Marcus 8

CAIBIDIOL 8.

Bia ag Críost d’á thabhairt do cheithre mhíle duine. Radharc á thabhairt do dhall. An pháis a bhí ag Críost le fulang.

Ins na laethibh sin airís, nuair a bhí sluagh mhór ann agus gan aon nídh acu le n-ithe, do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Tá truagh agam do’n tsluagh, mar, féach, táid siad am’ fhochair le trí lá, agus ní’l aon rud le n-ithe acu; Agus má chuirim abhaile iad ’n-a dtrosgadh tuitfid siad ar an slígh, óir do tháinig cuid acu abhfad. Agus d’fhreagair a dheisgiobuil é: Conus is féidir d’aoinne a ndóithin aráin a thabhairt dóibh anso sa n-uaigneas? Agus d’fhiafraigh sé dhíobh: An ’mó bulóg aráin agaibh? Agus dubhradar-san: Seacht mbulóga. Ansan d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an dtalamh; agus thóg sé na seacht mbulóga, agus ghaibh sé buidheachas, agus bhris sé an t-arán, agus thug sé d’á dheisgiobulaibh é le cur os cómhair na ndaoine, agus chuireadar. Agus bhí rainnt iasga beaga acu, 7 bheannuigh sé iad, 7 d’órduigh sé iad do chur os cómhair na ndaoine. Agus d’itheadar, agus bhí a ndóithin mór acu. Agus thógadar an bia briste do fágadh, seacht gciseáin de. Agus tímpal cheithre mhíle duine iseadh bhí tar éis an bhídh a chaitheamh; agus chuir sé chun siubhail iad.
Agus chuaidh se láithreach ar bórd na luinge i n-aonfheacht le n-a dheisgiobuil agus tháinig sé i dtriúchaibh Dalmanúta. Agus d’imthigh na Fairisínigh amach agus chromadar ar aighneas leis, ’ghá iarraidh air cómhartha ó neamh a thabhairt dóíbh, ag baint trialach as. Agus dhein sé osna ’n-a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a deirim libh, ní tabharfar cómhartha do’n tsliocht san.
Agus chuir sé uaidh iad, agus chuaidh sé ar bórd an luinge airís agus d’imthigh sé thar uisge.
Agus dhearmhadadar arán a thabhairt leó, agus ní raibh sa luing acu ach aon bhulóg amháin. Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid. Agus bhíodar ag pléidh eatartha féin, ’ghá rádh: Ní’l arán againn. Agus bhí a fhios san ag Íosa agus dubhairt sé leó: Cad é an pléidh seo agaibh toisg gan arán a bheith agaibh? Ná h-aithnigheann sibh agus ná tuigeann sibh fós? An bhfuil bhúr gcroidhe dall fós? An bhfuil súile agaibh agus ná feiceann sibh? An bhfuil cluasa oraibh agus ná h-airigheann sibh? Nó an amhlaidh nách cuimhin libh? Nuair a bhriseas na chúig bhulóga do’n chúig mhíle duine, an ’mó ciseán a thógabhair de’n bhia bhriste? Dubhradar-san: Dhá chiseán déag. Agus na seacht mbulóga do’n cheithre mhíle, an ’mó ciseán a thógabhair? Agus dubhradar: Seacht gciseáin. Agus dubhairt sé leó: Conus ná tuigeann sibh fós?
Agus thánadar go Betsaida; agus thugadar chuige dall, agus d’iarradar air lámh a chur air. Agus do rug sé ar láimh ar an ndall, agus do rug sé as an mbaile beag é, agus chuir sé seile ar a shúilibh, agus chuir sé a dhá láimh air, agus d’fhiafraigh sé dhe an bhfeacaidh sé aon nídh. Agus d’fhéach an duine suas agus dubhairt sé: Chím daoine mar bheadh crainn agus iad ag siubhal. Ansan do chuir sé a lámh airís ar a shúilibh, agus chrom an duine ar fhéachaint suas, agus mar sin tháinig radharc dó i dtreó go bhfeacaidh sé gach nídh go soiléir. Agus chuir sé an duine chun a thighe féin agus dubhairt sé leis: Imthigh chun do thighe, agus má théigheann tú isteach sa tsráid ná h-innis d’aoinne.
Agus chuaidh Íosa agus a dheisgiobuil sa bhaile sin Caesaraéa Philippí, agus ar an slígh dhó do cheistigh sé a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Dar leis na daoine cé h-é mise? Agus d’fhreagradar é agus dubhradar: Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le tuille, aon de sna fáidhibh. Ansan dubhairt sé leó: Ach dar libh-se cé h-é mé? Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt: Is tusa Críost. Agus thug sé foláramh dóibh gan a dh’innsint d’aoinne ’n-a thaobh.
Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eireóchadh sé ó’n mbás. Agus do labhair se an chaint go soiléir. Agus do rug Peadar air agus do chrom sé ar cur ’n-a choinnibh. Ach d’iompuigh seisean agus d’fhéach sé ar a dheisgiobulaibh, agus do labhair sé go bagarthach le Peadar, agus dubhairt sé: Imthigh lastiar díom, a Shátain, óir ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia is mian leat, ach na neithe a bhaineann le daoine.
Agus ghlaoidh sé chuige na daoine agus a dheisgiobuil i n-aonfheacht, agus dubhairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne mise do leanmhaint, séanadh sé é féin, agus glacah sé chuige a chros, agus leanadh sé mé. Óir, an t-é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a anam; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam. Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin? Nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam? Óir an t-é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal naomhtha. Agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad an bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé ag teacht i gcómhacht.

