Aithris I:VII

CAIBIDEAL A SEACHT.

SEACHAIN AN MHUINÍN BHAOTH AGUS AN T-UABHAR.

1. Is baoth an té a chuireann a mhuinín as daoine, ná as aon rud cruthaithe.

Ná bíodh ceann-fé ort i dtaobh seirbhíse ’ dhéanamh don fhear thall, trí ghrá d’Íosa Críost, ná i dtaobh bheith it dhuine bhocht i radharc an tsaeil seo.

Ná bíodh do sheasamh ort féin, ach bíodh do mhuinín go seasmhach a’ Dia.

Dein do dhícheall féin agus cabhróidh Dia leat.

Ná bíodh do mhuinín as t’eólas féin ná a’ gastacht aon duine beó, ach amháin a’ grásta Dé; mar is é Dia do chabhraíonn le lucht na húmhlaíochta agus do leagann ar lár lucht an uabhair.

2. Ná dein maíomh a’ saibhreas má tá saibhreas agat; ná as do cháirdibh má táid siad cómhachtach; ach bíodh do mhaíomh as Dia, ós É a thugann dúinn gach aon rud, agus gur mian leis É féin a thabhairt dúinn thar gach aon rud.

Ná bí maíteach má fear mór thu, nú fear breá, agus go bhféadfadh taom breóiteachta an mhéid agus an bhreáthacht do lot.

Ná glac sásamh mar gheall ar t’éirim aigne, ná ar do ghéarchúis, le heagla go gcurfá míshásamh ar Dhia, agus gurb é Dia a thug duit pé dea-thréithe atá ionat.

3. Ná meas gur feárr thu ná daoine eile, le heagla go mb’fhéidir go bhfeicfeadh Dia gur measa thu ná iad; mar chíonn Dia cad ’tá istigh sa duine.

Ná glac mór-is-fiú mar gheall ar do dhea-oibreachaibh, óir ní mar a bhreithníd daoine a bhreithníonn Dia, agus an rud a thaithneann le daoine is minic ná taithneann sé le Dia.

Má tá aon ní fónta ionat, creid go bhfuil ní is feárr ná é i ndaoinibh eile, i dtreó go gcimeádfair thu féin úmhal.

Má mheasann tú gur feárr gach éinne ná thu féin, ní dhéanfaidh sé blúire díobhála dhuit; ach má mheasann tú gur feárr tu féin ná oiread agus éinne amháin, déanfaidh san díobháil mhór duit.

Bíonn suaimhneas i gcónaí ag an té atá úmhal, ach sa chroí ’na bhfuil an t-uabhar ní bhíonn ach formad agus fearg go minic.

Foclóirín

breóiteacht: “sickness”.
ceann-fé: “shame”, or ceann faoi in GCh. The hyphen in the original is preserved here, as this is a noun.
cómhachtach: “powerful”, or cumhachtach in GCh. Pronounced /koːxtəx/.
dea-obair: “good work, good deed”. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows that the best speakers, such as Amhlaoibh Ó Loingsigh did not intrude an h after the prefix before the vowel (see dea-eólas in CFBB), although some speakers did.
dea-thréith: “good quality”.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
gastacht: “cleverness, cunning”.
gurb: the combination of the subordinating conjunction go and the copula, pronounced /gərb, gurəb/.
i: “in”.I becomes ins before the article (in sna), and before gach in WM Irish. Id is often found as it in PUL’s works, even before a consonant, and it seems that this is particularly the case when followed by ch and dh/gh. Theoretically, an unvoiced consonant like ch could devoice the d, but dh/gh is not unvoiced, and so it seems that voiced guttural consonants have the same effect.
loitim, lot: “to spoil”. The LS version of Aithris shows that lot is pronounced /lotʹ/, and it may be that this verb parallels cuirim, cur, where cur is generally pronounced cuir.
maíteach: “boastful”.
méid: “amount, size”. This is normally masculine in PUL’s Irish, but we find an mhéid here in chapter 7 of book 1 and PSD shows that the feminine gender is possible.
muinín: “confidence, trust”.
sásamh: “satisfaction”. Sásamh a ghlacadh (mar gheall ar rud), “to take satisfaction in something”.
seasaím, seasamh: “to stand”, or seasaim, seasamh in GCh. Do bhreithiúntas a sheasamh, “to stand by/insist on your own view”. Seasamh ort féin, “to rely on yourself”.
taom: “fit, paroxysm”. Taom breóiteachta, “a short period of illness”.
té: “he (who); the one (who)”. This word derives from é with t prefixed, as is normal before a masculine noun in the nominative. However, the form is calcified, and the genitive and dative are also an té, as is seen here in chapter 7 of book 1, ag an té.

Aithris I:VI

CAIBIDEAL A SÉ.

DÚIL ANNRIANTA.

1. Aon uair a chuireann an duine dúil annrianta i rud tagann buaireamh air láithreach.

Ní bhíonn suaimhneas choíche ar fhear an uabhair, ná ar fhear na sainnte. An té atá úmhal agus an té atá gan dúil i saibhreas tá mórán suaimhnis aigne acu.

An duine ná fuil básaithe go hiomlán fós, in’ aigne féin, curtar cath air go luath agus buaitear air i nithibh beaga suaracha.

An té atá lag ’na chráifeacht agus claon, fós, do sna nithibh a thaithneann leis an gcolainn, is ana-dheocair dò é féin do tharrac ar fad ó mhianaibh an tsaeil seo.

Agus dá bhrí sin bíonn gruaim air go minic nuair a tharraigeann sé é féin uathu; agus is fuiriste fearg a chur air má bhíonn éinne ag cur ’na choinnibh.

2. Ach má shásaíonn sé a mhian beidh a choínsias á dhaoradh láithreach go trom, toisc gur ghéill sé don drochmhian nár thug dò in aon chor an sásamh a bhí uaidh.

Dá bhrí sin is le cur i gcoinnibh ár ndrochmhian atá suaimhneas aigne dáiríríbh le fáil againn, agus ní le géilleadh dhóibh.

Agus ní hi gcroí an duine cholnaí atá an suaimhneas le fáil, ná i gcroí an duine go bhfuil a mhian in sna nithibh atá lasmu’ dhe, ach sa chroí go bhfuil a mhian i nithibh sprideálta.

Foclóirín

annrianta: “unbridled”, or ainrianta in GCh. The pronunciation indicated in the LS version of Aithris is ayinhrianta. However, Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows the pronunciation /aunriəntə/.
básaím, bású: “to put to death, execute”. Básaithe in’ aigne féin, “dead to himself”.
claon: “inclined”. Claon do, “inclined towards; partial to”.
colann: “body”, with colainn in the dative, which form is used in the nominative in GCh.
colnaí: “carnal, sexual; fleshly, bodily”. This would be collaí in GCh, yet the LS version of Aithris indicates the pronunciation is /kolə’niː/. I think it likely that Shán Ó Cuív has given the wrong transcription here.
cráifeacht: “devotion, piety”.
dáiríribh: “in earnest; indeed, actually, really”, or dáiríre in GCh.
deocair: “difficult”, deacair in GCh. Spelt deacair in the original, but pronounced /dʹokirʹ/ in WM Irish.
fuiriste: “easy”, or furasta in GCh. Generally uiriste in PUL’s Irish, although both forms are found.
gruaim: “gloom, displeasure”.
iomlán: “full, whole, entire”, pronounced /umə’lɑ:n/. Go hiomlán, “completely”.
lasmu’: “outside”, or lasmuigh in GCh. Pronounced /lɑs’mu/. This word is spelt lasmuich in the original, reflecting PUL’s concern to show there is no audible g in this word.
sainnt: “greed.” The traditional double n, not used in GCh, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/.
sásaím, sásamh: “to satisfy”.
taithneann, taithneamh: “to be pleasing to; to shine”, taitníonn, taitneamh in GCh. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən, taŋʹhəv/.

Aithris I:V

CAIBIDEAL A CÚIG.

LÉ’ NA SCRÍBHINNE DIAGA.

1. An fhírinne is ceart do lorg sa Scríbhinn Diaga agus ní huaisleacht cainnte.

Leis an íntinn lenar deineadh an Scríbhinn Diaga is ea is ceart an Scríbhinn Diaga go léir do lé’.

