Catilina 49

XLIX.

San aimsir chéanna san, áfach, do theip ar Q. Catulus agus ar C. Píso, le creidiúint ná le tathant ná le díolaíocht, a chur ’ fhéachaint ar Chiceró Caius Caesar do thabhairt cionntach sa chómhcheilg le fianaise bréige ó sna Allobrógaibh, nú ó dhuine éigin. Mar bhí fuath fíochmhar acu araon do; ag Píso toisc breith aisig do chur air mar gheall ar phionós éagórtha a chuir sé ar dhuine éigin ón dtaobh eile den Phádus; agus ag Catulus, toisc, nuair a bhí sé ag lorg na pontificeachta, agus é aosta agus mórán onóra fálta aige, gur bhuaigh fear óg mar Chaesar air. Bheadh an gnó adhsáideach an uair sin, mar fear ab ea é a bhí fial thar na beartaibh, i ganfhios, agus do thugadh sé bronntanasa ana-mhóra uaidh go poiblí, agus d’fhág san é múchta i bhfiachaibh. Nuair a theip orthu a chur ’ fhéachaint ar an gConsal an feillghníomh san do dhéanamh do chromadar féin ar imeacht, gach duine acu fé leith, anso is ansúd, ag cúlchainnt san éitheach, dhá rá gur airíodar so ’s súd ó sna hAllobrógaibh, go dtí gur chuireadar árd-dhrochainm air sin. Bhí an scéal chómh holc san go raibh Caesar ag teacht amach a tigh na seanaide agus gur bhagair cuid den mharcshlua na claímhte air. Bhíodar ’na ngárda ar thigh na seanaide agus nuair a chonacadar ag teacht amach é d’éirigh dásacht aigne dhóibh nuair a chuímhníodar ar an gcúntúirt mór ’na raibh an chathair; nú, ba mhaith leó a ndíogras don stát a thaispeáint.

Nóta

Ó sna Allobrógaibh: note the lack of h-prefixation in the original here. The h is inserted in the Letiriú Shímplí edition.

Foclóirín

adhsáideach: “convenient, easy”, or aosáideach in the CO, pronounced /əi’sɑ:dʹəx/.
aiseagaim, aiseag: “to restore, restitute, repay; to vomit”. I have a lot of research to do on this word, as Ó Dónaill’s dictionary shows aisíocaim, aisíoc in the meaning of “to restitute, repay”, but aiseagaim, aiseag in the meaning of “to restitute; to vomit”, making it unclear why the word has split into two possible forms in that dictionary. Dinneen’s dictionary has only aiseagaim, aiseag. In PUL’s Séadna, the verbal noun is spelt aisioc, but here we have aisig. A further problem is the meaning: the notes in the early edition of Catilína show do daoradh Catilína i gcoir airgid ’ aisig means “he was convicted of a charge of misappropriating money”; it seems that a judgment requiring restitution of money was also a judgment that extortion had taken place, and so aiseag had an extended meaning of “extortion”. Breith aisig, “a judgment or sentence of extortion”. It is worth noting that the Letiriú Shímplí edition has aishic here, but aishig elsewhere. Breith aisig do chur air: I am unclear if this is “accusing him of extortion” or “sentencing him for extortion”.
anso is ansúd: “all over the place”.
bronntanas: “gift, present”. Note the plural here, bronntanasa. PUL uses bronntanaisí in the plural in his Críost Mac Dé. The CO has bronntanais in the plural.
C. Píso: Gaius Calpurnius Piso, Roman consul in 67 BC. Piso failed in his attempt to prevail on Cicero to implicate Julius Caesar in the Catiline conspiracy.
creidiúint: “credit”, or “reputation, honour”. Le creidiúint is glossed in the early edition of Catilína as “by influence”.
cúlchainnt: “backbiting, detracting, running someone down”.
díogras: “passion, zeal”, or díograis in the CO. This is one of many words where a lenited g (see díoghrais in Dinneen’s dictionary) has become unlenited in WM Irish.
féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.
feillghníomh: “foul, treacherous deed”, pronounced /fʹelʹi-ɣnʹi:v/.
marcshlua: “cavalry, horsemen”.
Pádus: the River Po in Italy, Padus in Latin. Transpadane Gaul was the part of Cisalpine (or Hither) Gaul that lay North of the Po.
pontificeacht: “pontificate”, the position of Pontifex Maximus, or high priest of the College of Pontiffs, in ancient Rome. The term Pontifex Maximus was later applied to the Pope, but was originally a pagan religious office. The CO has pontaifeacht.
so ’s súd: “such and such a thing”.
tathant: “incitement, urging, exhortation”.