Marcus 7

CAIBIDIOL 7.

Na Fairisínigh dá n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan dá leigheas aige, agus an fear a bhí bodhar balbh.

Agus tháinig Fairisínigh agus raint des na Sgríbhneóiríbh ó Ierúsalem, agus bhailigheadar chuige. Agus nuair a chonacadar cuid d’á dheisgiobuil ag ithe aráin agus a lámha coitchian, ’sé sin gan nighe, chasadar leó é. Óir ní ithid na Fairisínigh ná na Iúdaigh bia gan a lámha do nighe go minic, ag coimeád nóis na sinsear. Agus ar theacht ó’n margadh dhóibh ní ithid bia gan iad féin do nighe, agus tá a lán eile sean-nós atá ortha a choimeád, ar a bhfuil na cupáin do nighe, agus na crúscaí, agus na h-árthaí práis, agus na leapacha. Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí dhe: Cad ’n-a thaobh ná siubhlaid do dheisgiobuil-se do réir nóis na sinsear, agus go n-ithid siad bia gan a lámha do nighe? Ach d’fhreagair seisean iad agus dubhairt: Is maith an targaireacht a dhein Isáias oraibh-se, a lucht an fhill, mar a bhfuil sgríobhtha: Molaid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uiam atá a gcroidhe: Adhradh folamh a thugaid siad dom, ag múineadh teagasg agus aitheanta daoine. Óir tréigeann sibh órdú Dé, agus coimeádann sibh nós daoine; deineann sibh na crúscaí agus na cupáin do nighe, agus mórán neithe eile de’n tsórd san. Agus dubhairt sé leó: Is maith a chuireann sibh órdú Dé ar neamhnídh chun nós bhúr sinsear do choimeád. Óir dubhairt Maois: Tabhair dot’ athair agus dod’mháthair onóír; agus: An t-é thabharfaidh droch-chaint d’á athair nó d’á mháthair curtar chun báis é. Ach dar libh-se: Má deir duine le n-a athair nó le n-a mháthair: Gach corban, (’sé sin, gach tabharthas) d’á dtugaim-se uaim, bíodh a thairbe agat-sa; Agus ní leigeann sibh dó aon nídh eile a dhéanamh d’á athair n d’á mháthair. Ag cur bréithir Dé ar neamhnídh leis na sean-nósaibh a chleachtabhair féin. Agus tá a lán neithe de’n tsórd san agaibh ’á dhéanamh.
Agus do ghlaoidh sé na daoine chuige airís, agus dubhairt sé leó. Ní’l aon rud atá lasmuigh de’n duine, agus a théigheann isteach ann, d’fhéadfadh é shailiú, ach na neithe a thagann amach as an nduine siniad a shailígheann an duine. Má tá cluasa chun éisteachta ag duine, éisteadh sé.
Agus nuair a chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh d’fhiafraigh a dheisgiobuil de brígh na soluíde. Agus dubhairt sé leó: Agus an bhfuil sibh-se leis gan breitheamhantas mar sin? Ná tuigeann sibh, pé rud a théigeann isteach sa duine ó’n dtaobh amuigh nách féidir do an duine shailiú, Mar ní théagann sé isteach ’n-a chroidhe, ach i n-a bholg a théigheann sé agus téigheann sé amach sa bhfiailteach, ag glanadh gach bídh amach. Agus dubhairt sé gur b’iad na neithe a thagann amach as an nduine a shailigheann an duine, Óir is ó’n dtaobh istigh, amach a croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmharbhadh, Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht, droch-shúíl, diamhasla, uabhar, mí-chiall. Ó’n dtaobh istigh iseadh thagaid na h-olca san go léir, agus isiad a shailigheann an duine.
Agus d’eirigh sé as san, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóín, agus chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios a bheith ag aoinne, agus níor fhéad sé é féin do cheilt. Óir do tháinig chuige agus do chaith í féin agá chosaibh, chómh luath agus d’airigh sí trácht air, bean go raibh spioraid truaillighthe ’n-a h-inghin. Agus bean Ghréagach ab eadh í, Sírophoenach do réir chinéil, agus bhí sí ag guidhe chuige go ndéanfadh sé an deamhan do dhíbirt as a h-inghin. Agus dubhairt sé léi: Fan go mbeidh a sáith ag an gclainn; óir ní maith an rud bia na clainne thógaint agus é thabhairt do sna gadharaibh. Ach d’fhreagair sise agus dubhairt: Iseadh, a Thighearna, óir ithid na coileáin fé’n mbórd na bia briste a thuiteann ó’n gclainn. Agus dubhairt seisean: Mar gheall ar an bhfocal san imthigh leat, tá an deamhan imthighthe as t’inghin. Agus nuair a chuaidh sí abhaile chun a tighe fuair sí a h-inghean ’n-a luighe ar a leabaidh, agus an deamhan imthighte aisti.
Agus chuaidh sé amach airís a’ críóchaibh Tuíre, agus tháinig sé tré Shídón go muir Gaililí, tré lár críche Decapolis. Agus thugadar chuige duine a bhí bodhar balbh, agus bhíodar ag tathant air a lámh a chur air. Agus thóg sé leis i leith-taoibh é ó’n sluagh, agus chuir sé a mhéireana isteach ’n-a chluasaibh, agus chuir sé seile amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine, Agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt:Ephpheta, ’sé sin, Osgail. Agus, láithreach, do h-osgaladh a chluasa dhó, agus do bogadh an ceangal d’á theangain, agus do labhair sé go cruinn. Agus d’órduigh sé dhóibh gan é dh’innsint d’aoinne. Ach d’á mhéid a dh’órduigh sé dhóibh é iseadh is mó a dh’innseadar é. Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhe, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do’n bhodhar agus caint do’n bhalbh.

