Eisirt, caib. a 8

Caibideal a VIII

Éad, agus a leigheas

Do rugadh isteach Bébó agus do cuireadh ’na suí in áirde ar an mbórd í, ar láimh dheis Fhearguis, díreach mar a cuireadh Eisirt nuair a bhí sé ann. Bhíodh na mná uaisle go léir ag baint cainnte aisti agus ag baint suilt aisti, ach níor thaithn sí leó leath chómh maith agus do thaithn sí le Feargus agus le ríogra Uladh. Ba léir dóibh, idir ríogra agus mná uaisle dhóibh, ná raibh aon bhean láithreach a bhí leath chómh huasal léi, i ndeallramh ná i gcló, i gcruth ná i bpearsain, i ndeilbh ná i maisiúlacht. Is amhlaidh a mhéadaigh a luíghead a háilleacht ar gach aon tsaghas cuma. Bhíodh na fir ag féachaint uirthi agus ansan ag féachaint ar a mnáibh féin agus á cur i gcúmparáid leó, agus go deimhin ní hacu ’ bhíodh an ceann ab fheárr den chúmparáid. Thuigeadar na mná féin go maith nárbh ea, agus dá bhrí sin bhíodar lán d’éad agus de mhioscais agus de channcar chúithi. Nuair ’ fhéachadh éinne dá bhfearaibh féin uirthi agus ansan nuair ’ fhéachadh sé uaithi ar a bhean féin chídís an diomá ’na shúilibh. Bhídís cráite loiscithe scólta, ach ní leogadh uabhar dóibh a leogaint orthu go dtugaidís fé ndeara an diomá. Bhí Bébó ana-ghéarchúiseach. Thug sí fé ndeara an scéal go léir agus thuig sí go hálainn é, ach in inead aon bhogadh ’ dhéanamh ar abhar an éada dhóibh is amhlaidh a dhein sí a dícheall chun é ’ ghéarú, agus gan aici á thabhairt dóibh i gcaitheamh na haimsire ach gach focal ba shéime ná ’ chéile agus gach gealgháire ba ghile ná ’ chéile, agus ba ghrianaí.

Bhí Feargus ag baint cainnte aisti. Bhí gach aon tsaghas eólais uaidh ar Mhágh Faithlinn agus ar thuathaibh Luchra agus Luprachán; ar a nósaibh agus ar a slí bheatha agus ar a mbéasaibh; ar a lucht léinn agus eólais agus ealaíon; ar a n-aos dán agus ar a n-aos ceóil agus ar a bhfilíbh. Is é rud a tháinig as an gcainnt sin d’Fheargus ná gur buaileadh isteach in’ aigne gur inis Iúbhdán an fhírinne dhò agus ná raibh aon uisce-fé-thalamh aige féin ná ag Eisirt á dhéanamh, agus ná raibh aon ghnó acu go Cúig’ Uladh ach an gnó adúradar.

Chómh luath agus do thuig Feargus an méid sin d’órdaigh sé Iúbhdán do thabhairt ’na láthair.

Do tugadh isteach é agus do cuireadh ar shuíochán in áirde ar an mbórd é, in aice Bhébó.

Do labhair Feargus leis.

“A Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán”, ar seisean, “is eagal liom gur dheineas éagóir ort. Mheasas go mb’fhéidir gur namhaid tu agus gur ag brath na tíre seo a thánaís. Níl sé ceart ag rí, má bhíonn aon drochiontaoibh aige à duine iasachta a thagann chuige isteach à tír iasachta gan an uile shaghas aireachais a thabhairt sara mbéarfadh an duine iasachta leis eólas éigin, nú aithne éigin, a chuirfeadh ar chumas namhad teacht i ganfhios agus díobháil a dhéanamh don tír agus do mhuíntir na tíre. Uime sin is ea ’ chuireas-sa thusa sa gharbhtheaghlach agus cimeád chómh daingean ort. Ón gcainnt a thárla anso anois, idir me féin agus do bhaintiarna, do buaileadh isteach im aigne nách chun aon díobhála ’ dhéanamh do Chúig’ Uladh ná d’Ultachaibh a thánaís, ach mar gheall ar na geasa a chuir do rí ollamh ort. Dá bhrí sin, a Árdrí, goibh mo leathscéal agus maith dhom an éagóir a dheineas ort”.

“Tá go maith, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Mura bhféadaid dhá árdrí mar thusa agus mise maitheamh dá chéile agus caradas a thabhairt dá chéile, conas is féidir dár ndaoine ar gach taobh caradas agus muíntearthas a thabhairt dá chéile mar is ceart? Dhein Árdrí Uladh éagóir ar Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán. Tá an éagóir sin maite. Ní dhéanfaidh éinne de thuathaibh Luchra agus Luprachán díoltas choíche mar gheall ar an éagóir sin. Ach tá so agam le hiarraidh ar Árdrí Uladh, ná fágfar a thuilleadh sa gharbhtheaghlach me. Tá anála na bhfear mór san róthrom. Bím dom thachtadh ag an mbalaithe atá ins gach aon bhall ’na mbíd na fir mhór gharbha san. Ní maith an chóir ag Árdrí dá chur ar Árdrí eile é ’ fhágáilt ’na measc”.

“Is fíor san, a Árdrí, ach b’fhéidir dá mba ná beadh cimeád ort go n-imeófá uainn”.

“Bheirim mo bhriathar rí dhuit, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “pé cimeád a bheidh orm ná ná beidh, ná himeód uaibh go brách go dtí gur toil leat féin agus le hUltaibh me ’ dh’imeacht”.

“Dá mba dhó’ liom gurbh fhíor san”, arsa Feargus, “ní bheithása idir an ngarbhtheaghlach”.

“Níor bhriseas-sa mo bhriathar riamh”, arsa Iúbhdán, “agus ní bhrisfeadh go deó”.

“Tá go maith, a Árdrí”, arsa Feargus.

Ansan d’órdaigh Feargus seómra áirithe, seómra deiridh, an seómra ba dheise agus ba ghile agus ba ghrianaí a bhí sa rítheaghlach, do cheartú agus do chórú agus do chur i dtreó d’Iúbhdán. An fhaid a bhí san dá dhéanamh do tugadh “nua gacha bídh agus sean gacha dí” ag triall air féin agus ar Bhébó, agus do tugadh an uile shaghas onóra agus urrama dhóibh, agus do dhein Feargus agus an uile dhuine den chuideachtain an dícheall ba mhó ab fhéidir chun áthais do chur ar an mbeirt agus chun aoibhnis a thabhairt dóibh.

Bhíodh an diomá agus an seirithean agus an ceann-fé ar na fearaibh uaisle nuair ’ fhéachaidís ar Bhébó agus ansan nuair a chídís a mná féin, dá bhreáthacht iad agus dá uaisleacht iad, chómh garbh, chómh tútach, chómh mísciamhach, i gcúmparáid léi, ach dheineadar a ndícheall chun gan a leogaint orthu gur thugadar fé ndeara an deifríocht, le heagla ná taithnfeadh san le Bébó. Thug na mná go léir fé ndeara an seirithean agus an diomá, ach níor leogadar orthu gur thugadar, le heagla ná taithnfeadh san lena bhfearaibh. Do thuig Bébó, agus do thuig Iúbhdán, cad a bhí in aigne na bhfear agus cad a bhí in aigne na mban, ach níor leogadar orthu gur thuigeadar blúire dhe. Bhí a n-aigne féin ró-uasal, agus ba lag leó nithe den tsórd san a thabhairt fé ndeara in aon chor. Chonaic Bébó gur róbhaol go mbeadh drochobair sa chuideachtain ar ball. Bhí sí ag déanamh a díchill chun bheith séimh agus sultmhar agus gealgháiriteach leis na fir, a d’iarraidh an tseirithin a bhaint díobh. B’in mar ba mhó, áfach, a thug sí le feiscint dóibh an áilleacht agus an uaisleacht agus an mhaisiúlacht a bhí inti seochas a mná féin, agus b’in mar ba mhó a chonaic a mná féin an diomá agus an seirithean a bhí orthu. Bhí priúnsa óg agus ríogan óg ar an gcuideachtain. Óigbhean ana-bhreá, ana-dhathúil, ab ea an ríogan. Bhí uaisle óga Chúig’ Uladh go léir, agus uaisle i bhfad lasmu’ de Chúig’ Uladh, ag cailliúint a meabhrach a d’iarraidh go bhfaighidís í le pósadh, go dtí gur thárla geallúint phósta idir í féin agus priúnsa Laighneach a bhí
uasal, ríoga, cróga, maith a dóthain di ar gach aon tsaghas cuma. Bhí an priúnsa Laighneach ag féachaint ar Bhébó. Bhí an ríogan óg ag féachaint air sin agus an dá shúil mhóra, sholasmhara ar dianleathadh aici le heagla, nuair ’ fhéachfadh sé uirthi féin go bhfeicfeadh sí an diomá agus an seirithean ’na ghnúis. Ba gheárr gur fhéach, agus do chonaic. Chonaic sí go soiléir gur bheag ná go raibh gráin aige uirthi agus ná raibh leigheas aige air. Bhí sí i riocht dul i laige le buairt agus le hanaithe. Bhí fáinne óir idir a méireannaibh aici agus í dhá chasadh agus ag iniúchadh na cloiche solais a bhí ann, a d’iarraidh a leogaint uirthi ná raibh aon rud uirthi ná aon rud aici dhá thabhairt fé ndeara. Bhí creathán in sna méireannaibh agus ar éigin bháis ’ fhéadadh sí na deóracha ’ chimeád siar gan teacht as a súilibh. Le neart an anaithe a bhí uirthi, agus mar gheall ar an gcreathán, do shleamhnaigh an fáinne as a méireannaibh agus do thit sé ar an mbórd. Do ghluais sé go breá réidh, fan an bhúird anonn, go dtí gur stad sé ag cosaibh Bhébó. Thóg Bébó suas an fáinne. Bhí muiríon a dhá lámh ann go maith. D’éirigh sí agus shiúlaigh sí treasna an bhúird agus an fáinne sa dá láimh aici agus chuir sí an fáinne ar mhéir na ríogana, ar an méir ’nar cheart fáinne pósta ’ chur uirthi, agus thug sí súilfhéachaint, lena línn sin, anonn ar an bpriúnsa Laighneach. Bhí an priúnsa ag féachaint go dlúth, san am gcéanna, ar Bhébó agus ar an ríogain óg, agus peoca ’ chuir Bébó draíocht éigin ar a shúilibh, nú gur chuir sí draíocht éigin ar dheilbh na ríogana, shamlaigh an priúnsa ná feacaigh sé riamh éinne d’fhéach chómh breá agus d’fhéach an ríogan an uair sin. D’fhéach sí níos áille go mór ná mar ’ fhéach Bébó féin. Do las an t-áthas ’na shúilibh agus ’na ghnúis nuair a chonaic sé an méid sin. Do thárla gur fhéach an ríogan ’na threó an neómat céanna agus go bhfeacaigh sí an t-áthas. Do las áthas ’na gnúis féin ag freagairt an áthais sin. Do mhéadaigh sin a háilleacht go mór.

Nuair a bhí Bébó ag siúl treasna an bhúird agus an fáinne aici, agus í ar éigin ábalta ar an ualach do bhreith léi, bhí Feargus agus an chuideachta in sna trithíbh dúbha ag gáirí, agus gach aon liú acu ag moladh a nirt. Nuair a bhí an fáinne beirthe anonn aici agus an gnó déanta aici tháinig sí anall thar n-ais agus shuigh sí mar a raibh sí ar dtúis in aice Iúbhdáin.

Peoca ’ chuir sí draíocht éigin eile ar an gcuideachtain, nú gurb amhlaidh a tháinig athrú aigne orthu féin nuair a chonacadar a shuaraí a bhí sí ’na tuirt, pé rud a bhain dóibh d’imigh an seirithean agus an diomá de sna fearaibh agus d’imigh an t-éad de sna mnáibh.

Bhí an aimsir go suairc agus go haoibhinn acu as san amach. Bhí Feargus ag baint cainnte à hIúbhdán, dhá fhiafraí dhe cad é an saghas dlithe a bhí aige i Mágh Faithlinn agus conas a curtí na dlithe i bhfeidhm; cad é an neart sló a bhí aige agus conas a deintí gnóthaí cogaidh a mhúineadh dhóibh; cad iad na gníomhartha gaile agus gaisce a dheineadh na fir láidre a bhí aige. Ní raibh aon tseó ach an sult a gheibheadh an chuideachta in sna tuairiscibh a thugadh Iúbhdán uaidh ar na cathannaibh móra a throideadh tuatha Luchra agus Luprachán i gcoinnibh a namhad, agus ar na gníomharthaibh iúntacha a dheineadh na fir mhóra a bhí orthu. D’inis sé dhóibh i dtaobh Ghlómair mhic Glais mhic Glomraide agus conas mar a dheineadh sé an feóchadán do leagadh le haon bhuille ’ chlaíomh, rud ná féadfadh aon fhear eile ar thuathaibh Luchra agus Luprachán a leithéid a dhéanamh.

“Tá sé nách mór seacht n-órlach ar aoirde”, arsa Iúbhdán, “agus téagartha dá réir, agus é cúmtha córach fuinniúil, agus an dáréag eile is treise againn do theacht chuige is é a ndícheall é ’ threascairt”.

Ba dhó’ le duine go dtitfeadh an t-anam tur te à cuid de sna fearaibh a bhí láithreach nuair ’ airíodar an gníomh mór, an feóchadán do leagadh le haon bhuille ’ chlaíomh, agus neart uathásach an fhir a bhí suas le seacht n-órlach ar aoirde. Níor gháir Feargus in aon chor, áfach. Ghlac sé cainnt an fhir bhig chómh mór dáiríribh agus dá mba ag trácht a bheadh sé ar Ultach éigin a bheadh suas le seacht troithe ar aoirde agus ’ bhainfeadh an chos de chapall le haon bhuille ’ chlaíomh. Chonaic Iúbhdán an chuid eile ag gáirí agus gan aon gháire ag teacht à Feargus. Do labhair sé.

“Ní rómhaith an tuiscint atá ag cuid det dhaoinibhse, a Fhearguis, a bhráthair”, ar seisean.

“Cad uime go n-abrann tú an chainnt sin, a Árdrí?” arsa Feargus.

“Is cúrsaí gáirí leó fear láidir ar thuathaibh Luchra agus Luprachán a bheith suas le seacht n-órlach ar aoirde. Dá mbeadh sé suas le seacht troithibh ar aoirde ní dhéanfaidís aon gháire uime. Cá bhfios dóibh ná go bhfuil tír éigin ar uachtar na cruinne agus go bhfaighfí fear láidir ann a bheadh suas le seacht slata ar aoirde. Dá dtagadh fear ó thír den tsórd san anso go Cúig’ Uladh an dó’ leat ar chúrsaí gáirí leó é?”

“Má tá a leithéid de thír ann, a Iúbhdáin, a bhráthair”, arsa Feargus, “tá súil agam go bhfanfaid na daoine sa bhaile ann, nú má fhágaid siad an baile ná faighid siad eólas na slí anso mar a fuarais-se agus do bhaintiarna. Dá bhfaighidís measaim nách gáirí a bhainfidís à huaislibh Uladh”.

Do stad an gháirí láithreach. Tháinig náire ar na huaislibh nuair a thuigeadar an drochmhúineadh a bhí tispeánta acu d’Iúbhdán agus do Bhébó, agus chromadar ar a ndícheall a dhéanamh chun urrama agus onóra ’ thispeáint dóibh ar gach aon tsaghas cuma. Ní raibh Aodh Éigeas ann. D’fhan sé i Mágh Faithlinn i dteannta Eisirt. Ach bhí filí agus éigse agus lucht ealaíon go tiubh acu in éaghmais Aodha, agus chuireadar ar siúl iad chun spóirt agus aoibhnis agus caitheamh aimsire ’ dhéanamh d’Iúbhdán agus do Bhébó.

Foclóirín

aireachas: “care, attention”, pronounced /i’rʹɑxəs/.
anaithe: “fear, terror; awe”, or anfa in GCh. This is one of many words in Irish where an original f is pronounced as h: /ɑnihi/.
anál: “breath”, or anáil in GCh, where the historical dative has replaced the nominative. The plural here is anála, where GCh has análacha.
aos: “people; people of one profession”. Aos ceóil, “musicians”. Aos dán, “poets”.
bainim, baint: “to touch”. Rud a bhaint duit, “for something to happen to you, to come over you”.
balaithe: “smell”, or boladh in GCh. The original spelling, balaith, is adjusted here in the line with the WM pronunciation, /bɑlihi/, which appears to derive originally from the plural of the word.
baol: “danger”. Is baol go, “perhaps”. Is róbhaol go, “it is very likely that”.
bogadh: “softening”. Bogadh dhéanamh ar rud, “to soften or mitigate something; to alleviate it”.
bórd: “table”, with búird in the genitive. These would be bord and boird in the GCh.
ceartaím, ceartú: “to correct, adjust, set right”. Seómra cheartú, “to fix a room up”.
ceann-fé: “shame”, or ceann faoi in GCh. The hyphen in the original is preserved here, as this is a noun.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in the CO.
cló: “form, appearance”.
córaím, córú: “to dress, equip, arrange”, or cóirím, cóiriú in GCh.
creathán: “trembling”, pronounced /krʹi’hɑːn/.
cruinne: “universe, globe, world”. Ar uachtar na cruinne, “in the world, on the face of the earth”.
cruth: “appearance”. This word may have variable gender, as cruith is found in the dative in some of PUL’s works, where cruth is found here.
cúrsa: “course, journey, career”. Cúrsaí, in the plural: “a matter for something”. Cúrsaí gáirí leó, “a subject of mirth”.
deallramh: “appearance”, or dealramh in GCh. Pronounced /dʹaurəv/.
dealbh: “appearance, figure”, or deilbh in GCh, where the historical dative has replaced the nominative. Pronounced /dʹaləv/.
deifríocht: “difference”, or difríocht in GCh. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has a broad r, /dʹefʹə’ri:xt/ (deifearaíocht), but the original spelling here would be consisent with a pronunciation of /dʹefʹi’rʹi:xt/.
deireadh: “end”. Seómra deiridh, “a secluded room”.
dlí: “law”, with dlithe in the plural where GCh has dlíthe.
drochobair: “mischief”. Pronounced /dro-hobirʹ/.
dubh: “black”, with dúbha in the plural, pronounced /duv, duː/.
éaghmais: “absence, lack”, or éagmais in GCh. In éaghmais, “in the absence of”.
fan: “throughout, along”, with the genitive. Fan is a corruption of ar feadh an.
fios: “knowledge”. Cá bhfios doibh?, “how do they know?”, pronounced /kɑvəs doːvʹ/.
fuinniúil: “energetic”.
gach: “each, every”, with vestigial use of a genitive form here, gacha. Nua gacha bídh agus sean gacha dí, “fresh food and old drink, a real feast” (or literally, “the new of each food and the old of each drink”), a common phrase in old stories.
gáirim, gáirí: “to laugh”. Note that gáirí is a verbal noun meaning “laughing, laughter”, corresponding to gáire in GCh. This noun appears to have unstable gender, being given here as an gháirí, and found as both an gháirí and an gáirí in the original text of PUL’s novel Séadna. The authorised Foclóir do Shéadna states that gáirí is masculine; Foclóír d’Eisirt does not list this word.
garbh: “rough”, pronounced /gɑrəv/. The plural, garbha, is pronounced /gɑ’ruː/ according to the LS version of Eisirt.
gealgháire: “a pleasant smile”, pronounced /gʹalə-ɣɑːrʹi/.
gealgháiriteach: “radiant, cheeful”, or gealgháireach in GCh. Pronounced /gʹalə-ɣɑːrʹitʹəx/.
geallúint: “promise”, or gealltanas in GCh.
géaraím, géarú: “to sharpen, to render more intense/keen”.
gnúis: “face, countenance”. PUL glossed this word in Notes on Irish Words and Usages as “the face as giving expression to the mind and its passions or energies; the equivalent of the Latin vultus”.
grianach: “sunny; cheerful”.
lag: “weak”. Ba lag leó, “they would be loth to”.
láidir: “strong”, with láidre in the plural. Pronounced /lɑːdʹirʹ, lɑːdʹirʹi/.
Laighneach: “of or pertaining to Leinster”, pronounced /lainʹəx/.
leathscéal: “excuse”, or leithscéal in GCh. Pronounced /lʹa’ʃkʹial/.
loiscim, loscadh: “to burn”. Loiscithe, “burnt”, and by extension here, “tormented”.
mioscais: “spite, hatred, ill-will”.
mísciamhach: “ugly, lacking in beauty, ill-favoured in terms of looks”.
muíntearthas: “friendliness”, or muintearas in GCh.
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in GCh. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint; consequently, the GCh form is no more authoritative than the WM form.
nua: “new; something new”, pronounced /noː/.
óigbhean: “young woman”, or ógbhean in GCh. The g is slender.
pearsa: “person; features, bearing”, with pearsain in the dative.
peoca: “whether”, from pé acu, or pé’cu. Pronounced /pʹukə/. Often followed by a relative clause. Gearóid Ó Nualláin explained in his Studies in Modern Irish Part 1 the difference between ceoca and peoca (see p76). Ceoca is used with substantival clauses (ní fheadar ceoca thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh), whereas peoca is used with adverbial clauses (peoca thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh,
fanfadsa
).
scólaim, scóladh: “to scald”. Scólta, “scalded”, and by extension, “irritated, tormented”.
seirithean: “indignation, disgust; a feeling of disappointment”, or seirfean in GCh. Pronounced /ʃerʹihən/.
seó: “show, spectacle”. Níl aon tseó ach é, “it is a marvel, there is nothing like it”.
súilfhéachaint: “glance”.
te: “hot”. Traditionally spelt teith, PUL is on record in his Notes on Irish Words and Usages (p127) as insisting this word has a “most distinct” final –h in the pronunciation. However, this is likely to be apparent only before a following vowel. Pronunciation /tʹe~tʹeh/. See under anam and tur.
tiubh: “thick, rapid, plentiful”. Go tiubh, “aplenty”.
treasna: “across”, or trasna in GCh.
tuirt: “bulk, size”, or toirt in GCh. The original spelling his retained here to show the pronunciation.
tur: “dry”. Tur te, immediately. An t-anam a thitim tur te asat, “to collapse” (e.g. with laughter).
uabhar: “pride”, pronounced /uər/.
Ultach: “native of Ulster; Ultonian”, pronounced /oulhəx/.

Eisirt, caib. a 7

Caibideal a VII.

Corcán na Leitean

“Is cruaidh an cás ’na bhfuilim anois, a Bhébó”, arsa Iúbhdán.

“Dheinis dearúd mór, a rí”, ar sise. “Ní raibh aon cheart agat an ghabháil úd do chur ar Eisirt go dtí go mbeadh deimhne agat air go raibh bréag aige dhá ínsint”.

“Ní foláir dom imeacht láithreach, a Bhébó”, ar seisean. “An dtiocfairse liom nú an bhfanfair anso im dhiaidh?”

“Raghadsa leat, a rí”, arsa Bébó.

Ansan do tugadh chúthu an t-each buí agus chuaigh Iúbhdán ar an each, agus chuaigh Bébó ar chúlaibh Iúbhdáin.

Níorbh fhada go rabhadar in aice Eamhna Mhacha. Ba chómhdheas don each bhuí muir agus tír, cnuc agus gleann, áit gharbh agus áit réidh, agus ba luaithe ar an slí é ná an seabhac agus ná an fiolar. Bhíodar in aice na hEamhna i bhfad roim éirí lae. Shleamhnaíodar isteach sa chathair i ganfhios d’éinne.

“Cuardaigh an chathair, a Iúbhdáin”, arsa Bébó, “don leitin úd aduairt Eisirt, go bhféachair uirthi agus go n-imíom abhaile sara mbeidh na daoine ag éirí”.

