An Craos-Deamhan 2

CAIBIDEAL A DÓ.

Nuair a tháinig an t-ocras ar Chathal b’é ab fhada leis go raibh aimsir dínnéir ann go n-íosfadh sé a dhóthain. Tháinig an dínnéar fé dheireadh. Do shuigh chun búird cuideachta mhór de ríthibh agus d’uaislibh Múmhan. Miasa úll is ea ba ghnáth an uair sin do chur ar dtúis os cómhair na cuideachtan. Is ar éigin a bhí an chuideahta suite nuair a bhí a raibh d’úllaibh ar a mhéis féin ite ag Cathal. Do rug sé ar an méis a bhí os cómhair an fhir a bhí ar a láimh dheis, agus d’ith sé a raibh d’úllaibh uirthi. Ansan do rug sé ar an méis a bhí os cómhair an fhir a bhí ar a láimh chlé, agus d’ith sé a raibh uirthi. Ansan do dhírigh sé ar na miasa a tharrac chuige ós gach aon taobh den bhórd, agus ar na húlla a bhí orthu d’ithe le hairc agus le hampla. Bhí iúnadh agus alltacht ar an gcuideachtain, ach níor leog éinne aon ní air. Do scaoileadar chuige na miasa chómh tiubh agus d’fhéad sé iad d’fholmhú. Ba gheárr gur thosnaigh na biadha eile ar theacht. An t-éirleach céanna a dhein Cathal ar na húllaibh dhein sé ar na biadhaibh eile é, i dtreó go raibh scannradh ag teacht ar a raibh láithreach le heagla go scoilfeadh air. Ní raibh aon phioc dá dheallramh air, áfach. Dá mhéid a bhí curtha isteach ’na chorp aige bhí sé chómh seanng agus dá mbeadh sé dhá lá ar dúbhchéalacan. Sara raibh an dínnéar leathchríochnaithe b’éigean tuilleadh bídh d’ollmhú. Nuair a bhí a raibh de bhia sa rítheaghlach ollmhaithe agus curtha ar an mbórd agus ite, bhí ocras fós ar Chathal, agus bhí ocras a ndóthain ar an gcuideachtain, mar níor leog Cathal leó ach fíorbheagán den bhia. Ach pé ocras a bhí orthu, nuair a bhí an bia go léir ite b’éigean dóibh stad.

B’é an cleas céanna é i dtaobh an fhíona, agus an leanna, agus i dtaobh gach aon tsaghas eile dí dár tháinig ar an mbórd. Is ar éigin a leog Cathal diúir i mbéal éinne. An fhaid a bhíodh corn aige dá dhiúgadh a’ láimh leis, bhíodh an lámh eile sínte amach aige ag gabháil ghreama ar chorn eile, agus ba chuma leis cé uaidh go mbíodh an corn aige dá thógaint. Cheap an chuideachta go mbeadh sé ar meisce láithreach, agus ansan go mb’fhéidir go bhfaighidís féin, caoi ar bhraeinín éigin d’ól, ach ba shuarach an tairbhe dhóibh bheith ag brath ar aon ní dhá shórd. Bhí Cathal ag ól agus ag ól, agus ní raibh aon bhlúire meisce ag teacht air ach chómh beag agus dá mba ag slogadh meidhg a bheadh sé!

Níorbh fhada go raibh deireadh leis an ndigh fé mar a bhí deireadh leis an mbia, agus ní raibh an tart bainte de Chathal ach chómh beag agus ’ bhí an t-ocras bainte dhe, agus i dtaobh na cuideachtan, má bhí ocras tar éis altaithe riamh ar dhaoine bhí sé orthu.

