósín” agus “anté.” Ansan bhí “Rósínanté” aige. Chrom sé ar an bhfocal do rá dho féin. “Rósínanté”’; “Rósínanté,” adeireadh sé. Fé dheireadh do thaithn an focal go hiúntach leis. Dar leis, bhí fuaim agus ceól agus fuinneamh agus uaisleacht labhartha sa bhfocal ná raibh i mBúcephalus ná i mBabiéca, ná in ainm aon chapaill rudaire fáin go raibh trácht in aon leabhar air. Shocraigh sé ar an bhfocal san mar ainm dá chapall.

Bhí ainm aige ar a chapall. Níor mhór do, ansan, ainm do cheapadh dho féin. Thug sé trí nú ceathair de laethantaibh eile ag machnamh agus ag cuardach a d’iarraidh na hainme ’ dh’fháil amach do féin. Fé dheireadh do shocraigh sé ar an dá fhocal “Dón Cíochóté” mar ainm do féin. Deir lucht seanchais go dtaispeánann san gur “Cíocháda,” nú “Céasáda,” a bhí mar ainm air roimhe sin. Ansan do chuímhnigh sé ar conas mar a chuir Amadís mar aguisín len’ ainm féin ainm a thíre dúchais; agus gur thug sé “Amadís de Gaul” air féin, nú “Amadís na Frainnce.” Chun bheith chómh maith le hAmadís de Gaul, thug ár nduin’uasal “Don Cíochóté dé lá Mancha” air féin. Bhí, dar leis, ansan, dóthain aon rudaire fáin dár mhair riamh d’ainm agus de shloinne air; agus bhí oiread onóra tabhartha aige dho féin agus dá dhúthaigh agus a thug aon rudaire fáin riamh do féin agus dá dhúthaigh, nuair a chuir sé ainm a dhútha in aice len’ ainm féin.

Bhí gach aon rud um an dtaca san aige do theastaigh uaidh chun bheith ’na rudaire fáin, díreach mar éinne de sna rudairíbh fáin ar ar léigh sé in sna leabhraibh; gach aon rud ach aon ní amháin. Chonaic sé in sna leabhraibh ná raibh aon rudaire fáin gan ríogan uasal éigin aige go raibh sé i ngrá léi. Ba chuma ceoca ’ bhíodh aithne aige ar an ríogain nú ná bíodh. Ba chuma ceoca ’ bhíodh ’ fhios aici sin a leithéid sin do bheith ann in aon chor nú gan a bheith. Ach rudaire fáin gan ríogan uasal éigin aige, agus é i ngrá léi, níor rudaire fáin i gceart in aon chor é.

Deirtear go raibh sa chómharsanacht iníon fir tuatha, cailín dathúil glan deallraitheach, agus go raibh ár nduin’uasal i ngrá léi. Má bhí, ní raibh aon phioc dá fhios san ag an gcailín. Níor labhair an duin’uasal riamh léi mar gheall air, agus dá labhradh ní róréidh a glacfí a chainnt. Thuig sé in’ aigne go ndéanfadh sí sin an gnó dho mar ríogain. Ní raibh aon phioc dá fhios ag an gcailín go raibh an socrú san déanta ’na taobh. Ní hínstear cad ab ainm di. Do cheap an duin’uasal ainm di, fé mar a cheap sé ainm dá chapall agus ainm do féin. “Dulsinéa” an ainm a thug sé uirthi, i ganfhios di féin agus i ganfhios do gach éinne dár bhain léi.

