XVII. Íbirt ag Abraham.

Do gearradh an t-adhmad agus do socraíodh é ar muin an asail. Do ghluais an ceathrar, an t-athair agus an mac agus an bheirt bhuachaillí, agus an t-adhmad ar muin an asail acu, fé dhéin na háite na raibh an íbirt le déanamh. Bhíodar trí lá agus trí oíche ar an slí. Ba chruaidh an trí lá agus trí oíche iad ar Abraham. An mac san, a bhí ag dul amach sa chúigiú bliain fichid dá aois an uair sin, agus go rabhthas tar éis oiread san aimsire ’ chaitheamh ag feitheamh lena theacht ar an saol, agus go raibh croí a athar chómh greamaithe ann; agus é féin chómh séimh chómh grástúil, chómh soilbhir, chómh lán d’urraim dá athair agus dá mháthair, chómh lán de ghrá dhóibh; conas ’ fhéadfadh an t-athair sin an mac san do chur chun báis lena láimh féin agus ansan a chorp do loscadh le tine, in áirde ar altóir i ndúthaigh iasachta, i bhfad ó bhaile, ar mhullach cnuic éigin, i lár uaignis agus fiantais! Ba chruaidh an gníomh le déanamh é. Ba chruaidh an rud é, a iarraidh ar athair an mhic sin a leithéid do dhéanamh.

Nuair a bhí trí lá agus trí oíche caite acu ag cur na slí dhíobh do chonaic Abraham uaidh an cnuc. Ansan duairt sé leis an mbeirt bhuachailli fanúint mar a rabhadar “agus” ar seisean, “cimeádaidhse an t-asal anso agus raghadsa agus mo mhac chun na háite úd agus déanfaimíd an íbirt.” Ansan do thóg sé adhmad na híbirte agus thug sé d’Isaac é le hiompar, agus do thóg sé féin leis an tine agus claíomh. Chomáineadar leó ar an gcuma san ar feadh tamaill. Ar ball labhair an mac.

“Féach, a athair,” ar seisean, “tá an t-adhmad againn agus tá an tine againn, ach cá bhfuil an ní le híbirt?”

Scian trí chroí an athar ab ea an focal san. Ní raibh ann ach an bheirt. Is beag dá chuímhneamh a bhí ag an mac cad í an ghéire a bhí sa cheist a bhí curtha aige. Is beag dá chuímhneamh a bhí aige gurbh é féin a bhí le híbirt chómh luath agus a shroisfidís mullach an chnuic. Chuaigh an cheist trí chroí an athar. Níor labhair sé ar feadh tamaill. Duairt sé ar ball:—

“Tabharfaidh Dia féin dúinn an ní le híbirt, a mhic,” ar seisean.

Thánadar chun na háite. Dhein Abraham an altóir. Shocraigh sé an t-adhmad mar ba cheart chun na híbirte. Ansan do cheangail sé a mhac Isaac agus chuir sé ar an altóir é, anuas ar an adhmad. Gan amhras d’innis sé d’Isaac ar dtúis i dtaobh an órdaithe a bhí fálta aige ó Dhia, agus gan amhras, leis, do thoiligh Isaac chun na híbirte nuair a thuig sé gur le hórdú Dé a bhí an íbirt le deanamh.

Nuair a bhí Isaac ar an altóir agus é ceangailte do thóg Abraham an claíomh ’na láimh agus d’árdaigh sé a lámh chun an bhuille do bhualadh. Sara raibh uain aige ar an mbuille do bhualadh do labhair an t-aingeal leis as na flaithis de ghuth árd.

“A Abrahaim! A Abrahaim!” arsan t-aingeal.

“Táim anso, a Thiarna!” arsa Abraham.

“Ná bain leis an mac!” arsan t-aingeal. “Ná dein aon ní leis! Chím anois go bhfuil eagla Dé ort agus nár chimeádais uaim t’aonmhac féin!”

Lena línn sin d’fhéach Abraham thar a ghualainn. Chonaic sé reithe in achrann i sceachaibh, greim ag na sceachaibh ar adharcaibh air. Do scaoil sé na ceanglacha den mhac agus do rug sé ar an reithe agus cheangail sé é agus chuir sé ar an altóir é agus d’íbir sé é in inead an mhic.

An cnuc san ’nar dhein Abraham an méid sin thuas ar a bharra, Mora an ainm a bhí air, an uair sin. Bhí ainm eile ’na dhiaidh san air. Cnuc Chalbharaí a bhí ainm eile ’na dhiadh san air. B’é an cnuc céanna é ar ar fhuilig ár Slánaitheóir bás i bhfad ’na dhiadh san chun na cine daonna do shaoradh ó ifreann agus ó chómhachtaibh an áirseóra. D’iompair an Slánaitheóir an chruis chéasta go bárr an chnuic sin, i bhfad ’na dhiadh san, díreach mar a dh’iompair Isaac an t-adhmad an uair sin, i gcómhair na híbirte. Chuaigh Isaac saor ón íbirt an uair sin mar do thug Dia dá athair ní thar a cheann le híbirt. Thug an Slánaitheóir, moladh go deó leis, é féin in íbirt dá Athair Síoraí, thar cheann na cine daonna, agus chuaigh an chine daonna saor ón eascaine a bhí orthu trí pheaca an tsínsir.

Foclóirín

áirseóir: “adversary”, or áibhirseoir in the CO. An tÁirseóir, “the Devil”.
barra: “top”, /bɑrə/, a Munster colloquial form of bárr, /bɑ:r/. Both forms are found in WM Irish, but PUL commented in his Foclóir do Shéadna that barra tends to be used in the dative, as here.
Calbharaí: Calvary, where Christ was crucified. Spelt Calbharí in PUL’s translation of the gospels. It is unclear whether PUL had a broad or slender r here, but the CO form is Calvaire.
ceangal: “bond, tie”, with the plural here ceanglacha, where the CO has ceangail. Pronounced /kʹaŋəl, kʹaŋələxə/.
Cruis Chéasta: “crucifix”, or Cros Chéasta in the CO. The historic dative has replaced the nominative (cros) in this phrase. Pronounced /kriʃ xʹiastə/.
fiantas: “wilderness”, or fiántas in the CO. Pronounced /fʹiantəs/, there seems no justification for the síneadh fada in the CO. The original spelling was fiadhantas.
fuiligim, folag/fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. The preterite is d’fhuilig, where the CO has d’fhulaing.
reithe: “ram”.
sceach: “brier, bramblebush”.

XVI. Fromhadh ar Chreideamh Abrahaim.

Fé mar ’ ghealladar an triúr aingeal tháinig an t-am agus bhí an mac ag Sara, ag mnaoi Abrahaim. Do tugadh Isaac mar ainm ar an mac fé mar a bhí órdaithe. B’in é an mac a bhí geallta d’Abraham i bhfad roimis sin, an mac óna raibh sliocht Abrahaim le teacht, an tsliocht ar a raibh Slánaitheóir an domhain le teacht i gcolann daonna chun na cine daonna do shaoradh ó pheaca an tsínsir, de réir na geallúna úd a thug Dia dár gcéad athair agus dár gcéad máthair.

Le leamhnú Dé do leogadh mórán aimsire ’ dh’imeacht ón lá a gealladh clann d’Abraham agus do Shara sara dtáinig an chlann. Bhí an bheirt ag dul in aois go mór i dtreó nárbh fhéidir dóibh de réir nádúra aon tsúil a bheith acu le sliocht a bheith orthu. In ainneóin an aois, áfach, agus in ainneóin na haimsire fada níor tháinig aon lagachar creidimh ar Abraham i dtaobh na geallúna. Fuair sé tuarastal an chreidimh sin nuair a tháinig an mac le míorúilt ó Dhia chuige agus é féin suas le céad blian d’aois agus Sara deich mbliana agus cheithre fichid.