Catilina 48

XLVIII.

Ansan, an choitiantacht úd a bhí chómh dúilmhar in athrach beatha ar dtúis, agus chómh fabhrúil do chogadh ’ theacht nuair a nochtadh an chómhcheilg d’athraigh a n-aigne, agus ag badhbóireacht is ea ’ bhíodar ar Chatilína agus ar a bheartaibh, agus Ciceró acu dá mholadh go hárd. Bhíodar chómh mór áthas agus lúgháir agus dá mbeifí tar éis iad do shaoradh a daoirse. Tairbhe, agus breis shaibhris, dar leó, a dhéanfadh na nithe eile a bhain le cogadh dhóibh, agus ní díobháil; ach loscadh na cathrach, bhí san ró-olc, ró-annspianta, róthiubaisteach ar fad, dóibh féin. Daoine ab ea iad go raibh gach aon chóir acu chun saibhris bídh agus éadaigh, agus taithí gach lae acu air.

Tar éis an lae sin do tugadh i láthair na seanaide fear dárbh ainm L. Tarquinius. Bhí sé, adúradh, ag dul ag triall ar Chatilína agus do tugadh thar n-ais é. Duairt sé go dtabharfadh sé eólas uaidh ar an gcómhcheilg dá dtugtí an choimirce phoiblí dho. Do tugadh, agus duairt an Consal leis an t-eólas a bhí aige do thabhairt uaidh. D’innis sé don tseanaid, fé mar a dh’innis Volturcius nách mór, an loscadh a bhí le déanamh, agus marú na ndea-dhaoine, agus teacht na namhad. Duairt sé ansan gurbh é Marcus Crassus a chuir é féin ag triall ar Chatilína chun a rá leis gan aon scannradh ’ bheith air i dtaobh Lentulus agus Cetégus agus tuilleadh de lucht na cómhcheilge ’ bheith gofa. Gurbh amhlaidh ba cheart don ní sin é ’ bhrostú chun na cathrach i dtreó go gcuirfeadh sé misneach aigne ar an gcuid eile agus go mba shaoráidí a tabharfí iad san ó bhaol. Ach nuair a dh’ainmnigh Tarquinius Crassus, an fear san a bhí chómh huasal, chómh saibhir, chómh creidiúnach, duairt a lán nárbh fhéidir an scéal a chreidiúint. Agus bhí daoine agus, bhíodh gur mheasadar gurbh fhíor é, do thuigeadar gurbh fheárr duine chómh cómhachtach do ghlacadh go réidh ná fearg do chur air, ’na leithéid d’am. Bhí a lán acu san a bhí fé chomaoine ag Crassus agus do labhradar go hárd agus dúradar gur cheart an scéal do thabhairt os cómhair na seanaide. Ar chómhairle Chiceró do cruinníodh seanaid líonmhar agus do cineadh go raibh crot an éithigh ar an eólas a bhí tabhartha uaidh ag Tarquinius, agus go gcaithfí é ’ chimeád i ngeímhlibh agus gan leogaint do a thuilleadh do rá mara neósfadh sé cé ’ chuir suas é chun a leithéid de bhréig a dh’ínsint. Bhí daoine an uair sin a mheas gurbh é P. Autrónius do chúm agus do cheap an gnó san, i dtreó, nuair a curfí ar Chrassus an choir, agus nuair a bheadh sé sa chúntúirt chéanna ’na raibh an chuid eile, gur dhóichíde go dtabharfadh a chómhacht san an chuid eile saor. Duairt tuilleadh gurbh é Ciceró féin a chuir Tarquinius suas chuige, le heagla go ndéanfadh Crassus, mar bá ghnáth leis, na cuirpigh do ghlacadh féna choimirce agus go gcuirfeadh sé an stát trína chéile. D’airíos-sa, ’na dhiaidh san, Crassus féin dhá dheimhniú gurbh é Ciceró do chuir an mórmhasla san air.