Bhí rud ba mheasa orthu ná ocras tar éis athlaithe. Bhí buairt agus brón a ndóthain orthu. Bhí drochní éigin uathásach tagaithe ar an rí, agus cad a dhéanfaidís? Cé ’ bheadh ’na cheann urraid i gcómhairle orthu feasta? Cé ’ dhéanfadh córú orthu chun catha nuair a thiocfadh an namhaid? Ní rófhada, dar leó, a bheadh namhaid gan teacht nuair a haireófí ar fuid na hÉireann go raibh rí Caisil sa chás ’na raibh sé. Chuadar i gcómhairle féachaint cad ba cheart a dhéanamh. B’í sin an chómhairle bhuartha. B’í sin an chómhairle gan eólas. Ní fheidir éinne cad ba cheart a dhéanamh, mar ní raibh ’ fhios ag éinne cad ba bhun leis an olc uathásach. Thánadar as an gcómhairle chómh dall agus ’ bhíodar ag dul inti dhóibh. D’imigh gach flaith abhaile chun a theaghlaigh féin chun é féin a chur i dtreó chosanta chómh luath agus dob fhéidir é, agus chómh maith agus dob fhéidir é, mar, dar leó go léir, bheadh Feargal mac Maoile Dúin chúthu aduaidh chómh luath agus d’aireódh sé Cathal a bheith ar míthreóir.

Bhí dhá dhearúd sa méid sin orthu, áfach. Ní raibh aon aidhm ag Feargal ar theacht aduaidh, mar bhí ’ fhios aige cad a bhí imithe ar Chathal, agus duairt sé leis féin dá fhaid a scaoilfí leis féin agus leis na Muímhneachaibh sa chás ’na rabhadar gurbh ea ab usa an lámh uachtair ’ fháil orthu sa deireadh. Dá éaghmais sin, ní raibh Cathal ar míthreóir in aon chor. Ní raibh aon easpa sláinte air. Bhí a chroí agus a aigne agus a íntinn chómh láidir, chómh haibidh agus ’ bhíodar riamh. Ní raibh aon rud air ach an tart agus an t-ocras, an t-ampla mínádúrtha chun bídh agus chun dí. Dá mbeadh sé de dhíth céille ar Fheargal agus ar na hUltaigh teacht aduaidh is amhlaidh a thiocfaidís agus ná himeóidís. Gheóbhaidís amach, nuair a bheadh sé ródhéanach acu, go raibh Cathal chómh hoilte ar chogadh, chómh dian i gcath, chómh cúntúrthach de theangmhálaí agus ’ bhí sé riamh.

Ba gheárr gur thuig maithe na Múmhan an scéal. Níorbh fhada gur thug Cathal le tuiscint dóibh nár ghá dhóibh aon eagla ’ bheith orthu roimh aon namhaid. Chuir san suaimhneas aigne orthu, ach má chuir, bhí rud eile chun an tsuaimhnis aigne ’ bhaint díobh. Bhí an t-am ag teacht ’nar ghnáth le Cathal dul ar a chuaird rí, mórthímpall na Múmhan. Do stadadh sé féin agus a ghnáth-theaghlach seachtain nú coicíos i dtigh gach flatha agus do caití é féin agus a chuallacht do chothú. Ansan is ea tháinig an cruachás. Cá bhfaighfí a dhóthain bídh agus dí dhò! Do creachfí iad. Ní fhágfadh sé blúire bídh ná braon dí sa Mhúmhain gan slogadh isteach ’na chorp!

Do ghluais Cathal chun dul ar a chuaird mórthímpall na Múmhan. Do hollmhaíodh oiread bíd agus dí sa chéad teaghlach ’na dtáinig sé agus gur dó’ le héinne go bhfágfadh sé fuíollach. Níor fhág. Do cuireadh na húlla ar na miasaibh os a chómhair féin agus os cómhair a chuallachta, ar dtúis, mar ba ghnáth. D’ith sé na húlla agus is róbheag an fáltas díobh a fuair an chuallacht. Tháinig na biadha eile, agus má tháinig, ba gheárr an mhoíll air iad d’ídiú. Tháinig an fíon agus an lionn, ach má tháinig, ba gheárr an mhoíll ar Chathal na hárthaí d’fholmhú, agus ní raibh aon rian meisce ar éinne den chuideachtain, mar ní bhfuaradar an chúis. D’fhág Cathal scórnaí tirime acu, murar mhaith leó iad a fhliuchadh le fíoruisce. D’fhág sé ocras orthu chómh maith le tart, mar bhí a raibh de bhia ann ite aige sara raibh dhá ghreim ite ag éinne eile. Bhí náire agus ceann-fé ar cheann an rítheaghlaigh, ach ní raibh aon leigheas air. Níor ghá dhò ceann-fé ’ bheith air, mar do thuig gach éinne go raibh sé tar éis a dhíchill a dhéanamh agus nárbh fhéidir dò a thuilleadh ’ dhéanamh. Nuair a bhí an tseachtain caite bhí an fear san agus a thriúcha-céad beó bocht. Ghluais Cathal agus a chuallacht go dtí an triúcha-céad ba ghiorra dhò. Do dhúbail flaith na háite sin an bia agus an fíon agus an lionn. Má dhúbail ní raibh aon mhaith dhò ann. Do scriosadh é féin agus a thriúcha-céad chómh glan díreach agus do scriosadh an chéad fhear agus a thriúcha-céad. Mar sin dóibh mórthímpall go dtí go raibh a chuaird tabhartha ag an rí. Thuigeadar ’na n-aigne gur mheasa dhóibh go mór chúthu an chuaird sin ná dá dtagadh Feargal mac Maoile Dúin agus a shlóite Ultach aduaidh, mar adeireadh an chailleach, agus gan bó ná gamhain d’fhágáilt, ó Sceilg Mhichíl go Caiseal, gan breith leis ó thuaidh.

