LS edition of Cúán Fithise

1.

 

gléasadh – transcribed as gliasa, thus rejected Brian Ó Cuív’s argument in IWM that whereas the noun is pronounced /glʹias/, the verb is pronounced /glʹeːs-/. I am thinking that IWM reflects poetical pronunciation of the verb, and that in normal speech, there is indeed a diphthong?

mídheallraithí – mígheouruihí, with typical LS confusion of ou/au. Mígheauruihí would be better.

Conghal – this name is transcribed Conyl /ko’niːl/, and -gh- is sometimes realised as a long vowel, as in Aonghus, /eː’niːs/.

Fheargas – Earagas, with an epenthetic vowel.

Fanat – transcribed Fánad, although PUL had used the Old/Middle Irish version in Cúán Fithise.

Magh Muirisce – transcribed Má Muirishgi. Magh seems to have a long vowel, but IWM shows Magh Chromtha is just /mə xroumhə/.

Laighean – transcribed Layn. I am wondering if this is /lain/ or /ləin/, as LS does not have a good way of differentiating between these two diphthongs.

ghlaeigh sé- ghlaeg shé. In this monosyllabic verb the g retained.

gach éinne – gahéngi, where the ch seems to become h.

 

2.

 

dúradh – transcribed as duarag, but I don’t believe any other parts of the past tense of deirim have /uə/ other than duart and duairt.

dúradar – transcribed as duaradar, but see above.

 

3.

 

do rugadh – transcribed as do rugadh (with no ri-), but rugamair is transcribed as riugamuir. The LS recognises here that the autonomous form is not lenited after the perfective particle, and so no lenition of the r should be heard.

fionnadh – transcribed as fiona.

Laighneach – transcribed as Layineach.

lá ‘rna mhaireach – transcribed as lar n-a váireach, with a short a in lar.

nigh sé – transcribed as nig shé, although Osborn Bergin in an early article in Ériú said that this monosyllabic verb defied expectations by deleting the g in this context.

cimleadh – cimileag – showing an epenthetic vowel.

rómhainne – transcribed as rôingna. In all such emphatic forms, the suffix is -na, although the spelling appears to suffix just a neutral vowel.

 

4.

coisíocht – transcribed as cuishycht. I had long wondered if the vowel in cois- was o or i.

cubus – transcribed as cús. It seems the original spelling missed lenition and should have been cubhus.

gcapaillíbh – transcribed as gapuiliv. I need to check the original text and see where I got the long -íbh from.

ar theacht – transcribed as er hacht. This seems better than the er heacht used in LS version of Séadna.

de thoradh reatha – transcribed as de hora ratha in one place and de hora reatha in another, but I think the broad r is correct.

 

5

 

talamh-chumscú -transcribed as talav-chûsgú, it seems the original spelling missed lenition and should have been talamh-chumhscú.

an t-each san each – transcribed as an t-each, san each, but the issue of when the article is slender before a word starting with e is a complex one. I am wondering if it should be an t-ach, san ach. More research required here.

Ultach – transcribed as Últach, but this seems just wrong. Oulhach is the pronunciation.

uathásach – transcribed as úhásach, but IWM shows the ua- is pronounced ua-. There are a number of such words, and ú- is possibly a variant.

Cúán Fithise 5

V.

“Ach cad é an coinníoll ar a ndéanfí caradas den tsórd san, a Chonghail?” arsa Cúán.

“Ní deocair é an coinníoll,” arsa Conghal. “Tabhair dómhsa an t-each san fút, agus tabharfadsa dhuit a dhá luach, agus caradas buan.”

“Ná habairse an chainnt sin, a Chonghail,” arsa Cúán. “Níl aon bhreith ar an gcoinníll sin do chómhlíonadh. Bheirimse mo bhriathar duitse go daingean, a rí, ná suífidh Ultach ar mhuin an eich seo ag creachadh Laighean agus mise am beathaidh!”

“Ní dócha gur cóir locht ’ fháil ortsa mar gheall air sin, a Chúáin,” arsa Conghal. “Is álainn an t-each é. Is iúntach an luas cos atá ann. Ar mhiste leat a dh’ínsint dúinn, a Chúáin,” ar seisean, “cad í an fholaíocht atá san each san, nú cá bhfuair sé an choisíocht uathásach atá aige?”

