Maitiú 21

CAIBIDIOL 21.

Críost ag dul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin an asail. An lucht ceannaídheachta agus díoluígheachta dá ndíbirt amach as an dteampal aige. An mhallacht aige dá chur ar an gcrann fíge. Cuireann sé fhéachaint ar na sagairt agus ar na Sgríbhneóiríbh éisteacht.

Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul, Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach ’n-a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad. Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna dhíobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach. Agus do deineadh an méid sin go léir, ionus go gcómhlíonfaí caint an fháidh mar a ndeir sé: Abraidh le h-inghín Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat ’n-a shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail chneasda. Agus d’imthigh na deisgiobuil, agus dheineadar mar a dh’órduigh Íosa dhóibh. Agus thugadar leó an láir asail agus an searrach; agus chuireadar a mbrait féin anuas ortha, agus chuireadar eisean ’n-a shuidhe ortha. Agus do leath mórán de’n tsluagh a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga des na crainn agus do leathadar iad ar an slígh; Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd. Agus nuair a chuaidh sé isteach i n-Ierúsalem bhí an chathair go léir ar suathadh, ’ghá rádh: Cé h-é seo?” Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.
Agus chuaidh Íosa isteach i dteampul Dé agus chomáin sé amach as gach a raibh de dhaoine ann ag díol agus ag ceannach agus do leag sé búird lucht airgid do shóinseáil agus cathaoireacha lucht colúr a dhíol. Agus dubhairt sé leó: Tá sgríobhtha, Tigh chun úrnuighthe a tabharfar ar mo thigh: ach tá pluais bitheamhnach déanta agaibh-se dhe.
Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampul, agus do leighis sé iad. Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid, tháinig fearg ortha. Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: A’ bhéal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh? Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n chathair go Betánia; agus d’fhan sé ansan.
Agus ar maidin, agus é ag teacht chun na catharach, bhí ocras air; Agus chonaic sé crann fíge i n-aice an bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár fhásaidh toradh as so amach go bráth ort-sa. Agus d’fheóch an crann fíge láithreach. Agus chonaic na deisgiobuil san, agus bhí iongnadh ortha, agus deiridís: Conus a dh’fheóch sé chómh tapaidh? Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h-amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é. Agus gach nídh ar bith a dh’iarrfaidh sibh i n-úrnuighthe, má bhíonn creideamh agaibh, gheobhaidh sibh é.
Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampal, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás? D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Cuirfad-sa, leis aon cheist amháin chughaibh-se, agus má réightigheann sibh dom í, neósfad-sa dhaoibh-se, leis, cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eartartha féin, agus dubhradar: Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar fáidh ab eadh Eóin acu. Agus d’fhreagradar Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt seisean leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.
Ach cad é bhúr dtuairim? Bhí beirt mhac ag fear áirithe, agus tháinig sé chun an chéad mhic, agus dubhairt sé leis: A mhic, imthigh indiu agus dein obair am’ fhíonghort. Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Ní h-áil liom. I n-a dhiaidh san ámh, tháinig aithreachas air, agus do chuaidh sé. Ansan tháinig sé chun an mhic eile, agus dubhairt sé an rud céadna. Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Raghad a Thighearna; agus níor chuaidh. Cia ’cu de’n bheirt a dhein toil a athar? Dubhradar-san: An céad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se. Óir tháinig Eóin chughaibh i slígh na fíoraontachta, agus níor chreideabhair é; ach do chreid na puibliocánaigh agus na striapacha é; ach do chonacabhair-se, agus níor dheineabhair aithrighe ’n-a dhiaidh san ionus go gcreidfeadh sibh é.
Éistidh le soluíd eile. Bhí fear tighe ann agus chuir sé fíonghort, agus chuir sé fál tímpal air, agus dhein sé fásgadóir ann, agus chuir sé suas túr ann, agus chuir sé chun lucht saothruighthe é, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta. Agus nuair a bhí aimsir na dtorthaí ag teacht, chuir sé a sheirbhísigh ag triall ar an lucht saothruighthe go nglacfaidís an toradh dhó. Ach do rug an lucht saothruighte ar na seirbhísigh, agus ghabhadar ar dhuine acu, agus mharbhuigheadar duine acu, agus ghabhadar do chlochaibh i nduine acu. Ansan do chuir sé seirbhísigh eile ag triall ortha airís, níba mhó ’ná an chéad chuid agus thugadar an cor céadna ortha. Fé dheire, ámhthach, do chuir sé a mhac féin ag triall ortha, agus dubhairt sé: Beidh uraim acu do m’ mhac. Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t-oighre: téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn. Agus do rugadar air, agus chuireadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. D’á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh tighearna an fhíonghuirt, cad a dhéanfaidh sé leis an lucht saothruighthe sin? Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirptheachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saothruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n-aimsir na dtorthaí.
Dubhairt Iosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, isí atá ’n-a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne. D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi. Agus an t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.
Agus nuair airigh uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh na soluídí uaidh, thuigeadar gur bh’ ortha féin a bhí sé ag caint. Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.

