Eóin 1

Soíscéal Naofa Íosa Críost

de réir EÓIN

Mac do Shebedé agus do Shalómé, agus driotháir do Shéamas Mór, ab ea N. Eóin, Aspal agus Soíscéalaí. Do tugtí air, deisceabal ionúin Chríost, agus bhí sé ’na sheasamh i láthair an chéasta. Do scríbh sé an Soíscéal tar éis na Soíscéalaithe eile dhá scrí’ i. tímpall trí bliana agus trí fichid tar éis deasgabhála ár Slánaitheóra. Chuir sé síos ’na scríbhinn a lá nithe nár chuireadarsan síos. Do scríbh sé an Soíscéal i nGréigis agus tugaid na Gréagaigh an teideal “diaga” dho. Ínseann N. Ieróm go raibh na bráithre ag tathant air an Soíscéal do scrí’ agus go nduairt sé go scrío’fadh dá ndeinidís go léir troscadh in éineacht agus a nguí go chur suas chun Dé ’n uilechómacht. Do deineadh san, agus ansan, lán de shoílsiú ó neamh, do scaoil sé amach an tosnú so, “I dtosach do bhí an briathar,” &rl.

Caibideal I.

Diagacht Chríost agus a Ioncholladh. Fianaise á dhéanamh ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisceabail do ghlaoch.

 I dtosach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ab ea an Briathar. Do bhí so i dtosach i bhfochair Dé. Is tríd a deineadh an uile ní, agus gan é níor deineadh aon ní dár deineadh. Is ann a bhí beatha, agus b’é solas na ndaoine an bheatha. Agus taithneann an solas sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.

 Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainm do. Tháinig sé sin chun fianaise, ionas go ndéanfadh sé fianaise i dtaobh an tsolais, ionas go gcreidfeadh gach éinne tríd. Níorbh é an solas é, ach chun fianaise ’ dhéanamh i dtaobh an tsolais. Dob é sin an solas fíor a shoílsíonn gach duine dá dtagann ar an saol so. Bhí sé ar an saol, agus is tríd a deineadh an saol, agus níor aithin an saol é. Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuíntir féin é. Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go ndéanfí clann Dé dhíobh, an mhuíntir a chreideann in’ ainm. Nách a’ folaibh, ná a’ toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia.

Agus do dhein feóil den Bhriathar, agus do chómhnaigh ’ná measc, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon-Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne. Tugann Eóin fianaise ’na thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an té ar a nduart: An tá atá le teacht im dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham. Agus as a líonmhaire is ea ’ ghlacamairne go léir, agus grásta ar ghrásta. Óir do tugadh an dlí trí Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne trí Íosa Críost. Ní fheacaigh éinne riamh Dia; an tAon-Mhac atá in ucht an Athar is é ’ dh’aithris.

Agus sid é fianaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaigh ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus Lebhíteacha chun a fhiafraí dhe, Cé hé thusa? Agus d’admhaigh sé, agus níor shéan sé; agus d’admhaigh sé: Ní mise Críost. Agus d’fhiafraíodar de: Cad eile más ea? An tu Elias? Agus duairt sé; Ní me. An tu an fáidh? Agus duairt sé: Ní me. Dúradar leis, dá bhrí sin: Cé hé thu, ionas go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muíntir a chuir anso sinn? Cad ’deirir id thaobh féin? Duairt sé: Guth duine is ea me ag glaoch sa bhfásach, Deinidh slí an Tiarna do dhíriú; mar aduairt Isáias fáidh. Agus de sna Fairisínigh ab ea na teachtairí. Agus do cheisteadar é, agus dúradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baiste mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh? D’fhreagair Eóin iad agus duairt sé leó: Deinimse baiste in uisce, ach tá ’na sheasamh in úr measc duine nách aithin díbhse. Sin é an té atá ag teacht im dhiaidhse agus go bhfuil tosach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do scaoileadh. Do thárla na nithe sin i mBetánia lastall den Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteach na ndaoine.

An lá ’na dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ag teacht fána dhéin, agus duairt sé: Féach Uan Dé, féach an té a thógann peacadh an domhain. Sid é an té ar a nduart: Tá fear ag teacht im dhiaidh, agus do luadh rómham é, óir do bhí sé rómham; Agus níor aithníos-sa é, ach ionas go dtaispeánfí d’Israél é, uime sin is ea do thánagsa ag déanamh baiste in uisce.

Agus do thug Eóin fianaise uaidh agus duairt: Do chonac an Sprid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. Agus níor aithníos-sa é, ach an té a chuir me ag déanamh baiste in uisce duairt sé liom: An té go bhfeicfir an Spriod ag túirling air agus ag fanúint air, sin é an té a dheineann baiste sa Sprid Naomh. Agus do chonac; agus thugas fianaise gurb é Mac Dé é seo.

An lá ’na dhiaidh san airís bhí Eóin ’na stad, agus beirt dá dheisceabail, Agus bhí sé ag féachaint ar Íosa ag siúl, agus duairt sé: Féach Uan Dé. Agus d’airigh an bheirt deisceabal é ag rá na cainnte, agus do leanadar Íosa. Agus d’iompaigh Íosa, agus chonaic sé iad dhá leanúint, agus duairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dúradar leis: A Rabbí (sé sin le rá, a Mháistir), cá gcónaíonn tú? Agus duairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómnaigh sé, agus d’fhanadar in’ fhochair an lá san; agus bhí sé tímpall an deichiú huair.

Agus duine den bheirt a bhí ag éisteacht le hEóin agus do lean Íosa ab ea Aindrias, driotháir Shímóin ar ar tugadh Peadar. Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus duairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rá, an Críost). Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus duairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).

Ba mhian leis dul, lá ’rna mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus duairt Íosa leis: Lean mise. Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab ea Pilib. Agus do fuair Pilib Natanaél agus duairt sé leis: An té úd ar ar scríbh Maois sa dlí, agus na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. Agus duairt Natanaél: An féidir aon ní fónta ’ theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tair agus feic. Agus chonaic Íosa Natanaél, agus duairt sé: Sin Israélíteach fírinneach ná fuil feall ann. Agus duairt Natanaél: Conas ’ aithníonn tú me? Duairt Íosa leis dhá fhreagradh: Sarar ghlaeigh Pilib ort, nuair a bhís fén gcrann fíge, do chonac tu. D’fhreagair Natanaél agus duairt sé: A Mháistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. D’fhreagair Íosa agus duairt: Toisc me dhá rá leat: Bhíos ag féachaint ort agus tu fén gcrann fíge, creideann tú. Chífir nithe is mó ná san. Agus duairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar oscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.

Críost Mac Dé 12

Caibideal a Dódhéag.

Mac an Taoisigh. Máthair Céile Shímóin. An Chuaird Teagascóireachta. An Lobhar Dá Leigheas.

