An Teagasc Críostaí, Ceacht a 9

Ceacht a naoi.

C. Cad a cheanglann an dara haithne orainn?
F. Ár móide agus ár ngeallúna dlistineacha do chimeád.
C. Cad a choisceann an dara haithne orainn?
F. Gach dearbhú neamhcheart; bréaga; mionna móra; eascainí; diamhasla; agus focail naomhaithiseacha.
C. An coir rómhór leabhar éithigh do thabhairt?
F. Coir róscannrúil is ea é, mar glaeitear ar Dhia chun fianaise ’ dhéanamh go bhfuil an ní adeirtear fíor, agus gan ann go fiosach ach bréag.
C. Cad a cheanglann an tríú haithne orainn?
F. An Domhnach do chaitheamh in úrnaithe agus i ngóthaíbh diaga eile.
C. Cad iad na gnóthaí diaga eile iad san?
F. Aifreann d’éisteacht, bheith ag éisteacht le teagasc, agus ag lé’ leabhar chríostúla.
C. Cad a choisceann an tríú haithne orainn?
F. Gach uile obair shaothraitheach gan riachtanas agus briseadh lae an Tiarna go naomhaithiseach.
C. Cad d’órdaíonn an ceathrú aithne?
F. Grá agus urraim agus onóir do thabhairt d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh agus d’uachtaránaibh.
C. Cad a choisceann an cúigiú aithne orainn?
F. Gach dúnmharú toilthiúil, troid agus imreas.
C. Cad eile a choisceann an cúigiú aithne?
F. Gach anchainnt tharcaisneach, fuath, fearg agus rún díoltais.
C. Cad a choisceann an séú aithne?
F. Gach cómhluadar mígheanmnaí le fear, nú le bean, nách le duine féin.
C. Cad eile a choisceann an aithne seo?
F. An uile amharc, nú focal, nú gníomh, mígheanmnaí.
C. Cad a choisceann an seachtú aithne?
F. Aon ní de chuid duine eile do thógáil nú do chimeád go haindleathach; agus gach díobháil dá ndeintear don chómharsa ’na strus.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh orainn a dhéanamh an tan a bhíonn cuid duine eile go neamhdhlistineach againn?
F. Ní foláir dúinn é ’ thabhairt thar n-ais más féidir dúinn é, nú ní maithfar an peaca dhúinn.
C. Cad a choisceann an t-ochtú aithne?
F. Gach fianaise neamhfhírinneach, breithiúntas an-obann, bréaga, cúlchainnt, agus tromaíocht.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh ar an muíntir a mhaslaíonn clú a gcómharsan?
F. Ní foláir dóibh a ndícheall do dhéanamh ar an gclú do chasadh, nú ní maithfar an peaca dhóibh.
C. Cad a choisceann an naoú aithne?
F. Gach smaoineamh toilthiúil drúise, dúil mhígheanmnaí, agus dlúthócáidí, nú fáthanna, chun smaointe truaillithe.
C. Cad a choisceann an deichiú aithne?
F. Gach dúil neamhdhlistineach i gcuid ár gcómharsan.

Foclóirín 

aindleathach: “illegal, unlawful”.
anchainnt: “reviling, abuse, bad language”. Pronounced /’ɑn-‘xaintʹ/, with a double stress.
breithiúntas: “judgment”, or breithiúnas in the CO. Breithiúntas an-obann, “rash, hasty or overly quick judgment of someone without possession of all the facts”.
cómhluadar: “company, association”.
críostúil: “Christian; charitable”.
coiscim, cosc: “to prevent”, but also, as here, “to forbid”.
cúlchainnt: “backbiting, detraction”.
eascaine: “curse, imprecation”.
dara: “second”; generally tarna in WM Irish.
diamhasla: “blasphemy”, pronounced /dʹiəvəslə/.
dlistineach: “legitimate, proper”.
dlúthócáid: “an immediate occasion” for something.
dúnmharú: “murder”.
fiach: rud a bheith d’fhiachaibh ort, “to be bound/obliged (to do something)”. Fiacha literally means “debts”.
fiosach: “knowing”, or feasach in the CO. Go fiosach, “knowingly, wittingly, deliberately”. Research on the pronunciation required here: the Letiriú Shímplí edition shows no indication of stress on the second syllable, and so it may be /fʹisəx/, but if, as is usual with words in -ach, the ending is stressed, as /fʹi’sɑx/, there may be no reason not to adopt the CO spelling.
imreas: “strife, discord”. Pronounced /imʹirʹəs/.
maslaím, maslú: “to insult, revile, calumniate”.
mionn: “oath”, with mionna in the plural, where the CO has mionnaí. Mionna móra, “swear words”.
móid: “vow”, with móide in the plural here, where the CO has móideanna.
naomhaithiseach: “profane, blasphemous”.
obann: “sudden, hasty”, or tobann in the CO.
rún díoltais: “desire for revenge”, where rún means “intention” here.
saothraitheach: “servile, laborious”, or saothrach in the CO. Pronounced /se:hərihəx/.
scannrúil: “frightful; astonishingly great”, or scanrúil in the CO. Pronounced /skau’ru:lʹ/.
strus: “wealth, means”.
tan: “time, occasion”. An tan, “when, whenever”.
tromaíocht: “running down, denigration”.

Sranntarnach Bhuile.

Caibideal a Trí.

Sranntarnach Bhuile.

Nuair a bhí an chaismirt uathásach úd ar siúl i rítheaghlach Uí Dhónaill i mBéal Átha Seannaigh bhí Seán mac an Iarla, .i. Iarla Deasmhúmhan, in aonach agus in árdoireachtas ar faiche a dhúna agus a dhea-bhaile féin. Féachaint dá dtug sé thairis chonaic sé stracaire fir ag teacht chun an oireachtais. Níor mhiste stracaire ’ thabhairt air. Bhí an uile bhalcais dá raibh uime stracaithe, deisithe, paistithe, lán de phreabánaibh agus de chórdaíbh agus de bhuaircíníbh, agus gur mhór an iúnadh le héinne ’ fhéachfadh orthu conas ’ fhéad na córdaí agus na buaircíní, dá mhéid a bhí ann díobh, na balcaisí ’ chimeád aon fháid aimsire gan titim as a chéile. Bhí a dhá chluais amach trína sheanahata, agus leath a chlaíomh nochtaithe ar an dtaobh thiar de, agus an t-uisce ag plobarnaigh ’na sheanabhrógaibh gach aon chiscéim dá dtugadh sé.

Bhí uasal agus íseal ó sna dúthaíbh mórthímpall bailithe ar an oireachtas. Do bhuail an stracaire isteach ’na measc agus suas, ceann ar aghaidh, chun na háite ’na raibh Seán mac an Iarla ’na sheasamh.

“Go mbeannaídh Dia dhuit, a Sheáin mhic an Iarla!” ar seisean, chómh luath agus ’ bhí sé i láthair an duine uasail.

“Go mbeannaídh Dia dhuitse, leis! arsa Seán mac an Iarla, agus iúnadh air nuair a chonaic sé an stracaire ag déanamh air. “Agus cár ghabhais chúinn?” ar seisean.

“I dtigh Uí Dhónaill i mBéal Átha Seannaigh a chodlas aréir, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire, “agus i nDún Monaidh, i mbaile Rí Alban, a chodlas an oíche roimhe sin, agus anso agatsa do chodlód anocht.”

“Cad is ainm duit?” arsa Seán mac an Iarla.

“Dubhartán Ó Dubhartáin m’ainm agus mo shloinne, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire.

“Tá slí fhada idir an áit seo agus Béal Átha Seannaigh, a Dhubhartáin,” arsa Seán mac an Iarla, “cad iad na bóithre a ghabhais ag teacht duit?”

“Thánag, a Sheáin,” ar seisean, “ó Eas Ruaidh mhic Bhodhairn, ar a dtugtar Sligeach anois go Céis chaomhálainn Chorainn, ó Chéis Chorainn go Corrshliabh na Seaghsa, as san go Magh Luirg an Daghdha, as san go taobh Chruachna Muíghe hAoi, as san go Magh Mucraimhe, as san go Críochaibh Uí Chonaill Ghabhra, agus ag triall ortsa anso, a Sheáin mhic an Iarla.”

“Is iúntach an chuaird atá tabhairtha agat, a Dhubhartáin! arsa Seán mac an Iarla. “Ní foláir nú tá tuirse ort anois. Tugtar bia agus deoch agus cóir chodlata don Dubhartán bocht so,” ar seisean.

Do rugadh Dubhartán isteach agus do tugadh a dhóthain le n-ithe agus le n-ól do. D’ith sé agus d’ól sé an oiread san go ndúradar na seirbhísigh gur dhócha nár ith agus nár ól sé a dhóthain níorbh fhios cathain roimis sin. Ansan do taispeánadh seómra codlata dho agus leaba mhaith, agus chuaigh sé a chodladh. Ní túisce a bhí sé ar a leabaidh ná mar a bhí sé ’na chodladh go sámh agus ag sranntarnaigh go tréan. Bhí an tsranntarnach aige á dhéanamh chómh tréan san gur hairíodh ins gach aon pháirt den rítheaghlach í agus gur chuir sí iúnadh ar gach éinne. Bhí cuideachta uasal cruinnithe chun dínnéir ag Seán mac an Iarla. An fhaid a bhí an dínnéar ar siúl bhí an tsranntarnach ar siúl agus bhí sí chómh láidir sin gurbh ar éigin ’ fhéadadh daoine aon fhuaim eile ’ dh’aireachtaint ach í. Dheineadh an chuideachta iarracht ar chainnt a dhéanamh dá hainneóin i dtreó ná tabharfadh Seán fé ndeara gur chuireadar aon tsuím inti. Ach do choisceadh sí an chainnt dá n-ainneóin, agus ansan, nuair a stadadh an chainnt agus ’ bhíodh an tigh go léir fúithi féin aici do shéideadh sí amach ’na lán-neart i dtreó gur dhó’ le duine gurbh é an rítheaghlach féin a bhí ag sranntarnaigh.

Fé dheireadh d’fhéach an chuideachta ar a chéile agus ar Sheán.

“Tá Dubhartán Ó Dubhartáin dhá thachtadh!” arsa Seán. “Is feárr dul agus é ’ dhúiseacht as an gcodladh san atá air. Codladh mínádúrtha is ea an codladh san.”

D’imigh beirt de sna seirbhísigh chun é ’ dhúiseacht. Bhíodar ag glaoch air agus dhá chroitheadh ach níorbh fhéidir é ’ dhúiseacht. Dá dhéine do chroithidís é agus dá aoirde do ghlaeidís air is ea ba thruime agus ba chuthaí a dheineadh sé an tsanntarnach. Thógadar eatarthu é agus do rugadar leó é go dtí seómra a bhí sa pháirt den rítheaghlach ba shia ón gcuideachtain, agus d’fhágadar ansan é. Ansan d’fhéad an chuideachta a gcuid bídh agus dí do chaitheamh ar a suaimhneas, gan a dh’aireachtaint ach búirth anois agus arís ó shróin an stracaire.

Níor stad an tsranntarnach go dtí go raibh an ghrian ag éirí ar maidin amáireach a bhí chúinn. Níor stad sí an uair sin féin. Tháinig Seán mac an Iarla chun an tseómra ’na raibh an stracaire.

“A Dhubhartáin Uí Dhubhartáin!” ar seisean. D’oscail Dubhartán a dhá shuil. “Ó,” ar seisean, “a Sheáin mhic an Iarla, an tu san?”

“Is me, a Dhubhartáin,” arsa Seán, “tá súil agam gur chodlais go maith agus go bhfuil do thuirse curtha dhíot agat.”

“Níor chodlas go maith, a Sheáin,” arsan stracaire. “Ní hea,” ar seisean, “ach níor chodlas in aon chor. Níor dhúnas mo shúile i gcaitheamh na hoíche. Nuair a bhí an lá ag teacht ó chiainibh do thit múisiún beag codlata orm, agus ansan do ghlaeis-se orm agus do loitis an múisiún beag san féin orm, a Sheáin mhic an Iarla.”

“Do chodlais i ganfhios duit féin, a Dhubhartáin,” arsa Seán mac an Iarla.