Sa chuardach dóibh chuadar isteach i bpálás an rí. Fuaradar an coire mór, coire mór na hEamha, agus fuíollach na leitean ann a deineadh don tslua aréir roimis sin. Bhí tuairim acu go raib cuid éigin den leitin sa choire, ach ní fhéadfaidís féachaint isteach sa chorcán. Bhí sé ró-árd. Tháinig Iúbhdán in aice an chorcáin. Ní raibh ann ach mar ’ bheadh sicín circe in’ aice. Bhí sé ag gabháil tímpall ar an gcorcán agus a dhá láimh sínte in áirde, dhá gcimilt de thaobh an chorcáin, féachaint an bhfaigheadh sé aon rud go bhféadfadh sé greim a bhreith air. Ní bhfuair. Bhí taobh an chorcáin chómh sleamhain le gloine mórthímpall. Bhí sé i gcruachás agus bhí an oíche ag imeacht.

“Éirigh in áirde ar an each, a rí”, arsa Bébó, “agus b’fhéidir go mbeifá árd do dhóthain ansan chun breith ar bhéal an chorcáin”.

Chuaigh sé in áirde ar an each. Tháinig sé féin agus an t-each isteach in aice an chorcáin. Sheasaimh sé suas ar dhrom an eich agus shín sé in áirde a lámh. Bhí barraí a mhéireanna i ngiorracht cúpla órlach don fhúnsa airgid a bhí mórthímpall ar bhéal an chorcáin. Thug sé léim agus do rug sé ar an bhfúnsa lena láimh dheis. Bhain sé casadh as féin agus chuir sé an lámh chlé ar an bhfúnsa airgid. Bhailigh sé suas é féin go dtí go raibh cos leis ar fhabhra an chorcáin, ar an bhfúnsa airgid. Bhí sé ag féachaint síos sa chorcán, ach ní fhéadfadh sé an leite ’ dh’fheiscint mar bhí an doircheacht ann. Shín sé síos lámh leis féachaint an bhféadfadh sé a lámh do chur ar an leitin. Ní fhéadfadh. Bhí an leite rófhada síos. Díreach agus é ag tarrac na lámha chuige do shleamhnaigh a chos d’fhabhra an chorcáin agus thit sé isteach! Bhí oiread leitean ar thóin an chorcáin agus go ndeigh sé síos go dtí an dá oscaill inti. Ach ní raibh sí te. Ba mhaith an bhail air ná raibh. Bhí sí i ndeireadh a teas. Thug sé iarracht ar é féin a tharrac as an leitin. Is amhlaidh a chuaigh a dhá láimh síos inti leis an únthairt, agus ansan ní fhéadfadh sé lámh ná cos do chorraí in aon chor, bhí sé chómh daingean san sáite sa leitin agus bhí an leite chómh ríghin sin.

“Is fada ataoi, a fhir dhuibh!” arsa Bébó amu’. “Cad ’tá at chimeád?” ar sise.

Gruaig dhubh chasta is ea ’ bhí ar Iúbhdán, agus bhí a chroiceann chómh geal le sneachta agus a dhá ghrua chómh dearg le caor. Gruaig fhionnbhuí is ea ’ bhí ar an gcuid eile de thuaith Luchra agus Luprachán. Ní raibh gruaig dhubh ar aon duine eile ann ach ar an rí féin. Sin é cúis go ndeirtí, “a fhir dhuibh”, leis.

D’fhreagair sé Bébó as an gcorcán.

“Imighse abhaile, a Bhébó”, ar seisean. “Táimse ceangailte go daingean anso. Níl aon bhreith agam ar an áit seo ’ fhágaint go dtí go dtógaid muíntir an rítheaghlaigh as me”.

“Más mar sin atá an scéal agat, a fhir dhuibh”, arsa Bébó, “is focal baoth an focal adúraís go minic thall sa bhaile nuair adeirthá ná féadfadh neach fó ghréin cosc ná ceangal do chur ort i gcoinnibh do thoile féin”.

“Focal baoth ab ea é gan amhras, a Bhébó. Beidh cosc agus cimeád anso orm go ceann bliana, an uile lá de bhliain, agus ní bheidh aon bhreith agam ar aon radharc ’ fháil ar thuathaibh Luchra agus Luprachán go dtí go mbeidh iomláine na bliana caite. Ach imighse abhaile, a Bhébó, agus beir leat abhaile an capall san”.

“Ná habairse sin, a rí”, arsa Bébó. “Ní imeódsa uaitse go brách go bhfeicead cad ’ imeóidh ort”.

Bhí an lá tagaithe. Bhí muíntir an rítheaghlaigh ag éirí. Ba gheárr go dtáinig cuid acu chun na háite ’na raibh an coire mór. D’fhéachadar sa choire. Chonacadar an firín beag gleóite agus é istigh sa chorcán agus é ceangailte sa leitin mar a bheadh cuil ar mhéis meala. Do liúdar agus do sceartadar ar gháirí. Bhíodar ag dul ó thritheamh go tritheamh gáirí ar feadh tamaill, ag féachaint ar an gcuma ’na raibh sé agus ar an gcor a bhí air. Fé dheireadh thógadar amach as an gcorcán é agus ghlanadar an leite dhe agus do rugadar leó é ag triall ar Fheargus.

“Mo chús”, arsa Feargus, “ach ní hé sin an fear beag a bhí anso arú ’nné. Folt fionn a bhí ar an bhfear mbeag úd agus casair dhubh atá air seo. Cé hé thusa, a fhir bhig?” ar seisean, “nú cá tír as a dtánaís?”

“De thuathaibh Luchra agus Luprachán me”, arsa Iúbhdán, “agus is me is rí ar na tuathaibh sin, agus Iúbhdán m’ainm”.

“An leatsa an fear beag fionn a bhí anso arú ’nné?” arsa Feargus.

“Is liom”, arsa Iúbhdán.

“Tháinig sé siúd anso ar dtúis agus thánaís-se anso anois. Cad ’tá ag úr dtabhairt anso? Cad ’na thaobh ná fanann sibh sa bhaile? Má taoise chómh géarchúiseach leis an bhfirín eile measaim nách maith an bhail orainn sibh a bheith ag teacht anso chúinn. Tháinig an fear fionn ar dtúis ag brath na tíre seo. Thánaís-se anois chun pé drochbheart atá ar aigne agaibh do chur chun cínn. Cé hí seo?”

Bhí fearg ar Fheargus agus bhí féachaint ana-choímhtheach aige nuair a bhíodh an fhearg air. Má bhí, níor staon Iúbhdán ón bhféachaint ná ón bhfeirg. D’fhéach sé idir an dá shúil ar Fheargus agus bhí an fhéachaint chómh dána, chómh seasmhach san gur bheag ná gur staon Feargus.

“Is í mo bhean”, arsa Iúbhdán. “Is í baintiarna ar thuathaibh Luchra agus Luprachán, agus Bébó is ainm di. Ní hag brath na tíre seo ná ar tí díobhála ’ dhéanamh duitse ná dot mhuíntir a thánamair anso. An fear a tháinig anso an lá fé dheireadh Eisirt is ainm dò. Is é ollamh tuatha Luchra agus Luprachán é. Duairt sé go raibh daoine ana-mhóra anso i gCuig’ Uladh. Níor chreideamair a chainnt. Do gabhadh é mar gheall ar an gcainnt bhréagach do rá, dar linn. D’iarr sé aisce agus cáirde trí lá agus trí oíche chun go dtiocfadh sé anso agus go mbéarfadh sé leis abhaile cómhartha sofheicse a thispeánfadh dúinn go léir go nduairt sé fíor nuair aduairt sé go raibh na fir mhóra so i gCúig’ Uladh. Tháinig sé. Chonacabhair go léir é. Do rug sé leis abhaile ag triall orainn Aodh Éigeas. Chómh luath agus ’ chonacamair Aodh Éigeas bhí ’ fhios againn gur fírinne do labhair Eisirt agus gur deineadh éagóir air. Ansan do chuir Eisirt de gheasaibh ormsa teacht anso go hEamhain agus gur me céad duine ’ chífeadh an leite coímhde a déanfí anso ar maidin inniu. A d’iarraidh radhairc ’ fháil ar an leitin sin a bhíos nuair a thiteas isteach sa choire. Sin é fírinne an scéil go léir agat, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “agus”, ar seisean, “ní duartsa bréag riamh”.

“Tá go breá!” arsa Feargus. “B’fhéidir go bhfuilimíd beagán mothaolach, dar leatsa, a Árdrí bhig. Ná meas it aigne, áfach, go gcreidfimís cainnt den tsórd san. Beirtear amach an tÁrdrí beag so agus curtar i measc an gharbhtheaghlaigh é agus cimeádtar go maith é. Caithfar a dhéanamh amach cad é an gnó a thug anso é, nú cad é an t-uisce-fé-thalamh atá beartaithe ag na daoine beaga so do dhéanamh orainn”.

Do rugadh Iúbhdán amach agus do cimeádadh é i measc an gharbhtheaghlaigh, agus is é a bhí go dochraideach ann. Níor mhiste, dar leis, garbhtheaghlach a thabhairt ar an muíntir a bhí ’na thímpall. Bhíodar garbh ar gach aon tsaghas cuma; garbh ’na mbéasaibh; garbh ’na gcainnt; garbh ag ithe agus ag ól; garbh ’na gcuideachtanas. Ní raibh aon taithí riamh ag Iúbhdán ar a leithéidí agus bhí an scéal go míchothromach aige eatarthu.

Foclóirín

anso: “here”, or anseo in GCh.
arú nné: “the day before yesterday”, pronounced /ɑ’ru: nʹe:/.
aréir: “last night”, pronounced /ə’reːrʹ/ (araeir). Aréir roimis sin, “the night before”.
bailím, bailiú: “to gather”. Do bhailigh sé suas é féin, “he gathered himself, straightened himself back up”, i.e. after falling over or slipping or suffering a twist.
baintiarna: “lady, queen”, pronounced /bainʹ-tʹiərnə/. This would be bantiarna in GCh, but it seems correct to retain the slender n given in the original text here.
béal: “mouth”, but also “edge or opening of something”, as of the opening/top edge of a pot here.
beartaím, beartú: “to plan, devise”.
brách: “judgement, doomsday”. Go brách, “forever”, or in negative contexts, “never”.
braithim, brath: “to spy out, reconnoitre”.
breá: “fine”. Tá go breá, “that’s all very well”, in a sarcastic/deprecatory sense.
cá: “what? where?” Cá tír as a dtánaís?, “what country have you come from?”
caor: “berry”.
cás: “case”, but often more along the lines of “state of affairs, situation”.
casair: “head of curly hair”, a word that means “hail” (the meteorological phenomenon) in FGB.
casta: “twisted; curly, of hair”.
cimlim, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in GCh. Cimilt de rud, “to rub against something”. Pronounced /kʹimʹilʹimʹ, kʹimʹiltʹ/.
cnuc: “hill”, or cnoc in GCh.
coímhtheach: “alien; wild”, or coimhthíoch in GCh. Féachaint choímhtheach, “a wild, fierce look”. Pronounced /ki:həx/.
cómhdheas: “equally good, equally convenient; all the same”.
cruaidh: “hard”, or crua in GCh. Pronounced /kruəgʹ/.
cuardaím, cuardach: “to search”. Cuardach do rud, “to search for something”.
cuideachtanas: “social intercourse”. Garbh na gcuideachtanas, “rough/uncultured in their social habits/their style of social interaction”.
cuil: “fly” (the insect”.
cús: “conscience”, or cúis in GCh. This word was spelt chubus in the original as if there were a clearly pronounced b here, but the transcription of mo chubus in the LS edition of Eisirt was mo chús. The word was originally spelt cubhas, but PSD indicates that cubhais was the later accepted form that influenced the GCh form. More research required on the WM pronunciation of this word, especially asCFBB has cúis in the meaning of “conscience”. Foclóir d’Eisirt claims the modern Irish form of this word is cogúbhas or cogus, and PSD also has entries for cogubhas/coguas/cogús. FGB has cogús without crossreferencing to cúis. Mo chús!, “by my conscience” (see dar mo chúis! in FGB).
dearg: “red”, pronounced /dʹarəg/.
dearúd: “mistake”, or dearmad in GCh.
dochraideach: “sore at heart, worried and annoyed”, pronounced /doxəridʹəx/.
doircheacht: “darkness”, or dorchacht in GCh. Possibly pronounced /dorʹihəxt/.
fiolar: “eagle”, or iolar in GCh.
fionnbhuí: “light yellow”. Pronounced /fʹunə-viː/.
fó: “under”. This is a byform of , and the LS edition of Eisirt gives the pronunciation of neach fó ghréin as neach fé ghrén.
fúnsa: “circular band, hoop”, or fonsa in GCh.
fuíollach: “remains, remainder”, or fuílleach in GCh.
garbh: “rough”, pronounced /gɑrəv/.
garbhtheaghlach: “the common soldiers of the royal household”.
giorracht: “closeness, nearness”.
gleóite: “lovely, delightful”.
grua: “cheek”. This word is feminine in GCh, but appears to be masculine here, as is confirmed by Foclóir d’Eisirt, as the dual form a dhá ghrua does not given the feminine dative singular form gruaidh.
i ganfhios: “unbeknown, unawares”. Pronounced /ə’gɑnis/.
láithreach: “presently, without delay”, pronounced /lɑːrʹhəx/.
méar: “finger”, with méireanna in the plural, where GCh has méara.
mias: “dish, plate”, with méis in the dative.
míchothromach: “uneven, unequal; wretched, extremely uncomfortable”, or míchothrom in GCh. Pronounced /mʹi:’xorhəməx/.
mil: “honey”, with meala in the genitive.
mothaolach: “gullible”.
muir: “sea”.
neach: “a person”. Neach fó ghréin, “anyone under the sun”; in negative contexts “no one at all”.
oiread: “amount”. Bhí oiread leitean ar thóin an chorcáin agus go ndeigh sé síos go dtí an dá oscaill inti, “there was so much porridge on the bottom of the pot that he sank down into it up to his armpits”. Theoretically oiread agus should be followed by a relative clause (oiread agus a chuaigh sé síos…): Gearóid Ó Nualláin explains such constructions with oiread agus go as the product of the contamination of bhí oiread leitean ann go ndeigh sé síos by bhí oiread leitean ann agus a chuaigh se síos; see Studies in Modern Irish, Part 1, p195.
oscall: “armpit”, with the dative singular/dual oscaill. Note the nominative/dative distinction is not observed in GCh, where the word appears as ascaill.
ríghin: “slow”, but also “viscous” of liquids. Pronounced /riːnʹ/.
sceartaim, sceartadh: “to burst”, or scairtim, scairteadh in GCh. Note that PUL’s Séadna uses both sceartaim and scairtim. Scairteadh ar gháirí/ar gháiríbh, “to burst out laughing”.
seabhac: “hawk”. Pronounced /ʃauk/.
sicín: “chicken”. Generally sicín circe.
sleamhain: “smooth, slippery”, pronounced /ʃlʹaunʹ/.
sleamhnaím, sleamhnú: “to slip”. Sleamhnú de rud, “to slip against something”.
teas: “heat”. I ndeireadh a teas, “lukewarm”. GCh has teasa in the genitive, but PSD confirms that teas is a valid genitive of this word.
téim, dul: “to go”. Dul ar an each, “to get on/mount the horse”.
tí: “point, mark”. Ar tí, “on the point of, intending to”.
tír: “country”. PUL uses tíre in the genitive, but the LS edition of Eisirt transcribes tíre as tíreach in chapter 7, which form is found as a variant in PSD.
tón: “bottom”, or tóin in GCh, where the historic dative has replaced the nominative.
tritheamh: “fit (e.g., of laughter)”. Tritheamh gáirí, “a fit of laughter”.
uisce-fé-thalamh: “intrigue”, or uisce faoi thalamh in GCh. This is properly a single hyphenated noun, and not a noun phrase.
únthairt: “rolling, tossing about”, or únfairt in GCh. Pronounced /u:nhirtʹ/.

Eisirt, caib. a 6

Caibideal a VI.

Do Labhrais Fíor!”

Nuair a bhí Aodh ’na shuí ar an gcórtha agus a dhrom siar leis an bhfalla bhí sé ar a shástacht maith go leór. Bhí sé ar dheis an Árdrí, ach bhí ceataí sa scéal. Na huaisle a bhí ar dheis Aodha ní raibh aon bhreith acu ar aon radharc ’ fháil ar an Árdrí, ná ag an Árdrí ar aon radharc ’ fháil orthu san. Nuair a bhí an tÁrdrí ’na shuí ’na chathaoir ríoga, bíodh go raibh an t-árdán fén gcathaoir, ní raibh ceann an Árdrí ach chómh hárd leis an gcórtha. Bhí ceathrú chlé Aodha suas ar fad os cionn chínn an Árdrí, agus bhí glúin chlé Áodha an-fhada suas agus an-fhada amach, i dtreó ná raibh aon bhreith ag an Árdrí ar aon radharc in aon chor a dh’fháil ar a raibh den halla agus den chuideachtain ar an dtaobh eile d’Aodh. Ní raibh radharc aige ach ar na daoine a bhí ar a thaobh féin den halla agus ar na daoine a bhí ar a aghaidh anonn.

Bhí Eisirt ar a aghaidh anonn, san áit ’na raibh sé an oíche ’ dhein sé an gháire úd a chuir an fhearg ar an Árdrí, ar Iúbhdán. Bhí ana-channcar anois ar Iúbhdán mar gheall ar an bhfeirg sin, ach ní aithneódh éinne air go raibh aon channcar air. Bhí ’ fhios aige go raibh buaite ag Eisirt air, ach ní aithneódh éinne air go raibh sé ag cuímhneamh in aon chor ar Eisirt, ná ar an ngáire ’ dhein sé, ná ar an éagóir a deineadh air. Bhí aigne Iúbhdáin róríoga agus an smacht rómhaith aici uirthi féin. Níorbh fhéidir d’éinne a thabhairt fé ndeara go ngoíllfeadh nithe den tsórd san uirthi. Bhí Eisirt thall agus é ag faire go géar ar an Árdrí féachaint an dtispeánfadh sé aon phioc den channcar. Níor thispeáin. Bhí sé ag cainnt go breá séimh sultmhar, uaidh suas, le hAodh, ag cur an uile shaghas tuairiscí air i dtaobh Chúige Uladh agus i dtaobh na ndaoine móra agus i dtaobh Fhearguis mhic Léide, an tÁrdrí a bhí orthu. Bhí Aodh Éigeas ag tabhairt gach cúntais dò, ar na daoine móra agus ar a nósa agus ar a ndlithe, ar a scéalaíocht agus ar a seanchas agus ar a gcuid léinn agus eólais. Bhí teinneas i mineál Iúbhdáin ó bheith ag casadh a chínn agus ag cainnt uaidh suas, agus bhí teinneas i mineál Aodha ó bheith ag casadh a chínn a d’iarraidh cromadh síos dá ghualainn chlé chun beirthe ar fhocal an Árdrí fé mar a labhradh sé an focal.

Sa chainnt dóibh do thuig gach duine acu aon ní amháin. Do thuig Aodh, má ba bheag agus má ba shuarach le rá colann an Árdrí gur mhór agus gurbh árd í a aigne. B’é féin árdollamh Uladh, ach do thuig sé ná raibh ann ach duine gan eólas seochas Iúbhdán. Bhí ’ fhios aige gur thuig Iúbhdán an ní sin leis, ach go raibh sé ró-uasal, róríoga, chun a leogaint air gur thuig sé é. Do thuig Iúbhdán in’ aigne, pé téagar cuirp agus neart géag a bhí in sna fearaibh móra i gCúig’ Uladh, ná raibh puínn le maíomh acu a’ neart a n-aigne ná a’ méid a n-eólais ná a’ géire a n-íntleachta. Dar leis, má b’é an tAodh seo an t-árdollamh a bhí acu agus an réalt eólais a bhí acu, bhí an donas ar fad le dúire ar an gcuid eile acu, idir rí agus daoine.

Níorbh é Iúbhdán amháin go dtáinig an smaoineamh san in’ aigne dhò an uair sin. Bhí na daoine beaga go léir, mórthímpall an tseómra mhóir, idir gach dá ghreim bídh a dh’ithidís, ag féachaint anonn ar an bhfathach a bhí thall ar dheis an rí agus bhí sé daingean ’na n-aigne go léir ná raibh ann ach leathamadán. Bhí a cheann agus a cheannatha agus a bhalla beatha go léir rómhór, ró-annspianta chun puínn cruinnis aigne ’ bheith istigh ann. Do rug an smaoineamh san greim níos daingne fós ’na n-aigne nuair a chonacadar an t-ualach mór bídh a dh’ith sé. Is amhlaidh a cuireadh clár mór ar a ghlúinibh chuige agus do cuireadh an bia ar an gclár. Do cuireadh dóthain beirte chuige ar an gclár. D’oscail sé a bhéal agus chuir sé an méid sin isteach ann in éineacht. Is ar éigin ’ fhéad sé é ’ thabhairt fén’ fhiaclaibh bhí sé chómh suarach san. Bhí sé imithe siar gan tuairisc sara raibh ’ fhios aige, puínn, go raibh sé ’na bhéal. Ansan do cuireadh dóthain trír chuige, —dóthain ceathrair, —dóthain cúigir. Bhíodh an bia ite aige chómh tiubh agus a curtí chuige é. Bhí iúnadh agus scárd ar an gcuideachtain nuair a chonacadar an bia go léir ag imeacht. Níor leogadar orthu, áfach, go raibh blúire iúnadh orthu. Bhíodar ró-onóireach, róbhéasach chuige sin. Do choigleadar an iúnadh chómh maith san, le cainnt agus le sult agus le magadh eatarthu féin, nár thuig Aodh go rabhthas ag déanamh aon iúnadh dhe. Um an am ’na raibh a ndóthain bídh ite acu go léir bhí dóthain deichniúir agus daichead acu san de bhia ite ag Aodh.

Nuair a bhí an bia caite do tugadh an deoch tímpall. “Do baineadh na cínn bheaga as na dabhchaibh”, mar a baineadh an chéad oíche úd. Ansan is ea ’ bhí an obair ag an lucht friothála. Cá bhfaighfí árthach ’na bhféadfadh Aodh deoch a dh’ól as? Bheadh sé chómh maith aige bheith ag casadh le deoch a dh’ól a’ méaracán le bheith ag casadh le deoch a dh’ól as aon cheann de sna hárthaíbh a bhí acu san. Chuímhnigh Eisirt ar sheift. Ghlaeigh sé chuige ar an bhfear-tís agus thug sé cogar dò.

“Bain an ceann uachtair le buille ’ thuaigh as an mbairille mór san thall”, ar seisean, “agus déanfaidh sé an gnó”.

Do bhain. Do cuireadh an bairille agus a raibh de dhigh ann ar an dtalamh chun Aodha. B’éigean dò féin é ’ thógaint agus é ’ chur ar an gclár a bhí ar a ghlúinibh. Ní fhéadfadh an lucht friothála an bairille ’ chur in áirde ar an gclár dá bhfaighidís Éire air. Do rug Aodh air díreach mar a bhéarfadh fear ar mhórnán agus chuir sé chuige ar an gclár é. Ní rófhada go raibh sé folamh aige. Dúradh leis é ’ chur ar an dtalamh agus do líonadh arís dò é.

Bhíodar go léir “ag ól agus ag aoibhneas” ar feadh tamaill mhaith. Tháinig an t-am ’nar ceapadh go n-éireódh Iúbhdán agus go ndéanfadh sé cainnt. Níor éirigh sé. D’éirigh Eisirt agus d’iarr sé ar an Árdrí cead cainnte ’ thabhairt dò. Do thug. Ansan do labhair sé.

“An uair dhéanach a bhíomair anso i bhfochair a chéile”, ar seisean, “do labhair an tÁrdrí linn ar mhéid a chómhacht, ar neart agus ar líonmhaire a mhórshló, ar uaisleacht agus ar thréine a thaoiseach agus a ríthe féinne, agus duairt sé linn ná raibh an chómhacht san ar bith a bhéarfadh daoine ná ollmhaitheas amach as an rítheaghlach so ar éigin. Nuair ’ airíos féin an chainnt sin níor fhéadas gan gáire ’ dhéanamh. Tháinig fearg ar an Árdrí. D’fhiafraigh sé dhíom, os úr gcómhair go léir, a mhaithe agus a mhóruaisle tuatha Luchra agus Luprachán, cad fé ndeara dhom an gháire sin do dhéanamh. Duartsa, á fhreagradh, gurbh eól dom cúige de chúigibh Éireann agus go raibh fir ann go mbéarfadh aon fhear amháin acu daoine agus ollmhaitheas amach as an dteaghlach so ar éigin, in ainneóin Iúbhdáin agus seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán. Nuair ’ airigh an tÁrdrí an focal san uaim tháinig fearg mhór air agus d’órdaigh sé me ’ ghabháil agus díoltas a dhéanamh orm mar gheall ar an gcainnt aduart. D’iarras ar an Árdrí agus ar an gcuideachtain a bhí láithreach go mbogfí dhíom agus go leogfí dhom dul go dtí an áit ’na raibh na fir mhóra san agus go dtabharfainn liom anso cómhachta sofheicse a thispeánfadh gur labhras fírinne nuair aduart an chainnt. Fágaim anois fén Árdrí féin agus fúibhse, a mhaithe agus a mhóruaisle, ar labhras fírinne nú ar labhras bréag”.