D’fhág Íosa na Nasarénaigh mhallaithe úd ansúd ar bhárr an chnucáin, ag imeall na faille, san áit as ar mheasadar é ’ chaitheamh le fánaidh agus é ’ mharú. D’imigh sé uathu agus chuaigh sé soir ó thuaidh go Cana, an áit ’nar dhein sé fíon den uisce. Bhí áthas mór ar mhuíntir Chana nuair a tháinig sé chúthu, agus d’fhan sé roinnt bheag aimsire san áit. An fhaid a bhí sé san áit do thárla go dtáinig chuige duin’ uasal ó Chaphárnum, taoiseach airm leis an rí Antipas. Bhí mac an duin’ uasail sin breóite agus bhí sé ag dul chun báis. D’airigh an duin’ uasal Íosa ’ bheith tagaithe thar n-ais ó chathair Ierúsaleim agus é ’ bheith an uair sin i nGaililí. Tháinig sé go Cana agus duairt sé le hÍosa: “Tá mo mhac breóite,” ar seisean, “agus tá sé ag dul chun báis. Tair liom go Caphárnum agus leighis mo mhac.”

Agus duairt Íosa leis: “Gan fearta agus míorúiltí a dh’fheiscint ní chreideann sibh.” Ach duairt an duin’ uasal bocht leis, agus é ag féachaint go hana-bhuartha: “Tair liom, a Thiarna, agus leighis mo mhac sara bhfaighidh sé bás orm!”

Agus duairt Íosa leis: “Imigh leat. Tá do mhac beó.”

D’imigh an duin’ uasal. Thug Íosa dho grásta creidimh agus chreid sé an focal “tá do mhac beó.” Tháinig sé abhaile go Caphárnum. Bhí cuid dá mhuíntir an bóthar aduaidh ’na choinnibh agus áthas orthu agus d’ínseadar do go raibh an t-éagruas imithe dá mhac. Ansan chuir sé an cheist chúthu, “Cathain a dh’imigh an t-éagruas de? D’ínseadar do go cruínn. Bhí ’ fhios aige gurbh ar an neómat san díreach aduairt Íosa leis an focal “Tá do mhac beó.” Ansan do chreid sé féin in Íosa agus do chreid a mhuíntir go léir ann.

Is féidir a fhiafraí cad ’na thaobh go nduairt Íosa an focal úd, “Gan fearta agus míorúiltí a dh’fheiscint ní chreideann sibh.” Gan amhras, mara mbeadh gur chreid an duin’ uasal úd in Íosa ní raghadh sé ó dheas go Cana dhá iarraidh ar Íosa teacht agus a mhac do leigheas. Cad ’na thaobh, dá bhrí sin, gur chuir an Slánaitheóir easpa creidimh ’na leith?

Do bhí, gan amhras, creideamh aige, ach bhí easnamh sa chreideamh a bhí aige. B’fhuiriste a dh’aithint air gur mheas sé ná féadfadh an Slánaitheóir an mac do leigheas gan dul ó thuaidh chun na háite ’na raibh an mac ’na luí sa bhreóiteacht. Agus b’fhuiriste a dh’aithint air, leis, gur mheas sé dá bhfaigheadh an mac bás ná féadfadh an Slánaitheóir aon mhaith a dhéanamh do, ná féadfadh sé an mac do thógaint ón mbás. Ansan, nuair aduairt an Slánaitheóir an focal, “Imigh leat, tá do mhac beó,” do chreid an duin’ uasal láithreach nár ghá d’Íosa dul ó thuaidh in aon chor. Go raibh ar a chumas an leigheas a dhéanamh gan corraí as an áit ’na raibh sé. Go raibh ar a chumas an leigheas a dhéanamh le gníomh toile gan imeacht as an áit ’na raibh sé. Cad is léir as san? Is léir as san gur thug Íosa, dá ghrástaibh, grásta an chreidimh don duin’ uasal san ar an láthair sin.

Ansan nuair a bhuail a sheirbhísigh uime agus dúradar leis go raibh a mhac ag dul i bhfeabhas d’fhiafraigh sé dhíobh cad é an uair a thosnaigh an feabhas ar theacht air. D’ínseadar do. Ansan do chonaic sé gur dhein Íosa an leigheas díreach nuair aduairt sé an focal “Imigh leat. Tá do mhac beó.” Ansan, deir an soíscéalaí an focal, “Agus do chreid sé féin agus a theaghlach go léir.” B’fhéidir go ndéarfadh duine, “Nách é sin an uair a dhein an t-athair a ghníomh creidimh? agus más é ní fíor gur dhein sé gníomh iomlán creidimh nuair aduairt Íosa leis an focal “Imigh leat. Tá do mhac beó.”

B’fhéidir gan amhras, go ndéarfadh duine an chainnt sin. Ach más ea, b’fhéidir go ndéarfadh duine eile, ag freagairt na cainnte sin: “Do dhein an t-athair a ghníomh creidimh nuair aduairt Íosa an focal ‘Imigh leat. Tá do mhac beó.’ Ach do dhein sé gníomh eile creidimh nuair ’ airigh sé gur leighis an Slánaitheóir an mac le línn an fhocail sin do rá dho.”

Nuair a bhí roinnt bheag aimsire caite ag Íosa i gCana d’fhág sé an áit sin agus chuaigh sé ó thuaidh go dtí Caphárnum, ar bruach mhara Thibériais. Seo mar a dh’ínseann an Soíscéalaí, Maitiú Naofa, targaireacht Isáiais i dtaobh na háite sin:—

“Agus chuaigh sé (Íosa) chun cónaithe i gCaphárnum in aice na farraige, i gcríoch Shabuloin agus Nephtalí, ionas go gcómhlíonfí an ní aduairt Isáias fáidh: ‘Talamh Shabuloin agus talamh Nephtalí, fan na farraige, lastall den Iórdan, Gaililí na ngínte: Pobal a bhí suite i ndorchadas, chonacadar solas mór, agus d’éirigh solas don mhuíntir a bhí suite san áit ar a raibh scamall an bháis.’ As san amach do thosnaigh Íosa ar sheanmóin agus ar a rá: Deinidh aithrí” (Mait. iv. 13, 17).

Chuaigh Íosa chun cónaithe i gCaphárnum, agus deir Maitiú Naofa gurbh é Íosa, an uair sin, an “solas a dh’éirigh don mhuíntir a bhí suite san áit ar a raibh scamall an bháis.”

Ón uair a roinneadh an tír naofa ar chlaínn Israéil bhí treibh Shabuloin agus treibh Nephtalí ’na gcónaí fan bhruach abhann Iórdain ar an dtaobh thiar, ar bruach locha Genesareit agus lastuaidh den loch agus laisteas de. Nuair a chuir an rí Ierobóam suas na gamhna óir, gamhain acu i nDan agus an gamhain eile i mBetel, bhí Sabulon agus Nephtalí ag adhradh na ngamhan. Gaililí an ainm a bhí ar an dtír ’na raibh an dá threibh sin ’na gcónaí ar an dtaobh thiar den abhainn agus den loch. Níor choisc an abha cuid den dá threibh sin ar iad féin do leathadh thar abhainn soir, mar a raibh Ruben agus Gad agus cuid de threibh Mhanasses.