Nuair a bhí an méid sin socair aige bhíodh sé ag machnamh. “Ó!” adeireadh sé leis féin, as a mhachnamh, “Nách álainn a bheidh an scéal agam nuair a bhead ag gluaiseacht im rudaire fáin, agus nuair a bheidh piarda fathaigh éigin treascartha ar lár agam—ní nách annamh ag rudairíbh fáin—agus nuair adéarfad mar seo leis an bhfathach: ‘Ní maith liom an ceann a bhaint díot, a phiarda fathaigh; ach cuirim de gheasaibh ort anois dul ag triall ar mo ríogain, Dulsinéa dél Tobósó, agus tu féin do chaitheamh ar do ghlúinibh ’na láthair agus a rá léi mar seo: “A ríogan uasal, chíonn tú anso id láthair an fathach Caracúlíambró. Dheineas cómhrac aonair leis an rudaire ró-oirirc, Don Cíochóté dé lá Mancha. Do bhuaigh sé orm le neart a lámha agus le crógacht a ghnímh. Do leog sé m’anam liom; ach do chuir sé de gheasaibh orm teacht anso ag triall ortsa, a ríogan, agus me féin a thabhairt suas duit, chun go dtabharfá orm pé cor is maith leat.”

Bhíodh croí an duin’uasail bhoicht ar mire le mórtais nuair a bhíodh sé ag rá na cainnte sin leis féin. “Tobósó” an ainm a bhí ar an mbaile ’na raibh an cailín ’na cónaí ann. Ba mhaith an bhail ar an nduin’uasal ná raibh ’ fhios ag an gcailín, ná ag á hathair, ná ag éinne dá muíntir, go raibh “ríogan” déanta aige dhi. Dá mbeadh fios an scéil acu ba mheasa dho chuige iad ná an fathach. Pé speabhraídí eile a bhí ar an bhfear mbocht, ba mhaith an chiall do an méid sin rúin do chimeád aige féin.

Nóta

Cheithre bliana fichead: “twenty-four years”. PUL normally has fichid in the genitive, and the LS edition transcribes this word here as fihid. However, the classical declension of this noun would require fichead in the genitive and fichid in the dative.