“Do labhrais fíor! Do labhrais fíor!
ar siad go léir agus iad ag féachaint ar Aodh agus ag cur na súl tríd, ó gach aon pháirt den tseómra. Bhí Aodh ag féachaint anuas orthu mórthímpall agus a dhá shúil ar dianleathadh le hiúnadh nuair a chonaic sé na daoine beaga miona go léir agus iad chómh hanamúil, chómh haibidh, chómh géarchúiseach.

“Do labhras fíor, a Árdrí, agus a mhaithe mhóra”, arsa Eisirt. “Do gabhadh me gan chúis. Do deineadh éagóir orm. Do deineadh ní orm ba mheasa ná me ’ ghabháil gan chúis. Do labhras fíor agus do cuireadh bréag im leith. Is é Iúbhdán, Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán, a chuir an bhréag san im leith. Dá bhrí sin cuirimse anois de gheasaibh ar Iúbhdán dul go hEamhain mar a gcónaíonn Fergus mac Léide agus na fir mhóra, agus gurb é céad duine do chífidh ar maidin amáireach an leite coímhde atá i gcoire mór na hEamhna, i dteaghlach Fhearguis. Ní foláir duit dul ann, a Árdrí, agus beidh tú bliain in Eamhain sara dtiocfadh leat casadh thar n-ais go Mágh Faithlinn”.

Do shuigh Eisirt. Chrom na daoine a bhí in’ aice ar é ’ cheistiú i dtaobh na n-iúnaí saeil a chonaic sé i gCúig’ Uladh. Bhí sé dhá n-ínsint dóibh. Bhí gasra thall leis ag ceistiúchán ar Aodh agus bhí Aodh ag tabhairt gach tuairisce dhóibh chómh maith agus d’fhéad sé.

D’éirigh Iúbhdán agus shleamhnaigh sé amach. D’éirigh Bébó agus shleamhnaigh sí amach ’na dhiaidh.

Foclóirín

amáireach: “tomorrow”, or amárach in GCh.
anamúil: “lively”.
anonn: “over to that side”. Ar a aghaidh anonn, “facing him on the other side”. Pronounced /ə’nuːn/.
aoibhneas: “delight”, pronounced /iːvʹinʹəs/. Ag aoibhneas here seems to use aoibhneas as a verbal noun, “enjoying themselves”.
ball: “place, spot”. Ball beatha, “limb”.
beirim, breith: “to bear, take, carry; to give birth”, and numerous other meanings. Note that the r of rug is pronounced slender in some circumstances, e.g. do rug, /də rʹug/. Rud do bhreith ar do bhais leat, “to carry something in the palm of your hand”. Breith ar fhocal, “to catch a word someone is saying”. Chun beirthe ar fhocal an Árdrí: this phrase uses the genitive of the verbal noun where chun breith could have been employed instead.
bia: “food”, with bídh in the genitive, pronounced /bʹiə, bʹiːgʹ/.
bogaim, bogadh: “to move”. Bogadh de dhuine, “to release someone, let him go”.
buaim, buachtaint: “to win, gain a victory”, or buaim, buachan in GCh. In impersonal use with ar: bhí buaite ag Eisirt air, “Eisirt had beaten him”.
canncar: “canker, anger, spleen”, or cancar in GCh. The traditional double n is retained here to show the diphthong: /kauŋkər/.
ceannatha: “facial features”, or ceannaithe in GCh. Pronounced /kʹə’nɑhə/, according to PUL in NIWU 60.
ceataí: “inconvenience, awkwardness, a problem”. This appears in GCh as ciotaí, but ceataighe is the traditional spelling, and the pronunciation in WM Irish is /kʹa’ti:/.
ceathrar: “four people”, pronounced /kʹahərər/.
ceathrú: “quarter”, but also “thigh”. Pronounced /kʹar’huː/.
clár: “board; table”.
coiglim, coigilt: “to conceal, cover up”, or coiglím, coigilt in GCh. Pronounced /kogʹilʹimʹ, kogʹiltʹ/.
coímhde: “lord, king”, or coimdhe in GCh where the traditional spelling with an unlenited m and a lenited d is adhered to. Leite coímhde, “royal stirabout, stirabout for the king’s household”. FGB shows that an Coímhde is generally used referring to God. Pronounced /kiːdʹi/.
coire: “cauldron, cooking pot”, pronounced /kirʹi/.
colann: “body”, with colainn in the dative, which form is used in the nominative in GCh.
cúige: “province”, literally “a fifth part”. The dative plural would generally be cúigíbh, but the form cuígibh is given in the original and retained as a slightly older form; the LS edition of Eisirt has cúigív.
daichead: “forty”, pronounced /dɑhəd/.
daingean: “firm”, with daingne in the comparative. Pronounced /daŋʹən, daŋʹinʹi/.
deichniúr: “ten people”, pronounced /dʹenʹ’hu:r/.
donas: “bad luck, misfortune”. Bhí an donas ar fad le X orthu, “they were in a bad way in terms of X, they were dreadfully afflicted by X”.
dúire: “rigidity”, and by extension, “stupidity, thickness”.
éigean: “violence, force”. Ar éigin, “by force”. Foclóir d’Eisirt says this word is feminine, which explains the dative form, although PUL’s gospels have lucht an éigin, which show the word to be masculine.
falla: “wall”, or balla in GCh.
fé ndeár, fé ndeara: thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in GCh. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeár also has a additional meaning, “cause, reason”. Gearóid Ó Nualláin points out in his A Key to the Exercises in Studies in Modern Irish Part I, pp3-4 that in Munster Irish it is usual to say tabhairt fé ndeara for “to notice”, but fé ndeár for “cause”, but in any case fé ndeara may be found, as in chapter 6 here, in the meaning of “cause” on the analogy of feárr/fearra.
fiacal: “tooth”, with fiacla in the plural. This would be fiacail in GCh, where the historical dative is used. Pronounced /fʹiəkəl, fʹiəkələ/.
freagraim, freagairt/freagradh: “to answer, reply to”, pronounced /frʹagərimʹ, frʹagirtʹ~frʹagərə/. While the verbal noun is normally freagairt, there is an example here of freagradh being used as the verbal noun of this verb.
gasra: “band or group of people”, pronounced /gɑsərə/.
geas: “solemn injunction”, and in the plural geasa, “a magical spell”; geis in GCh where the historical dative is used. Cuirim de gheasaibh ort rud a dhéanamh, “I place a spell on you forcing you to do something”. Foclóir d’Eisirt explains that rather than being a spell as such, geas was “a kind of magical bond which it was considered impossible to violate. To break the geas meant both death and dishonour”.
goillim, goilliúint: “to injure, harm, affect adversely”, used with ar. The conditional is edited as goíllfeadh here, although goilhach is the form shown in the LS version of Eisirt. This is because IWM shows the preterite ghoíll is pronounced /ɣiːlʹ/, and a long i can be expected before verbal endings starting with a consonant. These forms are therefore pronounced /gilʹimʹ, gi’lʹuːntʹ, giːlʹhəx/.
íntleacht: “intellect, intelligence”, pronounced /i:ntlʹəxt/. The LS version of Eisirt has íntileachda, for íntleachta, but I am not convinced an epenthetic vowel is needed here, as CFBB shows none for intliúil.
leite: “porridge, gruel, stirabout”.
mineál: “neck”, or muineál in GCh. CFBB shows this word has a slender m (p 273).
mórnán: “porringer, pail; a small bowl”.
onóireach: “honourable, upright”. Onórach is also found in PUL’s works, which form is adopted in GCh.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
puínn: “much”. Sara raibh fhios aige, puínn, “before he quite knew”. Pronounced /piːŋʹ/.
réalt: “star”, pronounced /reːhl/. This is generally réiltín in WM Irish and réalta in GCh, but is used here in a metaphorical sense: réalt eólais, “guiding star, lodestar; leading light in terms of knowledge”.
seanchas: “history”, pronounced /ʃanəxəs/. PUL stated in Notes on Irish Words and Usages that stair does not mean “history”, and that the correct word is seanchas. Nevertheless, seanchas is commonly used for the storytelling, folklore mode of the recounting of history.
seift: “plan, idea”.
suarach: “paltry, insignificant”. Suarach le rá, “no big deal, nothing to speak of”.
súil: “eye”. Na súile chur trí dhuine, “to look at someone intently”.
táim, bheith: “to be”. Rabhthas here is the dependent autonomous form of the preterite, pronounced /rouhəs/.
téagar: “bulk”.
teinneas: “soreness”, or tinneas in GCh.
tíos: “housekeeping, household”. Fear-tís, “house steward”.
triúr: “three people”, with trír in the genitive here where GCh has triúir. Dóthain trír, “enough for three people”.
tua: “axe”, with tuaigh in the dative. Buille thuaigh, “axe-blow”, where de is elided between the two words.
tuairisc: “news, tidings, account”. Imithe siar gan tuairisc, of food, means, more or less, “gone and forgotten”, of food that hardly registers on your appetite.
uaidh suas: a phrase used to show that the king was having to lean upwards to talk to Aodh; what he said was delivered “from him, upwards”.

A letter by PUL on the establishment of an Irish school in Cork 1894

An Músgraigheach 1, Meitheamh, 1943

[A reprint of a letter written by PUL in 1894 and published in United Irishman in the September 1st edition of that year.]

Caisleán Ua Liatháin,
Cúnndae Chorcaí.
An ceathrú lá déag de Bhealltaine, ’94.

A Dhiarmuid Uí Mhurchú,

Nuair ’chuaigh an scéal amach go raibh scoil Ghaelainne le hoscailt i gCorcaigh do scríbh Micheál Cíosóg chúm ó Bhaile Átha Cliath agus duairt sé liom leitir a chur chútsa ag ínsint duit méid mo dhúla sa ghnó atá idir lámhaibh agat. Tá os cionn deich mblian bhfichead ó thosnaigh an dúil sin agam. Is mó lá uaigneach atá tabhartha agam sa méid sin aimsire ag féachaint ar theangain ár sínsear ag imeacht as an saol os cómhair mo shúl, agus me ag machnamh ar mhéid a thrua, agus ar mhéid a náire, agus éinne do labharfadh ’na páirt gan de dhíolaíocht aige le fáil ach magadh agus tarcaisne, agus an cheist gan chiall úd, “cad é an mhaith í?”

Faoi dheireadh thiar thall do tháinig Muiris Ó hÉalaithe agus chómhairligh sé déanamh na bhfocal d’athrú, mar dhea go ndéanfadh san saoráid ar fhoghlaim na Gaelainne .i. an focal fómhar, cuirim i gcás, d’athrú chun “fóre”. Ní raibh fear go raibh eólas ar fhocal Gaelainne aige, ó Dhonncha Dí go Tigh Mháire, nár phreab láithreach ’na shuí, agus nár scread, dá nglacfí an chómhairle sin go raibh an Ghaelainn loitithe glan. Do liús féin mar aon leó agus duart go hárd agus go dána go mb’fheárr í ’mhúchadh láithreach agus í ’chur as an saol ar fad ná an cor san do thabhairt di.

As san do ghluais an t-aighneas agus bíodh gurbh olc an chómhairle a thug Muiris uaidh is maith an earra a tháinig as. Bhíodar a lán daoine ’na gcodladh agus do dhúisigh sé iad, nú b’fhéidir gur cirte a rá, do dhúisigh an t-aighneas iad. Tá deireadh leis an magadh agus leis an dtarcaisne. Ní cloistear anois an cheist, “Cad é an mhaith í?” Na daoine a bhí ag obair le fiche bliain faoi mhímheas, tá meas agus urraim ag dul dóibh anois, agus is mithid é.

Do bhíos ag Feis na Gaelainne i mBaile Átha Cliath agus ó shin i leith tá sé buailte isteach im aigne go ndéanfaid fir óga na hÉireann an Ghaelainn do chimeád beó, agus nách baol dúinn feasta, le cúnamh Dé, an masla agus an míchlú a bheadh i ndán dúinn go deó dá n-imíodh an Ghaelainn as an saol lenár línn.

Bhíos oíche ag Connradh na Gaelainne i mBaile Átha Cliath, agus do thaithn liom go mór conas ’ rinneadar a ngnó. Ach nuair ’ thánag abhaile do buaileadh isteach im aigne go daingean gur mhór go léir an trua gan scoil Ghaelainne i gCorcaigh. Do tuigeadh dom an méid seo; nách bhfuil sé ar chumas Ultaigh ná Connachtaigh Gaelainn Múmhan do gabháil len’ ais chómh cneasta agus ’ gheóbhadh Muímhneach féin í. Tá sí i bhfad níos ceólmhaire agus níos blasta ná Gaelainn aon chúige eile, agus dar liom, tá an chuid is mó dhi chómh ceart leó. Tá cuid di, agus ní cuid bheag, níos cirte.

Is mór go léir an mhaith, dá bhrí sin, scoil fá leith do bheith i gCorcaigh, óir is i gCorcaigh is feárr a tuigfar agus a cimeádfar beó i mbéalaibh daoine, an blas Muímhneach úd atá riamh molta don Mhúmhain. Dá éaghmais sin is tuairim láidir dom nách bhfuil eólas na Gaelainne chómh scartha in aon chor le muíntir na Múmhan agus atá sé le muíntir Bhaile Átha Cliath, agus dá bhrí sin gur mó an obair a dhéanfaidh scoil i gCorcaigh ná i mBaile Átha Cliath. ’Na theannta san arís, nuair ’bheidh dá scoil ag formad le chéile is mó agus is feárr an obair a dhéanfaidh gach scoil díobh ná dhéanfadh sí ’na haonar.

Deirim gan amhras go bhfuil árdchreidiúint ag dul d’fhearaibh óga Bhaile Átha Cliath. Do thosnaíodar gan léas eólais ar an dteangain. Bhíos cúpla uair an chluig sa scoil ag éisteacht leó, agus do thánag uathu lán d’iúnadh agus d’áthas. Cheapas nách raibh sé ar chumas éinne, gan taithí ón gcliabhán uirthi, Gaelainn do labhairt chómh cruínn agus chómh ceart agus do labhradar súd í im láthair. Beartaím, má rinneadar súd mar siúd, go ndéanfaid Muíntir Chorcaí i bhfad níos feárr, mar tá ag muíntir Chorcaí eólas ó thosach nách raibh acu súd.

Is trua nár thosnaigh an obair seo fiche bliain ó shin. Ní bheadh deachú na trioblóide le fáil agus bheadh obair na haimsire againn anois in aisce. Ach is feárr déanaí ná ródhéanaí. B’fhéidir nár ghearánta dhúinn agus tionnscnú anois féin.

Ní féidir an gnó ’ dhéanamh gan costas. Tá bille púnt agam dá chur chútsa sa leitir seo mar chúnamh beag. An chéad lá ’ bheidh mé i gCorcaigh ní mór dom bualadh isteach chúibh agus eólas a chur oraibh i dtreó go n-aithneóimís a chéile.

Cuirim anso síos duit, ó tá an tslí agam, amhrán a rinn file darbh ainm Uilliam Buingeán don Rudaire Brianach .i. Sir Edward O’Brien

Hurá, a Rudaire chumasaigh Bhrianaigh!
Hurá, a Rudaire thrúpa na srianta!
Hurá, a linbh nár geineadh as fiaile,
Ach as ceartlár ríthe ’ ghníodh dlithe is rialta!

Mo ghrása an leanbh nár eascair in éineacht,
Ach d’fhás seacht dtroithe chómh tara le chéile,
Mac an mharcaigh do ghreadadh na méirligh
Ó Léim an chapaill go Mala na méithmhart.
Hurá &c.

Sin lacht luinge ’na thuile trí shliabh chúinn,
D’fhíon bhreá bhorb, gan doicheall ’na dhiaidh dúinn,
Líontar gloine agus fiche chun Liam de,
Sláinte an Rudaire chumasaigh Bhrianaigh!
Hurá, &c.

Níl searrach i gcapall ná leanbh i mnaoi beó
Ó Bhunraite go Mainistir Ínse
Nách bhfuil ag preabaigh chun balaith an fhíona,
’Gus é dá chaitheamh ag maithibh na tíre.
Hurá, &c.

D’fhíontaibh dearga, lachna, is cróna,
Píopaí beathuisce, meadracha beórach,
Bíom dhá mblaiseadh go mblaiseam go tóin iad,
’S go dtéidh an ghealach i bhfolach ’nár mbrógaibh.
Hurá, &c.

Is dó’ liom gur beag na hamhráin a bhuail umat ba dheise ná é sin. Ní fheadar cad é an guth, nú an ceól is cóir a chur leis, munab é “Ó airiú, a sheanduine, leatsa ní gheóbhadsa”, nú “The Campbells are Coming”. B’fhéidir go bhféadfá féin an púnc san do réiteach níos feárr ná ’fhéadfainnse.

Tá an leitir thuas scríofa le trí lá agus níor chuireas sa phost í mar ní raibh fios cruínn agam ar t’ionad cónaithese. Ar maidin inniu do tháinig an foláramh chúm agus fuaras ann an t-eólas a bhí uaim.

Tá an fhógairt sin go maith. Tá an chuideachta uasal. Tá súil agam go n-oibreóidh gach duine a pháirt féin go dian.

Mise le háthas mór
Do chómharsa ionúin
PEADAR UA LAOGHAIRE.

Do Dhiarmuid Ó Murchú, Uasal,
Cisteóir Chonnartha na Gaelainne
i gCathair Chorcaí.

Nótaí

This is a song that was transcribed in the June 1894 edition of Irisleabhar na Gaedhilge. PUL’s version is not exactly the same as that given in that journal. The Irisleabhar version contains a translation at http://archive.org/stream/irisleabharnag0506dubluoft#page/n43/mode/2up and the following page.

Bíom dhá mblaiseadh go mblaiseam go tóin iad: bíom and blaiseam are first-person plural imperatives, corresponding to bímís and blaisimís.