“Is mór an iúnadh liom,” arsan stracaire, “duine uasal léannta mar thusa dhá rá san, a Sheán mhic an Iarla. Níor airíos féin riamh fós gur dhein éinne codladh ach i ganfhios do féin. Ar airís-se?”

“D’airíos tusa ag sranntarnaigh go tréan, a Dhubhartáin, i gcaitheamh na hoíche aréir, agus más i ganfhios duit féin a dheinis an tsranntarnach san ní baol gur i ganfhios dómhsa a dheinis í, ná i ganfhios d’aon duine eile dá raibh fé dhíon an tí seo, a Dhubhartáin. Níor chodail aon duine sa tigh seo aon néal aréir. Dheinis-se codladh thar ár gceann go léir.”

Lena línn sin tháinig srann uathásach as an stracaire. Bhí sé ’na shámhchodladh arís. D’imigh Seán mac an Iarla agus d’fhág sé ansan é. Ar ball nuair a bhí sé ag déanamh amach ar uair a dhó dhéag sa lá do bhuail an stracaire amach agus bhain sé searradh as féin. Chonacar na seirbhísigh é.

“Ó,” ar siad, “seo chúinn an trúmpallán mór!” Do rith an stracaire chúthu. Do rug sé ar dhuine acu agus thug sé cor coise dho agus chuir sé ar chleite an droma ar an mbán é. Do rug sé ar dhuine eile acu agus dhein sé an cleas céanna leis. Sara raibh ’ fhios acu i gceart cad a bhí ar siúl aige bhí mórsheisear acu sínte ar lár aige, agus gan uain ag an gcéad duine ar éirí sara raibh an duin deirineach sínte.

“Cad ’tá ag éiri dhuit, a bhithiúnaigh ghioblaigh!” arsan chéad duine acu chómh luath agus ’ tháinig a chainnt do tar éis na preibe a baineadh as.

“Sibhse na daoine do tháinig im thímpallsa aréir,” ar seisean, “am tharrac ó áit go háit ar fuid an tí seo, mar chaitheamh aimsire dhíbh féin, nuair a bhí codladh agus tuirse mo dhóthain orm. Tá mo chodladh déanta agam anois agus mo thuirse curtha dhíom agam, agus an spórt a bhí agaibhse ormsa aréir ní mór dom cuid de bheith agamsa oraibhse inniu.”

Siúd chúthu arís é chun go mbainfeadh sé, dar leis, treascairt eile an duine astu sa tímpall. Do ritheadar uaidh. Do rith sé ’na ndiaidh. Thugadar aghaidh ar dhoras an tí mhóir mar a raibh ’ fhios acu Seán mac an Iarla do bheith. Cé ’ bhuailfeadh chúthu an doras amach ach Seán mac an Iarla féin. “Ó, a rí,” ar siad, “duine buile is ea an stracaire seo! Maróidh sé sinn go léir!”

“Ná creid iad, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire. “Áilteóirí iad san a tháinig aréir chun an tseómra ’nar órdaís-se me ’ chur chun codlata. Do thógadar eatarthu me nuair a bhíos im chodladh agus tuirse orm, agus thugadar an oíche am tharrac ó áit go háit agus ó sheómra go seómra ar fuaid an tí.”

Lena línn sin tháinig duine uasal amach an doras. Duine uasal ab ea é a bhí tar éis teacht an mhaidean san a Béal Átha Seannaigh. Chómh luath agus ’ chonaic sé an stracaire dhruid sé anall agus thug sé cogar do Sheán mhac an Iarla.

“Airím,” arsa Seán mac an Iarla leis an stracaire, “dá olcas cóir éadaigh atá ortsa gur duine árdléannta thu agus go bhfuil eólas thar bárr agat ar an uile shaghas ceóil.”

“Airíonn tú an fhírinne sa mhéid sin, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire. “Duine róléannta is ea me, nuair is maith liom féin é, agus i dtaobh an cheóil, bím lá bínn agus bím lá searbh.”

“Trialfaimíd sa léannar dtúis tu,” arsa Seán mac an Iarla, agus thug sé leis amach leabhar. “Seo, a Dhubhartáin.” ar seisean, “léigh rud éigin dúinn as san.”

“Taispeáin dom an rud ba mhaith leat do léifinn, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire.

Do rug Seán ar an leabhar agus d’oscail sé áit áirithe ann. “Seo, a Dhubhartáin,” ar seisean, “léigh an áit sin dúinn.” Do rug Dubhartán ar an leabhar agus nuair a chuir sé féna shúilibh é chun a léite, is amhlaidh a bhí an leabhar taobh síos suas aige.

“Ó foth foth!” arsa Seán mac an Iarla, “tá an leabhar taobh síos suas agat, a dhuine! Ní fhéadfadh éinne leabhar do lé’ an fhaid a bheadh an leabhar ar an ndul san aige.”

“Ar an ndul san is ea ’ thugais dom an leabhar, a Sheáin mhic an Iarla,” arsan stracaire, “agus thuigeas, ní nárbh iúnadh, gur mar sin a theastaigh uait me dhá lé’. Seo,” ar seisean, “cuir an leabhar ar an ndul ar ar ceart é ’ bheith chun a léite.”

Do rug Seán mac an Iarla ar an leabhar agus d’iompaigh sé a bhun síos agus a bhárr suas, agus ansan bhí greim aige ar dhá thaobh ar an leabhar agus thug sé aghaidh an leabhair ar an stracaire. Chuir an stracaire a lámh chlé i mbarra an leabhair agus a lámh dheas ’na bhun agus do ghlac sé an leabhar ó Sheán ar an gcuma san. Ansan, gan na lámha ’ dh’aistriú, chuir sé an leabhar suas féna shúilibh chun a léite. Do sceart a raibh ann ar gháirí, mar is amhlaibh a bhí barra an leabhair i leith a thaoibh chlé féin aige agus bun an leabhair i leith a thaoibh dheis & línteacha an leabhair ’na seasamh ar a aghaidh amach. Do stad sé ag féachaint ar an leabhar agus ag éisteach le Seán ag gáirí. D’fhéach sé chómh hamadánta san nár fhéad Seán mac an Iarla gan dul in sna trithíbh dúbha ag féachaint air. Dá dhéine a tháinig na trithíbh gáire ar Sheán is ea ba bhaoithe agus ba bhreallánta ’ d’fhéach an stracaire agus é ag cur na súl tríd an leabhar a d’iarraidh é ’ lé’, mar dhea. Fé dheireadh do labhair Seán.

“Is dócha gurb amhlaidh mar atá an scéal agat, a Dhubhartáin,” ar seisean, “nuair a bhíonn an leabhar agat ná bíonn an léann agat.”

“Ní hamhlaidh in aon chor, a Sheáin,” arsan stracaire.

“Tá idir leabhar agus léann agam. Táid siad araon anso agam. Ach ní dúraís fós liom tosnú, a rí,” ar seisean.

“Ambasa ach comáin leat, a Dhubhartáin,” arsa Seán. “Ní deirim ná go mbeidh an gníomh a dhéanfair ar lé’ an leabhair chómh háiféiseach leis an ngreim atá agat ar an leabhar.”

“Níl aon ghreim agam ar an leabhar, a rí,” arsan stracaire, “ach an greim a thugais-se dhom air.”

“Comáin leat agus léigh rud éigin dúinn,” arsa Seán. “Ní hé mo thuairim go léifir an leabhar,” ar seisean.

Thosnaigh an stracaire ar an leabhar do lé’. Thosnaíodh sé thíos ag bun gach líne & do léadh sé suas go barra é. Do léigh sé go hálainn agus thug sé an chainnt leis go bínn & go blasta, agus thug sé brí na cainnte leis níba chruinne agus níba chiallmhaire ná mar a dhein aon léitheóir dár airigh Seán riamh roimhe sin.

D’imigh na trithí gáirí de Sheán chómh luath agus d’airigh sé an chéad stair den léitheóireacht.

Foclóirín

áiféiseach: “ridiculous”.
áilteóir: “practical joker, trickster”, pronounced /’ɑ:lʹho:rʹ/ according to IWM, with unexpected stress on the first syllable.
ambasa: “indeed”, or ambaiste in the CO. Literally “by my hands”. Pronounced /əm’bɑsə/.
bán: “grassland, green, meadow”.
bárr: “top”, with barraí in the plural here, where the CO has barra. Barra is also found here as a variant singular of bárr, and is more commonly used in the dative. Pronounced /bɑ:r, bɑrə/. It is worth nothing that bárr is often used with i: i mbarra an leabhair, “at the top of the book”; ar bhárr also occurs, but in the meaning on “right on top of something”.
breallánta: “silly”.
buaircín: “toggle-pin”, a piece of wood securing something through a loop.
buile: “madness, rage”. Duine buile, “madman”.
búirth: “roar, bellow”, or búir in the CO. Pronounced /bu:rʹh/.
caomhálainn: “beautiful, fair”.
Céis Chorainn: Keshcorran, a mountain in Co. Sligo. The meaning of this placename is obscure.
ciscéim: “footstep”, or coiscéim in the CO.
cleite an droma: “the broad of the back”. This is given thus in the notes to the early edition, but not found in any dictionaries. Slat an droma could have been expected. Cleite means “feather”, but possibly some influence from cleith, “rod, staff” is shown here?
comáinim, comáint: “to drive, drive forward”, or tiomáinim, tiomáint in the CO. Comáint leat, “to press on, proceed, continue on”.
cor: “throw, cast”. Cor coise a thabhairt do dhuine, “to trip someone up”.
córda: “cord, string”.
Corrshliabh na Seaghsa: the Curlew mountains, Co. Roscommon/Sligo. Literally “the pointed/curved mountain of Segais (a well of wisdom)”. Found as Coirrshliabh in the original; corr is normally corra in WM Irish, but the original spelling may indicate this is the not the case here.
Cruacháin Mhuíghe hAoi: Rathcroghan, Co. Roscommon. The signification of this name is unclear. Also why is it cruachna in the genitive?
cuaird: “visit”, or cuairt in the CO.
cuthaigh: “angry, furious”. Note this word is really the genitive of cuthach, “fury, rage”, but functions as a fully adjective, with its own comparative, as here, cuthaí.
dínnéar: “dinner”. Dinnéar in the CO. Pronounced /dʹi:’ŋʹe:r/.
duine: “person”. An duine, “each of them”. Treascairt eile an duine, “another fall or knocking down for each of them”.
dul: “condition, state”. Ar an ndul san, “like that, in that way”.
dún: “fort, residence”, with dúna in the genitive here, where the CO has dúin.
Eas Ruaidh mhic Bhodhairn: the waterfalls of Assaroe at Ballyshannon, Co. Donegal. The location where a legendary high king of Ireland, Aodh Rua (Áed Rúad, son of Badarn), slipped and drowned.
éirím, éirí: “to rise”. Cad ’tá ag éirí dhuit? “what is coming over you?”
faiche: “lawn, green”.
fé ndeár, fé ndeara: thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in the CO. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeara also has a additional meaning, “cause, reason”.
foth: an exclamation expressing disgust.
gáire: “a laugh”, gáir in the CO.
gáirí: a verbal noun meaning “laughing, laughter”, gáire in the CO.
leaba: “bed”, more generally leabaidh in WM Irish.
líne: “line”, with línteacha here in the plural, where the CO has línte. Línte is found in the plural in PUL’s Niamh.
Magh Luirg an Daghdha: Moylurg, Co. Roscommon. Literally, “the plain of the track of the Dagda (an ancient Irish god)”. Daghdha is probably pronounced /dəi/.
Magh Mucraimhe: a plain near Athenry, Co. Galway.
múisiún: “drowsiness”, or múiseam in the CO.
néal: “cloud”, but also “a wink of sleep” (néal codlata).
ó chiainibh: “just now”, or ó chianaibh in the CO. Pronounced with a slender n in WM Irish, /o: xʹiənʹivʹ/.
plobarnach: “bubbling, gurgling, splashing”. Spelt plubarnach in the original. As a feminine verbal noun ending in -ach, this becomes ag plobarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
sámhchodladh: “sound sleep”.
searraim, searradh: “to stretch”. Searradh a bhaint asat féin, “to stretch yourself, loosen up”.
Sligeach: Sligo, literally “shells; a place abounding in shells”.
srann: “snore, snort”.
sranntarnach: “snoring, act of snoring”, or srannfach in the CO. As a feminine verbal noun ending in -ach, this becomes ag sranntarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
stair: “paragraph; a passage from a book”. Note that PUL was adamant that stair did not mean “history”; he claimed in Notes on Irish Words and Usages that seanchas was the correct word for “history”. However, many usages of seanchas show it to mean a folkstory/storytelling type of history, and stair was accepted by Dinneen in his dictionary in the meaning of history.
súil: “eye”. Na súile a chur trí rud, “to look at something intently”.
suím: “sum, amount; interest”, suim. Pronounced /si:mʹ/.
tachtaim, tachtadh: “to choke”.
taobh: “side”. Go taobh, probably “past; to the other side of”. Taobh síos suas, “upside down”.
treascraím, treascairt: “to knock down”. Treascairt a bhaint as duine, “to knock someone down”. The verb is possibly treascraim in the first conjugation in WM Irish, but no attestation found yet.
trialaim, triail: “to try, test”, triailim, triail in the Standard. Note that in the CO the distinction between triailim, “I try, test” and triallaim, “I journey” is a little clearer than in WM Irish, where the slender l of the former appears only in the third person preterite, the singular imperative, the verbal noun and the autonomous forms in  tí and  fí. The forms of this verb are: present, trialaim, trialann sé; preterite, do thrialas, do thriail sé; future, trialfad, trialfaidh sé; imperative and verbal noun: triail; past participle, trialta. Trialaim is pronounced /trʹialimʹ/ and triallaim /trʹiəlimʹ/, and so the quality of the diphthong provides a point of distinction; this was particularly the case in the speech of older speakers who maintained a regular distinction between /ia/ and /iə/ where younger speakers may have only /iə/.
tritheamh: “a fit of laughter”. In sna trithíbh dúbha, “in convulsions of laughter”.
trúmpallán: “beetle”, or priompallán in the CO. Trompalán is given as “droning beetle” in Dinneen’s dictionary, possibly explaning the reference here to a snoring person.
tugaim, tabhairt: “to give”. Tabhairt leat, “to mentally grasp, to catch, to get something”: thug sé an chainnt leis, “he pronounced the words”; thug sé brí na cainnte leis, “he brought out the meaning of the words”. Thug sé leis amach leabhar, “he brought out a book”.
uathásach: “terrible”, or uafásach in the CO.
Uíbh Chonaill Ghabra:a territory in Co. Limerick ruled by a sept of the Uí Fighinti.