Foclóirín

ag: “at”. The combination ag á, corresponding to ag a in the CO, is pronounced /i’gʹɑ:/.
aguisín: “addendum, postscript”, derived from the word agus.
ainm: “name”. Note this word is feminine in WM Irish, but masculine in the CO.
Alexander: Alexander the Great, the Macedonian king who conquered much of the known world in the fourth century BC.
Amadís na Frainnce: Amadis of Gaul, a knight-errant in a 16th-century Iberian romance.
annspiantacht: “grotesqueness, abnormality”, or ainspiantacht.
ar nóin: “of course, no doubt”, dar ndóigh in the CO. Dóin (whence nóin) is given in PSD1927 as a corruption of dóigh.
Babiéca: Babieca or Bavieca, the horse of El Cid (Rodrigo Díaz de Vivar).
barra: “top”, /bɑrə/, a Munster colloquial form of bárr, /bɑ:r/. Both forms are found in WM Irish, but barra was the usual form in the dative (ar bharra).
Bealltaine: “May”, or Bealtaine in the CO. The double l is used here to show the diphthong, in accordance with the pronunciation /b′aulhin′i/.
bearbóir: “barber”, pronounced /b′arə’bo:r′/.
braonach: “misty”. Gabháil tríd an ndomhan bhraonach, “to go throughout the whole wide world”.
briocfaist: “breakfast”, or bricfeasta in the CO. The spelling here points to a pronunciation /brʹikfiʃtʹ/. IWM has bricfeast, /brʹik’fʹast/.
Búcephalus: the horse of Alexander the Great.
caibideal: “chapter”, or caibidil in the CO. PUL seems to have pronounced this word with a broad l, /kabʹidʹəl/.
Caisleán Ua Liatháin: Castlelyons, Co. Cork.
Caracúlíambró: Caraculiambro, a giant Don Quixote imagines himself vanquishing in battle.
cathbhárr: “helmet, headpiece” or cafarr in the CO. It might be logical for the -thbh- to produce the f of the CO, but the transcription in Leitiriú Shímplí is cahvár; more research on the pronunciation is required.
cealltar: “vizor; the part of a helmet covering the face”, or cealtair in the CO.
ceoca: “which? which of them?” From cé acu or cé’cu. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.
Cíll Chaoi: Kilkee, a famous bathing resort in Co. Clare.
cimeádaim, cimeád: “to keep”, or coimeádaim, coimeád in the CO.
cimil an mháilín: “crumpled like a sack”. Cimil an mháilín a dhéanamh de rud, “to toss something around, wipe the floor with something (i.e. be victorious over it)”. Cimil an mháilín appears in the CO as cuimil an mháilín; cimil is a variant of cimilt (cuimilt in the CO, “rubbing”).
clí: “chest, ribs; the body”. A dhá chlí buailte ar a chéile, possibly meaning “the two sides of its body superimposed on each other, i.e., keeping on knocking into each other”.
cnámhach: “boney, big-boned”, pronounced /knɑ:x/.
coímheascar: “struggle, mêlée”, pronounced /ki:skər/.
cóir: “proper provision”, with the plural, córacha, meaning “the equipment, the requisites”.
colpa: “calf of a leg”. Colpa súiste, “handle of a flail; cudgel”. Pronounced /koləpə/.
colúr: “pigeon”, pronounced /klu:r/.
croiceann: “skin”, craiceann in the CO. Pronounced /krekʹən/ or /krokʹən/ in traditional WM Irish.
cuirim, cur: “to put”. Note the autonomous forms curtí and curfí, regularly used in PUL’s works, where other speakers of WM Irish would have cuirti and cuirfí.
cuisle: “vein, pulse”. Iarracht de chuislinn do bheith ort, “to have an attack of diarrhoea” (see Dinneen’s dictionary).
deallraitheach: “resplendent; handsome”. Pronounced /dʹaurəhəx/. Spelt dealraitheach in the CO.
deallramh: “appearance”, dealramh in the CO. Pronounced /dʹaurəv/. Often referring to the credibility or believability of something: deallramh ba cheart a bheith le scéal, “the credibility a story ought to have”.
deocair: “difficult”, deacair in the CO. Pronounced /dʹokirʹ/, with the comparative deocra, deacra in the Standard, pronounced /dʹokərə/.
dínnéar: “dinner”. Dinnéar in the CO. Pronounced /dʹi:’ŋʹe:r/.
dó’: “hope, expectation; source of expectation”, or dóigh in the CO. This occurred as dóich in the original, but is edited as dó’ here, in line with the pronunciation.
Don Belianís na Gréige: Don Belianis of Greece, the hero of a Spanish chivalric romance.