Foclóirín

ainm: “name”, pronounced /anʹimʹ/.
airiú!:arú!, “why! really! indeed!” Pronounced /i’rʹu:~e’rʹu:/.
aisce: “gift, present”. In aisce, “for nothing”, meaning in the context here “without effort or trouble”.
amhrán: “song”, pronounced /ɑvə’rɑːn/.
anois féin: “right now”.
arís: “again”. Pronounced /i’rʹi:ʃ/.
athraím, athrú: “to change, alter”, pronounced /ɑhə’riːmʹ, ɑhə’ruː/.
Baile Átha Cliath:Dublin, pronounced /blʹa: ‘klʹiəh/.
balaithe: “smell”, or boladh in GCh. The original spelling, balaith, is adjusted here in the line with the WM pronunciation, /bɑlihi/, which appears to derive originally from the plural of the word.
beag: “small”, pronounced /bʹog/. Is beag na hamhráin, “there are few songs”.
Bealltaine: “May”, or Bealtaine in GCh. The ll often found in the older script is retained here to show the diphthong, /bʹaulhinʹi/.
bean: “woman”, with mnaoi in the dative here.
beartaím, beartú: “to think, estimate”.
beathuisce: “whiskey”.
beóir: “beer”, with beórach in the genitive. Glossed in PSD as “a favourite drink of the Irish”.
bille: “bill, note”. Bille púnt, “a pound note”. Púnt is possibly genitive plural here, as a one-pound note is a note denominated in pounds. More likely, púnt is a typo for the genitive singular, púint.
blas: “taste, flavour”, but also “accent”. Blas Muímhneach, “Munster accent”.
borb: “fierce”, but also “strong” of alcoholic drink. Pronounced /borəb/.
Brianach: someone surnamed Ó Briain.
Bunraite: Bunratty, Co. Clare. This placename is properly Bun na Raite, i.e. “the end of the River Raite”. It is unclear to me if PUL has reanalysed the na as an epenthetic vowel in Bunraite.
ceartlár: “the very midst”.
chun: “towards”. The combined forms of this preposition are distinctive: chúm, chút, chuige, chúithi, chúinn, chúibh, chúthu. The Standard has chugam, chugat, chuige, chuici, chugainn, chugaibh, chucu.
cimeádaim, cimeád: “to keep”, or coimeádaim, coimeád in GCh.
cisteóir: “treasurer”.
cliabhán: “cradle”.
cneasta: “gentle; comfortable”.
Connachtach: “a native of Connacht”.
Connradh na Gaelainne: “the Gaelic League”, founded in 1893. Pronounced /kuːrə nə geːliŋʹi/. The genitive connartha is pronounced
/kunərhə/.
cor: “throw, cast; condition, situation”. An cor san do thabhairt di, “to treat it in that way, to do that to it”.
Corcaigh: Cork city. This is one of many Irish placenames where the dative form has replaced the erstwhile nominative (from corcach, “marsh, lowlying swamp”).
crón: “nut-brown, copper-coloured, tan, tawny”. The foclóirín in the 1903 edition of PUL’s Aesop a Tháinig go hÉirinn said that crón is the colour of strong tea.
cuideachta: “company, the people present”, pronounced /ki’dʹaxtə~ki’lʹaxtə/.
Note the evidence given in CFBB that whereas some Muskerry speakers used an l in the related word cuideachtanas, AÓL had a d, indicating that the best speakers kept a d here.
cumasach: “capable, powerful”.
cúnndae: “county”, or contae in GCh. Pronounced /kuːn’deː~kuːn’teː/.
cúpla: “a couple”, taking the nominative singular. Pronounced /kuːpələ/.
dán: “lot, fate”. I ndán do, “in store for”.
deachú: “tenth part”. PUL uses deichiú in his Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha, but deachú, used here, is the historically correct from.
déanaí: “lateness”. Is feárr déanaí ná ródhéanaí, “better late than never”.
déanamh: “making; form”. Déanamh na bhfocal, “the form of the words; their spelling and appearance”.
dearg: “red”, pronounced /dʹarəg/.
deinim, déanamh: “to do”. Note that PUL uses the traditional preterite rinneadar here, instead of the WM form dheineadar. Rinn is given in the third person here instead of the traditional rinne, probably because the WM form, dhein, is of one syllable. Ghníodh here is the traditionally correct form of the past habitual, which would be dheineadh in WM Irish.
Diarmuid Ó Murchú: the surname is pronounced /oː murə’xuː/. I am not sure who this person was, other than that he was involved in the Gaelic League, as shown in this letter.
díolaíocht: “payment, recompense”. De dhíolaíocht, “in return (for it)”.
dó’: “hope, expectation; source of expectation”, or dóigh in GCh. This occurred as dóich in the original, but is edited as dó’ here, in line with the pronunciation. Is dó’ liom, “I think”.
doicheall: “churlishness”, pronounced /dohəl/.
Donncha Dí: this appears to be an incorrect rendering of the Co. Down placename, Donaghadee, which is the easternmost point of the Irish mainland. The correct Irish form is Dómhnach Daoi, “Daoi’s church”. The phrase “from Donaghadee to Tigh Mháire” refers to the eastern and western extremities of Ireland. See also Tigh Mháire.
dúil: “desire”; dúil i rud (agat), “desire for something”. The genitive is given as dúla here, where GCh has dúile.
éaghmais: “absence, lack”, or éagmais in GCh. Dá éaghmais sin, “besides that, furthermore”.
earra: “article, thing”, a word that is feminine here, but masculine in GCh. The original spelling, aradh, may indicate that this word does not slenderise a preceding consonant (as in an earra). Is maith an earra a tháinig as, “what came out of it turned out to be good”.
eascraím, eascairt: “to spring, shoot up, sprout”. PSD has eascraim, eascradh/eascar; I am not sure what forms PUL would have had in his Irish as I have not found attestation other than the quotation of this poem here. Pronounced /ɑskə’riːmʹ, ɑskirtʹ/.
fá, faoi: “under”. These would normally be in WM Irish, but PUL uses the more broadly accepted form here. Faoi dheireadh thiar thall, “at long last”. See also under leath.
feis: “festival”. Feis na Gaelainne, “Irish-language festival”.
fiaile: “weeds”.
folach: “act of hiding”, pronounced /fə’lɑx/.
foláramh: “warning; notice”, or foláireamh in GCh. Pronounced /flɑ:rəv/.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/. Formad le chéile, “to rival/vie/compete with other other”.
gabhaim, gabháil: “to go, take”, with many subsidiary meanings. Rud do ghabháil let ais, “to understake something”. The conditional of this verb is aligned with that of gheibhim, fáil, i.e as gheóbhadh, in the absolute at any rate (the conditional of gheibhim, fáil becomes ní bhfaigheadh in the dependent). Ní gheóbhad is the future tense here, reflecting a similar development to the conditional. Pronounced /goumʹ, gvɑːlʹ/.
gealach: “moon”, pronounced /gʹə’lɑx/.
gearánaim, gearán: “to complain”. The verbal adjective is used in ní gearánta dhúinn, “we have no cause for complaint, we should not complain”. Pronounced /grʹɑ:nimʹ, grʹɑ:nˌ grʹɑ:ntə/.
geinim, giniúint: “to beget, give birth to”. Often used in the autonomous preterite. Geineadh is transcribed geneag in the Letiriú Shímplí editions of PUL’s works, and there may be an /e/ in this word in order to differentiate the lenited version of the work from forms of the verb deinim, déanamh.
glan: “clean”, but also an intensifier: loitithe glan, “totally ruined, spoilt, destroyed”.
greadaim, greadadh: “to strike, thump”.
guth: “voice”, but also “the register” of music or of singing voices.
hurá: “hurrah!” PSD has husá.
inniu: “today”, /i’nʹuv/. The final consonant heard in the pronunciation is left untranscribed, as it was not indicated in the historical orthography and is not indicated in the spelling adopted in GCh. The spelling aniogh was found in the works of Seathrún Céitinn. The original spelling given here was andiu.
ínsim, ínsint: “to tell”, or insím, insint in GCh.
ionad: “unit”. PUL uses the form adopted in GCh here, where his other works used inead. Ionad cónaithe, “residence, a place where someone lives; address”.
ionúin: “dear, beloved”.
iúnadh: “wonder, surprise”, ionadh. Pronounced /u:nə/.
lachna: “dull grey, dun”, glossed as “yellow” in the translation given in Irisleabhar na Gaedhilge.
lacht: if I have correctly identified this word, it means “the yield of milk”, and by extension “a large amount or load of something”. Lacht luinge, “shipload”.
le chéile: “steadily, by degrees”.
leanbh: “child”, pronounced /lʹanəv/.
léas: “glimmer, ray”. Gan léas eólais ar, “without the slightest knowledge of something”.
leath: “side”. Fá leith, “special separate”, which is generally found as fé leith in WM Irish.
Léim an chapaill: possibly Fánán Léim an Chapaill (“horseleap slip”) in Co. Kilkenny, or a minor placename elsewhere in Munster.
leitir: “letter”, pronounced /lʹetʹirʹ/. This was litir in the original, which form is adopted in GCh. In the older orthography there was a distinction between litir, “letter”, and leitir, “the side of a hill”, which have collapsed together in WM Irish.
Liam: I’m not sure who the Liam being referred to is, unless to the author of the song. In any case, Liam is indeclinable in Irish as an abbreviation of a foreign name.
línn: “period”, or linn in GCh. Note the long vowel here, /lʹi:ŋʹ/, whereas linn, “with us”, has a short vowel, /lʹiŋʹ/.
long: “ship”, with luinge in the genitive. Pronounced /lu:ŋg, liŋʹi/.
Mainistir Ínse: this is possibly Monaincha, properly Mainistir Ínse na mBeó (“monastery of the island of the living”), a monastery founded on an island near Roscrea in Co. Tipperary.
Mala: Mallow, Co. Cork, a corruption of the original Magh nAla (“plain of the rock”).
mar dhea: a phrase meaning “as if, supposedly, as it were”. Probably derived from mar bh’ea. Pronounced /mɑr ‘ja:/.
marcach: “rider, horseman”, pronounced /mər’kɑx/.
mart: “slaughtered cow; a cow fattened for its meat”.
masla: “insult, abuse”.
me: disjunctive form of the first-person pronoun, pronounced /mʹe/ (or /mʹi/ through raising of the vowel in the vicinity of a nasal cononant). Always in GCh.
meadar: “wooden pail”, with meadracha in the plural. Pronounced /mʹadər, mʹadərəxə/.
méid: “amount”. Méid frequently resists lenition in PUL’s works: sa méid sin, “that, all that, that much, etc”. An méid seo, “this much; this”.
méirleach: “robber, villain, bandit”, a word that is also found as sméirle in PUL’s Irish.
méith: “fat, juicy”. Méithmhart, “fattened beef”.
Micheál Cíosóg: properly Micheál Ó Cíosóg, or Michael Cusack (1847-1906), a native of Co. Clare born to Irish-speaking parents who founded the Gaelic Athletic Association and became involved in the Gaelic League.
míchlú: “ill-repute”.
mó: “many (a)”, adjusted from iomdha in the original text.
molaim, moladh: “to praise”. Rud atá molta don Mhúmhain, “something for which Munster is praised”.
múchaim, múchadh: “to extinguish, stifle”.
Muímhneach: “Munsterman”, pronounced /miːnʹəx/.
Muímhneach: “pertaining to Munster”, as an adjective.
Muiris Ó hÉalaithe: I haven’t been able to find out anything about this person, other than to note that Ó hÉalaithe is a surname associated with Muskerry.
Múmhain (an Mhúmhain): Munster, with
Múmhan (na Múmhan) in
the genitive. PUL uses Gaelainn Múmhan, without the article, although Gaelainn na Múmhan is also correct. These forms are pronounced /muːnʹ, ən vuːnʹ; muːn, nə muːn/.
muna:
“if not, unless”. This becomes munab before a vowel. Mara/marab and mura/murab are more generally found in PUL’s works.
nách: the negative dependent particle used with the copula, or nach in GCh, /nɑ:x/. PUL also uses nách here, with eclipsis” for the negative dependent particle used with other verbs, which is generally in WM Irish, thus writing nach b-fhuil, edited here as nách bhfuil, where ná fuil would be more natural in the dialect.
nú: “or”, or in GCh.
ó shin i leith: “from
that day till now”.
oibrím, oibriú: “to work, operate”. Pronounced /ebʹi’rʹi:mʹ, ebʹi’rʹu:/. Do pháirt a dh’oibriú, “to play your part”.
os cionn: “above”. Pronounced /ɑs kʹu:n/.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
páirt: “part”, also in the sense of taking sides with someone. Labhairt na páirt, “to speak up for it, in support of it”.
píopa: “pipe, butt”, a measure equivalent to 105 imperial gallons.
preabach: “an act of jumping, starting, bounding”, becoming ag preabaigh in the dative. This word is not found in dictionaries, and the version of the song cited here given in Irisleabhar na Gaedhilge has ag preabadh and not ag preabaigh. Assuming this word to really exist, it would be pronounced /prʹə’bɑx, ə ‘prɑbigʹ/.
púnc: “point”, or ponc in GCh.Púnc do réiteach, “to sort something out, deal with a point”.
riail: “rule”, with rialta in the plural here where GCh has rialacha. Rialta is an adjective meaning “regular” in GCh.
rudaire: “knight”, or ridire in GCh. This was also given as ridire in the original, but PUL told Osborn Bergin that /rodirʹi/ was the correct pronunciation of this word.
saoráid: “ease, facility”. Pronounced /səi’rɑːdʹ/.
scrí’m, scrí’: “to write”, or scríobhaim, scríobh in GCh. The preterite has a slender v (or a slender g) in the singular: do scríbh, /ʃkrʹi:vʹ~ʃkrʹi:gʹ/. PUL used the classical spelling sgríobh in the original. Note the past participle scríofa, where some writers have scrite.
searrach: “foal”, pronounced /ʃə’rɑx/.
sínsear: “ancestor”, or sinsear in GCh. This word was traditionally spelt sinnsear, and had a long /i:/ in WM Irish. The singular form can have collective meaning, “ancestors”.
Sir Edward O’Brien: the name of two Irish politicians. I am unsure which is the person intended here. Sir Edward O’Brien, 2nd baronet of Leaghmenagh in Co. Clare represented Co. Clare in the Irish House of Commons from 1727 until his death in 1765. His grandson by the same name was the 4th baronet, a man who died in 1837.
slí: “way”. Ó tá an tslí agam appears to mean “since I have the means to do so”, but maybe it means “since I have the opportunity/inclination/time to do so”. More research required here.
srian: “reins of a horse”, with srianta in the plural.
taithneann, taithneamh: “to be pleasing to; to shine”, taitníonn, taitneamh in GCh. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən, taŋʹhəv/. The preterite, thaitin in GCh, is edited as thaithn here, pronounced /haŋʹ/. Do thaithn liom é, “I liked it”.
tara: “vigorous”, a word given in PSD as taradh. There doesn’t seem to be an equivalent word in FGB.
tarcaisne: “scorn, contempt, insult”.
teanga: “language”, with teangain in the dative.
téim, dul: “to go”. Rud do dhul duit, “to be accorded something (e.g. respect)” or “to be due or to deserve something”; both meanings are found in the text here.
Tigh Mháire: this appears to be PUL’s incorrect rendering of Tigh Mhóire, a place on Dunmore Head, Co. Kerry. The phrase “from Donaghadee to Tigh Mháire” refers to the eastern and western extremities of Ireland. See also Donncha Dí.
tionnscnaím, tionnscnú: “to begin, initiate”, or tionscnaím, tionscnamh in GCh. Possibly pronounced /tʹuːskə’niːmʹ, tʹuːskə’nuː/.
tón: “bottom”, with tóin in the dative, which form is adopted as the nominative in GCh.
trioblóid: “trouble”, pronounced /trʹubə’lo:dʹ/.
trua: “pity”. The genitive here is edited as trua, where the original text had truaighe, which would yield the same pronunciation. Traditionally the genitive was written truaighe or truagha.
trúpa: “troop”.
tugaim, tabhairt: “to give; to spend (of time)”. The verbal adjective here is tabhartha, where GCh has tugtha.
tuigim, tuiscint: “to understand”. Do tuigeadh dom, “I realised”.
tuile: “flood”.
uaigneach: “lonely, desolate”, pronounced /uəgʹinʹəx/.
uasal: “noble”. This word seems to be used as a suffix meaning “Mr.” or “Esq.” here.
Uilliam Buingeán: the name of an Irish poet, but I have not been able to find anything out about him. The name looks like it could be William Bingham.
Ultach: “Ulsterman”, pronounced /oulhəx/.

Eisirt, caib. 5

Caibideal a V.

An tAbhac in’ Fhathach.

Bhí Eisirt agus Aodh ag cur na slí dhíobh. Thugadh Aodh fé ndeara conas mar a bhíodh Eisirt ag sodar, a d’iarraidh cimeád suas sa tsiúl. Tháinig ana-mhóráil ar Aodh mar gheall air sin. B’in rud nár thit amach riamh roimis sin dò, duine ’ bheith ag siúl lena chois agus go gcaitheadh sé bheith ag sodar a d’iarraidh cimeád suas leis. D’árdaigh sé a cheann agus shiúlaigh sé go hana-rábach, i dtreó gur dhó’ le duine gurbh fhathach é in inead é ’ bheith ’na ruathaire bheag abhaic. Do shuaitheadh sé a dhá chuislinn agus dhíríodh sé a dhrom agus do shíneadh sé a chosa, i dtreó gur dhó’ le duine air go raibh se buailte isteach in’ aigne go raibh sé chómh mór, chómh hárd, chómh calma le Feargus mac Léide féin.

Uair dá raibh Eisirt tamall maith siar uaidh d’fhéach sé thar a ghualainn siar air agus bhain sé crothadh as a cheann le mímheas.

“Ach!” ar seisean, “a rí ollamh, ní maith an cuisí thu!”

Do rith Eisirt go dtí go dtáinig sé suas leis agus go raibh sé an fhaid chéanna roimis amach.

“Eatarthu san atá an chóir, a rí ollamh”, arsa Aodh.

“Is fíor”, arsa Eisirt, “agus sin ar airíos-sa den chóir uaibhse ó thánag go Cúig’ Uladh. Dar mo bhriathar ach gur dó’ liom nár airíos an focal ‘cóir’ amach a’ béal éinne i gCúig’ Uladh gur airíos as do bhéalsa anois é. B’é úr leas aithne níos feárr do chur ar an bhfocal agus ar an ní”.

Ní deirtear sa scéal gur thug Aodh aon fhreagra ar an gcainnt sin.

Chomáineadar leó go dtánadar go Tráigh na dTréanfhear i gCúig’ Uladh.

“Cad a dhéanfaimíd anois?” arsa Aodh.

“Cad a dhéanfaimís ach comáint linn ar uachtar na farraige!” arsa Eisirt.

“Ambasa, a rí ollamh”, arsa Aodh, “má thig leatsa siúl ar uachtar an uisce ní thig liomsa é ’ dhéanamh”.

“Is mór an iúnadh é sin, a rí éigeas”, arsa Eisirt, “agus gur feárr an siúl atá agatsa ná mar atá agamsa. Ba chóir go bhféadfása an fharraige ’ ghabháil san áit ’na mbáfí mise. An t-uisce ná raghadh puínn thar glúinibh ortsa do bháfadh sé mise”.

Lena línn sin chonaic Aodh rud a chuir scannradh air. Chonaic sé ainmhí éigin ag déanamh orthu isteach tríd an bhfarraige.

“Ó!” arsa Aodh, “táimíd réidh!”

“Cad ’tá ort, a rí éigeas?” arsa Eisirt.

“Ó, féach”, arsa Aodh, “an míol miongrua! Tá sé ag déanamh orainn. Táimíd réidh! Do bhárthan ort féin, a dhrochainmhí!” ar seisean leis an ainmhí.

“Éist, a rí éigeas”, arsa Eisirt. “Ní baol dúinn. Ní míol mongrua ná míol mór ná aon drochainmhí eile é sin. Sin é each Iúbhdáin atá tagaithe anso ’nár gcoinnibh chun sinn a bhreith thar farraige go crích tuatha Luchra agus Luprachán. Níl againn ach dul ar a mhuin agus béarfaidh sé slán sinn pé stoirm ná suathadh a bheidh ar an bhfarraige”.

Is amhlaidh a bhí an capall san agus dhá shúil ghríofa, ghlana, sholasmhara, ghlórmhara, ’na cheann, agus muíng bhreá, throm, álainn, chorcra air, agus cheithre cosa uaithne faoi, agus srian óir air. Chuaigh Eisirt ar a mhuin láithreach.

“Tair anso ar mo chúlaibh, a Aodh”, arsa Eisirt.

“Ach, a rí ollamh”, arsa Aodh, “níl ach slí dhuit féin air”.

“Ná bí ag cáineadh an chapaill, a rí éigeas”, arsa Eisirt, “ach tair anso ar mo chúlaibh, agus dá mhéid meáchaint atá ’na bhfuil d’eólas agus d’eagna ionatsa chífir go mbéarfaidh sé sinn araon leis”.

Ansan do chuaigh Aodh suas ar chúlaibh Eisirt, agus do ghluais an capall leó tar thonnaibh móra na farraige, agus do shroiseadar Mágh Faithlinn gan brón gan bá. Bhí Iúbhdán agus tuatha Luchra agus Luprachán go léir cruinnithe rómpu ar Mágh Faithlinn in aonach.

“Sid é Eisirt chúinn!” ar siad go léir.

Ach nuair a chonacadar an fear mór le cois Eisirt tháinig crith chos agus lámh orthu agus ní leogfadh eagla d’éinne acu teacht in aon ghaobhar do. Ní raibh ach Iúbhdán féin go raibh sé de mhisneach aige teacht ’na dtreó agus labhairt leó.

Tháinig sé agus chuir sé fáilte roimh Eisirt agus thug sé trí póga dho.

“Míle fáilte rómhat, a rí ollamh”, ar seisean. “Ach cad chuige dhuit an fomorach so do thabhairt leat chúinn, nú an amhlaidh is maith leat go maródh sé sinn go léir?”

“Ní fomorach é seo, a Árdrí”, arsa Eisirt. “Sid é rí éigeas agus fear dána Chúig’ Uladh, agus cé gur mór ’ fhéachann sé anso níl ann ach abhac ’na dhúthaigh féin. Táid fir mhóra Chúig’ Uladh chómh mór i gcúmparáid leis sin agus ’tá sé sin i gcúmparáid linne. Nuair a bhíonn sé sin sa bhaile is ar bhasaibh na bhfear mor a beirtear ó áit go háit é. Is mór acu go léir é, mar tá léann agus eólas agus eagna agus filíocht ann thar a raibh d’éigsibh riamh in Éirinn. Ní foláir cúram maith a dhéanamh de an fhaid a bheidh sé againn anso, agus cóir mhaith a chur air, i dtreó ná beidh aon locht aige le fáil orainn nuair a raghaidh sé abhaile ag triall ar Fheargus mhac Léide agus ar uaislibh Uladh”.

“Agus cad é an ainm atá ar an bhfear mór so, —nú b’fhéidir gur ceart dom a rá, ar an bhfear mbeag so?” arsa Iúbhdán.

“Aodh Éigeas is ainm do”, arsa Eisirt. “Is é abhac an rí é, agus is mór ag Feargus é”.

Bhí an chuid eile den tslua ag faire ar an dtriúr an fhaid a bhí an chainnt sin ar siúl, agus ba mhór é a meas ar chrógacht Iúbhdáin nuair a chonacadar é, gan scáth gan eagla air, ag dul chómh cóngarach don fhear mhór agus ag cur a thuairisce ar Eisirt.

Ansan do labhair Iúbhdán le hAodh féin agus chuir sé na mílte fáilte roimis agus thug sé trí póga dho, ach b’éigean d’Aodh teacht ar a ghlúinibh agus cromadh síos chun an tailimh chun na bpóg do ghlacadh ón rí, agus nuair a bhí sé ag glacadh na bpóg do chonacthas go raibh a bhéal chómh mór le haghaidh an rí ar fad.

Nuair a chonaic an tslua é ag teacht ar a ghlúinibh agus ag cromadh chun an tailimh mheasadar gur ag úmhlú don rí a bhí sé. D’imigh an scárd díobh láithreach agus chuireadar liú suas mórthímpall Máighe Faithlinn, ag fáiltiú roimis an bhfathach a thug Eisirt abhaile leis. Do líonadar chuige isteach chun go bhfaighidís radharc maith air.

“Ó”, adeiridís le hEisirt, “cá bhfuarais an fathach mór? Conas a thugais leat é? Conas ’ fhéadais bua ’ fháil air agus é ’ thabhairt leat, agus gan é gofa ná ceangailte agat?”

Bhíodar ag dridim isteach i ndiaidh ar ndiaidh agus ag dul i ndánacht ar Aodh go dtí go rabhadar tímpall ar a chosaibh ag iniúchadh agus ag méaraíocht ar na búclaí óir a bhí ’na bhrógaibh agus ag déanamh an uile shaghas magaidh futhu. Ní raibh aon mheas in aon chor acu ag an gceárdaí a ghréas na hórnáidí.

“Ó!” adeiridís, “na cosa móra! Na cosa móra! Conas ’ fhéadann an fathach bocht siúl in aon chor leó! Agus na bróga, nách tútach an lámh a bhí ag an ngréasaí a dhein iad! Ní lámha a bhí aige ach crúba! Agus dar ndó’, ní cosa atá iontu anois ach crúba”.

“Eist”, adéarfadh duine acu, “aireóidh an fathach thu!”

“Ní aireóidh”, adéarfadh an té a labhair, “tá a cheann rófhada suas sa spéir”.

D’airíodh Aodh go maith iad ach ní leogadh sé air go n-airíodh. Níor bheag leis de shult bheith ag éisteacht leó agus ag féachaint uaidh síos orthu.

Ba gheárr go dtáinig na linbh óga tímpall a chos chómh maith le cách, agus iad ag damhas agus ag gáirí agus ag cainnt, ag déanamh suilt de gach ní dá bhfeacadar. Bhí na fir agus na mná beag go leór ach ní raibh in sna linbh ach mar a bheadh luchaidh. Ansan is ea ’ bhí Aodh i dteannta. Bhíodar bailithe isteach tímpall a dhá bhróg agus ní leogfadh scannradh dho aon chos leis a bhogadh den talamh sara satlódh sé orthu agus go maródh sé leathdosaen acu b’fhéidir. Fé dheireadh ghlaeigh sé ar Eisirt.

“Ar ghrá th’oinigh, a Eisirt, a rí ollamh”, ar seisean, “abair leó so dridim amach óm brógaibh le heagla go satlóinn orthu!”

Do labhair Eisirt leó agus dhrideadar amach. Ansan is ea ’ tháinig an alltacht ar fad orthu nuair a chonacadar an fathach ag siúl.

“Aililiú!” ar siad, “conas ’ fhéadann sé na cosa móra san do thógaint chómh hárd!”

Ansan bhíodh cuid dá scoláiríbh ag teacht ’na dhiaidh ag breithniú ar rian a chos agus dhá thómhas le sraíng, agus is mó argóint léannta a bhíodh eatarthu dá bhárr, cuid acu dhá dhéanamh amach gur chosa daonna a bhí aige agus tuilleadh acu dhá dhéanamh amach nárbh ea, ach cosa draíochta.

Chuir Iúbhdán fógra amach dhá rá nárbh fholáir féasta mór a dhéanamh in onóir d’Aodh Éigeas, do rí ollamh Uladh. Gur mhaith leis féin síth agus dea-mhéinn agus caradas a cheangal idir é féin agus Feargus mac Léide, Árdrí Uladh, agus go ndéanfí an ní sin mar ba chuí agus mar ba chóir nuair a tabharfí urraim agus friothálamh ríoga don uasal Ultach so a thárla ar a measc. Do freagradh an fógra go hollamh agus go fonnmhar. Do ceapadh lá an fhéasta. Do hollmhaíodh an bia agus an deoch. Tháinig na huaisle go léir chómh luath agus ’ fuaradar cuireadh. Tháinig seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán féna ríthibh féinne agus féna dtaoiseachaibh airm, díreach mar a thánadar an chéad lá úd nuair a dhein Iúbhdán an chainnt úd a bhain an gháire
a hEisirt.

Bhí Glómar mac Glais mic Glomraide ann, tréanfhear Iúbhdáin, an fear a leagadh an feóchadán le haon bhuille ’ chlaíomh agus go raibh feidhm an dáréag ’na threascairt. Chonaic sé Aodh.

“Dar lámh m’athar”, ar seisean, “ach tá deireadh le leagadh na bhfeóchadán! Ní feicfar mise ag leagadh feóchadáin arís le haon bhuille ’ chlaíomh. Níl ionainn ach meathlóirí seochas an fear san!”

“Ach, a Ghlómair”, arsa Eisirt, “abhac is ea an fear san seochas na fir mhóra atá ’na dhiaidh sa bhaile. In uchtaibh na bhfear mór is ea ’ bhíonn sé, mar a bheadh leanbh. Bhéarfadh fear acu súd Aodh ar bhais leis díreach mar a bhéarfadh Aodh thusa ar a bhais leis”.

Níor labhair Glómar a thuilleadh.