Do leanadar go léir ag adhradh na ngamhan óir. Bhíodh na fáidhí i gcónaí dhá rá leó go dtabharfadh an peaca san díbheirg an Tiarna orthu. Níor chuireadar aon tsuím i gcainnt na bhfáidhí. Fé dheireadh do tháinig an díbheirg. Tháinig, le toil an Tiarna, na hAssuiriánaigh anoir agus do scuabadar chun siúil a raibh de chlaínn Israéil lastoir den abhainn ar dtúis. Níor thug san ciall don chuid eile. Tháinig na hAssuiriánaigh arís agus do scuabadar chun siúil a raibh de chlaínn Israéil i Samaría ar fad, ansan do cuireadh anoir an tsloigisc iasachta agus do mheasc an tsloigisc iasachta ar ar fágadh de dhríodar na nIsraélíteach. Ansan bhí “talamh Shabuloin agus talamh Nephtalí” agus “Gaililí na nGínte,” ’sé sin, an talamh lastoir den abhainn as ar tógadh chun siúil an chéad chuid de chlaínn Israéil, bhíodar “fé dhorchadas agus fé scamall an bháis.”

Ach nuair a chuaigh an Slánaitheóir chun cónaithe i gCaphárnum “d’éirigh solas mór” agus do chonaic Sabulon agus Nephtalim an solas. Breis agus seacht gcéad blian roim theacht an tSlánaitheóra is ea ’ bhí Isáias beó. Do taispeánadh d’Isáias conas mar a bhí “Sabulon agus Nephteilim agus Gaililí na nGínte,” ar an dtaobh thoir den abhainn, “suite i ndorchadas agus i scáil an bháis,” agus conas mar a dh’ “éirigh an solas mór” orthu. B’é an Slánaitheóir an “solas mór” san a dh’éirigh ar an tíorthaibh sin, ar gach taobh den abhainn, an uair sin, nuair a chuaigh an Slánaitheóir chun cónaithe i gCaphárnum, ar bruach locha Genesareit.

Breis agus seacht gcéad blian roimis sin is ea do taispeánadh éirí an tSolais sin d’Isáias, agus seo mar ’ ínseann sé cérbh é an solas. “Óir tá LEANBH beirthe dhúinn, agus do tugadh dúinn MAC, agus tá a RIALTAS ar a GHUALAINN; agus tabharfar mar ainm air IÚNTACH, CÓMHAIRLEACH, DIA NA gCÓMHACHT, ATHAIR AN tSAEIL ATÁ LE TEACHT, RÍ NA SÍOCHÁNA” (Isáias ix. 6).

Do thosnaigh an Solas ar thaithneamh. Bhí maidean na sabóide ann. Tháinig an pobal chun an tsionagóig. Bhí na deisceabail ann, an cúigear úd is dócha. Bhí ann, leis, an duin’ uasail úd gur leighiseadh a mhac do. Agus bhí Muire Mháthair ann agus bráithre Íosa, ’sé sin na gaolta do tháinig leis ó Nasaret. Nuair a bhí na húrnaithe ráite chuaigh Íosa suas sa chathaoir ’nar cheart an teagascóir a bheith agus bhí sé ag teagasc an phobail. Tá aon fhocal amháin a bhíodh i mbéalaibh na ndaoine a bhíodh ag éisteacht leis, agus ní gá ach an t-aon fhocal amháin sin chun a chur in úil dúinn cad é an saghas an Cainnteóir. Sid é an focal adeireadh na daoine: “Do labhradh sé fé mar a bheadh cómhacht aige.”

Fág fén bpobal a dh’ínsint cad é an saghas an cainnteóir! Sin é díreach an deifríocht a bhí idir chainnt an tSlánaitheóra, ag labhairt leis an bpobal úd, agus an chainnt a dheineadh na scríbhneóirí agus na Fairisínigh nuair a bhídís ag teagasc na ndaoine. “Do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.” Ní baol gur labhair éinne acu súd eile “fé mar a bheadh cómhacht aige” mar ní raibh cómhacht acu, agus nuair ná raibh an chómhacht sa chainnteóir níorbh fhéidir don chainnteóir “labhairt fé mar a bheadh cómhacht aige.”

Bhí an Slánaitheóir ag teagasc, agus bhí, in aghaidh gach focail, an chómhacht ag dul ’na luí ar aigne na ndaoine. Go hobann, do chuir duine den phobal scread as. Do chuir an scread uathásach san scannradh ar gach éinne. Duine go raibh deamhan ann a chuir an scread as. Ní haon scread amháin a chuir sé as. Do lean sé ag screadaigh go hárd agus go fiain agus go nímhneach, agus é ag cainnt idir gach aon dá scread dá gcuireadh sé as. “Leog dúinn! Leog dúinn féin!” adeireadh sé. “Cad í an bhaint atá agatsa agus agamsa lena chéile, a Íosa ó Nasaret! leog dúinn! An chun íde ’ dhéanamh orainn a tháinís? Tá ’ fhios agamsa cé hé thu. Is tu AON Naofa Dé.”

Seo ceist. Arbh fhíor don annsprid gur aithin sé Críost Mac Dé? Duairt sé, trí bhéal an duine ’na raibh seilbh aige, an focal “Tá ’ fhios agamsa cé hé thu.” Arbh fhíor do go raibh ’ fhios aige cé ’ bhí ann? measaim nárbh fhíor. Measaim go raibh an t-éitheach aige dá ínsint; ná raibh ach tuairim aige i dtaobh cé ’ bhí ann, agus gur cheap sé go mb’fhéidir go ndéarfadh Íosa focal éigin a thabharfadh deimhne dho ar cé ’ bhí ann. Bhí ’ fhios aige go raibh cómhachta móra ag an té a bhí ann. Bhí sé ag éisteacht lena chainnt, agus bhí ’ fhios aige, fé mar a bhí ’ fhios ag an bpobal, gur “labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige,” agus go raibh an chómhacht aige. Níorbh fhada go bhfuair sé amach go raibh cómhacht éigin ann a bhí róláidir do féin. Do sheasaimh Íosa os cionn an duine agus duairt sé leis an ndeamhan: “Bí ciúin. Imigh amach as an nduine.” Do chuir an deamhan aon scread amháin eile as, do chaith sé an duine anuas ar an úrlár agus d’imigh sé amach as. Ansan d’éirigh an duine agus bhí sé cómh réidh chómh suaimhneasach le haon duine eile den phobal!