Ní guntacht focal is ceart dúinn a lorg sa Scríbhinn Diaga, ach tairbhe.

Is ceart dúinn bheith chómh toiltheanach chun leabhar símplí diaga do lé’ agus ’ bheimís dá mba leabhair dhoimhne árda iad.

Ná cuireadh údarás an scríbhneóra seirithean ort pé beag mór an éirim litreachta atá aige; ach deineadh dúil sa bhfírinne thu ’ tharrac chun an leabhair do lé’.

Ná fiafraigh cé ’duairt a leithéid seo, ach éist leis an ní adeirtear.

2. Imíd na daoine, ach fanann fírinne an Tiarna ann de shíor. Labhrann Dia linn i mórán slite, gan féachaint do dhuine seochas a chéile.

Deineann ár bhfiafraítheacht féin ceataí dhúinn i lé’ an Scríbhinn Diaga nuair is áil linn scrúdadh agus breithniú ’ dhéanamh ar an rud is ceart dúinn a scaoileadh thorainn.

Más maith leat tairbhe ’ bhaint as an Scríbhinn Diaga léigh é go húmhal agus go símplí agus go dílis, agus ná hiarr choíche ainm léinn a bheith ort.

Fiafraigh go fonnmhar i dtaobh bréithre na Naomh agus éist leó go ciúin; agus ná cuireadh solaoidí na sean aon tseirithean ort, mar ní gan fáth a labharthar iad.

Foclóirín

dílis: “faithful, honest”.
féachaim, féachaint: “to look at”. Féachaint do, “having regard to”: gan féachaint do dhuine seochas a chéile, “without respecting persons/without favouring one person over another”.
fiafraítheacht: “curiosity, inquisitiveness”, pronounced /fʹiər’hiːhəxt/. The LS version of Aithris has fiahryhacht, reflecting a frequently found confusion of rh and hr in LS.
fonnmhar: “willing, desirous”. Go fonnmhar, “gladly”. Pronounced /funəvər/.
guntacht: “sharpness, incisiveness, succinctness”, or gontacht in GCh. Guntacht focal, “subtlety of expression, a way of saying much with a few words”.
litreacht: “learning, literature” pronounced /lʹitʹirʹəxt/ according to the LS version of Aithris. It seems that leitir is pronounced with /e/, owing to the influence of the unrelated word leitir (“side of a hill”), whereas cognate words such as litreacht have /i/. PUL’s form here is neither litridheacht (litríocht in FGB) or liteardhacht, a variant that is found in PSD for “book-learning”. Éirim litreachta, “aptitude/talent in terms of book-learning”.
pé: “whichever, whatever”. Pé beag mór é, “however small or large it be”.
scaoilim, scaoileadh: “to release, discharge”. Rud do scaoileadh, “to pass something on, spread a piece of news, etc”. Rud do scaoileadh thort, “to let something go, leave something alone, ignore it”.
scríbhinn: “writing”. An Scríbhinn Diaga, “the Holy Scriptures”: it is worth noting this word is singular in Irish. Note both lé’ na Scríbhinne Diaga and lé’ an Scríbhinn Diaga here, where an Scríbhinn Diaga can either be declined for the genitive or not, depending on whether it is taken as a noun phrase bracketed off in the nominative absolute.
scríbhneóir: “writer”, pronounced /ʃkrʹiː’ŋʹoːrʹ/.
scrúdaím, scrúdú: “to examine”. Both scrúdú and scrúdadh are found in PUL’s works, with the latter found here, but the LS version of Aithris suggests the pronunciation is scrúdú.
sean: “old”, but also a noun, meaning “elder, forbear”.
seirithean: “indignation; a feeling of disappointment”, or seirfean in the CO. Pronounced /ʃerʹihən/.
síor: “eternal”, substantivised in the phrase de shíor, “for ever, constantly”. Pronounced /də hiːr/.
slí: “way”. Note the plural here, slite, which is also the form found in GCh. Some of the LS editions of PUL’s works, including that of Catilína, show a pronunciation /ʃlʹihi/, but /ʃlʹitʹi/ is found here. The vowel in the first syllable of the plural seems to be short, although the spelling slíghthe is sometimes found, for example, in PUL’s Niamh.
thar: “through, across, past”. Thorainn, “beyond or past us”, equivalent to tharainn in GCh. The LS version of Aithris has haruing, which implies that both thorainn and tharainn are found.
toiltheanach: “willing”, or toilteanach in GCh; followed by chun. Pronounced /tolʹhənəx/.

Aithris I:IV

CAIBIDEAL A CEATHAIR.

FÉACHAINT RÓMHAINN.

1. Ní ceart géilleadh do gach focal ná do gach bagairt; ach an rud do mheá go haireach agus go fadaradhnach de réir Dé.

Monuar! is minic gur túisce linn an t-olc a chreidiúint i dtaobh duine eile, agus do rá ’na thaobh, ná an mhaith, táimíd chómh lag san.

Ach ní ghéillid daoine fíoraonta do gach scéal, mar tuigid siad laige an duine, a thugthacht chun an uilc, agus chun díobhála ’ dhéanamh le cainnt.

2. Is mór an chiall gan bheith obann i ngníomh, ná rócheanndána ag seasamh ár mbreithiúntais féin.

Agus is mór an chiall, leis, gan cainnt gach éinne do chreidiúint, agus gan an rud a chloisimíd, nú a chreidimíd, do scaoileadh láithreach isteach i gcluais duine eile.

Glac cómhairle ó fhear chiallmhar choínsiasach, agus bí níos tugtha chun eólais ’ fháil ó dhuine is feárr ná thu, ná chun do rian féin a leanúint.

Deineann beatha mhaith duine eagnaí de réir Dé, agus oilte ar a lán nithe.

Dá úirísle a bheidh duine ann féin, agus dá iomláine a chuirfidh sé a thoil le toil Dé, is ea is eagnaí agus is suaimhneasaí a bheidh sé ins gach ní.

Foclóirín

aireach:“careful, attentive”, pronounced /i’rʹɑx/.
bagairt: “threat; act of nodding, winking”. Géilleadh do gach bagairt here appears to mean “to trust in each feeling/inclination we have”, an interpretation supported by the English version of this work. “Inclination” here may be a logical extension of “nodding, winking”.
cainnt: “speech”, or caint in GCh. The traditional double n is preserved here to show the diphthong, /kaintʹ/.
ceanndána: “stubborn”.
coínsiasach: “conscientious”, or, as here, “of good conscience”. Pronounced /kiːnʃəsəx/.
deirim, rá: “to say, tell”. The verbal noun, , is pronounced with a slender r in the combination do rá, /də rʹɑː/, transcribed by Shán Ó Cuív as do reá.
eagnaí: “wise”, pronounced /ɑgə’niː/.
fadaradhnach: “long-suffering, patient”, or fadaraíonach in GCh. The pronunciation given in IWM is /fɑdɑ’riːnəx/, but Brian Ó Cuív also says that some speakers have /fɑdɑ’rəinəx/, and so in the absence of any direct knowledge of PUL’s pronunciation the original spelling is retained here. The LS version of Aithris has fadaraynach.
féachaint rómhainn: literally “looking ahead; being circumspect in one’s actions”, this corresponds to “prudence in action” in the English version of Imitatio Christi.
gach: “each, every”. Gach éinne, “everyone”, pronounced /gə’heːŋi/.
géillim, géilleadh: “to yield, submit”, and therefore “to give credence to”, with do.
i: “in”. I becomes ins before the article (in sna), and before gach in WM Irish.
iomláine: “fullness, entirety”. Dá iomláine é, “however fully”. Pronounced /umə’lɑːnʹi/.
laige: “weakness”, pronounced /ligʹi/.
láithreach: “presently, without delay”, pronounced /lɑːrʹhəx/.
meáim, meá: “to weigh”, both in the literal sense and in the sense of giving careful consideration to something.
monuar: “ alas! woe is me!” The LS version of Aithris also has monuar, but I want to check whether the pronunciation is not /mə nuər/.
obann: “sudden”, or tobann in GCh. Obann i ngníomh, “hasty in action”.
rian: “trace; course”. Do rian féin a leanúint, “to follow your own course”. Chun do rian féin a leanúint here fails to decline do rian féin in the genitive, treating it as a noun phrase in the nominative absolute.
scaoilim, scaoileadh: “to release, discharge”. Rud do scaoileadh, “to pass something on, spread a piece of news, etc”.
seasaím, seasamh: “to stand”, or seasaim, seasamh in GCh. Do bhreithiúntas a sheasamh, “to stand by/insist on your own view”.
tugtha: “willing”, pronounced /tukə/. Note that tugtha is followed by do+noun (tugtha do rud) or by chun+a phrase (tugtha chun eólais a dh’fháil), which is a general syntactical pattern in Irish. See the section on prepositional use, pages 173-178 in Gearóid Ó Nualláin’s Studies in Modern Irish, Part 1.
tugthacht: “willingness, inclination, tendency”, pronounced /tukəxt/.
úirísle: “lowliness, humility”. Úirísleacht is found elsewhere in Aithris: where PSD and FGB both prefer uirísle, in PUL’s works, it is often the case that an abstract noun in -e is used with , (dá úirísle é, “however humble/humbly”), contrasting with an abstract noun in -(e)acht used elsewhere. The LS version of Aithris shows the pronunciation is /uː’rʹiːʃlʹi/.