Do lean an scéal ar an gcuma san acu go dtí go raibh bliain gho leith curtha dhíobh acu, agus go rabhadar i ndeireadh a gcoda agus i ndeireadh an anama, agus gan aon tsúil le fuascailt acu, mar, in inead aon mhaolú ’ dhul ar ghoile Chathail is amhlaidh a bhí breis airc agus ampla ag teacht air in aghaidh an lae. B’usaide é, dar leó, dá mbeadh aon phioc de rian an bhídh air, ach ní raibh. Bhí sé chómh lom, chómh tanaí, chómh hocrach ’na dhriuch agus dá mbeadh sé ceangailte ón mbia. Bhíodh a gcroí briste nuair ná féadaidís a dhóthain a thabhairt dò, agus nuair a chídis é, tar éis a mbíodh ’en tsaol acu ’ bheith ite aige, agus é ag gluaiseacht in’ aonar ar fuid na mbailte féachaint cá bhfaigheadh sé blúire aráin nú píosa feóla. D’imíodh sé mar sin in’ aonar go minic, nuair a bhíodh an t-ocras dian air agus gan an bia le fáil. Bhíodh a chlaíomh nochtaithe ’na láimh dheis aige, agus pé áit ’na dtagadh sé suas le blúire bídh d’itheadh sé láithreach é, agus gan dabht dob olc an dó’ é don té ’ cheapfadh an bia ’ chimeád uaidh.

