Gníomhartha na nAspal, Caibideal a Dó

An Sprid Naomh dá ghlacadh ag na deisceabalaibh. An tseanmóin a thug Peadar uaidh don phobal. Cráifeacht na ndaoine do ghlac an creideamh ar dtúis.

 Agus nuair a críochnaíodh laethanta na Cíncíse bhíodar go léir in éineacht in aon áit amháin, Agus tháinig go hobann fuaim ó neamh mar ’ bheadh fuaim gaoithe móire ag teacht agus do líon sé ar fad an tigh ’na rabhadar ’na suí. Agus do taispeánadh dóibh mar ’ bheadh teangthacha tine agus iad deighilte, agus do shuigh sé ar gach duine acu, Agus do líonadh iad go léir den Sprid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolartha, fé mar a thug an Sprid Naomh dóibh labhairt.

Agus bhí ’na gcónaí in Ierúsalem Iúdaígh, daoine diaga as gach náisiún fén spéir. Agus nuair a leath an scéal san do chruinnigh na daoine agus bhí mearathall aigne orthu, mar d’airigh gach duine acu a theanga féin acu san dá labhairt. Agus bhí uathás orthu go léir agus iad ag déanamh iúnadh, agus deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir atá ag cainnt? Agus conas a thárla gur airigh gach duine againne theanga dhúchais féin ’nar tógadh é? Párthaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cónaithe Mhesopotámia, Iúdaéa agus Chapadócia, Phontuis agus Ásia, Phrigia agus Pamphilia, na hÉigipte agus na gcríoch san Libia atá tímpall ar Chiréné, agus daoine iasachta ón Róimh, Iúdaígh leis agus proseilítigh, Créiteacha agus Arabaigh; d’airíomair iad ag leabhart ’nár dteangthachaibh féin ar oibreachaibh iúntacha Dé. Agus bhí uathás orthu go léir agus iad ag déanamh iúnadh agus deiridís lena chéile: Cad é seo mar obair? Agus bhí tuilleadh acu ag déanamh magaidh agus deiridís: Lán d’fhíon nua atáid siad san.

Ansan d’éirigh Peadar ’na sheasamh, agus an t-éinne déag taoibh leis, agus d’árdaigh sé a ghlór agus do labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir, a lucht cónaithe Ierúsalem, bíodh ’ fhios agaibh an méid seo, agus glacaidh in úr gcluasaibh mo chainnt! Mar ní har meisce atáid said so, mar is dó’ libhse, óir níl tagaithe ach an tríú tráth den lá. Ach sid é an ní adúradh ó bhéal an fháidh Ióél: “Agus tiocfaidh in sna laethibh déanacha, adeir an Tiarna, doirtfead as mo Sprid ar gach feóil, agus déanfaidh úr gclann mhac agus úr gclann iníon targaireacht, agus chífidh úr bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhrithe dúr seanóiríbh. Agus doirtfead amach as mo Sprid, in sna laethibh sin, ar mo bhuachaillíbh agus ar mo chailíníbh, agus déanfaid siad targaireacht; Agus taispeánfad nithe iúntacha sa spéir thuas agus ar an dtalamh thíos, fuil agus tine agus gal deataigh. Iompófar an ghrian ’na doircheacht agus an ghealach ’na fuil, roimh theacht do lá an Tiarna, an lá mór, sofheicse. Agus is ea ’ bheidh, an uile dhuine do ghlaofaidh ar ainm an Tiarna saorfar é.” A fheara Israéil, éistidh leis na bréithribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoillsigh Dia in úr meascsa leis na cómhachtaibh, agus leis na hiúnaíbh agus leis na solaoidíbh a dhein Dia tríd in úr lár, mar is eól díbh féin, Do tugadh an duine sin a cómhairle chínnte agus a roimheólas Dé, agus do dheineabhairse é ’ chéasadh chun báis le lámhaibh na gcuirpeach. Ach do thóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhní, de bhrí nárbh fhéidir go gcimeádfí eisean féna chumas. Óir deir Dáibhid ’na thaobh: Do chínn roim ré an Thiarna im fhianaise de ghnáth, óir tá sé ar mo dheis, ionas ná corrófí me. Uime seo do ghlac mo chroí áthas agus dhein mo theanga gáirdeachas, agus ’na theannta san gheóbhaidh mo chuid feóla suaimhneas i ndóchas. De bhrí ná fágfair m’anam in ifreann agus ná leogfair do t’Aon Naofa truailliú a dh’fheiscint. Thugais eólas dom ar bhóithribh na beatha agus lionfair me lán d’áthas led ghnúis.” A fheara, a bhráithe, ní miste labhairt go dána libh i dtaobh an phátriáirc Dáibhid, go bhfuil sé marbh, curtha, agus go bhfuil a uaigh ’nár measc go dtí an lá atá inniu ann. Fáidh ab ea é agus bhí ’ fhios aige gur dhearbhaigh Dia dho go suidhfeadh aon de shíol a árann ’na chathaoir, Agus do chonaic sé roim ré aiséirí Chríost agus do labhair sé air, nár fágadh in ifreann é agus ná feacaigh a chuid feóla truailliú. Do thóg Dia suas arís an tÍosa so, agus is fínnithe sinne go léir air sin. Do tógadh suas é, dá bhrí sin, ar deasláimh Dé agus de réir mar a fuair sé ón Athair an gheallúint i dtaobh an Sprid Naoimh, do dhoirt sé amach é seo, agus chíonn sibhse é agus airíonn sibh é. Óir níor chuaigh Dáibhid suas ar neamh; ach deir sé féin: “Duairt an Tiarna lem Thiarna: Suigh ar mo dheis, Go gcuiread do namhaid mar thaca féd chosaibh”. Bíodh ’ fhios dá bhrí sin, go dearfa ag gach teaghlach in Israél, Íosa so a dheineabhairse a thárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tiarna dhe agus Críost.