Aithris, I:III

CAIBIDEAL A TRÍ.

TEAGASC ÓN BHFÍRINNE.

1. Is séanmhar an té a gheibheann teagasc ón bhfírinne féin, an té ná faigheann an teagasc trí sholaoidíbh agus trí ghuthannaibh a d’imíonn, ach ón bhfírinne mar atá sí.

Cuireann ár dtuairim féin agus ár gciall féin amú sinn go minic, agus ní puínn a chíd siad.

Cad é an tairbhe mórán aighnis i dtaobh nithe doimhne dorcha ná beidh orainn freagairt iontu lá an bhreithiúntais, peoca ’ bheidh eólas againn orthu nú ná beidh?

Is leamh an gnó dhúinn faillí a thabhairt in sna nithibh atá tairbheach, riachtanach, agus cúram a dhéanamh de nithibh baoithe, díobhálacha. Tá súile againn agus ní fheicimíd.

2. Agus cad é sin dúinne cad a bhaineann le téarmaibh sua?

An té go labhrann an Briathar Síoraí leis, tá sé saor óna lán tuairimí.

Ón aon Bhriathar atá gach uile ní, agus labhraid siad go léir an tAon san, agus is é sin an Tosach a labhrann linne.

Gan É ní tuigtear ná ní breithnítear i gceart.

An té gurb aon ní amháin leis gach ní, agus do tharraigeann gach ní chun aon ní amháin, agus a chíonn gach ní in aon ní amháin, níl bac air bheith seasmhach ’na chroí agus bheith ar a shuaimhneas i láthair Dé.

Ó, a Dhia na fírinne, aontaigh me leat féin i ngrá shíoraí!

Bím go minic tuirseach ó bheith ag lé’ a lán nithe agus ag éisteacht lena lán nithe, agus gurb ionatsa atá mo dhúil agus mo mhian go léir.

Éisteadh gach lucht teagaisc; bíodh gach ní cruthaithe ciúin id láthair, agus labhairse féin liom it aonar.

3. Dá aontaítheacht a bheidh duine ann féin agus dá shímplíocht a bheidh sé in’ aigne, is ea is mó agus is aoirde na nithe a thuigfidh sé gan dua, mar tagann solas tuisceana chuige ón áit thuas.

An té go mbíonn an aigne ghlan, shímplí, shocair aige, ní suaitear é nuair a thagann mórán oibreacha air, mar deineann sé iad go léir in onóir do Dhia, agus deineann sé dícheall ar gach aon chreidiúint a lorg dò féin dá mbárr.

Cá bhfuil an té a dheineann cosc ná ceataí dhuit níos mó ná mar a dheinid na mianta gan smacht atá istigh it chroí féin?

Socraíonn an Críostaí fíoraonta, istigh in’ aigne, i láthair Dé ar dtúis, na hoibreacha atá aige le déanamh os cómhair daoine.

Ansan, in inead iad san dhá tharrac san chun ainmhianta baoise, lúbfaidh seisean iad san chun dea-bhreithiúntais.

Cá bhfuil an té is géire a chaitheann troid ná an té atá a d’iarraidh smacht do chur air féin?

Agus sin é an gnó ba cheart a bheith againne ’á dhéanamh, ag buachtaint orainn féin agus ag fáil lámh uachtair orainn féin in aghaidh an lae, agus ag cur breise ar ár bhfeabhas.

4. Níl feabhas ionainn ar an saol so gan olcas éigin ag gabháil leis, agus níl breithniú dá ndeinimíd gan dul amú éigin ag gabháil leis.

Cuir aithne go húmhal ort féin. Is cruinne de shlí chun Dé dhuit é ná bheith ag breithniú go doimhinn ar ealaíontaibh.

Ní cóir locht ’ fháil ar léann, ná ar aon eólas réidh atá tairbheach ann féin agus órdnaithe ó Dhia, ach is ceart i gcónaí tosach a thabhairt don choínsias ghlan agus don bheatha fhíoraonta.

Ach tá daoine ann agus is mó acu eólas do chruinniú ná beatha mhaith do chaitheamh. Dá bhrí sin bíd siad ag dul amú go minic agus is beag má bhíonn aon tsochar óna saothar.

5. Ó, dá ndeintí oiread díchill ar na dúáilcíbh a dhíbirt agus ar na súáilcíbh do shaothrú, agus a deintear ar cheisteannaibh do chur, ní bheadh oiread uilc ná oiread drochshampla i measc daoine agus ’tá, agus bheadh smacht níos feárr i mainistríbh.

Go deimhin, nuair a thiocfaidh lá an bhreithiúntais ní fiafrófar dínn cad a léamair, ach fiafrófar dínn cad a dheineamair. Agus ní fiafrófar dínn ar labhramair go maith, ach fiafrófar dínn ar chaitheamair ár mbeatha go diaga.

Innis an méid seo dhom. Na máistrí móra agus na huaisle léinn úd go léir go raibh aithne mhaith agat orthu an fhaid a bhíodar beó, agus gur mhór a gcáil i bhfoghlaim, cá bhfuil siad anois?

Tá daoine eile ’na n-inead anois, ag fáil an airgid a bhí acu dá fháil, agus ní fheadar an gcuímhníd siad in aon chor orthu. An fhaid a bhíodar beó bhí meas éigin orthu, ach ní thráchtann éinne anois orthu.

6. Ó! Nách tapaidh a dh’imíonn glóire an tsaeil seo! Is trua ná raibh a mbeatha de réir a n-eólais. Dá mbeadh, ní hin aistear a bheadh an léann ná an fhoghlaim.

Cad é a bhfuil de dhaoine dá gcailliúint trí eólas bhaoth an tsaeil, agus gan puínn suime acu i seirbhís Dé!

Agus, ós túisce leó bheith mór, dar leó, ná bheith úmhal, cuireann a mbaothaireacht féin ar neamhní iad.

Is é an duine mór i gceart an té go bhfuil grá mór do Dhia aige.

Duine mór i gceart is ea an té atá suarach dar leis féin, agus ná cuireann suím san onóir is aoirde.

Duine ciallmhar i gceart is ea an té a mheasann ná fuil ach salachar i nithibh an tsaeil seo go léir seochas Críost a dh’fháil.

Duine fíorléannta is ea an té a dheineann toil Dé agus do shéanann a thoil féin.

