Constantín

XLI.

CONSTANTÍN

(Ní ó Lúcián é seo.)

Sa bhliain d’aois an Tiarna trí chéad, a sé, bhí Ímpireacht na Rómha gan ímpire agus bhí Constantín ’na thaoiseach airm thall sa tír seo ar a dtugtar Sasana anois. Do thuig na slóite a bhí féna láimh gurbh fhear ábalta tuisceanach dea-aigeanta é agus do mholadar an ímpireacht do.

Bhí fear eile sa taobh thoir den Iúróip agus Macsentius ab ainm do agus chuir sé i gcoinnibh Chonstantín i dtaobh na hímpireachta. D’éirigh cogadh eatarthu. Tar éis roinnt cathanna, anso agus ansúd, idir an dá chómhacht, agus an dá neart ag druidim i dtreó cathrach na Rómha, agus nár chuma leó cé aige go mbeadh tosach ag gabháil sealbha sa chathair, thánadar ar aghaidh a chéile ag an ndrochad ar a dtugtí Milbhiach. Lá éigin an fhaid a bhí an dá neart ar aghaidh a chéile in aice an drochaid sin, do taispeánadh do Chonstantín agus dá shlua, i lár an lae, radharc míorúilteach. Bhí mearathall ar Chonstantín. Bhí buaite ag á shlóitibh ar shlóitibh Mhacsentius in sna cathannaibh a troideadh eatarthu i gcaitheamh na haimsire roimis sin, ach nuair a bhí an dá shlua ar aghaidh a chéile ag an ndrochad úd do chonaic Constantín, agus do chonaic a shlua go léir, go raibh slua Mhacsentius níba líonmhaire go mór ná mar a bhí slua Chonstantín. Do measadh go raibh cúigear fear ag Macsentius in aghaidh gach fir dá raibh ag Constantín. Gan amhras bhí muíntir na cathrach i bhfabhar do Chonstantín. Iad féin do chuir fios air agus d’iarr air teacht agus iad a dh’fhuascailt ón dtíoránach Macsentius. Mar sin féin bhí ana-mhearathall aigne air le heagla nárbh fhéidir do buachtaint ar shlua a bhí chómh mór san níba líonmhaire ná a shlua féin. I lár an lae, agus an mearathall san ar a aigne, do taispeánadh do féin agus dá shlua, thuas os a gcionn i lár na spéire, cros mhór sholasmhar, agus í chómh geal leis an ngréin, agus na focail seo treasna uirthi .i.

“Beir bua leis seo.”

Bhíodar go léir ag féachaint ar an gcruis sholasmhar san agus ag déanamh iúnadh dhi agus tháinig an oíche orthu. I lár na hoíche nuair a bhí Constantín ’na chodladh, b’é toil an tSlánaitheóra é féin a thaispeáint do in aisling agus a dh’ínsint do cad a bhí le déanamh aige i dtaobh na cruise solais sin a taispeánadh do an lá roimis sin. D’órdaigh an Slánaitheóir do bratach a dhéanamh agus macasamhail den chruis sholais úd do chur ar an mbratach san, agus an bratach san a bheith roimena shlua amach aige nuair a bheidís ag dul i gcath. Do dhein sé an ní sin. Do deineadh an bratach agus do cuireadh roimis an slua é in inead an Fhiolair Rómhánaigh a bhíodh rómpu roimis sin i gcónaí.

Tháinig lá an chatha. Chuaigh Constantín agus a shlua isteach sa chath agus an bratach nua os a gcionn. Tháinig an tslua eile agus an fiolar os a gcionn. Do buaileadh an cath. Níorbh fhada gur iompaigh slua an fhiolair agus gur theitheadar. Do leanadh iad go dian. Thugadar aghaidh ar an ndrochad Milbhiach chun dul thar abhainn. Bhí Macsentius féin i lár an lucht teithe a chuaigh ar an ndrochad. Nuair a bhí sé tímpall leath slí anonn do bhris an drochad fén mbrú daoine a bhí air agus do caitheadh iad go léir isteach san abhainn, isteadh sa Tiberis, agus do bádh iad. Do bádh Macsentius mar aon leis an gcuid eile.