Nóta

Go ndúradar na seirbhísigh: this is a rare example of the government of a past-tense verb conjugated in the plural by a plural noun subject. See also chuadar na fir in PUL’s Séadna (see the first line here).

An Teagasc Críostaí, Ceachtanna a 7 agus a 8

Ceacht a seacht.

C. Cá mhéid príomhpheaca maraitheach ann?
F. Seacht cínn. Cínnpheacaí maraitheacha a tugtar orthu.
C. Abair na cínnpheacaí maraitheacha.
F. Uabhar, sainnt, drúis, craos, fearg, formad, agus leisce.
C. Cá dtéid an dream a gheibheann bás i bpeaca mharaitheach?
F. Go hifreann ar feadh na síoraíochta.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh orainn a dhéanamh má thitimíd i bpeaca mharaitheach?
F. Aithreachas fírinneach do ghlacadh agus dul chun faoistine.
C. Cad fá go raghaimís chun faoistine nuair a thitimíd i bpeaca mharaitheach?
F. Chun caradais Dé d’fháil thar n-ais agus chun bheith de ghnáth ollamh i gcómhair an bháis.
C. Cad ba chóir dúinn a dhéanamh tar éis titim i bpeaca mharaitheach dúinn dá mba ná féadfaimís dul chun faoistine?
F. Ba chóir dúinn aithreachas rómhór do ghlacadh trí thitim ann, agus an chuid is lú dhe, dúil do bheith againn dul chun faoistine.

Ceacht a hocht.

C. In éaghmais an pheaca do sheachaint cad é an mhaith atá ceangailte orainn do dhéanamh?
F. Ní foláir dúinn aitheanta Dé agus na hÉaglaise do chimeád.
C. Abair na deich n-aitheanta.
F.

  1. Creid, a mhic, i nDia go glan.
  2. Ná tabhair ainm Dé gan abhar.
  3. Cimeád an tsaoire mar is cóir.
  4. Tabhair dot athair agus dod mháthair onóir.
  5. Ná dein marú.
  6. Ná dein drúis.
  7. Ná dein guid.
  8. Ná tabhair fianaise bhréige in aon chúis.
  9. Ná sanntaigh fear ná bean nách leat féin.
  10. Ná sanntaigh clann duine eile, ná a áirnéis.

C. Cad a cheanglann an chéad aithne orainn?
F. Aon Dia amháin d’adhradh.
C. Conas ’ dheinimíd Dia d’adhradh?
F. Le creideamh, le dóchas, le carthanacht, le húrnaithe, agus le híbirt.
C. Cad é an ní creideamh?
F. Subháilce diaga lena gcreidimíd go daingean gach ar mhúin Dia dhúinn.
C. Cad é an ní dóchas?
F. Subháilce diaga a bheir muinín agus dóchas láidir dúinn go bhfaigheam an bheatha shíoraí agus na meóin atá riachtanach chun a saothraithe.
C. Cad é an ní carthanacht?
F. Subháilce diaga a bheir dúinn Dia do ghráú os cionn gach uile ní, ar a shon féin, agus ár gcómharsa mar sinn féin ar son Dé.
C. Cé hé ár gcómharsa?
F. An chine daonna uile, ár namhaid chómh maith lenár gcáirdibh, agus iad san mar an gcéanna nách dár gcreideamh.
C. An gcoisceann an aithne seo orainn onóir do thabhairt do na naoimh?
F. Ní choisceann, de bhrí ná tugaimíd dóibh an árdonóir is dual do Dhia féin.
C. Cad é an difríocht atá idir an onóir a thugaimíd do na naoimh agus an onóir a thugaimíd do Dhia féin?
F. Is ar Dhia amháin d’iarraimíd grásta agus trócaire, agus ní iarraimíd ar na naoimh ach a n-ímpí do chur suas chun Dé ar ár son.
C. Cad fá go n-onóraimíd taise na naomh?
F. De bhrí go rabhadar a gcuirp roime seo ’na dteampaill ag an Sprid Naomh agus go bhfaighid siad onóir an lá déanach ar neamh.
C. Cad fá go leogaimíd sinn féin ar ár nglúinibh i láthair íomhátha Chríost agus na naomh?
F. Chun ár smaointe do shocrú ar fhlaitheas Dé agus chun sinn féin do spreagadh chun aithris do dhéanamh ar na naoimh ’nár mbeatha.

Foclóirín

áirnéis: “chattels, goods, moveable property”, a collective word used in the singular.
aithne: “commandment”, with aitheanta in the plural. Pronounced /ahinʹi, ɑhəntə/.
aithreachas: “repentance”. Aithreachas a ghlacadh trí rud, “to repent on account of something”; see under glacaim in Dinneen’s dictionary. Pronounced /ahirʹəxəs/.
aithris: “imitation”.
bheirim, tabhairt: “to give”, or tugaim, tabhairt in the CO. Note that bheirim, in itself derived from the historic form do-bheirim, is the absolute form corresponding to the dependent form tugaim, but is generally replaced by tugaim in WM Irish. Bheir, a present-tense form corresponding to tugann.
ceannpheaca: “capital sin”, or cínnpheacaí in the plural.
craos: “gluttony”.
drúis: “lust”.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
íomhá: “image”. The plural used here is íomhátha; íomhánna is found in PUL’s Niamh. Íomhánna is found in the plural in the CO.
leisce: “laziness”.
ollamh: “ready”, or ullamh in the CO.
onóraim, onóradh: “to honour”, or onóraím, onórú in the CO.
sainnt: “greed.” The traditional double n, not used in the CO, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/.
sanntaím, sanntú: “to covet”, or santaím, santú in the CO. The traditional nn is retained here to show the diphthong, /saun’ti:mʹ, saun’tu:/.
saoire: “freedom; day of rest”. An tsaoire a chimeád, “to keep the sabbath”.
spreagaim, spreagadh: “to incite, inspire”. PUL usually used spriocaim, spriocadh (which means “to fix, arrange” in the CO) in the sense of “inspire”, reserving spreagadh for usages such as ceól a spreagadh suas, “to play music with verve”. However, counterexamples exist, as is seen here.
taise: “relics”. Taise na naomh, “relics of the saints”. This would be plural, taisí, in the CO, but PUL seems to use the singular in a collective sense.
uabhar: “pride”, pronounced /uər/.

Nótaí

Seacht cínn: note that eclipsis is often omitted in PUL’s works after seacht, ocht and deich, as the /t/ or /h/ at the end of these numerals would tend to devoice the first consonant of the following noun.

De bhrí go rabhadar a gcuirp: this is a rare example of the governance of a past-tense verb conjugated in the plural by a plural noun subject. See also chuadar na fir in PUL’s Séadna.

Caibideal a Dó

Caibideal a Dó.

Ceól agus Dothíos agus Iomrall Buailte

Ní raibh sé i bhfad ag seinnt nuair a bhí aghaidh an uile dhuine dá raibh sa chuideachtain air, agus a súile ar dianleathadh, agus béal gach duine acu ar leathoscailt, agus a gcínn caite siar acu, agus cúinní a mbéal tarraicthe i dtreó a gcluas acu, fé mar ba mhian leó an t-aoibhneas ceóil do ghlacadh isteach ’na súilibh agus isteach ’na mbéalaibh, i dteannta bheith dhá ghlacadh isteach ’na gcluasaibh. Ba neamhní ar fad leó as san amach ceoca éadach stracaithe nú éadach slán a bhí ar fhear na cláirsí, ná cad é an dath a bhí ar na preabánaibh. Chonaic seisean an t-athrú a bhí tagaithe orthu go léir, agus ar Ó Dónaill féin chómh maith leis an gcuid eile acu. Bhí sé ag féachaint orthu ó dhuine go duine acu, agus magadh ’na shúilibh, agus fé mar a chíodh sé an iúnadh ag méadú orthu bhaineadh sé casadh as an gceól a thaispeánadh dóibh ná raibh ach neamhí ’na raibh aige á dhéanamh seochas a bhféadfadh sé a dhéanamh dá mb’ mhaith leis é.

Fé dheireadh do stad sé. Thairrig gach éinne anál.

“Seo, a Chonáin,” ar seisean ag síneadh na cláirsí chun an té a thug do í, “ní maith an chláirseach í, ach dá olcas í, is feárr í ná an té gur leis í.”

“Dar fia, a óglaigh,” arsa Conán, “ach do bhainis-se ceól aisti ná raibh ’ fhios agamsa ’ bheith inti in aon chor!”

“Do bhain,” arsa Ó Dónaill, “agus níor bheag de radharc bheith ag faire ar a mhéireannaibh an fhaid a bhí sé ag baint an cheóil sin aisti. Ba dhó’ le duine nách méireanna fola agus feóla a bhí ag déanamh na hoibre in aon chor. Ní fheaca riamh a leithéid de ghluaiseacht, ná a leithéid de theangmháil méar agus téad le haicillíocht agus le cruinneas. Agus ansan, an ceól a bhaineadar na méireanna san as na téadaibh, ní fhéadfainn aon cheól do chur i gcúmparáid leis ach an ceól sí úd a hairítí fadó in sna cnucaibh, agus sa talamh fúinn thíos nuair ’ bhíodh Fearghas Fionn mac Forgaí dhá sheinnt; nú Seannach Ó Doirge; nú Suanach mac Seannaigh, nú Scológ Chille Chuillinn; nú Bacach Binne Boirche; ós iad a chuireadh daoine chun codlata agus a chuireadh daoine ag gáirí, agus daoine eile ag gol. Go deimhin is duine róbhínn tu, a óglaigh,” ar seisean.

“Bím lá bínn agus bím lá searbh,” arsan stracaire.

Do labhair Ó Dónaill leis an bhfear friothála. Tháinig an fear friothála anuas chun na háite ’na raibh an stracaire.