Foclóirín

aghaidh: “face”, pronounced /əigʹ/. In aghaidh, “for, for each”, often losing the final slender g, as in in aghaidh an lae, /ən əin ‘leː/ (or is it /inʹ əin ‘leː/?).
aighneas: “contention, argument”, pronounced /əinʹəs/.
anmhian: “passion, lust”. The original text had ainmhianta, in the plural, transcribed by Shán Ó Cuív in the LS edition of Aithris as ayinvianta, but Brian Ó Cuív shows in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne that anmhian is pronounced /’ɑn-‘vʹian/.
ann: “there; in it, in him”. This word is pronounced /aun/ when stressed, but /un/ when unstressed (see IWM, paragraph 402), which is found particularly often in ann féin, /un fʹeːnʹ/.
ansan: “then”, ansin in GCh.
aontaím, aontú: “to unite”. Aontaigh me leat féin, “make me one with you”.
aontaítheacht: “a state of being recollected, calm, composed”. Dá aontaítheacht é ann féin, “however composed he is”; the English version of Imitatio Christi says “the more a man hath unity in himself”. The LS edition of Aithris shows the pronunciation is /eːn’tiːhəxt/.
baoth: “foolish, vain”, with baoithe in the plural. The GCh plural is baotha, which is the logical plural; baoithe should be the comparative.
baothaireacht: “vanity, silliness”.
bárr, barra: “top”. De bhárr, “as a result of”.
breithiúntas: “judgment, discernment”, or breithiúnas in GCh.
buaim, buachtaint: “to win, gain a victory”, or buaim, buachan in GCh.
cá: “where?”, transcribed as ca in the LS version of Aithris prepared by Shán Ó Cuív in 1930. It may be that a short vowel is possible here.
cad: “what”, used as cad é in exclamations meaning “how”: cad é a bhfuil de dhaoine, “how many people”.
cáil: “repute, fame”. Cáil i bhfoghlaim, “fame/reputation on account of one’s learning”.
caillim, cailliúint: “to lose; to perish”, or caillim, cailleadh in GCh.
ceataí: “inconvenience, awkwardness, a problem”. This appears in GCh as ciotaí, but ceataighe is the traditional spelling, and the pronunciation in WM Irish is /kʹa’ti:/. Ceataí dhéanamh duit, “to inconvenience you”.
cruthaím, cruthú: “to create”. PUL said in Notes on Irish Words and Usages that he had both seen and heard cruthaitheóir and cruthnaitheóir, but had only seen cruthú in print, but had never heard anything other than cruithniú; yet, chruthaithe is found here. Cruithním, cruithniú and cruithnithe would be more natural to the WM dialect. Gach ní cruthaithe, “all creation”.
dea-bhreithiúntas: “right judgement”. Breithiúntas would be breithiúnas in GCh, although dea-bhreithiúnas is not specifically listed in FGB.
deimhin: “certain, sure”, pronounced /dʹəinʹ/. Go deimhin, “in truth, assuredly”.
dícheall: this usually means “one’s best efforts”, but a rarer, literary meaning is “neglect, negligence”. Deineann sé dícheall ar gach aon chreidiúint a lorg dò féin, “he neglects to seek all the credit for himself”. Pronounced /dʹiːhəl/.
dorcha: “dark”, pronounced /dorəxə/.
drochshampla: “bad example”, pronounced /dro-haumplə/ according to the transcription in LS, although there may be an epenthetic vowel.
dua: “trouble doing something”. Gan dua, “easily, with no trouble”.
dúáilce: “vice”. See the comments under súáilce.
ealaí: “art, science, skill”, with ealaín in the dative singular, which form has replaced the nominative in GCh. The dative plural here is ealaíontaibh, with a t, although the nominative plural is found as ealaíona in other works by PUL (see Eisirt).
éistim, éisteacht: “to listen; keep silent, hold your tongue”. Note that éist is normally /e:ʃtʹ/, but a byform eist /eʃtʹ/ may also be heard in the phrase eist do bhéal, “hold your tongue”, or as an imperative meaning “hush; hold your tongue”. Consequently, the third-person imperative éisteadh is transcribed here in the LS version of Aithris as eshdeach, with a short e.
fiafraím, fiafraí: “to ask (a question of someone)”, used with de. Pronounced /fʹiər’hi:mʹ, fʹiər’hi:/.
fíoraonta: “righteous”, or fíréanta in GCh.
fíorléannta: “truly learnèd”.
freagraim, freagairt: “to answer”, pronounced //. Freagairt i rud, “to account for something; to answer for it”.
gabhaim, gabháil: “to go” with many subsidiary meanings. Gabháil leis, “for something to go with something, be mixed in with something”. Pronounced /goumʹ, gvɑːlʹ/.
glan: “clean”. Coínsias glan, “a clear conscience”.
glóire: “glory”, or glóir in GCh.
inead: “unit, place”, or ionad in GCh. In inead, “instead of”. Pronounced /inʹəd/.
labhraim, labhairt: “to speak”, or labhraím, labhairt in GCh. Labhraid siad go léir an tAon san, “they all speak of Him”.
lámh uachtair: “the upper hand”. Fáil lámh uachtair (or an lámh uachtair) ar dhuine, “to get the upper hand over someone”, where lámh uachtair stands in the nominative absolute as a noun phrase.
leamh: “disgusting; insipid; foolish, silly”, pronounced /lʹav/. Is leamh an gnó dhúinn é, “it is grievous folly”.
léim, lé’: “to read” or léim, léamh in GCh. The GCh spelling of the verbal noun is highly in appropriate, given that the traditional spelling was léigheadh, and so the verbal noun has been truncated in the spelling here to indicate the pronunciation better.
loirgim, lorg: “to search, seek”, or lorgaím, lorg in GCh. Pronounced /lirʹigʹimʹ, lorəg/.
mainistir: “monastery”. The dative plural, edited here as mainistríbh, was given as mainistiríbh in the original text, showing an epenthetic vowel, /manʹiʃtʹirʹiː/, although none in shown in the LS version of Aithris.
máistir: “master”. The plural, edited here ias máistrí, was given as maighistirí in the original text, showing an epenthetic vowel, /mɑːʃtʹirʹiː/, although the LS version of Aithris has mayishtrí, which appears to be the wrong pronunciation.
mór: “large”. Is mór agam é, “I think it important”, and hence is mó acu eólas do chruinniú, “they think it more important to accumulate knowledge”.
ní: “thing”. Aon ní, “one thing”, pronounced /eː’ŋʹiː/ according to the LS version of Aithris.
obair: “work”, with oibreacha in the plural. Pronounced /obirʹ, ebʹirʹəxə/.
olc: “evil”, with uilc in the genitive, where GCh has oilc.
órdnaím, órdnú: “to ordain”, or oirním, oirniú in GCh. Órdnaithe ó Dhia, “ordained by God”.
peoca: “whether”, from pé acu, or pé’cu. Pronounced /pʹukə/. Often followed by a relative clause.
réidh: “clear, smooth, level”, pronounced /reːgʹ/. Eólas réidh here possibly means “agreeable, ready” and therefore “useful knowledge”?
salachar: “dirt, sewage”, pronounced /slɑxər/ according to the transcription in LS.
saoi: “wise man”, with the genitive plural (and singular?) sua. GCh would have saoithe in the genitive plural.
séanmhar: “lucky, happy”, pronounced /ʃianvər/.
seasmhach: “steady, constant”, pronounced /ʃasəvəx/.
seirbhís: “service”, pronounced /ʃerʹi’vʹiːʃ/.
seochas: “besides; in comparison with”, or seachas. Spelt seachas in the original, but pronounced /ʃoxəs/.
símplí: “simple”.
símplíocht: “simplicity, simplemindedness”.
socraím, socrú: “to settle, place”. Pronounced /sokə’ri:mʹ, sokə’ru:/.
solaoid:“illustration, example, parable”.
súáilce: “virtue”. The LS version of Aithris has suáilcív for the dative plural here, spelt sobháilcíbh in the original text. Compare the transcription with a medial v in the LS version of Catilína. Bearing in mind the comments in paragraph 137 of IWM that a v at the beginning of a word or syllable approaches /w/ in its realisation, it seems reasonable to adopt the transcription used in Scéal mo Bheatha, the autobiography of Dónall Bán Ó Céileachair edited by Coiste Litríochta Mhúscraí: see súáilceach on p 182. The pronunciation is therefore /suː’ɑːlʹkʹi/.
suaithim, suathadh: “to shake, toss about”, or suaithim, suaitheadh in GCh.
tapaidh: “quick”, or tapa in GCh. Pronounced /tɑpigʹ/.
téarma: “term, expression”, with téarmaibh in the dative plural here (although the LS version of Aithris transcribes as if from téarmaíbh). Pronounced /tʹiarmə/. Téarmaí sua, “philosophical sophistries, matters of philosophy”.
tosach: “beginning, front”, pronounced /tə’sɑx/.
tuirseach: “tired”, pronounced /tir’ʃax/.
túisce: “soonest; first”. Is túisce leó é, “they prefer it”.
úmhal: “humble, obedient”. Pronounced /u:l/.