Don Galaór: Don Galaor, brother of Amadis of Gaul in an Iberian romance.
Dulsinéa dél Tobósó: Dulcinea, the name Don Quixote gave to a farm-girl who was the object of his affections.
each: “horse, steed”. Pronounced /ɑx/.
fathach: “giant”.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in the CO. Friothálamh a dhéanamh ar dhuine, “to minister to someone, attend to someone’s needs”.
fuaid: ar fuaid, /erʹ fuədʹ/, “throughout”, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí).
fuiligim, fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO, pronounced /filʹigʹimʹ, foləg~fuləg/. The past participle, fuilicthe, is transcribed as fuilici in the Leitiriú Shímplí edition, pointing to a pronunciation /filʹikʹi/; the CO has fulaingthe.
fuiriste: “easy”, furasta in the CO. Uiriste is also found in PUL’s works, and seems the more authentic form as the spelling fuiriste is generally found in PUL’s works only in lenited contexts (e.g. níorbh fhuiriste, which could just as easily be spelt níorbh uiriste).
fúnsa: “band, hoop”, or fonsa in the CO.
gaiscíoch: “warrior, hero, champion”.
geas: “solemn injunction, spell”, or geis in the CO where the historic dative has replaced the nominative. Cur de gheasaibh ar dhuine rud a dhéanamh, “to place a solemn injunction (or spell) on someone requiring him to do something”.
glan: “clean”, but also “clean-living” in reference to a lady.
gleic: “struggle, contest”, with gleiceanna in the plural here, where the CO has gleiceacha.
goin: “wound”. The dative plural here, gonaibh, points to a nominative plural gona, where the CO has gonta.
i ganfhios: “unbeknown, unawares”. Pronounced /ə’gɑnis/.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin.
inead: ionad in the CO, “unit”. Pronounced /inʹəd/ in WM Irish. In inead, “instead of, in the place of”.
ínsim, ínsint: “to tell, relate”, or insím, insint in the CO. Note ínstear in the present autonomous, where the CO has insítear.
iúnadh: “wonder, surprise”, ionadh. Pronounced /u:nə/.
iúntach: “wonderful”, iontach. Pronounced /u:ntəx/.
Iúróip:“Europe”, or Eoraip in the CO. PUL told Osborn Bergin the pronunciation was /u:’ro:pʹ/.
lámh: “hand”. PUL explained in his Notes on Irish Words and Usages that the genitive of this word should be lámha and not láimhe, and he generally adheres to this usage. However, the original text here has láimhe, probably reflecting the hand of an editor, and this is edited here as lámha, in line with PUL’s pronunciation. PUL was insistent that this word had a nasal vowel, and thus was audibly distinct from , “day”, but such nasalisation is not a feature of modern day WM Irish.
leite: “porridge”.
máchail: “defect, blemish”.
maraím, marú: “to kill, slay”. Note the preterite is do mhairbh sé, /vɑrʹivʹ/, where mharaigh sé would be found in the CO.
maraitheach: “deadly, lethal”, or marfach in the CO, pronounced /mɑrəhəx/.
me: disjunctive form of the first person pronoun, pronounced /mʹe/ (or /mʹi/ through raising of the vowel in the vicinity of a nasal cononant). Always in the CO.
mearathall: “confusion”, or mearbhall. Pronounced /mʹarəhəl/ in WM Irish.
meirgeach: “rusty”.
Míle: Milesius, a legendary warrior who colonised Ireland from Spain; Míl Espáine in the CO. Dinneen has the nominative as either míle or míl, “warrior, champion”, but I have no attestation of the nominative in PUL’s works yet. Clann Mhíle, “Milesian stock”.
mire: “ardour, rage, frenzy”. Ar mire le mórtais, “in a frenzy of boastfulness”.
mórtais: “pride, boastfulness”, or mórtas in the CO. Osborn Bergin’s Leitiriú Shímplí edition transcribes this word as mórtas.
Nioclás: the name of a barber here. Pronounced /n′ikə’lɑ:s/.
nú: “or”, or in the CO, pronounced /nu:/.
oirearcas: “eminence, distinction”, or oirirceas in the CO. PUL told Osborn Bergin that the second r and the c are broad in Cork Irish. Pronounced /irʹərkəs/.
oirirc: “distinguished, eminent”. PUL told Osborn Bergin that second r and the c are slender in this word. Pronounced /irʹirʹikʹ/.
ollamh:ullamh in the CO, “ready”. Pronounced /oləv/ in WM Irish.