Ní foláir dúinn, áfach, a chimeád ’nár n-aigne, leis, nárbh ionann céad blian in aois duine an uair sin agus céad blian anois. Do mhairidís na daoine an uair sin níba shia ná mar a mhairid siad anois. An té a bheadh deich mbliana agus trí fichid anois bheadh sé chómh críonna agus ’ bheadh duine a bheadh céad blian an uair sin. Ach mar sin féin, dá mbeadh fear deich mbliana agus trí fichid anois agus a bhean trí fichid blian ba mhíorúilt mhór é clann a bheith acu.

Fromhadh ó Dhia ar chreideamh Abrahaim ab ea an gheallúint d’fhágaint chómh fada gan cómhlíonadh. Nuair a bhí an mac éirithe suas do dhein Dia fromhadh eile ar chreideamh Abrahaim. Bhí, gan amhras, grá ana-mhór ag Abraham don mhac san, an mac a gheall Dia dho agus a bhí chómh fada gan teacht. An mac ’na raibh oiread san ag brath air. An mac a bhí chun sleachta Abrahaim do dhéanamh chómh líonmhar. An mac ’na raibh le teacht uaidh lá éigin an tAon a bhí chun na cine daonna go léir do shaoradh ón eascaine do chuir peaca an tsínsir orthu. Níorbh iúnadh gur mhór ag á athair agus ag á mháthair é agus go raibh cion acu air agus grá acu dho thar mar is féidir d’éinne lasmu’ díobh féin a thuiscint i gceart. Ach do labhair Dia le hAbraham agus duairt sé an chainnt seo:—

“A Abrahaim! A Abrahaim!”

“Táim anso, a Thiarna,” arsa Abraham.

“An t-aonmhac san agat ’na bhfuil an grá agat do,” aduairt Dia leis, “tóg leat é agus dein é do íbirt chúmsa in íbirt loiscithe, ar chnuc a thaispeánfad duit.”

Ba chruaidh an t-órdú é. Dob ait an críochnú é, adéarfadh duine, ar an ngeallúint a tugadh le hoiread san deimhne agus do fágadh chómh fada gan cómhlíonadh. Ba chruaidh an cás é, a iarraidh ar an athair an mac san do chur chun báis lena láimh féin agus ansan a chuid feóla agus a chnámha do loscadh ’na luaithrigh ar altóir! Agus ansan dul thar n-ais abhaile agus a dh’ínsint don mháthair cad a bhí déanta!

Do thuig Abraham cruatan an scéil, ach do thuig sé gurbh é órdú Dé é. Ní duairt sé, “Is cruaidh é,” ná “Is deocair é.” Thuig sé gurbh é Dia a thug do an mac san agus go bhféadfadh Dia é ’ thógaint uaidh aon tráth ba thoil leis é, agus go raibh ar chumas Dé an gheallúint do chómhlíonadh pé rud d’imeódh ar an mac. Thuig sé in’ aigne ná raibh aige féin le déanamh ach imeacht agus an t-órdú a bhí fálta aige do chómhlíonadh.

D’éirigh sé san oíche agus ghoibh sé asal agus ghlaeigh sé chuige beirt bhuachaillí agus a mhac Isaac.

Foclóirín

deocair: “difficult”, deacair in the CO. Pronounced /dʹokirʹ/.
eascaine: “curse”.
fromhadh: “testing, trying, proving”, or promhadh in the CO. A rare, literary word. Consistently spelt fromadh with no lenition on the m in the original here; further research required.
leamhnaím, leamhnú: “to consent, command, enjoin”, or deonaím, deonú in the CO. Leamhnú Dé, “the will of God”. IWM shows this pronounced /lʹo:’ni:mʹ, lʹo:’nu:/, although PUL’s spelling may indicate his personal pronunciation was /lʹau’ni:mʹ, lʹau’nu:/.
míorúilt: “miracle”, pronounced /mʹi:’ru:hlʹ/.
sliocht: “race, stock, offspring”. A masculine word usually, but often found with t-prefixation after the article in the nominative singular, an tsliocht.
soilbhir: “pleasant, cheerful”. Pronounced /solʹivʹirʹ/.

XV. Íde ar Shodom.

An mhuíntir ’nar baineadh a radharc díobh d’imíodar ag dul amú ar fuid na cathrach. Ansan do labhair an bheirt fhear le Lot.

“Imigh,” ar siad, “agus má tá gaolta agat sa chathair seo labhair leó agus abair leo imeacht in éineacht leat amach as an gcathair mar táthar chun na cathrach do dhíothú. Táid peacaí na cathrach rómhíllteach i láthair Dé agus do chuir Dia anso sinne chun díbhfeirge do dhéanamh ar an áit agus ar na daoine mar táid siad ró-olc.”

D’imigh Lot agus do labhair sé leis an mbeirt fhear a bhí chun a bheirt iníon do phósadh. Nuair a dh’innis sé a scéal dóibh is amhlaidh a chromadar ar gháirí. Dúradar leis gan bheith ag déanamh magaidh faoi féin agus fúthu san.

Tháinig sé thar n-ais.

“Imigh féin agus do bhean agus do bheirt iníon amach as an gcathair seo,” arsan fear leis, “agus tugaidh aghaidh ar an gcnuc agus ná féachaidh in úr ndiaidh pé rud a dh’aireóidh sibh. Brostaigh ort! Tá sé ’na lá feasta! Do chuir Dia anso mise chun na cathrach so agus a bhfuil de dhaoine inti do ídiú agus ní féidir dom an ní sin do dhéanamh go dtí go mbeidh tusa agus do mhúintir ar láimh shábhála. Brostaigh! Is mar gheall ar Abraham a dh’órdaigh Dia tusa do chimeád saor ón íde.”

Ní raibh aon fhonn imithe ar Lot. Ní raibh sé ag imeacht ach go ríghin. Fé dheireadh do rug an t-aingeal ar láimh air, agus ar a mhnaoi agus ar gach duine den bheirt iníon agus do thairrig sé ’na dhiaidh amach as an gcathair iad. Beirt aingeal ab ea an bheirt fhear.

Chómh luath agus ’ bhí an ceathrar lasmu’ den chathair agus ó bhaol, do bhí an ghrian éirithe. Díreach tar éis éirí gréine is ea ’ thosnaigh an tine ar thitim as an spéir. Do thit an tine ’na cith mar a thitfeadh fearthainn agus dhein sí lasair de gach aon rud ’nar theangmhaigh sí leis. D’airigh an ceathrar an fhuaim lasrach laistiar díobh. Níor fhéach éinne acu siar ach bean Loit. Chómh luath agus d’fhéach sí siar dhein polla salainn di. Thug an t-aingeal an foláramh di agus ní raibh aon cheart aici féachaint siar. Do thit an cith tine ar chathair Shodoim agus ar chathair Ghomorrha agus ar na cathrachaibh eile mórthímpall. Ba gheárr ná raibh san áit ar fad ach lasair, agus ansan luaithreach agus an deatach ag éirí as an luaithrigh, agus ar ball, nuair a shéid an ghaoth an deatach agus an luaithreach chun siúil ní raibh aon rian de sna cathrachaibh le feiscint san áit, ná aon rud beó, ná crann, ná aon rud glas, ach an dúthaigh go léir ’na mhachaire ruadhóite.

D’éirigh Abraham ar maidin agus tháinig sé chun na háite ’nar scar sé an tráthnóna roim ré leis an dtríú duine den triúr. Bhí radharc ón áit sin ar na cathrachaibh. D’fhéach sé ’na dtreó. Ní fheacaigh sé tigh ná treabh ann. Ní fheachaigh sé ach an machaire ruadhóite agus an ceó ag éirí as, gan rud glas ná rud beó le feiscint air.

Tá an dúthaigh go léir riamh ó shin ’na ghrean thirim agus tá i lár an mhachaire, mar a rabhadar na cathracha mallaithe úd, an loch ar a dtugtar an Mhuir Mharbh.