Eisirt, caib. a 14

Caibideal a XIV

Sa Bhaile Slán

Do mothaíodh go raibh tosach an tslóigh ag siúl ana-ghéar. Níorbh fhada gur mothaíodh go rabhadar ag rith. Níorbh fhada go raibh an tslua go léir ag rith agus gan blúire suime acu in Aodh. Do ghluais an mhuíntir a bhí laistiar de amach tímpall a chos agus eatarthu. Bhí “Tháinig an rí! Tháinig an rí!” i mbéal gach éinne agus gach éinne ag rith. Ansan is ea ’ bhí Aodh i gcruachás. Níor dhein sé ach seasamh mar a raibh aige agus a dhá throigh a chimeád ar an dtalamh go daingean. Bhí na daoine beaga ag gluaiseacht thar na brógaibh agus thar na haltaibh aige, díreach mar a ghluaiseódh an t-uisce dá mbeadh sé ’na sheasamh san abhainn. Bhí sé tamall maith ’na sheasamh ar an gcuma san agus na daoine beaga ag gluaiseacht thairis amach, agus ná leogfadh scannradh dhò aon chos leis a bhogadh den talamh. Bhíodar chómh fada san ag gabháil thairis amach gurbh iúnadh leis cá bhfuaradh iad go léir. Bhí eagla a chroí air ná féadfadh sé a chosa ’ chimeád daingean ar an dtalamh go mbeidís gofa thairis. Fé dheireadh ambasa do ghoibh an duine deirineach acu thairis amach. Ba mhór an fhuascailt é! Ansan is ea ’ thuig sé go raibh Iúbhdán tagaithe, agus gurbh in é fé ndeár an liúireach ar dtúis agus ansan an rith. Chaith sé é féin ar an dtalamh agus shín sé a chosa.

“Dá luathacht a bheadsa sa bhaile in Eamhain”, ar seisean in’ aigne féin, “is ea is feárr é. Níl aon ghnó anso agam. Nílimse oiriúnach don áit agus níl an áit oiriúnach dom. Táim rómhór ar fad don áit seo. Níorbh iúnadh liom go mbeadh doicheall ag teacht orthu. Ithim agus ólaim oiread le deichniúr agus daichead acu féin agus ’na dhiaidh san ní ithim leath mo dhóthana. Táim ag dul as. Ní haon chúmpórd bheith anso, pé onóir a tabharfí do dhuine. Bhí an ceart ag Eisirt nuair aduairt sé ná déarfadh sé liom teacht ná fanúint. Ní féidir dom milleán a chur ar éinne ach orm féin. Is míchothromach an rud do dhuine bheith rómhór, bheith ’na phiarda fathaigh i measc na ndaoine. Cad é an canncar a bhíodh orm go minic in Eamhain mar gheall ar me ’ bheith chómh beag! Cad a dhéanfainn anois dá mbeinn chómh mór le Feargus! Is amhlaidh mar atá an scéal agam táim rómhór—agus táim róbheag. Táim rómhór i Mágh Faithlinn agus táim róbheag in Eamhain”.

An fhaid a bhí sé sa mhachnamh san tháinig Eisirt chuige.

“Cad í an ghruaim seo anois ort, a rí éigeas?” arsa Eisirt.

“B’fheárr liom go mbeinn sa bhaile!” arsa Aodh.

“Ar dheineamair aon rud a chuir míshásamh ort, a rí?” arsa Eisirt.

“Níor dheineabhair, a rí”, arsa Aodh. “Me féin atá ag cur míshásaimh orm féin”.

“Agus cad é an locht atá agat ort féin, a rí?” arsa Eisirt.

“Tá, me ’ bheith rómhór”, arsa Aodh.

“Is tu an chéad duine riamh a dh’airíos-sa dhá lochtú féin mar gheall ar bheith rómhór. Is ana-mhinic, áfach, a dh’airíos duine dhá lochtú féin mar gheall ar é ’ bheith róbheag”, arsa Eisirt.

“Is fíor dhuit sin”, arsa Aodh. “Nuair a bhíos-sa sa bhaile in Eamhain ní raibh dhom baint den tsaol, de ló ná d’oíche, ach me ’ bheith chómh beag. Nuair ’ fhéachainn ar Fheargus agus ar na fir mhóra eile bhíodh mo chroí dá loscadh coitianta le formad. Ní fhéadadh duine féachaint ghéar a thabhairt orm ná measainn gur a’ déanamh iúnadh dem luíghead a bhíodh sé, agus bhínn ar buile. Anois, níl dhom baint den tsaol ach me ’ bheith chómh mór. Má fhéachann duine de mhuíntir na háite seo géar orm buailtear isteach im aigne láithreach gur ag déanamh iúnadh dem mhéid a bhíonn sé, agus tagann an bhuile chéanna orm. Is gasta a dheinis-se an gnó, a Eisirt, nuair adúraís ná déarfá liom teacht anso ná fanúint sa bhaile. Dá n-abarthá liom teacht is dócha go mbeinn ag cur an mhilleáin go léir ort anois agus dhá rá leat go raibh sé ceart agat me ’ fhágáilt sa bhaile. Ní dúraís liom teacht ná gan teacht. Ní féidir dom milleán an scéil do chur ar éinne ach orm féin”.

“Ná cuir milleán ort féin ná ar éinne eile, a rí éigeas”, arsa Eisirt. “Ní tusa an t-éinne amháin go bhfuil an dá ní sin, luíghead agus méid, ’á bhaint den tsaol. Luíghead agus méid cuirp atá ag cur ortsa. Is neamhní iad san seochas an dá ní eile úd, luíghead agus méid aigne. Nuair a bhís-se sa bhaile bhíthá buartha toisc gan tu ’ bheith chómh mór id cholainn le Feargus. Tá buairt anso ort toisc gan tu ’ bheith chómh beag liomsa”.

“Gabhaim párdún agat, a Eisirt”, arsa Aodh. “Ní dó’ liom gur mhaith liom bheith chómh beag leatsa!”

“Sin é ’ shamhlaíos, a rí”, arsa Eisirt. “Ní huiriste teacht suas le duine go bhfuil fios a aigne féin i gceart aige. Ach ní chuige sin a bhíos. Chuige seo is ea ’ bhíos, a rí. An bhuairt seo a bhíonn ortsa mar gheall ar do mhéid, nú ar do luíghead, is beag fear i gCúig’ Uladh ná bíonn an bhuairt chéanna air agus an formad céanna dhá bhaint den tsaol. Níl duine acu ná mothaíonn é féin róbheag nuair ’ fhéachann sé ar na daoine atá níos uaisle ná é féin, agus bíonn sé ar buile. Agus níl duine acu ná mothaíonn é féin rómhór nuair ’ fhéachann sé ar na daoine atá níos ísle ná é féin, agus bíonn sé ar buile le huabhar, agus bíonn fuath ag gach éinne dhò. Bíonn gach éinne ag fanúint uaidh amach”.

“Ní dó’ liom gur ceart an chainnt sin a thagairt dómhsa, a rí”, arsa Aodh.

“Ní ceart, a rí ollamh, agus ní duit atáim dhá tagairt. Ní hamhlaidh a bhíonn daoine ag fanúint uaitse amach. Is amhlaidh nách féidir iad a chimeád uait amach. Táim ag tagairt na cainnte do dhaoine a mheasann go bhfuil aigne mhór acu, agus gan acu, le fírinne, ach aigne ana-bheag. Is dó’ leó gur fathaigh iad, ’na n-aigne, ach chíodh an uile dhuine ná fuil iontu ach abhaic”.

“Im abhac nú im fhathach dom, a Eisirt”, arsa Aodh, “b’fheárr liom go mbeinn sa bhaile i gCúig’ Uladh”.

“Téanam ort isteach más ea, agus fág slán ag an rí agus ag tuatha Luchra agus Luprachán, agus cuirfidh Iúbhdán an t-each buí leat go Tráigh na dTréanfhear. Ní bheifá i bhfad ag dul abhaile go hEamhain dá mbeifá ar Thráigh na dTréanfhear”.