Dheallródh an scéal go raibh aithne mhaith ag an bpobal ar an nduine go raibh an deamhan ann. Dá bhrí sin, bíodh gur bhain an scread preab astu, níor cuireadh iúnadh agus uathás i gceart orthu go dtí go bhfeacadar an deamhan díbeartha as an nduine ag Íosa leis an aon fhocal amháin. B’in cómhacht uathásach. B’in é Íosa Nasareit ansúd os a gcómhair, ’na dhuine, mar éinne acu féin, agus an chómhacht san aige! Conas ’ fhéadfadh éinne seasamh ’na láthair agus féachaint air gan crithniú! Bhíodar go léir ag crith ’na láthair. Bhíodar ag cogarnaigh eatarthu féin “Cad é seo mar obair! Ar airigh éinne riamh a leithéid de chómhacht. Smachtaíonn sé na deamhain agus cuireann sé ’ fhéachaint orthu bheith úmhal do!”

Do críochnaíodh gnó na sabóide. Bhí an deisceabal úd Símón, mac Iónais, pósta ag mnaoi de mhnáibh Caphárnuim. Bhí máthair na mná san, máthair-céile Shímóin, ’na luí agus éagruas trom uirthi agus na daoine cruinnithe sa tigh. Chuaigh Íosa isteach sa tigh. Tháinig sé in aice na leapan. D’órdaigh sé don éagruas imeacht ón mnaoi. D’imigh an t-éagruas den mhnaoi chómh tapaidh díreach agus d’imigh an deamhan as an nduine. D’éirigh an bhean láithreach, agus gan aon rian den bhreóiteacht uirthi, gan aon tuirse uirthi. Ba ghnáth bia ’ chaitheamh tar éis oibre na sabóide. D’éirigh an bhean san agus siúd chun na hoibre láithreach í. D’ollmhaigh sí dínnéar láithreach d’Íosa agus dá dheisceabalaibh. Do chuir sí an bia ar an mbórd chúthu agus dhein sí féinig friothálamh orthu. Bhí an t-éagruas imithe dhi, gan aon phioc den iarsma is gnáth a dh’fhanúint uirthi, ach í chómh glan ó bhreóiteacht, chómh haibidh ’na sláinte, agus ’ bheadh sí dá mba ná beadh sé riamh uirthi.

Cómhacht scannrúil ab ea an chómhacht a chuir ’ fhéachaint ar an ndeamhan imeacht, leis an aon fhocal amháin cainnte. Cómhacht thairbheach ab ea an chómhacht a chuir ’ fhéachaint ar an éagruas imeacht den mhnaoi leis an aon fhocal amháin cainnte. Bhain an tairbhe an scannradh as an tarna cómhacht.

Tháinig an tráthnóna. Bhí an tsaoire imithe. Ní raibh bac feasta ar dhaoinibh rith chun oibre ’ dhéanamh agus ní bhrisfidís an tsaoire. Siúd chun siúil iad. Ba gheárr go rabhadar ag teacht ’na dtáintibh agus an uile shaghas daoine breóite acu á thabhairt leó chun go leighisfeadh Íosa iad. Daoine gan radharc, daoine gan éisteacht, daoine gan siúl, an lobhar ná raibh ach an galar le feiscint air i bhfuirm salachar croicin, agus an lobhar go raibh a aghaidh ite ag an ngalar i dtreó dá bhféachfá aon uair amháin ar an aghaidh sin ná curfá a chuímhne as do chroí an chuid eile ded shaol.

B’éigean do sna lobhraibh fanúint ar leithligh, agus is amhlaidh a bhíodh an chuid acu a bhí i dtosach an ghalair ag iompar na ndaoine a bhíodh i ndeireadh an ghalair agus iad ag druidim chun an bháis.

Bhíodar go léir ag teacht ’na slóitibh, i dtreó go raibh iúnadh ar na deisceabail agus ar mhuíntir na háite cá bhfuaradh iad go léir. Chómh tiubh agus ’ thagaidís do leighiseadh Íosa iad. Chuireadh sé a lámh ar dhuine acu agus d’imíodh a ghearán de díreach chómh tapaidh agus d’imigh an t-éagruas de mháthair céile Shímóin. Chuireadh sé a lámh ar an nduine a bhíodh ag iompar duine eile agus do ghlanadh an galar dá chroiceann. Chuireadh sé a lámh ar an nduine eile agus, ar leagadh na súl, d’fhásadh an croiceann a bhíodh feóchta agus an fheóil a bhíodh ite, agus thagadh snua agus luisne na sláinte san aghaidh lofa san, agus do léimeadh an duine sin anuas de dhrom an duine a bhíodh dhá iompar agus chaitheadh sé é féin ar an dtalamh anuas ag breith a bhaochais leis an Slánaitheóir a shlánaigh sé. Bhídís ag imeacht abhaile chómh tiubh agus ’ bhídís leighiste, agus bhí éirí an lae ann sara raibh an duine deirineach acu imithe.

Ní ínseann éinne dhúinn an mó duine do leighiseadh an oíche sin. Ní deirtear linn ach gur leighis sé iad go léir, an uile dhuine riamh acu. Agus ní deirtear linn go raibh aon deacracht i leigheas aon duine acu seochas a chéile. Tháinig leigheas an ghalair ba lú chómh saoráideach chun an tSlánaitheóra agus a tháinig leigheas an ghalair ba thruime. Ní raibh de thrioblóid ins gach leigheas acu ach lámh do chur ar an nduine, nú focal do labhairt. Do deineadh gach leigheas le gníomh toile. An gníomh toile lenar deineadh an domhan is é a dhein gach leigheas díobh. “I dtosach do bhí an briathar, agus bhí an briathar i bhfochair Dé, agus Dia ab ea an Briathar—Is tríd a deineadh an uile ní, agus gan É níor deineadh aon ní dár deineadh” (Eóin i. 3).

Chonaic na daoine go léir an chómhacht, an chómhacht uathásach, agus í dá hoibriú le gníomh toile, le gníomh saorthoile, agus an gníomh saorthoile sin dá dhéanamh gan dua gan deacracht. Thug na daoine fé ndeara, nuair a bhí sé ag teagasc sa tsionagóg go luath roimis sin sa lá, gur labhair sé fé mar ’ bheadh cómhacht aige. San oíche, nuair a bhí sé ag leigheas na ndaoine, chonacadar an chómhacht, agus dúradar, ’na n-aigne féin agus lena chéile nárbh aon iúnadh gur thaispeáin an chómhacht í féin ’na chainnt.

Chonaic na daoine a bhí dá leigheas ní eile, ní a chuir oiread iúnadh orthu agus ’ chuir an chómhacht orthu, nú b’fhéidir iúnadh níba mhó ná an iúnadh do chuir an chómhacht orthu. Chonacadar ar lasadh ’na ghnúis agus ’na shúilibh, ag taithneamh in’ aghaidh agus ag labhairt ’na ghlór nuair adeireadh sé focal cainnte, an trua thar bárr a bhí istigh ’na chroí do sna daoinibh bochta a bhí ag folag na ngearán go léir agus na bpian go léir. An trua san a bhí istigh ’na chroí dhóibh do chonacadar é agus chuaigh sé isteach ’na gcroithibh féin agus chuir sé áthas orthu, áthas ná raibh ar a gcumas a dh’ínsint, áthas a chuir iúnadh orthu, iúnadh a bhí níba mhó, dá mb’fhéidir é, ná an iúnadh do chuir na leighseanna míorúilteacha orthu. Do samhlaítí dhóibh ar chuma éigin go mbíodh sé ag TÓGAINT NA BPIANTA AIR FÉINIG AGUS DHÁ BHFOLAG THAR CHEANN NA NDAOINE!