Foclóirín

fé: “under”. Note that occasional use of faoi here, where would be more common in WM Irish.
feasta: usually “from now on”, but sometimes, as here, “by now; already”.
gáirim, gáirí: “to laugh”, gáirim, gáire in the CO.
grean: “gravel, grit”.
íde: “ill-treatment, abuse”, but sometimes, as here, “destruction”. Íde ar Shodom, “the destruction of Sodom”.
ídím, ídiú: “to destroy”.
An Mhuir Mharbh: “the Dead Sea”.
ruadhóim, ruadhó: “to scorch”. ’Na mhachaire ruadhóite, “a scorched plain”.
teangmhaím, teangmháil: “to meet; come into contact with, strike against, touch”, or teagmhaím, teagmháil. Pronounced /tʹaŋə’vi:mʹ, tʹaŋə’vɑ:lʹ/.
tirim: “dry”, pronounced /trʹimʹ/.
treabh: “house, homestead, farmstead”, or treibh in the CO. Presumably pronounced /trʹau/. Very often paired up with tigh in set phrases: níl tigh ná treabh acu, “they have neither house nor home”.

Drochiompar muíntir Shodoim.

XIV. Drochiompar muíntir Shodoim.

Bhí sé ’na thráthnóna um an dtaca ’nar scar Abraham leis an nduine den triúr a dh’fhan ag cainnt leis. Do thárla, le línn na haimsire céanna san, go raibh Lot ’na shuí ag geata cathrach Shodoim. Chonaic sé beirt fhear ag teacht ’na threó ón dtuath. Daoine iasachta ab ea iad dar leis. Níor dhaoine a bhain leis an gcathair iad. Bhí ’ fhios aige dá mb’ea go n-aithneódh sé iad, agus níor aithin. Thuig sé láithreach in’ aigne nár cheart leogaint dóibh imeacht ar fuaid na cathrach san ag lorg aíochta. D’éirigh sé agus chuaigh sé ’na dtreó. Bhí deallramh uasal orthu. Bheannaigh sé dhóibh agus d’úmhlaigh sé dhóibh go hurramúil agus go fáilteach:

“A uaisle,” ar seisean, “cuirfidh sibh comaoine mhór ormsa más é toil úr n-onóra teacht anso isteach im thigh agus fanúint ann agam i gcómhair na hoíche. Nídh úr gcosa agus caithidh bia agus cuiridh úr dtuirse dhíbh, agus ansan nuair a thiocfaidh an mhaidean beidh sibh neamhthuirseach agus féadfaidh sibh dul chun bóthair arís pé treó ’na bhfuil úr dtriall.”

“Ach!” ar siad san, “ní fiú dhúinn, ó tá an oíche chómh breá, an cheataí sin a dhéanamh duitse. Táimíd ana-bhaoch díot, a dhuin’ uasail fhónta, ach níl aon deacracht ann dúinn fanúint anso ar thaobh na sráide go maidin.”

Ní éireódh sé dhíobh, áfach, agus b’éigean dóibh dul leis isteach ’na thigh i gcómhair na hoíche.

Dhein sé cúram mór díobh. Chuir sé gach aon chóir orthu, cóir bhídh agus cóir dí agus cóir chodlata. Sara ndeaghadar a chodladh, ámh, do chruinnigh fir na cathrach, a lán díobh pé’r domhan é, agus bhíodar ag briseadh an dorais isteach chun teacht ar na fearaibh iasachta. B’in seanabhéas acu. Nuair a thagadh aon fhear iasachta chun a gcathrach níorbh fholáir leó é ’ dhéanamh chómh holc leó féin. Nuair ’ airigh Lot an fothram bhí ’ fhios aige cad a bhí uathu agus ba dhoiligh leis go mór an drochfhuadar a bhí fúthu. Chuaigh sé amach agus do labhair sé leó go réidh agus go cneasta, dhá iarraidh orthu leogaint do sna fearaibh iasachta, mar go rabhadar ar a choimirce féin. Is amhlaidh a dh’éiríodar chuige i dtreó go raibh sé féin i gcúntúirt uathu.

“Níl ionatsa féin ach duine iasachta sa chathair seo,” ar siad. “Cuir chúinn amach anso iad láithreach nú tabharfaimíd an drochúsáid chéanna dhuit féin!”

Do rugadar air agus bhíodar dhá stracadh leó. Nuair a bhíodar ag dul dian air do phreab an bheirt iasachta amach laistiar de agus rugadar air agus thairrigeadar chúthu isteach é agus dhúnadar an doras agus lena línn sin do baineadh radharc a súl dá raibh amu’, idir óg agus aosta. Níor fágadh aon léas radhairc acu. Do stad an fothram agus an challóid. Is amhlaidh a bhíodar go léir ag síneadh a lámh agus ag útamáil agus gan iad ábalta ar a dhéanamh amach cá raibh an doras a dúnadh ’na gcoinnibh, ná an tigh, ná aon doras eile, ná aon tigh eile. Nuair a chuireadh duine acu lámh ar dhuine eile mheasadh sé go mbíodh giolla aige chun é ’ stiúrú abhaile, ach gheibheadh sé tapaidh go leór go mbíodh an giolla chómh mór i ngá le giolla agus ’ bhíodh sé féin. Thugadar an chuid eile den oíche go hainnis. Bhí an teaspach bainte dhíobh glan. Bhí san tuíllte acu. Bhíodar chómh damanta san go múinidís drochiompar dá gclaínn sara dtagadh ciall in aon chor dóibh!

Foclóirín

aíocht: “lodging for the night; hospitality”.
baoch: “grateful”, buíoch, pronounced /be:x/ in WM Irish. Buidheach stood in the original.
callóid: “wrangle, quarrel”.
ceataí: “inconvenience”, or ciotaí in the CO. Pronounced /kʹa’ti:/. In WM Irish, a vowel remains pure in the syllable before a stressed long i, so, where the CO has ciotach and ciotaí, WM Irish has ciotach (“awkward”, /kʹi’tɑx/) and ceataí, forms that are logically derivable if it is assumed the original vowel was -ea- in both words. Dinneen’s dictionary, however, gives ciotach and not ceatach as the classical form of that word.
comaoine: “favour”, or comaoin in the CO. Both comaoin and comaoine are found in PUL’s Séadna.
damanta: “damnable, wicked”.
deallramh: “appearance”, dealramh. Pronounced /dʹaurəv/.
doiligh: “hard, difficult”. Is doiligh liom (rud a dhéanamh), “it pains me to do something”.
éirím: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ/ in WM Irish, and all cognates have /əi/ too. Éirí de dhuine, “to leave someone alone”.
giolla: “youth, page; manservant”, but here meaning “guide”.
i gcómhair: “for, in store for”. This phrase was uniformly spelt i gcóir in the original, in line with PUL’s view (cf. Notes on Irish Words and Usages) that this phrase derives from cóir, “proper arrangement (among other meanings)” and not cómhair, “presence”. He indicated he did not have a nasal vowel in this phrase, but the issue is complex, as his etymology seems faulty (The Dictionary of the Irish Language has i gcomhair) and it is possible that i gcómhair has become conflated with a separate phrase i gcóir, “ready” in WM Irish. In any case, nasalisation is not a noted feature of modern-day WM Irish, and so the CO form produces the correct pronunciation.
stiúraím, stiúrú: “to guide, direct”, or stiúraim, stiúradh in the CO.
stracaim, stracadh: “to tear”, or sracaim, sracadh in the CO.
tapaidh: “quick”, or tapa in the CO. Pronounced /tɑpigʹ/.
teaspach: “heat; ardour; animal spirits”, pronounced /tʹis’pɑx/. Tá an teaspach bainte dhe, “he has sobered up, cooled down”.
úr: “your (plural)”, bhur in the CO. Pronounced /u:r/.
urramúil: “respectful, deferential”, or urramach in the CO. Neamhurramach is found in PUL’s Niamh, so it is likely both words exist in WM Irish.
útamáil: “fumbling, groping”.

Ímpí Abrahaim.