Marcus 6

CAIBIDIOL 6.

Críost ag Nasaret agus é ag tabhairt teagaisg uaidh. An dáréag Aspol dá gcur amach aige. Bia a thabhairt aige do chúig mhíle duine a’ chúig bológaibh, agus é ag siubhal ar an bhfaraige.

Agus d’imthigh sé ó’n áit sin agus tháinig sé chun a thíre féin, agus do leanadar a dheisgiobuil é. Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaid sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iongna d’á theagasg, agus deiridís: Cá bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d’oibreachaibh móra agus a déintear tré n-a lámhaibh? Nách é seo an siúinéir, mac Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseiph, agus Iúdáis, agus Shímóin? An amhlaidh ná fuil a dhriféaracha anso i n-ár measg? Agus do ghlacadar sgannal uime. Agus deireadh Íosa leó: Ní bhíonn fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin, agus ’n-a theaghlach féin, agus ameasg a ghaolta féin. Agus níor féad sé aon chómhacht d’oibriú sa n-áit sin, ach gur chuir sé a lámh ar raint bheag daoine breóite agus gur leighis sé iad. Agus dhein sé iongna de’n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg.
Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaid ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe. Agus d’órduigh sé dhóibh gan aon nídh thógaint i gcóir an bhóthair ach amháin cleith: bheith gan mála, gan arán, gan airgead i gcrios. Gan a bheith ar a gcosaibh ach sandala, agus gan an tarna casóg a bheith úmpa. Agus dubhairt sé leó: Pé áit ’n-a raghaidh sibh isteach i dtigh, fanaidh ann go bhfágaidh sibh an áit sin. Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó ná h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh. Agus chuadar amach agus d’fhógradar aithrighe dhéanamh. Agus chuireadar mórán deamhan amach a’ daoine, agus chuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leighseadar iad.
Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eoin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n-oibriú tríd. Agus deireadh daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh. Agus nuair a dh’airigh Héród é dubhairt sé: Eóin, gur bhaineas-sa an ceann de, siné atá eirighthe ós na mairbh.
Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige. Agus deireadh Eóin le Héród: Ní dleaghthach duit bean do dhrithár a bheith ’n-a mnaoi agat. Agus bhí Héródias ag déanamh ceilge ’n-a choinnibh, a d’iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag eirighe léi. Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.
Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein Héród féasta lae a bheirte do phriúnsaíbh agus do thaoiseachaibh agus d’uaislibh Ghaililí, Agus tháinig inghean Héródias isteach agus dhein sí rinnce agus do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain, agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh is maith leat, agus tabharfad duit é. Agus do dhéarbhuigh sé dhi: Pé rud a iarrfair orm tabharfad duit é, dá mba leath mo rígheachta é. Agus chuaid sise amach, agus dubhairt sí le n-a máthair: Cad a dh’iarrfad? agus dubhairt an mháthair: Ceann Eóin Bhaiste. Agus do rith sí isteach i láthair an rí chun iarraidhthe, agus dubhairt sí: Is maith liom go dtabharfá dhom láithreach, ar mhéis, ceann Eóin Bhaiste. Agus tháinig buairt ar an rí; mar gheall ar an ndearbhú agus ar na daoine a bhí láithreach níor mhaith leis dólás a chur uirthi; Agus do chuir sé an básaire uaidh, agus d’órduigh sé an ceann a thabhairt leis ar mhéis. Agus do bhain sé an ceann de sa phríosún, Agus thug sé an ceann leis ar mhéis; agus thug sé do’n chailín é, agus thug an cailín d’á máthair é. Agus d’airigh a dheisgiobuil an sgéal agus thánadar agus do rugadar leó an corp, agus chuireadar sa n-uaigh é.
Agus tháinig na h-Aspoil chun Íosa, agus d’innseadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh múinte acu. Agus dubhairt sé leó: Tagaidh i leith-taoibh go h-áit uaigneach agus glacaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir bhí a raibh ag teacht agus ag imtheacht líonmhar, agus ní raibh uain acu chun bídh a chaitheamh. Agus chuadar an bórd luinge agus d’imthigheadar go h-áit uaigneach, fé leith.
Agus chonaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigheadar iad, agus do ritheadar ’n-a gcuis, amach as na bailtibh go léir, chun na h-áite, agus bhíodar ann rómpa. Agus tháinig Íosa amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, óir bhíodar mar bheadh caoire gan aodhaire, agus chrom sé ar a lán neithe theagasg dóibh.
Agus nuair a bhí mórán de’n lá caithte tháinig a dheisgiobuil agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo agus tá an lá imthighthe; Leig chun siubhail iad, i dtreó go raghaid siad isteach ins na bailtibh agus ins na sráidibh is giorra dhóibh, agus go gceannóchaid siad bia dhóibh féin le n-ithe. Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar leis: An amhlaidh a dh’imtheochaimíd agus cheannóchaimíd ar dhá chéad pingin arán le tabhairt dóibh le n-ithe? Agus dubhairt sé leó: An ’mó bulóg aráin agaibh? Imthighidh agus féachaidh. Agus nuair a bhí ’fhios acu dubhradar: Chúig bhulóga, agus dhá iasg. Agus d’órduigh sé dhóibh na daoine go léir do chur ’n-a suidhe ’n-a gcuideachtanaibh ar an bhféar glas. Agus do shuidheadar ’n-a mbuidhnibh, ’n-a gcéadaibh agus ’n-a gcaogadaibh. Agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas, agus bheannuigh sé iad agus bhris, agus thug d’á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir. Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus thógadar an fuighleach, dhá chiseán déag de bhia bhriste, agus des na h-iasgaibh. Agus bhí chúig mhíle fear sa méid daoine do chaith an bia.
Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun suibhail. Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad, d’imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh.
Agus nuair a bhí an déanaíghe ann bhí an long i lár na faraige, agus bhí sé féin i n’aonar ar an dtalamh tirim. Agus chonaic sé iad ar a ndícheall ag rámhaídheacht, mar bhí an ghaoth ’n-a gcoinnibh; agus tímpal na ceathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé chúcha agus é ag siubhal ar an bhfaraige, agus mheas sé gabháil thórsa. Agus nuair a chonacadar-san é ag siubhal ar an bhfaraige cheapadar gur samhail a bhí ann agus do liúghadar. Óir do chonacadar go léir é, agus bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. Agus tháinig sé chúcha ar bórd na luinge agus do stad an ghaoth. Agus do mhéaduigh ar a n-uathbhás i n-a n-aigne. Óir níór thuigeadar i dtaobh na mbulóg, mar bhí a gcroidhe dúr.
Agus nuair a bhí tagaithe treasna acu bhíodar i dtír Ghenesaret, agus thánadar chun puirt. Agus nuair a thánadar as an luing d’aithnigheadar láithreach é, Agus chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir, agus ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, ar thochtaibh, chun na h-áite i n-a n-airighdís é bheith; Agus pé ball ’n-a dtéigheadh sé isteach i sráidibh nó i mbailtibh nó i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite ar na sráidibh, agus bhídís ’ghá iarraidh air leigint dóibh fiú baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis do leighistí iad.