Foclóirín

aibidh: “ripe, mature”, but also “lively, keen”; aibí in GCh. Pronounced /abʹigʹ/.
aidhm: “desire, inclination”, pronounced /əimʹ/.
airc: “greed,
ravenous hunger”. Airc agus ampla is a common collocation. Breis airc agus ampla does not decline airc as part of a noun phrase.
airím, aireachtaint: “to hear”, or airím, aireachtáil in GCh. Pronounced /a’rʹiːmʹ, i’rʹɑxtintʹ/.
altaím, altú: “to give thanks, say grace before a meal”. The verbal adjective is spelt athlaithe here, but IWM shows the pronunciation is /ɑl’hi:mʹ, ɑl’hu:, ɑlhihi/.
ampla: “greed, hunger, voracity”, pronounced /aumpələ/.
anam: “soul”. I ndeireadh an anama, “exhausted, at the last gasp”.
ar fuaid, ar fuid: “throughout”, pronounced /erʹ fuədʹ, erʹ fidʹ/, ar fud in GCh. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí), but this distinction is not always adhered to in his works, as with ar fuid na hÉireann here.
bia: “food”, with bídh in the genitive and biadha in the plural where GCh has bianna. Biadha in the plural can refer to dishes of food.
bórd: “table”, with búird in the genitive. These would be bord and boird in GCh.
braeinín: “droplet”, or braonán in GCh.
ceangailte: “bound”. Ceangailte ón mbia, “bound by a vow not to eat food”.
ceann-fé: “shame”, or ceann faoi in GCh. The hyphen in the original is preserved here, as this is a noun.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in GCh.The past habitual form chídis is so found in the original, where chídís had been expected, and retained here as not wrong either.
cimeádaim, cimeád: “to keep”. This word and all cognates (chimeádaidís, etc) have a broad c in the classical spelling and in GCh, but a slender c (as applicable) in WM Irish: /kʹi’mʹa:d/, /xʹi’mʹa:didʹi:ʃ/, etc; Note that the the GCh distinction between coimeád, “keep”, and coimhéad, “watch over”, does not obtain in WM Irish: coimhéad is an Ulster word.
coicíos: “fortnight”, or coicís in GCh. Pronounced /kəi’kʹiːs/.
córaím, córú: “to dress, equip”, or cóirím, cóiriú in GCh. Córú catha, “battle array”.
corn: “drinking-horn”, pronounced /korən/.
creachaim, creachadh: “to despoil”, in the sense of suffer destruction from loss.
cuaird: “visit, trip, circuit”, or cuairt in GCh.
cuid: “one’s possessions”. I ndeireadh a gcoda, “having run out of everything they had”.
cúntúrthach: “dangerous, risky”, or contúirteach in GCh.
deallramh: “appearance”, dealramh. Pronounced /dʹaurəv/.
dínnéar: “dinner”, pronounced /dʹi:’ŋʹe:r/. We find dínnéir in the nominative singular in the second sentence of chapter 2, but this is contrary to the usage in most of PUL’s books, which have dínnéar in the nominative, and so is adjusted here to dínnéar, which is generally the nominative found in this work.
diúgaim, diúgadh: “to drain, drink to the dregs”.
diúir: “drop”.
dó: “trust, confidence, or dóigh in GCh. Dob olc an dó’ é, “he would not be one to be trifled with”.
driuch: “appearance”, or dreach in GCh.
drochní: “something bad”, pronounced /dro-nʹiː/.
dúbhchéalacan: “a Lenten fast”, including abstention from milk; pronounced /du:’xʹialəkən/. Ar dúbhchéalacan, “on a strict fast; having had nothing at all to eat”.
éaghmais: “absence, lack”, or éagmais in GCh. Dá éaghmais sin, “nevertheless, in spite of that”.
eagla: “fear”, pronounced /ɑgələ/.
éirleach: “havoc, slaughter, carnage”. Note the long e before rl; GCh has eirleach. An t-éirleach céanna a dhein sé ar na húllaibh, “the same way he wiped out/decimated the apples”.
fágaim, fágáilt: “to leave”, or fágaim, fágáil in GCh. Fágaint is also found as the verbal noun in PUL’s works.
faid: “length”, or fad in GCh. An fhaid, “while”, fad or a fhad in GCh.
fáltas: “small amount or share of something”.
feadar: “I don’t know, I wonder”. While this verb is spelt ní fheadair sé in both the present- and past-tense meanings in GCh, there was traditionally a distinction between ní fheadair sé, present tense, and ní fheidir sé, past tense.
flaith: “lord, prince”, with flatha in the genitive.
folmhaím, folmhú: “to empty”, pronounced /folə’viːmʹ, folə’vuː/.
fuíollach: “more than enough; left-overs”, or fuílleach in GCh. Spelt fuighleach in the original, but fuíolach is given in the glossary to the original edition of An Craos-Deamhan.
gnáth-theaghlach: “permanent retinue, household troops, bodyguard”, pronounced /gnɑː-həiləx/.
goile: “appetite”, pronounced /gilʹi/.
iúnadh: “wonder, surprise”, or ionadh in GCh. Pronounced /u:nə/. Iúnadh agus alltacht is a common collocation.
láithreach: “presently, without delay; present”, pronounced /lɑːrʹhəx/.
leath: “half”. Go leith or gho leith, “and a half”. Pronounced /ɣilʹi/.
leigheas: “cure, remedy”, pronounced /lʹəis/. Ní raibh leigheas air, “there was nothing that could be done about it”.
leogaim, leogaint: “to let, allow”, ligim, ligean in GCh. PUL uses the spelling leigim in the original, influenced by classical norms, but the WM pronunciation of this word is /lʹogimʹ, lʹogintʹ/.
lionn: “ale”, or leann in GCh.
lom: “bare; spare, lean”, pronounced /loum/.
maolaím, maolú: “to become soft; to lower, abate”. Maolú theacht air, “for it to lessen or become reduced”.
meadhg: “whey”, pronounced /mʹəig/.
méid: “amount”. Méid frequently resists lenition in PUL’s works: sa méid sin, “that, all that, that much, etc”.
mias: “plate, dish”, with méis in the dative.
míthreóir: “upset, confusion”. Bheith ar míthreóir, “to be confused, helpless”. Míthreóir is glossed as “incapacity”in the glossary that accompanied the original text of An Craos-Deamhan, with ar míthreóir meaning “disabled; hors de combat”.
mórthímpall:mórthimpeall. The broad p in WM Irish is preserved here: /muər-hi:mʹpəl/. Sometimes found as mórdtímpall in other writers of WM Irish.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative.
ó: “from”. Ó becomes ós before the article (ó sna), and before gach in WM Irish.
ocrach: “hungry”, pronounced /okərəx/.
ollmhaím, ollmhú:ullmhaím, ullmhú in GCh, “to prepare”. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/ in WM Irish. The past participle ollmhaithe is pronounced /oləvihi/.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
rud: “thing”. Pronounced /rod/.
scoilim/scoiltim, scoltadh: “to burst”, or scoiltim, scoilteadh in GCh. Found without the t here in scoilfeadh. Impersonally, scoilfeadh air, “he would burst”.
scórnach: “throat”, with scórnaí in the plural, where GCh has scórnacha.
scriosaim, scrios: “to devastate”.
seanng: “slender”, or seang in GCh, pronounced /ʃauŋg/. The double n is used in the editing here to show the diphthong.
suaimhneas: “peace, quiet”, pronounced /suənʹəs/.
tairbhe: “benefit”, pronounced /tɑrʹifʹi/.
tanaí: “thin”.
tarraigim, tarrac: “to pull, draw”, or tarraingím, tarraingt in GCh. Pronounced /tɑrigʹimʹ, tɑrək/. Adjusted from tarang in the original.
teangmhálaí: “a person one comes across”, or teagmhálaí in GCh. Pronounced /tʹaŋə’vɑ:li:/.
tirim: “dry”, pronounced /trʹimʹ/.
triúcha-céad: “principality, territorial division”, or tríocha céad in GCh. PSD, under triocha, shows this word, translated as “cantred”, relates to a territory equivalent to 30 hundreds, a territory that in ancient Ireland was expected to supply either 700 or 3,000 soldiers.
uathásach: “terrible; wonderful”, or uafásach. Pronounced /uə’hɑ:səx/ in WM Irish.
uiriste: “easy”, furasta in GCh. The comparative is usa, where GCh has fusa.
urra: “security, strength; man of standing in the community”. Ceann urraid, “chief, leader”.
usaide: “all the easier”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, móide, miste, meaning “all the more X for it”.

