Marcus 4

CAIBIDIOL 4.

Parabal an churadóra. An stoirm d’á ciúnadh ag Críost.

Agus do thosnuigh sé airís ar theagasg i n-aice na faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n-aice au uisge, ar an dtalamh tirim. Agus thug sé mórán teagaisg dóibh i soluídíbh, agus dubhairt leó sa teagasg:
Éistidh liom: Féach, chuaidh curadóir amach ag cur síl. Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de’n tsíol i n-aice an bhóthair, agus tháinig éanlaithe an aéir agus d’itheadar é. Agus do thuit tuille dhe ar áit i n-a raibh iomad cloch, agus ní raibh puínn ithreach aige ann, agus d’fhás sé suas go tapaidh mar ní raibh an ithir doimhinn. Agus nuair a dh’eirigh an ghrian tháinig an brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige d’fheóch sé. Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh. Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d’fhás sé agus d’eirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuide de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad. Agus dubhairt sé: An t-é go bhfuil cluasa air chun cloisint cloiseadh sé.
Agus nuair a bhí sé i n’aonar d’fhiafruigh an dáréag a bhí i n’fhochair fios na soluíde dhe. Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se eólus d’fhághail ar rún diamhraibh rígheachta Dé, ach do’n mhuíntir sin atá lasmuigh, deintear gach nídh i soluídíbh; I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís choidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dhóibh. Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus a thuigfidh sibh na soluídí go léir? An t-é a chuireann an síol isé an briathar a chuireann sé. An mhuintir i n-aice an bhóthair, sin iad an mhuintir, nuair a curtar an briathar agus go gcloisid siad é, go dtagann an namhaid láithreach agus go dtógann sé chun siubhail an briathar a cuireadh mar shíol ’n-a gcroidhthibh. Agus mar an gcéadna an mhuintir a ghlacann an síol ins na clochaibh, siniad an mhuintir, nuair a dh’airighid siad an briathar, a ghlacann láithreach é le h-áthas, Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach. Agus tá daoine agus glacaid siad an síol ameasg na sgeach; siniad na daoine a dh’éisteann leis an mbriathar, Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é. Agus an muintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thríochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.
Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé leabaidh? Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é? Óir ní’l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí é. Má tá cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé.
Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh’airigheann sibh. An tómhas ’n-a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas ’n-a dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar tuille dhó, agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.
Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar a chaithfeadh duine an síol sa talamh. Agus go mbeadh sé ag dul a chodladh agus ag eirighe gach n-oídhche agus gach lá, agus go mbeadh an síol ag préamhú agus ag fás a gan fhios dó. Óir tugann an talamh a thoradh i n-aisge, a n geamhar ar dtúis, ansan an dias, ansan an t-arbhar iomlán sa déis. Ansan, nuair a thugann sé an toradh uaidh, cuireann seisean an corán ann láithreach mar tá an fóghmhar buailte leis.
Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é? Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é ’ná aon tsíol eile d’á bhfuil sa talamh, Agus nuair a curtar é, agus go n-eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó ’ná aon ghlasara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé n-a sgáth.
Agus i mórán soluídí de’n tsórd san do labhair sé leó an briathar fé mar a dh’fhéadadar éisteacht leis. Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh sé gach aon rud d’á dheisgiobulaibh i leith taoibh.
Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna. Agus chuireadar uatha na daoine agus thógadar leó é, mar a bhí sé, isteach sa luing, agus bhí loingeas eile i n’fhochair. Agus d’eirigh stoirm mhór ghaoithe, a bhí ag cur na dtonn isteach sa luing i dtreó go raibh an long d’á líonadh. Agus bhí sé fein i ndeire na luinge, agus é ’n-a chodladh ar adhart; agus dúisighid é, agus deirid: A Mháighistir, an cás leat é go bhfuilimíd d’ár mbáthadh? Agus d’eirigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth, agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin. Agus do tháinig ciúnas mór. Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraibh? Ná fuil creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?

Marcus 3

CAIBIDIOL 3.

An lámh a bhí feóchta dá leigheas ag Críost. A dáréag dá dtoghadh aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus an diamhasla acu á dhéanamh.