Do cuireadh rítheach Iúbhdáin i gcóir chun an fhéasta agus do cuireadh an chuideachta ’na suí de réir a n-úird, agus do cuireadh Aodh ar dheis Iúbhdáin. Sarar chuaigh Aodh isteach sa rítheach, áfach, b’éigin doras mór d’oscailt i gceann an tí dho, mar, pé cor a thabharfadh sé dho féin ní fhéadfadh sé dul isteach doras an tí. Nuair a bhí sé istigh bhí an scéal maith go leór aige mar bhí an tigh an-árd agus d’fhéad sé seasamh díreach gan a cheann do chur amach trí bhuaic an tí. Ach conas a curfí ’na shuí é? B’in í an cheist. Cá bhfaighfí cathaoir a bheadh mór a dhóthain? Bhí gach éinne ag cuímhneamh agus gach éinne ag cuardach féachaint cá bhfaighfí an chathaoir. Fé dheireadh duairt an bhannrín, Bébó, lena seirbhíseachaibh imeacht agus córtha mór a bhí aici ’na seómra féin do thabhairt leó. Do tugadh isteach an córtha. Bhí sé mór. Bhí sé troigh ar leithead agus troigh ar faid agus naoi n-órlach ar aoirde. Do socraíodh é ar dheis an rí agus do shuigh Aodh air agus bhí sé ar a shástacht.

Foclóirín

ainmhí: “animal”, pronounced /anʹi’vʹi:/.
aonach: normally “fair”, but Foclóir d’Eisirt shows cruinnithe in aonach means “gathered to hold an assembly”.
argóint: “argument”, pronounced /ɑrə’goːntʹ/.
bárthan: “injury, accident”, or bárthainn in GCh. The form bárthan is masculine, in distinction to the GCh form, which is feminine. Do bhárthan ort féin!, “may the injury you intend to do us fall upon yourself instead!”
breithním, breithniú: “to consider, examine”, breathnaím, breathnú in GCh. Pronounced /brʹenʹ’hi:mʹ, brʹenʹ’hu:/. However, IWM has breathnaigh; both forms are likely to have co-existed in WM.
buac: “top, roof”, or buaic in GCh. This is masculine in PUL’s Irish, although buaic, feminine, was the form preferred by PSD.
búcla: “buckle” e.g., on a shoe. Possibly with an epenthetic vowel, although none is shown in the LS edition of Eisirt.
cáinim, cáineadh: “to disparage, belittle”.
caradas: “friendship”, or cairdeas in GCh.
ceann: “head”. I gceann an tí, “at the end of the house/building”.
ceárdaí: “craftsman”.
cóir: “justice”. Eatarthu san atá an chóir, “the golden mean/the right thing lies between those two extremes”. I gcóir, “ready, properly equipped”.
cor: “throw, cast; condition, situation”. Pé cor a thabharfadh sé dho féin, “however he looked at it; no matter what he did”, literally “whatever turn he gave himself”.
córtha: “coffer, large chest”, or cófra in GCh. The original spelling is retained here, showing the correct pronounciation, /koːrhə/.
crích: “end, fate; territory, region”, or críoch in GCh, where the historically correct nominative is used.
crith: “trembling”. Crith chos agus lámh, “trembling in all the limbs”, a phrase always given so with lenition on the word cos.
crúb: “hoof”.
cuí: “fitting, proper”. Often combined with cóir, mar ba chuí agus mar ba chóir, “as would be fitting and right”.
cuireadh: “an invitation”, pronounced /kirʹi/.
cuisí: “walker; traveller on foot”, or coisí in GCh. The original spelling here is cuisidhe and the LS edition of Eisirt has cuishí, which seems to show a pronunciation of /ki’ʃiː/, but I would still like to check whether /ko’ʃiː/ is not possible.
cuisle: “vein”, but also “arm, forearm”, with cuislinn in the dative. Pronounced /kuʃlʹi, kuʃlʹiŋʹ/.
cúl: “back of the head”. Ar mo chúlaibh, “behind me”.
cúmparáid: “comparison”, or comparáid in GCh.
damhas: “to dance”, or damhsa in GCh. Dinneen notes that this word is used in Munster to refer to the gambolling or dancing of animals, and says that of humans, rínce is used. However, the word is used of the dancing or skipping around of young children here. Pronounced /daus/.
dea-mhéinn: “goodwill”, or dea-mhéin in GCh. Pronounced /dʹa-vʹe:ŋʹ/.
deinim, déanamh: “to do, make”, or déanaim, déanam in GCh. Déanamh amach, “to hold or claim (in an argument)”.
dridim, dridim: “to get close to, approach, move near”, but often more generally simply “to move”; druidim, druidim in GCh. Dridim amach, “to move away”. Dridim isteach, “to move in closer”.
drom: “back”, or droim in GCh. PUL uses drom (in the nominative and dative) for the actual back of a person or an animal, but druím for more derived usages (druím lámha, “the back of a hand” etc). Pronounced /droum/.
each: “horse, steed”. Pronounced /ɑx/.
eagna: “wisdom”, pronounced /ɑgənə/.
éistim, éisteacht: “to listen; keep silent, hold your tongue”. Note that éist is normally /e:ʃtʹ/, but a byform eist /eʃtʹ/ may also be heard in the phrase eist do bhéal, “hold your tongue”, or as an imperative meaning “hush”.
fé: “under”, or faoi in GCh. Faoi is also found in one passage here.
foláir: “excessive, superfluous”. Ní foláir dom, “I must”. Pronounced /flɑ:rʹ/.
fomorach: “giant”, or fomhórach in GCh. Note that this word properly means “Fomorian”, a mythical race that once conquered Ireland. This word is transcribed in the LS edition of Eisirt as fomarach, whereas fomoraigh was transcribed in the LS edition of Aesop a Tháinig go hÉirinn as fôuruig. PUL consistently writes this word without a lenited m.
fonnmhar: “willing, desirous”. Go fonnmhar, “gladly”. Pronounced /funəvər/.
gabhaim, gabháil: “to go” with many subsidiary meanings. An fharraige ghabháil, “to cross the sea”; see gabháil an t-áth, an abha, in PSD p 503. The past participle is edited as gofa here (“seized, captured”), where the original had gabhtha and GCh has gafa.
gréasaí: “shoemaker, cobbler”. See under gréasaim.
gréasaim, gréasadh: “to decorate, ornament, embroider”, or gréasaím, gréasú in GCh. This word is not given in PSD, but PSD’s entry under gréasaidhe shows that that word, which means “shoemaker, cobbler”, originally meant “embroiderer”.
gríofa: “griffin-like; ferocious”.
guala: “shoulder”, with gualainn in the dative, which form is used for the nominative in GCh.
leathdosaen: “half a dozen”, pronounced /’lʹah-tə’se:n/.
leithead: “width”. Ar leithead, “in width”.
líonaim, líonadh: “to fill”. Do líonadar chuige isteach, “they crowded in around him”.
luch: “mouse”, with the plural luchaidh, where GCh has lucha. Pronounced /lux, luxigʹ/.
meáchaint: “weight”, or meáchan in GCh. Dá mhéid meáchaint atá ’na bhfuil d’eólas agus d’eagna ionatsa, “however deep your knowledge and wisdom”.
méaraíocht: “act of fingering, toying or fiddling with something”, followed by ar.
meathlóir: “weakling, blighted creature”, pronounced /mʹahə’loːrʹ/.
mímheas: “disrespect; disdainful regard”.
míol: “animal, creature”. Míol mór, “whale”, written as one word in the original.
mongrua: “russet-maned”, where mong is the original nominative of a word meaning “mane”, found in GCh as moing and here as muíng. This word would probably be moingrua in GCh. Míol mongrua, “hare”, a translation that agrees with the text in Silva Gadelica. See also PSD under mong-. Pronounced /mouŋg̩̩̩-ruə/.
móráil: “pride, vanity”, pronounced /muə’rɑ:lʹ/.
muíng: “horse’s mane”. Pronounced /miːŋgʹ/.
oineach: “good name, reputation.” Ar ghrá th’oinigh, “for the sake of your honour.” Listed in Ó Dónaill’s dictionary under both eineach and oineach.
ollamh: “readily”, or ullamh in GCh. Go hollamh, “readily”, as with a degree of enthusiasm.
órd: “order, rank, dignity”, with úird in the plural. These would be ord and oird in GhC, but the pronunciation is /oːrd, uːrdʹ/. De réir a n-úird, “by rank, according to their ranks”.
órlach: “inch”. The plural used with numerals is generally órla (cf. sé hórla in PUL’s novel Niamh), but we have naoi n-órlach here, using the singular.
pé: “whichever, whatever”.
rábach: “bold, dashing”. Siúl go rábach, “to walk vigorously”.
réidh: “smooth, even, even-tempered”, but also “done for”. Pronounced /re:gʹ/.
ruathaire: “rover, gadabout”, explained in Foclóir d’Eisirt as originally meaning “a small, loose stone on the road, and hence a small person always running about”.
satlaím, satailt: “to tread”. This word occurs as satlann in the present tense in PUL’s Aesop a Tháinig go hÉirinn, but is generally used,
as here with satlódh in the conditional, in the second conjugation. Pronounced /sɑtə’liːmʹ, sɑtihlʹ/.
scárd: “a terrified look”. Both scárd (masculine) and scáird (feminine) are found in PUL’s works.
scoláire: “scholar, pupil”, pronounced /sklɑ:rʹhi/. AÓL is on record as confirming the h in the pronunciation of this word, which is sometimes written scoláirthe.
seirbhíseach: “servant”, pronounced /ʃerʹi’vʹiːʃəx/.
seochas: “besides, in comparison with”, or seachas. Spelt seachas in the original, but pronounced /ʃoxəs/.
seómra: “room”, pronounced /ʃoːmərə/. I need to confirm this, as IWM and the LS editions of Séadna and Eisirt do not show an epenthetic vowel, whereas the LS edition of An Choróinn Mhuire does.
síth: “peace”.
slua: “crowd”. This word is feminine in PUL’s Irish, but masculine in GCh.
sranng: “string, cord”, or srang in GCh. The dative is edited here is sraíng. Pronounced /srɑuŋg, sri:ŋgʹ/.
srian: “reins of a horse”.
sroisim, sroisiúint: “to reach”, or sroichim, sroicheadh in GCh. This was spelt with -ch in the original, but IWM and CFBB confirm the WM pronunciation is /sroʃimʹ, sro’ʃu:ntʹ/.
stoirm: “storm”, pronounced /storʹimʹ/.
suaithim, suathadh: “to shake, toss about”, or suaithim, suaitheadh in GCh.
tagaim, teacht: “to come”. Impersonally with le, “to be able”, an idiom in which tagann frequently occurs in the form thig: má thig leatsa siúl ar uachtar an uisce ní thig liomsa é ’ dhéanamh, “if you are able to walk on the surface of the water, I can’t”. The imperative, given as tar in the original, which is the form adopted in GCh, is edited here as tair, in line with the general WM pronunciation.
teannta: “prop, support”, but also “a fix, a difficult situation”. Bhí Aodh i dteannta, “Aodh was in an awkward situation”.
tómhaisim, tómhas: “to measure, estimate”. Pronounced /toːʃimʹ, toːs/.
tonn: “wave”, with tonnaibh in the dative plural, given as tonntachaibh in PUL’s An Cleasaidhe. Pronounced /tuːn, tunivʹ, tuːntəxivʹ/.
tútach: “clumsy; crude, botched”.
uachtar: “top, surface”.
uaithne: “green”, or uaine in GCh, pronounced /uənʹhi/. Uaithne, in contrast to glas, refers to artificial green shades.
ucht: “bosom; lap”.

Placenames

Mágh Faithlinn: pronounced /mɑː falʹhiŋʹ/ according to the transcription in LS. I haven’t been able to identify this placename. The genitive is given here as Máighe Faithlinn, which is pronounced the same.
Tráigh na dTréanfhear: apparently a place in Ulster. The Giant’s Causeway on the northern shores of Co. Antrim was known in Irish as Tóchar na dTréanfhear and Tráigh na dTréanfhear may be a variant of this.

The vocative particle: pronunciation

I want to make some quick notes on the vocative particle here after seeing some inaccurate information on the Internet about it, particularly on the BiteSize Irish Gaelic website.

The particle is a, which lenites the following word.

* If the name begins with a vowel, the pronunciation is zero. A Eóin! is just /oːnʹ/. Nothing of the vocative particle is heard, as it is fully elided in the following vowel. BiteSize Irish says the following:

Áine (AWN-yeh) becomes a Áine (uh AWN-yeh)

Eoin (OH-in) becomes a Eoin (uh OH-in)

Aodán (AY-dahn) becomes a Aodáin (uh AY-dah-in)

These are unfortunately all incorrect. A Áine is just /ɑːnʹi/; a Eóin is just /oːnʹ/; and a Aodáin is just /eː’dɑːnʹ/.

* If the name begins with a broad consonant, the pronunciation is a neutral vowel, /ə/. BiteSize Irish correctly states:

Máire (MOY-ruh) becomes a Mháire (uh WOY-ruh)

Sorcha (SUR-uh-khuh) becomes a Shorcha (uh HUR-uh-khuh)

However, the vocative particle is brief to non-existent, and the lenition suffices to show the existence of the particle. A Mháire is /ə vɑːrʹi/ or just /vɑːrʹi/ in fluent speech. A Shorcha is /ə horəxə/ or just /horəxə/ in fluent speech.

* If the name begins with a slender consonant, the pronunciation is an i-coloured neutral vowel, /i/. BiteSize Irish states:

Seán (shawn) becomes a Sheáin (uh HYAN)

Séamas (SHAY-muss) becomes a Shéamais (uh HAY-mish)

But to be more accurate, a Sheáin is /i xʹaːnʹ/ and a Bhriain is /i vrʹiənʹ/, and here too the vocative particle can be ‘overdone’: in fluent speech the particle would often be barely audible. These would be more likely to be heard as /xʹaːnʹ/ and /vrʹiənʹ/. A Shéamais is a special case, because it seems slender s is lenited to /xʹ/ in some cases, especially before back vowels, and to /h/ in other cases, and /h/ doesn’t have a broad-slender constrast, and the transcription here should maybe be /ə hiamiʃ/, with /hiamiʃ/ being the realisation.

The important thing is the lenition, not the particle itself, which is often only theoretically there. Otherwise learners of Irish will be speaking stilted Irish, just as stilted as learners of English who were taught to say thee cat sat on thee mat, with the word the pronounced as thee wherever it is found.

Eisirt caib. 4

Caibideal a IV.

An Cáirde Caite.

Shocraigh Eisirt é féin ’na shuí ar an gcíste agus bhain sé deoch maith as an méaracán. Ghlan sé a bhéal agus do leog sé siar a cheann agus dhún sé a shúile. Ba dhó’ le duine go scoiltfeadh ar an gcuideachtain ag féachaint air, mar do dhein sé an méid sin ar chuma ’nar dó’ le duine go raibh sé troithe ar aoirde ann in inead é ’ bheith fé bhun leathtroigh. Ansan do dhein sé crónán beag ar feadh tamaill, fé mar a bheadh sé ag cruinniú a mheabhrach cínn. Ansan do thosnaigh sé ar an ndán.

Bhí an chuideachta ag éisteacht leis. Bhí an dán go breá ceólmhar. Bhí an chainnt go cruínn agus go gunta agus go cóngarach. Ba gheárr go raibh an uile dhuine den chuideachtain chómh ciúin agus dá mbeidís gan anam gan anál, ag éisteacht le rith na bhfocal, agus le haoibhneas an ghutha, agus le brí na cainnte. Do mheas Feargus nár moladh rí in Éirinn riamh roimis sin mar a mhol Eisirt rí tuatha Luchra agus Luprachán an uair sin. Bhí eagla ag teacht ar Aodh Éigeas go mbeadh éad ar Fheargus toisc gan Aodh a bheith ábalta ar é féin do mholadh fé mar a mhol Eisirt Iúbhdán. Ach nuair a thosnaigh Eisirt ar ghníomharthaibh gaile agus gaisce Iúbhdáin do mholadh, agus gníomhartha a laochra a bhí féna smacht, agus ar an léirscrios a dheinidís ar namhaid i gcogadh agus i gcruachómhrac do mholadh, ar chuma ’nar dhó’ le duine gurbh fhathaigh mhóra iad go léir, is amhlaidh a bhí Feargus agus an chuideachta go léir i riocht dul i laige le neart suilt agus gáirí. Nuair a bhíodh Eisirt dhá ínsint sa dán conas mar a deintí na cathanna móra do throid, do léimeadh sé ’na sheasamh agus shiúladh sé anonn ’s anall ar an mbórd, agus faor ar a ghuth agus tine chreasa ag teacht as a shúilibh, fé mar a bheadh sé i lár catha éigin agus namhaid chróga aige dá leagadh in aghaidh gach focail dá labhradh sé. Tríd an sult go leir dóibh ní maith a bhíodh ’ fhios ag an gcuideachtain ceoca ba cheart dóibh sult a dhéanamh de nú eagla ’ bheith acu roimis nuair a chídís an rabharta feirg’ sin ag teacht air, agus an fuinneamh ag teacht ’na chainnt agus an spréacharnach ag teacht as a shúilibh.

Chríochnaigh sé an dán, agus má dhein do chrom an chuideachta go léir ar an uile shaghas seóide uaisle do bhronnadh air. Bhí fáinní óir agus clocha lómhara agus órnáidí ríoga acu dá gcur ar an mbórd in’ aice go dtí go raibh cruach acu ann a bhí seacht n-uaire níos aoirde ná Eisirt féin. Chuir Feargus ar an mbórd a chion féin den chruaich.

D’fhéach Eisirt ar an gcruaich agus d’fhéach sé ’na thímpall ar an gcuideachtain.

“A dhaoine móra”, ar seisean, “is gníomh dea-dhaoine an gníomh san atá déanta agaibh. Ach bíodh gurb ea níl aon ghnó agamsa den saibhreas so. Ní dhéanfadh sé aon bhlúire tairbhe dhom. Níl aon duine ageam thiarnasa gan a dhóthain mór saibhris agus ollmhaithis aige féin. Níl easnamh ar bith ar aon duine sa tír as a dtánagsa. Dá bhrí sin glacaidh an saibhreas so chúibh arís agus mo bhaochas-sa mar aon leis, go hiomlán”.

“Dar ár mbriathar”, ar siad, “dá dtugaimís duit a bhfuil ’en tsaol againn ní ghlacfaimís aon phioc de thar n-ais uait, agus ní lú ná mar a ghlacfaimíd aon phioc den tsaibhreas so thar n-ais uait”.

“Ós mar sin atá an scéal”, arsa Eisirt, “caithfeadsa féin an saibhreas so do roinnt”. Ansan d’fhéach sé ar Aodh Éigeas agus ar éigsibh Uladh a bhí sa chuideachtain. “A ollúna agus a éigse Uladh”, ar seisean, “deinidh trí treana den saibhreas so. Cimeádaidh dhá dtrian de agaibh féin agus tugaidh an trian eile d’eachlachaibh agus d’oblóraibh Uladh”; ’sé sin, do bhuachaillíbh capall agus do lucht spóirt a dhéanamh.

Bhí Eisirt in Eamhain ar an gcuma san ar feadh trí lá agus trí oíche agus níor mhothaigh Feargus ná an chuideachta go raibh sé leath na haimsire sin acu.

“A mhaithe agus a mhóruaisle Uladh”, arsa Eisirt, “tá mo thréimhse caite agamsa anso in úr gcuideachtain agus ní foláir dom bheith ag gluaiseacht thar n-ais feasta chun mo thíre féin”.

“A rí ollamh”, arsa Feargus, “tá sé róluath agat imeacht uainn fós. Beidh a leithéid sin d’uaigneas orainn id dhiaidh gur baol go ndéarfaimíd gur trua mar a tháinís chúinn in aon chor. Ach má abraimíd san is baol go mbréagnóimíd sinn féin láithreach ’na dhiaidh mar go ndéarfaimíd linn féin ná raibh trí lá agus trí oíche riamh againn chómh sulthmhar leis an dtrí lá agus trí oíche seo atá caite againn ó tháinís-se chúinn. B’fhéidir, a rí ollamh, go bhféadfá fanúint againn tamall beag eile”.

“Is trua ná fuil ar mo chumas san do dhéanamh, a rí”, arsa Eisirt. “Níl agam ó Iúbhdán ach cáirde agus trí oíche chun cómhartha sofheicse ’ thabhairt dò san agus do thuathaibh Luchra agus Luprachán gurbh fhíor dom an chainnt aduart. Tá an cáirde caite agus ní foláir dom filleadh”.

“Ar mhiste leat mise ’ dhul leat ar chuaird go tuathaibh Luchra agus Luprachán, a rí ollamh?” arsa Aodh Éigeas.

Sin é díreach an rud a theastaigh ó Eisirt, ach níor leog sé air gurbh é. Seo mar a thug sé freagra ar Aodh.

“Is amhlaidh mar atá an scéal, a Aoidh”, ar seisean, “ní déarfadsa leat teacht ná gan teacht, ach más maith leat féin teacht beidh míle fáilte rómhat”.

“Cad é an chúis, a Eisirt, a rí ollamh”, arsa Feargus, “ná déarfá leis teacht ná gan teacht? Má tá míle fáilte roimis nár chóir go n-iarrfá air dul leat?”

“Dá n-iarrainn air teacht liom, a rí”, arsa Eisirt, “agus ansan dá mba ná taithnfeadh leis an chóir a curfí air b’fhéidir go mbeadh sé diomách. Ach má thagann sé uaidh féin, agus míle fáilte ’ bheith roimis, beidh sé baoch nuair a dhéanfam ár ndícheall dò”.

“Dar so ’s súd”, arsa Feargus, “is tu an firín is géarchúisí dár bhuail riamh umam! Ní hé mo thuairim go mbeidh aon chúis ghearáin ar a chóir ag Aodh má théann sé leat”.

Ansan d’fhág Eisirt slán ag Feargus agus ag uaislibh Uladh agus do ghluais sé féin agus Aodh Éigeas le cois a chéile fé dhéin tuatha Luchra agus Luprachán.

Gan amhras ba neamhchoitianta an bheirt iad ag gluaiseacht, duine acu níos lú ná leathtroigh ar aoirde agus an duine eile breis agus dhá throigh ar aoirde. Is ar éigin a bhí ceann Eisirt chómh hárd le glúin Aodha. Nuair a bhíodh Aodh ag siúl chaitheadh Eisirt bheith ag sodar, agus leis an sodar féin ní fhéadadh sé cimeád suas le hAodh. Bhíodh sé tamall siar go minic, agus ansan chaitheadh sé rith go géar ar feadh tamaill eile, chun teacht suas.

Nóta

Leis an dtrí lá: note the singular article, as the three days are viewed as a single time period.