“Éirigh suas, a óglaigh,” arsan fear friothála, “agus suigh thuas in aice Uí Dhónaill, tá cuireadh aige á thabhairt duit.”

“Ní raghad!” arsan stracaire. “Níl an t-éadach so atá ormsa oiriúnach don áit sin thuas. Má tá aon ní fónta acu le tabhairt dom curtar chúm anuas anso é más mian leó.”

D’imigh an fear friothála suas agus níorbh fhada go dtáinig sé anuas arís agus culaith bhreá éadaigh aige ar a chuislinn, ionar agus atán agus léine riabhach agus matal, agus an chuid eile de sna nithibh a bhain le culaith mhaith uasal éadaigh.

“Seo, a óglaigh,” arsan fear friothála, “culaith éadaigh a chuir Ó Dónaill anuas chút. Cuir umat í agus ansan ní miste dhuit dul suas agus suí in aice Uí Dhónaill, agus na huaisle eile, gur mó is fiú go mór an ceól a dheinis don chuideachtain ná fiche culaith éadaigh dá saghas so. Cuir umat í.”

“Ní chuirfead!” arsan stracaire. “Ní thaithneann sí in aon chor liom!”

“Cad é an locht atá agat uirthi?” arsan fear friothála.

“Dá gcuirinnse umam an chulaith sin,” arsan stracaire, “bheadh an duine maith san, Ó Dónaill, dhá maíomh orm go deó. Ní thabharfad an maíomh san le déanamh do. Cimeádfad na preabáin seo. Is liom féin iad. Ní baol go ndéarfaidh Ó Dónaill choíche gurb é féin a thug dom iad. Is feárr liom na preabáin agus bheith anso ná an chulaith sin agus bheith thuas.”

Nuair ’ airigh an chuideachta an tarcaisne sin ag an stracaire á thabhairt d’Ó Dónaill tháinig fearg orthu. Do chrom fir armtha ar theacht isteach sa halla mór. Chonaic an stracaire iad ag teacht isteach. Bhí gallóglach de mhuíntir Uí Dhónaill ’na sheasamh in aice an stracaire agus a thua ar a ghualainn aige.

“Cad chuige na fir armtha san?” arsan stracaire. D’airigh Ó Dónaill an cheist.

“Chun tusa ’ chimeád,” arsa Ó Dónaill.

Chuir an stracaire sceartadh gáire as. “Chun mise ’ chimeád!” ar seisean. “Dá mbeadh oiread eile fear agat, a Uí Dhónaill,” ar seisean, “ní fhéadfadh a ndícheall mise ’ chimeád. Cimeád me má fhéadann tú é. Táim anso anois. Is gan do chead a thánag, agus imeód gan do chead. Ní hanso do chaithfead mo phroínn amáireach.”

“Agus canad eile, a dhe?” arsa Ó Dónaill.

“I gCnuc Áine,” arsan stracaire, “dhá mhíle dhéag amach ó Luimneach, mar a bhfuil fear maith eile, .i. Seán mac an Iarla, i nDeasmhúmhain.”

“Dar so ’s súd!” arsan gallóglach a bhí ’na sheasamh in aice an stracaire, “má fheicim thu ag cur chun imithe déanfad meall cómhchruínn ar an úrlár díot le buille de chúl na tua so!”

“Fan leat go fóill, a mhic,” arsan stracaire.

Do rug an stracaire arís ar an gcláirsigh agus chrom sé ar sheinnt. Dá fheabhas agus dá bhinneacht agus dá shíreachtaí an chéad cheól a sheinn sé, do bhuaigh an tarna ceól san air i bhfeabhas agus i mbinneas agus i síreachtaí. Deir an seanaleabhar ná raibh teinneas riamh, ná galar, ná breóiteacht, ar aon duine, ná cuirfeadh an “ceól fíorbhínn sí” sin codladh agus suan agus sáimhe air, in ainneóin an teinnis.

Nuair a bhí sé tamall ag seinnt bhí an fhearg soir siar agus an chuideachta go léir fé mar a bheidís fé dhraíocht aige, agus iad mar ’ bheidís gan anam gan anál, ag éisteacht leis an gceól.

Do stad sé agus d’fhéach sé ’na thímpall orthu:—

“A Uí Dhónaill,” ar seisean, “an amhlaidh nách cuímhin leat go nduart go n-imeóinn uaibh? An amhlaidh a chuir an ceól as úr gceann é?”

“Níor chuir,” arsa Ó Dónaill, “tá drochiúntaoibh agam asat. Tá feall éigin beartaithe agat a dhéanamh orainn. Dá bhrí sin ní fhágfair an áit seo anocht, ná amáireach go mbeidh ’ fhios againn cé hé thu agus cad a thug chúinn anso thu. In éaghmais na bhfear armtha san a chíonn tú id thímpall tá fiche marcach, in arm ’s in éide ar gach taobh den doras lasmu’. Má théann tú uathu so ní baol go raghair uathu súd. Tá sé chómh maith agat do shuaimhneas a cheapadh.”

“Tá go maith!” arsan stracaire. “Seo ag imeacht uaibh me, a ghallóglacha Uí Dhónaill. Cimeádaidh me! Cimeádaidh me!”

Bhí sé ag rínce anonn ’s anall agus an chainnt sin ar siúl aige. Do thóg an gallóglach úd a labhair, thóg sé a thua agus bhuail sé buille dá cúl sa cheann ar an stracaire, dar leis, ach le neart lúfaireachta do chuaigh an stracaire ar scáth gallóglaigh eile i dtreó gurbh é an gallóglach eile do fuair an bhuille. Thit sé sin marbh ar an úrlár. Chonaic an chuid eile an bhuille. Mheasadar gur dáiríribh a buaileadh é. Bhuaileadar, dar leó, an fear a bhuail é. Níorbh é a thit ach fear eile. Láithreach bonn bhíodar go léir ag bualadh agus ag leagadh a chéile agus níor buaileadh aon bhuille nár mheas an té a bhuail é gur i gceann an stracaire a bhí an bhuille aige á cur! An fhaid a bhí an chaismirt agus na hiomraill go léir ar siúl agus na fir ag titim chómh tiubh, bhí an stracaire anso agus ansúd, ins gach aon chúinne, ’na measc, agus é ag gáirí agus ag dranntú, agus, “Cimeádaidh me! Cimeádaidh me!” aige, in aghaidh gach iomraill dá ndeinidís.

Bhí Ó Dónaill agus an chuideachta ’na seasamh, cuid acu in áirde ar na bórdaibh, agus iad ag liúirigh ar na fearaibh armtha stad, ach dá mhéid a liúdar is ea ba mhó do ghéaraigh ar an gcaismirt go dtí go raibh na fir armtha go léir sínte marbh ar an úrlár!

Nuair ’ airigh na marcaigh a bhí ar gach taobh den doras, lasmu’, an t-éirleach ar siúl istigh do bhrúdar chun an dorais. Níorbh fhada go bhfeacadar, dar leó, an stracaire ag rith chúthu amach. Thug gach duine den triúr ba ghiorra dho iarracht ar é ’ bhualadh le buille ’ chlaíomh*. Is amhlaidh a bhuail gach duine den triúr buille ’ chlaíomh ar dhuine eile acu, i dtreó gur thit an triúr i mbéal an dorais agus gur imigh na trí capaill fén machaire.

Siúd i ndiaidh na gcapall na marcaigh eile, chun beirthe orthu, agus ní raibh éinne ag an ndoras. Tháinig an stracaire amach. Ní raibh beó ag an ndoras ach an dóirseóir. Thairrig an stracaire luibh as a phóca. “Seo,” ar seisean leis an ndóirseóir, “glac an luibh sin uaim.” Do ghlac. “Féach,” ar seisean, “nílid na fir seo marbh in aon chor. Is fé dhraíocht atáid siad. Imighse anois ag triall ar Ó Dónaill & abair leis ceathrú d’fhearann saor agus fiche bó a thabhairt duit agus go n-athbheófair iad. Nuair a bheidh an talamh tabhartha dhuit ag Ó Dónaill tair anso agus cimil an luibh sin de charball uachtarach gach fir agus éireóid siad beó chút agus beidh Ó Dónall baoch díot. Mura ndeininnse an méid sin duitse anois do chrochfadh Ó Dónaill tu amáireach mar gheall ar mise do dhul isteach i ganfhios duit anocht.”

D’fhéach an dóirseóir ar an luibh. Ansan do thóg sé a shúile chun féachaint arís ar an stracaire. Bhí an stracaire imithe.

Bhí eagla a dhóthain ar an ndóirseóir go gcrochfí é mar gheall ar an stracaire do dhul isteach i ganfhios do. D’imigh sé láithreach ag triall ar Ó Dónaill agus d’innis sé do cad ’duairt an stracaire, agus conas d’imigh sé as a radharc nuair a bhí an chainnt ráite aige.

“Tá sé chómh maith agat triail a bhaint as an luibh,” arsa Ó Dónaill, “ach má tá aon mhaith inti ní dhéanfaidh sí an mhaith gan an coinníoll do chómhlíonadh. Geóbhair an talamh.”

Do chimil an dóirseóir an luibh de charball gach fir de sna fearaibh a bhí sínte marbh ar an úrlár agus lasmu’ den doras. Do phreab gach fear acu ’na sheasamh chómh luath agus do cimleadh an luibh dá charball.

Fuair an dóirseóir an ceathrú tailimh agus an fiche bó, agus bhí gach ní ’na cheart. Ach dob fhada ’na dhiadh san gur fhéad Ó Dónaill a dhéanamh amach cérbh é an stracaire.

