Guaire ch.1

GUAIRE.

Caibideal a hAon.

Aodh Dubh agus Aodh Fionn.

Bhí Suíbhne Meann in’ árdí ar Éirinn, agus bhí Aodh mac Duach Duibh ’na rí ar chrích Oirialla, agus Aodh Fionn mac Feargna ’na rí ar an mBréifne. Le línn an trír sin is ea ’ bhí Guaire mac Colmáin ’na rí ar Chonnachtaibh. Do tugtí Guaire Aidhne, leis, mar ainm air, agus Guaire an oinigh. Is é cúis ’na dtugtí Guaire an oinigh mar ainm air, mar bhí sé amu’ air nár eitigh sé aon duine riamh ar pé rud a hiarrtí air.

Bhí aicme daoine in Éirinn an uair sin agus bhí saol breá acu. B’iad san na filí. Bhídís ag imeacht ó thig rí go tigh rí eile, agus an rí a chuireadh cóir mhaith orthu dheinidís dánta breátha dhá mholadh. Bhíodh na dánta chómh maith san go leanaidís i mbéalaibh na ndaoine, ní hamháin an fhaid a mhaireadh na daoine sin, ach ó shliocht go sliocht, ar feadh céadta blian go minic. An rí ná cuireadh an chóir orthu chómh maith agus a mheasaidís ba cheart cóir a chur orthu, do cháinidís é; agus bhíodh an chainnt sa cháineadh chómh líofa, chómh gunta, chómh nímhneach san, go bhfanadh an cáineadh i mbéalaidh na ndaoine chómh fada díreach agus d’fhanadh an moladh, nú b’fhéidir níba shia. Is minic gur sia an cuímhne a cimeádtar ar an ndrochfhocal ná ar an bhfocal fónta.

Bhíodh a rí féin ar na filíbh, agus rí-ollamh a tugtí air. Ní héinne amháin, ná beirt, ná triúr, a bheadh ag gluaiseacht mar chuallacht, in éineacht leis an rí-ollamh san, ó thigh rí go tigh rí eile; ach b’fhéidir daichead duine, nú céad duine, nú deich nduine & daichead. Thiocfaidís nuair ba mhaith leó féin é, agus d’fhanfaidís an fhaid ba mhaith leó féin é, agus d’imeóidís nuair ba mhaith leó féin é. An rí ’na dtiocfaidís ag triall air, dá dtaispeánadh sé go raibh aon doicheall aige rómpu, d’aoirfidís é nuair a bheidís ag imeacht uaidh; agus níorbh fhada go mbeadh an aoir sin i mbéal an uile dhuine, óg agus aosta, i ríocht a namhad. Ní nárbh iúnadh, do dheineadh gach rí a dhícheall ar gan an aoir do thuilleamh, agus ar an moladh do thuilleamh dá mb’fhéidir in aon chor é. Dheinidís breis agus a ndícheall. Dheinidís éagóir throm go minic orthu féin agus ar na daoine a bhíodh fúthu, a d’iarraidh na n-aoir do sheachaint agus a d’iarraidh an moladh do thuilleamh. Is minic a bhídís beó bocht, agus b’fhéidir múchta i bhfiachaibh, sara mbeadh an chuideachta imithe uathu; agus gur mó lá agus mí agus bliain, b’fhéidir, a bheadh le cur díobh acu sara mbeidís arís sa mhaise chéanna ’na rabhadar sara dtáinig an chuideachta ag triall orthu.

Ach, donas an scéil ar fad, b’fhéidir, tar éis iad féin do chreachadh agus do mharú le hobair, ag brath air go molfí iad, gur cáineadh agus aíoradh agus spídiúchán agus tarcaisne a tabharfí dhóibh mar dhíolaíocht.

