Monthly Archives: July 2013

Making the language up

The authoritative form of a language is that spoken by its native speakers. In most countries, this is not a controversial proposition, because in most countries the official language is widely spoken. In Ireland, the pretence remains that Irish is … Continue reading

Posted in Contents | 3 Comments

Aithris ar Chríost I:XVIII

CAIBIDEAL A HOCHTDÉAG. SAMPLA NA N-ATHRACH NAOFA. 1. Tabhair fé ndeara na hAithreacha Naofa, an sampla solasmhar a thugaid siad dúinn. Iontu súd a chítear an fhíoraontacht i gceart, agus an creideamh uasal. Is neamhní nách mór a ndeinimídne seochas … Continue reading

Posted in Aithris ar Chríost, Contents | Leave a comment

Aithris I:XVII

CAIBIDEAL A SEACHTDÉAG. BEATHA AN MHANAIGH. 1. Ní foláir duit a dh’fhoghlaim conas tu féin do bhriseadh agus do bhrú síos ’na lán nithe, más maith leat síocháin agus dea-mhéinn a bheith idir thu agus daoine eile. Ní rud suarach … Continue reading

Posted in Aithris ar Chríost, Contents | Leave a comment

An Craos-Deamhan 2

CAIBIDEAL A DÓ. Nuair a tháinig an t-ocras ar Chathal b’é ab fhada leis go raibh aimsir dínnéir ann go n-íosfadh sé a dhóthain. Tháinig an dínnéar fé dheireadh. Do shuigh chun búird cuideachta mhór de ríthibh agus d’uaislibh Múmhan. … Continue reading

Posted in An Craos-Deamhan, Contents | Leave a comment

Scéalaíocht 5

5. AN RUATHAIRE MIC Uair éigint do bhí feirmeóir ann. Do ráinig go raibh ruathaire mic aige chómh mí-ámharach is ’ bhí sé sa dúthaigh. Do bhí sé ólthach, imearthach, díomhaoin. Níorbh fhonn leis aon rud a bhainfeadh le gnó … Continue reading

Posted in Contents, Scéalaíocht Amhlaoibh | Leave a comment

Aithris I:XVI

CAIBIDEAL A SÉDÉAG. CUIR SUAS LE LOCHTAIBH DAOINE EILE. 1 Nithe nách féidir le duine a leigheas, ann féin nú i ndaoinibh eile, is ceart dò cur suas leó go foighneach go dtí go leighisidh Dia iad. Abair leat féin … Continue reading

Posted in Aithris ar Chríost, Contents | Leave a comment

Aithris ar Chríost I:XV

CAIBIDEAL A CÚIGDÉAG. OIBREACHA A DEINTEAR TRÍ GHRÁ DO DHIA. 1. Ní ceart aon olc a dhéanamh ar son aon ní ar bith, ná le grá d’aon duine. Ach is ceart, uaireanta, chun tairbhe do dhuine ’ bheadh ’na ghátar, … Continue reading

Posted in Aithris ar Chríost, Contents | Leave a comment

Scéalaíocht Amhlaoibh 4

4. GABHA NA GCLEAS Scéal Ghabha na gCleas: I Luimne ab ea ’ chónaigh an gabha so. Ar aon tslí, do bhíodh sé ag obair leis, agus ní oibríodh sé ar gach aon saghas gaibhníocht: ní fhéadadh sé éinní ’ … Continue reading

Posted in Contents, Scéalaíocht Amhlaoibh | Leave a comment

Aithris I:XIV

CAIBIDEAL A CEATHAIRDÉAG. SEACHAIN BREITHIÚNTAS OBANN. 1. Iompaigh do shúil ort féin agus ná bac do ghnó do chómharsan a bhreithniú. Nuair a bhíonn duine ag leagadh a bhreithiúntais ar ghnó a chómharsan bíonn a shaothar in aistear, bíonn dearúd … Continue reading

Posted in Aithris ar Chríost, Contents | Leave a comment

Aithris I:XIII

CAIBIDEAL A TRÍDÉAG. GAN GÉILLEADH DO CHATHAÍBH AN DIABHAIL. 1. An fhaid a bheimíd ar an saol ní féidir dúinn bheith gan buaireamh ná gan cathanna ón áirseóir. Uime sin atá scríofa in Iób: Níl i mbeatha an duine ar … Continue reading

Posted in Aithris ar Chríost, Contents | Leave a comment