Chuir bua an catha san ímpireacht na Rómha, ón bhfarraige thiar, soir treasna na hIúróipe go dtí an fharraige Chaspiach, agus ón dtaobh thuaidh den Iúróip ó dheas go dtí an Afric agus go dtí an Éigipt, fé smacht Chonstantín. Fear ab ea Constantín go raibh éirim aigne aige, agus neart aigne, agus géarchúis aigne, agus cruinneas breithiúntais, agus eólas ar dhaoine, agus oilteacht ar conas iad do láimhseáil agus do bhainistí agus do stiúrú ar a leas, thar gach fear eile dá raibh suas lena línn san Iúróip. Níor mhór do na tréithe sin go léir a bheith ann. Bhí gá go cruaidh aige leó nuair a tháinig cúram na hímpireachta air. Bhí an Iúróip go léir lán de threabhchasaíbh daoine a bhí bunoscionn lena chéile ó dhúchas, bunoscionn lena chéile i mbéasaibh, bunoscionn lena chéile ins gach ní de sna nithibh ba mhian leó agus de sna nithibh nár mhian leó. Dá bhrí sin ba ródheocair na dlithe agus na rialta dob fhéarr a réiteódh leó do dhéanamh dóibh agus do chur i bhfeidhm orthu sa tslí ab fheárr a chuirfeadh síocháin agus rath na síochána in áirithe dhóibh go léir sa tímpall. Sin é an rud a bhí ag Constantín le déanamh an uair sin, agus do dhein sé é. Do dhein sé é ar chuma nárbh fhéidir a lochtú an uair sin agus rud is feárr ná san, ar chuma nár féadadh a lochtú ’na dhiaidh san nuair a féachtí siar air. Is seanfhocal é gur “Tar a éis a tuigtear gach beart.” Nuair a féachtar siar ar gach beart a bhíonn déanta is ea is feárr a tuigtear ceoca a bhíonn an bheart san déanta sa cheart nú ná bíonn. Ag féachaint siar do dhaoinibh riamh, ó shin, ar an gcuma ’nar dhein Constantín ímpireacht na Rómha do ghabháil ar láimh an uair sin, agus do shrianadh,agus do stiúrú, agus do smachtú, go daingean agus go fadaraíonach, admhaíd siad gur thuig sé an obair roim ré chómh maith díreach agus do féadadh “an bheart do thuiscint tar a éis,” agus thugadar mar ainm air “Constantín Mór.”

Bhí báidh aige i gcaitheamh a shaeil riamh, agus ag á athair roimis, leis an gcreideamh. Ní dócha gurbh iúnadh rómhór é sin. Tá a mháthair i measc na naomh. Chómh fada agus ’ chuaigh a chumas sa taobh thiar den Iúróip agus in oileán Bhreatain, do chosain sé na Críostaithe ar na drochdhlithibh a deintí ’na gcoinnibh. Bíodh go raibh sé féin gan an creideamh a ghlacadh an uair sin thuig sé in’ aigne gurbh é ceart gach duine leogaint do pé saghas creidimh a thaithnfeadh leis do ghlacadh agus do chimeád; go raibh sé chómh ceart don Chríostaí creideamh Críost a bheith aige agus ’ bhí sé ag an bpágánach creideamh Iúpiteir a bheith aige; ná raibh aon rud ab fheárr ná leogaint do gach éinne a chreideamh féin do thogadh dho féin. D’fhág san na Críostaithe go léir baoch de agus bíodh nár thaithn san leis na págánachaibh níorbh fhéidir dóibh a rá go raibh éagóir aige á dhéanamh orthu féin. Bhí an cead cínn céanna aige á thabhairt dóibh a bhí aige á thabhairt do sna Críostaithibh.

Nuair a chonaic sé féin agus a mhórshlua an chros sholais sa spéir, áfach, roimis an gcath, tháinig athrú ar a aigne. Ansan, nuair a tháinig an aisling chuige an oíche sin agus nuair a thaispeáin an Slánaitheóir beannaithe é féin do agus nuair aduairt sé leis an bratach a dhéanamh,’na mhacasamhail den chruis sholais, agus nuair a tugadh do an bua a gealladh do sa bhfocal úd a bhí ar an gcruis sholais, thuig sé in’aigne go raibh fírinne i gcreideamh na gCríostaithe ná raibh in aon chreideamh eile. Do ghlaeigh sé chuige na heaspaig agus na fir léannta naofa eile a bhí ’na shlua agus cheistigh sé iad i dtaobh fírinní bunúsacha an chreidimh agus d’iarr sé orthu na fírinní sin do mhúineadh dho. Dheineadar an ní sin. Thaispeánadar do na targaireachtaí atá sa Bhíobla i dtaobh teacht an tSlánaitheóra, agus conas mar a cómhlíonadh na targaireachtaí sin go léir i bpearsain Críost nuair a tháinig sé. Ansan do dhein Constantín eaglais fé leith, agus altóir, istigh ’na phálás féin, agus dhein sé cábán, agus altóir istigh ann, agus do beirtí an cábán san roimis an slua amach, nuair a bhídís ag dul i gcath díreach mar a beirtí airc na Connartha roim chlaínn Israéil amach, na céadta fada blian roimis sin, nuair a bhíodar ag taisteal tríd an bhfiantas gainimhe, ag dul ón Éigipt go dtí an tír bheannaithe.

XLII.

CONSTANTÍN

(Ar leanúint.)