Foclóirín

a dhe: “really, indeed”. The notes to An Cleasaidheindicate that a dhe may be derived from a Dhé!, although the etymology is unclear. Pronounced /ə ‘je/?
aicillíocht: “agility, adroitness”, or aclaíocht in the CO.
amáireach: “tomorrow”, or amárach in the CO.
anál: “breath”, or anáil in the CO, where the historic dative has replaced the nominative. Anál a tharrac, “to take a breath”.
armtha: “armed”, or armáilte in the CO.
atán: “cap”.
athbheóim, athbheóchaint: “to revive, resuscitate”, or athbheoim, athbhuachan in the CO. Possibly pronounced /a’vʹo:mʹ, a’vʹo:xintʹ/.
Bacach Binne Boirche: the beggar of Benburren. This placename may refer to somewhere in the Mourne mountains, known as na Beanna Boirche in Irish.
binneacht: “sweetness, melody”. This word is mentioned in Ó Dónaill’s dictionary as a variant of the preferred form, binneas; binne is another variant. Binne and binneacht tend to be used after : dá bhinne(acht), “however sweet, melodious”.
binneas: “sweetness, melody”.
breóiteacht: “sickness”.
buille: “blow”. This word is used as feminine here, and stated as feminine in the foclóirín to An Cleasaidhe, but is generally masculine and so found in PUL’s other works.
caismirt: “conflict, contention, fray”.
canad: “where?”, or cá háit?, cén áit? in the CO.
carball: “jaw, gum”.
casadh: “twist, turn”. Casadh a bhaint as rud, “to give something a twist or turn”.
ceathrú: a unit of ploughland equivalent to one-quarter of a baile fearainn; “cartron, carucate” in English. Around 120 acres.
cimeádaim, cimeád: “to keep, guard”, but possibly here “to detain, take into custody”? Cimeádaidh me, “catch me if you can!”
cimlim, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in the CO. Cimilt de rud, “to rub against something”. Pronounced /kʹimʹilʹmʹ, kʹimʹiltʹ/.
Cnuc Áine: Knockainey, Co. Limerick.
cnuc: “hill”, or cnoc in the CO.
cómhchruínn: “perfectly round, spherical”.
cuisle: “forearm, wrist; arm”, with cuislinn in the dative.
culaith: “suit of clothes”, pronounced /klih/.
cúmparáid: “comparison”, comparáid. Pronounced /ku:mpə’rɑ:dʹ/.
dáiríribh: “in earnest”, or dáiríre in the CO.
Dar fia!: “by Jove!” Fia means “Lord, God”, but the word was frequently confused with the word fia, meaning “deer”—the former was fiadha and the latter fiadh in the old script—producing the Hiberno Irish form, “by the deer!”
Deasmhúmhain: Desmond or South Munster, an area later divided into Cork and Kerry.
dianleathadh: found in the phrase ar dianleathadh, “wide open”.
dothíos: “inhospitableness, churlishness”.
éaghmais: “absence, lack”, éagmais in the CO, pronounced /iamiʃ/. In éaghmais, “in addition to, besides, other than, as well as”.
éide: “vestments; uniform, armour”. In arm is in éide, “armed and accoutred”.
éirleach: “havoc, slaughter”.
fé: normally “under”, but also “about, round” (see subentry II 1 b in Ó Dónaill’s dictionary). Fén machaire, “off into the field”.
fearann: “land”. Fearann saor, “land held in freehold”.
fiche: “twenty”. This word was traditionally feminine, as shown by its fifth-declension morphology, but an fiche bó here shows that as a collective noun it would be masculine in PUL’s works. It is worth noting that numeral-noun collective phrases are used with the singular article.
gallóglach: “gallowglass (a Scottish mercenary in service in Ireland); a heavily armed footsoldier”.
gheibhim, fáil: “to find, get”, or faighim, fáil in the CO, where the dependent form has replaced the absolute. The future tense is often found unlenited in WM Irish, as with geóbhair here (traditionally, gheóbhair).
iomrall: “error; a missed throw”. Iomrall buailte, “a miss, a misdirected blow”.
ionar: “tunic, jerkin”.
liúireach: “yelling, shouting”. Note that as a feminine verbal noun, this becomes ag liúirigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
lúfaireacht: “agility”.
luibh: “plant, herb”; pronounced /livʹ/.
matal: “mantle”.
meall: “lump, ball”.
méar: “finger”, with méireanna in the plural here, where the CO has méara.
proínn: “meal”, pronounced /pri:ŋʹ/.
riabhach: “striped”.
sáimhe: “ease, tranquillity”.
Scológ Chille Chuillinn: the yeoman of Kilcullen. Scológ refers to the servant of a holy man or tenant of church property and by extension to small farmer or yeoman. Cf. bárdscológ, “rustic poet”. Cíll Chuillin, Kilcullen, Co. Kildare.
Seán mac an Iarla: John, son of Thomas FitzGerald, 7th Earl of Desmond.
seochas: “besides, compared with”, or seachas in the CO. Seachas was also used in the original, but the spelling has been adjusted in line with the WM pronunciation, /ʃoxəs/.
síreachtaí: “plaintiveness, plaintive quality of music”.
slán: “safe”, but also “fresh, clean”, of clothing.
soir siar: “over, dispersed”.
suan: “slumber”.
tairrigim, tarrac: “to pull, draw”, or tarraingím, tarraingt in the CO. Pronounced /tarʹigʹimʹ, tɑrək/. The verbal adjective is tarraicthe, where tarraingthe is used in the CO. PUL used the classical spelling (tarraingthe) in the original.
tarcaisne: “insult, scorn”.
teangmháil: “meeting, contact, touching”, or teagmháil in the CO. Pronounced /tʹaŋə’vɑ:lʹ/.
teinneas: “pain, soreness”, or tinneas in the CO. Pronounced /tʹeŋʹəs/.
úr: “your (pl.)”, or bhur in the CO.

Nótaí

Buille ’ chlaíomh: this is a truncation of buille dhe chlaíomh, “a sword-blow”.

Nú ná or ná ná?

Taken from PUL’s Notes on Irish Words and Usages.

Pé duine ’ thabharfaidh easonóir don rí ná ná tabharfaidh, ní do cheamalach mar thusa is cóir easonóir a thabhairt do (L. Mac Con, 18).

Here the first is “nor” and the second is “not.”

One may ask “why not nú ná tabharfaidh?” —Because the negative sense is not disjunctive. The negation is total. The meaning is:— it is not permitted you to insult him in the one case nor in the other case. The English language does not make this distinction between a disjunctive negative and a total negative.

If I say “I will not open the door whether John comes or does not come,” there is a disjunctive negative, i.e., there are two distinct contingencies in which I will not open the door. John’s coming is one; his not coming is the other. The two are disjoined in the Irish … Ní osclód an doras peoca ’ thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh sé.

If I say “I will not open the door no matter who comes or does not come,” there is a total negative. The contingencies are taken together. In this case the Irish is … ní osclód an doras pé duine a thiocfaidh ná ná tiocfaidh.

An Teagasc Críostaí, Ceacht a Sé

Ceacht a sé.

C. Cad a tuigtear le comaoine le naomh?
F. Go dtéann na húrnaithe agus na dea-oibreacha a deintear sa teampall chun sochair do gach n-aon a bhaineann leis an dteampall.
C. Cad é an saibhreas spridálta ’na bhfuil páirt ag na daoine a bhaineann leis an Eaglais?
F. Na Sacraimíntí, naomhíbirt an aifrinn, úrnaithe na hEaglaise, agus dea-oibreacha na bhfíoraon.
C. An leór do dhuine, chun bheith sábhálta, bheith ’na Chaitlicí Rómhánach?
F. Ní leór. Ní foláir do an peaca do sheachaint agus an mhaith do dhéanamh.
C. Cad é an ní peaca?
F. Aon smaoineamh toiliúil, briathar ná gníomh a deintear in aghaidh dlí Dé.
C. Cad é an ní peaca maraitheach?
F. Coir róthrom in aghaidh Dé, a bhaineann grásta naomhaithe den anam agus a thuilleann ifreann.
C. Cad é an ní peaca solathach?
F. Peaca is lú coir má peaca maraitheaach, ná baineann grásta naomhaithe den anam agus ná tuilleann ifreann.
C. Conas a ghortaíonn peaca solathach an t-anam?
F. Le grá Dé ’nár n-anam do laíodú, agus le sinn do chlaonadh chun an pheaca mhairbh.
C. Cad is grásta ann?
F. Tabharthas os cionn nádúra a thugann Dé féin dúinn chun sinn do naomhú agus do neartú chun flaitheas Dé do thuilleamh.
C. Cad a thuigeann tú le grásta naomhaithe?
F. Na grásta a dheineann sinn ’nár gcáirdibh ag Dia.
C. An bhfuil grásta riachtanach?
F. Tá, de bhrí, gan grásta, nách féidir dúinn flaitheas Dé do thuilleamh.

Foclóirín

claonaim, claonadh: “to incline”, transitive or intransitive. Duine a chlaonadh chun ruda, “to incline someone towards something”.
laíodaím, laíodú: “to decrease, reduce”, or laghdaím, laghdú in the CO. Pronounced /li:’di:mʹ, li:’du:/.
marbh: “dead, deadly”. Peaca marbh, “mortal sin”, a phrase that occurs elsewhere here as peaca maraitheach.
nádúr: “nature”, with nádúra in the genitive, where the CO has nádúir. Os cionn nádúra, “supernatural”.
solathach: “easily forgiven; venial”. This is pronounced /soləhəx/, according to the Letiriú Shímplí version, but derives from so-loghtha, as given in Dinneen’s dictionary. It seems the compound origin of the word has been obscured, giving the present pronunciation.
toiliúil: “wilful, intentional”. The original spelling was toiltheamhail, so there may be an h in the pronunciation of this word, in line with the pronunciation of cognate words such as toilteanach. The Leitiriú Shímplí edition has toilhúil.

An Cleasaí 1

AN CLEASAÍ

An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canónach, S. P.

do scríobh ón seanascéal “Echtra in Chetharnaig Chaoilriabaig nó Chetharnaig Uí Dhomhnaill”.

Caibideal a hAon

Fear na nGiobal

I dtosach na séú haoise déag, .i. ón mbliain míle chúig céad a cúig go dtí an bhliain míle chúig céad a seacht déag ar fhicid, bhí Aodh Ó Dónaill ’na rí ar Thír Chonaill i dtuaisceart Éireann. Aodh Dubh a tugtí air, .i. Aodh Dubh, mac Aodha Ruaidh mhic Néill Ghairbh mhic Thoirealaigh an Fhíona. Tiarna cómhachtach ceannasach a fuair rachmas agus réim chlú ab ea an tAodh Dubh san. Labharthar in Annálaibh Ríochta Éireann ar a chrógacht i gcath agus ar a ghaois i bhfórlamhas a fhlaitheasa. Bhí dúnáras breá mór láidir fairsiog aige san áit sin agus bhí cíos ag teacht chuige ann, ní hamháin ó Thír Chonaill go léir ach óna lán áiteanna lasmu’ de Thír Chonaill. Bhíodh uaisle agus maithe móra ag á dúnáras i mBéal Átha Seannaigh go minic, dá bhrí sin, ní hamháin ó Thír Chonaill ach ó sna tíorthaibh eile sin, leis, agus do bhíodh cóir agus friothálamh orthu go fial agus go flaithiúil.

Bhí cuideachta den tsórd san cruinnithe ann lá, uaisle móra ó chian agus ó chóngar, “nua gacha bídh agus sean gacha dí” dá roinnt orthu gan dochma agus Aodh Dubh féin ag ceann cláir ann. Nuair a bhí a ndóthain ite acu agus roinnt mhaith ólta acu, do labhair duine den chuideachtain:—

“Dar so ’s súd!” ar seisean, “ach níl as so go rítheaghlach Rí Gréag tigh is feárr ná an tigh seo; agus bíodh go bhfuil sé féin láithreach déanfad dánaíocht ar a rá ná fuil tiarna tíre eile in Éirinn, ná in Albain, ná i Sasana, agus Ímpire Sacsan do chur leis, atá níos uaisle ná níos creidiúnaí ná an tiarna tíre seo atá anso againne anocht. Tá bia go maith againn, mairt ramhra do ramhraíodh dúinn i dTír Eóin thoir, caoireóil bhog ó mhachaire Connacht, bagún a sciobadh ó bhéalaibh Sasanach, agus fíon ón Spáinn, fíon chómh bríomhar agus a bhí riamh ar an gclár so, agus an uair a bhí Toirealach an Fhíona féin ansan thuas ag á cheann do chur chuige—Beannacht Dé le hanman na marbh! Agus an ceól—ní raibh a leithéid de cheól riamh le fáil. Tá anso againn, féach, dís ar fhichid de sna ceóltóiríbh is feárr dá rug ar chláirsigh riamh; Conán Maolrua Ó Raifeartaigh, agus Diarmaid Ó Giollagáin, agus Cormac Ó Ciaragáin, agus Tadhg Ó Crugadáin, agus an chuid eile acu sa tímpall, gan duine orthu ach duine is feárr ná ’ chéile”—

Lena línn sin do bhuail suas an halla, lasmu’ den bhórd agus den chuideachtain, stracaire d’fhear chaol árd agus gur dhó’ le duine nárbh fhiú réal a raibh de bhalcaisíbh air bhíodar chómh caite chómh stracaithe sin as a chéile. Bhí seanachóca ar a cheann agus anuas ar a shlinneánaibh, agus bhí stracadh ann ar gach taobh dá cheann i dtreó go raibh barraí a chluas ag gabháil amach tríd. Bhí an chuid eile dá bhalcaisíbh i dtreó gur dhó’ le duine go raibh seacht nú hocht de shaighseannaibh éadaigh iontu. Ní raibh iontu ar fad ach paistí agus preabáin, agus mianach fé leith ins gach paiste acu agus ins gach preabán acu. Bhí dhá sheanabhróig air agus bhí sál leis siar trí bhróig acu, agus a dhá órdóig amach tríothu. Dá olcas a bhí na balcaisí ní raibh sé gan arm. Bhí crios air, agus claíomh sa chrios aige. Ach bhí an crios chómh paistithe chómh deisithe leis na balcaisíbh, agus bhí leath na truaille imithe, i dtreó go raibh leath an chlaímh nochtaithe lastiar de. Bhuail sé suas go dtí go raibh sé leath na slí suas. Ansan do stad sé agus d’fhéach sé suas ar an rí:—

“Go mbeannaídh Dia dhuit, a Uí Dhónaill,” ar seisean.

“Go mbeannaídh Dia dhuitse, a óglaigh anaithnidh,” arsa Ó Dónaill, “agus cár ghabhais chúinn?” ar seisean.