Agus chuaidh sé isteach airís sa tsinagóig, agus bhí duine ann agus bhí lámh leis feóchta. Agus bhíodar ag faire air, féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas sa tsabbóid, i dtreó go gcuirfidís ’n-a leith é. Agus dubhairt sé leis an bhfear: Seasaimh amach anso i lár baill. Agus dubhairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níór labhradar-san focal. Agus d’fhéach sé ’n-a thímpal ortha go feargach, agus bhí brón air mar gheall ar an gcroidhe bheith chómh dall acu, agus dubhairt sé leis an bhfear: Sín do lámh. Do shín; agus bhí an lámh leighiste. Agus d’imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar féin agus muintir Héróid i gcómhairle ’n-a choinnibh féachaint conus a thiocfadh leó é mhilleadh.
Ach d’imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iudaéa, Agus a’ Ierúsalem, agus a h-Idúméa, agus ó’n dtaobh thall de’n Iórdan, agus muintir na mball tímpal Tuíre agus Sídóin, suathantais daoine a tháinig ag triall air nuair airigheadar a ghníomhartha. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil long bheag a choimeád dó, mar gheall ar an sluagh, le h-eagla go mbrúthfaidís é. Óir bhí mórán daoine aige ’á leigheas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag brúth isteach air a d’iarraidh teangabháil leis; Agus na h-annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do shléachtaidís dó, agus deiridís go h-árd: Is tusa Mac Dé. Agus thugadh sé órdú dian dóíbh gan é dh’fhoillsiú. Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus thánadar chuige.
Agus shocaruigh sé ar dháreág a bheith i n-a fhochair, agus go gcuirfeadh sé ag craobhsgaoileadh iad. Agus thug sé cumas dóibh ar ghalaraibh do léigheas agus ar dheamhnaibh do chur amach. Agus thug sé Peadar mar ainim ar Shímón. Agus Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir, agus thug sé Bóanerges ortha, sé sin maca thóirthnighe. Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteach, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.
Agus thánadar chun an tighe, agus tháinig an tsluagh airís i dtreó nár bh’fhéidir dóibh fiú bia do chaitheamh. Agus nuair airigh a mhuintir féin é do chuadar amach chun beirte air, mar dubhradar: Is as a mheabhair atá sé. Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach. Agus do ghlaoidh sé chuige iad, agus do labhair sé leó i soluídíbh: Conus fhéadfadh Sátan Sátan do chur amach? Agus má bhíonn rígheacht deighilte ’n-a coinnibh féin ní féidir do’n rígheacht san seasamh: Agus má bhíonn teaghlach ag gabháil i gcoinnibh a chéile ’n-a chodaibh ní féidir do’n teaghlachsan seasamh; Agus má eirigheann Sátan ’n-a choinnibh féin, tá sé ’n-a chodaibh rannta, agus ní féidir dó seasamh, agus tá deire leis. Ní féidir do dhuine dul isteach i dtigh fir láidir agus a chuid d’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis, agus ansan féadfaidh sé a thigh do robáil. Go deimhin adeirim libh, maithfar do’n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d’á ndéanfaid siad; Ach an t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe. Mar go ndubhradar: Is annsprid truaillighthe atá aige.
Agus tháinig a mháthair agus a bhráithre agus bhíodar ’n-a seasamh amuigh, agus chuireadar teachtaireacht isteach ag glaodhach air. Agus bhí na daoine ’n-a suidhe ’n-a thímpal, agus dubhradar leis: Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh agus iad at’ lorg. Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: Cé h-iad mo mháthair-se agus mo bhráithre? Agus d’fhéach sé ’n-a thímpal ar an muintir a bhí tímpal air agus dubhairt: Siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. Óir, an t-é a dhéanfaidh toil Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.

Marcus 2

CAIBIDIOL 2.

An duine a bhí gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú dá ghlaodhach aige. A dheisgiobuil aige ’á chosaint.