Marcus 5

CAIBIDIOL 5.

Legión deamhan ag Críost dá chur amach a’ duine. An chailleamhaint fola aige dá leigheas. Inghean Iaíruis aige á tógaint ó’n mbás.

Agus thánadar treasna na faraige go tír na nGerasénach. Agus nuair a tháinig sé amach as an luing do bhuail uime duine agus é ag teacht as na h-uaghnaibh, agus bhí deamhan ann, Agus ins na h-uaghnaibh a chómhnuigheadh sé, agus níor bh’fhéidir feasda é cheangal le slabhraíbh féin, Óir do ceangaladh é go minic le geimhlibh agus le slabhraíbh, agus do bhris sé na slabhraí agus do strac sé na geimhle as a chéile, agus ní raibh ar chumas aoinne smacht a chur air. Agus bhíodh sé i gcómhnuidhe, do ló agus d’oidhche, ins na h-uaghnaibh agus ins na cnochaibh, ag liúirigh agus ’ghá ghearradh féin le clochaibh. Agus nuair a chonaic sé Íosa abhfad uaidh do rith sé chuige agus do shléacht sé dhó. Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé phianadh. Óir dubhairt sé leis: Imthigh amach as an nduine, a spioraid shailigh. Ansan do cheisdigh sé é: Cad is ainim duit? Agus dubhairt seisean: Legión is ainim dom, óir is líonmhar sinn. Agus bhí sé ’ghá iarraidh go cruaidh air gan é chur as an áit amach. Bhí tréad mór muc ann agus iad ag inníor tímpal an chnuic. Agus d’iarr na deamhain achainíghe air, agus dubhradar: Cuir ins na mucaibh sinn go raighmíd isteach ionta. Agus thug Íosa an achainíghe dhóibh láithreach. Agus d’imthigh na deamhain shalacha amach agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais na muca, suas le dhá mhíle acu, i ndiaidh mhullach a gcinn, isteach sa bhfaraige agus do báthadh iad sa bhfaraige. Agus na daoine a bhí ’ghá n-aodhaireacht do ritheadar agus d’innseadar sa bhaile agus ar fuid na tíre é. Agus tháinig na daoine amach féachaint cad a thárla. Agus thánadar ag triall ar Íosa agus chonacadar an fear go mbíodh an deamhan ’ghá mhilleadh, ’n-a shuidhe agus a chuid éadaigh uime agus é ’n-a lán-mheabhair, agus tháinig eagal ortha. Agus d’innis an mhuintir a chonaic é dhóibh cad a thárla do ’n fhear go raibh an deamhan ann, agus i dtaobh na muc. Agus chromadar ar thathant air go n-imtheóchadh sé as a dtír.
Agus nuair a bhí sé ag dul ar bórd na luinge do chrom an fear, go raibh an deamhan ’ghá chrádh, ar a iarraidh go leigfí leis é. Ach níor leig sé leis é, ach dubhairt leis: Imthigh chun do thighe agus chun do dhaoine, agus innis dóibh ar dhein an Tighearna dhuit agus an trócaire a dhein sé ort. Agus d’imthigh sé agus chrom sé ar a innsint i nDecapolis cad iad na neithe móra a dhein Íosa dhó, agus bhí iongna ortha go léir.
Agus nuair a tháinig Íosa thar uisge airís, sa luing, do bhailigh pobul mór chuige, agus é ar bruach na faraige. Agus tháinig duine d’uachtaránaibh na sinagóige, dár bh’ ainim Iaírus, agus nuair a chonaic sé é do chaith sé é féin ag á chosaibh, Agus d’iarr sé achainíghe air, agus dubhairt: Tá m’inghean ag dul chun báis; tar agus cuir do lámh uirthi ionus go leighisfí í agus go mairfeadh sí. Agus d’imthigh sé ’n-a theannta, agus chuaidh mórán daoine i n-aonfheacht leis, agus bhíodar ag brúth air.
Agus bhí bean ann go raibh a cuid fola ag imtheacht uaithi ar feadh dhá bhliain déag, Agus bhí mórán fuilingthe aici ó iomad dochtúirí, agus bhí a raibh an tsaoghal aici caithte aici leó, agus ní raibh aon fheabhus uirthí, ach í ag dul i n-olcas; Nuair airigh sí i dtaobh Íosa tháinig sí ameasg na ndaoine lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar a éadach; Óir dubhairt sí: Mura ndeinead ach fiú baint le n-a bhrat beidh mé slán. Agus do thriomuigh sruth a cod’ fola an neómat san, agus d’aithin sí ar a colainn go raibh sí leighiste ó’n ngearán. Agus láithreach do thuig Íosa, ann féin, an chómhacht san do dhul amach uaidh, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine, agus dubhairt sé: Cé theangbhuigh le m’chuid éadaigh? Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Chíonn tú na daoine ag brúth ort, agus deirir: Cé theangbhuigh liom? Agus d’fhéach sé ’n-a thímpal go bhfeicfeadh sé an bhean a dhein é. Agus tháinig crith-eagla ar an mnaoi, mar bhí ’fhios aici cad a thárla, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí dhó iomláine na fírinne. Agus dubhairt seisean léi: A ’nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bhí slán ó’n ngearán.
Le linn na bhfocal san a rádh dhó, tháinig cuid de mhuintir uachtaráin na sinagóige, agus dubhradar: Tá t’inghean tar éis bháis. Cad ab áil leat ag cur a thuille trioblóide ar an Máighistir? Agus d’airigh Íosa an focal san agus dubhairt sé le h-uachtarán na sinagóige: Ná bíodh eagal ort, ach amháin creid. Agus níor leig sé d’aoinne dul leis ach Peadar agus Séamus agus Eóin dritháir Shéamuis. Agus thánadar isteach i dtigh uachtaráin na sinagóige, agus chonaic sé an bhuairt agus an t-árd-ghol agus an lógóireacht go léir. Agus nuair a chuaidh sé isteach dubhairt sé leó: Cad chuige an bhuairt agus an gol? Ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codladh. Agus do gháireadar uime. Ach do chuir sé iad go léir amach, agus thóg sé leis athair agus máthair an chailín, agus an mhuintir a bhí le n-a chois féin, agus chuaidh sé isteach mar a raibh an cailín ’n-a luighe. Agus do rug sé ar láimh ar an gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar mhíniú, Eirigh, (adeirim leat), a chailín. Agus d’eirigh an cailín ’n-a suidhe láithreach agus shiúbhluigh sí, (bhí sí dhá bhliain déag) agus tháinig uathbhás ana-mhór ortha. Agus d’órduigh sé dhóibh go dian gan a fhios a bheith ag aoinne, agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di.

Marcus 4

CAIBIDIOL 4.

Parabal an churadóra. An stoirm d’á ciúnadh ag Críost.