“I nDún Monaidh, i mbaile Rí Alban, do chodlas aréir,” arsan stracaire. “Bím lá in Íle,” ar seisean, “agus lá i gCeann Tíre, lá i Manainn, lá i Reachlainn, agus lá ar Fionncharn na Faraire ar Sliabh Fuaid. Buachaill aerach, siúlóideach, sultmhar, suairc is ea me, agus is agatsa atáim anocht, a Uí Dhónaill,” ar seisean.

“Curtar chúm an dóirseóir,” arsa Ó Dónaill. Tháinig an dóirseóir.

“An tusa do leog isteach é sin?” arsa Ó Dónaill.

“Ní me, a rí,” arsan dóirseóir, “ní fheaca riamh é!”

“Leog do féin, a Uí Dhónaill,” arsan stracaire iasachta, “ní hé a leog isteach me. Níor leog éinne isteach me. Thánag isteach uaim féin, gan chead ó éinne. Tagaim isteach nuair is maith liom féin é, agus téim amach nuair is maith liom féin é.”

“Suigh síos,” arsa Ó Dónaill.

“Suífead, nú ní shuífead, díreach mar is maith liom féin. Ní dheinimse aon ní, a Uí Dhónaill, ach fé mar is maith liom féin.”

Níor labhair Ó Dónaill a thuilleadh leis. Bhí iúnadh air. Ní fheidir sé cad é an saghas duine é, nú conas ’ fhéad sé teacht isteach ansan i lár na cuideachtan gan dóirseóir ná éinne eile dhá fheiscint ag teacht isteach. Bhí an chuideachta go léir ag féachaint air agus iúnadh orthu, agus ní raibh éinne ba ghéire a bhí ag féachaint air ná an dís ar fhichid ceóltóirí. Bhíodar ag cur na súl tríd. D’fhéach seisean orthu san go géar.

“Cad é an gnó atá agaibhse anso?” ar seisean leó.

D’fhéachadar ar a chéile. Ansan d’fhéachadar arís ar an stracaire.

“Ní hea, a chladhaire,” arsa duine acu, “ach cad é an gnó atá agatsa anso?”

“Chun go n-aireóinn port ceóil uaitse, a Chonáin Mhaolruaidh Uí Raifeartaigh,” arsan stracaire.

Do baineadh geit a Conán nuair a glaodh as a ainm agus as a shloinne air. D’fhéach sé ar an stracaire. “Cá bhfios duitse cad a bhaineann le ceól!” ar seisean.

“Seinn port dom, a Chonáin,” arsan stracaire, “go mbeidh ’ fhios agam an bhfuil ’ fhios agatsa cad a bhaineann le ceól.”

Le línn na cainnte sin do rá dho d’fhéach sé ar Chonán. Tháinig sórt eagla ag Conán roimis. Do rug sé ar a chláirsigh agus chrom sé ar sheinnt. Nuair a bhí greas seinnte aige do mhol an chuideachta a cheól.

“Seinn port dúinn, a Dhiarmaid Uí Ghiollagáin,” arsan stracaire. Do sheinn Diarmaid port. Do mhol an chuideachta an port.

“Seinnse port dúinn, a Chormaic Uí Chiaragáin,” arsan stracaire. Do sheinn Cormac ceól a bhí ní b’fheárr ná an ceól a sheinn an bheirt eile. Do moladh go mór é.

“Seinn port dúinn, a Thaidhg Uí Chrugadáin,” arsan stracaire. Do sheinn Tadhg port agus do moladh é. Ansan do sheinneadar go léir in éineacht agus duairt an chuideachta nár airíodar riamh ceól ba bhinne ná ba mhísle ná an ceól a sheinneadar. Duairt cuid dá raibh láithreach nár cheapadar go raibh an dís ar fhichid sin chómh maith ná chómh hoilte in aon chor ar an gceól agus ’ thaispeánadar an oíche sin iad a bheith. B’é an ceól dob fheárr é d’airigh an chuideachta san riamh ó sna fearaibh sin ná ó aon lucht ceóil eile.

“A Uí Dhónaill,” arsan stracaire, “an bhfuil aon lucht ceóil agat is feárr ná iad so?”

Níor fhreagair Ó Dónaill. Do labhair duine den chuideachtain. “Dá mbeadh aon phioc dá fhios agatsa cad a bhaineann le ceól, bheadh ’ fhios agat nárbh fhéidir d’Ó Dónaill ná d’aon Ó eile ar thalamh na hÉireann lucht ceóil ab fheárr ná an lucht ceóil seo do bheith aige,” ar seisean.

“Dá mbeadh ar chumas do chluas-sa,” arsan stracaire leis an bhfear a labhair, “fíorcheól d’aithint ó fhíorchallóid chimeádfá do bhéal dúnta, fé mar a chimeád Ó Dónaill a bhéal dúnta. D’airíos féin ceól maith go minic agus d’airíos droch-cheól go minic, ach an ceól a dhein na fir seo anso anocht dom do bhuaigh sé le holcas ar an gceól ba mheasa dár airíos riamh. D’airíos drochthuairisc ar an gceól a dheinid na diabhail dúbha thíos in íochtar ifrinn—lucht ceóil Bheelsibub agus Abíron, nuair a bhíd siad ag léasadh na n-anam ndamanta, sa tine, lena n-órdaibh iarainn. B’fheárr liom bheith ag éisteacht leó súd, dá olcas iad, ná éisteacht a thuilleadh leis an saghas ceóil a deineadh anso anois dom, a Uí Dhónaill.”

Níor chuir Ó Dónaill suím ann. Níor leog sé air gur airigh sé é.

“Ná seinnfá féin port dúinn?” arsa Conán, ag síneadh a chláirsí chun an stracaire. Do rug an stracaire ar an gcláirsigh. Do ghléas sé na téada i bhfonn. Do chrom sé ar sheinnt. Ansan is ea ’ tháinig an iúnadh agus an alltacht ar an gcuideachtain agus ar Ó Dónaill féin. Níor airíodar a leithéid riamh!

Foclóirín

Abíron: this appears to be the name of someone who led a rebellion against Moses in the Bible and was swallowed up in an earthquake; I can’t find any reference to a demon by this name.
anaithnidh: “strange, unknown”, or anaithnid in the CO. Possibly pronounced /ɑn-ahinʹigʹ/.
anam: “soul”. The dative is occasionally found as anman, generally in the phrase beannacht Dé le hanman na marbh, “may God bless the souls of the dead”, where the usage can be considered to be calcified. Traditionally anmain was the dative, and anman here, with a broad final n, may reflect assimilation to the following broad n of na. Pronounced /ɑnəm~ɑnəmən/. The explanation given in the notes to the original edition of An Cleasaidhe says that anman (spelt anmann) was an old accusative plural of anam, but Dinneen’s dictionary shows that the phrase was correctly le hanmain na marbh. More research required here.
annáil: usually plural, annála, “annals”. Annála Ríochta Éireann, a compilation of Irish annals written in the 1630s in County Donegal, one of the main sources for Irish history.
Aodh Dubh Ó Donaill: Hugh Duff O’Donnnell, king of Tyrconnell, son of Aodh Rua Ó Dónaill. Died in 1537. This Aodh Dubh Ó Dónaill was great-grandfather of the famous Aodh Rua Ó Dónaill who led the Nine Years’ War against the English
Aodh Rua Ó Dónaill: Hugh Roe O’Donnell, the king of Tyrconnell in the late fifteenth century who built Donegal Abbey; died in 1505. Son of Niall Garbh Ó Dónaill.
bárr: “top”, with barraí in the plural here, where the CO has barra.
Béal Átha Seannaigh: Ballyshannon, a town in County Donegal that it is claimed is the oldest town in Ireland. Named after Seannach, a fifth-century Irish warrior.
Beelsibub: Beelzebub, an ancient Semitic god, identified with a demon in the Bible.
caibideal:caibidil, “chapter”. PUL seems to have pronounced this word with a broad l, /kabʹidʹəl/.
ceannasach: “ascendant, dominating, commanding, masterful”.
Ceann Tíre: Kintyre, a peninsula in Scotland.
cian: “a little while or distance”. PUL regularly uses cian in the dative, as with ó chian agus ó chóngar, “from far and near”, here, where the CO uses the historic dative céin, ó chéin agus ó chóngar.
cláirseach: “harp”.
cleasaí: “trickster”.
chúig: “five”. Normally lenited, except after the enumerative particle (a cúig).
codlaim, codladh: “to sleep”, or codlaím, codladh in the CO. Pronounced /kolimʹ, kolə/.
damanta: “damned”.
dánaíocht: “presumptuousness”. Déanfad dánaíocht ar a rá, “I will make so bold as to say”.
dochma: “hardship, privation”. Gan dochma, “without stinting”.
dar so ’s súd: “I swear; as God be my witness, etc”; literally “by this and that”.
dís: “two; a pair”. Dís ar fhichid, “twenty-two”.
dóirseóir: “doorkeeper”.
dúnáras: “fortified residence, secure residence, castle”.
Dún Monaidh: thought to be a Dalriadan castle on the site of Dunstaffnage Castle in western Scotland (the Dál Riada held a Gaelic kingdom that encompassed Co. Antrim in Ireland and parts of western Scotland).
fairsiog: “extensive”, or fairsing in the CO, pronounced /fɑrʃəg/.
feadar: “I don’t know, I wonder”. While this verb is spelt ní fheadair sé in both the present  and past tense meanings in the CO, there was traditionally a distinction between ní fheadair sé, present tense, and ní fheidir sé, past tense, pronounced /nʹi: edʹirʹ ʃe:/.
Fionncharn na Faraire: a carn on Deadman’s Hill, Co. Armagh, meaning “white cairn of the watch or look out”. An enchanted location mention in ancient Irish tales. (Faraire corresponds to foraire in the CO, “an act of watching; look out, guard”; PUL’s form seems to align this feminine noun with the related masculine noun, faraire, meaning “watchman, sentry”.)
flaitheas: “rule, sovereignty”, with flaitheasa in the genitive here, where the CO has flaithis.
flaithiúil: “generous”.
fonn: “tune”, pronounced /foun/, as opposed to fonn, “desire”, pronounced /fu:n/. Na téada ghléasadh i bhfonn, “to tune the strings of an instrument”.
fórlamhas: “supremacy, domination, authority”, or forlámhas in the CO. Pronounced /fo:rləvəs/.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in the CO.Friothálamh ar dhuine, “to serve, to wait on someone”.
gach: “each, every”, with vestigial use of a genitive form here, gacha. Nua gacha bídh agus sean gacha dí, “fresh food and old drink, a real feast” (or literally, “the new of each food and the old of each drink”), a common phrase in old stories.
gaois: “wisdom, shrewdness; genius”.
giobal: “rag”, or in the plural “tatters”. Fear na ngiobal, “the ragged man”.
Gréag: “Greek”. This is a variant of Gréagach, but is probably the older former, surviving in the genitive plural in Rí Gréag, “the king of Greece, i.e. the king of the Greeks”, and also found in the dative plural Gréagaibh, as found PUL’s Aesop a Tháinig go hÉirinn.
greas: “a turn, a bout”.
Íle: Islay, the southernmost island of the Hebrides, in Scotland.
ímpire: “emperor”.
léasaim, léasadh: “to beat, thrash”.
Manainn: the Isle of Man.
mart: “slaughtered cow”.
mianach: “material, stuff”.
milis: “sweet”, with mísle in the comparative, where the CO has milse. Pronounced /mʹilʹiʃ, mʹi:ʃlʹi/.
Niall Garbh Ó Dónaill: Niall Garve O’Donnell II, an early fifteenth-century king of Tyrconnell, who built the castle in Ballyshannon in 1423. He died in captivity in the Isle of Man in 1439. Son of Toirealach an Fhíona Ó Dónaill.
ó: “grandson, descendant”. Aon Ó eile, probably “any other chief of the name, any other clan leader” here.
óglach: “young man; warrior”, possibly with an epenthetic vowel, /o:gələx/.
oilte: “versed in something”, with ar.
órd: “sledgehammer”.
órdóg: “thumb”, but also, as here, “big toe”.
paiste: “patch”.
paistím, paistiú: “to mend, patch”, or paisteálaim, paisteáil in the CO. The verbal adjective paistithe used here would be paisteáilte in the CO.
port: “tune”.
preabán: “patch”, especially a clumsily stitched one.
rachmas: “wealth, capital”.
Reachlainn: Rathlin Island, the northernmost inhabited Irish island, in Co. Antrim. Spelt Rachlainn in the original, the spelling has been adjusted in line with standard norms, as in any case the r would be pronounced broad at the beginning of a word, /rɑxəliŋʹ/. The etymology of this placename is obscure, although of ancient origin, possibly being the island called Rhicina identified by the ancient cartographer Ptolemy.
réal: “sixpence”, pronounced /re:l/.
Sacsan: “English; Saxon”. This is the word from which the placename Sasana (Sacsana, the nominative plural of Sacsan) is derived. In Ímpire Sacsan, “the King of the Saxons (the King of England)” the genitive plural is used.
saghas: “sort, type, kind”, with saighseanna in the plural, where the CO has saghsanna.
sál: “heel”, or sáil in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
sciobaim, sciobadh: “to snatch”.
seinnim, seinnt: “to play (music)”, or seinnim, seinm in the CO. Pronounced /ʃəiŋʹimʹ, ʃəintʹ/.
siúlóideach: “given to roaming or rambling”.
Sliabh Fuaid: Deadman’s Hill, the highest hill in the Fews range in Co. Armagh.
sloinne: “surname”.
sórt: “sort”. The CO form appears here in the original, although this word is generally sórd in PUL’s works.
stracaim, stracadh: “to tear”, or sracaim, sracadh in the CO.
stracaire: “a ragged tramp”, or sracaire in the CO. The definition “ragged tramp” is given in the foclóirín to An Cleasaidhe, and fits the context here, although Dinneen and Ó Dónaill both have definitions along the lines of “a strong, vigorous man”.
Tír Chonaill: Tyrconnell, a kingdom that included parts of Co. Donegal and other counties, so called as it was founded by the fifth-century Irish king, Conall Gulbán, the first Irish nobleman to be baptised by St. Patrick.
Tír Eóin: Tyrone, a kingdom that included Co. Tyrone and parts of other counties, founded by Eóghan, a fifth-century ruler who was the brother of Conall Gulbán who founded neighbouring Tír Chonaill.
Toirealach an Fhíona Ó Dónaill: known in English an Turlough O’Donnell, a late fourteenth-century king of Tyrconnell who died in 1423. This king is famous for having 18 sons by 10 women and 59 grandsons. Dinneen says the name Toirealach is pronounced /tre:ləx/.
treó: “condition, state”. I dtreó go, “in such a way that; in such a condition or state that”.
truaill: “scabbard”.
tuaisceart: “the north, the northern part”. Tuaisceart Éireann, “the north of Ireland”. It is frequently claimed that Tuaisceart Éireann means “Northern Ireland”, whereas tuaisceart na hÉireann means “the north of Ireland”, but this passage shows that before the partition of Ireland and the creation of Northern Ireland, “the north of Ireland” was correctly given as tuaisceart Éireann.