Foclóirín

ann: “in him”. Go raibh sé troithe ar aoirde ann, “that he was six foot in height”, literally “there was six foot in height in him”.
baochas: “thanks”, buíochas, pronounced /be:xəs/ in WM Irish.
bréagnaím, bréagnú: “to contradict, refute”. Tu féin a bhréagnú, “to contradict yourself, make a liar of yourself”.
cáirde: “respite, delay”. Cáirde trí lá agus trí oíche, “leave of absence for three days”.
ceoca: “which? which of them?” From cé acu or cé’cu. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.
chun: “towards”. The combined forms of this preposition are distinctive: chúm, chút, chuige, chúithi, chúinn, chúibh, chúthu. The Standard has chugam, chugat, chuige, chuici, chugainn, chugaibh, chucu.
cimeádaim, cimeád: “to keep”. This word and all cognates (chimeádaidís, etc) have a broad c in the classical spelling and in the CO, but a slender c (as applicable) in WM Irish: /kʹi’mʹa:d/, /xʹi’mʹa:didʹi:ʃ/, etc; PUL used the classical spelling in the original here. Also note that the the CO distinction between coimeád, “keep”, and coimhéad, “watch over”, does not obtain in WM Irish: coimhéad is an Ulster word.
cóir: “proper provision, treatment”. Cóir do chur ar dhuine, “to give someone treatment”, generally referring to how (or how well) guests are provided for.
cois: “besides”, by derivation the dative of cos. Le cois a chéile, “together, side by side”.
cóngarach: “near”, but also “concise”, of speech.
crónán: “humming, purring”.
cruach: “heap, stack”, with cruaich in the dative.
cuaird: “visit, trip, circuit”, or cuairt in the CO. Ar chuaird, “on a visit”.
cuirim, cur: “to put”. The conditional and past habitual autonomous forms are curfí and curtí, as the endings are slender in WM Irish (cuirfí and cuirtí are the more usual forms).
eachlach: “groom; a boy who looks after horses”. Shown without an epenthetic vowel in the LS version of Eisirt, but probably pronounced /ɑxələx/.
dar so ’s súd: “I swear; as God be my witness, etc”; literally “by this and that”.
déin: found in the phrase fé dhéin, “towards, to meet, in aid of”.
deirim, rá: “to say, tell”. The idiom is rud do rá le duine, and so déarfainn díbhse an dán means “I will recite the poem for you”. is pronounced with a slender r in the combinations ag rá and á rá, as shown in the LS edition of Eisirt. The traditionally correct absolute/dependent contrast is not normally maintained in PUL’s Irish (other than in the past subjunctive after : dá n-abrainnse, etc), but má abraimíd gives the dependent form. Compared má deir Brian in PUL’s novel Niamh.
diomách: “dejected”, spelt díombádhach in the original, but the length of the first vowel has been edited here to show the WM pronunciation (cf. diomá in CFBB).
dóthain: “enough, sufficiency”. A dhóthain mór, “more than enough for him”.
fanaim, fanúint: “to wait, stay”, or fanaim, fanacht in the CO.
faor: “sharp edge”, pronounced /fe:r/, or faobhar in GCh. Faobhar was also found in the original here, but as the genitive is pronounced /fiːrʹ/ in WM Irish, it makes sense to use faor as the baseform of this word.
fathach: “giant”.
gaisce: “heroism, exploits”.
gal: “valour”, with gaile in the genitive. The nominative is listed as gail in Foclóir d’Eisirt, and so it may be that PUL splits the word found in GCh into gal, meaning “vapour”, which is found as a masculine word in PUL’s novel Séadna, and gail, meaning “valour”, but more evidence of this is sought.
gearán: “complaint, complaining”. Cúis ghearáin ar rud, “cause for complaint about something. Pronounced /grʹɑ:n/.
inead: “unit, place”, or ionad in GCh. In inead, “instead of”. Pronounced /inʹəd/.
iomlán: “full, whole, entire”, pronounced /umə’lɑ:n/. Go hiomlán, “completely”.
laochra: “warriors”, a collective word that is grammatically singular, but plural in meaning and used as the plural of laoch.
lómhar: “precious, brilliant (of gems)”.
meabhair: “mind”. Do mheabhair chínn do chruinniú, “to gather your thoughts”.
neamhchoitianta: “extraordinary”.
oblór: “jester”. This is glossed as an old word in Foclóir d’Eisirt, and so is probably obsolete in modern Irish. However, FGB cross-references this to the modern form of the word abhlóir, which is the form underlying the word abhlúir, /au’luːrʹ/, “sickly noisy little thing”, e.g. used of a cat, given in CFBB. This word is not shown with an epenthetic in the LS edition of Eisirt, but is probably to be pronounced /obə’loːr/.
rabharta: “spring tide”. Rabharta feirge, “torrent of anger”. Pronounced /rourtə/.
riocht: “guise”. I riocht, “looking like, appearing on the verge of something, ready to”. I riocht dul i laige, “looking like they were going to faint”.
rith: “running”, but also the “flow” of speech in phrases like rith cainnte, rith na bhfocal. Rith na bhfocal is glossed in Foclóir d’Eisirt as “the course of the words”.
scoiltim, scoltadh: “to burst”, or scoiltim, scoilteadh in GCh. Often spelt without the historical t (sgoilim), but found with t here in scoiltfeadh. Used impersonally with ar: do scoiltfeadh ar an gcuideachtain ag féachaint air, “those present would literally burst (e.g. with amusement) looking at him”.
siúlaim, siúl: “to walk”. The past habitual shiúladh sé is found here in the first conjugation; PUL’s usage across his various works is mixed, with the future, past and imperative found in the second conjugation.
slán: “healthy, safe”. Slán a dh’fhágáilt ag duine, “to take your leave of someone”.
sodar: “trot, trotting”, a noun and a verbal noun.
sofheicse: “visible”, or sofheicthe in GCh. Cómhartha sofheicse, “a clear, unmistakable sign”. The prefixes so- and do- appear always fully pronounced: /so-ikʃi/.
spréacharnach: “continuous glittering or scintillating”.
sulthmhar: “pleasant, enjoyable”, pronounced /suhlfər/. The t is lenited in the original, and this is retained here as showing the pronunciation better.
crios: “flint”, with creasa in the genitive. Tine chreasa, “sparks, frictional sparks”.
tagaim, teacht: “to come”. Teacht suas, “to catch up” with someone (where a prepositional phrase using le could be added).
trian: “third”. Note that the eclipsis is found in the dual, dhá dtrian, and the plural used with numerals is treana.
uaigneas: “loneliness, grief”, pronounced /uəgʹinʹəs/.

Eisirt, caib. a 3

Caibideal a III.

An Firín Beag Gasta

Bhí Eisirt ag freagairt na gceisteanna chómh maith agus d’fhéad sé teacht orthu, agus is é ’ bhí go cruínn ’na chainnt agus go cliste agus go haibidh, i dtreó go nduairt Feargus, “is uathásach an obair”, ar seisean, “ciall agus tuiscint agus eólas chómh mór a bheith i rud chómh beag leis!”

Ba gheárr gur thuig an chuideachta go léir, as na ceisteanna agus as an gcuma ’na dtugadh Eisirt freagra uaidh, go mbíodh ’ fhios aige cad a bhíodh in aigne an té ’ chuireadh an cheist.

“Conas a fuarais eólas go hEamhain, a rí ollamh?” arsa duine den chuideachtain leis.

Bhí eólas na slí agam go hEamhain sarar rugadh tusa”, arsa Eisirt, “agus tá ’ fhios agam nách ródhíreach an t-eólas a dheinis-se ar an áit ag teacht duit”.

Do liúigh an chuideachta, ag magadh fén bhfear a chuir an cheist, mar bhí asachán éigin le casadh leis i dtaobh a shínsir. Níor labhair sé sin an chuid eile den oíche.

Bhí a lán den chuideachtain agus bhí ana-dhúil acu ’ fhios d’fháil conas a fuair Eisirt amach an éagóir a bheith ag Feargus á dhéanamh ar an reachtaire, ach ní leogfadh eagla dhóibh ceist den tsórd san a chur agus Feargus féin ag éisteacht leó. Níor dhein Eisirt ach féachaint ’na thímpall orthu agus smuta gáire ’ chur as.

“Cad ’tá ad chur ag gáirí, a rí ollamh?” arsa Feargus.

“Cuid de sna daoine móra so, a Árdrí”, arsa Eisirt, “atá i gcás ’dir dhá chómhairle. Ba mhaith leó rud d’fháil, ach ní maith leó é ’ iarraidh. Nuair a bhíonn duine ar an gcuma san is feárr gan aon tsuím a chur ann ach scaoileadh leis go dtí go socraídh sé a aigne ar thaobh éigin. Ach tá aisce agam le hiarraidh ortsa, a Árdrí,” ar seisean.

“Abair an aisce agus gheóbhair í más féidir é”, arsa Feargus.

“Tá a leath fálta cheana agam”, arsa Eisirt. “Nár chóir gurbh fhéidir an tarna leath a thabhairt chómh maith agus a tugadh an chéad leath?”

“Tá go maith”, arsa Feargus. “Abair í agus gheóbhair í. Aon ní a fuarais anso ó thánaís ní fheicim cad ’tá chun tu ’ chosc ar é ’ fháil arís. Ní dócha gurb amhlaidh ba mhaith leat go gcurfí ag snámh sa chorn arís tu!”

“Thugais do bhriathar rí dhom anocht ná luífeadh t’fhearg orm”, arsa Eisirt.

“Thugas”, arsa Feargus. “Ní baol duit”.

“A chothrom san arís atá uaim”, arsa Eisirt, “ach ní dhom féin é”.

“Cé dho?” arsa Feargus.

“Don reachtaire úd, a Árdrí”, arsa Eisirt.

“Aililiú!” arsa Feargus. “Nách gasta an firín tu! Ach bíodh agat. Tá buaite agat. Ní baol duitse agus ní baol don reachtaire. Ach abair leis, mar adúraís liomsa, gan an éagóir a dhéanamh arís”.

“’Sé mo thuairim, a Árdrí”, arsa Eisirt, “nách beag leis de. ’Sé mo thuairim nách beag libh araon de mar éagóir. Is gnáth go ndeineann an éagóir a díoltas féin, luath nú mall, ar an té ’ dheineann í. Níor tháinig aon díoltas oraibhse ach mise do scéith oraibh i láthair uaisle Uladh anso”.

“Éirigh as! Éirigh as! a fhir bhig,” arsa Feargus go garg. “Bíodh an aisce a iarrais agat, ach ná tarraig chút a thuilleadh é mar scéal!”

Ní miste a rá ná go raibh áthas ar an reachtaire, pé cúinne den tigh ’na raibh sé, nuair ’ airigh sé an chainnt sin. Tháinig scannradh air nuair ’ airigh sé an focal aduairt Eisirt i dtosach i dtaobh na héagóra. Cheap sé go raibh a phort seinnte agus nárbh fhios cad a bhí le himeacht air nuair a thiocfadh Feargus ag socrú cúntaisí leis. San am gcéanna bhí diomá a dhóthain air nuair a thuig sé ná raibh blúire de bhárr a chuid éagóra aige mar go raibh éagóir níos mó b’fhéidir á dhéanamh air féin. Nuair ’ airigh sé an chainnt dheirineach ó Eisirt agus ó Fheargus bhí ’ fhios aige nár bhaol dò na cúntaisí, agus bhí sé sásta in’ aigne.

Thuig Eisirt um an dtaca san, go raibh sórd eagla ag teacht acu go léir roimis. Níor thaithn san leis. Ní hé a oir dò. Bhí sé beartaithe in’ aigne aige go meallfadh sé duine éigin acu chun dul leis thar n-ais go tuatha Luchra agus Luprachán i dtreó go bhfeicfeadh Iúbhdán, lena shúilibh féin, fírinne na cainnte aduairt Eisirt nuair a gabhadh é mar gheall ar a chainnt. Is é rud a dhein sé, dá bhrí sin, ná cromadh ar an uile shaghas scéalta d’ínsint d’Fheargus agus dá chuideachtain, ar thuathaibh Luchra agus Luprachán, agus ar a rí, agus ar a dtréanfhear, agus ar na gníomharthaibh a dheineadh sé, agus ar bhéasaibh agus ar nósaibh na tíre agus na ndaoine fé mar a bhíodar. Ba gheárr go raibh an scáth imithe agus go rabhadar go léir, idir rí agus uaisle, ag éisteacht le hEisirt chómh ciúin chómh socair sin gur dhó’ le duine gur fé dhraíocht a bhíodar aige. Gan amhras is dócha go raibh rud éigin dá shórd déanta aige orthu, mar fear sí ab ea é.

Nuair ba mhithid leis iompáil ón scéalaíocht chun rud éigin eile duairt sé le Feargus: “A Árdrí”, ar seisean, “do dheineas-sa dán mholta dom Árdrí féin, d’Iúbhdán, agus déarfainn díbhse an dán dá mba mhian libh me dhá rá”.

“Ní bheadh aon ní dob fheárr liomsa ná an dán san do chlos uait anois, a rí ollamh”, arsa Feargus.

“Mise mar sin”, arsan ríogan.

“Mise mar sin”, arsa gach éinne dá raibh láithreach.

Ansan duairt Eisirt an dán, agus pé cómhacht draíochta a bhí aige dá imirt orthu sa scéalaíocht do mhéadaigh air leis an ndán.

Foclóirín

aibidh: “ripe, mature”, but also “lively, keen” (as here in reference to the humming of a tune); aibí in GCh. Pronounced /abʹigʹ/.
aigne: “mind”, pronounced /agʹinʹi/.
aililiú: “goodness gracious!” CFBB shows the pronunciation as /alʹilʹuː/, without the expected stress on the final syllable. More research required here.
aisce: “gift, favour”.
asachán: “reproach, insult”, or achasán in GCh.
beag: “small”. Ní beag leis de, “it is quite sufficient for him; he has had enough of it”.
cliste: “clever”, often pronounced /glʹiʃtʹi/ in WM Irish.
cloisim, clos: “to hear”. Airím, aireachtaint are more commonly used in WM. Cloisteáil is found as the verbal noun in GCh.
cómhacht: “power, authority”, cumhacht in the GCh, but pronounced with a long o in WM Irish: /ko:xt/. Cómhacht draíochta, “magic power”.
cothrom: “an equal weight of something; an equivalent”. A chothrom san arís, “the same thing again, the same as that again”. Pronounced /korhəm/.
cúntas: “account; count, reckoning”, with cúntaisí in the plural. Cuntas, cuntais in GCh. Pronounced /kuːntəs, kuːntiʃiː/. Cúntaisí shocrú le duine, “to deal with someone, settle scores with him”.
dán: “poem”. Dán a dhéanamh, “to compose a poem”. Dán a rá, “to recite a poem”. Dán mholta, “eulogy”. Dán is listed as feminine in Foclóir d’Eisirt, which explains the lenition of mholta; most dictionaries list this word as masculine. It may be that PUL had dán as masculine where it meant “profession” and as feminine where it meant “poem”, but more evidence is sought.
deirim, rá: “to say, tell”. The idiom is rud do rá le duine, and so déarfainn díbhse an dán means “I will recite the poem for you”. is pronounced with a slender r in the combinations ag rá and á rá, as shown in the LS edition of Eisirt.
deirineach: “last”, or deireanach in GCh.
diomá: “disappointment”, or díomá in GCh. The long i of the original is adjusted in the editing here in line with the pronunciation shown in CFBB. Pronounced /dʹi’mɑː/.
dó’: “hope, expectation; source of expectation”, or dóigh in GCh. This occurred as dóich in the original, but is uniformly edited as dó’ here, in line with the pronunciation. Ba dhó’ le duine (go), “you would think (that)”.
draíocht: “magic”. Fé dhraíocht, “under a spell”.
eólas: “knowledge”. Eólas a dh’fháil go háit/eólas do dhéanamh ar áit, “to find your way somewhere”.
fé mar: “as, according as”. Nósa na tíre fé mar a bhíodar, “the customs of the country, as they were; the various customs of the country”.
freagra: “answer”, pronounced /frʹagərə/.
garg: “rough, fierce”, pronounced /gɑrəg/.
gasta: “clever, shrewd”.
gheibhim, fáil: “to get, find”. Gheibhim is the absolute form of the verb faighim; the distinction is not observed in the Standard, which has faighim alone. The past participle found here is fálta, /fɑ:lhə/; fachta is also used in PUL’s works. GCh has faighte.
gurb: generally pronounced /gərb/ before third-person pronouns, but often pronounced /gurəb/ elsewhere.
i gcás ’dir dhá chómhairle: “in a conundrum, facing an awkward or perplexing situation”.
imím, imeacht: “to go, go away”. Note that the participle, imithe, is stressed on the second syllable: /i’mʹihi/.
mar: “as, like”. Mise mar sin, “so do I; so would I”.
méadaím, méadú: “to increase”. Used impersonally with ar: do mhéadaigh air, “it increased”.
obair: “work”. An obair sometimes means “a carry-on, a to-do”.
oirim, oiriúint: “to suit, fit”. Ní hé a oir dò, “it wasn’t what he wanted”.
port: “tune”. Tá a phort seinnte, “he is finished, it’s all over for him”.
rud: “thing”, pronounced /rod/. The genitive is ruda, but is often found as rud, particularly in phrases like chun rud éigin (do dhéanamh): you could either parse rud éigin as a noun phrase standing in the nominative absolute, or else assume that the a of ruda is elided before a vowel.
sara: “before”, or sula in GCh. Similarly, sarar is used in the past tense, where sular is found in GCh.
scannradh: “terror”, scanradh in GCh, pronounced /skaurə/ in WM.
scéim, scéith: “to spew; divulge or tell a secret”, or sceithim, sceitheadh in GCh. Scéith ar dhuine, “to inform on someone”.
seinnim, seinnt: “to play (music)”, or seinnim, seinm in GCh.
sí: “fairy”. Fear sí, “a fairy man, one of the ‘wee folk’”.
sínsear: “ancestor”, or sinsear in GCh. This word was traditionally spelt sinnsear, and had a long /i:/ in WM Irish. The singular form can have collective meaning, “ancestors”.
smuta: see under smut.
tagaim, teacht: “to come”. Teacht ar rud, “to get at something”: ag freagairt na gceisteanna chómh maith agus d’fhéad sé teacht orthu, “answering the questions as well as he could manage”.
taithneann, taithneamh: “to be pleasing to; to shine”, taitníonn, taitneamh in GCh. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən, taŋʹhəv/. The preterite, thaitin in GCh, is edited as thaithn here, pronounced /haŋʹ/.
tarna: “second”, or dara in GCh.
tosach: “beginning, front”, pronounced /tə’sɑx/. I dtosach, “at first”.
uathásach: “terrible; wonderful”, or uafásach. Pronounced /uə’hɑ:səx/ in WM Irish.

Eisirt, caib. 2

Caibideal a II.

Eisirt in Eamhain.

Bhí an fhleadh ar siúl in Eamhain. Bhí maithe agus móruaisle Uladh bailithe i bhfochair Fhearguis mhic Léide, díreach fé mar a bhí maithe agus móruaisle tuatha Luchra agus Luprachán bailithe i bhfochair Iúbhdáin. Tháinig Eisirt go doras an ríthí. Chroith sé a fhleasc fhileata. D’airigh an dóirseóir an fuaim agus tháinig sé amach. Do leath a bhéal agus a dhá shúil ar an ndóirseóir nuair a chonaic sé an firín beag gleóite, deas, fearúil, uasal, luaimneach, súilaibidh, agus é chómh beag san go raibh an féar glas, beárrtha, a bhí ar faiche na hEamhna, ag dul suas thar glúinibh air, suas go “ramhar a shliasta”, ’sé sin, leath slí suas ar ceathrúnaibh air.

Do rith an dóirseóir isteach.

“Ó, a dhaoine!” ar seisean, “an firín beag is deise agus is lú a chonaic éinne riamh tá sé amu’ ag an ndoras!”

Phreabadar go léir ’na suí.

“An bhfuil sé chómh beag le hAodh?” ar siad.

Abhac ab ea Aodh, agus bhí sé ana-léannta. B’é ollamh Uladh é, agus bhí sé chómh beag san go mbeireadh na fir ar a mbasaibh leó é.

“Ach!” arsan dóirseóir, “bhéarfadh Aodh ar a bhais leis é!”

Siúd amach iad go léir go bhfeicfidís an firín a bhí chómh beag san go mbéarfadh Aodh ar a bhais leis é.

Bhíodar ’na thímpall amu’ agus a súile ar leathadh agus iad ag féachaint air. D’fhéach sé suas orthu mórthímpall. Níorbh fhada gur chuir sé sraoth as.

“Féach,” ar seisean, “a dhaoine móra, tá úr n-anál ana-bhréan! Táim nách mór múchta agaibh! Drididh uaim amach agus leogaidh chúm an fear beag úd thall. Fear beag is ea é agaibhse, ach dob fhear ana-mhór é dá mbeadh sé sa tír as a dtánagsa.”

Tháinig Aodh agus thóg sé Eisirt suas ar a bhais agus do rug sé leis isteach é agus chuir sé ’na sheasamh ar an mbórd é os cómhair Fhearguis. Shuigh an chuideachta go léir arís agus ní baol ná gur fhéachadar go maith ar an bhfear mbeag.

“Cé hé thusa, a fhir bhig?” arsa Feargus, “nú cár seóladh chúinn tu?”

“Eisirt mac Big mac Buaidhgeine mise”, ar seisean, “ollamh agus file agus éigeas tuatha Luchra agus Luprachán.”

Bhí Eisirt ’na sheasamh ar an mbórd ar aghaidh an Árdrí amach agus iad ag féachaint in sna súilibh ar a chéile.

“An bhfuil an chuid eile de mhuíntir do thírese, a rí-ollamh, chómh beag leatsa?” arsan tÁrdrí.

“Tá cuid acu níos lú ná me, a Árdrí, agus tá cuid acu níos mó ná me. Is mó agus is troime d’fhear ná mise, go mór, an tÁrdrí atá orainn. Nuair a sheasóinn len’ ais, ní raghadh baitheas mo chínn suas puínn thar cluais air,” arsa Eisirt.

“Ó!” arsa Feargus, “is iúntach an fear le méid agus le troime é! Ach ‘is túisce deoch ná scéal’. Tugtar deoch don ollamh”, ar seisean, “agus tugtar suíochán do. Ní fhéadfadh sé gan tuirse ’ bheith air tar éis na slí atá curtha de aige ag teacht anso óna dhuthaigh féin”.

B’in í an obair ansan. Cá bhfaighfí árthach a bheadh beag a dhóthain d’Eisirt chun dí ’ dh’ól as? Bhí árthach ag duine agus árthach ag duine eile, ach nuair a curtí na hárthaí in aice Eisirt chítí go mbídís ró-annspianta ar fad le méid. Fé dheireadh do chuir an bhannrín a lámh ’na póca agus tharraig sí amach méaracán deas óir a bhí aici.

“Ó!” arsa gach éinne, “sin é díreach é!”

Ansan do thóg an bhannrín smut de chíste agus shocraigh sí go deas é le sciain agus chuir sí laistiar d’Eisirt é chun go suífeadh sé air. Gheárr sí smut eile den chíste agus chuir sí an méaracán ’na sheasamh air agus é lán d’fhíon, agus chuir sí ar aghaidh Eisirt amach é.

Níor shuigh Eisirt, agus ní lú ná ’ thóg sé an méaracán. Cheap Feargus gur scáth nú faitíos a bhí air.

“Shuigh, a rí-ollamh,” arsa Feargus, “agus ól deoch. Is mithid duit tart a bheith ort”.

“Ní ólfadsa úr bhfíon”, arsa Eisirt, “agus ní lú ná mar ’ íosfad úr mbia, agus ní lú aon taobh acu ná mar a shuífead ar úr gcíste”. Agus d’fhéach sé go dána agus go seasmhach idir an dá shúil ar Fheargus.

Do stad an chuideachta go léir. Bhain an chainnt sin geit astu. Ní raibh an fear eile sin beó do labharfadh ar an gcuma san le Feargus mac Léide. Ansan, nuair a chuireadar díobh an gheit is amhlaidh a sceartadar go léir ar gháirí. Do sceart Feargus ar gháirí leó. D’fhéach Eisirt ’na thímpall orthu agus níor chuir sé gáire ná cuid de gháire as. Ansan is ea ’ chuadar go leir in sna trithíbh ar fad. Nuair a bhí a ndóthain gáirí déanta acu, agus na deóra ag teacht go bog óna súilibh le neart an tsuilt, do stadadar.

“Dar fia, a fhir bhig”, arsa Feargus, “ach is fada nár sheasaimh ar m’aghaidh amach fear chómh dána leat. Tá sé chómh maith agam tu ’ ghlacadh réidh nú b’fhéidir nár chuid ba lú ná a fhonn a bheadh ort cómhrac aonair d’fhógairt orm. I bhfad uainn an t-olc, dá ndeintá san bheadh an scéal go holc agam is dócha. Ba shuarach an taca an Calacholg i gcoinnibh do chlaímhse, dá mbeadh sé agat”.

Chuir san an chuideachta arís in sna trithíbh gáirí. Níor labhair Eisirt focal.

“Ní ólfair ár bhfíon”, arsa Feargus. “Ní dó’ liom gurbh fheárr rud a déanfí leat ná tu ’ chur isteach anso im chorn féin. Ansan bheadh an fíon id thímpall agus dá fheabhas a chosnófá tu féin air b’fhéidir go raghadh streanncán
id bhéal de agus go caithfá é ’ dh’ól”.

Chómh luath agus d’airigh an fear friothála an chainnt sin níor dhein sé ach breith ’na dhorn ar Eisirt agus é ’ chaitheamh isteach sa chorn. Chuir an fear bocht cúpla sraoth as nuair a tumadh é sa bhfíon láidir, agus ansan chrom sé ar shnámh mórthímpall sa chorn, nú ar eocharshnámh, mar adeirtear sa scéal. Nuair a chonaic an chuideachta an méid sin ba dhó’ le duine go dtitfeadh an t-anam astu le neart gáirí agus suilt. Bhí an fíon ana-láidir agus níorbh fhada gur mhothaigh Eisirt dá bhfágtí puínn aimsire sa chorn é go mbeadh deireadh leis. Do labhair sé. Chómh luath agus d’airíodar ag cainnt é do stad an uallthairt gháirí.