XIII. Ímpí Abrahaim.

Nuair a bhí uain ag an dtriúr ar a dtuirse ’ bheith curtha dhíobh acu d’éiríodar agus chuireadar chun gluaiste. Do thuig Abraham um an dtaca san nár dhaoine saolta iad ach gur theachtairí ó Dhia iad. Nuair a bhíodar ag imeacht do ghluais Abraham in éineacht leó chun iad do thionnlacan tamall den tslí, chun urrama do thaispeáint dóibh. I dtreó cathrach Shodoim a thugadar aghaidh. Do ghéaraigh beirt acu sa tsiúl agus d’fhan an tríú duine ag siúl le cois Abrahaim. B’in é an duine acu ar ar thug Abraham “Tiarna.” Duairt sé le hAbraham, agus iad ag siúl le cois a chéile:—

“Ní féidir a chimeád ó Abraham cad ’tá beartaithe agam a dhéanamh. Tá peaca Shodoim agus Ghomorrha méadaithe go rómhór. Táim ag dul síos ag triall orthu.”

Do thuig Abraham in’ aigne go rabhthas chun na gcathrach san do dhíothú. Do sheasaimh sé os cómhair an Tiarna, agus do labhair sé.

“A Thiarna,” ar seisean, “is trua an duine macánta do dhíothú mar aon leis an ndrochdhuine! An míllfir an neamhchionntach mar aon leis an gcionntach? Má tá deich nduine is daichead sa chathair agus iad macánta an gcurfar chun báis iad in éineacht leis na drochdhaoinibh? Ná leogfair don chathair dul saor ar son an deichniúr is daichead, má táid siad ann?”

Do lean sé ag guí go cruaidh dhá iarraidh go leogfí don chathair dul saor ar son an deichniúr is daichead. Fé dheireadh do fuair sé an ghuí sin. Ansan do chrom sé ar a iarraidh ná míllfí an chathair má bhí cúigear agus daichead ann a bhí macánta. Tar éis plé go cruaidh ar feadh i bhfad duairt an Tiarna leis go leogfí saor an chathair má bhí cúigear agus daichead daoine macánta inti. Nuair a bhí a ghuí fálta ag Abraham sa méid sin do labhair sé arís.

“A Thiarna,” ar seisean; “níl ionamsa ach luaithreach. Ná bí i bhfeirg liom má labhraim arís lem Thiarna a thugann breith ar neamh agus ar talamh. Má gheibtear daichead duine fíoranta sa chathair cad a dhéanfair?”

“Má gheibhtear daichead duine fíoraonta sa chathair,” arsan Tiarna, “leogfar don chathair dul saor ar a son.”

“Iarraim ort, a Thiarna,” arsa Abraham, “ná bí i bhfeirg liom, ach cad a déanfar má tá deich nduine fhichid fíoraonta san áit?”

“Má tá deich nduine fhichid le fáil fíoraonta sa chathair, arsan Tiarna, ní míllfar an chathair.”

“A Thiarna,” arsa Abraham, “ó dheineas mo chainnt in aon chor déarfad focal eile lem Thiarna. Conas a bheidh an scéal má gheibhtear fiche duine fíoraonta san áit?”

“Má tá fiche duine fíoraonta sa chathair,” arsan Tiarna, “leogfar saor an chathair ar a son.”

“Ná bí i bhfeirg liom, a Thiarna,” arsa Abraham, “má labhraim aon fhocal amháin eile. B’fhéidir go bhfuil deichniúr fíoraonta ann.”

“Má tá deichniúr fíoraon aon,” arsan Tiarna, “ní míllfar an chathair.”

Ansan d’imigh an Tiarna agus tháinig Abraham abhaile chun a thí féin.

Is beag dá chuímhneamh a bhí muíntir na cathrach úd an uair sin go raibh Abraham ag guí chómh cruaidh chun Dé a d’iarraidh iad do shábháil!

Foclóirín

arís: “again”. PUL generally used the spelling airís, indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/, whereas Amhlaoibh Ó Loingsigh had /ə’ri:ʃ/, as shown in IWM.
cathair: “city”. Note that cathrach is both genitive singular and plural. Chun na gcathrach san is genitive plural.
cionntach: “guilty”, or ciontach in the CO. The spelling in the original with a double n points to the pronunciation /kʹu:ntəx/, stated in IWM as existing alongside /kʹuntəx/ (ciontach).
deichniúr: “ten people”, pronounced /dʹenʹ’hu:r/.
díothaím, díothú: “to destroy utterly; annihilate”.
fiche: “twenty”. Traditionally the genitive was fichead and the dative fichid, and either fichead or ar fhichid could be appended to numerals to make compound numerals. However, PUL does not seem to have had fichead in his Irish: he appended fichid instead, or fhichid after singular nouns ending in a vowel.
fíoraonta: “just, righteous”, or fíréanta in the CO. IWM show the WM pronunciation as /fʹi:’rʹe:ntə/, but PUL may have had a broad r in this word. Similarly, the CO has fíréan for fíoraon, “a just or righteous person”.
leogaim, leogaint: “to let, allow”, ligim, ligean in the CO.
luaithreach: “ashes, dust”, pronounced /luəhrʹəx/.
seasaím, seasamh: “to stand”, or seasaim, seasamh in the CO. Note the preterite do sheasaimh sé, where the CO has sheas sé, reflecting a general tendency for -mh to appear in the third-person singular preterite (and imperative) where the verbal noun ends in -mh in WM Irish.
tionnlacaim, tionnlacan: “to escort”, or tionlacaim, tionlacan in the CO. Pronounced /tʹu:nləkimʹ, tʹu:nləkən/.

Cuaird na nAingeal.

XII. Cuaird na nAingeal.

“Tabhair dómhsa mo dhaoine,” arsa rí Shodoim le hAbraham, “agus bíodh an saibhreas agus an t-ollmhaitheas go léir agat féin.”

“Bíodh do dhaoine agus do chuid saibhris agat, a rí,” arsa Abraham leis. “Oiread agus iall bróige ded chuid ní chimeádfadsa. Ní bheidh sé le rá agat choíche gur dheinis fear saibhir d’Abraham. Ach iad so do chuaigh in éineacht liom amach, .i. Aner agus Escol agus Mambre, tugtar a gcion féin dóibh sin.

Bhí fear sa tír sin an uair sin agus rí ab ea é agus duine ana-naofa ab ea é. Meilcisedec ab ainm do agus bhí sé ’na rí ar an gcathair dárbh ainm Salem, agus sagart ab ea é, sagart chun Dia na Glóire. Tháinig an sagart san agus dhein sé íbirt aráin agus fíona chun Dé agus chuir sé beannacht ar Abraham agus duairt sé “Is beannaithe Abraham chun Dé Aoird a chruthnaigh neamh agus talamh; agus moladh do Dhia na Glóire do chuir do namhaid id láimh chút!” Agus do dhíol Abraham deichiú leis.

Bhí Abraham ag dul in aois agus bhí a bhean phósta, Sarai, ag dul in aois agus ní raibh aon chlann acu. Nuair a bhí Abraham naoi mbliana déag agus cheithre fichid do labhair Dia leis i dtaobh na geallúna a bhí tabhartha aige dho, agus duairt sé leis: “Mise Dia ’n uilechómhacht. Siúlaigh im láthair agus bí gan locht agus déanfad conradh idir me féin agus tu agus déanfad do shliocht iomadúil thar bárr.” Bhí Abraham dhá fhiafraí dhe féin in’ aigne conas ab fhéidir clann do bheith aige agus é chómh haosta, agus a bhean naoi mbliana agus cheithre fichid. Ach duairt Dia leis go mbeadh mac ag Sarai, agus gan Sarai do thabhairt uirthi a thuilleadh ach Sara, agus Isaac do thabhairt mar ainm ar an mac nuair a thiocfadh sé.