Agus do thosnuigh sé airís ar theagasg i n-aice na faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n-aice au uisge, ar an dtalamh tirim. Agus thug sé mórán teagaisg dóibh i soluídíbh, agus dubhairt leó sa teagasg:
Éistidh liom: Féach, chuaidh curadóir amach ag cur síl. Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de’n tsíol i n-aice an bhóthair, agus tháinig éanlaithe an aéir agus d’itheadar é. Agus do thuit tuille dhe ar áit i n-a raibh iomad cloch, agus ní raibh puínn ithreach aige ann, agus d’fhás sé suas go tapaidh mar ní raibh an ithir doimhinn. Agus nuair a dh’eirigh an ghrian tháinig an brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige d’fheóch sé. Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh. Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d’fhás sé agus d’eirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuide de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad. Agus dubhairt sé: An t-é go bhfuil cluasa air chun cloisint cloiseadh sé.
Agus nuair a bhí sé i n’aonar d’fhiafruigh an dáréag a bhí i n’fhochair fios na soluíde dhe. Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se eólus d’fhághail ar rún diamhraibh rígheachta Dé, ach do’n mhuíntir sin atá lasmuigh, deintear gach nídh i soluídíbh; I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís choidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dhóibh. Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus a thuigfidh sibh na soluídí go léir? An t-é a chuireann an síol isé an briathar a chuireann sé. An mhuintir i n-aice an bhóthair, sin iad an mhuintir, nuair a curtar an briathar agus go gcloisid siad é, go dtagann an namhaid láithreach agus go dtógann sé chun siubhail an briathar a cuireadh mar shíol ’n-a gcroidhthibh. Agus mar an gcéadna an mhuintir a ghlacann an síol ins na clochaibh, siniad an mhuintir, nuair a dh’airighid siad an briathar, a ghlacann láithreach é le h-áthas, Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach. Agus tá daoine agus glacaid siad an síol ameasg na sgeach; siniad na daoine a dh’éisteann leis an mbriathar, Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é. Agus an muintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thríochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.
Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé leabaidh? Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é? Óir ní’l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí é. Má tá cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé.
Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh’airigheann sibh. An tómhas ’n-a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas ’n-a dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar tuille dhó, agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.
Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar a chaithfeadh duine an síol sa talamh. Agus go mbeadh sé ag dul a chodladh agus ag eirighe gach n-oídhche agus gach lá, agus go mbeadh an síol ag préamhú agus ag fás a gan fhios dó. Óir tugann an talamh a thoradh i n-aisge, a n geamhar ar dtúis, ansan an dias, ansan an t-arbhar iomlán sa déis. Ansan, nuair a thugann sé an toradh uaidh, cuireann seisean an corán ann láithreach mar tá an fóghmhar buailte leis.
Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é? Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é ’ná aon tsíol eile d’á bhfuil sa talamh, Agus nuair a curtar é, agus go n-eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó ’ná aon ghlasara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé n-a sgáth.
Agus i mórán soluídí de’n tsórd san do labhair sé leó an briathar fé mar a dh’fhéadadar éisteacht leis. Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh sé gach aon rud d’á dheisgiobulaibh i leith taoibh.
Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna. Agus chuireadar uatha na daoine agus thógadar leó é, mar a bhí sé, isteach sa luing, agus bhí loingeas eile i n’fhochair. Agus d’eirigh stoirm mhór ghaoithe, a bhí ag cur na dtonn isteach sa luing i dtreó go raibh an long d’á líonadh. Agus bhí sé fein i ndeire na luinge, agus é ’n-a chodladh ar adhart; agus dúisighid é, agus deirid: A Mháighistir, an cás leat é go bhfuilimíd d’ár mbáthadh? Agus d’eirigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth, agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin. Agus do tháinig ciúnas mór. Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraibh? Ná fuil creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?