“A Árdrí agus a uaisle Uladh”, ar seisean, “is olc an mhaise agaibh é mise dom bá anso os cómhair úr súl agus gur mó scéalaíocht agus ealaíona ’ dh’fhéadfainnse ’ thabhairt díbh a dhéanfadh mórán tairbhe dhíbh agus mórán suilt”.

“Tógtar amach é! Tógtar amach é!” arsa gach éinne.

Do tógadh amach as an gcorn láithreach é. Do triomaíodh é agus do glanadh é. Nuair a bhí sé tirim glan do cuireadh ar an mbórd arís é, ’na sheasamh ar aghaidh Fhearguis amach.

“Ar mhiste leat a ínsint dom, a rí ollamh”, arsa Feargus, “cad é an chúis ná hólfá ár ndeoch agus ná híosfá ár mbia?”

“B’fhéidir dá n-ínsinn sin duit go mbeadh fearg agat chúm. Ní hé mo thuairim gur faid ar shaol éinne t’fheargsa ’ theacht suas leis, a Árdrí”.

“Tugaimse mo bhriathar rí dhuit”, arsa Feargus, nách baol duit me, pé rud adéarfair liom”.

“Tá san go maith”, arsa Eisirt, “ach b’fhéidir go mbeadh an focal adéarfainn ródhian, agus ná fuiliceódh Árdrí Uladh é i láthair na n-uasal so go léir. Ní foláir don fhírinne féin labhairt réidh i láthair an rí”.

“Ná bíodh ceist ort, a rí ollamh”, arsa Feargus. “Tá mo bhriathar rí agat, agus is treise briathar an rí ná an rí féin. Inis an fhírinne dhom. Tá cúis éigin agat le diúltú dár mbia agus dár ndeoch. Inis dom an chúis”.

“Ó tá do bhriathar rí agam am chosaint ar t’fheirg neósfad an chúis”, arsa Eisirt. “Ní féidir liom éagóir d’fhulag. Is olc í an éagóir pé ball ’na ndeintear í. Ach nuair a dheineann an rí éagóir tá bárr agus bua ag an éagóir sin ar an uile shaghas oilc. Is é gnó agus dualgas an rí ceart do chur i bhfeidhm. Is é gnó agus dualgas an rí éagóir do chosc. Is uasal an dá dhualgas iad san. Nuair a dheineann an rí éagóir cailleann sé ar an dá dhualgas ríoga san in éineacht. Deineann sé dhá olc in aon olc. Tá an dá olc san in aon olc agatsa dá dhéanamh, a Árdrí. Tá éagóir agat dá dhéanamh ar do reachtaire. Is gnáth go dtagann éagóir ó éagóir. Tá éagóir agatsa dhá dhéanamh ar do reachtaire agus tá éagóir ag do reachtaire dhá dhéanamh ortsa. Ní féidir dómhsa úr ndeoch d’ól ná úr mbia do chaitheamh an fhaid atá a leithéid sin ar siúl eadraibh anso in Eamhain Mhacha. Dá mbeadh éinne eile ag déanamh na héagóra d’fhéadfainn glaoch ar an rí chun na héagora do chosc agus chun an chirt do chur i bhfeidhm, ach nuair is é an rí féin is mó atá ciontach cá bhfuil leigheas le fáil ar an olc!”

Do stad sé agus d’fhéach sé ’na thímpall, agus má fhéach ní baol go bhfeacaigh sé aon fhonn gáirí ar éinne. Bhí na daoine móra go léir agus a gcínn fúthu acu agus gan duine acu gan iompáil líthe ann. Bhí aghaidh bhán ar Fheargus féin. Ní raibh aon choinne aige lena leithéid sin de chainnt ón bhfear mbeag. Ach bhí a bhriathar rí tabhartha aige agus b’éigean do an chainnt d’fhulag. Duairt sé leis féin ná raibh aon rud dob fhearra dho ná an ceann a bhaint den scéal agus an fhírinne d’ínsint. Bhí ’ fhios aige go raibh sé féin ag déanamh na héagóra ar an reachtaire, ach ní raibh aon choinne aige go raibh an reachtaire ag déanamh na héagóra air. Bhí iúnadh agus alltacht air conas a fuair Eisirt amach an scéal. Do labhair sé i gceann tamaill.

“Ambasa, a Eisirt”, ar seisean, “dá luíghead é thu ní leanbh tu! Ní foláir a adhmáil go bhfuil an fhírinne agat, pé cuma ’na bhfuarais an t-eólas. Tá an fhírinne agat chómh fada agus ’ théann mo thaobhsa den éagóir, agus is dóichíde liom an fhírinne ’ bheith agat chómh fada agus ’ théann an taobh eile leis”.

“Tá an bua agat, a Árdrí!” arsa Eisirt, “agus caithfeadsa úr mbia feasta. Níl olc is measa ná éagóir ó rí, ach níl maith is feárr ón rí ná an éagóir a dhein sé d’admháil. Níl gníomh is ríoga ná an éagóir d’admháil. D’admhaís-se an éagóir. Tá go maith; ach ná dein arís é”.

Ansan do shuigh Eisirt ar an gcíste agus thóg sé an méaracán suas ’dir a dhá láimh,—bhí muiríon a dhá lámh ann,—agus d’ól sé deoch as. Ba gheárr go raibh an chuideachta ag dul i ndánacht air agus go raibh na ceisteanna ag teacht go tiubh chuige ón uile thaobh, i dtaobh tuatha Luchra agus Luprachán, agus i dtaobh na ndaoine a bhí ann, agus i dtaobh a nósa agus a ndlithe agus a mbéasa agus gach ní eile a bhain leó.

Nóta

Tá éagóir agatsa dhá dhéanamh ar do reachtaire agus tá éagóir ag do reachtaire dhá dhéanamh ortsa: PUL’s text here is a free version of the older Irish text, and the nature of the “injustices” is not made explicit. The translation of the older text in Silva Gadelica has “thou triflest with thy steward’s wife, while thine own foster-son ogles thy queen”.

Names

Aodh: a dwarf in the court of Feargus mac Léide. Pronounced /eː/.
Calacholg: the name of a great sword of great size belonging to Feargus mac Léide. Pronounced /kɑlə-xoləg/. This was spelt Caladcholg in earlier texts, and reflects some confusion in myths between Feargus mac Léide and Feargus mac Róigh, who possessed a sword called Caladbolg. The Irish myths may be the source of or myths that are parallel to the British myths surrounding King Arthur’s sword Excalibur, which is called Caledfwlch in early Welsh.

Proverb

i bhfad uainn an t-olc: “may evil keep its distance from us”, a pious imprecation upon mention of something bad.
is túisce deoch ná scéal:
“let’s have a drink first before settling down to serious conversation”.

Foclóirín

abhac: “dwarf”, pronounced /auk/.
admhaím, admháil: “to admit, acknowledge, confess”, pronounced /ɑdə’vi:mʹ, ɑdə’vɑ:lʹ/.
ag: “at”. Am, the combination of ag, the particle governing the verbal noun, with the first-person singular pronoun object. This would be do mo in the CO (an extremely inauthentic form). See also under do for the use of dom here.
ais: “verge, side”. Len’ ais, “by his side”.
anál: “breath”, or anáil in the CO, where the historical dative has replaced the nominative.
anam: “soul, life”. An t-anam a thitim asat, “to collapse, die”, e.g. of laughter.
annspianta: “disproportionately large”, or ainspianta in the CO.
aonar: “solitude, one person”. Cómhrac aonair, “single combat”. The original spelling was aonfhir, and the LS edition of Eisirt has énir, implying a slender n; more research required here.
arís: “again”. PUL used the spelling airís, indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/.
baitheas: “top, crown of the head”, or baithis in the CO.
ball: “place, spot”. Pé ball, “wherever”.
bannrín: “queen”, or banríon in GCh. Pronounced /bau’rʹi:nʹ/ in WM Irish. The genitive is bannríne. The r is broad: a spelling bannraín would show the pronunciation better.
bas: “palm of the hand”, or bos in the CO.
bearraim, bearradh: “to clip, shave”, but also “to crop, cut”, of grass.
beirim, breith: “to bear, take, carry; to give birth”, and numerous other meanings. Note that the r of rug is pronounced slender in some circumstances, e.g. do rug, /də rʹug/. Rud do bhreith ar do bhais leat, “to carry something in the palm of your hand”.
bog: “soft, easy”. Go bog, “freely” in the context here of tears flowing freely.
bréan: “foul-smelling”.
caillim, cailliúint: “to lose”, but with ar, “to be untrue to, to fall down on, to let down”. Caillim, cailleadh in the CO.
ceann: “head”. Ceann a bhaint den scéal, “to broach the subject, come to the point”.
ciontach: “guilty”. PUL uses both cionntach and ciontach in his works (ciontach is given in the original text here), and IWM shows the pronunciation could be either /kʹu:ntəx/ or /kʹuntəx/.
cómhrac: “fight, encounter”. Cómhrac aonair, “single combat”.
cuirim, cur: “to put”. The imperfect autonomous form is curtí, as the t is slender in WM Irish (cuirtí is the more usual form).
cúpla: “a couple”, taking the nominative singular. Pronounced /kuːpələ/.
dar fia!: “by Jove!” Fia means “Lord, God”, but the word was frequently confused with the word fia, meaning “deer”—the former was fiadha and the latter fiadh in the old script—producing the Hiberno Irish form, “by the deer!” Pronounced /dɑr fʹiə/.
deóir: “tear”, with deóra in the plural.
díreach: “direct, straight”. Sin é díreach é!, “that’s the very thing, that is exactly what will do the trick”.
do: “to”. PUL prefers to use do and not ag where the verbal noun has a reflexive pronoun object: mise dom bá, “with me being drowned”; compared am bá, which would mean “drowning me”, in a non-reflexive sense, where am derives from ag+mo. However, this distinction is not etymologically sound, and it is unclear if PUL’s distinction was purely orthographic, or whether he pronounced these two forms differently. These would both generally be am bá in WM Irish, bearing in mind that the coalescence of labial consonants produces delenition of what would otherwise have been am bhá. The CO has do mo bhá. The LS version of Eisirt has dom’ bá here. Note that the emphatic form dómhsa has a long vowel, /do:sə/.
dóichíde: “more likely”, adjusted from dóchaíde in the original text. Pronounced /do’hiːdʹi/.
dorn: “fist”. Pronounced /dorən/.
dridim, dridim: “to get close to, approach, move near”, but often more generally simply “to move”; druidim, druidim in the CO. Drididh uaim amach, “move away from me!”
ealaí: “art, science, skill”, with ealaíona in the plural.
éigeas: “learned man; sage, poet”.
eocharshnámh: “swimming round about”, an old word mentioned here that is not used in Modern Irish.
faiche: “lawn”, pronounced /fɑhi/.
faid: “length”, or fad in the CO. Is faid ar a shaol é, “it bodes long life for him”. An fhaid, “while”, fad or a fhad in the CO.
faitíos: “fear, apprehension”.
féach: “look here!, behold!”, more of an interjection than an imperative, which may be why féach, a dhaoine móra! does not use a plural imperative.
fearg: “anger”, pronounced /fʹarəg/.
fuiligim, folag/fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. The g is devoiced to c in the future and conditional: fuiliceód, /filʹi’kʹo:d/; fuiliceódh, /filʹi’kʹo:x/. PUL used the classical spellings in the original text, which are adjusted in the editing here in line with WM pronunciation.
gáirim, gáirí: “to laugh”. Note that gáirí is a verbal noun meaning “laughing, laughter”, corresponding to gáire in the CO.
gleóite: “lovely, charming”.
idir: “between”. Eadraibh, “between you”. Pronounced /(i)dʹirʹ, ɑdərivʹ/.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin (b’shin é, etc), but as the s derives from the present-tense copula (is+in=sin), the s should not be written where the preterite of the copula stands.
ínsim, ínsint: “to tell”, or insím, insint in the CO. Note the use of d’inis here in the preterite: the spellings d’innis and d’inis are both found in PUL’s works. IWM shows the pronunciation of inis to be /i’nʹiʃ, nʹiʃ, ‘inʹiʃ, ‘iŋʹiʃ/. The future form is neósaidh sé, from an earlier inneósaidh sé.
iompaím, iompáil: “to turn, change”, or iompaím, iompú in the CO. Iompáil líthe, “a change of colour, change of complexion”.
iúnadh: “wonder, surprise”, ionadh. Pronounced /u:nə/.
iúntach: “wonderful”, iontach. Pronounced /u:ntəx/.
labhraim, labhairt: “to speak”, or labhraím, labhairt in the CO.
leanbh: “child”, pronounced /lʹanəv/.
leogaim, leogaint: “to let, allow”, ligim, ligean in the CO. Leogaidh chúm é, “let him approach me, let him at me”.
lí: “colour, complexion”, with líthe in the genitive. Iompáil líthe, “a change of colour, change of complexion”. Foclóir d’Eisirt gives as the nominative. But compare PUL’s Séadna, where the nominative is given as líth and the genitive as (iompáil lí). Unresolved queries on this word.
luaimneach: “nimble, fast-moving”, pronounced /luəmʹinʹəx/.
luíghead: “smallness, fewness”, or laghad in the CO. Pronounced /li:d/. The original spelling is kept here, with a síneadh fada added, as the CO version does not give the correct pronunciation. Dá luíghead é thu, “however small you are; small though you be”. It is a little difficult to understand why both é and thu are needed here; maybe the phrase is elliptical for dá luígheadh é (is) tu.
maise: “goodness; goodness”. Is olc an mhaise agaibh é, “you have done badly; it is a poor show on your part”.
méaracán: “thimble”.
miste: “all the worse”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, siaide, meaning “all the more X for it”. Ar mhiste leat?, “would you mind?”.
mithid: “high time”. Is mithid duit é, “it is high time for you (to do something)”.
muiríon: “burden”, or muirín in the CO. Muiríon a dhá lámh ann, “as much as his two hands could carry”.
nách: nach in the CO, /nɑ:x/.
nós: “custom, manner”, with nósa in the plural where the CO has nósanna.
obair: “work”. B’in í an obair ansan, “that was when the the problem started”.
ramhar: “fat”, but also as a noun “the thick part of something”. Ramhar a shliasta, “the thick part of his thighs, half-way up his thighs”. Pronounced /raur/.
reachtaire: “steward”, or in other contexts, “administrator, agent”.
scáth: “fear, nervousness”.
scian: “knife”, with sciain in the dative.
seasmhach: “steady, constant”, pronounced /ʃasəvəx/.
sliasad: “thigh, side; in the plural, loins”, with sliasta in the plural. The historical dative, sliasaid, is used in the CO. Sliasta is stated in Foclóir d’Eisirt to be genitive singular, but it could easily be genitive plural in chapter 2 here; the CO genitive is sliasaide, but PSD shows that sliasta is both genitive singular and nominative plural.
smut: “a bit”, or smiota in the CO.
socraím, socrú: “to settle, place”. Pronounced /sokə’ri:mʹ, sokə’ru:/.
sraoth: “sneeze”. Sraoth a chur asat, “to sneeze” (or “to snort in derision”).
streanncán: “squirt, gulp (of liquor)”. This word also means “tune, lilt” and is found, as streancán in that meaning in the CO. In the meaning of “squirt, gulp”, the CO has steancán with no r.
súilaibidh: “bright-eyed, keen-eyed”, or súilaibí in the CO.
taca: “support; something to be depending on”.
tairbhe: “benefit”, pronounced /tɑrʹifʹi/.
tarraigim, tarrac: “to pull, draw”, or tarraingím, tarraingt in the CO. Pronounced /tɑrigʹimʹ, tɑrək/. PUL used the classical spellings (taraingim, etc) in the original—albeit with a single r, reflecting his views on the use of double letters—and these have been adjusted. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna shows a slender r pronunciation, and GCD also shows this to be the more general Munster pronunciation. However, Osborn Bergin’s LS edition of PUL’s Catilína and Aesop a Tháinig go hÉirinn show a broad r, and Brian Ó Cuív also uses a broad r in his transcription of CFBB. As both forms exist (see Stair na Gaeilge 489), it seems best to edit here with the broad r that PUL himself used, in writing, at any rate. Another piece of evidence that could be cited is the Irish of Diarmuid Ua Laoghaire, PUL’s second cousin and professor at Coláiste na Múmhan in Ballingeary, who wrote thairidh sé with a slender r (cf. Diarmuid Ua Laoghaire, Cogar Mogar, p20).
tirim: “dry”, pronounced /trʹimʹ/.
triomaím, triomú: “to dry”. A conjugated form of this verb is found in the original, but IWM indicates that triomaím/triomú is complemented by a variant form, tíormaím/tíormú in WM Irish. Brian Ó Cuív uses tíormú in his editing of CFBB, with tiormú in parentheses, implying that he regarded tíormú as the more dialectal form of this word. He gives two pronunciations, /tʹiːr’muː, trʹi’muː/ (cf. pp 252, 253).
tritheamh: “fit (e.g., of laughter)”, with the plural trithí. In sna trithíbh, “in fits of laughter”.
tu, thu: disjunctive form of the second person pronoun, pronounced /tu, hu/. Always in the CO.
tugaim, tabhairt: “to give”. The verbal adjective here is tabhartha, where the CO has tugtha.
tumaim, tumadh: “to dip”.
uallthairt: “howl”, or uallfairt in the CO.

Eisirt, caib. 1

EISIRT

An tAthair Peadar Ua Laoghaire

Canónach, S.P.

do scríbh ón seanascéal

“Eachtra Rí Thuaithe Luchra is Lupracán go hEamhain”

Caibideal a 1

Cúis Gháire ag Eisirt

Tamall mór roim aimsir Chúchulainn agus Mhéibh agus Chonchúir rí Uladh, bhí rí eile ar Ultaibh agus Feargus mac Léide ab ainm dò. Seo mar adeir an Silva Gadelica ’na thaobh: “Rí fírén forglide fírbrethach ro gabastair flaithes ocus forlámas for clannaib rathmara Rudraige .i. Fergus mac Léite mhic Rudraige.” Nú mar adéarfí anois: “Rí fíoranta deimhinbhreitheach fíorbhreitheach a ghoibh flaitheas agus forlamhas ar chlannaibh rafara Rúraí, .i. Feargus mac Léide mhic Rúraí.”

Dhein an Feargus san fleadh mhór in Eamhain Mhacha, agus bhí maithe agus móruaisle Uladh cruinnithe aige ag caitheamh na fleidhe sin.

Le línn na fleidhe sin a bheith in Eamhain Mhacha bhí fleadh eile ag rí eile san áit ar a dtugtí tuatha Luchra agus Luprachán. Daoine ana-bheaga ab ea tuatha Luchra agus Luprachán. Ní raibh na fir ba mhó orthu puínn thar leathtroigh ar aoirde. Iúbhdán mac Abhdáin ab ainm don rí a bhí orthu. Bhí Iúbhdán leathórlach go maith níos aoirde ná aon fhear dá shlua, agus bhí sé cúmtha córach dá réir sin. Fear ana-dhathúil, ana-ríoga, dob ea é. Bhíodar go léir ana-dhathúil, ana-dhea-chúmtha, ach ní raibh aon bhreith ag éinne acu ar an rí. Gruaig chas dhubh is ea ’ bhí ar an rí, agus gruaig bhreá fhionn a bhí ar an uile fhear eile dá raibh sa tír sin. Mar ba chuí agus mar ba chóir do rí, bhí cathmhilí tréana ag Iúbhdán os cionn a shlóite móra líonmhara. Sid iad na priúnsaí ba mhó agus dob uaisle a bhí ar na cathmhilíbh sin. Bhí seacht cathamóra d’fhearaibh tréana calma ag Iúbhdán. Bhí Conán mac Ruichid ’na rí féinne ar chath dhíobh san. Bhí Géarchú mac Gairid’na rí féinne ar chath eile. Bhí Ríbheag mac Róbhig ’na rí féinne ar chath eile. Bhí Glúnán mac Gabairn ’na rí féinne ar chath eile. Bhí Luigín mac Luigid ’na rí féinne ar chath eile. Bhí Feabhal mac Feóirín ’na rí féinne ar chath eile. Bhí Bran mac Luain ’na rí féinne ar chath eile. Agus bhí a lán d’uaislibh cróga, mileata, cathbhuacha, ’na dtaoiseachaibh airm fúthu san sa mhórshlua líonmhar san Iúbhdáin. Bhí aon fhear amháin ann, tréanfhear an rí, agus níorbh fhéidir aon fhear d’fháil ar thuathaibh Luchra agus Luprachán a bhí in aon ghaobhar do bheith chómh láidir leis. Dheineadh sé gníomh nárbh fhéidir d’aon fhear eile a dhéanamh. Do leagadh sé feóchadán le haon bhuille amháin dá chlaíomh! Do leathadh a súile ar na fearaibh eile nuair a chídís an gníomh san. Glómar mac Glais mic Glomraide ab ainm don fhear san. Uaireanta, nuair a bhíodh gleacaíocht ar siúl acu, thagadh na fir eile ’na thímpall a d’iarraidh é ’ leagadh, ach ní leagtí é go dtí go mbíodh an dáréag ba threise acu chuige. Nú mar adeir an scéal, “Bhíodh feidhm an dá fhear déag acu san ag trascairt an fhir sin”.

Do líon na huaisle go léir, agus na ríthe féinne, agus na taoisigh airm, agus na maithe móra, isteach sa rítheach i bhfochair an Árdrí Iúbhdán. Do shuigh an tÁrdrí ’na chathaoir ríoga. Do shuigh an ríogan, Bébó, ar dheis an Árdrí. Do cuireadh Eisirt, b’é sin árdollamh Iúbhdáin, ar a láimh chlé. Do cuireadh Beag mac Big, b’é sin tainist an Árdrí, ar aghaidh an Árdrí amach, ar an dtaobh thall den rítheach. Agus do cuireadh an tréanfhear, Glómar mac Glais mic Glomraide, ’na shuí in aice an dorais, i dtreó, dá dtagadh namhaid go dtí an doras nár bhaol go dtiocfadh sé thairis sin isteach. Ansan do cuireadh an chuideachta go léir ’na suí, mórthímpall an ríthí, de réir onóra, agus teidil, agus uaisleachta. Ansan, do baineadh na cínnbheaga de sna dabhchaibh leanna, ’sé sin le rá, do baineadh na spiocóidí as na bairillíbh leanna, agus do tháinig an lucht friothála agus do roinneadar ar an gcuideachtain sin lionn breá blasta a bhí i bhfad in sna bairillíbh agus a bhí go borb agus go láidir agus go meisciúil.

Bhíodar go léir ag ól ar feadh tamaill. Ansan do thosnaigh an deoch fónta san ar dhul suas sa cheann acu agus ba gheárr go raibh an uile dhuine acu súgach go maith agus fonn cainnte ag teacht air. Ba gheárr ná raibh sa teaghlach ar fad ach aon gheóin amháin cainnte agus cur trí chéile.

Ansan d’éirigh an tÁrdrí, Iúbhdán, ’na sheasamh, chun cainnte ’ dhéanamh leis an gcuideachtain. Deir an scéal ná raibh ar thuathaibh Luchra agus Luprachán cainnteóir ba mhísle, ba ghunta, ba bhinne, ba cheólmhaire ná é. Bhí an corn breac ’na láimh aige. Bhí ’ fhios ag an gcuideachtain go raibh rud éigin fónta le teacht nuair a chonacadar an corn breac i láimh an Árdrí. D’éirigh Beag mac Big, tainist an Árdrí, thall ’na choinnibh. B’é sin dualgas an tainiste, ag onórú an Árdrí. Do labhair an tÁrdí agus seo mar aduairt sé:—

“A mhaithe agus a mhóruaisle agus a ríthe tuatha Luchra agus Luprachán, is mó rí uasal árdchómhachtach a chonacabhairse in Éirinn riamh. Ba mhór é a ngradam. Ba mhór é a gcáil. Ba mhór é a saibhreas. Ba líonmhar iad a slóite. Ba láidir agus ba chalma iad a gcuraí tréana chun catha agus chun cruachómhraic. Ba mhaith iad na ríthe sin, agus na hárdríthe sin, chun na hÉireann a chosnamh, chun smachta ’ chur i bhfeidhm, chun óir agus séada uaisle do bhronnadh ar lucht filíochta agus ar lucht ceóil agus ar lucht ealaíon, agus ba mhaith iad a gcuraí tréana ag cabhrú leó i ngach dea-ghníomh agus i ngach dei-reacht agus i ngach obair mhór, chómhachtach, thairbheach dá mbíodh beartaithe acu. Ach fiafraím an méid seo dhíbh, a mhaithe agus a mhóruaisle agus a ríogra mileata. An bhfeacabhair riamh, orthu go léir, rí dob fheárr ná mise?”