Nuair ’ airíodar an méid sin tháinig aithreachas orthu agus dúradar le Peadar agus leis na haspail eile: A fheara, a bhráithre, cad ’tá le déanamh againn? Agus duairt Peadar leó: Deinidh, ar seisean, aithrí, agus glacadh gach duine agaibh baiste in ainm Íosa Críost, ionas go maithfí úr bpeacaí dhíbh, agus ansan glacfaidh sibh tabharthas an Sprid Naoimh. Óir is díbhse agus dúr sliocht an gheallúint, agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go nglaofaidh ár dTiarna Dia. Agus le mórán eile focal bhí sé ag deimhniú dhóibh agus ag tathant orthu, agus deireadh sé: Cimeádaidh sibh féin saor ón sliocht aimhleasta so. Ansan, an mhuíntir a ghlac a chómhrá do baisteadh iad, agus do glacadh an lá san tímpall trí mhíle duine.

Agus bhíodar seasmach do theagasc na nAspal, agus i gcumann an aráin do bhriseadh, agus in sna húrnaithe. Agus do cuireadh eagla ar an uile dhuine; agus do deineadh mórán eile míorúiltí agus solaoidí trí sna hAspail in Ierúsalem, agus bhí eagla mór ar na daoine go léir. Agus gach ar chreid bhíodar i bhfochair a chéile agus gach ní coitian acu. Do dhíolaidís amach a sealbhas agus a maoin agus do roinnidís é ar an mbuín go léir fé mar a bhíodh gá ag éinne leis. Agus d’fhanaidís do thoil a chéile sa teampall gach lá, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh, do chaithidís a gcuid bíd in áthas agus in aoine croí, Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag an daoine go léir leó. Agus bhí an Tiarna, in aghaidh an lae, ag méadú na buíne a bhí le sábháil.

Gníomhartha na nAspal, caib. 1

Caibideal 1.

Deasgabháil Chríost. Maitias dá thoghadh in inead Iúdáis.

Do dheineas an chéad chainnt, a Theophiluis, ar na nithibh go léir a thosnaigh Íosa ar dhéanamh agus ar theagasc, Go dtí an lá nar deasgabháladh é tar éis a aitheanta thabhairt do sna hAspalaibh a thoibh sé, tríd an Sprid Naomh.

Agus tar éis é féin a thaispeáint beó dhóibh i ndiaidh a pháise, le mórán dearbhaithe, i gcaitheamh daichead lá, dhá thabhairt féin le feiscint dóibh agus ag labhairt leó ar ríocht Dé.