Nuair a bhí na daoine go léir, leighiste, imithe, agus bhí an lá ag teacht, ní chun suaimhnis ná chun codlata ’ chuaigh an Slánaitheóir. D’imigh sé amach agus shiúlaigh sé tríd an gcathair bheag go dtí gur imigh sé amach as agus go raibh sé in áit uaigneach, an saghas áite ’nar mhian leis bheith, in’ aonar i láthair an Athar Síoraí. Níor fágadh i bhfad in’ aonar é. Bhí gnó an lae roimis sin i mbéal gach éinne agus in aigne gach éinne. Bhí na daoine ’na gcodladh nuair ’ fhág sé an chathair bheag ar éirí lae. Nuair a ghlan an lá d’éirigh na daoine. Bhí gach éinne dhá fhiafraí cá raibh Íosa. Ní raibh sé le fáil. Bhí cuid de sna daoine do leighiseadh gan dul abhaile fós. Bhí tuilleadh tagaithe, ag brath air go leighisfí iad. Bhí gach éinne dhá fhiafraí cá raibh Íosa. Ní raibh éinne ábalta ar a dh’ínsint cá raibh sé. Do ghluais Símón agus na deisceabail eile amach i dtreó an uaignis. Bhí tuairim acu gurbh ann a bhí sé. Fuaradar ann é, in’ aonar agus é ag machnamh.

“Táid na daoine go léir ad lorg,” ar siad leis. “Téimís isteach in sna sráidibh,” ar seisean, “agus in sna bailtibh beaga atá ’nár gcóngar, go ndeinead craobhscaoileadh iontu, óir is chuige sin a thánag” (Marc. i. 38). Bhí na daoine ag teacht ’na slóitibh, ar shálaibh na ndeisceabal. Nuair a thánadar suas do chromadar ar a iarraidh air gan imeacht uathu in aon chor ach fanúint acu. Duairt sé leó nárbh fholáir do imeacht, go raibh air dul agus na scéala fónta i dtaobh Ríochta Dé do bhreith ag triall ar dhaoinibh eile, leis.

B’éigean dóibh bheith sásta. Do ghluais sé ó thuaidh fan bhruach an locha go dtáinig sé go dtí Betsáida, an áit ’na raibh an chéad chuid dá dheisceabalaibh ’na gcónaí ar dtúis. Nuair a shrois sé an áit sin do chuir na deisceabail, clann Iónais agus clann Sebedé, na báid amach arís ar an loch chun roinnt éisc a thógaint. Chuadar amach um thráthnóna, mar is gnáth le hiascairíbh a dhéanamh. Thugadar an oíche ar an uisce ag cur na líonta amach agus dhá dtarrac isteach, agus níor thógadar oiread agus aon iasc amháin. Tháinig solas an lae, thuigeadar nárbh aon mhaith dhóibh na líonta do chur amach a thuilleadh. Thánadar chun na trá. Lena línn sin chonacadar Íosa ag teacht anuas chun na trá agus slóite daoine ’na thímpall ag brath air go ndéanfadh sé cainnt éigin leó. Chonaic sé an dá bhád agus a dheisceabail iontu. Chuaigh sé isteach i mbád Shímóin agus duairt sé leis druidim amach beagán ón bport. Ansan do shuigh sé sa bhád agus chrom sé ar labhairt leis na daoine agus ar iad do theagasc. Nuair a bhí an teagasc déanta aige duairt sé le Símón: “Druid an bád amach mar a bhfuil an t-uisce doimhinn,” agus duairt sé leis an muíntir a bhí in’ fhochair, “Cuiridh úr líonta amach chun éisc a thógaint.”

“A Rabbí,” arsa Símón, “tá an oíche caite againn ag obair agus níor thógamair aon iasc, ach ó deirirse an focal cuirfead an líon amach.” Chuir sé amach an líon. An túisce ’na raibh sé amu’ do líonadh é. Bhí oiread san éisc ann go raibh sé dá bhriseadh, agus do bhagair lucht an bháid sin ar an muíntir a bhí sa bhád eile dhá iarraidh orthu teacht agus cúnamh a thabhairt dóibh. Thánadar. Do tógadh an t-iasc isteach sa dá bhád agus bhí an dá bhád i riocht dul fé uisce bhíodar chómh lán san den iasc. Nuair a chonaic Símón Peadar an méid sin do chaith sé é féin ag cosaibh an tSlánaitheóra agus duairt sé: “Imigh uaim, a Thiarna, óir is duine peacúil me!” Tháinig scannradh orthu go léir nuair a chonacadar an ghabháil mhór iasc agus iad tar éis na hoíche ’ chaitheamh ag obair agus nár fhéadadar aon iasc a ghabháil.

Ach do labhair Íosa leó agus chuir sé misneach orthu. “Ná bíodh ceist oraibh,” ar seisean leó. “Is ag gabháil daoine in úr líontaibh a bheidh sibh feasta.”

Níor bheag san. Duairt Peadar, nuair aduairt Íosa leis an líon do chur amach chun an éisc a thógaint, “Tá an oíche caite againn ag obair agus níor thógamair aon ní ach ó deirir an focal cuirfead amach an líon.” Dheallródh an scéal, nuair ’ airigh Peadar an focal eile úd, “Is ag gabháil daoine id líon a bheidh tú feasta,” go nduairt sé in’ aigne féin, “Ó deirirse an focal, siúd leat me!” Ní baol go nduairt sé a thuilleadh “Imigh uaim, a Thiarna.” Thairrigeadar na báid isteach ar an dtráigh agus d’fhágadar ar an áit sin idir bháid agus líonta agus do ghluaiseadar in éineacht le hÍosa nuair a chonacadar gurbh é a thoil go leanfaidís é, agus go raibh a thoil curtha in úil dóibh aige lena leithéid de mhíorúilt.

Ansan do ghluais sé féin agus na deisceabail mórthímpall trí thriúchaibh Ghaililí go léir agus é ag seanmóin agus ag cur deamhan amach a’ daoine, agus ag leigheas an uile shaghas galair, agus ag teagasc in sna sionagógaibh. Do leighiseadh sé an uile shaghas galair, ach is é leigheas na lobhar is mó ’ chuireadh iúnadh agus alltacht ar gach éinne; agus an leigheas san a dhéanamh, ní hamháin nuair a bhíodh an drochní ag tosnú ar é féin do thaispeáint, ar an éadan, nú ar pháirt éigin eile den chroiceann ar arbh fhuiriste é ’ dh’fheiscint; ach an leigheas a dhéanamh, go hobann, nuair a bhíodh nimh an ghalair tar éis an duine do lot, tar éis cuid d’fheóil an duine ’ dhéanamh chómh lofa chómh bréan le corp a bheadh ar feadh tamaill san uaigh; an fheóil lofa san do chneasú ar leagadh na súl, í ’ dhéanamh chómh folláin chómh cneasaithe le feóil duine ná raibh an galar san riamh air, sin é an rud a chuireadh na daoine as a meabhair le hiúnadh agus le halltacht agus le huathás.