Agus i gcionn rainnt laethanta tháinig sé airís isteach i gCapharnaum. Agus do h-airigheadh go raibh sé i dtigh an, agus do chruinnigh a lán daoine ann, i dtreó ná raibh slígh dhóibh sa tigh ná ag an ndorus féin, agus bhí an briathar aige d’á labhairt leó. Agus tháinig daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d’á iompar idir cheathrar. Agus nuair ná féadfaidís é thabhairt ’n-a láthair, mar gheall ar an mbrúth, do nochtadar bara an tighe sa n-áit ’n-a raibh sé, agus dheineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n-a luighe ar leabaidh, an duine a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dubhairt sé leis an nduine: A mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. Agus bhí cuid de sna Sgríbhneóiríbh ann ’n-a suidhe agus iad ag machtnamh ’n-a gcroidhe: Cad é seo adeir sé seo? Tá diamhasla aige d’á dhéanamh. Cé fhéadfadh peacaí mhaitheamh ach Dia amháin? Agus bhí a fhios ag Íosa láithreach, i n-a spioraid féin, an machtnamh a bheith ’n-a n-aigne acu-san, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an machtnamh san a bheith i nbhúr gcroidhe agaibh? Cé ’cu is usa a rádh: Táid do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? Ach, ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine ar a dtalamh so cómhacht chun peacaí mhaitheamh (dubhairt sé leis an nduine gan lúth:) Deirim-se leat-sa, Eirigh, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. Agus d’eirigh an duine láithreach agus thóg sé suas an leabaidh agus d’imthigh sé, os cómhair a súl go léir, i treó go raibh iongna ortha go léir agus gur thugadar onóir do Dhia, agus, Ní fheacamair riam a leithéid, a deiridís.
Agus d’imthigh sé amach airís chun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus bhí sé ’ghá dteagasg. Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eirigh seisean agus do lean sé é.
Agus do thárla, nuair a shuidh sé chun bídh ’n-a thigh sin, gur shuidh mórán puibliocánach agus mórán peacach i gcuibhreann Íosa agus a dheisgiobul; mar bhí a lán acu ann, agus iad-san ’ghá leanmhaint, leis. Agus nuair a chíodh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh é ag caitheamh bídh i gcuibhreann puibliocánach agus peacach, deiridís le n-a dheisgiobuil: Cad chuige d’bhúr máighistir-se bheith ag ithe agus ag ól i gcuibhreann puibliocánach agus peacach? D’airigh Íosa san, agus dubhairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gádh le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa ach chun na bpeacach do ghlaodhach.
Agus bhí deisgiobuil Eóin agus na Fairisínigh ag déanamh trósgaidh, agus thánadar chuige agus dubhradar: Cad ’n-a thaobh go ndeinid deisgiobuil Eóin agus na bhFairisíneach trosgadh, agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? Agus dubhairt Íosa leó: An amhlaidh is féidir do chlainn na bainise bheith ag déanamh trosgaidh an fhaid atá an céile acu? An fhaid atá an céile acu ’n-a bhfochair ní féidir dóibh trosgadh dhéanamh; Ach tiocfaidh an lá i n-a dtógfar uatha an céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. Ní chuireann aoinne píosa d’éadach nua ag deisiú seana-éadaigh; nó má chuireann, béarfaidh an píosa nua leis tuille de’n tseana-éadach, agus méadófar an stracadh. Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair; nó má chuireann, brisfidh an fíon nua na sean-árthaí agus doirtfar an fíon agus caillfar na h-árthaí; ach is i n-árthaíbh nua is ceart an fíon nua do chur.
Agus do thárla, uair eile, an Tighearna agus a dheisgiobuil a bheith ag gabháil tré ghortaibh arbhair sa tsabbóid, agus dhírigh na deisgiobuil, agus iad ag siubhal, ar na diasaibh do stathadh. Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Féach; Cad chuige dhóibh sin bheith ag déanamh ruda nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh nár léigheabhair riamh cad a dhein Dáibhid nuair ab éigean dó é dhéanamh, nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé i n-aimsir an árd-shagairt Abiatar, agus conus mar a dh’ith sé na bulóga fiadhnaise nár dhleaghthach d’aoinne a dh’ithe ach do sna sagairt, agus thug sé le n-ithe iad do’n mhuintir a bhí i n-aonfheacht leis? Agus dubhairt sé leó: Níor deineadh an duine ar son na sabbóide, ach do ceapadh an tsabbóid ar son an duine. I gcás go bhfuil Mac an Duine ’n-a mháighistir ar an sabbóid féin.

Marcus 1

CAIBIDIOL 1.

Seanmóiniú Eóin Baiste. Críost d’á bhaiste aige. É ag glaodhach a dheisgiobul agus ag déanamh mírbhúilti.