Do phreab Aodh ’na shuí. Thóg sé Eisirt ar a bhais chuige. Thánadar go dtí an halla mór mar a raibh féasta dá ollmhú chun fáilte ’ chur roimh Iúbhdán ar a theacht abhaile a’ hEamhain. Bhí maithe agus móruaisle tuatha Luchra agus Luprachán cruinnithe, agus bhí gach éinne ag suí isteach in’ inead féin, de réir teidil agus onóra agus uaisleachta. Níor deineadh dearúd den bhosca ’ bheith socair ar dheis an rí i dtreó go bhféadfadh Aodh suí air.

Do shuigh an chuideachta agus do chaitheadar an bia. Ansan do baineadh “na cínn bheaga as na dabhchaibh agus do dáileadh lionn sean suain somblasta” ar an gcuideachtain agus bhíodar go suairc agus go súgach agus go lán d’aoibhneas. Bhí an bia go maith agus bhí an deoch go maith agus bhí an caitheamh aimsire go maith. Ach, maith dob fheárr ná gach maith eile, bhí an rí sa bhaile acu.

Ar ball d’éirigh Iúbhdán agus dhein sé cainnt. Ní maíomh ná mustar ná bladhmann a bhí sa chainnt, áfach, ach tuairisc bhreá chruínn léir sholasmhar, ar Fheargus agus ar Ultaibh agus ar Chúig’ Uladh, ar na daoine móra a bhí ann agus ar a nósaibh agus ar a mbéasaibh.

“Agus”, ar seisean, ag críochnú na cainnte, “ní ceart do rí choíche bheith ag maíomh a’ méid a chómhacht ná a’ neart a shló, mar ní fheadair sé ná go mbeadh cómhacht le fáil ba mhó ná a chómhacht agus slua le fáil ba threise ná a shlua”.

Nuair a bhí an oíche caite agus an chuideachta ag cuímhneamh ar scaipeadh, tháinig Eisirt in aice an rí agus d’inis sé dhò go raibh Aodh ag dul abhaile go hEamhain.

“Tá go maith”, arsan rí. “Caithfar é ’ chur abhaile le honóir. Is é ollamh Uladh é. Deinse an t-each buí do ghléasadh, a Eisirt”, ar seisean, “agus beir Aodh leat go Tráigh na dTréanfhear”.

Dhein Eisirt mar aduairt an rí leis. Do ghléas sé an t-each buí agus chuaigh sé ar a mhuin agus chuir sé Aodh ar a chúlaibh. Do ghluais an t-each buí leó thar gach réidh, thar gach achrann, thar gach móin agus machaire, thar gach tír agus farraige, go dtí go rabhadar ar Thráigh na dTréanfhear.

Bhí uaigneas mór ar an mbeirt nuair a bhíodar ag scarúint le chéile. Ach b’éigean dóibh scarúint. Chuaigh Aodh abhaile go hEamhain agus tháinig Eisirt thar n-ais go Mágh Faithlinn ar each buí Iúbhdáin.

Ní hé mo thuairim go bhfeacadar a chéile ó shin.

CRÍOCH.

Foclóirín

abha: “river”. The dative is abhainn, which has replaced the nominative in GCh. Pronounced /au/ and /auŋʹ/.
achrann: “entanglement, undergrowth”, pronounced /ɑxərən/. This word can mean “fastness, depths”, but seems in context here to refer rather to land overgrowth with briars. PSD also has “obstacle”, as of a rock in a field, which may be relevant to the meaning here.
alt: “ankle”.
ambasa: “indeed”, or ambaiste in GCh. While this appears to mean “by my hands”, the form ambaiste indicates the derivation is rather from the asseveration “by my baptism”, perhaps by way of a circumlocuation to avoid uttering an irreligious phrase.. Pronounced /əm’bɑsə/.
bainim, baint: “cut”; baint de, “to remove from”. Rud a bhaineann den tsaol thu, “something that ‘kills’ you”, in the sense of greatly distressing you.
bladhmann: “bombast, bragging”, pronounced /bləimən/.
cad é: “how”. Cad é an canncar a bhíodh orm, “how vexed I used to be!”
cuirim, cur: “to put”. Cur ort, “to affect you adversely”, as of a heart complaint (in context here luíghead agus méid cuirp atá ag cur ortsa, “you are being troubled by your variously small and great stature”).
cúmpórd: “comfort”, or compord in GCh. Pronounced /ku:m’po:rd/. Ní haon chúmpórd bheith anso, “there is no pleasure in being here”.
dáilim, dáileadh: “to distribute, pour out, serve (of food and drink)”, used with ar. Dálaim, dáileadh in GCh.
diaidh: “wake, rear”, pronounced /dʹiəgʹ/. Na dhiaidh san, /nə jiə son/, “nevertheless, in spite of everything”.
doicheall: “inhospitality”. Pronounced /dohəl/.
dóthain: “enough, sufficiency”. A dhóthain mór, “more than enough for him”. Leath mo dhóthana, “half enough for me”. Note the genitive is dóthana, where GCh has dóthain and that this word is masculine in PUL’s works, where GCh has it as feminine.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
fuascailt: “ransoming, ransom”. Ba mhór an fhuascailt é, “it was a great relief!”
géar: “keen, sharp, acute”. Féachaint ghéar a thabhairt ar dhuine, possibly “to stare at someone”.
lá: “day”. De ló, “by day”, where a calcified dative used only in this phrase is found.
luathacht: speed, especially in dá luathacht, “how fast”. Note that this would be dá luaithe in GCh, although dá luaithe is also used in WM Irish.
maith: “good”, also “something good” as a noun.
míchothromach: “most inconvenient”, pronounced /mʹiː-xorhəməx/.
milleán: “blame”.
móin: “moor”.
mustar: “diplay, ostentation”.
piarda: “pillar; huge person”. Piarda fathaigh, “giant”.
réidh: “moorland, heather plain”, or in GCh. Pronounced /re:gʹ/.
scaipim, scaipeadh: “to disperse, scatter”. Agus an chuideachta ag cuímhneamh ar scaipeadh, “the people present were thinking of leaving”.
scaraim, scarúint: “to part, separate”, or scaraim, scaradh in GCh.
slua, slóite: “crowd, army”. This word generally is feminine in PUL’s Irish, but masculine in GCh. PUL normally forms the plural of this word, sluaite in the Standard, with an –ó– (slóite). While IWM shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse. The genitive plural here is sló. Neart sló, “military strength/manpower”. Also note that both na sló and an tslóigh (in chapter 14) are found in the genitive singular here: tslóigh is transcribed as tlóig in the LS version of Eisirt, indicating that a g is heard in this form.
somblasta: “well-flavoured, palatable”, or so-bhlasta in GCh, which form is also given in PSD. Pronounced /so-mlɑstə/.
suairc: “pleasant, agreeable, gay”.
suan: “sleep, slumber”. Lionn sean suain, “old ale that easily makes you sleep”.
suím, suí: “to sit”. Do phreab sé na shuí, “he jumped up, he leapt onto his feet”.
tagraim, tagairt: “to refer”, or tagraím, tagairt in GCh. Pronounced /tɑgərimʹ, tɑgirtʹ/. Cainnt a thagairt do dhuine, “to refer or allude in a certain way to someone”.
téim, dul: “to go”. Dul as, “to get thin, waste away, get frail”.
uiriste: “easy”, furasta in GCh. Fuiriste is also found in PUL’s works, generally, in lenited contexts (rófhuiriste).

Eisirt, caib. 13

Caibideal a XIII

Fáilte dá hOllmhú.

Nuair a tháinig seacht catha féinne Luchra agus Luprachán abhaile ó Eamhain agus gan an rí acu bhí buairt agus brón agus uaigneas ar na daoine beaga go léir. D’inis an mhuíntir a tháinig abhaile ó Eamhain cad ’duairt Iúbhdán, go nduairt sé nárbh fholáir dhò féin bheith bliain in Eamhain agus ansan rogha a shéad d’fhágáilt ag Feargus. Shocraigh na daoine go léir a n-aigne agus dúradar lena chéile go gcaithfidís foighne ’ bheith acu, agus nár bhaol ná go dtiocfadh an rí abhaile chómh luath agus ’ bheadh na coinníollacha cómhlíonta agus na geasa ar neamhní. Bhí ’ fhios acu gur dhein Iúbhdán an éagóir ar Eisirt. Bhí ’ fhios acu gur mheasa go mór éagóir ó rí ná éagóir ó aon tsaghas eile duine, agus gur dheocra sásamh a thabhairt san éagóir sin ná san éagóir a dhéanfadh duine ba lú ná rí. Ach bhíodar ag faire na haimsire agus ag áireamh gach lae agus gach seachtaine go dtí go raibh an bhliain istigh.