Foclóirín

annspianta: “grotesque, abnormal”, or ainspianta in the CO.
badhbóireacht: “cursing, scolding”, or badhbaireacht in the CO. Pronounced /bəi’bo:rʹəxt/.
cumaim, cumadh: “to form, shape.” The preterite has a long vowel, chúm, in WM Irish.
dóichíde: “all the more likely”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, móide, miste, meaning “all the more X for it”.
fabhrúil: “favourably disposed towards, in favour of”, with do. Fabhrach in the CO.
L. Tarquinius: Lucius Tarquinius, an informer who gave information to the senate on the Catiline conspiracy.
lúgháir: “gladness, welcoming joy”, or lúcháir in the CO. This word was given as luathgháir in the original, but IWM shows /lu:’ɣɑ:rʹ/ is the normal pronunciation (supported by the transcription in the Letiriú Shímplí edition), with /lu:’xɑ:rʹ/ also heard. Gaeilge Chorca Dhuibhne indicates a pronunciation of /luə’ɣɑ:rʹ/.
mara: “if not”, or muna in the CO. Both mara and mura are found in PUL’s works.

Catilína 47

XLVII.

Ansan do ceistíodh Volturcius i dtaobh na leitire, agus cá raibh sé ag dul, agus cad a bhí aige á bheartú. I dtosach bárra do cheap sé bréaga agus shéan sé rún ar an gceilg. Ansan do gealladh coimirce an stáit do ach an fhírinne ’ dh’ínsint agus do scaoil sé amach gach aon rud fé mar a thárla. Duairt gur ghlac Gabinius agus Caeparius ’na chómhalta é beagán laethanta roimis sin agus ná raibh a thuilleadh eólais aige ach mar a bhí ag na teachtairíbh. Ach go n-airíodh Gabinius dhá rá go raibh P. Autrónius agus Serbhius Sulla agus L. Bharguntéius, agus a lán nárbh iad, sáite sa chómhcheilg sin. D’admhaigh na teachtairí an rud céanna, agus thugadar an t-éitheach do Lentulus agus é ag séanadh an scéil. Bhréagnaíodar é ní hamháin leis an leitir ach leis na cainnteannaibh mar an gcéanna, a bhíodh ar siúl aige. Go ndeireadh sé go raibh, ó sna leabhraibh Sibulínacha, ríocht na Rómha i ndán do thriúr Cornéiliach. Gurbh iad Cinna agus Sulla an chéad bheirt agus gurbh é féin an tríú duine ’na raibh i ndán do fórlamhas na cathrach do ghabháil. Gurbh í sin an fichiú bliain ó loscadh an Chapitólium agus go nduairt na hauruspices go minic as na cómharthaíbh a chídís go mbeadh sí ’na bliain fhuiltigh le cogadh Rómhánach eatarthu féin. Ansan do taisbeánadh do gach éinne a shéala féin thíos leis an scríbhinn agus do léadh an scríbhinn. Do chin an tseanaid ansan go gcaithfeadh Lentulus an oific phoiblí a bhí aige do chur uaidh agus é féin agus an chuid eile acu do bheith i saorchimeád. Do tugadh Lentulus le cimeád do Ph. Lentulus Spinter, a bhí an uair sin in’ Aedíl, agus Cetégus do Q. Cornificius, agus Statilius do Ch. Caesar, agus Gabinius do Mharcus Crassus, agus Caeparius (mar do tugadh thar n-ais é sin beagán aimsire roimis sin), do Chn. Terentius, duine den tseanaid.