Tusach Soisgéil Íosa Chríost, Mhic Dé.
Mar atá sgríobhtha i n-Isáias fáidh: Féach, táim ag cur mo theachtaire rómhat chun na slighe d’ollamhú rómhat. Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó. Bhí Eóin sa bhfásach ag baisteadh agus ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí. Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsalem go léir ag dul amach ag triall air, agus bhí sé ’ghá mbaisteadh i n-abhainn Iórdain, agus iad ag admháil a bpeacaí. Agus ruainneach camail iseadh bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair ar a chom, agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain. Agus seo mar a dheineadh sé fógairt: Tá duine is mó cómhacht ’ná mise ag teacht am dhiaidh, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a bhróige. Do bháisteas-sa sibh le h-uisge; baistfidh sé siúd sibh, ámhthach, leis an Spioraid Naomh.
Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n-Iórdan. Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge, do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus an túirling air. Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.
Agus láithreach do sheól an Spioraid amach sa bhfásach é; agus bí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche, agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na mbeithigheach allta, bhí na h-aingil ag friothálamh air.
Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililíag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé. Agus dubhairt sé: Tá an aimsir caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh aithrighe agus creididh an soisgéal.
Agus bhí sé ag siubhal ar bruach mara Ghaililí agus chonaic sé Símón agus Aindrias a dhritháir ag cur líonta sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad). Agus dubhairt Íosa leó: leanaidh mise agus déanfad iasgairí ar dhaoine dhíbh. Agus d’fhágadar ansan na líonta agus do leanadar é láithreach. Agus nuair a bhí sé imthighthe tamall beag ó’n áit sin chonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir agus iad ag socarú a líonta sa luing; Agus do ghlaoidh sé ortha láithreach agus d’fhágadar ansan sa luing Sebedé a n-athair agus a lucht oibre, agus do leanadar eisean.
Agus chuadar isteach i gCapharnaum, agus gan mhoill, sa tsabbóid, théigheadh sé isteach sa tsinagóig agus dheineadh sé teagasg. Agus do chuir a theagasg iongna ortha, mar do theagaisg sé mar duine go raibh comhacht aige, murar bh’ionan a’s na Sgríbhneóirí.
Agus bhí sa tsinagóg acu duine go raibh spioraid neamhglan istigh ann, agus do liúigh sé amach: Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé. Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt sé: Bhí ciúin agus imthigh amach as an nduine. Ansan do chuir an annsprid truaillighthe sgread as, agus bhain sé stracadh as an nduine, agus d’imthigh sé amach as. Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bhíodar ag fiafraighe dhá chéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h-annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó? Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré chrích Ghaililí go léir.
Agus thánadar láithreach amach as an sinagóig agus thánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n-aonfheacht le Séamus agus le h-Eóin. Agus bhí máthair céile Shímóin ’n-a luighe le fiabhras, agus do labhradar leis láithreach ’n-a taobh. Agus tháinig sé agus do rug sé ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d’imthigh an fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha.
Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ar triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann. Agus bhí muintir an bhaile go léir cruinnighthe ag an ndorus; Agus do leighis sé na sluaighte daoine ó gach saghas galair d’á raibh ortha, agus chuir sé amach na sluaighte deamhan, agus níor leig sé dhóibh labhairt, mar d’aithnígheadar é.
Agus d’eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d’imthigh sé amach agus chuaidh sé go h-áit uaigneach, agus bhí sé ag guidhe ann. Agus do lean Símón é, agus an mhuintir a bhí ’n-a theannta. Agus nuair a fuaradar é dubhradar leis: Táid na daoine go léir at’ lorg. Agus dubhairt sé leó: Téighmís isteach ins na sráidibh agus ins na bailtibh beaga atá i n-ár gcómhgar go ndeinead craobhsgaoileadh ionta, óir is chuige sin a thánag.
Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach.
Agus tháinig chuige lobhar, ’ghá ghuidhe, agus d’úmhluigh sé dhó agus dubhairt sé: Ma’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu. Agus nuair a dubhairt sé an focail d’imthigh an lobhra de’n duine láithreach, agus bhí sé glan. Agus thug sé foláramh dó agus chuir sé uaidh amach é láithreach. Agus dubhairt sé leis: Seachain agus ná h-innis d’aoinne é, ach imthigh agus taisbeáin tu féin d’uachtarán na sagart, agus tabhair, ar do ghlanadh, na neithe a dh’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.

Preface to Marcus

NA CHEITHRE SOISGÉIL AS AN DTIOMNA NUA

Soisgéal Naomhtha Íosa Críost do réir Mharcuis

Deisgiobul do N. Peadar ab eadh Marcus Naomhtha agus mínightheóir dó (adeir N. Ierom). Do réir mar airigh sé ó Pheadar féin do sgríbh sé, sa Róimh, fé mar iarr na bráithre air, Soisgéal geárr, tímpal deich mbliana tar éis deasgabhála ár Slánuightheóra. Do mhol N. Peadar an sgríbhinn sin, nuair airigh sé é, agus d’órduigh sé go léighfí é go puibilídhe san Eaglais. Deir Baronius, agus tuille gur sa Laidin a deineadh an sgríbhinn, ach tá níos mó adeir gur sa Ghréigis a deineadh é.

Maitiú 28

CAIBIDIOL 28.

Aiseiríghe Chríost an gnó a thug sé le déanamh d’á dheisgiobulaibh.

Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h-uagha. Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d’iompuigh sé siar an chloch, agus shuidh sé uirthi; Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éadaigh mar an sneachta. Agus le h-eagla roimis tháinig sgannra ar an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó daoine a bhéadh marbh. Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur b’é Íosa, do céasadh, atá uaibh. Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna. Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé: agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré. Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhí eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’ innsint dos na deisgiobuil. Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é. Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bíodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.
Agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig cuid de’n lucht coimeádta isteach sa chathair, agus d’innseadar d’uachtaránaibh na sagart cad a bhí tuitithe amach. Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis an seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, Agus dubhradar leó: Abraidh, tháinig a dheisgiobuil sa n-oidhche, agus ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh, Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. Agus do ghlacadar-san an t-airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n-Iúdach go dtí an lá indiu.
Agus d’imthigh an t-aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa dhóibh. Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhach. Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh. Imthighidh, d’á bhrígh sin, agus múinidh na geinte go léir, agus baistidh iad i n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.

Maitiú 27

CAIBIDIOL 27.

Tuairisg páise Chríost ar leanmhaint. A bhás agus a adhlacadh.

Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é. Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.
Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n-ais ag triall ag uachtaránaibh na sagart agus ar na seanóiríbh. Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamhchiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin. Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampall, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé agus do chroch sé é féin le téid. Agus do thóg uachtaráin na sagairt na píosaí airgid agus dubhradar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is airgead fola iad. Ach dheineadar cómhairle, agus cheannuigheadar leó páirc an photadóra, chun daoine iasachta d’adhlacadh ann. Mar gheall air sin do tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá so. Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh, mar a ndubhairt sé: Agus do ghlacadar tríochad píosa airgid, luach an t-é a luadhadh, an t-é a luadhdar a’ clannaibh Israéil, Agus thugadar iad ar pháirc an photadóra, fé mar a cheap an Tighearna dhom.
Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé. An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é. Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n-a leith, níor thug sé aon fhreagra ortha. Ansan dubhairt Pílát leis: Ná h-airigheann tú na neithe móra a chuirid na fínnithe ad’ leith? Agus níor thug sé freagra air do fhocal ar bith; i dtreó go raibh árd-iongnadh ar an riaghaltóir.
An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó. Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó. Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt sé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? Mar bhí fhios aige gur le formad a dheineadar é thabhairt chun lámha. Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling. Ach do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas chun Barabbais do thógadh, agus Íosa do dhíthiú. Agus d’fhreagair an riaghaltóir agus dubhairt sé leó: Cé’cu de’n bheirt is maith libh a leigfinn saor? Agus dubhradar san: Barabbas. Dubhairt Pílát leó: Agus cad a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost? Dubhradar go léir: Céastar é. Dubhairt an riaghaltóir leó: Ach cad é an t-olc atá déanta aige? Ach do liúghadar níb’ aoirde: Céasdar é. Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh. Agus d’fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála.