Maitiú 20

CAIBIDIOL 20.

Parabal an lucht oibre sa bhfíonghort. Árd-aidhm chlainne Sebedé. A radharc á thabhairt ag Criost do bheirt dall.

Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d’á fhíonghort. Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort. Agus chuaidh sé amach airís tímpal an trímhadh h-uair, agus fuair sé tuille ’n-a seasamh díomhaoin ag áit an mhargaidh; Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart. Agus d’imthígheadar san. Agus chuaidh sé amach airís ar an sémhadh h-uair, agus ar an naomhadh h-uair, agus dhein sé mar an gcéadna. Ach do chuaidh sé amach tímpal an t-aon uair dhéag, agus fuair sé tuille ’n-a seasamh, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith anso i nbhúr seasamh díomhaoin an lá go léir? Dubhradar leis: Mar níor réidhtigh aoinne linn. Dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa. Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhíonghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus tusnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig. Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair a h-aondéag, agus do tugadh pingin an duine dhóibh. Ansan do tháinig an chéad mhuíntir agus mheasadar go bhfaghdís breis; ach do fuaradar san, leis, pingin an duine. Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n-aghaidh an fhir thighe, Agus dubhradar: Níor dheineadar so a tháinig go déanach ach uair oibre, agus chuiris ar aon dul leó san sinne a dh’fhuiling cruadhtan agus brothall an lae. Do labhair seisean le duine acu, agus dubhairt; A dhuine mhuinteartha, ní’l aon éagcóir agam ’á dhéanamh ort. Nách ar phingin a réidhtighis liom? Seo, tóg leat do chuid agus imthigh; ach is toil liom oiread a thabhairt do’n fhear so is déanaighe a tháinig agus atá agam ’á thabhairt duit-se. An amhlaidh nách dleaghtach dom an nídh is toil liom a dhéanamh? An droch-shúil atá agat, óir is duine fóghanta mise? Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán.
Bhí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slígh dhó thóg sé i leith taoibh an dáréag deisgiobul, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul sus go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an Duine suas d’uachtaránaibh na sagart agus dos na Sgríbhneóiríbh, agus daorfaid said chun báis é. Agus tabharfaid siad dos na geintíbh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.
Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n-aonfheachtle n-a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air. Agus dubhairt sé léi: Cad ’tá uait? Dubhairt sí leis: Abair go suidhfid an bheirt mhac so liom-sa, duine acu ar do dheis, agus duine acu ar do chlí ad’ rígheacht. Ach d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ní h-eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ol? Deirid siad leis, Táimíd. Dubhairt sé leó: Is fíor go n-ólfaidh sibh mo chailís ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam-sa atá san a thabhairt daoibh-se ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe ag m’Athair dóibh. Agus nuair airigh an deichniubhar é, bhí fearg acu chun na beirte drithár. Agus do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt: Is eól daoibh conus mar a dheinid tighearnaí na ngeinte iad do smachtú, agus go ndeinid a ndaoine móra a gcómhacht do chur i bhfeidhm ortha. Ní mar sin a bheidh eadraibh-se; ach an t-é gur maith leis bheith mór eadraibh, bíodh sé ’n-a fhear fhriotháilte agaibh; Agus an t-é gur maith leis bheith i n-fhear thosaigh eadraibh, bíódh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh. Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama tabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.
Agus nuair a bhíodar ag dul amach a’ Ierichó do lean sluagh mhór eisean. Agus féach bhí beirt dall ’n-a suidhe i n-aice an bhóthair, agus d’airigheadar gur bh’é Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. Agus bhí an tsluagh ’ghá gcosg, go n-éistfidís. Ach sin mar a b’aoirde do liúghadar-san: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. Agus do stad Íosa, agus ghlaoidh sé ortha, agus dubhairt sé: Cad is maith libh a dhéanfainn daoibh? Go n-osgalófaí ár súile, a Thighearna, ar siad. Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.

Maitiú 19

CAIBIDIOL 19.