Foclóirín

aedíl: “aedile”, a munipical officer in ancient Rome. The CO has made up the term aeidíleach for something that is patently unconnected to Gaelic culture.
Capitólium (an Capitólium): the Capitol or the Capitoline Hill, the political centre of the Roman Empire, also referred to here as an Capitol. The first temple on the Capitoline Hill, the Temple of Jupiter Optimus Maximus, burned down in 83 BC, during which fire the Sibylline Books were lost.
C. Caesar: Caius or Gaius Julius Caesar, commonly known simply as Caesar, the Roman statesman who later became dictator before eventually being murdered in 44 BC.
Cinna: Lucius Cornelius Cinna (died 84 BC), who served as consul of the Roman Republic four times. Cinna was an opponent of Sulla.
Cn. Terentius: Cneius or Gnaeus Terentius, a senator.
Cornéiliach: someone surnamed Cornelius. Here PUL seems to form a Gaelic-style noun, along the lines of Brianach, Aimhirgíneach, etc.
dán: “lot, fate”. I ndán do, “in store for, predestined for, fated for”.
éitheach: “falsehood”. An t-éitheach a thabhairt do dhuine, “to flatly contradict someone”.
fuilteach: “bloody”. Fuiltigh here is dative singular feminine.
hauruspices: the haruspices or auspices (haruspex or auspex in the singular), ancient Etruscan or Roman diviners, whose divination was based on inspection of the entrails of animals.
leitir: “letter”, pronounced /lʹetʹirʹ/. This would be litir in the CO, but note that in the older orthography there was a distinction between litir, “letter”, and leitir, “the side of a hill”, which have collapsed together in WM Irish. Note the genitive here, leitire, where the CO has litreach.
P. Lentulus Spinter: Publius Cornelius Lentius Spinther, an aedile who helped to suppress the Catiline conspiracy. He later served as consul in 57 BC.
Q. Cornificius: Quintus Cornificius, who helped to suppress the Catiline conspiracy. He had served as tribune of the people in 69 BC.
saorchimeád: this word is not given in dictionaries, and i saorchimeád stands where “in private custody” stands in the English version of Catilína. This refers to a system whereby high-ranking individuals were held in the custody of prominent individuals, rather than being held in prison. Glossed in the early edition of Catilína as “on parole” (ar parúl in the CO).
Sibulínach: Sibylline. The Sibylline Books were a collection of oracles compiled during the early days of Rome and consulted at times of crisis. Apart from fragments that remain, they were later lost or destroyed (particularly in the burning of the Temple of Jupiter on the Capitoline Hill in 83 BC).
thíos le: “affixed or added below something”. This is my presumption of the meaning; I can’t find further evidence of the meaning.

Catilína 46

XLVI.

An túisce ’na raibh an méid sin gnótha déanta do comáineadh teachtairí ag triall ar an gConsal dhá ínsint tríd síos do. Bhí áthas mór agus buaireamh mór in éineacht ar an gConsal nuair ’ airigh sé an scéal. Bhí áthas air an cheilg do bheith nochtaithe agus an chathair a bheith tabhartha saor as an gcúntúirt. Agus bhí buaireamh ana-mhór air i dtaobh cad ba cheart a dhéanamh nuair a bhí beirthe i gcoir chómh trom ar uaislibh Rómhánacha a bí chómh hárd. Thuig sé in’ aigne dá gcurfí pionós orthu go mbeifí dian air féin, agus mara gcurtí an pionós orthu go mbeadh cúntúirt don stát ann. Ach do chruinnigh sé a mhisneach agus d’órdaigh sé Lentulus agus Cetégus agus Statilius agus Gabinius do ghlaoch chuige, agus fear dárbh ainm Caeparius, Tarracíneach, fear a bhí chun dul go hApulia chun na ndaor do ghríosadh. Tháinig an chuid eile gan mhoíll. Bhí Caeparius tar éis eólais a dh’fháil ar an scéith tamall beag roimis sin agus bhí sé tar éis a thí ’ dh’fhágáilt agus teitheadh as an gcathair. Do rug an Consal féin ar láimh ar Lentulus, toisc gur phraetóir é. D’órdaigh sé an chuid eile do theacht fé ghárda isteach i dteampall Choncórdia. Do ghlaeigh sé ar an seanaid chun na háite céanna. Tháinig cruinniú mór díobh. Ansan d’órdaigh sé Volturcius agus na teachtairí Allobrógacha do thabhairt isteach, agus duairt sé le Flaccus, an praetór, an bosca agus an leitir a bhí fálta aige ó sna teachtairíbh do thabhairt leis chun na háite céanna.

Foclóirín

Allobrógach: Allobrogian, pertaining to the Allobroges.
Caeparius: Quintus Coeparius, one of the conspirators, who fled Rome before he could be apprehended, only to be later caught and strangled in prison.
scéim, scéith: “to inform on”, or sceithim, sceitheadh in the CO. Scéim ar dhuine, “I inform on someone”. Pronounced /ʃkʹe:mʹ, ʃkʹe:/. As a noun scéith can mean “disclosure”.
Tarracíneach: a native of Tarracina (Terracina in modern-day Italy), a town to the south-east of Rome.
Teampall Choncórdia: the Temple of Concord, a temple dedicated to the Roman goddess Concordia, often used as a site for negotiation and reconciliation.

Catilína 45

XLV.