B’í cathair na Rómha príomhchathair na hímpireachta i gcaitheamh na haimsire go léir ó cuireadh an ímpireacht ar bun go dtí gur dhein an cath úd ag an ndrochad Milbhiach ímpire de Chonstantín. I gcaitheamh na haimsire ó bhás Iúlius Chaesair anuas bhíodh súil ag gach ímpire dá dtagadh ar an gcúinne úd thoir idir fharraige Marmora agus an fharraige Dhubh. Ansúd thoir dar leó, ba cheart príomhchathair na hímpireachta do bheith. Bhí cathair na Rómha, dar leó, maith go leór mar chathair lárslí an fhaid nár shrois an chómhacht ach ón bhfarraige Adriátaigh siar go dtí an taobh thiar den Spáinn, agus ó shléibhtibh na nAlp ó dheas, treasna na mara Torríann, go dtí ciúmhais na hAfrica. Ach nuair a bhí cómhacht na Rómhánach tar éis briseadh ó thuaidh de dhruím na nAlp, agus an Ghailliado thabhairt féna smacht, chómh fada ó thuaidh leis an muir Ghearmánach, do thosnaigh cuid de sna hímpiríbh, an chuid acu ba ghéire tuiscint, ar a mheas go raibh cathair na Rómha ró-imeallach mar phríomhchathair, agus go mbeadh an phríomhchathair suite in inead a bheadh níba chothromúla dá mbeadh sí suite sa chúinne úd thoir idir an mBosphorus agus muir Mharmora, áit ’na raibh, i bhfad roimis sin, seanachathair ar a dtugtí Byzantium. Isé tuairim a lán go raibh Iúlius Caesar féin ag machnamh ar an gcuma san sarar cuireadh chun báisé. Bhí aníntleacht róghéar aige agus an éirim aigne róláidir aige, agus chonaic sé go soiléir nárbh fhéidir do sna Rómhánaigh leanúint puínn níba shia fén rialtas a bhí acu go dtí san. Rialtas poiblí is ea a bhí acu go dtí san, ar feadh na gcéadta blian, ó díbreadhna rithe as an gcathair. Do dhein an gléas rialtais sin an gnó maith go leór an fhaid a bhí lucht stiúrtha an rialtais dílis a ndóthain, macánta a ndóthain, tuisceanach a ndóthain, chun tairbhe na poiblíochta do chur os cionn a dtairbhe féin. Ach do chonaic Iúlius Caesar go raibhan mhacántacht san imithe, go raibh athrú tagaithe ar aigne na ndaoine, gurbh é a thairbhe féin a bhí ag déanamh buartha do gach éinne agus go raibh an uile dhuine ag cur a thairbhe féin roime gach tairbhe eile idir phoiblí aguspríobháideach.Nuair a bhí cómhacht na Rómhánach curtha i bhfeidhm aige ar fuaid na hIúróipe do thuig sé in’aigne ná raibh éinne beó a dh’fhéadfadh an chómhacht san do chimeád i bhfeidhm ach amháin an té a dh’fhéad í’chur i bhfeidhm. Bhí ceapaithe aige, dá bhrí sin, an tsrian do chiméad’na láimh féin. Do thuig cuid d’uaislibh na Rómha go raibh san ceapaithe aige. Níor thaithn san leó. Bhí’fhios acu go raibh sé ródhoimhinn dóibh, agus go gcuirfeadh sé an dubh’na gheal ar an bpobal i dtreó go ndéanfadh an pobal rud air, pé cómhairle’thabharfadh sé dhóibh. Bhí’fhios acu, leis, go raibh sé róláidir dóibh, go ndéanfadh an armáil rud air, mar go raibh iontaoibh thar bárr acu as tar éis a raibh de chathannaibh buaite acu féna láimh. Ní raibh ag uaislibh na Rómha le déanamh ach an t-aon rud amháin agus dheineadar é. Dheineadar ceilg’na choinnibh agus chuireadar chun báis é. Má bhí sé ag cuímhneamh ar phríomhchathair a dhéanamh thoir ag an mBosphorus agus rí’dhéanamh de féin níor fágadh ar a chumas san do dhéanamh.

Na huaisle a dhein an feall, áfach, ní raibh puínn dá bhárr acu. Chuireadar Iúlius as an slí ach tháinig Augustus’na dhiaidh. Níor dhein Augustus rí dhe féin. Thug sé an méid sin dá slí féin do sna huaislibh, ó bhí an fuath go léir acu don fhocal “rí,” ach chimeád sé an chómhacht’na láimh féin agus thug sé “Imperátor” air féin. Ba chuma leis cad é an ainm a tabharfí ar an gcómhacht ó bhí an greim aige ar an gcómhacht.

Ta deimhne againn air go raibh in’aigne aige, i dtaobh na príomhchathrach a féadfí a dhéanamh lastoir, an machnamh céanna úd a bhí in’aigne ag Iúlius. Bheadh an chathair suite ar áilleacht an domhain. Bheadh titim saibhris isteach chúithi ón Iúróip go léir, siar chómh fada leis an Atlantach, agus an titim céanna isteach chúithi anoir ar fad ó bhruachaibh Tígris agus Eúphratés, ó Phaleistín, agus aneas ón Éigipt.

Níorbh iúnadh go raibh Iúlius ag cuímhneamh ar an gcathair sin, agus níorbh iúnadh Augustus a bheith ag cuímhneamh uirthi’na dhiaidh. Ach bhí daoine eile sa Róimh a bhí ag cuímhneamh uirthi, leis. Bhí an file, Horátius ag cuímhneamh uirthi. Do thuig an file, agus do thuig daoine nárbh é, dá ndeintí an chathair sin lastoir ansúd san áit a bhí chómh meánach, idir na dúthaí breátha móra leathana saibhre úd go n-éireódh sí thar na beartaibh chun réime agus chun rachmais, agus go gcuirfeadh sí meathlú ar an seanachathair, ar chathair na Rómha.