Nótaí

Chúig céad: non-lenition of céad in the phrase chúig céad is the norm in WM Irish, possibly due to the coincidence of homorganic consonants across the word boundary.

Ceacht a cúig

Ceacht a cúig.

C. Cad é an fhaid d’fhan Críost ar an dtalamh so tar éis na haiséirí?
F. Daichead lá.
C. Cad fá gur fhan sé ar talamh tar éis aiséirithe dho?
F. Chun a thaispeáint go soiléir gur aiséirigh sé, agus chun na nAspal do theagasc.
C. Cá ndeigh sé i gceann an daichead lá?
F. Do chuaigh sé suas ar neamh.
C. An ndeigh sé lena cholainn suas ar neamh?
F. Do chuaigh agus tá sé ’na shuí ar deasláimh Dé.
C. Cad a tuigtear lena rá go bhfuil Críost ’na suí ar deasláimh Dé?
F. Tuigtear gurb é Críost, sa mhéid gur duine é an té is giorra do Dhia ar neamh.
C. Cá fada tar éis deasgabhála Chríost gur chuir sé an Sprid Naomh uaidh?
F. Deich lá ’na dhiadh, ’sé sin, Domhnach Cíncíse.
C. Cad fá gur chuir sé an Sprid Naomh uaidh?
F. Chun sinne do naomhú, agus chun na nAspal do neartú chun an tSoíscéil, ’sé sin an dlí nua, do chraobhscaoileadh.
C. Cad a tuigtear leis an ndlí nua?
F. An dlí a tugadh do na Críostaithibh.
C. Cad a tuigtear leis an seandlí?
F. An dlí a tugadh do na Iúdaíochaibh.
C. Conas ’ aithnítear gur Críostaithe sinn?
F. Trínár mbaisteadh, le dlí Chríost d’admháil, agus trí chómhartha na croise.
C. Conas a deintear cómhartha na croise?
F. Curtar an lámh dheas ar an éadan, ansan ar an ucht, agus ansan ar an ngualainn chlé agus ansan ar an ngualainn ndeis, agus deirtear lena línn sin, “In ainm an Athar agus an Mhic agus an Sprid Naoimh. Amen.”
C. Cá bhfuil Críostaithe fírinneacha le fáil?
F. Sa teampall fírinneach amháin.
C. Cad a tuigtear leis an dteampall fírinneach?
F. Cómhchruinniú na bhfíorchreideamhach uile.
C. Conas ’ ainmnítear an teampall fírinneach?
F. An Teampall Caitlicí Rómhánach.
C. Cad fá go nglaeitear “Rómhánach” ar an dteampall bhfírinneach?
F. Ón Róimh, mar is ann a chónaíonn ceann sofheicse an teampaill.
C. Cé hé ceann sofheicse an teampaill?
F. An Pápa, fear inid Íosa Críost.
C. Cé hé ceann dofheicse an teampaill?
F. Íosa Críost féin, moladh go deó leis!
C. Cad fá go nglaeitear “Caitlicí” ar an dteampall bhfírinneach?
F. De bhrí go seasóidh an teampall fírinneach go deireadh an tsaeil agus go sruthfaidh ar feadh críocha an domhain uile.
C. Cé hiad atá ar an dtaobh amu’ den teampall?
F. An mhuíntir nár baisteadh, an dream a thiteann fé choinnealbhá, agus an mhúintir, trína gcoir féin, a leanann go ceanntréan earráid creidimh.
C. An bhfuil a thuilleadh lasmu’ den teampall?
F. Tá, an mhuíntir a dhiúltaíonn úmhlacht dleathach, i nithibh spridálta, do cheann sofheicse an teampaill.
C. An féidir don teampall titim in earráid, ná dul amú?
F. Ní féidir, óir do gheall Críost go mbeadh sé féin agus a Sprid bheannaithe de ghnáth in’ fhochair agus ná buafadh dóirse ifrinn air.

Foclóirín

cá: normally “where”, but there are a range of other uses, including “how” with an adjective. Cá fada? “how long?” This usage contains an understood copula between and fada (cá…is fada go…).
ceanntréan: “headstrong, wilful”.
Cíncís: “Pentecost, Whitsuntide”. Pronounced /kʹi:ŋ’kʹi:ʃ/.
colann: “body”, with the genitive here colla. The CO has colainn and colainne respectively. Also note that both colann and colainn are used in the Catechism in the dative singular; dative usage was somewhat patchy even in PUL’s Irish.
cómhchruinniú: “congregation, assembly”.
craobhscaoilim, craobhscaoileadh: “to propagate, broadcast; preach”.
cuirim, cur: “to put”. Note the present autonomous forms curtar, where modern Cork Irish would have cuirtar.
dofheicse: “invisible”, or dofheicthe in the CO.
fear inid Íosa Chríost: “vicar of Christ”, or fear ionaid Íosa Chríost in the CO, referring to the Pope.
fíorchreideamhach: “true believer”, or fíorchreidmheach in the CO. The Letiriú Shímplí version shows the mh is broad here: /fʹi:r-xrʹedʹəvəx/. Ó Dónaill’s dictionary also shows an entry for creideamhach as a variant of creidmheach.
Iúdaíoch: “Jew”, or Giúdach in the CO. IWM shows that the WM form should be Giúdaíoch, /gʹu:’di:x/, but the Letiriú Shímplí edition here has dos na Giúduig where do na Iúdaíochaibh stood in the original text.
seandlí: “old law”. Pronounced /ʃan-dlʹi:/ or /ʃaun-dlʹi:/; the former was shown in Letiriú Shímplí.
sofheicse: “visible”, or sofheicthe in the CO. Ceann sofheicse an Teampaill, “visible head of the church”, a controversial phrase used in the Roman Catholic Church to refer to the Pope.
sprid: “spirit”, or spiorad in the CO. In WM Irish spiorad is aligned with the related word sprid, “sprite, ghost”. An Sprid Naomh is masculine, but a Sprid bheannaithe, “his blessed or holy spirit”, shows the word remains generally feminine. More research required, as examples of masculine usage (e.g. in aghaidh an Sprid) are found in PUL’s translation of the Gospels.
sruthaim, sruthadh: “to stream, flow, pour forth”, or sruthaím, sruthú in the CO.
úmhlacht: “humility”, or umhlaíocht in the CO. Úmhlaíocht is also found in PUL’s works, and is the more common form, but the foclóirín to the Catechism lists úmhlacht and úmhlaíocht as separate words, or separate word-variants. The Letiriú Shímplí version transcribes this word as úlycht, but it seems more faithful to the original text to show the two distinct word-variants given in the original.

Some prayers

Teachtaireacht an Aingil.

V. Tháinig Aingeal an Tiarna le scéala chun Muire.

R. Agus do ghoibh sí gin ón Sprid Naomh.
Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c.

V. Féach, mise cailín an Tiarna.
R. Go ndéintear liom de réir t’fhocail.
Go mbeannaíthear dhuit, a Mhuire, &c.

V. Agus do ghlac Mac Dé colann daonna.
R. Agus do chómhnaigh sé ’nar measc.
Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c.

V. Guigh orainn, a naomh-Mháthair Dé.
R. Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost d’fháil.

An Ghuí.

Guímíd thu, a Thiarna, do ghrásta do dhortadh go líonmhar ’nár n-anamnacha**, ionas, tar éis fios d’fháil dúinn, trí theachtaireacht an aingil, ar theacht Íosa Críost, do Mhic, i gcolann daonna, go dtiocfadh linn sroisint chun glóire a aiséirí trí neart a pháise agus a chroise naofa, trí Íosa Críost ár dTiarna. —Amen.

Go dtugaidh Dia cabhair agus cúnamh i gcónaí dhúinn. Agus go dtugaidh Dia suaimhneas síoraí do na fíoraonaibh d’imigh rómhainn. Amen.

**Transcribed in the Letiriú Shímplí version as if   ’nár n-anam.  As each person has only one soul, it may be more logical that way; I am not totally sure if the use of anamnacha is a definite mistake in the original text.

Na Mionghníomhartha

Dólás mar gheall ar Pheacaíbh.

A Thiarna Dia atá go rómhaith, tá cathú orm mar gheall ar mo pheacaíbh. Maith dhom iad, agus tabhair cúnamh dom chun gan iad do dhéanamh arís.

Gníomh Creidimh.

A Dhia na Glóire, creidim ionatsa, agus creidim gach ní dá múineann an Eaglais dúinn, mar do thugais-se dhi an fhírinne do mhúineadh.

Gníomh Dóchais.

A Dhia na Glóire, is ortsa atá mo sheasamh, is asatsa atá mo mhuinín agam, go dtabharfaidh tú grásta agus trócaire agus maithiúnachas im peacaí dhom ar an saol so agus radharc ort féin sa tsaol atá le teacht. An radharc san go dtugair dúinn, a Thiarna. Amen.

Gníomh Grá.

A Dhia na Glóire, mo ghrá thu! Mo ghrá thu os cionn gach uile ní, mar is tu amháin is maith. Agus mo ghrá mo chómharsa mar me féin ar do shonsa.

Ag Éirí ar Maidin duit abair le Dia na Glóire.