“Ní miste go deimhin, a rí,” arsa Cúán. “Láir a bhí agam féin sa bhaile do rug an t-each so, agus imbriathar nár láir rómhaith í. Ar m’fhearann féin do rugadh an t-each so agus is ann a tógadh é.”

“Is mó an trua nách féidir dom é ’ cheannach uait, a Chúáin,” arsa Conghal.

“Níl leigheas air, a rí,” arsa Cúán.

Do scaradar.

Do ghlaeigh Conghal chuige na marcaigh ab fheárr a bhí ’na shlua.

“Leanaidh Cúán inniu,” ar seisean, “agus ná casaidh thar n-ais uaidh go dtéidh sé go doras a chaisleáin féin. Nuair a bheidh an t-each úd san áit ’nar hoileadh é, agus i measc na n-each gur tógadh eatarthu é, ní bheidh sé ródheocair díbhse breith air féin agus ar a mharcach.”

Dhein na marcaigh mar aduairt Conghal leó. Do leanadar Cúán. D’imigh Cúán uathu gan an t-each do chur chun leath a dhíchill. Ach níor chasadar. Do leanadar é, agus deir an seanchas go raibh fothram mór agus talamh-chumscú ag eachra Uladh ar thóir eich Chúáin, agus go raibh rian a gcos ar an dtalamh agus ar na clochaibh san áit, le feiscint ar feadh i bhfad ’na dhiaidh san, agus go raibh an t-aer ’na ndiaidh ’na bhladhm lasrach leis na spréachaibh tine chreasa a bhí ag cruitibh na n-each á bhaint a clochaibh an ghleanna. Do leanadar Cúán ar an gcuma san go dtí gur tháinig sé isteach in’ fhearann féin. Ansan do rith eachra an fhearainn tímpall ar each Chúáin. Do chuir san ríghneas ar Chúán. Tháinig na hUltaigh suas leis, agus ní triúr ná ceathrar acu a tháinig suas leis an uair sin, ach an tslua go léir a bhí ’na dhiaidh. Do maraíodh é agus do baineadh an ceann de. Do rugadh a cheann agus a chapall ag triall ar Chonghal. Ansan is ea aduairt Conghal na focail seo:—

“Is ceólmhar na hóga so
Ag argain na Life seo!
Is bínn foghar an chatha so
Um cheann Chúáin Fithise!”

Críoch.

Foclóirín

argain: “plundering”, pronounced /ɑrəginʹ/.
bheirim, tabhairt: “to give”. Note that bheirim is the original absolute form of tugaim.
bladhm: “flame, blaze”. Na bhladhm lasrach, “aglow, in a blaze”.
críoch: “end”, normally crích in WM Irish, where the historic dative has replaced the nominative, but the use of críoch is accepted to signify the end of a work.
crios: “flint”, with creasa in the genitive. Tine chreasa, “frictional sparks”.
crú: “horse-shoe”, with cruite in the plural, where the CO has crúite.
deocair: “difficult”, or deacair in the CO.
fearann: “field, land, parcel of land”.
foghar: “sound”.
folaíocht: “breeding”.
iúntach: “wonderful”, or iontach in the CO.
láir: “mare”.
oilim, oiliúint: “to rear”.
slua: “army”. Feminine here, but masculine in the CO.
spréach: “spark”.
talamh-chumscú: “trembling of the earth”. This word is listed by Dinneen as meaning “earthquake”. The CO has cumhscú, “moving, shifting”, with a lenited m. More research required here.
uathásach: “terrific, astonishing”, or uafásach in the CO.

Cúán Fithise 4

IV.