os cionn: “above”. Pronounced /ɑs kʹu:n/.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
Palmerín Shasana: Palmerin of England, a character in a chivalric romance written in the 1540s by the Portuguese writer, Francisco de Moraes Cabral.
piarda: “pillar; huge man”. Piarda fathaigh, “giant”.
plaosc:“skull”, or blaosc in the CO.
plaoiscín:the diminutive of plaosc.
raca: “rack (for holding items)”.
ríogan:ríon in the CO, “queen, princess, noble lady”. Pronounced /ri:gən/, ríogan is one of a number of words where an original gh is pronounced as a g in WM Irish. Note ríogain in the dative singular.
roim: “before”, or roimh in the CO, pronounced /rimʹ/. Roimhe sin and roimis sin are both found in this work. Osborn Bergin transcribes roimhe sin as ruimish shin in his Leitiriú Shímplí edition, but given that both forms are foundem in the original, it seems a superior editorial approach to maintain the diversity of forms in the original text. WM Irish would tend to have /rim′iʃ ʃin′/, but /riv′i ʃin′/ would also be possible. PUL told Osborn Bergin there were no hard and fast rules, the choice between the forms with and without lenited m being a matter of euphony.
Rósínanté: Rocinante, Don Quixote’s horse. Rocín means “workhorse” in Spanish.
rudaire: “knight”, or ridire in the CO. PUL also used the spelling ridire, but he told Osborn Bergin the pronunciation was /rodirʹi/.
Rudaire an Chlaímh Sholais (Rudaire an Chlaímh Lasrach): the Knight of the Burning Sword, one of the appellations of Amadís of Gaul.
Rudaire na Gréine: the Knight of Phoebus, a character in a romance, El Caballero del Febo, written by the 16th-century Catalan, Estebán de Corbera.
rudaireacht: “knighthood, chivalry”, or ridireacht in the CO.
sáile: “salt-water”. Ag an sáile, “at the seaside”.
Satharn: “Saturday”. Generally with the genitive, Dé Satharainn /sɑhəriŋ′/, where the CO has Dé Sathairn.
sciath: “shield”.
scrogall: “a long, thin neck”, pronounced /skrugəl/.
scuab-bhuille: “sweeping blow”.
Síd Ruí Díás (an Síd Ruí Díás): Ruy Díaz, or Rodrigo Díaz de Vivar, the 11th-century Spanish warrior known as El Cid.
Sígúénsa: Sigüenza, the Spanish city that formerly had a university founded in the 15th century (and closed in the 19th century).
slea: “spear, lance”, or sleá in the CO. This word was transcribed in Leitiriú Shímplí as shlea, implying a short vowel. More research required here.
sólaist: “delicacy; dessert”. Usually plural (sólaistí), sólaist here may be a backformation from sólaistí; the traditional singular, given in PSD, was sólas (sómhlas).
soláthraím, soláthair: “to get, procure”. Note the preterite here, do sholáthraigh sé /də hlɑ:rhə ʃe:/, where the CO has sholáthair sé.
sórd: “sort”, sórt in the CO, /so:rd/.
spágach: “broad-footed, clumsy-footed”.
speabhraíd: “hallucination”, with speabhraídí in the plural meaning “ravings”.
suirí: “act of wooing or courtship”.
súiste: “threshing flail”.
tarna: “second”, dara in the CO.
teinneas: tinneas in the CO, “pain, soreness”. Pronounced /tʹeŋʹəs/ in WM Irish.
tímpall: “around”, or timpeall in the CO. The broad p in WM Irish is preserved here: /tʹi:mʹpəl/.
tiubaisteach: “calamitous, disastrous”, or tubaisteach in the CO. Pronounced /tʹubəʃtʹəx/.
treascraim, treascairt: “to knock down”, or treascraím, treascairt in the CO. Treascartha, “knocked down”. Attestation of the first-conjugation treascraim is still being sought.
trioblóid: “trouble”, pronounced /trʹubə’lo:dʹ/. The dative plural is given with a short ending here, trioblóidibh, where trioblóidíbh would be expected (and a long ending is supplied in the Leitiriú Shímplí transcription). The original form is retained as dative plurals were unstable.
tuaith: “the countryside; rural district.” Note the genitive here is given as tuatha, where the CO has tuaithe. Either spelling would yield the pronunciation /tuəhə/, but Dinneen’s dictionary shows that PUL’s spelling was accepted.
uathásach: “terrible”, or uafásach. Pronounced /uə’hɑ:səx/ in WM Irish.
veilbhit: “velvet”.