Níor thaithn leis an bhfile go ndéanfí beart a dhéanfadh a leithéid de dhíobháil don tseanachathair. Ba rómhaith leis rud éigin a dhéanamh do chuirfeadh athrú aigne ar an Ímpire. Níorbh fhuiriste dho san. Bhí sé féin tar éis dul sa chogadh i gcoinnibh Augustuis agus tar éis bheith sa troid ’na choinnibh i gcath Philipí. Ní fhéadfadh sé aon tsúil a bheith aige, dá bhrí sin, go nglacfí cómhairle uaidh go róchneasta. B’fhéidir go ndéarfí leis gur mhaith an rud do cath Philipí a mhaitheamh do agus gan a thuilleadh cur isteach a dhéanamh.

Is é rud a dhein sé ná dán álainn uasal a dhéanamh ar an scéal agus an dán do dhéanamh i riocht nárbh fhéidir d’éinne a chur ’na leith go raibh sé ag cuímhneamh in aon chor ar Augustus, agus san am gcéanna, an dán do dhéanamh ar chuma do chuirfeadh ’ fhéachaint ar an Ímpire dhá thaobh an scéil do bhreithniú go hiomlán.

Do dhein sé an dán agus tá an dán le fáil sa leabhar filíochta atá againn uaidh. Seo mar a thosnaíonn an dán:—

“Iustum et tenacem proposití virum, &c.” –— Lib. iii. Od. iii.

Molann an file sa dán san an fear ná staonfadh ón gceart pé rud a bheadh le himeacht air, agus tugann sé mar sholaoidí ar an gcuma ’na ndeinid na déithe luacht saothair a thabhairt don saghas san fir, an chuma ’nar tógadh suas i measc na ndéithe Herculés agus Castór agus Polux. Agus ní staonann sé óna rá go raibh Augustus féin i measc na ndéithe, toisc na tréithe sin a bheith ann, bíodh ná raibh sé tar éis imeacht as an saol fós. Ínseann sé ansan conas mar a labhair an bhanndé, Iúnó, i gcómhthionól na ndéithe, agus conas mar a chuir sí eascaine ar aon duine do chuirfeadh suas arís cathair na Trae, agus mar a gheall sí, dá gcurtí suas an chathair mhallaithe sin do leagfadh sí féin arís í, agus go loiscfeadh sí í, mar a dhein sí cheana. Níor thrácht an file in aon chor ar Bhyzantium, ná níor leog sé air go raibh sé ag cuímhneamh ar Bhyzantium. Dheallródh an scéal gur thuig Augustus brí na filíochta. Pé’r domhan é, do chuir sé Byzantium as a cheann.

Tímpall trí céad blian ’na dhiaidh san, nuair a fuair Constantín é féin i gceannas na hímpireachta, do chuímhnigh sé ar Bhyzantium. Do chruinnigh sé a chuid saibhris agus chuaigh sé soir go dtí an Bosphorus agus chuir sé suas ann cathair álainn uasal agus thug sé mar ainm ar an gcathair sin Constantínopolis, .i. Cathair Chonstantín. Dhein sé cónaí sa chathair sin. Sa chathair sin a bhí a chúirt aige agus is ann a dheineadh sé gnó na hímpireachta do láimhseáil agus do riaradh. Thug san aghaidh ríogra na hIúróipe ar Chathair Chonstantín, ach má thug féin níor baineadh ó chreidiúint na Rómha oiread agus do measadh a bainfí, agus níorbh fhada gur éirigh nithe eile, nithe ná raibh coinne leó, nithe a dhein níos mó díobhála don dá chathair ná mar ’ fhéadfaidís féin a dhéanamh dá chéile.

Nuair a bhí Constantín socair i gceannas na hímpireachta dhein sé dlithe a thug cead a cínn don Eaglais. Thug sé an cead cínn sin don Eaglais sa dá chathair. Chómh luath agus ’ tháinig an cead cínn sin dhein dhá aicme daoine úsáid de. Dhein daoine naofa úsáid de chun gnóthaí an chreidimh do chur chun cínn. Dhein drochdhaoine úsáid de chun creidimh éithigh do chur ar bun. Ba gheárr go raibh an Iúróip ’na círéip idir an dá aicme. Lastoir is ea ba mhó a bhí an creideamh éithigh ag déanamh a dhrochoibre. An Ghréigis is í ba mhó do labhartí lastoir. Cainnt uasal, chómhachtach, ghunta ab ea an Ghréigis. Dheineadh an mhuíntir thoir, an chuid acu a ghabhadh leis an éitheach, dheinidís úsáid de chómhacht agus d’uaisleacht agus de ghuntacht na cainnte chun an chreidimh fhallsa do chur i bhfeidhm. Ní leogfí leó é gan aighneas. Do buaití ar an éitheach. Ach nuair a buaití ar aon éitheach amháin d’éiríodh éitheach eile. Do lean an chaismirt ar feadh na gcéadta blian. Fé dheireadh d’éirigh Mohammed agus a shlóite agus do chuireadar féna smacht an dúthaigh lastoir den Bhosphorus. Ansan tháinig scannradh ar na Gréagaigh i gcathair Chonstantín. Siúd siar iad chun síochána ’ dhéanamh leis an bPápa le hionchas go dtiocfadh muíntir na Rómha chúthu chun iad do chosaint ar mhuíntir Mhohammed. Bhí sé ródhéanach. Do bhrúigh an tÍmpire Turcach, an tarna Mohammed, isteach orthu, agus na mílte dí-áirithe sló aige. Thóg sé sin an chathair sa bhlian d’aois an Tiarna míle cheithre chéad chúig dheich a trí (1453). Tá an chathair sin ag na Turcachaibh riamh ó shin.