Bhí aon fhear amháin ar na Laighneachaibh agus fear ana-chróga ab ea é. Cúán Fithise ab ainm don fhear san. Dhein an fear san mórán dochair agus mórán díobhála do shlóitibh Chonghail. Bhí each aige, agus nuair a bhíodh sé ar mhuin an eich sin ní fhéadadh eachra Chúig’ Uladh go léir teacht suas leis. Thagadh sé ar mhuin an eich sin isteach san áit ’na mbíodh tiubh sló Chonghail. Bhíodh a lán acu marbh aige sara dtugaidís fé ndeara i gceart cé ’ bhíodh ann. Ansan do theitheadh sé uathu. Do léimeadh gasra dhíobh ar a gcapaillíbh agus do leanaidís é. Ní bhíodh aon mhaith dhóibh ann. Pé méid acu a bheadh ’na dhiaidh, ná pé iarracht a dheinidís ar theacht suas leis, d’imíodh sé uathu de thoradh reatha. Bhídís ag faire air chun teacht tímpall air, i dtreó nárbh fhéidir do dul uathu nuair a bheidís roimis ins gach aon bhall. Ach bhíodh seisean ag faire orthu san, agus an uair ba dhó’ leó go mbíodh greim acu air, is amhlaidh a bhíodh leath a mbíodh ar a thóir marbh aige agus é féin imithe. Aon bheirt, ná triúr, ná ceathrar a thagadh in éineacht air, ní bhíodh iontu ach mar a bheadh beirt nú triúr nú ceathrar leanbh féna láimh, bhí a leithéid sin de neart ann; agus bhí a leithéid sin de choisíocht san each ná féadadh puínn fear teacht in éineacht air peoca roimis nú ’na dhiaidh a bhídís. Do lean an chleasaíocht san idir é féin agus slóite Chonghail go dtí go raibh cuid mhaith acu marbh aige agus go raibh an méid a bhí beó acu cráite ciapaithe aige.

Chuir Conghal scéala chuige gur mhaith leis labhairt leis. Do thoiligh Cúán chuige. Do ceapadh an áit ’na bhféadfaidís an chainnt a dhéanamh. Ar dhá thaobh cumair ab ea é agus an cumar ana-dhoimhinn, i dtreó nárbh fhéidir d’éinne acu feall a dhéanamh ar an nduine eile.

Do labhair Conghal.

“Cad fé ndeara dhuit, a Chúáin,” arsa Conghal, “bheith ag déanamh an uile go léir ar mo shlua?”

“Is fiafraí tar cubas duitse an fhiafraí sin, a Chonghail,” arsa Cúán. Tá ’ fhios agat go dianmhaith cad fé ndeara dhom é. Agus dá mbeadh puínn eile dem shórdsa ag plé leat anso i gCúige Laighean níorbh fhada go mbeadh ’ fhios níos feárr agat.”

“Is fíor dhuitse an chainnt sin, a Chúáin,” arsa Conghal, “agus ní baois ná bladhmann duit an chainnt do rá, mar tá do ghníomh chómh maith led chainnt. Ach ní fheicim féin, a Chúáin, cad ’na thaobh ná féadadh caradas a bheith eadrainn, idir thusa agus mise. Ba charadas é do dhéanfadh tairbhe dhuitse agus do thír do dhúchais. Nuair ná tagann Faolán agus tu ’ chosaint mar ba cheart do teacht, ní fheicim cad ’na thaobh nár cheart duit féin tairbhe do thíre do dhéanamh le caradas idir thu féin agus mise.”

Foclóirín

baois: “folly, vanity”.
bladhmann: “bombast”, pronounced /bləimən/.
capall: “horse”. Note the dative plural has a slender l in Cork Irish: capaillíbh.
caradas: “friendship”, or cairdeas in the CO.
coisíocht: “fleetness of foot”.
cráite ciapaithe: both of these words mean “tortured”, but they are normally used together, and the glossary in the original edition shows the meaning of ciapaithe to be “worried”. I would suggest “tormented with worry”.
Cúán Fithise: the name of a warrior. Fithis means “orbit”, and the reference appears to be to his ability to double back unscathed after making a raid. Hence, the translation in Silva Gadelica, Cuan the Doubler.
cubas: “conscience”, or cúis in the CO. This word was spelt cubus in the original as if there is a clearly pronounced b here. The word was originally spelt cubhas, but Dinneen indicates that cubhais was the later accepted form that influenced the CO form. More research required on the WM pronunciation of this word, especially as Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has cúis in the meaning of “conscience”. Fiafraí tar cubas, “asking a question you already know the answer to”.
cumar: “ravine”.
de thoradh: “by dint of”. De thoradh reatha, “by sheer speed of running”.
doimhinn: “deep”, or domhain in the CO.
each: “horse, steed”, a word etymologically related to equus in Latin. With eich in the genitive. Pronounced /ɑx, eh/.
eachra: “steeds, horses, cavalry”, a collective word, pronounced /ɑxərə/.
fé ndeár, fé ndeara: thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in the CO. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeara also has a additional meaning, “cause, reason”. Cad fé ndeara dhuit? why?
fiafraí: “inquiry, question”, feminine here and in Dinneen’s dictionary, but masculine in the CO.
gasra: “band or group of people”, pronounced /gɑsərə/.
pléim, plé: “to deal with, contend with”.
sórd: “sort, kind”, or sórt in the CO.
tiubh: as a noun “the thick (of something)”. Tiubh sló, “the thick of the armies, a concentration of military forces”.
toilím, toiliú: “to agree to something”, with chun.