Críost ghá dheimhniú go bhfuil an pósadh do-sgaoilte: agus ghá chómhairliú dhúinn sgaramhaint le gach nídh ar a shon féin. An contabhairt a leanann saidhbhreas a thaisbeáint aige, agus an tuarastal atá as gach nídh do thréigean ar a shon féin.

Agus do thárla, nuair a bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé Gaililí agus go dtáinig sé i gcríochaibh Iúdaéa lastall de’n Iórdan. Agus do lean sluagh mhór é; agus do leighis sé iad sa n-áit sin.
Agus tháinig na Fairisínigh chuige ’ghá thriail, agus dubhradar: An dleaghthach de dhuine a bhean do chur uaidh ar gach aon tsaghas cúise? Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean agus bainean, agus dubhairt sé: Mar gheall air sin, fágfaidh dhuine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, agus beid siad ’n-a mbeirt i n-aoin fheóil. D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aoin fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é. Dubhradar san leis: Cad chuige, má ’seadh, gur órduigh Maois leitir a díbeartha thabhairt di agus í chur chun siubhail? Dubhairt sé leó: Do cheaduig Maois daoibh-se, toisg an croidhe cruaidh a bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal mar sin, ámhthach, ó thusach. Ach deirim-se libh, aoinne chuirfidh uaidh a bhean, ach amháin mar gheall ar dhrúis, agus do phósfaidh bean eile, go ndeineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósfaidh an bhean a díbreadh, go ndeineann sé adhaltranas.
Dubhairt a dheisgiobuil leis: Má’s mar sin atá an sgéal ag duine i dtaobh a mhná, ní maith an rud pósadh. Agus dubhairt sé leó: Ní h-é gach aoinne a ghlacann an caint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóíbh. Óir táid coillteáin do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar; agus tá coillteáin gur thug daoine an cor san ortha; agus tá coillteáin a dhein iad féin do choillt ar son rígheachta ná bhflathas. An t-é go dtig leis a ghabháil gabhadh.
Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil ghá gcosg. Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n-a leithéidí sin rígheacht na bhflathas. Agus nuair a chuir sé a lámha ortha, d’fhág sé an áit sin.
Agus féach, tháinig duine chuige agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad í anmhaith a dhéanfad ionus go mbeadh agam beatha shíoruidhe? Agus dubhairt sé leis: Cad é an trácht so agat ar mhaith? Ní’l ach Aon is maith, ’sé sin Dia. Ach má’s maith leat dul isteach sa bheatha, coimeád na h-aitheanta. Deir seisean leis: Cad iad na h-aitheanta? Agus dubhairt Íosa: Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná dein fiadhnaise bhréige; Tabhair onóir do t’athair agus dod’ mháthair; agus, grádhuigh do chómharsa mar thu féin. Dubhairt an t-óigfhear leis: Choimeádas iad san go léir ó m’óige; cad eile is riachtanach dom? Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise. Nuair airigh an t-ógánach an chaint sin, ámhthach, d’imthigh sé agus é go buartha; mar fear ab eadh é go raibh mórán saidhbhris aige.
Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. Nuair airigh na deisgiobuil an méid sin tháinig árd-iongnadh ortha, agus dubhradar: Má ’seadh, cé fhéadfaidh dul saor? D’féach Íosa ortha agus dubhairt sé: Ní féidir so do dhaoine; ach is féidir le Dia gach nídh.
Ansan d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach, d’fhágamair-ne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus cad a bheidh d’á bhárr againn? Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir dhéag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil. Agus gach duine a dh’fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann, nó a chuid tailimh, ar son m’ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad agus beidh an bheatha shíoruidhe aige.
Ach beidh a lán d’á bhfuil ar tusach ar deire, agus d’á bhuil ar deire ar tusach.

Maitiú 18

CAIBIDIOL 18.

Críost ghá theagasg dóibh an umhluigheacht do chleachtadh; sgannal do sheachaint; teithe ó ócáidíbh peactha; peacacha leanamhnacha do ghearán leis an Eaglais, agus a thuisgint gur cuma nú págánaigh an mhuíntir ná h-éisteann leis an Eaglais. É ’á gheallamhaint d’á dheisgiobulaibh cumas an cheangal agus ar sgaoíle do thabhairt dóibh, agus go mbeidh sé féin ’n-a gcómhthíonólaibh. Ná maithfar do’n t-é ná maithfidh.