Constantín ab ainm don ímpire do chur an chathair suas, agus Constantín ab ainm don ímpire a bhí ar an gcathair nuair a thóg na Turcacha í. Constantín Mór a tugtar ar an gcéad Chonstantín sin, agus ní miste Constantín Mór a thabhairt ar an gConstantín deirineach chómh maith. Do chosain sé an chathair ar na Turcachaibh le géire íntleachta agus le crógacht gnímh ná fuil a sárú le fáil sa chosaint a deineadh ar aon chathair eile, riamh roimis sin ná riamh ó shin. Constantín Palaéólogus ainm an fhir sin.

Tá an chathair sin ag na Turcachaibh fós. Táid cómhacht na hIúróipe ag faire, riamh ó shin, ar an gcúinne sin ag an gceann theas den Bhosphorus. D’fhéadfaidís, aon lá ba mhaith leó é, an Turcach do chomaint thar Bosphorus soir; ach b’fhéarr le gach cómhacht díobh an cúinne sin a bheith ag an dTurcach ná é ’ bheith ag éinne eile acu féin. Éad!

Nóta

Míle cheithre chéad chúig dheich a trí: in his Irish Numerals and how to use them, PUL argued for the adoption of the decimal system in Irish. He explained, “I have made up my mind to use the decimal system of numeration as it is now used in all countries as a basis for numeration”, and cited a poem he had heard a child which used trí dheich for “thirty”.