Tháinig aon lobhar amháin den tsaghas san chuige an fhaid a bhí sé féin agus a dheisceabail ar an gcuaird teagascóireachta san trí thriúchaibh Ghaililí. Bhí Íosa tagaithe chun baile éigin. Ní ínstear ainm an bhaile. Bhíodh na lobhair ag faire i gcónaí nuair ’ airídís é ’ bheith ag teacht i gcóngar aon áite ’na mbídís. Chaithidís imeacht ó chómhluadar daoine agus fanúint in uaigneas. Bhí sé i gcoinnibh na dlí dhóibh dul isteach in aon bhaile, in aon áit ’na mbíodh baol go ndéanfadh aon duine teangmháil leó, bhí an galar chómh tógálach san. Ach bhí an lobhar bocht so adeirim, bhí sé ag faire. D’airigh sé Íosa ’ bheith sa bhaile áirithe seo ná hínstear a ainm dúinn. Bhí scannradh air le heagla go n-imeódh Íosa as an áit sara bhféadfadh sé labhairt leis. Bhí ’ fhios aige, mar d’airíodh sé dá ínsint é, nár eitigh Íosa riamh lobhar do leigheas nuair a hiarrtí air é. Dhein sé dánaíocht. Bhí sé chómh gairid do gheata an bhaile agus d’fhéadfadh sé teacht gan an dlí do bhriseadh. Bhí sé ag féachaint isteach. Chonaic sé na daoine cruinnithe istigh agus Íosa ag cainnt leó. Do rith sé isteach agus níor stad sé go dtí go raibh sé ’na sheasamh ar aghaidh Íosa amach. Bhí lot uathásach déanta ag an ngalar air. “A Thiarna,” ar seisean, “tá ar do chumas me ’ ghlanadh más áil leat é.” Do shín an Slánaitheóir a lámh agus chuir sé ar an árrachtaí gránna í. “Is áil liom é. Glantar thu,” ar seisean. Ar leagadh na súl bhí an t-árrachtaí gránna in’ fhear bhreá ghlanchroicin, chumasach, dhea-shláinteach. Na méireanna a bhí titithe dá lámhaibh bhíodar ansúd arís ar na lámhaibh aige chómh slán agus ’ bhíodar sara dtáinig aon lobhadh riamh orthu. Na fiacla gránna buí úd a bhí nochtaithe istigh ’na bhéal, mar a bheidís i gceann cnublaigh, bhíodar go breá geal glan, agus na beóil dhá gclúdach arís, go séimh agus go miochair; mar sin do gach aon lot eile dá raibh déanta ag an ngalar ar an nduine, bhíodar go léir leighiste go hiomlán. Níor fhág an Slánaitheóir, moladh go deó leis! aon easnamh ar an obair ba thoil leis a dhéanamh don duine. Duairt sé leis, áfach, ná raibh sé ceart aige an dlí do bhriseadh. “Agus,” ar seisean leis, “imigh anois agus taispeáin thu féin do sna sagartaibh, agus tabhair an díolaíocht atá órdaithe ag dlí Mhaoise, mar fhianaise dhóibh sin agus ná hinnis d’éinne é.”

D’imigh an duine sin amach agus d’innis sé do gach éinne a bhuail uime an mhíorúilt a deineadh air.

Do hínseadh dúinn gur chuaigh Íosa agus a dheisceabail mórthímpall na tíre go léir ag teagasc agus ag leigheas na ngalar. Ní curtar síos dúinn ach aon leigheas amháin de sna leighseannaibh go léir a dhein Íosa ar an gcuaird sin. Ní haon iúnadh go ndeir Eóin, i ndeireadh an tSoíscéil, a scríbh sé féinig, an chainnt seo:—

“Ach tá a lán nithe eile do dhein Íosa agus dá scrí’tí síos i leabhraibh iad i ndiaidh ’ chéile, measaim ná beadh slí sa domhan féin do sna leabhraibh nárbh fholáir a scrí’” (Eóin xxi. 25).

Bhíodh Eóin in éineacht le hÍosa ar a chuardaibh agus do scríodh sé síos gach aon ní fé mar a thiteadh sé amach. Taispeánann an chainnt sin atá i ndeireadh an tSoíscéil aige nár fhéád sé a chur síos ’na leabhar ach fíorbheagán de sna míorúiltíbh a dhein Íosa. Do leighis Íosa an t-aon lobhar amháin sin agus do chuir Eóin síos an leigheas san. Ínseann a chainnt féin gur fhág sé mórán eile leighseanna míorúilteacha gan cur síos ’na leabhar. Bhíodar go léir míorúilteach ach bhí rud éigin sa leigheas san a dhein súile Eóin agus súile na ndaoine do ghreamú air níba dhaingne ná mar a greamaíodh iad ar na leighseannaibh eile. Gan amhras dob fhuiriste a dh’aithint gur le cómhacht Dé a deineadh iad go léir. Do deineadh iad go hobann, le haon fhocal amháin agus le haon ghníomh amháin toile. Gan amhras, leis, do deineadh, iontu go léir, cneasú ar rud éigin istigh sa cholainn, go raibh gá le cneasú aige. Do cneasaíodh fuil agus feóil na colla ar fad, ar leagadh na súl, nuair a díbreadh an t-éagruas amach a’ colainn máthar chéile Shímóin. An cneasú is gnáth a dhéanamh le haimsir do deineadh an uair sin é gan aon aimsir. Nuair a tugtí radharc do dhall do cneasaítí, istigh sa tsúil, rud éigin a bhíodh loitithe. Nuair a tugtí radharc do dhuine a rugadh ’na dhall do cruthaítí, istigh sa tsúil, rud éigin nua, rud éigin na raibh riamh sa tsúil sin agus nárbh fhéidir radharc a bheith sa tsúil sin gan an rud san a bheith inti. Ar an gcuma san bhíodh athnuachaint éigin, nú cruthú nua éigin, ins gach aon mhíorúilt. Ach bhíodh an chuid ba mhó dhíobh laistigh. Ní thagadh an t-athnuachaint nú an cruthú nua, fé shúilibh na ndaoine. Ach nuair a leighistí lobhar do chítí an glanadh. Agus nuair a deintí an glanadh go hobann, ar leagadh na súl, do bhíodh ’ fhios ag an uile dhuine ná raibh aon chómhacht daonna ábalta ar an nglanadh san a dhéanamh. Farais sin, nuair a bhíodh lot uathásach déanta ar an nduine ag nimh an ghalair; nuair a bhíodh ceann nú dhó de sna méireannaibh imithe den láimh, agus an chuid eile acu crapaithe, snadhmaithe; nuair a bhíodh an fheóil imithe den éadan agus an cnámh le feiscint; nuair a bhíodh na beóil, thíos agus tuas, imithe, agus an dá dhranndal nochtaithe, agus ceann de sna cluasaibh imithe, agus gan ann ach leath na cluaise eile; agus an tsrón imithe agus gan ’na háit ach an chneadh ghránna gus an dá pholl ghránna; nuair a leighistí an duine sin, ar leagadh na súl, agus a curtí méireanna nua air agus beóil nua air, lasmu’ dá fhiaclaibh, agus srón nua air, agus cluasa nua; an tsrón agus na cluasa ba chuímhin le gach éinne dá chómharsanaibh a bheith air sara dtáinig an galar gránna air; nuair a deintí leigheas den tsórd san do chuireadh an leigheas san, ní hamháin iúnadh ach scannradh, i gcroí an uile dhuine do chíodh é.