Agus d’ith sé bias na dteannta agus d’órdaigh sé dhóibh gan imeacht a’ Ierúsalem ach fanúint le geallúint an Athar, an gheallúint, (ar seisean) a chloiseabhair óm béalsa: Gur dhein Eóin baiste le huisce ach go ndéanfar sibhse do bhaisteadh leis an Sprid Naomh laistigh de bheagán laethanta. Agus an méid a bhí i bhfochair a chéile dhíobh do chuireadar ceist chuige agus dúradar: A Thiarna, an san aimsir seo a thabharfair an ríocht thar n-ais d’Israél? Ach duairt sé leó: Ní hagaibhse atá fios d’fháil ar na haimsiribh ná ar an tráthannaibh a chimeád an tAthair féna chómhacht féin. Ach glacfaidh sibh neart an Sprid Naoimh ag túirleacan ionaibh, agus beidh sibh in úr lucht fiadhnaise dhómhsa in Ierúsalem agus in Iudéa go léir agus i Samaría, agus go himeall an domhain ar fad.

Agus nuair a bhí an chainnt sin ráite aige go tógadh suad é os cómhair a súl agus do ghlac scamall as a radharc é. Agus an fhaid a bhíodar ag féachaint air agus é ag imeacht suas ar neamh, féach, bhí beirt fhear na seasamh na n-aice agus éadach geal orthu, Agus dúradar: A fheara Ghaililiacha, cad ab áil libh in úr seasamh ag féachaint suas chun neimhe? Íosa so atá tógtha suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma gcéanna, fé mar a chonacabhair ag dul suas ar neamh é.

Ansan do thánadar thar n-ais go Ierúsalem ón gcnuc ar a dtugtar Olibhet, cnuc atá i ngiorracht siúl lae sabóide do Ierúsalem. Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtarach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanúint, agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomá, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamas Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Shéamais. Bhíodar san go léir ag leanúint do thoil a chéile in úrnaithe mar aon leis na mnáibh agus le Muire Máthair Íosa agus lena bhráithribh.

In sna laethibh sin d’éirigh Peadar i measc na mbráithre agus duairt sé (agus bhí tímpall le céad agus fiche duine cruinnithe ann): A fheara, a bhráithre, ní foláir cómhlíonadh an Scriptiúra do thargair an Sprid Naomh trí bhéal Dáibhid i dtaobh Iúdáis, an fear a threóraigh an mhuíntir a ghoibh Íosa, an fear a háiríodh orainne agus do raibh páirt aige sa tseirbhís seo. Do fuair an fear san talamh le tuarastal a dhrochgnímh, agus do crochadh é agus do scoilt air na lár agus do thig na hinní go léir amach as. Agus tháinig fios an ní sin dá bhfuil de dhaoine in Ierúsalem, i dtreó gur tugadh ar an bpáirc sin, na dteangain sin, “Haceldama”, sé sin; páirc na fola. Agus tá scríofa i leabhar na Salm: “Deintear fásach dá n-áit cónaithe, agus ná bíodh duine a dhéanfaidh cónaithe ann”, agus, “Tugtar a chathaoir easpaig do dhuine eile”. Ní foláir dá bhrí sin, as na fearaibh seo atá i gcómhluadar linne i gcaitheamh na haimsire go léir na raibh an Tiarna Íosa isteach agus amach nár measc. Ag tosnú ón mbaiste a dhein Eóin go dtí an lá do tógadh suas uainn é, duine acu san do bheith in’ fhínné ar a aiséirí in éineacht linne.

Ansan do shocraíodar ar bheirt, ar Ióseph ar a dtugtí Barsabas agus go mba shloinne dho Iústus, agus ar Mhaitias. Agus dheineadar úrnaithe agus dúradar: Deinse, a Thiarna, ós agat atá fios croí gach duine, a thaispeáint ceoca den bheirt seo is rogha leat, Chun go nglacfadh sé an t-inead seirbhíse agus aspalachta so do chaill Iúdás, ionas go raghadh sé in’ áit féin. Ansan do chuireadar ar chrannaibh dóibh é, agus do thit an crann ar Mhaitias agus do háiríodh é i dteannta an éinne-déag Aspal.