Tamall ’na dhiaidh san bhí Abraham ’na sheasamh i ndoras a thí i lár an lae, agus bhí brothall ann. Chonaic sé an triúr fear ’na seasamh lasmu’ os a chómhair. D’imigh sé amach ag triall orthu agus d’iarr sé orthu stad agus a dtuirse ’ chur díobh. Thoilíodar. D’imigh Abraham agus ghlaeigh sé ar Shara agus d’ollmhaíodar bia agus thug Abraham leis an bia agus chuir sé os cómhair an trír é agus d’fhan sé ’na sheasamh ’na n-aice ag friothálamh orthu.

Nuair a bhí an bia caite acu dúradar: “Cá bhfuil Sara, do bhean?”

“Sin í istigh í,” ar seisean.

Duairt an duine den triúr do labhair, “Tiocfadsa anso ag triall ort um an dtaca so an bhliain seo chúinn, agus sinn slán, agus beidh mac ag Sara.”

D’airigh Sara an focal agus í laistigh den doras agus do gháir sí os íseal, mar gurbh iúntach an ní dar léi, a rá go mbeadh clann le bheith aici agus í féin agus a fear chómh haosta. Ach duairt an Tiarna le hAbraham: “Cad uime gur gháir Sara? An amhlaidh nách féidir le Dia gach ní do dhéanamh?” Nuair ’ airigh Sara an focal san tháinig scannradh uirthi, toisc gur tuigeadh gur dhein sí an gháire agus ’ fhios aici féin nár dhein sí an gháire ach os íseal.

“Níor gháireas in aon chor!” ar sise. Ní duairt sí bréag sa méid sin, áfach, mar dob fhíor di nár dhein sí gáire os árd.

“Níl san mar sin,” arsan Tiarna. “Do dheinis an gháire.” Do thuig sí ansan nár dhuine saolta an té a bhí ag cainnt léi.

Foclóirín

conradh: “agreement, covenant”. I am unsure of the pronunciation of this word (/kunrə/? /kunərə/? /ku:nrə/?).
cuaird: “visit”, or cuairt in the CO.
deichiú: “tithe”. Note that in his translation of the Gospels (Na Cheithre Soisgéil), PUL uses deachú in this meaning. Deachú is also the word adopted in the CO, and its use in the Gospels may reflect the influence of the editor, Gearóid Ó Nualláin.
friothálaim, friothálamh: with ar, “to serve, wait on”. Friothálaim, friotháil in the CO.
gáire: “a laugh”, gáir in the CO. Gáire is a verbal noun in the CO, corresponding to gáirí in WM Irish.
iall: “thong, strap”. Iall bróige, generally “shoelace”, but in the context of ancient Hebrew culture maybe “sandal strap” would be more appropriate here.
iúntach: “wonderful”, iontach. Pronounced /u:ntəx/.
ollmhaím: ullmhaím in the CO, “to prepare”. Pronounced /o’li:mʹ/ in WM Irish.
os árd: “loudly, publicly”.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
os íseal: “ in a low voice”.
siúlaim, siúl: “to walk”. While PUL tends to have siúlaim in the first conjugation in the present tense (cf. Na Cheithre Soisgéil), the future, preterite and imperative forms found in his works are in the second conjugation, as with siúlaigh here (cf. siúil in the CO).
uilechómhacht: “omnipotence”, or uilechumacht in the CO. Dia n-uile chómhacht, “Almighty God”, is here edited as Dia ’n uilechómhacht, presumably from Dia an uilechómhacht.

Lot

XI. Lot.

Nuair a chuaigh an t-aighneas i ngéire idir na haeiríbh do labhair Abraham le Lot. “Ná bíodh,” ar seisean, “aigneas idir t’aeiríbhse, agus m’aeiríbhse óir is bráithre sinn. Sin é an dúthaigh os do chómhair. Más maith leatsa dul i leith na láimhe deise raghadsa i leith na láimhe clé; nú más maith leatsa dul i leith na láimhe clé raghadsa i leith na láimhe deise.”

Is seanfhocal é, “tabhair rogha don bhodach agus tógfaidh sé díg.” Bí an tsainnt ar Lot. Chonaic sé an talamh breá saibhir féarmhar ar bruach abhann Iórdain agus chuaigh sé chun cónaithe i gcathair Shodoim i dtreó go mbeadh cothrom aige ar a thréadtaibh do chur sa bhfosaíocht bhreá a bhí mórthímpall na cathrach san. Cheap sé go raibh rogha aige dhá thógaint, ach dá mbeadh ’ fhios aige cad é an saghas na daoine a bhí sa chathair sin an uair sin bheadh ’ fhios aige gur díg a thóg sé agus dul in aon chor ’na measc, pé saibhreas saolta ’ bheadh dá bhárr aige. Níorbh fhada gur thit nithe amach a chuir in úil do gurbh fhearra dho bheith in áit éigin eile.

Do chuir cuid de sna ríthibh a bhí sa chómharsanacht cogadh ar rí Shodoim. Bhí ceathrar ríthe acu ann. Chruinníodar pé neart sló a bhí acu agus chromadar ar an dtír a bhí mórthímpall ar chathair Shodoim do scrios. Do chruinnigh rí Shodoim a cháirde, cheithre ríthe eile agus pé neart sló a bhí acu, agus thug sé aghaidh ar a namhaid. Do troideadh cath fíochmhar. Do buadh ar rí Shodoim. Ansan do tógadh an chathair agus a raibh inti d’ollmhaitheas agus de dhaoinibh. Do rug an namhaid leó, i dteannta na cod’ eile, Lot agus a mhuíntir agus a chuid.

Do hínseadh d’Abraham cad a bhí imithe ar Lot. Do chruinnigh Abraham pé neart fear a bhí aige agus do lean sé an namhaid.

Ní raibh aige ach trí chéad fear agus ocht feara déag. Ní raibh aon choinne ag an namhaid go raibh éinne dhá leanúint ná go raibh éinne ann chun iad do leanúint. Shocraíodar iad féin in áit áirithe i gcómhair na hoíche. Tháinig Abraham chun na háite san oíche. Dhein sé trí coda dá bhuín bheag fear. D’iúnsaigh sé longfort an namhad go hobann ó thrí thaobh. Do ghlac sceón an namhaid. Do ritheadar chun taoibh den longfort. Bhí namhaid ann rómpu agus do leagadh cuid mhaith acu. Thugadar aghaidh ar thaobh eile chun teitheadh. Bhí namhaid ansan rómpu leis. Bhí namhaid rómpu ins gach aon bhall, dar leó, toisc an sceón a bheith iontu. Do maraíodh a bhformhór agus do theith an méid nár maraíodh díobh agus bhí an longfort ag Abraham. Thug sé saor leis Lot agus a mhuíntir agus a chuid, agus rí Shodoim agus a mhuíntir agus a gcuid, agus thug sé leis pé ollmhaitheas a bhí sa longfort.

Do móradh ainm Abrahaim thar na beartaibh mar gheall ar an ngníomh san. Tháinig rí Shodoim chuige agus duairt sé leis: “Mara mbeadh tusa bhíomair go léir réidh. Is leatsa anois sinn féin agus a bhfuil againn. Tabhair dómhsa mo dhaoine agus bíodh an saibhreas go léir agatsa. Is tu is feárr ceart chuige. Mara mbeadh tú ní bheadh sé ag éinne againn. Má thugann tú mo dhaoine dhom is bronntanas orm iad uait.”