Nuair a bhí na nithe sin chun cínn ar an gcuma san do ceapadh oíche do sna hAllobrógaibh chun gluaiste. Bhí Ciceró tar éis an eólais go léir a dh’fháil uathu. D’órdaigh sé do L. Valerius Flaccus agus do C. Pomptínus, an dá phraetóir, bheith ag an ndrochad Mulviach, i bhfolach, roim buín na n-Allobróg, agus iad do ghabháil. D’innis sé dhóibh tríd síos an toisc fé ndeara dho an gnó san a thabhairt le déanamh dóibh. D’fhág sé fúthu féin aon ní eile do dhéanamh fé mar ba ghá. Bhí taithí ag an mbeirt sin ar gnóthaíbh cogaidh. Chuireadar, gan aon fhothram, buíon armtha ar an ndrochad, i ganfhios, dhá chimeád, fé mar a hórdaíodh dóibh. Thainig na teachtairí, in éineacht le Volturcius, chun na háite. D’éirigh an fothram ó gach taobh. Do thuig na Gaíll an bheart a bhí ar siúl agus thugadar iad féin suas do sna praetóraíbh. Do ghlaeigh Volturcius, ar dtúis, orthu go léir agus duairt sé leó iad féin do chosaint. Chosain sé é féin ar an slua ar feadh tamaill, lena chlaíomh. Ansan, nuair a chonaic sé go raibh na teachtairí tar éis é ’ thréigean, chrom sé ar é féin do chur fé choimirce Phomptínus toisc aithne ’ bheith aige air. Fé dheireadh, agus é lán d’eagla báis, thug sé é féin suas do sna praetóraíbh mar a thabharfadh sé do namhaid.

Foclóirín

C. Pomptínus: Caius Pomptinus, one of the praetors of the city of Rome, who led an ambush at the Milvian Bridge 63 BC that foiled the Catiline conspiracy.
L. Valerius Flaccus: Lucius Valerius Flaccus, one of the praetors of the city of Rome who took Cicero’s side during the Catiline conspiracy. He later became a Roman governor in Asia.
Mulviach: the Milvian Bridge (Ponte Milvio, Rome). PUL uses the form Milbhiach in his Lúcián.
praetóir: “praetor”, a Roman title given to the commander of an army or an elected magistrate, or often, as here, to governors of Roman provinces; the word is found in Ó Dónaill’s dictionary, where the plural given is praetóirí. PUL’s use of praetóraíbh as the dative plural gives a broad r, possibly because this is a foreign word and the Latin word would have had what to the Irish ear would have been a broad r. Praetóir is also given as praetor in one passage here, possibly for the same reason, but is edited here as praetóir to standardise the editing.
toisc: “purpose, object”.
tréigim, tréigean: “to abandon, forsake”.

Catilína 44

XLIV.

Ach, fé mar a dh’órdaigh Ciceró dhóibh, do chuaigh na hAllobróga chun cainnte leis an gcuid eile de lucht na ceilge, trí stiúrú Ghabinius. D’iarradar ar Lentulus agus ar Chetégus agus ar Statilius agus ar Chassius dearbhú ’ thabhairt dóibh scríofa, agus a n-ainmneacha thíos leis, i dtreó go bhféadfaidís é ’ thaispeáint dá muíntir féin nuair a raghaidís abhaile. Gan é nárbh fhuiriste dhóibh iad a thabhairt isteach ’na leithéid de ghnó. Thugadar go léir, ach Cassius, an scríbhinn uathu agus a n-ainmneacha leis, gan aon drochamhras. Gheall Cassius go dtiocfadh sé chun na háite in achomaireacht, agus d’imigh sé as an gcathair tamall beag sarar imigh na teachtairí. Chuir Lentulus leó fear dárbh ainm T. Volturcius, Crotónach, i dtreó go ndéanfadh na hAllobróga, roim dhul abhaile dhóibh, ceangal caradais le Catilína, agus eisean leó san. Thug sé féin do Volturcius leitir ag triall ar Chatilína, agus tá scríofa anso thíos macshamhail den leitir:—

“Gheóbhair amach ón té atá agam á chur chút cé hé me. Cuímhnigh cad í an ghuais ’na bhfuilir agus bí it fhear chróga. Breithnigh cad ’tá riachtanach do sna nithibh atá beartaithe agat. Iarr cúnamh ar an uile dhuine dá mb’é an té is ísle é.”