Fé dheireadh bhí ’ fhios ag Eisirt go raibh an aimsir nách mór istigh, agus go mbeadh ar chumas Fhearguis, nuair a tabharfí dhò rogha na séad, Iúbhdán do leogaint chun siúil gan feitheamh le deireadh na bliana ar fad. Do ghlaeigh Eisirt chuige ar mhaithibh tuatha Luchra agus Luprachán agus do labhair sé leó.

“A mhaithe agus a mhóruaisle”, ar seisean, “tá ár rí ag teacht chúinn abhaile. Is ceart dúinn sinn féin do ghléasadh agus d’ollmhú chun fáilte ’ chur, mar is cóir agus mar is ceart, roimh Iúbhdán agus roim Bhébó”.

Do ghluais an scéal san mórthímpall na tíre go léir, mórthímpall Máighe Faithlinn, agus thosnaigh na daoine beaga ar theacht isteach ón uile thaobh den tír. Nuair a bhíodar cruinnithe, na céadta mílte dhíobh, do labhair Eisirt arís leó.

“A mhaithe agus a mhóruaisle agus a dhaoine”, ar seisean, “tá ár rí agus ár ríogan, Iúbhdán agus Bébó, ag teacht chúinn abhaile ar an each mbuí. Is chuige ’ chuireas teachtaireacht amach ag triall oraibh, chun go dtiocfadh sibh go léir anso agus go ndéanfadh sibh sibh féin do ghléasadh de réir úird agus uaisleachta, gach buíon agaibh féna dtaoiseach agus gach réim um á ríogra, agus go siúlóimís go léir amach, ’nár gcéadta mílte, ag cur fáilte roimis an rí agus roimis an ríogain”.

Chuireadar go léir liú suas, díreach mar a chuireadar nuair a bhí na seacht catha dhíobh ar faiche na hEamhna nuair a tháinig Iúbhdán chúthu amach agus gur mheasadar gur ag teacht leó abhaile a bhí sé. Bhí Aodh Éigeas ann, agus d’airigh sé an liú, agus dhein sé oiread iúnadh dhe díreach agus ’ dhein na hUltaigh de nuair ’ airíodar é ar faiche na hEamhna.

Do ghléas na daoine beaga iad féin ansan, fé mar aduairt Eisirt leó a dhéanamh, agus ba mhór an radharc iad. Do leath a shúile ar Aodh Éigeas nuair a chonaic sé an suaitheantas acu a bhí ann agus iad chómh mion!

“Cad a dhéanfadsa, a rí ollamh?” ar seisean le hEisirt. “Ba mhaith liom dul amach, chómh maith le cách, ag fáiltiú roimis an rí agus roimis an ríogain, ach má shiúlaím i measc na ndaoine tá eagla mo chroí orm, dá fheabhas aireachas a thabharfad dom chosaibh ná féadfad gan cuid acu do ghortú, nú b’fhéidir do mharú. Dá ráineódh go dtabharfainn ciscéim anacair cá bhfios dom, nuair a chuirfinn mo chos fúm arís, ná go mbeadh mórsheisear fém bróig agam, i bhfad uainn an t-olc! Dá bhfaighinn barrathuisle agus go leagfí me ní fios an mó duine ’ bheadh marbh fúm! Ní fheadar ’en domhan, a rí ollamh, cad is maith dhom a dhéanamh”.

“Socródsa an ní sin duit láithreach, a rí éigeas”, arsa Eisirt. “Féach, a rí éigeas” ar seisean, “seasaimhse ansan”.

Do sheasaimh Aodh ar lár an mhachaire san áit ’na nduairt Eisirt leis seasamh. Ansan do ghlaeigh Eisirt chuige ar dhuine de sna taoiseachaibh airm.

“Féach, a dhuin’ uasail”, ar seisean, “cuir trí naonúir de sna fearaibh atá agat, guala le gualainn, ansan laistiar d’Aodh, agus fanaidís breis agus daichead órlach uaidh siar”.

Do dhein.

“Cuir anois”, arsa Eisirt, “trí naonúir anso ar a láimh dheis, i ndiaidh ’ chéile”.

Do chuir.

“Cuir anois”, arsa Eisirt, “trí naonúir anso ar a láimh chlé, ar an gcuma gcéanna, i ndiaidh ’ chéile agus iad breis agus daichead órlach uaidh amach”.

Do dhein.

“Cuir anso anois, roimis amach, guala le gualainn, an ceathrú trí naonúir, agus aid breis agus órlach roimis amach”.

Dhein an taoiseach mar adúradh leis.

Nuair a bhí an méid sin déanta bhí Aodh ’na sheasamh istigh i lár na slí a bhí folamh ’na thímpall, agus bhí na cheithre línte fear san ’na seasamh, líne acu laistiar de, líne acu lasmu’ dhe, agus líne acu ar gach taobh de, agus gan aon fhear acu i ngaireacht daichead órladh dò.

“’Sea, a rí ollamh”, arsa Eisirt, “má gheibheann tú barrathuisle anois agus go mbainfear leagadh asat ní dó’ liom go dtitfir ar éinne. Tá breis agus t’aoirde féin de shlí ar gach aon taobh díot. Ach nuair a thosnóidh an siúl, a rí éigeas, deinse siúl go hana-réidh. In aghaidh gach ciscéim dá dtabharfairse caithfidh gach fear díobh so trí nú ceathair de chiscéimibh a thabhairt chun cimeád suas leat. Cuímhnigh ar sin, a rí éigeas, agus ná bí ródhian orthu. Agus tugaidhse aire”, ar seisean leis na fearaibh, “an slí chéanna ’ chimeád i gcónaí idir sibh agus Aodh, agus ar úr mbás gan éinne do leogaint thoraibh isteach sa tslí oscailte seo atá laistigh díbh”.

Bhí gach aon rud socair. Do tugadh don tslua an focal chun gluaiste. Do ghluais an tslua go léir ar aon chiscéim. An méid den tslua a bhí laistiar d’Aodh ní fhéadaidís gan bheith coitianta ag féachaint ar an bhfathach mór go raibh a cheann, dar leó, in áirde sa spéir agus a chosa ar an dtalamh i measc a gcos féin, agus gach aon chiscéim fhada ríghin a thugadh sé gur dhó’ le duine gur ag titim ’na chodladh a bhíodh sé agus nárbh fhios cad é an neómat a bainfí leagadh as. An méid den tslua a bhí lasmu’ dhe ní leogadh dlí an tsiúil dóibh féachaint siar, ach mheasaidís go gcritheadh an talamh féna gcosaibh in aghaidh gach ciscéim dá dtugadh sé. An méid den tslua a bhí ar gach taobh de ní fhéadaidís gan stracfhéachaint a thabhairt, anois agus arís, thar a nguaillibh air féachaint an mór den dúthaigh a féadfí a dh’fheiscint idir a dhá chois in aghaidh gach ciscéim dá dtugadh sé. Ba chuma le hAodh an fhaid ná raibh aon bhaol go satlódh sé ar aon chuid acu. Ach nuair ’ fhéacadh sé ’na thímpall ar na mílte sló go léir agus iad chómh beag, iad thíos ar fad uaidh ar an dtalamh, bhíodh sé a d’iarraidh cuímhneamh ar rud éigin a chuirfeadh sé i gcúmparáid leó, i dtreó go bhféadfadh sé cúntas éigin cruínn a thabhairt orthu nuair a raghadh sé abhaile go hEamhain. Ní fhéadadh sé cuímhneamh ar aon chúmparáid a thiocfadh isteach ar aon tslacht leis an bhfírinne. Ní fheacaigh sé riamh a leithéid de radharc. Na mílte daoine agus iad go léir chómh beag, agus san am gcéanna iad go léir chómh cúmtha, chómh córach, chómh dathúil, chómh glan, chómh dea-bhéasach, chómh lán d’eólas agus de thuiscint agus d’íntleacht.