A Dhia na Glóire, mo ghrá thu! Do thugais saor ón oíche me agus táim baoch díot. Bheirim me féin suas inniu duit idir chorp agus anam. Go dtugaidh do ghrásta dhom mo smaointe go léir agus mo ghníomhartha go léir do dhul chun onóra dhuitse agus chun sochair dom anam. Trí Íosa Críost á dTiarna. Amen.

Abair Let Aingeal Coímhdeachta.

A Aingil Dé, mo ghrá thu. Mo ghrá Dia a chuir me mar chúram ort. Cómhairligh me, díon me, stiúraigh me, cimeád ar mo leas me, inniu agus ó inniu go dtí lá mo bháis, agus tabhair suas dom Shlánaitheóir me an lá san.

Altú Roim Bia.

A Thiarna Dia! Cuir do bheannacht orainn féin agus ar do thabharthaistíbh, trí Íosa Críost ár dTiarna. Amen.

Altú tar éis Bídh.

Bheirimíd baochas na beatha so dhuit, a Dhia Mhóir an uilechómhacht, agus i dtaoibh do thabharthaistí go léir; agus beannacht Dé le hanman na marbh, go dtugaidh Dia suaimhneas síoraí dhóibh. Amen.

Le línn dul a chodladh dhuit, abair:

A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, tugaim suas díbh mo chroí agus m’anam.

A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, bídh ag cabhrú liom le línn mo bháis.

A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, go dtugad suas m’anam díbh i síocháin Dé.

Isteach i do láimh féin go nglacair mo sprid, a Thiarna.

M’anam go nglacair uaim, a Thiarna Íosa.

Foclóirín

áltaím, altú: “to give thanks, say grace”, pronounced /ɑ’hli:mʹ~ɑ’hlu:/ in WM Irish.
anam: “soul”. The dative is occasionally found as anman, generally in the phrase beannacht Dé le hanman na marbh, “may God bless the souls of the dead”, where the usage can be considered to be calcified. Anam is found in the dative elsewhere in the Catechism. Traditionally anmain was the dative, and anman here, with a broad final n may reflect assimilation to the following broad n of na. Pronounced /ɑnəm~ɑnəmən/.
bheirim, tabhairt: “to give”, or tugaim, tabhairt in the CO. Note that bheirim, in itself derived from the historic form do-bheirim, is the absolute form corresponding to the dependent form tugaim, but is generally replaced by tugaim in WM Irish.
deinim, déanamh: “to do”, or déanaim, déanamh in the CO. Go ndéintear in the autonomous form here reflects a calcified usage of the long vowel where later WM Irish would have go ndeintear. Pronounced /gə nʹe:ntʹər/. The historically correct form go ndéantar is also found in the Catechism here.
gin: “foetus”, transcribed as gen in Letiriú Shímplí. Gin a ghabháil, “to conceive, become pregnant”.
sroisim, sroisint: “to reach”, or sroichim, sroicheadh in the CO. Pronounced /sroʃimʹ, sroʃintʹ/. The verbal noun is more commonly found as sroisiúint in PUL’s works.
taobh: “side”. This word is found in both masculine and feminine guises, and here we see i dtaoibh, “in regard to”, in the place of the usual i dtaobh. I dtaobh is more common in PUL’s works.
Teachtaireacht an Aingil: the prayer known as the Angelus, recounting the Annunciation.

Two Marian items

An Salbhé Regína.

Go mbeannaíthear dhuit, a Bhannríon Naofa, a Mháthair na Trócaire. Go mbeannaíthear dhuit! Is tu ár mbeatha, ár mísleacht, agus ár ndóchas. Is ortsa do screadaimíd, clann bhocht díbeartha Ébha. Is chútsa suas a chuirimíd ár n-osna, ag caí agus ag gol sa ghleann so na ndeór. Iompaigh orainn dá bhrí sin, a choimirce chaomhuasal, do shúile atá lán de thrua, agus nuair a bheidh deireadh lenár ndíbirt, tabhair radharc dúinn ar thoradh do bhroinne, Íosa, a Mhaighdean Mhuire róthrócaireach, róghrámhar, rómhilis.

V. Guigh orainn, a Naomh-Mháthair Dé.
R. Ionas go mb’fhiú sinn toradh geallúna Chríost d’fháil.

Liodán na Maighdine Muire.

Cuirimíd sinn féin féd choimirce, a naomh-Mháthair Dé. Ná diúltaigh dár n-úrnaithe in am ár riachtanais ach ón uile bhaol saor sinn, a Mhaighdean ghlórmhar bheannaithe.

A Thiarna, dein trócaire orainn.
A Chríost, dein trócaire orainn.
A Thiarna, dein trócaire orainn.
A Chríost, éist linn.
A Chríost, éist go ceannsa linn.
A Dhia, a Athair na bhflaitheas, dein trócaire orainn.
A Mhic Dé, a fhuasclóir an domhain, dein trócaire orainn.
A Dhia, a Sprid Naoimh, dein trócaire orainn.
A Thríonóid naofa, a aon Dia amháin, dein trócaire orainn.

A Naomh Mhuire, guigh orainn.
A Naomh-Mháthair Dé, guigh orainn.
A Naomh-Mhaighdean na maighdean, guigh orainn.
A Mháthair Chríost, guigh orainn.
A Mháthair na ngrásta ndiaga, guigh orainn.
A Mháthair róghlan, guigh orainn.
A Mháthair rógheanmnaí, guigh orainn.
A Mháthair gan truailliú,guigh orainn.
A Mháthair gan toibhéim, guigh orainn.
A Mháthair gheanúil, guigh orainn.
A Mháthair iúntach, guigh orainn.
[A Mháthair na dea-chómhairle, guigh orainn. (omitted in the original, added in the Letiriú Shímplí edition here)]
A Mháthair ár gCruthaitheóra, guigh orainn.
A Mháthair ár Slánaitheóra, guigh orainn.
A Mháthair ró-eagnaí, guigh orainn.
A Mhaighdean ró-onórach, guigh orainn.
A Mhaighdean chlúmhail, guigh orainn.
A Mhaighdean chómhtach, guigh orainn.
A Mhaighdean cheannsa, guigh orainn.
A Mhaighdean dílis, guigh orainn.
A Scáthán an chirt, guigh orainn.
A Chathaoir na heagna, guigh orainn.
A Chúis ár lúghára, guigh orainn.
A Shoitheach Spridálta, guigh orainn.
A Shoitheach onóra, guigh orainn.
A Shoitheach cráifeachta fé leith, guigh orainn.
A Rós dhiamhair, guigh orainn.
A Thúr Dáibhid, guigh orainn.
A Thúr eabhair, guigh orainn.
A Thig óir, guigh orainn.
A Árc na Connartha, guigh orainn.
A Gheata na bhflaitheas, guigh orainn.
A Réaltann na maidne, guigh orainn.
A Shláinte na n-easlán, guigh orainn.
A Chumaraí na bpeacach, guigh orainn.
A Shólás na ndobrónach, guigh orainn.
A Chúnamh na gCríostaithe, guigh orainn.
A Bhannrín na n-aingeal, guigh orainn.
A Bhannrín na n-árdathar, guigh orainn.
A Bhannrín na bhfáidh, guigh orainn.
A Bhannrín na nAspal, guigh orainn.
A Bhannrín na Mairtir, guigh orainn.
A Bhannrín na gConfesóirí, guigh orainn.
A Bhannrín na Maighdean, guigh orainn.
A Bhannrín na naomh uile, guigh orainn.
A Bhannrín a gabhadh gan peaca an tsínsir, guigh orainn.
A Bhannrín na Coróinneach Muire rónaofa, guigh orainn.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, ná daor sinn, a Thiarna.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, deónaigh éisteacht linn, a Thiarna.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, dein trócaire orainn, a Thiarna.
A Thiarna, dein trócaire orainn.
A Chríost, dein trócaire orainn.
A Thiarna, dein trócaire orainn.
Guímíd thu, a Thiarna, do ghrásta do dhortadh, &c.
(Mar atá thuas.)

Foclóirín

árc: “ark”, or áirc in the CO. Árc na Connartha, “the Ark of the Covenant”. PUL used airc in his Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha. Dinneen also gives both arc and airc.
árdathair: “patriarch”.
bannrín: “queen”, or banríon in the CO. While this word was traditionally written bainríoghan, the broad n in a bhannríon naofa probably reflects assimilation to the broad n of naofa, as a bhannrín is given elsewhere in the Catechism (in the Litany of the Blessed Virgin Mary) in the vocative with a slender n, which accords with the pronunciation shown in IWM, /bau’ri:nʹ/.
caím, caí: “to weep, lament”.
caomh: “gentle”. Also found as a prefix, as in caomhuasal, “gracious”.
clúmhail: “of good repute, renowned”, or clúiteach in the CO. Pronounced /klu:lʹ/.
connradh: “covenant”, or conradh in the CO, with connartha in the genitive. The traditional double n is retained here as suggestive of the long vowel, pronounced /ku:rə, kunərhə/. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows that Amhlaoibh Ó Loingsigh had a pronunciation /ku:rəv/. This word is feminine in PUL’s works, but masculine in the CO (it is listed as masculine in the foclóirín to the Catechism, but the usage here is clearly feminine, and this is consistent with PUL’s usage in his Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha).
cumaraí: “refuge”. This word is a variant of comairce/coimirce.
deóir: “tear”. This is one of a number of words where the dative has replaced the original nominative, deór, to which the genitive plural remains aligned.
deónaím, deónú: “to consent, grant”. This is often leónaím, leónú in WM Irish, especially in the phrase leónú Dé, “the will of God”, reflecting a wider phenomenon where some words in d- are pronounced in l- in WM Irish. However, here we have deónaigh, which is transcribed with a d- in Letiriú Shímplí.
diamhair: “mysterious”. A Rós dhiamhair, “thou mystical rose”.
doirtim, dortadh: “to pour”.
eabhar: “ivory”. Probably pronounced /ɑver/.
Ébha: Eve, mother of the human race.
geallúint: “promise”, or gealltanas in the CO. The genitive singular and nominative plural are both geallúna.
geanmnaí: “chaste”.
geanúil: “loveable, lovely”.
iúntach: “wonderful, admirable”, or iontach in the CO. Pronounced /u:ntəx/.
maidean: “morning”, or maidin in the CO. The genitive is given here as maidne, where the CO has maidine. The form is retained, despite the fact that IWM shows a new unsyncopated genitive /mɑdʹinʹi/, as the Letiriú Shímplí version has maingi, indicating that Shán Ó Cuív believed the genitive with syncope could be pronounced /mɑŋʹi/. More research required here.
martar: “martyr”, a problematic word, as the CO form is mairtíreach and the WM form, as given in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne is mairtír. Dinneen has martar and mairtír. PUL’s original spelling here was martear/martir, but was transcribed in the Letiriú Shímplí edition uniformly as martar. It seems the modern pronunciation is /mɑr’tʹi:rʹ/, but that /mɑrtər/ and possibly /mɑrtʹər~mɑrtʹirʹ/ were also found. Martear and martir are edited here as mairtear and mairtir.
mísleacht: “sweetness”, or milseacht in the CO.
réaltann: “star”, or réalta in the CO. Usually réiltín in WM Irish. Possibly pronounced /re:lhən/.
Salbhé Regína: Salve Regina, or Hail, Holy Queen, the Marian hymn.
soitheach: “vessel”, with soithí in the plural, pronounced /sə’hɑx, su’hi:/. This is the pronunciation of Amhlaoibh Ó Loingsigh as shown in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne; other speakers (Dónall Bán Ó Ceileachair) had /sɑhəx, si’hi:/, as if from a form sathach, which is mentioned by Dinneen too. The Letiriú Shímplí indicates a pronuncation of /si:həx/, possibly influenced by the spelling soítheach in the original, with a síneadh fada on the i, but this has not been adopted here given the evidence for the pronunciation by good speakers in WM.
sprid: “spirit”, or spiorad in the CO. In WM Irish spiorad is aligned with the related word sprid, “sprite, ghost”. Sprid should be a feminine word, but an Sprid Naomh is masculine. More research required here on whether sprid in the meaning of “sprite, ghost” is also masculine now.
spridálta: “spiritual”, or spioradálta in the CO.
toibhéim: “blemish, reproach”. Probably pronounced /ti’vʹe:mʹ/, or possibly with /o/ in the first syllable.