I dteannta an méid sin thug sé teachtaireacht uaidh i gcainnt. Ó bhí an tseanaid tar éis namhaid a dhéanamh de, cad chuige ná glacfadh sé daoraicme? Go raibh gach aon rud ollamh sa chathair fé mar a dh’órdaigh sé. Nár cheart do féin aon ríghneas a dheanamh de theacht níba chóngaraí.

Foclóirín

Crotónach: a native of Crotona, a Greek settlement in Calabria, southern Italy.
stiúrú: “guidance, direction; guiding, direction”, or stiúradh in the CO.
T. Volturcius: Titus Volturcius, a lowly born man charged with carrying a treasonable letter designed to bring the Allobroges into the Catiline conspiracy.

Catilína 43

XLIII.

Ach bhí socair ag Lentulus agus ag an gcuid eile de cheannaibh na ceilge, sa Róimh, tar éis slua mhór do chruinniú, mar bhí le feiscint, nuair a bheadh Catilína tagaithe isteach i bhFaesulae, go gcruinneódh L. Bestia, tribún na ndaoine, cómhthionól, agus go ndéanfadh sé gearán ar ghníomharthaibh Chiceró, agus go gcuirfeadh sé milleán an chogaidh uathásaigh ar an gConsal fhíor fhónta san. Dhá ghlacadh san mar chómhartha, an oíche a bhí chúinn, go ndéanfadh gach duine eile de shlua na ceilge an gnó a bhí geárrtha amach do. Agus seo mar a bhí na gnóthaí sin geárrtha amach, de réir mar adeirtear. Go ndéanfadh Statilius agus Gabinius, agus buíon mhór acu chuige, tine ’ chur i dhá n-áit déag den chathair in éineacht, in sna háiteannaibh ’nar dóichíde dhi lasadh go maith. Nuair a bheadh an chíréip ar siúl mar gheall ar an dtine, d’fhéadfí teacht go saoráideach ar an gConsal agus ar an muíntir eile a bhí le cur chun báis. Cetégus a bhí chun tí an Chonsail do bhriseadh agus an Consal do mharú; agus duine eile chun duine eile. Bhí an chlann mhac, agus leis na huaislibh ab ea an chuid ba mhó dhíobh, ceapaithe chun a n-aithreacha do chur chun báis. Ansan, nuair a bheadh na daoine curtha as a meabhair leis an loscadh agus leis an marú, do ghluaiseódh lucht na ceilge amach as an gcathair agus do raighidís ag triall ar Chatilína. An fhaid a bhí an t-ollmhú san agus an socrú san dá dhéanamh bhí Cetégus coitianta ag gearán ar ríghne na cod’ eile. Go raibh caothúlachtaí móra acu á mhilleadh le leadrán agus le cur lae ar cáirde. Nách le cómhairle a bhí gá, sa chúntúirt ’na rabhadar, ach le gníomh. Dá dtagadh beagán in éineacht leis féin go dtabharfadh sé fogha fé thigh na seanaide an fhaid a bhí an chuid eile acu ag líodráil. Fear colgach dian ab ea é, tapaidh ’na ghníomh, agus dar leis ní raibh aon ní ab fheárr ná luas gnímh.

Foclóirín

cáirde: “delay”. Lá ’ chur ar cáirde, “to postpone, delay”.
caothúlacht: “convenience, opportuneness”, or caoithiúlacht in the CO. This word is normally singular, but caothúlachtaí móra here means “great opportunities”.
dhá: “two”. This apparently causes n-prefixation before a noun starting with a vowel in the dual, as in i dhá n-áit déag here. PUL’s translation of the gospels has dhá iasc, leaving me wondering if n-prefixation here is in some way connected with the use of i.
círéip: “riot, uproar”, or círéib in the CO.
colgach: “bristling, angry, fierce”, pronounced /koləgəx/.
fogha: “dart, lunge, attack”, pronounced /fou/.
geárrtha amacha: “carved out”, but also “assigned, distributed, worked out in advance”.
leadrán: “lingering, being dilatory”, pronounced /lʹadə’rɑ:n/.
líodráil: “hanging about, lingering”. The Leitiriú Shímplí does not show an epenthetic vowel for this word, but logically there should be one, and Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows it is pronounced /lʹi:də’rɑ:lʹ/.
saoráideach: “easy”, pronounced /səi’rɑ:dʹəx/. The Leitiriú Shímplí edition shows the pronunciation to be /se:’rɑ:dʹəx/, a variant that is accepted in IWM.