Bhí an siúl dá dhéanamh. Bhíodar ag cur na slí dhíobh. I lár a mhachnaimh dò d’airigh Aodh an liú ag éirí amu’ i dtosach na sló. Do tógadh an liú, ó dhuine go duine, go dtí go raibh an tslua go léir ag liúirigh chómh hárd, chómh cuthaigh agus ’ bhí sé sa chliabh agus sa scórnaigh acu. Chuir Aodh liú as, go mbeadh sé, dar leis, chómh maith leó. Má chuir do scread na daoine beaga a bhí ar gach taobh de agus do ritheadar uaidh amach. Do scread na daoine beaga a bhí laistiar de agus do ritheadar uaidh siar. Do scread na daoine beaga a bhí lasmu’ agus do ritheadar uaidh amach. Shíl gach éinne nuair a hairíodh an liú a chuir Aodh as gurb amhlaidh a bhí an t-aer agus an talamh ag titim ar a chéile. Bhí gach aon chúntúirt go maródh na daoine beaga a chéile ag brú ar a chéile agus ag gabháil de chosaibh ’na chéile, do chuir an liú a dhein Aodh a leithéid sin de sceón iontu. Chonaic Eisirt an sceón agus an chúntúirt. Chonaic Aodh an sceón agus an chúntúirt.

“Cas scol amhráin dóibh, a rí éigeas”, arsa Eisirt.

Do chas Aodh an scol amhráin. Do chas sé é go hárd agus go bínn, agus ba mhaith chuige é. Do stad an brú láithreach. D’éirigh na daoine beaga a bhí ar lár agus do ghlanadar an ceó dá gcuid éadaigh. Ní raibh éinne marbh ná aon chnámh briste. Ba gheárr go rabhadar go léir go ciúin ag éisteacht le hamhrán Aodha.

“Stad anois, a rí éigeas”, arsa Eisirt.

Do stad. Tháinig lán a gcroí de náire ar an muíntir a ghlac an sceón. Bhíodar ag filleadh, gach éinne chun a áite féin sa tsiúl.

Foclóirín

aghaidh: “face”, pronounced /əigʹ/. In aghaidh, “for, for each”, often losing the final slender g and thus pronounced /ən əi/.
amhrán: “song”; pronounced /ɑvə’rɑːn/.
anacair: “uneven”, probably derived from anshocair, “unsteady”, pronounced /ɑnəkirʹ/. Ciscéim anacair was glossed in PUL’s Notes on Irish Words and Usages as “a step on a stone [that] tends to cause a fall or a sprain”.
barrathuisle: “stumble”, or barrthuisle in GCh.
brúim, brú: “to press”. The verbal noun was traditionally spelt brúghadh, and is one of a number of words where an audible h may be heard in some circumstances (see the note to paragraph 355 of IWM): /bru:~bru:h/.
casaim, casadh: “to twist, turn”, or “to curl” (of hair). Amhrán a chasadh, “to sing a song, strike up a song”.
chun: “towards”. The combined forms of this preposition are distinctive: chúm, chút, chuige, chúithi, chúinn, chúibh, chúthu. The Standard has chugam, chugat, chuige, chuici, chugainn, chugaibh, chucu. Is chuige, “that is the reason why; it was to that end”.
ciscéim: “footstep”, or coiscéim in GCh. The dative plural here, ciscéimibh, would support the view the nominative plural is ciscéimí, where GCh has coiscéimeanna. Ar aon chiscéim, “marching in unison”.
cliabh: “bosom, chest”.
coitianta: “regular, habitual; regularly, constantly”. Pronounced /ko’tʹiəntə/.
cumas: “power, ability”. Impersonally, tá ar do chumas é dhéanamh, “you are capable of doing it”.
cúntúirt: “danger”, or contúirt in GCh.
cuthach: “rage, fury.” The genitive of this word, cuthaigh, is used as an adjective meaning “furious, fierce”.
dea-bhéasach: “well-behaved, well-mannered”.
dlí: “law”. Dlí an tsiúil, “the marching regulations”.
éigeas: “learned man; sage, poet”, with éigse in the plural. Rí éigeas, “chief poet in ancient Ireland”. Note that we find here a rí éigeas in the vocative. Compare the comments on apposition in Gearóid Ó Nualláin’s Studies in Modern Irish Part 1, p240, where he explains that a Athair Peadar is the correct form of the vocative.
feitheamh: “waiting”, a verbal noun with a corresponding verb; used with le. Pronounced /fʹihəv/.
fios: “knowledge”. Ní fios, “who knows?; there is no knowing” in rhetoric utterances.
foighne: “patience”, pronounced /fəiŋʹi/.
gaireacht: “closeness, nearness”. This was spelt goireacht in the original. Pronounced /gi’rʹaxt/.
glaeim, glaoch: “to call”, or glaoim, glaoch in GCh. The spelling used in the editing here shows the pronunciation, /gleːmʹ, gleːx/. The traditional spelling was glaodhaim, glaodhach, which produces the right pronunciation in WM Irish. Glaoch chút ar dhuine, “to summon someone to you”.
istigh: “inside”, but also “complete; up”, of a time period. Pronounced /iʃ’tʹigʹ/.
lár: “ground”, as well as “centre, middle”. Ar lár, “on the ground, fallen down”.
mion: “small”, pronounced /mʹun/.
oscailte: “open”. Oscailte is found here in the original, and retained where found, but forms in -lta are more fundamental to the dialect; PUL’s Séadna has both oscalta and oscailte.
ráiníonn: “to reach”, without a verbal noun in common use. Usually found impersonally meaning “to happen to, transpire”. Dá ráineódh go, “if it transpired that”.
réim: “sway, authority; force of men”. See the definition in PSD: “a body of men larger than a buíon”. Gach réim um á ríogra, “each body of men accompanying their nobles”.
satlaim/satlaím, satailt: “to tread”, or satlaím, satailt in GCh. Pronounced /sɑtəlimʹ~sɑtə’li:mʹ, sɑtihlʹ/.
sceón: “terror”, or scéin in GCh.
scol: “call, shout”. Scol amhráin, “a burst of song; a clear, ringing singing voice”.
scórnach: “throat”, with scórnaigh in the dative.
screadaim, screadach: “to scream, shriek”.
seasaím, seasamh: “to stand”, but also “to last, endure”, as of shoes here. This verb is in the first conjugation in GCh (seasaim). As with a number of verbs where the verbal noun has -mh, the imperative and third-person singular of the preterite here are in -imh, seasaimh/do sheasaimh sé, where GCh has seas/sheas sé.
siúl: “marching, procession”.
siúlaím, siúl: “to walk”, or siúlaim, siúl in GCh. The past habitual shiúladh sé is found here in the first conjugation; PUL’s usage across his various works is mixed, with the future, past and imperative found in the second conjugation (siúlóidh sé, shiúlaigh sé). The present-tense form is found as siúlann in PUL’s translation of the Gospels, but as siúlaím in chapter 13 here. The LS version of Eisirt shows that do shiúlaigh sé is pronounced /də xʹuːli ʃeː/, as the slender sh is realised as /xʹ/ before a broad vowel.
slacht: “order, tidiness”. Ar aon tslacht, “neatly, with finish/aplomb”.
stracfhéachaint: “a cursory, sideways glance”, or sracfhéachaint in GCh.
suaitheantas: this generally means “badge, insignia”, but can also mean “vast numbers or quantity”, as here.
tagaim, teacht: “to come”. Teacht isteach le rud, “to fit in with something, to suit it”: ní fhéadadh sé cuímhneamh ar aon chúmparáid a thiocfadh isteach ar aon tslacht leis an bhfírinne, “he couldn’t think of any comparison that would fit the truth at all neatly”.
thar: “through, across, past”. Thoraibh, “past you”. The original spelling—tharaibh—has been edited here in line with the WM pronunciation. The LS version of Eisirt has haruiv.
tosnaím, tosnú: “to begin”, or tosaím, tosú in GCh. The original text has thusnuigh; some speakers may have had /u/ in the first syllable, although most of PUL’s works use the spelling thosnaigh.