Uaireanta do thiteadh so amach. Bheadh rí éigin ’na mbeadh drochaigne ag na filíbh do. Ní leogfaidís orthu san a bheith amhlaidh. Bhuailfidís chuige ar chuaird ollúnachta. B’fhéidir go mbeadh coinne aige leó, nú b’fhéidir ná beadh. Chuirfeadh sé na mílte fáilte rómpu. Thabharfadh sé dhóibh “nua gacha bídh agus sean gacha dí”. Bheadh sé féin agus a theaghlach go léir ag soláthar chúthu agus ag friothálamh orthu. Ar ball do theastódh rud éigin uathu nárbh fhéidir a dh’fháil. Thaispeánfaidís an míshásamh a bheadh orthu. Chuirfeadh san, b’fhéidir, fearg ar an rí chun a mhuíntire féin, toisc nár féadadh an rud san do sholáthar. Do leogfadh na filí orthu gur chúthu féin a bheadh an fhearg. Mhéadódh san an fhearg. Ansan d’éireódh na filí agus d’imeóidís as an áit ag aíoradh agus ag cáineadh an rí, agus ag spídiúchán air, agus dhá ínsint ar fuid na hÉireann cad í an easonóir agus an droch-chóir agus an tarcaisne a thug an rí sin dóibh. Ansan bheadh díoltas déanta acu air, agus a ndrochaigne féin imeartha acu air, agus bheadh brón curtha acu ar cháirdibh an rí sin, ar fuid na hÉireann, agus áthas curtha acu ar a namhdaibh.

Mar adúradh, bhí Aodh mac Duach Duibh agus Aodh Fionn in éineacht ’na ríthibh Oirialla agus Bréifne, agus bhí formad mór acu lena chéile, i dtreó, aon ghníomh fónta a dheineadh rí acu nárbh fholáir leis an rí eile gníomh ab fheárr ná é do dhéanamh. Níor mhar a chéile, áfach, an cumas a bhí acu araon ar na gníomharthaibh maithe ’ dhéanamh; mar is amhlaidh a bhí duine acu agus é lán de shaibhreas, i dtreó go raibh cumas aige ar a chuid saibhris do chur chun tairbhe do gach éinne ’ bheadh ’na ghátar. B’in é rí Bréifne. Ní raibh puínn saibhris ag an bhfear eile, ag rí Oirialla, ach bhí sé cróga gaisciúil, agus dheineadh sé mórán tairbhe dá cháirdibh lena chrógacht agus lena ghaisciúlacht. Nuair a dheineadh an fear saibhir tairbhe lena chuid saibhris, bhíodh an fear cróga a d’iarraidh tairbhe éigin ba mhó ná é sin do dhéanamh lena chrógacht; agus nuair a dheineadh an fear cróga tairbhe mór éigin lena chrógacht, bhíodh an fear saibhir a d’iarraidh buachtaint ar an dtairbhe sin leis an úsáid a dheineadh sé dá chuid saibhris. Déarfadh duine nárbh fholáir nú go raibh saol sámh, ar gach taobh, ag na daoine a bhí fúthu, ach ní deir an scéal go raibh.

Má bhí búntáiste ag Aodh Fionn, toisc an saibhreas go léir a bheith aige, bhí búntáiste ’na choinnibh sin ag Aodh Dubh; mar bhí sciath uathásach aige, sciath a bheireadh bua dho i gcath pé neart a bheadh ’na choinnibh. Dubhghiolla ab ainm don scéith sin. Nuair a chíodh an namhaid an sciath sin i láthair catha ní fhanadh neart ná meanma iontu. Nuair a chídís í ag déanamh orthu d’iompaídís, agus do theithidís. Chuireadh an sciath sin an teitheadh orthu pé neart sló a bheadh acu, nú pé luíghead nirt sló a bheadh ’na gcoinnibh.

Bhí an sciath sin ag baint codladh na hoíche d’Aodh Fionn. Níorbh fhéidir do an lámh uachtair ’ fháil i gceart ar Aodh Dubh, in sna dei-ghníomharthaibh, an fhaid a bhí an sciath sin aige. Cheannódh sé í, ach dá mhéid saibhreas a bhí aige ní cheannódh an saibhreas an sciath. Ní thabharfadh Aodh Dubh an sciath sin uaidh ar shaibhreas na hÉireann go léir, ní nárbh iúnadh. Bhí Aodh Fionn ag machnamh agus ag machnamh féachaint conas ’ fhéadfadh sé teacht ar an scéith, agus is amhlaidh a bhíodh gach machnamh ag dul sa mhuileann air go dtí gur thárla ní áirithe dho.