Cúán Fithise 3

III.

“Is túisce bia ná bréithre,” arsa Conghal. “Beirtear na fir seo go háit an bhídh,” ar seisean, “agus tugtar rud le n-ithe agus le n-ól dóibh ar dtúis. Ansan féadfaid siad teacht agus a ínsint dúinn cad ’deir Faolán.”

Do rugadh na teachtairí go dtí an áit ’na raibh an bia ollamh dóibh. B’é sin an áit a bhí go hainnis. Bhí bórd mór láidir fada leathan ann, agus níorbh fhios cathain a cimleadh éadach ná uisce dá chlárachaibh. Is é bia a bhí ar an mbórd ná muc agus í beirithe agus a fionnadh uirthi. Má bhí ocras orthu bhí orthu féin an mhuc do ghearradh agus na guairí ’ bhaint di, sara bhféadfaidís an fheóil a dh’ithe. Bhí suíocháin mórthímpall an bhúird, ach má bhí ní fhéadfadh éinne de sna Laighneachaibh suí orthu. Do shaileódh na suíocháin an t-éadach álainn uasal glan a bhí ar na Laighneachaibh.

Dheineadar seift éigin ar an mbia d’ithe agus ar an oíche sin do chur díobh i longfort Chonghail. Ar maidin lá ’rna mháireach d’iompaíodar soir abhaile. D’ínseadar d’Fhaolán cad a chonacadar. “Rí gan áird is ea é siúd,” ar siad, “agus daoine gan áird is ea na daoine atá ’na thímpall. An saibhreas a rugamair linn ba mhar a chéile dhúinn é ’ chaitheamh isteach sa Life agus é ’ thabhairt do súd. Thugamair linn thar n-ais é. Ní gá dhuit, a rí,” ar siad, “aon bhuairt a bheith ar th’aigne mar gheall ar an gConghal úd. Pé áit ’na dtabharfaidh sé a aghaidh, ní fiú muíntir na háite sin iad do chothú mura bhfuil iontu iad féin do chosaint ar an sméirle úd agus ar a shlua stracairí.”

Bhí Faolán sásta. Níor chuir sé a thuilleadh suime sa scéal.

Chómh luath agus ’ bhí na teachtairí imithe, d’éirigh Conghal agus chaith sé dhe an seanabhrat, agus do nigh sé agus do ghlan sé é féin agus chuir sé a bhrat rí uime. Chuir sé uaidh amach na stracairí, agus ghlaeigh sé chuige isteach ar na huaislibh a bhíodh in’ fhochair de ghnáth. D’oscail Conghal a aigne dhóibh ansan.

“Táid na teachtairí úd imithe thar n-ais,” ar seisean, “ag triall ar Fhaolán. Déarfaid siad le Faolán nách gá dho aon eagla ’ bheith aige rómhainne anois, mar gur daoine gan áird sinn agus nách fiú sinn aon tslua do chruinniú ’nár gcoinnibh. Cuirfidh san ’ fhéachaint ar Fhaolán gan suím do chur ionainn. Má dheinimíd dithneas beidh Cúige Laighean scriosta againn sara dtuigfidh Faolán a dhearúd.”

Do ghluais Conghal agus a shlua agus do scriosadar Cúige Laighean go léir. Bhí sé ar feadh leathbhliana ag scrios agus ag creachadh na Cúige agus gan blúire suime ag Faolán dá chur sa scéal. Is amhlaidh a bhí na Laighnigh dhá gcosaint féin anso agus ansúd, chómh maith agus d’fhéadfaidís é, fé mar a thagadh an namhaidh chúthu.