An té a chífeadh lobhar acu san ag brath ar leigheas a dh’fháil, déarfadh sé leis, “An amhlaidh is dó’ leis gur féidir srón nua do chur air agus cluasa nua!”

Gan amhras bhí an lobhar úd a’ rith isteach an geata, chun an Tiarna, ag cuímhneamh ar rud éigin den tsórd san, b’fhéidir go nduairt duine éigin leis, tamall beag roimis sin, lobhar eile b’fhéidir, “An amhlaidh a mheasfá go bhféadfadh sé srón nua do chur ort, agus cluasa nua, agus méireanna nua?”

Tabhair fé ndeara an chainnt aduairt sé chómh luath agus ’ bhí sé i láthair Íosa.

“Tá ar do chumas me ’ ghlanadh más áil leat é.” Dob ionann san agus a rá “A Thiarna, tá ’ fhios agam agus creidim é, go bhfuil ar do chumas, más áil leat é, srón nua do chur orm, agus cluasa nua, agus beóil nua.” Chonaic Íosa an gníomh creidimh sin. D’airigh sé an chainnt agus chonaic sé—rud ná féadfadh éinne eile a dh’fheiscint ach é—chonaic sé an creideamh a bhí istigh i gcroí an duine sin, agus dhein sé an rud nárbh fhéidir d’éinne ’ dhéanamh ach don té a dhein an domhan.

Bhí a lán de sna lobhraibh ar an gcuma san, cuid acu geall leis agus cuid acu níba mheasa. Do leighis sé iad go léir. Ní duairt sé le haon duine acu, pé lot a bhí air ó nimh an ghalair, “Imigh uaim, a dhuine! an amhlaidh a mheasfá go gcuirfinn srón nua ort! An amhlaidh is dó’ leat go bhféadfí méireanna nua do chur ort! Imigh uaim! Ní raibh aon cheart agat teacht anso isteach in aon chor.” Ní duairt riamh.

Is fíor go nduairt sé leis an nduine úd ná raibh sé ceart aige teacht isteach sa bhaile in aghaidh na dlí. Ach chuir sé an tsrón agus na beóil, agus na cluasa arís air ar dtúis. Ansan do chuir sé amach é, nuair ná raibh aon ghá le hé ’ chur amach, ach nárbh fholáir do teistiméireacht a bheith aige ó sna sagartaibh.

Ní ínstear dúinn aon leigheas dár dhein Íosa ar an gcuaird sin ach an t-aon leigheas amháin sin, ach ínstear dúinn, i gcónaí, pé slóite lobhar a tháinig ag triall ar Íosa, dhá iarraidh air iad do leigheas:— GUR LEIGHIS SÉ IAD GO LÉIR!

Nótaí

Chun an tsionagóig: we might have expected chun na sionagóige, as sionagóg is a feminine noun in other passages in this work, but this word is apparently parsed as masculine in this sentence.