Dallán ab ainm don rí-ollamh a bhí an uair sin ar fhilíbh na hÉireann. Do thárla go dtáinig sé ar chuaird ollúnachta ag triall ar Aodh Fionn. Bhí an saibhreas ag Aodh Fionn, agus dá bhrí sin is ag triall air ba mhaith leis na filíbh teacht. Níor mhór do an saibhreas a bheith aige. Aicme chostasúil ab ea iad. Bhí trí naonúir de chuallacht an uair sin ag an rí-ollamh, ag Dallán. “Ach,” adéarfaidh duine, b’fhéidir, “cad é a bhrí an méid sin!” Fan go fóill. Bhí a bhean agus a chlann in éineacht leis an rí-ollamh, agus bhí a sheirbhísigh féin agus seirbhísigh a mhná in éineacht leis. Bhí a bhean agus a chlann agus a sheirbhísigh féin in éineacht le gach file de sna trí naonúraibh a bhí i gcuallacht an rí-ollaimh. Bhí a chapaill agus a charbad ag an rí-ollamh, agus bhí a chapall féin agus a charbad féin ag gach file de sna trí naonúraibh. Bhí ara do gach carbad, agus giolla do gach capall. Bhí, ansan, coin agus gadhair agus éanlaithe, cearca agus géanna agus lachainí, ba agus caoire agus gabhair, agus cailíní agus buachaillí chun aireachais a thabhairt dóibh go léir; i gcás, ar ball, nárbh fholáir don rí ’na dtiocfaidís ag triall air bheith saibhir go maith nú bheadh sé thiar air sara mbeadh sé scartha leó.

Ach bhí an saibhreas ag Aodh Fionn, agus ní raibh aon bheann aige ar an gcostas. Chuir sé cóir an uair sin orthu ní b’fheárr ná mar a chuir sé aon uair roimis sin dá dtánadar chuige. Bhí a chúis féin leis sin, mar a chífar ar ball. Níor thuigeadar san, áfach, go raibh aon chúis aige leis ach an chúis a bhíodh i gcónaí aige leis, .i. chun a thaispeáint gurbh fheárr d’fhear é, agus gurbh fheárr de rí é, ná Aodh mac Duach.

Persons and other proper names

Aodh Dubh: Aodh mac Duach Duibh, king of Oriel.
Aodh Fionn: Aodh Fionn mac Feargna, king of Breifne.
Dubhghiolla: the name of the shield belonging to the king of Orialla.
Guaire mac Colmáin: a king of Connaught also referred to here as Guaire Aidhne. In history, Guaire Aidne mac Colmáin was king of the Uí Fiacrach Aidhne in 655-663 AD.
Suíbhne Meann: Suibne Menn, high king of Ireland. In history, he became high king around 615 AD and died in 628 AD.

Places

Aidhne: the territory of the O’Heynes in Co. Galway.
Bréifne: an ancient kingdom in Cavan and Leitrim and parts of Meath and Sligo held by the Uí Briúin Bréifne.
Connachta: Connaught, a plural noun, with Connacht in the genitive and Connachtaibh in the dative.
Oirialla: the ancient kingdom of Oriel, comprising the counties of Louth, Monaghan and Armagh, and parts of Fermanagh, Tyrone, Derry and South Antrim.