Foclóirín

abha: “river”. The dative abhainn has replaced the nominative in the CO. Pronounced /au/ and /auŋʹ/.
Afric (an Afric): “Africa”, pronounced /afʹirʹikʹ/. The original spelling is retained, in line with PUL’s practise of not gaelicising non-Irish words.
Africa (an Africa): “Africa”, a clearly Anglophone version of the word found in the CO as an Afraic. Similarly, PUL used Asia, America and Iúróip in his Irish, indicating that the forms adopted in the CO were not in vogue among Irish speakers in the nineteenth century.
ag: “at”. The combination ag á, corresponding to ag a in the CO, is pronounced /i’gʹɑ:/.
airc: “ark”, or áirc in the CO. PUL uses airc here and in his Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha, but his translation of the Gospels uses arc, possibly reflecting the influence of the editor of his gospels, Gearóid Ó Nualláin. Airc is given in Dinneen’s dictionary, and seems the preferable form. Airc na Connartha, “the ark of the covenant”.
aisling: “vision”.
Alpa (na hAlpa): the Alps.
ar fuaid: “throughout”, or ar fud in the CO.
Atlantach (an tAtlantach): “the Atlantic Ocean”.
Augustus: the Roman Emperor Augustus, who reigned from 27 BC to 14 AD.
báidh: /bɑ:gʹ/, “sympathy, liking”. This word is in the CO, but the final -idh in the historic spelling is audible in the nominative/dative singular in WM Irish.
bainistí: listed in Ó Dónaill’s dictionary as “thrift”, but glossed in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne as “management”; it seems “thrift” is only one specific form that such management can take. Daoine bhainistí, “to manage people”.
banndé: “goddess”, or bandia in the CO. The CO form is masculine, but PUL uses banndé as a feminine noun here.
baoch: “grateful”, or buíoch in the CO. Buidheach stood in the original here, but the WM pronunciation is /be:x/.
beart: “move, action, proceeding, transaction”. Feminine here, but masculine in the CO.
Bosphorus (an Bosphorus): the Bosphorus, the straits in Turkey that form the dividing line between Europe and Asia.
bratach: “flag, standard”. Note this word is masculine here, but feminine in the CO.
Breatain: Great Britain, a large part of which was once included in the Roman province of Britannia.
breithiúntas: “judgment”, or breithiúnas in the CO.
breithním, breithniú: “to consider,” or breathnaím, breathnú in the CO. Breathnaím must have been used in WM too, as IWM has an example of it. However, PUL consistently uses breithním. The CO has a distinction between breathnaím, meaning “to observe, examine, consider”, and breithním, meaning “to judge, adjudicate”, but there is no trace of such a distinction in PUL’s works.
buaim, buachtaint: “to win, gain a victory, be victorious over”, or buaim, buachan in the CO.
bunoscionn: “upside down, awry”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/ according to IWM. It is possible that /bun ɑs kʹu:n/ was also found.
Byzantium: Byzantium, the ancient Greek city that later became Constantinople and is now Istanbul in Turkey.
caismirt: “conflict, contention”, pronounced /kɑʃimʹirtʹ/.
Castór: Castor, the mortal son of Leda in Greek and Roman mythology and twin brother of Pollux (born of the same mother, but son of Jupiter).
Cathair Chonstantín: Constantinople, the new name that Constantine gave to Byzantium as the capital of the empire.
cead: “permission”. Cead cínn, glossed in dictionaries as “one’s own way”, but more along the lines of “freedom of thought” here. The glossary in the 1924 edition of Lúcián gives “liberty, freedom, tolerance” as the translation.
ceilg: “conspiracy”, pronounced /kʹelʹigʹ/.
ceoca: “which? which of them? whether?” From cé acu or cé’cu. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.
cimeádaim, cimeád: “to keep”, or coimeádaim, coimeád in the CO. This word and all cognates (chimeádaidís, etc) have a broad c in the classical spelling and in the CO, but a slender c or ch (as applicable) in WM Irish: /kʹi’mʹa:d/, /xʹi’mʹa:didʹi:ʃ/, etc. Note that the the CO distinction between coimeád, “keep”, and coimhéad, “watch over”, does not obtain in WM Irish: coimhéad is an Ulster word.
círéip: “riot, uproar”, or círéib in the CO. ’Na círéip idir an dá aicme, possibly “torn between the two groups”.
ciúmhais: “edge, margin”.
comáinim, comáint: “to drive, force, impel”, or tiomáinim, tiomáint in the CO. Both forms are found in PUL’s works.
cómhacht: “power, authority”, cumhacht in the CO, but pronounced with a long o in WM Irish: /ko:xt/.
cómhthionól: “assembly, gathering”. This word is often cómhthalán in WM Irish, but I am unsure if that is only the case in the meaning of “pattern, a gathering at a holy well particularly on a patron saint’s day”. More research required here.
connradh: “agreement, covenant”, with connartha in the genitive. This word is feminine in WM Irish, but masculine in the CO. Airc na Connartha, “the ark of the covenant”. Apparently pronounced /ku:re(v), kunərhə/, but some research required here.
Constantín Mór: Constantine I or Constantine the Great, Roman emperor 306-337 AD. Constantine served as a Roman general in the province of Britannia 305 AD, campaigning against the Picts in Scotland, before being declared emperor in 306 AD. His Edict of Milan in 313 AD decreed tolerance for religions throughout the empire. He converted to Christianity and was baptised in the River Jordan in 337 AD.
Constantín Palaéólogus: Constantine XI Palaeologus, the last Byzantine emperor, who reigned 1449-1453, and died in battle in 1453 during the fall of Constantinople to the Turks.
Constantínopolis: Constantinople. See under Cathair Chonstantín.