Foclóirín

agus: “and”, with numerous additional nuances in subordinate clauses. Agus dul ’na measc, “were he to go in among them”.
bodach: “churl”. Tabhair rogha don bhodach agus tógfaidh sé díg, “give a choice to a churl and he will pick the worst; give a beggar a horse and he will ride to the devil”.
cothrom: “a fair chance, a good opportunity”, pronounced /korhəm/.
cuid: “part; one’s wealth or possessions”. Note the plural here is coda, where codanna stands in the CO.
díg: “the worst; a bad choice”, or díogha in the CO.
fear: “man”. Note that ocht feara déag, “eighteen men”, uses the vocative plural instead of the nominative plural fir. I can’t find the reference now, but PUL is on record somewhere denying that this use of feara is wrong. It seems the “teen” numbers should use feara in Cork Irish.
féarmhar: “grassy”.
feárr, fearra: “better”. Fearra, /fʹarə/, is a colloquial form of feárr, /fʹa:r/. Both are found in WM Irish.
fíochmhar: “furious, ferocious”.
iúnsaím, iúnsaí: “to attack”, or ionsaím, ionsaí in the CO.
longfort: “camp”. This word is believed to have originally referred to Viking ship enclosures (fortified camps where Viking ships could dock) in Ireland. The spelling longfort in the CO obscures the derivation; the original (and correct) spelling is longphort.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative. Namhaid is also used in the plural, where naimhde would stand in the CO. With nominative singular and plural both namhaid and genitive singular and plural both namhad, it is only morphologically apparent when the plural is being used with the dative plural, namhdaibh.
obann: “sudden”, or tobann in the CO. Go hobann, “all of a sudden”.
réidh: “quiet, smooth”, but here meaning “done for, finished”. Pronounced /re:gʹ/. Bhíomair réidh: “we would be done for, finished”, where the use of the preterite in conditional meaning is emphatic.
saghas: “sort, kind”. Cad é an saghas na daoine, “what sort of people they are”.
sainnt: “greed”. The traditional double n, not used in the CO, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/.
saor: “free”. Duine a thabhairt saor, “to free someone”.
sceón: “terror”, or scéin in the CO.
scriosaim, scrios: “to annihilate, blot out, destroy”, or scriosaim, scriosadh in the CO.
úil: iúl in the CO, “knowledge”. The word úmhail, “attention”, appears to have become confused with the dative of eól, producing úil. Rud a chur in úil do dhuine, “to let someone know something, to make someone realise something”.

Abraham

X. Abraham.

Do fágadh an túr gan críochnú agus d’imigh na daoine óna chéile ’na mbuínibh fé leith. Ag scaipeadh dhóibh do ghluais gach buíon go dtí go bhfuaradar talamh a thaithn leó agus do chuireadar fúthu ar an dtalamh san.

Do mhéadaíodar airís agus do leathadar. Fé mar a mhéadaíodar agus do leathadar do chuadar in olcas. Bhíodar tugtha don pheaca mar gheall ar an ndíobháil a bhí déanta ag peaca an tsínsir dá n-aigne. Thugadar cúl le toil Dé agus do leanadar a dtoil féin, i dtreó nár rófhada go rabhadar múchta i bpeacaíbh agus gan aon chuímhneamh acu ar Dhia ná ar an díbheirg a tháinig ar an ndomhan le línn aimsire Naoi. Bhí an díle agus an scrios a dhein sí imithe as a gceann. Thugadar a gcúl ar Dhia agus dheineadar déithe bréige dhóibh féin agus d’adhradar iad agus do ghluaiseadar ó aimhleas go haimhleas agus ó olcas go holcas go dtí go raibh díle eile tuíllte acu lena bpeacaíbh dá mb’é toil Dé í ’ chur orthu.

Do thárla, áfach, ar aon tsliocht amháin díobh, ar shliocht Heber, fear a bhí dílis do Dhia agus do chimeád é féin glan ón olc uathásach a bhí ’na thímpall. Abraham ab ainm don fhear san. B’é an naoú glúin é ó Naoi anuas. Bhí sé ’na chónaí i bhfochair a athar sa chathair dárbh ainm Úr na gCaldéach. Do labhair Dia leis sin agus duairt sé leis: “Imigh amach as do thír féin agus ód ghaoltaibh féin agus a teaghlach t’athar, agus tair isteach sa tír a thaispeánfadsa dhuit, agus déanfad cine mhór díot agus cuirfead mo bheannacht ort agus mórfad t’ainm agus beidh tú beannaithe. Beidh mo bheannachtsa ar an muíntir a churfidh a mbeannacht ort agus beidh mo mhallacht ar an muíntir a chuirfidh a mallacht ort, agus is ionatsa a beannófar cineacha an domhain go léir.”

Do dhein Abraham an rud aduairt Dia leis a dhéanamh. Do bhailigh sé a chuid agus d’imigh sé as an ndúthaigh sin. Do rug sé leis mac a dhriothár. Lot ab ainm don mhac driothár san. D’fhanadar tamall in áit dárbh ainm Haran. Ansan do ghluaiseadar airís agus thánadar isteach i dtír Chanaain. San áit sin a bhíodar nuair a labhair Dia airís le hAbraham agus aduairt sé leis: “Tabharfad an tír seo dod shliochtsa.” Agus do chuir Abraham altóir suas san áit sin, in onóir do Dhia agus dhein sé Dia d’adhradh ann. Na Canaanaigh is iad a bhí i seilbh na tíre sin an uair sin. Chuir Dia an rath ar Abraham agus ar Lot agus d’éirigh an saol leó agus bhíodar ana-shaibhir. Bhí mórán beithíoch acu agus tréadta móra caeireach agus ór agus airgead agus ollmhaitheas. Agus aon bhuíon amháin ab ea an dá mhuíntir.

De réir nóis na haimsire sin, san áit sin ní hamhlaidh a bhíodh seilbh fé leith ag éinne in aon chuid de thalamh na tíre ach a chuid stuic agus a thréadta féin a bheith ag gach duine, nú ag gach ceann muíntire, agus ansan neart a bheith ag gach duine ar a bheithíocha nú a thréadta do chomáint chun fosaíochta isteach san áit ab fheárr ’nar dhó’ leis a bheadh an fhosaíocht le fáil. D’fhágadh san, uaireanta, go mbíodh aighneas idir dhá mhuíntir féachaint cé aige ’na mbeadh an fhosaíocht fhónta.

D’éirigh aighneas den tsórd san idir na haeiríbh a bhí ag Lot agus na haeiríbh a bhí ag Abraham. Bhí gach buíon de sna haeiríbh a d’iarraidh a gcuid stuic féin do chur isteach sa bhfosaíocht ab fheárr agus a d’iarraidh na buíne eile agus a gcuid stuic do chimeád amach as an bhfosaíocht san.

Foclóirín

beithíoch: “beast; cattle (in the plural)”. Note the plural is variously given as beithígh and beithíocha in this work, with the former usage adopted in the CO.

Canaanach: “Canaanite”.

cine: “race, nation”. Note this word is feminine in Cork Irish. Also note the plural here, cineacha, where the CO has ciníocha.

cúl: “back”. Cúl a thabhairt le rud, “to forsake something, or turn aside from it”. Do chúl a thabhairt ar dhuine, “to turn your back on someone”.

díbheirg: “wrath, vengence”, originally written díbhfeirg, which makes the derivation from fearg clearer. Pronounced /dʹi:’vʹerʹigʹ/.

fágaim, fágáilt/fágaint: “to leave”, or fágaim, fágáil in the CO. D’fhágadh san, “that meant…”

fosaíocht: “grazing”.

glúin: “knee; generation”. The traditional nominative glún has been replaced by the dative glúin in Cork Irish; PUL is on record as stating he had never heard glún in the nominative. B’é an naoú glúin é ó Naoi anuas, “he was the ninth generation down from Noah”.

móraim, móradh: “to magnify, exalt”.

múchaim, múchadh: “to stifle, suffocate”. Múchta i bpeacaíbh, “up to their necks in sin”.

ollmhaitheas: “wealth, luxury”, pronounced /olə-vɑhəs/.

seilbh: “possession, occupancy”.

stoc: “stock, cattle”. The genitive is spelt stuic here, where the CO has stoic; the spelling is preserved as it shows the pronunciation accurately.

taithneann: taitníonn in the CO. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən/. The past is do thaithn, /də haŋʹ/.

tréad: “flock, herd”. The plural here is tréadta, where tréada stands in the CO.

tugtha do: “given to, dedicated to”, pronounced /tukə/. Also found as tabhartha do in Cork Irish.

Úr na gCaldéach: Ur of the Chaldees.

Meascadh Úrlabhra

IX.

Meascadh Úrlabhra.