Catilína 42

XLII.

Le línn na haimsire céanna, nách mór, bhí buaireamh i nGallia i bhfogas agus i nGallia i gcéin, agus i dtír Phicénum, agus i measc na mBruttií, agus in Apulia. Mar, na daoine a bhí curtha chun siúil uaidh ag Catilína roimis sin is amhlaidh a bhíodar, gan mheabhair gan chómhairle, agus gach aon rud acu á dhéanamh in éineacht. Bhíodh na cómhthionóil acu san oíche agus na hairm agus na gathanna acu á bhreith ó áit go háit agus iad ag rith agus ag cur thrí chéile, i dtreó gur mhó an scannradh a bhí acu á chur ar dhaoine ná mar a bhí de chúntúrt iontu. Do chuir Q. Metelus Celer a lán acu san i ngeímhlibh, le cómhairle na seanaide, tar éis a gcás do thuiscint. Dhein C. Muséna an rud céanna i nGallia i gcéin mar a raibh sé ’na leasuachtarán.

Foclóirín

Bruttií (na Bruttií): the Bruttians, an ancient Italian people who lived in the southern Italian region corresponding to modern Calabria.
cás: “legal case”. A gcás do thuiscint here appears to mean “bring them to trial”, being more or less a direct translation of the Latin caussa cognita, where caussum cognoscere is a legal term for examining the facts of a crime. Cás do thuiscint is normally used in Irish for “understanding someone’s case, seeing the difficulties they are in”.
cian: “a distance”. PUL often uses cian in the dative (i gcian agus i gcóngar, “far and near”), where the CO uses the historically correct dative, céin. However, here we have Gallia i gcéin, Transalpine Gaul, possibly reflecting the more literary style of this work.
C. Muséna: this is apparently a misprint in the original for C. Muréna, referring to Caius Murena, who governed Tranasalpine Gaul on behalf of his brother, Lucius Murena, after the latter left Gaul in a successful bid to obtain the consulship in 62 BC.
cómhthionól: “assembly, gathering”. This word is often cómhthalán in WM Irish, but I am unsure if that is only the case in the meaning of “pattern, a gathering at a holy well particularly on a patron saint’s day”. More research required here. The Leitiriú Shímplí edition of Catilína compiled by Osborn Bergin transcribes cómhthionóil as côhanóil, which seems to indicate that this was one possible pronunciation of the word.
ga: “spear”, with gathanna in the plural.
Gallia: Gaul, modern-day France, divided into a number of Roman provinces, including Gallia i bhfogas, Hither Gaul (Gallia Cisalpina or Gallia Citerior, that part of Gaul on the Roman side of the Alps), and Gallia i gcéin, Further Gaul (Gallia Transalpina or Gallia Ulterior, that part of Gaul on the other side of the Alps).
geímheal: “fetter, shackle, chain”, with geímhle in the plural. Pronounced /gi:l, gi:lʹi/.
leasuachtarán: “deputy governor, proxy governor, acting governor”. Modern dictionaries insist this word means “vice-president”, but then the word uachtarán was much wider than “president”, meaning a president, chairman, governor or leader of any kind.

Catilína 41

XLI.

Ach bhí na hAllobróga i bhfad i gcás ’dir dhá chómhairle i dtaobh cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh. Bhí ar thaobh, na fiacha, a ndúil i gcogadh, an tairbhe mór a thiocfadh as an mbua lena raibh súil acu. Bhí ar an dtaobh eile, an bhreis shaibhris, an bheart shiúrálta, an tairbhe ’na raibh deimhne air in inead an tairbhe ná raibh deimhne air. Bhíodar ag cur ’s ag cúiteamh. Fé dheireadh do rug séan na Rómha an bua. Do nochtadar an gnó go léir do Quintus Fabius Sanga, fear a dheineadh coimirce go minic dá gcathair. D’innis Sanga an scéal do Chiceró. Duairt Ciceró leis na teachtairíbh a leogaint orthu go raibh ana-bháidh acu leis an gceilg; aithne ’ chur ar an gcuid eile acu; geallúna maithe ’ thabhairt dóibh; dícheall a dhéanamh ar iad a bheith chómh soiléir sa choir acu agus dob fhéidir é.