cothromúil: “advantageous, convenient, fit for purpose”. Pronounced /korhə’mu:lʹ/.
creidiúint: “credit”, but also “reputation, honour”.
cros: “cross”, with cruise in the genitive and cruis in the dative.
cruaidh: crua in the CO, “hard, severe”. Pronounced /kruəgʹ/ in WM Irish.
cúirt: “royal court”.
de: “of, from”. It is important to bear in mind that this simple preposition is pronounced in the same way as do in WM Irish, /də/, but it has been thought better to edit these with the historically correct prepositions, as they would stand in the CO. PUL had macasamhail don chruis: this has been edited as macasamhail den chruis. The alignment of do and de in pronunciation only applies to the simple preposition; the prepositional pronoun de (sometimes written ) is pronounced /dʹə~dʹi/. See also do.
deallraím, deallramh: “to appear”, or dealraím, dealramh in the CO. Pronounced /dʹau’ri:mʹ, dʹaurəv/.
deirineach: “last”, or deireanach in the CO. Pronounced /dʹerʹinʹəx/.
deocair: “difficult”, deacair in the CO. Pronounced /dʹokirʹ/.
dí-áirithe: “innumerable”.
dlí: “law”. The plural used here is dlithe; this would be dlíthe in the CO, but the WM pronunciation is /dlʹihi/.
do: “to”. Note that the classical spelling of the preposition pronoun is adopted in the CO, but this form is pronounced /do/ in the dialect and so edited as do here.
doimhinn: “deep”, domhain in the CO, pronounced /dəiŋʹ/. Possibly also with an additional nuance of “devious, hard to keep ahead of”.
druím: “back”, or droim in the CO. PUL uses drom for the actual back of a person or an animal, but druím for more derived usages. De dhruím, “over”, or de dhroim in the CO.
Éigipt (an Éigipt): Egypt.
Eúphratés: the River Euphrates in Mesopotamia (modern-day Iraq).
fadaraíonach: “long-suffering, patient”.
faid: “length”, or fad in the CO.
fallsa: “false”, or falsa in the CO. The double l shows the diphthong: /faulsə/.
Farraige Adriátaigh (an Fharraige Adriátaigh): the Adriatic Sea.
Farraige Chaspiach (an Fharraige Chaspiach): the Caspian Sea.
Farraige Dhubh (an Fharraige Dhubh): the Black Sea.
Farraige Marmora: the Sea of Marmora, an inland stretch of water between the Black Sea and the Aegean Sea, to the south of the Bosphorus.
féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.
fiantas: “wilderness”. This word is spelt fiántas in the CO, reflecting the earlier spelling of fiadhantas, but the pronunciation is /fʹiantəs/, and so the síneadh fada performs no function here.
fiolar: “eagle”.
fuiriste: “easy”, furasta in the CO. Uiriste is also found in PUL’s works, and the forms without f seems more fundamental to the dialect.
Gaillia (an Ghaillia): Gaul (modern-day France).
gainimh: “sand”, or gaineamh in the CO. The genitive here is gainimhe. Pronounced /gɑnʹivʹ, gɑ’nʹi:/.
gléas: “instrument, means”. Gléas rialtais, “system of government”. Gearóid Ó Nualláin claimed in his Studies in Modern Irish that the Irish language had no word corresponding to “system” in English—córas is the word usually adopted—but gléas here clearly has the meaning of “system”.
Gréigis: “the Greek language”.
gunta: “succinct, terse; subtle”, or gonta in the CO. The glossary to the original edition shows that the reference here is to the subtlety of Greek as a language. The original spelling is retained here to show the pronunciation.
guntacht: “subtleness, terseness”. Guntacht cainnte, the quality of being able to make find distinctions or say much in a few words; gontacht in the CO.
Herculés: the Roman demigod, Hercules, son of the god Jupiter.
Horátius: Quintus Horatius Flaccus, or Horace, a Roman poet in the first century BC who served as a general in the Roman republic army, opposing the forces of the Second Triumvirate, in the battle of Philippi, 42 BC. He accepted the amnesty declared by Octavian (later the Roman emperor Augustus).
imperátor:imperator, a Latin word originally meaning “commander, ruler”, but later acquiring the connotation of “emperor”, which is etymologically derived from it.
ímpire: “emperor”.
ímpireacht: “empire”.
inead: “place”, or ionad in the CO. Pronounced /inʹəd/. In inead, “instead of”.
ínsim, ínsint: “to tell”, or insim, insint in the CO.
íntleacht: “intellect”, pronounced /i:ntʹilʹəxt/.
ionchas: “expection”. Pronounced /unəxəs/. Le hionchas go, “in the expectation or likelihood that”.
iúnadh: “wonder, surprise”, ionadh. Pronounced /u:nə/.
Iúnó: Juno, the Roman goddess who is sister and wife of Jupiter.
Iúlius Caesar: Julius Caesar, the Roman statesman and general who was murdered in 44 BC.
Iúpiter: Jupiter, the king of the Roman gods.
Iúróip: “Europe”, or Eoraip in the CO. PUL told Osborn Bergin the pronunciation was /u:’ro:pʹ/.
iustum et tenacem proposití virum: the poem by Horace that begins “iustum et tenacem propositi virum” reads in English, “the man who is just and resolute will not be moved from his settled purpose”. This is found in Horace’s third book of Odes, published in 23 BC.
lárslí: “centrally located”, a word not given in dictionaries.
leogaim, leogaint:“to let, allow”, ligim, ligeanin the CO.
luacht saothair: “reward”, or luach saothair in the CO. Both forms are found in PUL’s works.
macasamhail: “copy”. The entry in PUL’s Notes on Irish Words and Usages (p74) shows he also accepted the form macshamhail. Pronounced /mɑ’kaulʹ, mɑkə’saulʹ/.
Macsentius: Maxentius, a rival co-emperor with Constantine 306-312 AD until his defeat by Constantine in the Battle of the Milvian Bridge.
meánach: “middle”. Here referring to a city’s being central in terms of location.