Nóta

B’é ab fhada leis: “I can guarantee you that it seemed to him a really long time; I can assure you he couldn’t wait”. The doubling of the copula in forms like is é is fada and b’é ab fhada is emphatic. See the discussion in Gearóid Ó Nualláin’s Studies in Modern IrishPart 1, pp16-17. Father Ó Nualláin argues that simply writing b’fhada leis can be anti-climactic, when the point is to show the one thing that the person is longing for.

An Craos-Deamhan 1

AN CRAOS-DEAMHAN

CAIBIDEAL A HAON.

Tamall mór ó shin, tamall ana-mhór ó shin, na céadta blian sarar chuir aon tSasanach chos ar thalamh na hÉireann ach cos go raibh laincis iarainn uirthi, bhí rí álainn, óg, uasal ar an Múmhain, agus Cathal ab ainm do, Cathal mac Fingaine. Ní raibh fear in Éirinn ba bhreátha ná é. Bhí sé corraíocht agus sé troithe ar aoirde, agus bhí sé chómh cúmtha chómh córach san gur dhó’ leat, dá bhfeicfá in’ aonar é, ná raibh sé na sé troithe ar fad. Bhí sé chómh láidir sin ní raibh aon fhear ar uaislibh Múmhan d’fhéadfadh a chlaíomh do chasadh, ná a shleá do bheartú chun gnímh, ná a thua do láimhseáil. I gcor iomrascála ní raibh fear d’fhéadfadh a chosa do bhogadh ón dtalamh, agus fós, ag rith, nú ag léimt, nú ag rínce, bhí sé chómh héadrom ar a chosaibh le cú nú le fia. Bhí sé tréan i gcath, ciallmhar i gcómhairle, sultmhar i gcuideachtain. I gCaiseal Múmhan a bhí a rítheaghlach. Bhí rath agus séan ar an Múmhain agus ar Mhuímhneachaibh lena línn go dtí gur thárla mí-ádh míllteach do.