Marcus 3

CAIBIDIOL 3.

An lámh a bhí feóchta dá leigheas ag Críost. A dáréag dá dtoghadh aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus an diamhasla acu á dhéanamh.

Agus chuaidh sé isteach airís sa tsinagóig, agus bhí duine ann agus bhí lámh leis feóchta. Agus bhíodar ag faire air, féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas sa tsabbóid, i dtreó go gcuirfidís ’n-a leith é. Agus dubhairt sé leis an bhfear: Seasaimh amach anso i lár baill. Agus dubhairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níór labhradar-san focal. Agus d’fhéach sé ’n-a thímpal ortha go feargach, agus bhí brón air mar gheall ar an gcroidhe bheith chómh dall acu, agus dubhairt sé leis an bhfear: Sín do lámh. Do shín; agus bhí an lámh leighiste. Agus d’imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar féin agus muintir Héróid i gcómhairle ’n-a choinnibh féachaint conus a thiocfadh leó é mhilleadh.
Ach d’imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iudaéa, Agus a’ Ierúsalem, agus a h-Idúméa, agus ó’n dtaobh thall de’n Iórdan, agus muintir na mball tímpal Tuíre agus Sídóin, suathantais daoine a tháinig ag triall air nuair airigheadar a ghníomhartha. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil long bheag a choimeád dó, mar gheall ar an sluagh, le h-eagla go mbrúthfaidís é. Óir bhí mórán daoine aige ’á leigheas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag brúth isteach air a d’iarraidh teangabháil leis; Agus na h-annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do shléachtaidís dó, agus deiridís go h-árd: Is tusa Mac Dé. Agus thugadh sé órdú dian dóíbh gan é dh’fhoillsiú. Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus thánadar chuige.
Agus shocaruigh sé ar dháreág a bheith i n-a fhochair, agus go gcuirfeadh sé ag craobhsgaoileadh iad. Agus thug sé cumas dóibh ar ghalaraibh do léigheas agus ar dheamhnaibh do chur amach. Agus thug sé Peadar mar ainim ar Shímón. Agus Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir, agus thug sé Bóanerges ortha, sé sin maca thóirthnighe. Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteach, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.
Agus thánadar chun an tighe, agus tháinig an tsluagh airís i dtreó nár bh’fhéidir dóibh fiú bia do chaitheamh. Agus nuair airigh a mhuintir féin é do chuadar amach chun beirte air, mar dubhradar: Is as a mheabhair atá sé. Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach. Agus do ghlaoidh sé chuige iad, agus do labhair sé leó i soluídíbh: Conus fhéadfadh Sátan Sátan do chur amach? Agus má bhíonn rígheacht deighilte ’n-a coinnibh féin ní féidir do’n rígheacht san seasamh: Agus má bhíonn teaghlach ag gabháil i gcoinnibh a chéile ’n-a chodaibh ní féidir do’n teaghlachsan seasamh; Agus má eirigheann Sátan ’n-a choinnibh féin, tá sé ’n-a chodaibh rannta, agus ní féidir dó seasamh, agus tá deire leis. Ní féidir do dhuine dul isteach i dtigh fir láidir agus a chuid d’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis, agus ansan féadfaidh sé a thigh do robáil. Go deimhin adeirim libh, maithfar do’n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d’á ndéanfaid siad; Ach an t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe. Mar go ndubhradar: Is annsprid truaillighthe atá aige.
Agus tháinig a mháthair agus a bhráithre agus bhíodar ’n-a seasamh amuigh, agus chuireadar teachtaireacht isteach ag glaodhach air. Agus bhí na daoine ’n-a suidhe ’n-a thímpal, agus dubhradar leis: Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh agus iad at’ lorg. Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: Cé h-iad mo mháthair-se agus mo bhráithre? Agus d’fhéach sé ’n-a thímpal ar an muintir a bhí tímpal air agus dubhairt: Siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. Óir, an t-é a dhéanfaidh toil Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.