Ansan do thóg saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leó amach sa halla, agus chruinnigheadar chuige an bhuidhean go léir. Agus bhaineadar de a chuid éadaigh, agus chuireadar clóca dearg uime. Agus d’fhigheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar cleith ’n-a láimh. Agus do leigidís iad féin ar a leath-ghlúinar a aghaidh amach ag magadh faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n-Iúdach! Agus chaithidís seile air, agus thógaidís an chleith agus bhuailidís buille dhi sa cheann air. Agus nuair a bhí a gcuid magaidh déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh.
Agus nuair a chuadar amach fuaradar duine ó Chíréné, dár bh’ainim Símón; agus chuireadar fhéachaint ar an dhuine sin dul leó agus a chros d’iompur. Agus thánadar chun áite ar a dtugtar Golgota, ’sé sin, áit Chalbharí. Agus thugadar le n-ól dó fíon gur cuireadh domblas tríd; agus nuair a bhlais sé é ní ólfadh sé é. Agus nuair a dheineadar é chéasadh, do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, ’ghá gcur ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá ráidhte ag an bhfáidh: Do rainneadar eatartha mo bhaill éadaigh agus chuireadar ar chrannaibh mo chuid éadaigh. Ansan do shuidheadar ag faire air. Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDACH, É SEO. Ansan do céasadh, mar aon leis, beirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis, agus duine acu ar a láimh chlé. Agus an mhuintir a ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn, Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Má’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois. Agus ar an gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiríbh agus leis na seanóiríbh, deiridís: Do shábháil sé daoine eile; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. Má’sé Rí Israéil e, tagadh sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann. Bhí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé. Agus na bitheamhnaigh a bhí céasta i n-aice leis, thugadar an mhasla chéadna dhó.
Agus ó’n sémhadh h-uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. Agus tímpal an naomhadh h-uair do labhair Íosa do ghuth ana árd, agus dubhairt sé: Élí, Élí, lamá sabactání? ’sé sin, A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? Agus bhí daoine ’n-a seasamh ann agus d’airigheadar é, agus dubhradar: Tá sé sin ag glaodhach ar Élias. Agus do rith duine acu láithreach, agus d’aimsigh sé spúinse agus thúm sé i bhfínéigir é, agus chuir sé ar chleith é, agus thug sé le n-ól dó. Agus dubhairt an chuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaidh Élias ’ghá shaoradh.
Agus d’éighimh Íosa airís do ghut árd, agus thug sé a anam uaidh.
Agus féach, do stracadh ’n-a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha; Agus do h-osgaladh na h-uaghna agus d’eirigh a lán de chorpaibh na naomh a chodail, Agus tar éis aiseirighthe do thánadar amach as na h-uaghnaibh, agus thánadar isteach sa chathair naomhtha, agus chonaic a lán iad.
An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.
Agus bhí a lán ban ann abhfad amach do lean Íosa ó Ghaililí ag friothálamh air: Ar a raibh Máire Mhagdalén, agus Máire, máthair Shéamuis agus Ióseph, agus máthair clainne Sebedé.
Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig duine saidhbhir, ó Arimatéa, dár bh’ ainim Ióseph, agus duine de dheisgiobulaibh Íosa dob’ eadh é: Chuaidh an duine sin ag triall ar Phílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. Ansan d’órduigh Pílát an corp a thabhairt dó. Do fuair Ióseph an corp, agus d’fhill sé i línéadach glan é, Agus chuir sé ’n-a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun béil na h-uagha, agus d’imthigh sé. Bhí ann, ámhthach, Máire Mhagdalén agus an Máire eile agus iad ’n-a suidhe ar aghaidh na h-uagha amach.
Agus an lá ’n-a dhiadh san, an lá i ndiaidh lae an ollamhuighthe, tháinig uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh i n-aonfheacht ag triall ar Phílát, Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé beó: I gceann trí lá eireóchad airís. Órduigh-se, d’á bhrígh sin, gárda chur ar an uaigh go dtí an trímhadh lá: le h-eagla go dtiocfadh a dheisgiobuil, agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eirigh sé ós na mairbh: agus beidh an feall deirineach níos measa ’ná an chéad fheall. Dubhairt Pílát leó: Tá gárda agaibh. Imthighidh, agus déinidh an ghárdáil mar is eól daoibh. D’imthigheadar, agus dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus ag ceapadh lucht faire.