An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas? Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n-a sheasamh ’n-a lár é. Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. An t-é d’á bhrígh sin d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise. Ach an t-é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.
Is mairg do’n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n-am gcéadna is mairg an t-é go dtagann an sgannal d’á dhruím. Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois ’ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe. Agus má dheineann do shúil sgannal duit, strac amach í agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach ’sa bheatha ar leath-shúil ’ná dul i n-ifreann na teine agus do dhá shúil agat.
Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.
Óir do thánig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé an nídh a bhí caillte. Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h-imtheóchaidh sé ag lorg an cinn a chuaidh amú? Agus má ráinigheann dó í dh’fhághail, deirim libh, go deimhin, gur mó an t-áthas atá air mar gheall uirthi sin ’ná mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú. Mar an gcéadna ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san. Ach ma dheineann do bhráthair beart ad’ choinnibh, imthigh agus cómhairligh é idir tú féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair buaidhte agat. Mura n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, i dtreó go seasóchaidh gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe. Agus mura n-éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n-a phágánach nó ’n-a puibliocánach agat. Go deimhin adeirim libh, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh.
Agus deirim libh ’n-a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d’á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m’ Athair-se atá ins na flathais. Óir, an áit ’n-a bhfuil beirt nó triúr cruinnighthe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n-a measg.
Ansan do tháinig Peadar chuige agus dubhairt. A Thighearna, an ’mó uair a dhéanfaidh mo bhráthair beart am’ choinnibh agus go maithfead dó? Chómh fada le seacht n-uaire, an eadh? Dubhairt Íosa leis: Ní deirim leat chómh fada le seacht n-uaire, ach chómh fada le seacht n-uaire fó sheacht ndeich.
D’á bhrígh sin, is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear a bhí ’n-a rí, agus gur mhian leis cúntas a shocarú le n-a sheirbhíseachaibh. Agus nuair a thosnuig shé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air. Agus nuair ná raibh aon rud aige chun na bhfiach a dhíol, d’órduigh an tighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do dhíol amach agus díolfiach a dhéanamh. Ansan do chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad an iomláine leat. Agus do ghlac truagh an máighistir do’n tseirbhíseach san, agus do sgaoil sé chun siubhail é, agus do mhaith sé na fiacha dhó. D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach agus do casadh air chómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort. Agus do chaith an cómh-sheirbhíseach é féin ar an dtalamh, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad leat an iomláine. Ní dhéanfadh, ámhthach; ach d’imthigh sé agus chuir sé sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiaca. Ach nuair a chonaic a chómh-sheirbhíseach-sin cad a bhí déanta, tháinig buairt ana-mhór ortha, agus thánadar agus d’innseadar do’n tighearna gach nídh fé mar a thuit amach. Ansan do ghlaoidh a thighearna ar an bhfear san, agus dubhairt sé leis: A sheirbhísigh mhalluighthe, do mhaitheas-sa na fiacha go léir duit-se, toisg tu ’ghá iarraidh orm; Nár chóir, d’á bhrígh sin, duit-se truagh agam-sa dhuit-se? Agus bhí fearg ar an dtighearna agus thug sé suas do na céasdóiríbh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir. Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair ó chróidhe.

Maitiú 17

CAIBIDIOL 17.

An t-Atharú gné ar Chríost. An leanbh a bhí n-a gheilt d’á leigheas aige. D’innis sé a pháis a bheith ag teacht, agus dhíol sé an didrachma.

Agus sé lá ’na dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith, Agus tháinig atharú cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta. Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis, Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias. Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth ar an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dhílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis. Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuitheadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha. Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubhairt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh. Agus d’fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin. Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.
Agus d’fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh. Ach deirim-se libh go dtáinigh Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha. Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó.
Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair: A Thighearna, ar seisean, dein trócaire ar mo mhac; mar tá sé ’n-a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic. Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas. Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht dhíth-chreidimh dho-theagasgtha, an fada a bheidh mé i n-bhúr measg? an fada a chuirfead suas libh? Tugaidh chúgham anso é. Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach. Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach? Agus dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n-easba creidimh. Go deimhin adeirim libh, má bhíonn fiú oiread gráinne de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistireóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas a dhéanamh. Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trósgadh.
Agus nuair a bhíodar ’n-a gcómhnuidhe i nGaililí, dubhairt Íosa leó: Tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine; Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.
Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann. Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n-a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta? Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D’á bhrígh sin tá an chlann saor. Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na fairaige agus caith dubhán; agus an chéad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é agam-sa agus asat féin.

Maitiú 16

CAIBIDIOL 16.

Críost ghá dhiúltú cómhartha ó neamh a thaisbheáint dos na Fairisínigh. Admháil Pheadair agus a thoradh dhó; a imdheargadh mar gheall ar chur i n-aghaidh páise Chríost. Ní foláir do chualacht Chríost uile iad féin do shéanadh.

Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh. Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt sé leó: Deirtí-se um thráthnóna, Beidh soineann ann, mar tá an spéir dearg; Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh do dorcha. Tá fhios agaibh conas gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire dh’aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.
Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó. Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach. Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn. Agus bhí a fhios san ag Íosa agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh? Ná fuil tuisgint agaibh fó, nó nách cuimhin libh na chúig bhulóga do’n chúig mhíle duine, agus an mó ciseán a thógabhair? Ná na seacht mbulóga dó’n cheithre mhíle duine, agus an mó ciseán a thógabhair? Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach? Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh’é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.
Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine? Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh. Agus dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h-é mé? Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí. Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillosigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais. Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tu, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais. Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.
Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é fein a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulag ós na sínsearaibh agus ós na Sgríbhneóiribh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá. Agus do thóg Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san ort-sa. Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.
Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiadh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é. Mar, cad é an tairbhe do duine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabhairfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha. Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.

Maitiú 15

CAIBIDIOL 15.

Na Sgríbhneóirí d’á n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan, agus a lán eile d’á leigheas aige agus bia aige ’á thabhairt do cheithre mhíle duine le seacht mbológaibh.

Ansan do tháinig Sgríbhneóirí agus Fairisínigh ag triall air ó Ierúsalem, agus dubhradar: Cad chuige go mbrisid do dheisgiobhuil-se nósa na sean? Óir ní níghid siad a lámha nuair a chaithid siad bia. Agus d’fhreagair sé iad, agus dubhairt: Cad chuige go mbriseann sibh-se dlígh Dé ar son bhúr sean-nós? Óir deir Dia: Tabhair do t’ athair agus do d’ mháthair onóir; agus, An t-é dhéanfaidh easgaine ar a athair nó ar a mháthair curtar chun báis é. Deir sibh-se, ámhthach, Pé duine adeir le n-a athair nó le n-a mháthair, Gach tabharthas d’á dtugaim-se uaim, beidh a thairbhe agat-sa; Agus ní onórfaidh sé a athair ná a mháthair; agus tá aithne Dé curtha agaibh ar neamhnídh ar son bhur sean-nós. A chluanaidhthe, is maith a thargair Isáias i nbhúr dtaobh nuair adubhairt sé: Onóraid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe. Agus is onóir gan bhunús a thugaid siad dom, ag múineadh teagaisg agus aitheanta daoine.
Agus do ghlaoidh sé chuige an pobul, agus dubhairt sé leó: Cloisidh agus tuigidh: Ní h-é an rud a théigheann isteach sa bhéal a shailigheann an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, siné a shailigheann an duine. Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san? Ach d’fhreagair seisean: Gach curadóireacht nár chuir m’Athair neamhdha-sa, stracfar as a phréachaibh é. Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfidh siad araon sa díg. Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt: Mínig dúinn an tsoluíd úd. Agus dubhairt seisean: Agus an bhfuil sibh-se féin gan tuisgint fós? Ná tuigeann sibh, gach nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos sa bholg, agus go n-imthigheann sé sa bhfiailteach? Ach na neithe a thagann as a mbéal, is ó’n gcroidhe a thagaid siad; agus isiad a shailigheann an duine. Óir is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dúnmharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair éithigh, diamhasla; Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh’ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.
Agus d’imthig Íosa as an áit sin, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin. Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan. Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n-ár ndiaidh. Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó theaghlach Israéil. Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi. Agus d’fhreagair sé: Ní maith an rud bia na leanbh a thabhairt dos na coileánaibh. Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin na brúscar a thuiteann ó bhórd a dtighearnaí. Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.
Agus d’imthigh Íosa ó’n áit, agus tháinig sé go bruach mara Ghaililí; agus chuaidh sé suas ar chnoc, agus shuidh sé ann. Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá chosaibh iad, agus do leighis sé iad; I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.
Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid said ar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh. Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de shluagh? Agus dubhairt Íosa leó: An ’mó bulóg agaibh? Agus dubhradar-san, Seach mbulóga, agus raint d’iasgaibh beaga. Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe ar an dtalamh. Agus thóg sé na seacht mbulóga agus na h-iasga, agus ghaibh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san do’n tsluagh iad. Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu; Agus an bia briste do fágadh, do thógadar é i seacht gciseánaibh lána. Agus isé méid daoine a chaith bia ann ná cheithre mhíle duine. Lasmuigh de miondaoinibh agus de mhnáibh.
Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh Magedan.