Marcus 2

CAIBIDIOL 2.

An duine a bhí gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú dá ghlaodhach aige. A dheisgiobuil aige ’á chosaint.

Agus i gcionn rainnt laethanta tháinig sé airís isteach i gCapharnaum. Agus do h-airigheadh go raibh sé i dtigh an, agus do chruinnigh a lán daoine ann, i dtreó ná raibh slígh dhóibh sa tigh ná ag an ndorus féin, agus bhí an briathar aige d’á labhairt leó. Agus tháinig daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d’á iompar idir cheathrar. Agus nuair ná féadfaidís é thabhairt ’n-a láthair, mar gheall ar an mbrúth, do nochtadar bara an tighe sa n-áit ’n-a raibh sé, agus dheineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n-a luighe ar leabaidh, an duine a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dubhairt sé leis an nduine: A mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. Agus bhí cuid de sna Sgríbhneóiríbh ann ’n-a suidhe agus iad ag machtnamh ’n-a gcroidhe: Cad é seo adeir sé seo? Tá diamhasla aige d’á dhéanamh. Cé fhéadfadh peacaí mhaitheamh ach Dia amháin? Agus bhí a fhios ag Íosa láithreach, i n-a spioraid féin, an machtnamh a bheith ’n-a n-aigne acu-san, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an machtnamh san a bheith i nbhúr gcroidhe agaibh? Cé ’cu is usa a rádh: Táid do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? Ach, ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine ar a dtalamh so cómhacht chun peacaí mhaitheamh (dubhairt sé leis an nduine gan lúth:) Deirim-se leat-sa, Eirigh, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. Agus d’eirigh an duine láithreach agus thóg sé suas an leabaidh agus d’imthigh sé, os cómhair a súl go léir, i treó go raibh iongna ortha go léir agus gur thugadar onóir do Dhia, agus, Ní fheacamair riam a leithéid, a deiridís.
Agus d’imthigh sé amach airís chun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus bhí sé ’ghá dteagasg. Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eirigh seisean agus do lean sé é.
Agus do thárla, nuair a shuidh sé chun bídh ’n-a thigh sin, gur shuidh mórán puibliocánach agus mórán peacach i gcuibhreann Íosa agus a dheisgiobul; mar bhí a lán acu ann, agus iad-san ’ghá leanmhaint, leis. Agus nuair a chíodh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh é ag caitheamh bídh i gcuibhreann puibliocánach agus peacach, deiridís le n-a dheisgiobuil: Cad chuige d’bhúr máighistir-se bheith ag ithe agus ag ól i gcuibhreann puibliocánach agus peacach? D’airigh Íosa san, agus dubhairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gádh le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa ach chun na bpeacach do ghlaodhach.
Agus bhí deisgiobuil Eóin agus na Fairisínigh ag déanamh trósgaidh, agus thánadar chuige agus dubhradar: Cad ’n-a thaobh go ndeinid deisgiobuil Eóin agus na bhFairisíneach trosgadh, agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? Agus dubhairt Íosa leó: An amhlaidh is féidir do chlainn na bainise bheith ag déanamh trosgaidh an fhaid atá an céile acu? An fhaid atá an céile acu ’n-a bhfochair ní féidir dóibh trosgadh dhéanamh; Ach tiocfaidh an lá i n-a dtógfar uatha an céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. Ní chuireann aoinne píosa d’éadach nua ag deisiú seana-éadaigh; nó má chuireann, béarfaidh an píosa nua leis tuille de’n tseana-éadach, agus méadófar an stracadh. Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair; nó má chuireann, brisfidh an fíon nua na sean-árthaí agus doirtfar an fíon agus caillfar na h-árthaí; ach is i n-árthaíbh nua is ceart an fíon nua do chur.
Agus do thárla, uair eile, an Tighearna agus a dheisgiobuil a bheith ag gabháil tré ghortaibh arbhair sa tsabbóid, agus dhírigh na deisgiobuil, agus iad ag siubhal, ar na diasaibh do stathadh. Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Féach; Cad chuige dhóibh sin bheith ag déanamh ruda nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh nár léigheabhair riamh cad a dhein Dáibhid nuair ab éigean dó é dhéanamh, nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé i n-aimsir an árd-shagairt Abiatar, agus conus mar a dh’ith sé na bulóga fiadhnaise nár dhleaghthach d’aoinne a dh’ithe ach do sna sagairt, agus thug sé le n-ithe iad do’n mhuintir a bhí i n-aonfheacht leis? Agus dubhairt sé leó: Níor deineadh an duine ar son na sabbóide, ach do ceapadh an tsabbóid ar son an duine. I gcás go bhfuil Mac an Duine ’n-a mháighistir ar an sabbóid féin.

Marcus 1

CAIBIDIOL 1.