“Dar do shoíllse, a Árdrí uasail, ní fheacamair!” ar siad go léir d’aon ghuth.

“An bhfeacabhair riamh,” ar seisean, “tréanfhear dob fheárr ná mo thréanfhear?”

“Ní fheacamair!” ar siad.

“An bhfeacabhair riamh,” ar seisean, “curadh ná cathmhile dob fheárr ná éinne de sna curaíbh agus de sna cathmhilíbh atá sa tigh seo anocht?”

“Dar ár mbriathar ní fheacamair!” ar siad.

“Dar mo bhriathar, agus tugaim briathar rí leis,” ar seisean, “ná fuil an chómhacht san le fáil d’fhéadfadh daoine ná ollmhaitheas a bhreith as an dtigh seo anocht ar éigin, trí fheabhas na gcathmhilí agus na dtréanfhear atá againn, trí iomad ár gcuraí calma agus ár ríthe féinne mearbhorba, mearláidre, mórghníomhacha!”

Bhí Eisirt, an t-ollamh, ’na shuí in aice an Árdrí. Nuair ’ airigh sé an chainnt mhaíteach san níor fhéad sé gan sceartadh gáire ’ chur as. D’airigh an chuideachta go léir an sceartadh gáire sin. Do stad an tÁrdrí agus é dá thachtadh le feirg.

“Cad fé ndeara dhuit an gháire sin a dhéanamh, a rí-ollamh?” arsan rí.

“Níor fhéadas gan gáire ’ dhéanamh, a Árdrí”, arsa Eisirt, “mar is eól dómhsa aon chúig’ amháin in Éirinn agus tá fir ann agus dá dtagadh fear acu anso in’ aonar anocht do bhéarfadh sé leis, ar éigin, daoine agus ollmhaitheas, uaitse agus ó na seacht cathaibh cróga so do thuathaibh Luchra agus Luprachán atá id thímpall anso anois!”

“Gabhtar an t-ollamh láithreach”, arsa Iúbhdán, “go ndéanfar díoltas air mar gheall ar an gcainnt mhíchuíosach, easonóireach san atá déanta aige!”

Do rugadh láithreach ar Eisirt agus do ceangladh é.

“Is olc an obair í seo atá déanta agat ormsa anocht, a Iúbhdáin,” arsa Eisirt, “agus is mór na hoilc atá le teacht as do ghníomh. De bhárr na gabhála so atá déanta agat ormsa anocht beidh tusa féin bliain i láimh in Eamhain Mhacha agus ní thiocfair as gan rogha do shéad agus do mhaoine ’ fhágáilt id dhiaidh ann. De bhárr na gabhála so atá déanta agat ormsa is ea ’ thitfid Cobhthach Cas, mac rí Múmhan, agus Eochaidh mac Néid, mac rí Laighean. Tiocfaidh mo chion den olc ormsa féin, mar beidh mé i dtigh Fhearguis mhic Léide agus bead ag snámh sa chorn, mórthímpall, agus is beag ná go mbáfar ann me. Ach tabhair cáirde trí lá agus trí oíche dhom anois agus raghad go hEamhain Mhacha, go tigh Fhearguis mhic Léide, agus ansan mura dtugad chútsa anso chómhartha so-aithne a thispeánfaidh duit gur labhras fírinne nuair aduart an chainnt úd, féadfaidh sibh úr rogha cor a thabhairt dom”.

“Scaoilidh dò”, arsan rí.

Do scaoileadh de láithreach.

D’éirigh sé, agus d’ollmhaigh sé é féin chun gluaiste. Chuir sé uime, istigh lena chroiceann gheal, léine de shról bhreá bhog uasal. Chuir sé uime, lasmu’ den léine sin, ionar, ’sé sin veist, nú sórt casóige bige do luíodh isteach, go deas agus go hoiriúnach, lena chabhail. Chuir sé uime, lasmu’ den ionar, brat, nú clóca ’na raibh taithneamh corcra ann agus ciúmhais óir mórthímpall leis, agus an dath agus an déanamh air dob fheárr ab fhéidir ’ dh’fháil i dtír na bhFionn. Ansan do chuir sé idir a throithe agus talamh a dhá bhróig dheasa, chóracha, a bhí déanta d’fhionndruine, agus órnáidí óir orthu. Ansan do thóg sé ’na láimh a fhleasc fhileata, sórd slaite a bhí déanta d’fhionndruine, agus nuair a croití an tslat sin dheineadh sí fuaim breá bínn ceóil. Ansan do ghluais sé agus níorbh fhada an mhoíll air dul go hEamhain Mhacha.

Nótaí

Seacht catha: “seven battalions”, where the final t of seacht devoices what would otherwise have been the eclipsed gcatha.

Géarchú mac Gairid: many of the names of the leaders of the leprechaun warrior bands mentioned here are alliterative and humorous. Géarchú mac Gairid appears to mean “fleet hound, son of a short man”, and Ríbheag mac Róbhig appears to mean “little king, son of someone who is too small”. See also the name of the heir apparent, Beag mac Big.

Trí iomad ár gcuraí calma: “through the large number of our brave warriors”. Note the failure to eclipse the adjective in the genitive plural, explicable either by inconsistency in the eclipsis of adjectives or by the status of ár gcuraí calma as a phrase noun standing in the nominative absolute.

Names

Beag mac Big: the name of the heir to the leprechaun throne here.
Bébó: the name of the leprechaun queen here.
Bran mac Luain:the name of the leader of a leprechaun warrior band here.
Cobhthach Cas: prince of Munster. Pronounced /kofəx kɑs/.
Conán mac Ruichid: the name of the leader of a leprechaun warrior band here.
Conchúr: Conchobar mac Nessa or Conchúr mac Neasa, king of Ulster in the Ulster cycle of myths. Pronounced /kro’xu:r/.
Cúchulainn: an Irish hero from the Ulster cycle of myths and nephew of Conchúr mac Neasa. Pronounced /kuːxəliŋʹ/.
Eisirt: chief poet in a tale Aidedh Fergusa, “the death of Fergus”, included in Standish Hayes O’Grady’s collection Silva Gadelica (see Volume 2, pp 269ff). This ancient story is from the Ulster cycle of myths.
Eochaidh mac Néid: prince of Leinster.
Feabhal mac Feóirín:the name of the leader of a leprechaun warrior band here.
Feargus mac Léide: Fergus mac Léti, king of Ulster in the Ulster cycle of myths. Feargus is pronounced /fʹarəgəs/, as shown in the LS edition of Eisirt.
Géarchú mac Gairid: the name of the leader of a leprechaun warrior band here.
Glómar mac
Glais mic Glomraide:
the name of a leprechaun warrior here.
Glúnán mac Gabairn:the name of the leader of a leprechaun warrior band here. The transcription in the LS version of Eisirt was Glúnán mac Gabaruin, with a broad r.
Iúbhdán mac Abhdáin: king of the leprechauns. Pronounced /uː’dɑːn/.
Luigín mac Luigid:the name of the leader of a leprechaun warrior band here.
Méibh: Medb, queen of Connacht, enemy and former wife of Conchúr in the Ulster cycle of myths. The Standard form of the name is Méabh, but PUL uses Méibh in the nominative (see instances in his play, Bás Dalláin).
Ríbheag mac Róbhig: the name of the leader of a leprechaun warrior band here. The original here had Righbeg mac Róbhig. The transcription in the LS version of Eisirt was Ryveog mac Róvig.

Places

Clann Rúraí: a reference to the Ulaid people that occupied Ulster in ancient times, said to be descendants of a legendary High King of Ireland, Rudraige mac Sitric. Spelt with a slender medial r (Clann Rudhríghe) in PUL’s historical novel Niamh but Rudhraighe in the original here.
Eamhain Mhacha: Navan Fort, Co. Armagh. Pronounced /aunʹ vɑxə/.
Laighin:Leinster, the eastern province of Ireland. A fifth-declension masculine plural noun with the genitive Laighean. Pronounced /lainʹ/.
Luchra agus Luprachán:lands inhabited by dwarfs. Luprachán is a variant of the word leipreachán, “leprechaun, pigmy, sprite” (see the list of variants in PSD under luchorpán, which was the original form of the word).
Múmhain (an Mhúmhain): Munster, with Múmhan in the genitive. Pronounced /ən vuːnʹ/.
Ulaidh: Ulster, the northern province of Ireland. As a plural noun, the genitive is Uladh and the dative Ultaibh. Pronounced /olə/.

Foclóirín

ainm: “name”, pronounced /anʹimʹ/. This noun is feminine in PUL’s works, but masculine in GCh.
ansan: “then”, or ansin in GCh.
aoirde: “height”, or airde in GCh. WM Irish uses áirde only in the phrase in áirde, “up on high”.
árd: “tall”. Note the comparative aoirde, where airde stands in GCh.
árdchómhachtach: “very powerful; of great power”, or ardchumhachtach in GCh.
árdollamh: “chief poet”.
arm: “army” or “weapon”.Pronounced /ɑrəm/. Taoiseach airm, “military commanders”, with the genitive pronounced /arʹimʹ/.
báim, bá: “to drown”, pronounced /bɑːmʹ, bɑː(h)/.
bairille: “barrel”. This word seems to have a slender r, but the glossary to Myles Dillon’s Teach Yourself Irish, which is based on Cork Irish, for some reasons shows a broad r.
bárr: “top”. De bhárr, “as a result of”.
borb: “strong”, of alcoholic drink. Pronounced /borəb/.
breac: “speckled, striped; decorated”.
cabhail: “body, torso”, pronounced /kaulʹ/.
caibideal:caibidil, “chapter”. PUL seems to have pronounced this word with a broad l, /kabʹidʹəl/, although Shán Ó Cuív transcribes this word as caibidil in his LS edition.
cainnt: “speech, talking”, or caint in GCh. The traditional double n is preserved here to show the diphthong, /kaintʹ/.
cáirde: “respite, delay”.
calma: “fine, splendid, brave”, pronounced /kɑləmə/.
cath: “battalion; battle”, with catha in the genitive singular and nominative plural. GCh has cathanna in the plural, which form is used in the plural in PUL’s historical novel Niamh.
cathbhuach: “victorious in battle”, pronounced /kɑfuəx/.
cathmhile: “warrior, soldier”, or cathmhíle in GCh. Pronounced /kɑfʹilʹi/.
ceanglaim, ceangal: “to bind, tie; get stuck”, or ceanglaím in GCh. Pronounced /kʹaŋə’li:mʹ, kʹaŋəl/.
cínnbheaga: “spigots, bungs”, a word I haven’t been able to find in any dictionary (other than Foclóir d’Eisirt).
ciúmhais: “edge”, pronounced /kʹuːʃ/.
cor: “throw, cast; condition, situation”. Úr rogha cor a thabhairt dom, “to do whatever you like to me”.
córach: “well-shaped; well-proportioned”. See cúmtha.
corcra: “purple”, pronounced /korkərə/.
corn: “drinking-horn”, pronounced /korən/. Corn breac, “ornamented drinking-horn used on special occasions”.
cosnaím, cosnamh: “to defend”, or cosnaím, cosaint in GCh. Cosaint is also found in PUL’s works. CFBB shows cosnaím in the sense of “cost” is pronounced /kos’niːmʹ/, whereas many of PUL’s works use spellings showing an epenthetic vowel in this word (see cosanaim listed in Foclóir d’Eisirt). It is difficult to tell what PUL’s own pronunciation was, owing to the hand of editors in his works, but it seems an epenthetic vowel is often shown in LS transcriptions (see also hosanuig for thosnaigh, found in the LS edition of Eisirt), where Amhlaoibh Ó Loingsigh, Brian Ó Cuív’s main source of information for the pronunciations shown in IWM and CFBB had no epenthetic between an s and an n.
croiceann: “skin”, craiceann in GCh. Pronounced /krekʹən/ or /krokʹən/ in traditional WM Irish.
croithim, crothadh: “to shake”, or croithim, croitheadh in GCh.
cruachómhrac: “fierce fighting”.
cuí: “fitting, proper”.
cuideachta: “company, the people present”, with cuideachtain in the dative. Pronounced /ki’dʹaxtə~ki’lʹaxtə/. Note the evidence given in CFBB that whereas some Muskerry speakers used an l in the related word cuideachtanas, AÓL had a d, indicating that the best speakers kept a d here.
cúmtha: “well-formed, handsome”, pronounced /kuːmhə/. GCh has cumtha, but most parts of the verb cumaim, cumadh have a long /u/ in WM Irish (i.e., those parts that are monosyllabic, like do chúm sé, or where the m comes before a consonant, like cúmfad and cúmtha). Often in alliterative combinations: cúmtha córach, “handsome and well-proportioned”. Dea-chúmtha, “well-built, attractive”.
cur trí chéile: “discussion”, usually with a lenited t, /kirʹ hrʹiː xʹeːlʹi/.
curadh: “warrior”, with the plural curaí. Pronounced /kurə, ku’ri:/.
dabhach: “vat”, with dabhcha in the plural. This word is masculine according to Foclóir d’Eisirt, but feminine in GCh. Pronounced /daux, dauxə/.
dáréag: “twelve (people)”, pronounced with a broad r, /dɑ:’riag/.
de: “of, from”. It is important to bear in mind that this simple preposition is pronounced in the same way as do in WM Irish, /də/. It has been thought better to edit these with the historically correct prepositions, as they would stand in GCh. Note that PUL was particularly insistent on writing do réir, which he held was either pronounced /də re:rʹ/ or /dʹrʹe:rʹ/—in other words the slender d only appeared when run together as a single word—but this has been edited as de réir here.The alignment of do and de in pronunciation only applies to the simple preposition; the prepositional pronoun de is pronounced /dʹə~dʹi/.
dei-reacht: “good law”, or dea-reacht in GCh. Pronounced /dʹəi-rʹaxt/.
deimhinbhreitheach: “certain/accurate in his judgements”.
deinim, déanamh: “to do, make”, or déanaim, déanam in GCh. Deinim is a corruption of the historical form do-ghním, whereas déanaim is historically the dependent form of do-ghním.
deoch: “drink”, masculine in PUL’s works, but feminine in GCh.
do: “to”. Note that the classical spelling of the prepositional pronoun is adopted in GCh, but this form is pronounced /do/ in the dialect and so edited as do here.
doras: “door”. The genitive is given as dorais here, but the LS edition of Eisirt has duirish in the genitive. Pronounced /dorəs, doriʃ~dirʹiʃ/.
easonóireach: “disrespectful, insulting”, or easonórach in GCh.
éirím, éirí: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ, əi’rʹi:/ in WM Irish.
fágaim: “to leave”, with the verbal noun here fágáilt where fágáil is found in GCh. Fágáil and fágaint are also found in PUL’s works.
feidhm: “force, strain, effect”, pronounced /fʹəimʹ/. This word, which is feminine in GCh, is also stated as being feminine in Foclóir d’Eisirt, which was compiled by Eleanor Knott. However, PUL illustrated the genitive in Notes on Irish Words and Usages in the phrase neart an fheadhma, and so it seems this word is masculine in PUL’s Irish.
feóchadán: “thistle”.
fiann: “roving band of warriors”, with féinne in the genitive. Rí féinne, “commander of a warrior band”.
fileata: “pertaining to poetry”. Fleasc fhileata, “a poet’s wand”.
fionn: “fair, fair-haired”, pronounced /fʹuːn/. Tír na bhFionn, “the Land of the Fair”, a place by implication here famous for its manufacture of fairy mantles and cloaks.
fionndruine: “white bronze”, or fiondruine in GCh. This is spelt finndruinne in the original, but the transcription in LS points to a pronunciation of /fʹuːn-drinʹi/. PUL may have had /ŋʹ/ in this word.
fíoraonta: “just, righteous”, or fíréanta in GCh. IWM show the WM pronunciation as /fʹi:’rʹe:ntə/, but PUL may have had a broad r in this word. Similarly, GCh has fíréan for fíoraon, “a just or righteous person”.
fíorbhreitheach: “just in his judgements”.
flaitheas: “rule”.
fleadh: “drinking-feast, banquet”, with fleidhe in the genitive. This is spelt fleá in GCh, but the pronunciation is shown in the LS edition of Eisirt with a short vowel: /flʹa(h)/, with /flʹəi/ in the genitive.
fleasc: “rod, wand”.
fórlamhas: “dominion, domination, supremacy”. This was spelt forlámhas in the original, which form is found in GCh, and the LS edition of Eisirt also has forlâvas. However, PUL stated in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that this word has “three short syllables, accent on first”, i.e. /forləvəs/. Compare the pronunciation given in CFBB, /foːr’lɑːs/, which is more in line with the phonology of the WM dialect, possibly indicating the word was not a natural one in PUL’s Irish.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in GCh. Friothálamh also corresponds to the related GCh noun, friotháileamh, “reception, entertainment of guests”. The genitive, spelt friothálmha in the original, is edited here as friothála, pronounced /frʹi’hɑ:lə/. The LS edition of Eisirt gives the pronunciation as frihálú, however.
fuaim: “sound”. This is masculine here, but feminine in GCh, although PUL’s Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha has a feminine an fhuaim. Foclóir d’Eisirt states this word is masculine.
gabháil: “seizure, capture”, with gabhála in the genitive. Pronounced /gvɑːlʹ/.
gabhaim, gabháil: “to go” with many subsidiary meanings. The preterite is ghoibh (adjusted from ghabh in the original) where there is ghabh in GCh as the pronunciation is /ɣovʹ/ in WM Irish. The present-tense autonomous form is gabhtar (gabhtar é!, “arrest him!, seize him!”), pronounced /goutər/.
gáire: “laugh”, which is sometimes gáir and sometimes gáire in GCh.
gaobhar: “nearness, proximity”, pronounced /ge:r/.
geóin: “drone, hum, clatter”.
gunta: “wounded” or “incisive, forceful, trenchant”; gonta in GCh. Pronounced /guntə/.
i: “in”. I generally becomes ins before the article (in sna) and before gach in WM Irish, but i ngach used in this text.
ionar: “tunic, vest”. Possibly pronounced /unər/.
lámh: “hand”. I láimh, “captive, in captivity”.
leathórlach: “half an inch”.
leathtroigh: “half a foot”, or leath-throigh in GCh.
léine: “shirt”.
línn: “period”, or linn in GCh. Note the long vowel here, /lʹi:ŋʹ/, whereas linn, “with us”, has a short vowel, /lʹiŋʹ/.
lucht: “people”. Pronounced /loxt/.
maíteach: “boastful”.
maoin:“property, wealth”.
me: disjunctive form of the first-person pronoun, pronounced /mʹe/ (or /mʹi/ through raising of the vowel in the vicinity of a nasal cononant). Always in GCh.
mearbhorb: “active and fierce”; glossed as “savage” in PSD.
mearláidir: “swift and strong”. Compare mearthréan, glossed as “savage” in PSD.
míchuíosach: “outrageous, extraordinary”, or míchuibheasach in GCh.
mileata: “martial, warlike”, or míleata in GCh, pronounced /mʹilʹətə/.
milis: “sweet”, with mísle in the comparative, where GCh has milse.
mór: “large”, pronounced /muər/.
mórghníomhach: “of mighty deed, redoubtable”, pronounced /muər-ɣnʹiːx/.
mórshlua: “multitude, host”, pronounced /muər-hluə/.
mórthímpall:mórthimpeall. The broad p in WM Irish is preserved here: /muər-hi:mʹpəl/. Sometimes found as mórdtímpall in other writers of WM Irish.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative.
nú: “or”, or in GCh, pronounced /nu:/.
ollamh: “master-poet”. Rí-ollamh, “chief ollamh of Ireland, chief poet in ancient Ireland”.
ollmhaím, ollmhú:ullmhaím, ullmhú in GCh, “to prepare”. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/ in WM Irish.
ollmhaitheas: “wealth”, pronounced /olə-vɑhəs/.
onóraím, onórú: “to honour”. Onóraim, onóradh is also found in PUL’s works.
os cionn: “above”. Pronounced /ɑs kʹu:n/.
priúnsa: “prince”, or prionsa in GCh.
rafar: “prosperous, flourishing; by extension, happy”.
rí: “king”. Note PUL’s use of ríthe, rather than the more common WM forms, rithe or rite, as the plural.
ríogan: “queen, princess, noble lady”, or ríon in GCh. Pronounced /ri:gən/.
ríogra: a collective word for “royalty, kings; lords”, or ríora in GCh.
rítheach: “royal house, palace”, with ríthí in the genitive.
rogha: “choice”. Pronounced /rou/. Note that rogha is followed by the nominative.
roim: “before”, or roimh in GCh, pronounced /rimʹ/.
saibhreas: “wealth”. pronounced /sevʹirʹəs/.
scaoilim, scaoileadh: “to loosen, release, let go”. Generally with
de: do scaoileadh de, “he was released, let go of”. The usage here with do shows the beneficiary of the action: scaoilidh dò, “set him free”.
sceartaim, sceartadh: “to burst”, or scairtim, scairteadh in GCh. Sceartadh gáire, “burst of laughter”.
séad: “treasure, valuable gift”. This is the noun from which seóid developed as a by-form according to PSD.
sid iad: “these are, here are”, corresponding to siod iad in GCh. Similarly, sid é and sid í correspond to siod é and siod í.
slua, slóite: “army”. PUL normally forms the plural of this word, sluaite in the Standard, with an –ó-. While IWM shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse.
snámhaim, snámh: “to swim, float”, pronounced /snɑːmʹ, snɑːv/.
so-aithne: “obvious, easy to recognise”, corresponding to so-aitheanta in FGB.
soíllse: “brightness, effulgence”. Do shoíllse, “Your Excellency”. Soíllse is also the plural of solas, “light”.
sórd: “sort”, sórt in GCh, pronounced /so:rd/. Also found as sórt in the original.
spiocóid: “spigot, bung”, or spiogóid in GCh.
sról: “satin”. PSD shows that sról can simply mean “white linen”. But whereas in some contexts, white linen shirts might be a more logical translation than satin shirts (e.g. the léinteacha sróil worn by soldiers in PUL’s historical novel Niamh), the master-poet here wears a satin shirt.
súgach: “tipsy, merry”.
tainist: “presumptive heir, tanist”, or tánaiste in GCh. The tanist was an elected heir to the throne under the Gaelic system of tanistry, or elective kingship. This word is quite wrongly used in the modern age to refer to the Irish Foreign Minister, who is not the elective heir to an Irish monarchy. The LS edition of Eisirt supplies a síneadh fada: táinisht.
tairbheach: “beneficial”. Pronounced /tɑrʹifʹəx/.
taithneamh: “shining; shimmer”, or taitneamh in GCh, pronounced /taŋʹhəv/. Clóca na raibh taithneamh corcra ann, “a glossy purple cloak”.
teideal: “title; entitlement”.
tímpall: “around”, or timpeall in GCh. The broad p
in WM Irish is preserved here: /tʹi:mʹpəl/.
tispeánaim, tispeáint: “to show”, or taispeáinim, taispeáint in GCh.
trascraím, trascairt: “to knock down”, or treascraím, treascairt in GCh. Foclóir d’Eisirt states that trascairt is an archaising form where found here. Consequently, treascraím, treascairt are the normal forms in WM Irish too. Pronounced /trʹaskə’ri:mʹ, trʹaskirtʹ/.
tréan: “strong”.
tréanfhear: “strong man, warrior, champion”, as in the royal champion who used to appear and take part in tournaments.
troigh: “foot”, with troithe in the plural. Pronounced /trigʹ, trihi/.
tuaith: this word means both “people” and “districts, petty kingdoms” and seems used in both sense in chapter 1 here. With tuatha in the plural.
úr: “your (plural)”, or bhur in GCh. Pronounced /u:r/.
veist: “vest”.