Eóin 1

Soíscéal Naofa Íosa Críost

de réir EÓIN

Mac do Shebedé agus do Shalómé, agus driotháir do Shéamas Mór, ab ea N. Eóin, Aspal agus Soíscéalaí. Do tugtí air, deisceabal ionúin Chríost, agus bhí sé ’na sheasamh i láthair an chéasta. Do scríbh sé an Soíscéal tar éis na Soíscéalaithe eile dhá scrí’ i. tímpall trí bliana agus trí fichid tar éis deasgabhála ár Slánaitheóra. Chuir sé síos ’na scríbhinn a lá nithe nár chuireadarsan síos. Do scríbh sé an Soíscéal i nGréigis agus tugaid na Gréagaigh an teideal “diaga” dho. Ínseann N. Ieróm go raibh na bráithre ag tathant air an Soíscéal do scrí’ agus go nduairt sé go scrío’fadh dá ndeinidís go léir troscadh in éineacht agus a nguí go chur suas chun Dé ’n uilechómacht. Do deineadh san, agus ansan, lán de shoílsiú ó neamh, do scaoil sé amach an tosnú so, “I dtosach do bhí an briathar,” &rl.

Caibideal I.

Diagacht Chríost agus a Ioncholladh. Fianaise á dhéanamh ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisceabail do ghlaoch.

 I dtosach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ab ea an Briathar. Do bhí so i dtosach i bhfochair Dé. Is tríd a deineadh an uile ní, agus gan é níor deineadh aon ní dár deineadh. Is ann a bhí beatha, agus b’é solas na ndaoine an bheatha. Agus taithneann an solas sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.

 Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainm do. Tháinig sé sin chun fianaise, ionas go ndéanfadh sé fianaise i dtaobh an tsolais, ionas go gcreidfeadh gach éinne tríd. Níorbh é an solas é, ach chun fianaise ’ dhéanamh i dtaobh an tsolais. Dob é sin an solas fíor a shoílsíonn gach duine dá dtagann ar an saol so. Bhí sé ar an saol, agus is tríd a deineadh an saol, agus níor aithin an saol é. Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuíntir féin é. Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go ndéanfí clann Dé dhíobh, an mhuíntir a chreideann in’ ainm. Nách a’ folaibh, ná a’ toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia.

Agus do dhein feóil den Bhriathar, agus do chómhnaigh ’ná measc, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon-Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne. Tugann Eóin fianaise ’na thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an té ar a nduart: An tá atá le teacht im dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham. Agus as a líonmhaire is ea ’ ghlacamairne go léir, agus grásta ar ghrásta. Óir do tugadh an dlí trí Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne trí Íosa Críost. Ní fheacaigh éinne riamh Dia; an tAon-Mhac atá in ucht an Athar is é ’ dh’aithris.

Agus sid é fianaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaigh ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus Lebhíteacha chun a fhiafraí dhe, Cé hé thusa? Agus d’admhaigh sé, agus níor shéan sé; agus d’admhaigh sé: Ní mise Críost. Agus d’fhiafraíodar de: Cad eile más ea? An tu Elias? Agus duairt sé; Ní me. An tu an fáidh? Agus duairt sé: Ní me. Dúradar leis, dá bhrí sin: Cé hé thu, ionas go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muíntir a chuir anso sinn? Cad ’deirir id thaobh féin? Duairt sé: Guth duine is ea me ag glaoch sa bhfásach, Deinidh slí an Tiarna do dhíriú; mar aduairt Isáias fáidh. Agus de sna Fairisínigh ab ea na teachtairí. Agus do cheisteadar é, agus dúradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baiste mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh? D’fhreagair Eóin iad agus duairt sé leó: Deinimse baiste in uisce, ach tá ’na sheasamh in úr measc duine nách aithin díbhse. Sin é an té atá ag teacht im dhiaidhse agus go bhfuil tosach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do scaoileadh. Do thárla na nithe sin i mBetánia lastall den Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteach na ndaoine.

An lá ’na dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ag teacht fána dhéin, agus duairt sé: Féach Uan Dé, féach an té a thógann peacadh an domhain. Sid é an té ar a nduart: Tá fear ag teacht im dhiaidh, agus do luadh rómham é, óir do bhí sé rómham; Agus níor aithníos-sa é, ach ionas go dtaispeánfí d’Israél é, uime sin is ea do thánagsa ag déanamh baiste in uisce.

Agus do thug Eóin fianaise uaidh agus duairt: Do chonac an Sprid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. Agus níor aithníos-sa é, ach an té a chuir me ag déanamh baiste in uisce duairt sé liom: An té go bhfeicfir an Spriod ag túirling air agus ag fanúint air, sin é an té a dheineann baiste sa Sprid Naomh. Agus do chonac; agus thugas fianaise gurb é Mac Dé é seo.

An lá ’na dhiaidh san airís bhí Eóin ’na stad, agus beirt dá dheisceabail, Agus bhí sé ag féachaint ar Íosa ag siúl, agus duairt sé: Féach Uan Dé. Agus d’airigh an bheirt deisceabal é ag rá na cainnte, agus do leanadar Íosa. Agus d’iompaigh Íosa, agus chonaic sé iad dhá leanúint, agus duairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dúradar leis: A Rabbí (sé sin le rá, a Mháistir), cá gcónaíonn tú? Agus duairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómnaigh sé, agus d’fhanadar in’ fhochair an lá san; agus bhí sé tímpall an deichiú huair.

Agus duine den bheirt a bhí ag éisteacht le hEóin agus do lean Íosa ab ea Aindrias, driotháir Shímóin ar ar tugadh Peadar. Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus duairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rá, an Críost). Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus duairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).

Ba mhian leis dul, lá ’rna mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus duairt Íosa leis: Lean mise. Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab ea Pilib. Agus do fuair Pilib Natanaél agus duairt sé leis: An té úd ar ar scríbh Maois sa dlí, agus na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. Agus duairt Natanaél: An féidir aon ní fónta ’ theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tair agus feic. Agus chonaic Íosa Natanaél, agus duairt sé: Sin Israélíteach fírinneach ná fuil feall ann. Agus duairt Natanaél: Conas ’ aithníonn tú me? Duairt Íosa leis dhá fhreagradh: Sarar ghlaeigh Pilib ort, nuair a bhís fén gcrann fíge, do chonac tu. D’fhreagair Natanaél agus duairt sé: A Mháistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. D’fhreagair Íosa agus duairt: Toisc me dhá rá leat: Bhíos ag féachaint ort agus tu fén gcrann fíge, creideann tú. Chífir nithe is mó ná san. Agus duairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar oscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.