Foclóirín

áird: “value, repute”. Gan áird, “of no account”.
beirím, beiriú: “to boil”, with beirithe as the past participle.
bórd: “table”, with búird in the genitive singular and nominative plural. This vowel change is regular in words of this type (see órd, úird), although not indicated in the CO.
cothaím, cothú: “to feed, nourish”. Ní fiú muíntir na háite sin iad do chothú, “the people of that place are a waste of space”.
féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.
fionnadh: “hair on animals (or on the human face)”.
guaire: “bristle”.
máireach: “morrow”, or márach in the CO. Lá ’rna mháireach, “on the following day”, derived from lá iar n-a mháireach. Spelt lar n-a mháireach in the original; research required on the length of the first vowel.
ollamh: “ready”, or ullamh in the CO.
sailím, sailiú: “to dirty, sully”, or salaím, salú in the CO.
seift: “plan”.
sméirle: “villain, lout, bandit”. Ó Dónaill’s dictionary indicates that meirleach would be the form used in the CO.
tímpall: “around”, or timpeall in the CO. Note the broad p, /tʹi:mʹpəl/.

Cúán Fithise 2

II.

D’imíodar agus dheineadar mar a dúradh leó. Níorbh fhada go raibh longfort Chonghail lán de chábógaibh a bhí go tútach agus go tuathalach agus go garbh, agus a mbalcaisí go caite agus go stracaithe agus go gioblach orthu, agus gur dhó’ le duine orthu gurbh amhlaidh a bhí an Life tar éis dul i ndísc, agus gurbh in é cúis nárbh fhios cathain a chimil éinne acu braon uisce dá aghaidh. D’imigh Conghal féin agus chaith sé dhe an brat sróil a bhí uime, agus chuir sé uime in’ inead seanabhrat sróil a bhí stracaithe, deisithe seacht n-uaire, agus nárbh fhios cad é an dath a bhí air nuair a bhí sé nua.

Tháinig na teachtairí ó Fhaolán. Chuaigh duine de sna cábógaibh amach ag cur fáilte rómpu. Chonacadar an stracaire. D’fhéachadar ar a chéile. Dúradar gur mhaith leó dul i láthair an rí, i láthair Chonghail.

“Téanaidh oraibh” arsan stracaire. Do leanadar é. Bhíodar ag féachaint ar a chéile agus ag cogarnaigh lastiar de.

“Is feárr gan na tabharthaistí ’ thabhairt uainn go mbeidh ’ fhios againn cé dho go mbeimíd á dtabhairt,” ar siad lena chéile.

Thánadar isteach i láthair Chonghail. Do leath a súile orthu. Chonacadar na stracairí tútacha go léir, uaisle an rí, dar leó. Chonacadar an rí féin ’na shuí ar fhuairmín, a ghruaig ar sileadh leis gan cíoradh gan réiteach, a aghaidh chómh mór i ngátar uisce na Life agus ’ bhí aghaidh aon duine de sna stracairí uaisle a bhí ’na thímpall. Bhí circín idir a lámhaibh aige. Bhí cos na circe briste, agus bhí cliath ag Conghal á chur le cois na circe.

D’fhéach na teachtairí ar an rí. D’fhéachadar ’na dtímpall ar a huaislibh. Fé dheireadh dúradar le Conghal gurbh é Faolán, rí Laighean, a chuir iad chun labhartha le Árdrí Éireann.

Foclóirín

cimlim, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in the CO, which preserves the classical forms with a broad c. Cimilt de, “to rub against” in various contexts. Note the epenthetic vowel, /kʹimʹilʹimʹ, kʹimʹiltʹ/.
cíoraim, cíoradh: “to comb”.
circín: “chick, little hen”.
cliath: here meaning “splint”, but with a range of other meanings, including “darning (of a sock)”. Its essential meaning is a “latticed frame”, from which other meanings are derived. “Splint” is cléithín in the CO.
cogarnach: “whispering”, a feminine verbal noun that becomes ag cogarnaigh in the dative; this distinction is not observed in the CO.
dísc: “dryness, barrenness”. Dul i ndísc, “to dry up”.
fuairmín: “footstool, little bench”.
gioblach: “ragged, tattered”, pronounced /gʹubələx/.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin.
Life (an Life): the River Liffey, which runs through Dublin. Life originally referred to the plain through which the river runs, and later came to refer to the river itself.
seacht n-uaire: “a great many times”.
silim, sileadh: “to droop, hang”. Ar sileadh leis, “hanging down from him”.
sról: “satin”.
tuathalach: “blundering, clumsy; slovenly, uncivilised”.
tútach: “crude, coarse, boorish”.