Foclóirín

aoir: “lampoon, satire”.
aoirim, aíoradh: “to lampoon, satirise”, or aoraim, aoradh in the CO. The forms aoirim and aíoradh reflect the spellings aoirfidís and aoiradh in the original here, but research required on all forms of this word.
arís: “again”. PUL used the spelling airís, indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/.
buaim, buachtaint: “to be victorious, to win”, or buaim, buachan in the CO. Buachtaint air, “to defeat; to beat in terms of excelling or surpassing”.
búntáiste: “advantage”, with a long u.
caibideal:caibidil, “chapter”. PUL seems to have pronounced this word with a broad l, /kabʹidʹəl/.
carbad: “chariot”, pronounced /kɑrəbəd/. Spelt cárbad and cárbat in the original of PUL’s Niamh, PUL may have had /kɑ:rbəd/ or /kɑ:rbət/ in this word.
cás: “case”. I gcás, “in such a way that”, followed by a go/ná clause.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in the CO.
cimeádaim, cimeád: “to keep”, or coimeádaim, coimeád in the CO. this word and all cognates (chimeádaidís, etc) have a broad c in the classical spelling and in the CO, but a slender c or ch (as applicable) in WM Irish: /kʹi’mʹa:d/, /xʹi’mʹa:didʹi:ʃ/, etc. Note that the the CO distinction between coimeád, “keep”, and coimhéad, “watch over”, does not obtain in WM Irish: coimhéad is an Ulster word.
crích: “territory, region”, or críoch in the CO, which preserves the historical nominative.
cú: “dog (especially a greyhound)”, with con in the genitive singular and plural, coin in the dative singular, and coin in the nominative plural (where the CO has cúnna). is feminine in WM Irish, but masculine in the CO.
cuaird: “visit”, or cuairt in the CO.
dei-ghníomh: “good deed”, or dea-ghníomh in the CO. Pronounced /dʹəi-ɣnʹi:v/.
deinim, déanamh: “to do”, or déanaim, déanamh in the CO, where use of the historic dependent form is generalised. Deinim derives from a corruption of the historic absolute form, do-ghním.
droch-chóir: “poor hospitality, accommodation or provision”.
éanlaith: “birds, fowl”. This collective word is normally used in the plural, éanlaithe, to simply mean “birds”.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in the CO. Friothálamh ar dhuine, “to wait on/serve someone”.
fuid:ar fuid, /erʹ fidʹ/, “throughout”, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí), but it is clear from Guaire that this distinction is not always adhered to
gach: “each, every”, with vestigial use of a genitive form here, gacha. Nua gacha bídh agus sean gacha, “fresh food and old drink, a real feast” (or literally, “the new of each food and the old of each drink”), a common phrase in old stories.
gadhar: “dog”, pronounced /gəir/.
gaisciúil: “warlike, valiant”.
gaisciúlacht: “valour, heroism”.
gunta: “wounded” or “incisive, forceful, trenchant”; gonta in the CO. Pronounced /guntə/.
ínsim, ínsint: “to tell”, or insím, insint in the CO.
iúnadh: “wonder, surprise”, ionadh. Pronounced /u:nə/.
lacha: “duck”, with lachainí in the plural, where the CO has lachana.
leogaim, leogaint:“to let, allow”, ligim, ligeanin the CO.
luíghead: “smallness, fewness”, or laghad in the CO. Pronounced /li:d/. The original spelling is kept here, as the CO version does not give the correct pronunciation.
meanma: “good spirits, courage”. The form found here is identical to that used in the CO, but PUL used meanmna in his novel Niamh. Guaire was edited by the Cónall Ceárnach (Feardorcha Ó Cónaill), and this Connaughtman may have had a considerable influence on the final spelling of this work. Pronounced /mʹanəm(n)ə/.
muileann: “mill”. Ag dul sa mhuileann air, “getting beyond his grasp, baffling him”.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative. Namhaid is also used in the plural, where naimhde would stand in the CO. With nominative singular and plural both namhaid and genitive singular and plural both namhad, it is only morphologically apparent when the plural is being used with the dative plural, namhdaibh.
nímhneach: “venomous, deadly”, pronounced /nʹiːnʹəx/.
nú: “or”, or in the CO.
oineach: “honour, good name; generosity”. This word is listed under both oineach and eineach in FGB, probably implying the pronunciation is /enʹəx/.
ollamh: “master-poet”. Rí-ollamh, “chief ollamh of Ireland, chief poet in ancient Ireland”.
ollúnacht: “bardic profession”. Cuaird ollúnachta, “a visit or circuit in capacity as a bard around Ireland”.
pé: “whichever, whatever”.
rí: “king”. Note PUL’s use of ríthe, rather than the more common WM forms, rithe or rite, as the plural.
sara: “before”, or sula in the CO.
sciath: “shield”, with scéith in the dative.
slua, slóite: “army”. PUL normally forms the plural of this word, sluaite in the Standard, with an -ó-. While IWM shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse. The medial -ó- is therefore retained wherever it was given in the original, including in the genitive plural sló (slógh), for slua.
soláthraím, soláthair: “to provide, supply, get, procure”. Ag soláthar chúthu, “fetching and providing for them”. Pronounced /slɑːr’hiːmʹ, slɑːhər/.
thiar: “behind”. Tá sé thiar air, “he is in a bad way, he has been set back, is behindhand”.