Le línn Chathail a bheith ’na rí ar an Múmhain bhí rí ar Ultaibh, ’na chónaí in Aileach thuaidh, agus Feargal mac Maoile Dúin ab ainm do.

Bhí mioscais agus formad idir an dá chúige agus idir an dá rí, féachaint ceoca Cathal nú Feargal a bheadh in’ árdrí ar Éirinn, agus bhí beirt chailleach, cailleach Ultach agus cailleach Muímhneach, a bhíodh coitianta ag séideadh fúthu.

Deireadh an chailleach thuaidh:

“Fear scriosta Múmhan,
Fear scriosta Múmhan,
Mac Maoile Dúin,
An tÁrdrí,
Ó Sceilg na sceól,
Go Caiseal na sló,
Gamhain ná bó
Ní fhágfaidh.”

Deireadh an chailleach theas, ag freagradh na caillí thuaidh:

“Fanadh sé thuaidh,
Fanadh sé thuaidh.
Tá Cathal ar chuaird
Is mílte aige.
Má castar ’na threó
An Feargal, i ngleó,
go hAileach go deó
Ní fhíllfidh sé.”

Bhí drifiúr ag Feargal, Lígach iníon Maoile Dúin ab ainm di, agus ní raibh in Éirinn óigbhean eile chómh breá léi. D’airigh Cathal tuairisc ar a breáthacht, agus thit sé i ngrá léi, bíodh ná feacaigh sé riamh í. D’airigh sise tuairisc ar áilleacht agus ar uaisleacht agus ar thréine Chathail, agus thug sí grá dho, bíodh is ná feacaigh sí riamh é. Bhí an scéal mar sin eatarthu, agus gach duine a théadh ón Múmhain ó thuaidh go hAileach bhíodh an óigbhean ag baint cainnte astu go dtí go bhfaigheadh sí uathu eólas cruínn ar conas a bhíodh Cathal ’na shaol agus ’na shláinte, agus ar conas ’ fhéachadh sé. Ar an gcuma gcéanna, nuair a thagadh duine aduaidh ó Chúig’ Uladh go Caiseal Múmhan, bhíodh rí Caisil ag baint cainnte as go dtí go bhfaigheadh sé cúntas cruínn ar conas a bhíodh an óigbhean álainn agus ar conas ’ fhéachadh sí.

Ba gheárr gur thosnaigh an óigbhean ar bheith ag cur eithne agus úll, agus sólaistí eile den tsórd san, ó Aileach aduaidh go Caiseal, ag triall ar Chathal, ag taispeáint méid an ghrá a bhí aici dho. Níorbh fhada gur airigh Feargal go raibh na sólaistí ag dul ó dheas. Níor thaithn san leis in aon chor. Chuir sé fios ar a dhrifiúr chun labhartha léi.

“An fíor an ní seo ’ airím,” ar seisean, “id thaobhsa agus i dtaobh rí Caisil?”

Níor labhair sí.

“Bíodh do rogha de dhá ní agat, a ríogan,” ar seisean. “Inis an fhírinne dhom agus bíodh mo bheannacht ort, nú séan an fhírinne orm agus bíodh mo mhallacht ort!”

Tháinig scannradh uirthi sara dtitfeadh mallacht an rí uirthi, agus d’inis sí an fhírinne dho.

“Cathain a bheidh teachtaireacht eile agat á chur go Caiseal?” ar seisean.

D’inis sí dho.

“Cuir chúmsa anso ar dtúis,” ar seisean, “na nithe a bheidh agat le cur ó dheas.”

Thug sí chuige na húlla agus na heithne agus na sólaistí eile a bhí aici le cur ó dheas ag triall ar Chathal.

“Fag ansan iad,” ar seisean.

D’fhág.

Chuir sé fios ar fhear piseóg. Tháinig an fear.