Bhíodar go léir ag obair ar a ndícheall agus fuadar árd fúthu, agus fé mar a bhí an túr ag dul in aoirde bhí an fuadar ag dul i ndéine agus an fonn chun na hoibre ag dul i neartmhaire, agus tuilleadh daoine ag luí isteach san obair in aghaidh an lae. In inead aon tuirse ’ theacht orthu is amhlaidh a bhí flosc agus dásacht ag méadú orthu agus an obair féin ag cur misnigh orthu agus iad ag cur misnigh ar a chéile. Fé dheireadh, i lár an fhuadair agus an mhisnigh, do thit ní míorúilteach amach dóibh. Tháinig rud éigin ar a gcainnt i dtreó ná tuigeadh duine acu cad ’deireadh duine eile acu! Do labhradar airís agus airís eile lena chéile. Ní raibh aon mhaith ann. Nuair ’ iarradh saor rud ní fheidir an fear fritheálmha cad a bhíodh uaidh. Nuair a thugadh an fear fritheálmha freagra ní thuigeadh an saor an freagra. Do stadadar ag féachaint ar a chéile ar feadh tamaill. Dheineadar iarracht airís ar chainnt lena chéile. Bhí an tarna hiarracht níba dhona ná an chéad iarracht má b’fhéidir é. Is amhlaidh a bhí an meascán mearaí ag dul in olcas eatarthu. B’éigin dóibh éirí as an obair. “Bhí,” mar adeir an file, Seán Ó Conaill, “teanga fé leith i mbéal gach éinne.” Bhíodar ’na mbuínibh fé leith. Do thuigeadh muíntir gach buíne a chéile, ach ní thuigeadh lucht buíne acu aon fhocal ó lucht buíne eile. B’éigin do sna buínibh imeacht óna chéile. Do ghoibh gach duine leis an mbuín ’nar thuig sé a gcainnt. Níor fhéad aon bhuíon acu cómhluadar ná cómhobair a dhéanamh le haon bhuín eile. Thug buíon acu aghaidh soir agus buíon agaidh siar, buíon aghaidh ó thuaidh agus buíon aghaidh ó dheas agus ar an gcuma san do scaipeadh iad fé cheithre hárdaibh an domhain, agus d’fhan an obair mar a fágadh í.

Babel a tugadh mar ainm ar an dtúr. Ciallaíonn “Babel” meascán mearaí, nú cur thrí chéile. Ní gan fáth a tugadh an ainm. Do chuir an meascadh úrlabhra úd meascán mearaí agus cur thrí chéile i gceart ar an muíntir a bhí ag déanamh an túir, agus níor bhréag túr Bhabel a thabhairt air.

Míorúilt mhór ó Dhia ab ea an meascadh úrlabhra san. Dhá mhíle blian ’na dhiadh san, nú mar sin, do dhein Dia mírúilt mhór eile úrlabhra. Tá difríocht idir an dá mhíorúilt. Do chuir an chéad mhíorúilt daoine do thuig cainnt a chéile ó chainnt a chéile do thuiscint. Do chuir an tarna míorúilt ar chumas na nAspal agus na ndeisceabal cainnt do labhairt agus do thuiscint nár thuigeadar agus nár labhradar riamh roimis sin. Do chuir an chéad mhíorúilt scaipeadh agus fán ar dhaoine a bhí a cur a dtoile féin i gcoinnibh toile Dé agus ag déanamh oibre nár thoil le Dia a déanfí. Do chuir an tarna míorúilt ar chumas na nAspal agus na ndeisceabal, na gínte ’ bhí scaipithe ar fán ó Dhia do thabhairt chun Dé, glaoch orthu as a gcainnt féin, as an gcainnt ab fheárr a thuigfidís, agus iad do bhailiú isteach san Eaglais, isteach sa túr a chuir Críost suas chun na cine daonna do thabhairt slán ó dhíle an pheaca. Do chuir an chéad mhíorúilt cosc le túr Bhabel, an túr ná féadfadh choíche dul chómh hárd leis an spéir, pé saothar a déanfí air ná pé ealaí do himreófí air. Do chabhraigh an tarna míorúilt le túr Chríost, túr na hEagailse, do chur suas, an túr a deineadh chómh hárd, ní hamháin leis an spéir ach le ríocht na bhflaitheas féin, an túr atá ’na dhíon agus ’na chosnamh don chine daonna agus ná féadfaidh díle an pheaca é ’ leagadh go deó, marab ionann agus an túr úd Bhabel go leagfadh díle uisce é, nú luascadh talún, pé neart ná pé téagar a bheadh ann.

Is é túr Bhabel túr an éithigh, túr an uabhair, túr na heasúmhlaíochta, an túr ’na bhfuil sé de chrann agus de mhí-ádh air nách féidir dá mhuíntir aigne a chéile do thuiscint. Nuair a labhrann duine acu ní hí an chiall a bhíonn in aigne do chítear ’na chainnt ach ciall a bhíonn buin-ois-ciúnn ar fad léi. Is é túr Chríost túr na fírinne, agus tuigid a mhuíntir aigne a chéile mar ’ thuigid siad cainnt a chéile.

Foclóirín

aghaidh: “face”, pronounced /əigʹ/. Aghaidh a thabhairt (ar), “to make for, head for”.
áird: “direction”. Fé cheithre hárdaibh an domhain, “to the four winds, in all directions”. I’m not sure precisely why it is ; if anyone has a view on this, I would like to know it!
aspal: “apostle”.
buin-ois-ciúnn: “upside down, awry”, or bunoscionn in the CO. Buin-ois-ciúnn le, “at variance with, contrary to”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
cómhluadar: “company, society”. Cómhluadar a dhéanamh le duine, “to associate with someone”.
cómhobair: “cooperation, work in common”. Note that cómh- usually prefixes an n to a vowel in Cork Irish, but I don’t have any direct evidence as yet of the pronunciation of this word.
crann: “tree”, but also “lot, fate”, especially a bad lot or fate. Bhí sé de chrann orthu, “they had the misfortune to (whatever)”.
cuirim, cur: “to put”. Rud a chur ar dhuine, “to force someone to do something”. Duine a chur ó rud a dhéanamh, “to put someone off of doing something, or prevent him from doing it”.
cur thrí chéile: “confusion”, or cur trí chéile in the CO, pronounced /kur hrʹi: xʹe:lʹi/.
dásacht: “daring, audacity”.
déine: “vehemence, intensity”. Ag dul i ndéine, “becoming more intense”.
deisceabal: “disciple”.
díon: “roof”, or, by extension, “shelter”.
dona: “wretched, unfortunate”.
eaglais: “church”. The genitive is traditionally eagailse where the CO has eaglaise. Shán Ó Cuív’s transcription in leitiriú shímplí indicate a pronuncation /ɑgilʹʃi/, but I suspect an epenthetic vowel is possible after the l.
ealaí: “art, skill”, or ealaín in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
easúmhlaíocht: “disobedience”.
éitheach: “falsehood”.
fán: “wandering, vagrancy”. Ar fán ó Dhia, “going astray from God”.
feadar: “know, wonder”, usually used in the negative. While this verb is spelt ní fheadair sé in both the present  and past tense meanings in the CO, there was traditionally a distinction between ní fheadair sé, present tense, and ní fheidir sé, past tense, pronounced /nʹi: edʹirʹ ʃe:/.
fé leith: “separate”, or faoi leith in the CO.
flosc: “eagerness, zest”.
fonn: “desire, inclination, urge”.
fuadar: “rush, activity”. Fuadar a bheith fé dhuine, “to be in a rush, busily engaged in something”.
gabhaim, gabháil: “to go” (and many other meaning). The preterite, spelt ghabh in the CO, is edited as ghoibh here, pronounced /ɣovʹ/.
gínte: “heathens, pagan peoples”. This word is the plural of gin, “birth, foetus”, but is found in the plural in the meaning of “heathens”.
imrim, imirt: “to play”, or imrím, imirt in the CO. Rud a dh’imirt air, “to bring something to bear on it, to apply something to it”. I have found attestion of the first conjugation for this verb in PUL’s works in the present (imreann) and preterite (d’imreas), but the future and conditional forms have the second conjugational endings (imreód, imreóinn, and, as here, imreófí). Also note the epenthetic vowel between the m and the r: /imʹirʹimʹ, imʹirtʹ/.
leagaim, leagadh: “to fell or bring down”, or leagaim, leagan in the CO.
luascadh talún: “earthquake”.
mara: “if not”, or muna in the CO. Both mara and mura are found in PUL’s works. Mara becomes marab in copular usage before a vowel. Marab ionann agus, “unlike”.
mearaí: “bewilderment”.
meascaim, meascadh: “to mix”. Meascadh úrlabhra, “confusion of tongues”.
meascán: “muddle”. Meascán mearaí, “bewilderment”.
míorúilt: “miracle”, pronounced /mʹi:’ru:hlʹ/.
mí ádh: “bad luck”, pronounced /mʹi:’ɑ:/. Bhí sé de mhí-ádh orthu, “they had the bad luck to (whatever)”.
míorúilteach: “miraculous”.
misneach: “courage”. Misneach a chur ar dhuine, “to encourage someone”.
neartmhaire: “strength”. Ag dul i neartmhaire, “getting stronger”.
níos: “more”. Note the past tense form níba, which is not used in the CO.
nú mar sin: “or thereabouts”.
olcas: “badness”. Ag dul in olcas, “getting worse”.
pé: “whatever”. Pé téagar a bheadh ann, “however strong or substantial it might be”.
saor: “craftsman”.
scaipim, scaipeadh: “to scatter”.
Seán Ó Conaill: the seventeenth-century bishop of Kerry and poet of this name, who wrote Tuireamh na hÉireann (“the Dirge of Ireland”). The reference here is to stanza 15, although the quotation is not exact. The original was bhí caint fo leith a m-béal gach aen-ne.
tarna: “second”, or dara in the CO.
téagar: “bulk, substance, strength”.

