Monthly Archives: August 2011

34. An Préachán agus an Chaíora.

Bhí préachán lá ar dhrom caorach agus é ag cainnt go bladhmannach agus go drochmhúinte. “Dá mba gadhar a bheadh im ineadsa,” arsan chaíora, “ní bheadh oiread san buinne fútsa.” “An amhlaidh is dó’ leat ná tuigimse féin an méid … Continue reading

Posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents | Leave a comment

33. An Sciathán Leathair agus an Eas.

Do rug eas ar sciathán leathair. “Ó! ná mairbh me! Iarraim ar ghrá th’oinigh é, tabhair faoiseamh dom!” arsan sciathán leathair. “Ní thugaim dul as d’éanaibh,” arsan eas. “’S dó’, ní héan mise. Féach is luch me,” arsan sciathán leathair. … Continue reading

Posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents | Leave a comment

32. An Áinle agus na hÉin Eile.

Bhí ros lín ag fear dá chur i bpáirc. Chonaic an áinle é. D’imigh sí agus bhailigh sí na héin eile. “Féach,” ar sise leó, “tá sé siúd ag cur rois. Is as an ros san d’fhásann an líon dá … Continue reading

Posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents | Leave a comment

31. Bean na Circe.

Bhí bean ann agus bhí cearc aici, agus bheireadh an chearc ubh in aghaidh an lae. Cheap an bhean bhoct dá dtugadh sí breis le n-ithe don gcirc go mbéarfadh an chearc dhá ubh in aghaidh an lae. Chómh maith … Continue reading

Posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents | Leave a comment

Catilína 21

XXI. Nuair ’ airigh na fir na nithe sin, fir go raibh gach ní go holc acu, agus gan aon ní go maith acu, ná aon tsúil leis, bíodh gur thuigeadar go mbeadh mórán le fáil acu de bhárr an … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilína 20

XX. Nuair a bhí na daoine sin adúramair cruinnithe ag Catilína, bíodh go raibh sé tar éis mórán cainnte ’ dhéanamh le gach duine acu fé leith, do thuig sé gurbh é a bhuac labhairt leó go léir in éineacht … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilína 19

XIX. ’Na dhiadh san do cuireadh Píso go dtí an Spáinn i bhfogas, ’na chuaestóir mar phraetóir, ar chómhairle Chrassus, mar bhí ’ fhios ag Crassus gur namhaid fíochmhar do Cn. Pompéius é. Ní hi gcoinnibh a dtoile, áfach, a … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilína 18

XVIII. Ach do dhein roinnt bheag daoine ceilg eile roimis sin i gcoinnibh an stáit, agus bhí Catilína orthu. Déarfad focal i dtaobh na ceilge sin chómh fírinnneach agus ’ fhéadfad é. Nuair a bhí L. Tullus agus M. Lepidus … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilína 17

XVII. Uime sin tímpall an chéad lae de Mhitheamh an tsamhraidh, le línn Lucius Caesar agus Caius Figulus a bheith ’na gConsalaibh, do dhírigh sé ar labhairt lena chuallacht ’na nduine ’s ’na nduine; ar chuid acu do ghríosadh; ar … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment

Catilína 16

XVI. Agus na fir óga a bhí meallta chuige aige, mar adúradh, bhíodh sé ag múineadh na ndrochghníomh dóibh ar a lán slithe. Thugadh sé ar iasacht cuid acu chun fianaisí bréige ’ dhéanamh agus chun ainmneacha bréige do chur … Continue reading

Posted in Catilína, Contents | Leave a comment