Foclóirín

báidh: “sympathy, liking”, or in the CO. Pronounced /bɑ:gʹ/.
geallúint: “promise, pledge”, or gealltanas in the CO.
Quintus Fabius Sanga: Quintus Fabius Sanga, son of Quintus Fabius Maximus who received the surname Allobrogicus for having subdued the Allobroges in 121 BC. He became the patron of the Allobroges and through his offices they allerted Cicero to the Catiline conspiracy.
siúrálta: “sure, certain”, or siúráilte in the CO. Pronounced /ʃu:’rɑ:lhə/.
soiléir sa choir: “implicated in the crime”.

Catilína 40

XL.

Ag déanamh na hoibre sin do do chuir sé fear dárbh ainm Publius Umbrenus ag triall ar theachtairíbh a bhí tagaithe ó sna hAllobrógaibh, chun iad do mhealladh isteach ’na gcáirdibh sa chogadh dá mb’fhéidir é. Thuig sé in’ aigne go rabhadar múchta i bhfiachaibh poiblí agus i bhfiachaibh príobháideacha. Thuig sé leis gur dhaoine a bhí tugtha do chogadh muíntir Ghallia. Ba dheimhin leis dá bhrí sin nár dheocair iad do thabhairt chun na hoibre. Bhí Umbrenus tar éis bheith i nGallia ar a lán gnóthaí agus bhí aithne aige ar a lán de ríogra na tíre sin agus acu air. Dá bhrí sin gan a thuilleadh ríghnis, chómh luath agus ’ chonaic sé na teachtairí ag teacht isteach sa bhfóram (tháinig sé chúthu agus) chuir sé roinnt ceisteanna chúthu ar conas a bhí an scéal sa bhaile acu. Dhein sé trua dá gcruachás agus chrom sé ar a fhiafraí dhíobh cad é an dul ón gcruachás ’na raibh súil acu leis. Nuair a chonaic sé iad ag gearán ar shainnt na n-oificeach; ag daoradh na seanaide mar ná raibh aon chabhair acu á tabhairt dóibh; dhá rá ná raibh chun iad a dh’fhuascailt as a mbrón ach an bás: “Dá mbeadh aon fhearúlacht ionaibh,” ar seisean leó, “do thaispeánfainnse dhíbh slí ’na bhféadfadh sibh dul ó sna holcaibh móra san. Nuair aduairt sé an chainnt tháinig ana-dhóchas do sna hAllobrógaibh agus chromadar ar iad féin do chaitheamh suas air dhá iarraidh air fóirithint orthu. Ná raibh ní ar bith chómh cruaidh ná chómh deocair sin ná go ndéanfaidís é go fonnmhar ach go bhfuasclódh sé a gcathair ó sna fiacha. Do rug seisean leis iad isteach i dtigh Bhrútus ná raibh i bhfad ón bhfóram, agus ná raibh gan eólas ar an gceilg, trí Shemprónia. Ní raibh Brútus féin sa bhaile an uair chéanna. Do chuir Umbrenus fios ar Ghabinius i dtreó go mbeadh breis iúntaoibhe as an gcainnt a bhí le rá aige. Ansan do nocht sé an cheilg dóibh. D’ainmnigh sé na cómhaltaí. D’ainmnigh sé a lán, de gach cineál, a bhí saor ar an gceilg, chun breis coráiste ’ chur ar na teachtairíbh. Ansan, nuair a ghealladar san a gcúnamh féin, do chuir sé uaidh iad.

Foclóirín

Allobróga (na hAllobróga): the Allobroges, a Celtic tribe living in ancient Gaul, who Catilina sought to persuade to join the conspiracy. In the end, they revealed the conspiracy to Cicero.
Brútus: Decimus Junius Brutus, consul in 77 BC and husband of Sempronia, who took part in the Catiline conspiracy.
cineál: “sort, kind, group”. De gach cineál, “of every sort”.
coráiste: “courage”.
fóram: “Forum”, the square that formed the center of Roman political life.
Gallia: Gaul, modern-day France.
oificeach: “officer”, or oifigeach in the CO.
príobháideach: “private”. This form is also found in the CO. In PUL’s Mo Sgéal Féin the form príobhóideach is found.
Publius Umbrenus: a businessman with connections in Gaul who tried to persuade the Allobroges to join the Catiline conspiracy.
ríogra: ríora in the CO, a collective word for “royalty, kings”.
saor: “cheap”, but saor ar, “innocent of” a crime.