“Seo,” ar seisean leis an bhfear, “imir do chuid deismireachta orthu san i dtreó, an té ’ íosfaidh iad, ná beidh aon lá dá shláinte aige an chuid eile dá shaol.”

“Is olc é sin,” arsan fear. “Níor mhaith liom rud den tsórd san a dhéanamh ar éinne.”

“Tabharfadsa do thuarastal go maith dhuit as,” arsa Feargal.

Do dhein an fear an rud a hiarradh air.

Do ghlaeigh Feargal chuige teachtaire agus duairt sé leis na húlla agus na sólaistí eile do bhreith leis ó dheas go Caiseal Múmhan agus iad a thabhairt do Chathal le n-ithe. “Agus,” ar seisean, “abair gur ó Lígaigh féin a thánadar, agus gur le méid a grá agus a hionúine do Chathal a chuir sí chuige ó dheas iad, agus gur mhór an sásamh aigne uirthi dá mbeadh sé le rá agat go bhfeacaigh do dhá shúil féin Cathal mac Fingaine ag ithe na n-úll san.”

D’imigh an teachtaire agus do thóg sé leis na húlla agus na heithne agus na sólaistí eile, agus tháinig sé go Caiseal. Ba gheárr go bhfuair sé caoi ar chainnt le Cathal. D’inis sé a scéal do, agus thaispeáin sé na húlla agus na sólaistí dho. D’inis sé dho cad é an grá ’ bhí ag Lígaigh do, agus cad é an t-áthas a bheadh uirthi nuair a neósfí dhi gur thaithn na húlla agus na misleáin eile le Cathal. “Agus duairt sí liom, a rí,” ar seisean, “gan imeacht, dá mb’fhéidir é, go dtí go bhfeicfeadh mo dhá shúil féin tu dhá n-ithe.”

“Ní rómhór an ríghneas a chuirfidh san ort, a mhic ó,” arsa Cathal, ag cromadh ar na húllaibh a dh’ithe.

Chómh luath agus ’ bhí na húlla ite ag Cathal chuir an teachtaire a bhóthar de chómh tiubh in Éirinn agus d’fhéad sé é.

Nuair a chuaigh na húlla agus na heithne isteach i ngoile Chathail is amhlaidh a dhein piastaí dhíobh istigh ’na chorp, agus deamhain ó ifreann ab ea na piastaí sin. Bhí deamhan mór orthu, agus do shloig sé sin an chuid eile. Ansan do shloig sé a raibh de bhia agus de dhigh i mbolg Chathail. Chrom sé ar ithe agus ar ól, ach ní bhainfeadh ithe ná ól an tart ná an t-ocras de.

Sin mar a thárla an lon craois, ’sé sin an Craos-Deamhan, a bheith i mbolg Chathail mhic Fingaine, rí Caisil.

Nótaí

Chómh héadrom ar a chosaibh le cú: note the lack of the historic dative here, coin.

Ar a dhrifiúr: the original spelling was ar a dheirbhshiúr, and so it seems the dative, drifír, cannot be inferred here.

Le n-ithe: WM Irish prefixes n to ithe and ól, where other dialects and the CO prefix h.