Cúán Fithise 1

Cúán Fithise.

I

Sa bhliain d’aois an Tiarna seacht gcéad, a cúig (705), do ghoibh Conghal árdríocht na hÉireann. Mac ab ea an Conghal san d’Fheargas Fanat Ó Dónaill mic Aodha mic Áinmhireach. Dhá bhliain tar éis teacht i gcómhacht do do chruinnigh sé a shlua agus do chuaigh sé isteach i gCúige Connacht agus do loisc sé agus do scrios sé an Chúige chómh fada le Magh Muirisce. Tháinig sé abhaile, agus an bhliain ’na dhiaidh san do chruinnigh sé a neart arís, neart sló Chúig’ Uladh go léir, agus tháinig sé isteach in Uíbh Faoláin i gCúige Laighean agus chrom sé ar an dtír do scrios agus do loscadh.

Faoláin ab ainm don rí a bhí ar Chúige Laighean an uair chéanna. D’airigh sé an scéal, Conghal do ghabháil longfuirt ’na thír, agus in inead a nirt féin do chruinniú agus do chórú agus do ghléasadh i gcoinnibh Conghal, is é rud a dhein sé ná teachtairí ’ chur ag triall air agus tabharthaistí móra ’ thabhairt dóibh le bronnadh air, le hionchas go ndéanfadh sé síocháin agus go n-imeódh sé abhaile.

D’airigh Conghal na teachtairí ’ bheith ag teacht agus cad a bhí acu á thabhairt leó, agus cad a bhí uathu. Ghlaeigh sé chuige ar a raibh d’uaislibh sa longfort, agus do labhair sé leó ar an gcuma so:—

“Imídh go léir amach as an longfort,” ar seisean, “agus fanaidh in áit éigin as radharc na dteachtairí seo atá ag teacht ó Fhaoláin chúmsa, agus cuireadh gach éinne agaibh chúm anso isteach an cábóg is mídheallraithí agus is stracaithe ar a theaghlach.”

Foclóirín

arís: “again”. PUL used the spelling airís, indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/.
cábóg: “rustic, clodhopper, country bumpkin”.
Conghal: Congal Cennmagair, high king of Ireland 703-710. PUL gives a different date for the start of his high kingship. He was son of someone called Fergus Fanát and grandson of Domnall mac Áedo mac Ainmuirech, high king of Ireland 628-642. I am unclear if Conghal is the same name generally written Conall.
Cúán Fithise: the name of a warrior in this story, translated as Cuan the Doubler in the version in Silva Gadelica, although it is not clear to me why fithis has this meaning.
córaím, córú:cóirím, cóiriú in the CO, “to arrange, dress”, e.g. for battle.
Faolán: there were many Irish kings called Fáelán, but I have been unable to identify a king of Leinster by this name during Conghal’s high kingship.
gabhaim: “to take; go” and a large range of other meanings, pronounced /goumʹ/. The preterite is ghoibh where there is ghabh in the CO as the pronunciation is /ɣovʹ/ in WM Irish. An árdríocht a ghabháil, “to come into the high kingship”.
inead: ionad in the CO, “unit”. Pronounced /inʹəd/ in WM Irish.
ionchas: “expection”. Pronounced /unəxəs/. Le hionchas go, “in the expectation or likelihood that”.
longfort: “camp”. This word is believed to have originally referred to Viking ship enclosures (fortified camps where Viking ships could dock) in Ireland. The spelling longfort in the CO obscures the derivation; the original (and correct) spelling is longphort.
Magh Muirisce: a placename possibly in the Murrisk region of County Mayo (Muraisc in modern Irish).
mídheallraitheach: “ugly, repulsive; not handsome”, or mídhealraitheach in the CO.
scriosaim, scrios: “to destroy, ravage, lay waste”, or scriosaim, scriosadh in the CO.
slua: “army”. The genitive plural is sló here.
stracaithe: “ragged”, or sractha in the CO.
tabharthas: “gift”, or tabhartas in the CO. The plural here is tabharthaistí, where the CO has tabhartais.
Uíbh Faoláin: a territory in Co. Kildare historically held by the Uí Bhriain (O’Byrnes of Leinster) dynasty./strong