Maitiú 26

CAIBIDIOL 26.

Na h-Iúdaigh ag déanamh ceilge i n-aghaidh Chríost. Máire ’ghá ungadh. Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An ghuidhe sa gháirdín. Gabháil ár dTighearna. An cor do tugadh air i dtigh Caiphas.

Agus do thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra san go léir, go ndubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasta.
Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár bh’ainim Caiphas; Agus dheineadar cómhairle chun go ndéanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun báis. Dubhradar, ámhthach, Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go mbeadh toirmeasg sa phobul.
Ach nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shímóin, an lobhar, Tháinig bean chuige agus árthach alabastair aici a bhí lán d’ungadh ana-dhaor, agus do dhoirt sí ar a cheann é, agus é ’n-a luighe. Agus nuair a chonaic na deisgiobuil san, bhí díombádh ortha, agus dubhradar: Cad chuige an bhásta so? D’fhéadfaí é sin do dhíol ar mhórán, agus é thabhairt dos na bochtaibh. Do thuig Íosa, ámhthach, agus dubhairt leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag iomaigh leis an mnaoi seo? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní’lim-se i gcómhnuighe agaibh. Mar, nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun m’adhlachta a dhein sí é. Go deimhin adeirim libh, pé áit ar fuid an domhain go léir go gcraobhsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar chuimhne uirthi seo, an gníomh so atá déanta aici.
Ansan d’imthigh duine de’n dáréag, dár bh’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid. Agus as san amach bhí sé ag faire ar chaoi chun é thabhairt suas.
An chéad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an aráin gan giost tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg d’ollamhú dhuit le caitheamh? Agus dubhairt Íosa: Téighidh sa chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa. Agus dhein na dheisgiobuil mar a dh’órduigh Íosa dhóibh, agus d’ollamhuigheadar an Cháisg.
Agus nuair a bhí an tráthnóna an, do shuidh sé i bhfochair a dháréag deisgiobul. Agus nuair a bhíodar ag ithe, dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh go bhfuil duine agaibh atá chun mé dhíol. Agus tháinig ana-bhuairt ortha agus chromadar, gach duine, ar a rádh, An mise é, a Thighearna? Agus dubhairt seisean ’ghá bhfreagra: An t-é a chuir a lámh sa mhéis am’ chuíbhreann, díolfaidh sé mé. Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é theacht riamh ar an saoghal. Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Mháighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.
An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus bheannuigh é, agus bhris é, agus thug d’á dheisgiobulaibh é; agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo. Ansan do thóg sé an chailís agus ghaibh sé buidheachas: agus thug sé dhóibh, agus dubhairt: Ólaidh go léir as so. Óir is í mo chuid fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán chun peacaí do mhaitheamh. Deirim libh, ámhthach: Ní ólfad airís de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad é go nua mar aon libh-se i rígheacht m’Athar.
Agus tar éis himna do rádh dhóibh chuadar amach go cnoc Olibhet.
Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: Buailfad an t-aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada. Ach tar éis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí. Agus dubhairt Peadar ’ghá fhreagra: Bíodh go nglacfaidh an uile dhuine sgannal umat, ní ghlacfad-sa sgannal umat choídhche. Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coileach, séanfair-se mise trí h-uaire. Dubhairt Peadar leis: Bíodh go mbeadh orm bás d’ fhághail i n-aonfheacht leat ní shéanfaid thu. Dubhairt na deisgiobuil go léir an chaint chéadna.
Ansan do tháinig Íosa agus iad féin chun an bhaile ar a dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd anonn chun úrnuighthe dhéanamh. Agus thóg sé leis Peadar agus beirt mhac Sebedé agus thusnuigh sé ar bheith go buartha agus go brónach. Ansan dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam: Fanaidh anso agus deinidh faire am’ theannta. Ansan do dhruid sé tamall uath, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís eo tharm; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil iom-sa, ach mar is toil leat-sa. Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus fuair sé ’n-a gcodladh iad, agus dubhairt sé le Peadar: An amhlaidh nár fhéadabhair faire dhéanamh aon uair a’ chluig amháin liom? Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag. Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan mé ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear. Agus tháinig sé airís agus fuair sé ’n-a gcodladh iad; óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh. Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair, ag rádh na cainte céadna. Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinidh codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach. Eirighidh, gluaisimís: Féach, tá an fear a bhratfaidh mé ag teacht.
Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí. An fear a bhrat é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air. Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó. Agus dubhairt Íosa leis: A chara, cad chuige go dtánaís? Ansan thánadar agus chuireadar a lámha ar Íosa agus choimeádadar greim air. Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de. Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar n-ais i n-a inead féin. Óir, gach duine a thógfaidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé. An amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar m’Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó ’ná dhá legión déag aingeal? Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo. An uair sin dubhairt Íosa leis an sluagh: Thánabhair amach chun beirte orm, agus claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun beirte ar bhitheamhnach. Bhíos am’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair orm. Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.
Ach do choimeád an mhuintir eile greim ar Íosa, agus do rugadar leó é i láthair an árd-shagairt, Caiphas, mar a raibh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh cruinnighthe. Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h-oibre.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go léir ag lorg fiadhnaise bréige i n-aghaidh Íosa, chun go ndaorfaidís chun báis é. Agus do theip ortha, bíodh go dtáinig a lán fínnithe bréige suas. Fé dheire tháinig beirt fhínnithe bréige, Agus dubhradar: Deir sé seo: Tá ar mo chumas-sa teampall Dé do leagadh, agus é chur suas airís i gceann trí lá. Ansan d’eirigh an t-árd-shagart ’n-a sheasamh, agus dubhairt sé leis: Ná h-abrann tú focal leis na neithibh atá acu so dh’á dhearbhúghadh ort? Ach níor labhair Íosa. Agus dubhairt an t-Árd-shagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá beó go neósfá dhúinn an tu an Críost, Mac Dé. Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é. Ach ní lúgha adeirim-se libh-se, Chífidh sibh ’n-a dhiaidh so Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh neimhe. Ansan do strac an t-árdshagart a chuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla: Cad a chítear daoibh? Agus dubhradar san ’ghá fhreagra: Tá bás tuillte aige. Ansan do chaitheadar seilí sa n-aghaidh air, agus bhuaileadar le dóirnibh é; agus bhuail cuid eile acu le n-a mbasaibh sa n-aghaidh é, Agus deirdíis: Targair dúinn, a Chríost, cé h-é a bhuail tu?
Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach. Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus dubhairt sé: Ní fheadar cad ’tá agat d’á rádh. Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nazarénach. Agus do shéan seisean airís agus do dhearbhuigh sé: Ní’l aon aithne agam ar an nduine. Agus tar éis tamaill bhig tháinig na daoine a bhí láithreach agus dubhradar le Peadar: Go deimhin is díobh súd tusa, mar nochtann do chaint tu. Ansan do chrom sé ar a dheimhniú ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ghlaoidh an coileach. Agus do chuímhnigh Peadar ar an bhfocal úd adubhairt Íosa: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfair-se mise trí h-uaire. Agus d’imthigh sé amach, agus do ghoil sé go dúbhach.