Fóclóirín

Aileach: also known as Aileach na Rí, Greenan-Ely in Inishowen, Co. Donegal, the site of the royal fort of the Uí Néill high kings of Ireland.
beartaím, beartú: “to brandish”. Beartú chun gnímh, “to wield in action”.
casaim, casadh: “to wield, brandish”.
Caiseal Múmhan: Cashel, Co. Tipperary, a placename meaning “stone ringfort”. Also referred to as Caiseal na sló here.
Cathal mac Fingaine: Cathal mac Finguine, king of Munster, died 742 AD, who contended with the high king of Ireland at the time, Fergal mac Máele Dúin.
ceoca: “which? which of them?” From cé acu or cé’cu. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.
córach: “shapely, comely, pleasant”, often paired up with cúmtha.
corraíocht: “addition”, or corradh in the CO. Corraíocht agus, “more than”.
craos: “gluttony”. The genitive, craois, is pronounced /kri:ʃ/.
craosdeamhan: “demon of gluttony”.
cuaird: “visit”, cuairt.
cúmtha: “well-shaped, handsome”, or cumtha in the CO.
deismireacht: “incantation, spell”.
deoch: “drink”, with digh in the dative singular.
drifiúr: “sister”, deirfiúr. IWM shows that both drifíur and driofúr are found in WM Irish.
eithne: “kernel”. Dinneen’s dictionary gives “fruit, produce” as an additional translation, and this meaning accords better with the sense here. The plural is eithní in the CO, with eithneacha given both in Dinneen’s dictionary and in the glossary to the early edition of An Craos-Deamhan. However, it seems that glossary will have been compiled by Norma Borthwick. PUL has na heithne in the plural in the body of the text here. It may be that he is following the Middle Irish original here.
Feargal mac Maoile Dúin: Fergal mac Máele Dúin, high king of Ireland and member of the northern Uí Néill dynasty, died 722 AD.
fia: “deer”.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
freagraim: “to answer”. While the verbal noun is normally freagairt, there is an example here of freagradh being used as the verbal noun of this verb.
gleó: “noise, battle”.
goile: “stomach”.
iomrascáil: “wrestling”. Cor iomrascála, possibly “a bout of wrestling”.
ionúine: “affection”.
laincis: “fetter”.
léimim, léimt: “to leap”, or léimim, léim in the CO. The verbal noun is also found as ag léimrigh in PUL’s works, although léimreach is sometimes distinguished from léimt as a continuous act of leaping. Léim is also found in PUL’s Niamh to describe the sport or act of leaping.
Lígach: Lígach, the sister of Fergel mac Máele Dúin, high king of Ireland. With Lígaigh in the dative.
lon craois: “insatiable, unnatural appetite”, according to Ó Dónaill’s dictionary, which lists lon as a noun only found in this phrase. Dinneen’s dictionary shows, however, that the lon in this phrase is the same lon that means “blackbird” (lon dubh).
míllteach: “baleful, pernicious”.
mioscais: “hatred, malice, ill-will”.
mísleán: “sweet”, or milseán in the CO. Pronounced /mʹi:ʃ’lʹɑ:n/.
nú: “or”, or in the CO.
óigbhean: “young woman”, or ógbhean in the CO. The g is slender.
piast: “worm”, or péist in the CO, where the dative has replaced the nominative. The plural is piastaí, in contradistinction to the péisteanna of the CO.
piseóg: “spell, charm; wizardry, sorcery”. Fear piseóige, “sorcerer”, might have been expected. Fear piseóg here appears to have the genitive plural, i.e. “man of spells”.
ríogan: ríon in the CO, “queen, princess, noble lady”. Pronounced /ri:gən/. Note that a ríogan! was a term of address, not just for the queen, but for noblewomen too.
scannradh: “terror”, scanradh in the CO, pronounced /skaurə/ in WM.
sceilg: “rock, crag”. Sceilg na sceól here may be a reference to the Greater Skellig Island in Co. Kerry, also known as Skellig Michael (or Sceilg Mhichíl). Dinneen’s dictionary shows that Greater Skellig is also known as Sceilg na scál (“warriors’ crag”), which PUL may have turned into Sceilg na sceól in order to preserve the metre in a poem here. The reference could also be to Baile an Sceilg, in the Uíbh Ráthach Gaeltacht, which is adjacent to Skellig Michael. The poem which gives this placename is considerably different in PUL’s version to the Middle Irish original, which contains no reference to Skellig or Cashel.
sceól: a poetic form of scéal, “news, story, tidings”.
sleá: “spear”.
sloigim, slogadh: “to swallow”.
slua, slóite: “army”. PUL normally forms the plural of this word, sluaite in the Standard, with an  ó . While IWM shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse. The medial  ó  is therefore retained wherever it was given in the original, including in the genitive plural sló (slógh), for slua. It is also worth noting this word is generally feminine in PUL’s works.
sólaistí: “dainties, delicacies”, usually plural.
sórd: “sort”, sórt in the CO, /so:rd/.
taithneann, taithneamh: “to please”, taitníonn, taitneamh in the CO. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən, taŋʹhəv/. The past is do thaithn, /də haŋʹ/.
Ulaidh: “Ulster”, with Ultaibh in the dative plural. Note: this is a plural noun, reflecting the ultimate derivation of the provincial name from the ancient Ulaid tribes.