mearathall: “confusion”, or mearbhall. Pronounced /mʹarəhəl/ in WM Irish. Mearathall aigne, “bewilderment”.
meathlú: “decline”, pronounced /mʹahə’lu:/.
Milbhiach: the Milvian Bridge (Ponte Milvio, Rome), the site of a battle between Constantine and Maxentius in 312 AD, which led to Maxentius’ defeat and drowning.
míorúilteach: “miraculous”.
Mohammed: the Muslim “prophet” Mohammed, who died in Arabia in 632 AD.
Mohammed II: Mehmet II, the Ottoman sultan who conquered Constantinople and died 1481.
Muir Ghearmánach (an Mhuir Ghearmánach): possibly the North Sea.
Muir Mharmora: the Sea of Marmora, an inland stretch of water between the Black Sea and the Aegean Sea, to the south of the Bosphorus.
Muir Thorríann (an Mhuir Thorríann): the Tyrrhenian Sea, between Italy and Africa. The name Tyrrhenian derives from the Greek for “Etruscan”. Muir Thoirian in the CO.
nú: “or”, or in the CO.
oilteacht: “proficiency, expertness”.
os cionn: “above”. Pronounced /ɑs kʹu:n/.
Paleistín (an Phaleistín): Palestine. PUL eschews artificial gaelicisation of foreign placenames. The CO has Palaistín.
Pápa: “the Pope”.
Philipí: Philippi, a city in Macedonia, near Filippoi in modern-day Greece. Two battles were fought here in 42 BC with the Second Triumvirate (including Mark Antony and Octavian, who would become the emperor Augustus) seeking to avenge the murder of Julius Caesar.
Polux: Pollux, the divine son of Leda in Greek and Roman mythology, following the rape of Leda by Jupiter. Pollux was the twin brother of the mortal Castor.
príobháideach: “private”. This form is also found in the CO. In PUL’s Mo Sgéal Féin the form príobhóideach is found.
rachmas: “wealth”.
réitím, réiteach: normally “to solve”, but also réiteach le duine, “to suit someone, agree or concord with him”.
riail: “rule, regulation”, with the plural here rialta, or rialacha in the CO.
rialtas poiblí: “republic”. It is unclear if PUL had the word poblacht or not.
riaraim, riaradh: “to manage, administer”, or riaraim, riar in the CO. Both riaradh and riar are found as the verbal noun in PUL’s works.
ríogra:ríora in the CO, a collective word for “royalty, kings”.
roim: “before”, or roimh in the CO, pronounced /rimʹ/. Roime is also found here. With the third-person possessive, this becomes roimena, “before his/her”, /rimʹinə/.
Róimh (an Róimh): Rome; na Rómha in the genitive. Pronounced /ro:vʹ/, and /ro:/ in the genitive.
saol: “life, world”. The original spelling was saoghal, and the spelling change has introduced inconsistencies: the genitive is spelt saoil in the Standard, which would give the wrong WM pronunciation. The genitive is edited as saeil here.
sáraím, sárú: “to outdo”.
Sasana: England.
scannradh: “terror”, scanradh in the CO, pronounced /skaurə/ in WM.
seilbh: “occupancy, possession”, with sealbha in the genitive.
slua, slóite: “army”. PUL normally forms the plural of this word, sluaite in the Standard, with an –ó-. The genitive plural here is sló. While IWM shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse. The medial –ó- is therefore retained wherever it was given in the original. Slua is feminine in PUL’s works.
solaoid: “illustration, example”.
Spáinn (an Spáinn): “Spain”.
srian: “reins of a horse”. Note that this word is feminine here, but masculine in the CO.
srianaim, srianadh: “to bridle, curb, restrain”.
sroisim, sroisiúint: “to reach”, sroichim, sroicheadh. Pronounced /sroʃimʹ, sro’ʃu:ntʹ/.
stiúraím, stiúrú: “to guide, direct”, or stiúraim, stiúradh in the CO. The verbal adjective appears as stiúrtha here, where stiúraithe is found elsewhere in PUL’s works, either suggesting that he accepted stiúraim in the first conjugation, as in the CO, or that stiúrtha should be edited as stiúraithe.
taistealaim, taisteal: “to travel”. The CO has taistealaím in the second-conjugation, but I have yet to find attestation of the finite form of this verb in PUL’s works.
taithneann, taithneamh: “to please”, taitníonn, taitneamh in the CO. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən/. The past is do thaithn, /də haŋʹ/; the conditional is do thaithnfeadh, /də haŋʹhəx/; and the verbal noun taithneamh, /taŋʹhəv/.
tar a éis a tuigtear gach beart: “it is afterwards that everything is found out; events are understood better in hindsight”.
targaireacht: “prophecy”, or tairngreacht in the CO. Pronounced /tɑrəgirʹəxt/.
tarna: “second”, or dara in the CO.
teithim, teitheadh: “to flee”. The verbal adjective “fled” is teithe here, but teite in the CO. In the classical spelling, the verb was teichim, with the participle teichthe. Other writers of WM Irish preferred teite as the verbal adjective, thus clarifying the distinction between the verbal noun teitheadh and its genitive, the verbal adjective teite.
Tiberis: the River Tiber in Rome.
Tígris: the River Tigris in Mesopotamia (modern-day Iraq).
tímpall: “around”, or timpeall in the CO. The broad p in WM Irish is preserved here: /tʹi:mʹpəl/.
titim, titim: “to fall”. Bheadh titim saibhris isteach chúithi appears to relate to the entry in Ó Dónaill’s dictionary, titim chun, “to accrue to”. One could possibly translate, “wealth would flow in to it”.
toghaim, toghadh: “to choose”.
Trae: Troy, the city in what is now Turkey that was destroyed in the Trojan war of around the 12th century BC.
treabhchas: “tribe”, with treabhchasaí in the plural, where the CO has treabhchais. Treabhchaisí was the plural used by Amhlaoibh Ó Loingsigh.
treasna: “across” or trasna in the CO. Pronounced /trʹasnə/.
Turcach: “Turk”. Note the plural, Turcacha, where the CO has Turcaigh.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s