Category Archives: Lúcián

Lúcián 30

XXX. Zeús agus Hermés agus Mómos. Cúirt na nDéithe Duine de sna déithibh ab ea Mómos agus b’é “Conán Maol” na ndéithe é. Chonaic sé go mbíodh na seanadhéithe ag cnáimhseáil agus ag gearán eatarthu féin mar gheall ar na … Continue reading

Posted in Lúcián | 1 Comment

Lúcián 29

XXIX. Tímón (Ar leanúint.) Ní héidir gur ag taibhreamh atáim agus go ndúiseóinn agus ansan ná beadh san ór so go léir ach gual! Ach is ór fírinneach é. Is ea go deimhin; agus an séala ceart buailte ar gach … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 28

XXVIII. Tímón nú an Fear a Thug Fuath do Dhaoine Tím. Ó, a Iúpiteir; a Charadaigh; agus a Oinigh; agus a Chúmpánaigh; agus a Thínteánaigh; a Splanncaire; agus a Mhionnacheap; agus a scuabaire na scamall; a fhothramálaí mhóir; agus pé … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lucian 27

XXVII. Menippos agus Philónidés (Ar leanúint.) Nuair a taispeánadh an cosán dúinn do chomáineamair linn, Mítróbarsánés ar tosach agus mise ’na dhiaidh, lena shálaibh agus greim daingean agam ar eireaball a bhrait. Thánamair go dtí machaire breá fada fairseag agus … Continue reading

Posted in Lúcián | 2 Comments

Lúcián 26

XXVI. Menippos, nú Marbhdhraíocht Menippos agus Philónidés Men. “Mo ghrá mo sheanathigh! Aiteas mo chroí go deó Thu ’ dh’fháil id sheasamh ag teacht dom aníos ón gceó!” Phil. Nách é seo Menippos an madra? Ní hé a mhalairt é. … Continue reading

Posted in Lúcián | 6 Comments

Lúcián 25

XXV. Iomramh Síos, nú Tíoránach. (Ar leanúint.) Cuniscos. Ach an íntleacht lena gceapadh sé pionóisí géara do dhaoinibh chun an neamhthaise a bhí ann do shásamh orthu, ní féidir cur síos i gceart uirthi, agus níor staon sé ó iad … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 24

XXIV. Iomramh Síos, nú Tíoránach. (Ar leanúint.) Meg. Féach, a Chiniúint, dein íseal díom, nú duine bocht, nú daor féin, in inead me ’ bheith im rí mar a bhíos, ach leog thar n-ais suas me. Chlót. Ca bhfuil an … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 23

XXIII. Iomramh Síos, nú Tíoránach. Chár. Tá go maith, a Chlótó. Tá an bád so ollamh dúinn le fada agus i dtreó go maith chun gluaiste, an t-uisce taoscaithe aníos as, an crann seóil ’na sheasamh, an anairt thuas, gach … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 22

XXII. Hermés agus Chárón (Ar leanúint.) Chár. Ach é siúd, a Herméis, ’na bhfuil an t-éadach corcra fáiscithe uime agus an mionn óir ar a cheann, cé hé féin? É siúd ’na bhfuil an cócaire ag tabhairt an fháinne dho … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment

Lúcián 21

XXI. Hermés agus Chárón Herm. Tá an ceart sa méid sin agat, a Cháróin. Féachfad féin cad is ceart a dhéanamh agus déanfad amach áit chun radhairc. Ní fheadar a’ ndéanfadh an Chácasach an gnó, nú Parnassos, ó is é … Continue reading

Posted in Lúcián | Leave a comment