Seanmóiniú Eóin Baiste. Críost d’á bhaiste aige. É ag glaodhach a dheisgiobul agus ag déanamh mírbhúilti.

Tusach Soisgéil Íosa Chríost, Mhic Dé.
Mar atá sgríobhtha i n-Isáias fáidh: Féach, táim ag cur mo theachtaire rómhat chun na slighe d’ollamhú rómhat. Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó. Bhí Eóin sa bhfásach ag baisteadh agus ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí. Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsalem go léir ag dul amach ag triall air, agus bhí sé ’ghá mbaisteadh i n-abhainn Iórdain, agus iad ag admháil a bpeacaí. Agus ruainneach camail iseadh bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair ar a chom, agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain. Agus seo mar a dheineadh sé fógairt: Tá duine is mó cómhacht ’ná mise ag teacht am dhiaidh, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a bhróige. Do bháisteas-sa sibh le h-uisge; baistfidh sé siúd sibh, ámhthach, leis an Spioraid Naomh.
Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n-Iórdan. Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge, do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus an túirling air. Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.
Agus láithreach do sheól an Spioraid amach sa bhfásach é; agus bí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche, agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na mbeithigheach allta, bhí na h-aingil ag friothálamh air.
Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililíag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé. Agus dubhairt sé: Tá an aimsir caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh aithrighe agus creididh an soisgéal.
Agus bhí sé ag siubhal ar bruach mara Ghaililí agus chonaic sé Símón agus Aindrias a dhritháir ag cur líonta sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad). Agus dubhairt Íosa leó: leanaidh mise agus déanfad iasgairí ar dhaoine dhíbh. Agus d’fhágadar ansan na líonta agus do leanadar é láithreach. Agus nuair a bhí sé imthighthe tamall beag ó’n áit sin chonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir agus iad ag socarú a líonta sa luing; Agus do ghlaoidh sé ortha láithreach agus d’fhágadar ansan sa luing Sebedé a n-athair agus a lucht oibre, agus do leanadar eisean.
Agus chuadar isteach i gCapharnaum, agus gan mhoill, sa tsabbóid, théigheadh sé isteach sa tsinagóig agus dheineadh sé teagasg. Agus do chuir a theagasg iongna ortha, mar do theagaisg sé mar duine go raibh comhacht aige, murar bh’ionan a’s na Sgríbhneóirí.
Agus bhí sa tsinagóg acu duine go raibh spioraid neamhglan istigh ann, agus do liúigh sé amach: Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé. Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt sé: Bhí ciúin agus imthigh amach as an nduine. Ansan do chuir an annsprid truaillighthe sgread as, agus bhain sé stracadh as an nduine, agus d’imthigh sé amach as. Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bhíodar ag fiafraighe dhá chéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h-annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó? Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré chrích Ghaililí go léir.
Agus thánadar láithreach amach as an sinagóig agus thánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n-aonfheacht le Séamus agus le h-Eóin. Agus bhí máthair céile Shímóin ’n-a luighe le fiabhras, agus do labhradar leis láithreach ’n-a taobh. Agus tháinig sé agus do rug sé ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d’imthigh an fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha.
Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ar triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann. Agus bhí muintir an bhaile go léir cruinnighthe ag an ndorus; Agus do leighis sé na sluaighte daoine ó gach saghas galair d’á raibh ortha, agus chuir sé amach na sluaighte deamhan, agus níor leig sé dhóibh labhairt, mar d’aithnígheadar é.
Agus d’eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d’imthigh sé amach agus chuaidh sé go h-áit uaigneach, agus bhí sé ag guidhe ann. Agus do lean Símón é, agus an mhuintir a bhí ’n-a theannta. Agus nuair a fuaradar é dubhradar leis: Táid na daoine go léir at’ lorg. Agus dubhairt sé leó: Téighmís isteach ins na sráidibh agus ins na bailtibh beaga atá i n-ár gcómhgar go ndeinead craobhsgaoileadh ionta, óir is chuige sin a thánag.
Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach.
Agus tháinig chuige lobhar, ’ghá ghuidhe, agus d’úmhluigh sé dhó agus dubhairt sé: Ma’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu. Agus nuair a dubhairt sé an focail d’imthigh an lobhra de’n duine láithreach, agus bhí sé glan. Agus thug sé foláramh dó agus chuir sé uaidh amach é láithreach. Agus dubhairt sé leis: Seachain agus ná h-innis d’aoinne é, ach imthigh agus taisbeáin tu féin d’uachtarán na sagart, agus tabhair, ar do ghlanadh, na neithe a dh’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.

Preface to Marcus

NA CHEITHRE SOISGÉIL AS AN DTIOMNA NUA

Soisgéal Naomhtha Íosa Críost do réir Mharcuis

Deisgiobul do N. Peadar ab eadh Marcus Naomhtha agus mínightheóir dó (adeir N. Ierom). Do réir mar airigh sé ó Pheadar féin do sgríbh sé, sa Róimh, fé mar iarr na bráithre air, Soisgéal geárr, tímpal deich mbliana tar éis deasgabhála ár Slánuightheóra. Do mhol N. Peadar an sgríbhinn sin, nuair airigh sé é, agus d’órduigh sé go léighfí é go puibilídhe san Eaglais. Deir Baronius, agus tuille gur sa Laidin a deineadh an sgríbhinn, ach tá níos mó adeir gur sa Ghréigis a deineadh é.