Foclóirín

as: “out of, from”. The relationship between as and ó is worthy of comment. Irish seems often to use as where an English learner might expect ó. One example is this: d’fhág Íosa na Nasarénigh mhallaithe úd ansúd ar bhárr an chnucáin, ag imeall na faille, san áit as ar mheasadar é ’ chaitheamh le fánaidh agus é ’ mharú. As the Nazarenes were hoping to throw Jesus “from” a clifftop, it might be thought that this “from” would be ó, and yet we have as here, which fundamentally means “out of”. One way to understand this could be that where you are “in” a place, you can come “out of it” and where you are “on” a place, you can come “from” it. So because the Nazarenes were san áit, it is right to follow this up with as. But to a large extent, the difference between as and ó is one of idiom and usage.
athnuaim, athnuachaint: “to renew”, or athnuaim, athnuachan in the CO. Pronounced /ɑnhuəmʹ, ɑnhuəxintʹ/. The verbal noun (the noun meaning “renewal, rejuvenation”) is masculine here—an t-athnuachaint—where the CO form is feminine.
beóil: “lips”, derived from beól, a poetic form of béal, “mouth”. The CO uses béil, the regular plural of béal to mean “lips”.
breóite: “sick.” Note that the traditional distinction between breóite, “sick”, and teinn, “sore”, is maintained in Cork Irish. The CO only has the latter, spelt as tinn.
breóiteacht: “sickness”.
cneasaím, cneasú: “to heal”.
cnublach: “carcass, remains”, pronounced /knubələx/. This is etymologically derived from con, meaning “dog carrion”, and maybe “carcass of a dog” would be a better translation here. This word was spelt conablach in the original, which is the form used in the CO, but Dinneen gives cnubalach as a variant that is closer to the pronunciation, which is adjusted further to remove the spelling out of the epenthetic vowel in the interests of achieving a standardised spelling system for WM Irish (as if some epenthetic vowels are spelt out, they would all have to be so).
colann: “body”, or colainn in the CO, where the historic dative has replaced the nominative. Note the genitive singular here, colla (spelt colna in the original), where the CO has colainne.
crithim, crith: “to tremble, shiver”.
crithním, crithniú: “to tremble, shiver”, or creathnaím, creathnú in the CO.
croiceann: “skin”, or craiceann in the CO. Pronounced /krokʹən~krekʹən/. The genitive is spelt croicin here in the original, implying a pronunciation /krokʹinʹ/, and not the /krokʹiŋʹ/ that would be indicated by the expected spelling croicinn. More research required here.
cuirim, cur: “to put”. Note the second-person singular conditional curfá, where cuirfá would be more likely in WM Irish today.
dánaíocht: “presumptuousness, forwardness”. Ó Dónaill’s dicitonary prefers the word dánacht, but both forms are found in PUL’s works, although the phase dánaíocht a dhéanamh, “to make bold”, seems to be universally found with dánaíocht (cf. dul i ndánacht, “to grow bold, audacious”).
deacracht: “difficulty”. Note the pronunciation is /dʹakərəxt/; compare the pronunciation of the adjective, which is spelt deocair here.
dínnéar: “dinner”. Dinnéar in the CO. Pronounced /dʹi:’ŋʹe:r/.
dranndal: “gum”, or drandal in the CO. The traditionally correct double n is preserved here to show the diphthong: /draundəl/.
drom: “back”, or droim in the CO. PUL uses drom for the actual back of a person or an animal, but druím for more derived usages. Thus we have do léimeadh an duine sin anuas de dhrom an duine a bhíodh dhá iompar, “that person would jump down from the back of the person who was carrying him”, but de dhruím, “on account of”, equivalent to de dhroim in the CO. (Do léimeadh sé de dhruím an duine a bhíodh dhá iompar would have meant “he jumped over the back of the person who was carrying him”.)
éagruas: “malady, fever”.
eitím, eiteach: “to refuse”. Dinneen has both eiteach and eiteachadh as the verbal noun, but I have yet to come across the verbal noun in PUL’s works.
fara: “along with, as well as, besides”. Farais sin found here, “besides that, in addition, furthermore, also”—incidentally the origin of freisin, the CO word meaning “also”, is a little unusual, as fairis sin could have been expected. It is unclear how PUL personally pronounced this phrase, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows that both farais and fairis existed.
feart: “miracle”.
feóchaim, feóchadh: “to wither, decay”, or feoim, feo. The past participle is feóchta here, where feoighte is used in the CO. Pronounced /fʹo:ximʹ, fʹo:xə, fʹo:xtə/.
Gad: the tribe of Gad, son of the Hebrew patriarch Jacob, whose tribal territory was east of the River Jordan, in what is now Jordanian territory, to the north of the territory of the tribe of Reuben.
gearán: “complaint”, also used, as in English, to refer to medical complaints or illnesses.
glanaim, glanadh: “to clean”. Nuair a ghlan an lá, “when day dawned”.
glanchroicin: “clear-skinned”, as of a healed leper. This appears to cover the same lexical ground as glanchraicneach in the CO. As a word formed from the genitive of croiceann, see the note under croiceann in connection with the pronunciation.
iarsma: “remnant, remains”. Dinneen’s dictionary says that the r is not always pronounced; more research is required here on the Cork pronunciation.
iasc: “fish”. Roinnt éisc here, “some fish”, uses the genitive singular, where iasc in the singular is a collective noun. Iasc a thógaint, “to catch fish”.
iúnadh: “wonder, surprise”, or ionadh in the CO. Pronounced /u:nə/. This word is feminine in PUL’s Irish, but masculine in the CO. (The Irish of West Muskerry has an entry, however, for an t-iúnadh, claiming that the t is slender in this phrase: the issue is immaterial in PUL’s works, as he has an iúnadh.) The genitive singular is also transcribed here as iúnadh—both the nominative and genitive are spelt iongna in the original; the CO has ionaidh in the genitive.
leabaidh: “bed”, or leaba in the CO. The genitive singular here is leapan, where the CO has leapa.
leithleach: “a state of being apart”. This word appears to be feminine in the dative: ar leithligh, “apart”; fanúint ar leithligh, “to remain apart”. I am unsure as to the pronunciation of this word.
luisne: “blush, glow”. Luisne na sláinte, “a healthy glow or complexion (e.g. in someone’s face)”.
Manasses: the tribe of Manasses, son of Joseph, who was son of the Hebrew patriarch Jacob. The tribe of Manasses held land on both the western and eastern sides of the River Jordan, being allotted land between Issachar and Ephraim on the west side, and land to the north of Gad on the eastern side.
máthair-céile: “mother-in-law”, a word that is found with and without hyphenation in the original. It should be noted that this word is found several times without lenition of the c in both Críost Mac Dé and PUL’s translation of the Gospels. The CO has máthair chéile, which usage is corroborated by Dinneen’s dictionary. The lack of lenition in máthair-céile Shímóin and similar phrases can possibly be explained by the fact that céile is not indefinite here—máthair chéile would mean “a mother-in-law”—but part of a definite phrase, céile Shímóin, “Simon’s wife/spouse”. We also have amach a colainn máthar chéile Shímóin here, with three genitives concatenated, where each noun is treated separately, with lenition of the c.
méar: “finger”, with méireanna in the plural here, where the CO has méara.
miochair: “tender, kind, courteous”. I’m not quite sure how this word can apply to the covering of the teeth by lips, unless to mean that the teeth were covered by the lips in a pleasant or decent way. I’m not sure if this word is pronounced with an /i/ or a /u/ in the first syllable.
Nephtalí: the tribe of Naphtali, son of the Hebrew patriarch Jacob, which was allotted land in Northern Israel along the banks of Lake Tiberius and held some land on the eastern side of the River Jordan.
Nephtalim/Nephteilim: the tribe of Naphtali is referred to as Nephthalim in the Greek of Matthew’s Gospel.
nímhneach: “venomous, deadly”. Ag screadaigh go nímhneach, possibly “shrieking bitterly”.
obann: “sudden”, or tobann in the CO.
Peadar: Peter, a name given by Jesus to his disciple Simon, also given here as Símón Peadar. Note that this name is pronounced /pʹadirʹ/, with a slender r, even in the nominative, in WM Irish, but as the original gave the historically correct nominative, Peadar, it is retained here.
pian: “pain”. Note the genitive plural is given as both na bpian and na bpianta here, with na bpian being the older form.
pioc: “a bit, a jot, a little bit”.
Ruben: the tribe of Reuben, son of the Hebrew patriarch Jacob, whose tribal territory was east of the Dead Sea, in what is now Jordanian territory.
Sabulon: the tribe of Zebulun, son of the Hebrew patriarch Jacob, which was allotted land in Northern Israel.
saoire: “day of rest”.
Sebedé: Zebedee, a fisherman who was the father of James and John (St. John the Evangelist), two of Jesus’ apostles.
snaidhmim, snadhmadh: “to knot, tie, join”, or snaidhmim, snaidhmeadh in the CO. I am unclear whether this verb should really be snaidhmím or snadhmaim in WM Irish, or the snaidhmim used in the CO. The part participle appears here as snadhmaithe—spelt snamaithe in the original—corresponding to snaidhmthe in the CO, probably referring to the stumps of the lepers’ fingers being knitted together.
snua: “complexion, one’s normal appearance”.
sráid: “street”, with the dative plural here sráidibh, where sráideannaibh could have been expected. Weak plurals such as sráideanna are of later development; sráide is the older plural.
táin: “herd of cattle”. Na dtáinibh, “in droves”.
teangmháil: “contact”, teagmháil in the CO. Teangmháil a dhéanamh le duine, “to come into contact with someone”. Pronounced /tʹaŋə’vɑ:lʹ/.
tógálach: “infectious, catching”.
trí: “through”, spelt tré in the original, which spelling is adjusted here in line with the pronunciation. Note that this preposition is often lenited after a vowel or r, as in cur thrí chéile, “confusion”.
triúch: “district”.