Túr Bhabel

VIII. Túr Bhabel.

Déarfadh duine gur chóir, óir nár fágadh beó ar an saol ach an t-aon fhear amháin agus a chlann, agus gur dhuine fónta é, go dtiocfadh cine fhónta uathu, agus ná beadh na daoine ag cur na feirge ar Dhia a thuilleadh. Ní mar sin a bhí, áfach. Bhí an triúr mac ag Naoi, mar a chítear sa Scriptiúir, Sem agus Cam agus Iaphet. Is ar éigin a bhí an ceathrar socair ar thalamh an domhain, agus an talamh go léir fúthu féin, nuair a dhein duine de sna macaibh gníomh a bhí an-olc. Cam a dhein an gníomh. Thug sé dá athair easonóir ghránna, agus do thug an easonóir sin mallacht an athar anuas air féin agus ar a shliocht. Ach do thug Sem agus Iaphet onóir dá n-athair agus bhí an onóir sin i gcoinnibh na heasonóra a thug Cam do. Chuir an t-athair beannacht ar an mbeirt sin. Chuir sé rath agus beannacht ó Dhia ar Shem agus ar Iaphet agus ar a sliocht, agus duairt sé go mbeadh sliocht Cham ’na ndaoraibh ag daoraibh an dá shleachta eile.

Tháinig na daoine ar an saol go tiubh airís. Bhíodar ’na gcónaí sa tír álainn a bhí ar leathadh amach ó bhun an chnuic ar ar luigh an airc nuair a thráigh uisce na díleann. Lastoir den abhainn mhóir ar a dtugtar an Euphrátés atá an talamh san. Nuair a chuaigh na daoine i líonmhaireacht níorbh fhada gur tuigeadh gur gheárr ná beadh slí acu sa tír sin, gur gheárr go gcaithfeadh cuid acu dul thar abhainn siar agus iad féin do leathadh amach ar an dtalamh a bhí laistiar den abhainn. Thuigeadar go mbeadh an méid díobh a raghadh thar abhainn siar go mbeidís geárrtha amach ón gcuid eile a bheadh ’na ndiaidh, agus ó bhí an méadú ag dul orthu chómh tiubh nárbh fhada go mbeadh tuilleadh acu ag imeacht, agus go ndéanfadh san scarúint eile. Bhí ag dul ’na luí ar a n-aigne nárbh fholáir do chlaínn Naoi, feasta, bheith ag cuímhneamh ar iad féin do leathadh ar thíorthaibh an domhain.

Nuair a bhí an machnamh san tar éis dul ’na luí i gceart ar a n-aigne tháinig machnamh eile chúthu. Dúradar lena chéile gur mhaith an rud dóibh cathair a dhéanamh agus túr mór do chur ’na sheasamh i lár na cathrach san, i dtreó nuair a bheidís scaipithe ar fuid an domhain, go gcimeádfadh an túr san cuímhne orthu in aigne na ndaoine a thiocfadh ’na ndiaidh ó shliocht go sliocht. Deirtear go raibh rud eile, leis, ar aigne acu i ndéanamh an túir sin; gur theastaigh uathu é ’ bheith chómh mór, chómh hárd san go bhféadfadh na daoine dul suas ann ón uisce dá dtagadh díle eile ar an ndomhan.

Ní raibh clocha san áit, ach bhí márla breá ríghin saibhir tathaiceach ann go flúirseach. Dheineadar bríceanna den mhárla agus do loisceadar na bríceanna le tine agus ansan bhíodar chómh cruaidh le haon chloich. Bhí bitúmen san áit agus dheineadar martaol maith den bhitúmen. Ansan bhí an t-ábhar acu chun na hoibre, agus thosnaíodar ar an obair. Dheineadar na fallaí de sna bríceannaibh agus den bhitúmen, agus níorbh fhada go raibh fallaí na cathrach ag éirí. Chríochnaíodar fallaí na cathrach. Ansan níorbh fhada go raibh an túr ag éirí suas go hárd. Dheineadar a bhun go breá leathan téagartha láidir, i dtreó go bhféadfí, dar leó, é ’ chur suas chómh hárd leis an spéir.

Deirtear gurbh é cúis go rabhadar ar aigne é ’ chur suas chómh hárd leis an spéir ná i dtreó, dá dtagadh an díle airís go bhféadfadh daoine dul suas sa túr ón uisce. Níl an méid sin curtha síos sa Bhíobla, ámh. Ní deir an Bíobla ach gur le baois agus le huabhar a bhíodar ag déanamh na hoibre, agus gur chuir an t-uabhar agus an bhaois sin fearg ar Dhia. Deir an Scríbhinn Diaga go nduairt Dia na focail seo: “Féach, is aon chine amháin iad agus níl acu ach an t-aon úrlabhra amháin. Tá an ní seo curtha rómpu acu, agus leanfaid siad de go gcríochnaíd siad é. Téimís síos agus cuirimís a n-úrlabhra trína chéile.”

Foclóir

ábhar: “amount”. Bhí an t-ábhar acu chun na hoibre, “they had enough for the work”.
bitúmen: “bitumen”. The spelling of this word has been left as given in the original, as it is a borrowing, but this would be biotúman in the CO.
bríc: “brick”, with the plural here bríceanna. The CO has bríce, with brící in the plural.
cine: “race, nation”. Note this word is feminine in Cork Irish.
daor: “slave”.
falla: “wall”, or balla in the CO.
márla: “marl; a sedimentary rock consisting of clay and lime”.
martaol: “mortar”, or moirtéal in the CO. Note PUL spelt this mairtaol, an unclear spelling, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne gives the pronunciation as /mɑr’te:l/.
ríghin: “slow”, but here in the meaning of “tough”.
scriptiúir: “Scripture”, or scrioptúr in the CO. It might look like scriptiúir is plural, but PUL’s translation of the four gospels uses scriptiúir in the singular and scriptiúirí in the plural.
tathaiceach: “solid, substantial”, or tathagach in the CO.
téagartha: “substantial, bulky”.
úrlabhra: “speech; language”. Pronounced /u:rlourə/.