Maitiú 25

CAIBIDIOL 25.

Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant agus tuairisg ar an mbreitheamhanas déanach.

Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deichniúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile. Agus bhí cúigear acu ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall. Agus an cúigear a bhí gan chiall nuair a thógadar na lóchranna, níór thugadar oíle leó. Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n-a n-árthaíbh i dteannta na lóchrann. Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar ’n-a gcodladh. I lár na h-oidhche, ámhthach, do deineadh guth árd: Féach, tá an céile ag teacht; téighidh amach ’n-a choinnibh. Ansan d’eirigheadar na maighdeana san go léir agus chuireadar a lóchranna i dtreó. Agus dubhairt an chuid a bhí gan chiall leis an gcuid a bhí ciallmhar: Tugaidh dúinne cuid de’n oíle atá agaibh-se, mar tá ár lochranna ag dul i n-éag. D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh’imtheacht chun na gceannaidhte agus oíle cheannach daoibh féin. Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, tháinig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus. Ar ball tháinig na maighdeana eile agus dubhradar: A Tighearna, a Thighearna, osgail dúinne. Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.
Deinidh faire, d’á bhrígh sin, mar ní h-eól daoibh an lá ná an uair.
Mar ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh, Agus thug chúig talanta do dhuine acu agus dhá talant do dhuine eile, agus talant do dhuine eile; do gach duine do réir a chumais oibre; agus d’imthigh láithreach. Agus d’imthigh an t-é a fuair na chúig talanta, agus d’oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile. Mar an gcéadna an t-é a fuair an dá thalant dhein sé dhá cheann eile. Ach an t-é a fuair an t-aon talant amháin d’imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus chuir sé airigead a thighearna i bhfolach. Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó. Agus tháinig an t-é a fuair na chúig talanta agus thug sé leis na chúig talanta eile, agus dubhairt: A Thighearna, thugais chúig talanta dhom. Féach, sin chúig cinn eile curtha leó agam. Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dhílis: ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Agus tháinig an fear a fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais dom dhá thalant; féach, sin dhá cheann eile curtha leó agam. Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dhílis: ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; éirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Ansan do tháinig an fear a fuair an t-aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; baineann tu sa n-áit nár chuiris, agus cruinnigheann tú sa n-áit nár sgaipis. Agus le h-eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat. Agus d’fhreagair a thighearna é, agus dubhairt leis: A dhroch-sheirbhísigh dhíomhaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuighim sa n-áit nár dheineas sgaipeadh ann. Bhí sé ceart agat, d’á bhrígh sin, mo chuid airid a thabhairt dos na bancairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinnmo chuid féin agus an t-úncumas. Tógaidh uaidh mar sin, an talant agus tugaidh é do’n t-é go bhfuil na deich dtalanta aige. Óir an t-é go bhfuil aige, tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an té ná fuil aige, togfar uaidh an rud a samhluightear a bheith aige. Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal.
Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé i gcathaoir a ghradaim: Agus cruinneófar ’n-a láthair na geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n-a chéile iad, mar dheighileann an t-aodhaire na caoire ós na gabhair; Agus cuirfidh sé na caoire ar a láimh dheis, agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain: Mar, bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus thugabhair le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair thith istigh dom; Bhíos nocht, agus chlúdabhair mé; bhíos breóite agus thánabhair am’ fhéachaint; bhíos sa phríosún agus thánabhair chúgham. Ansan freagaróchaid na fíoraoin é, agus déarfaid said: A Thighearna, cathain a chonacamair-ne ocras ort, agus gur thughamair bia dhuit? Nó tart ort, agus gur thugamair deoch duit? Nó cathain a chonacamair ar fán tu, agus gur thugamair bheith istigh dhuit? nó nocht, agus gur chlúduigheamair thu? Nó cathain a chonacamair thu breóite, nó i bpríosún, agus gur thánamair chúghat? Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é. Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh; Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus níór thugabhair deoch dom. Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bíos nocht, agus níor chlúdabhair mé; bhíos breóite,a gus sa phríosún, agus níor thánabhair am’ fhéachaint. Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort? Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir shuarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é. Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.

Maitiú 24

CAIBIDIOL 24.

An íde a bhí le teacht ar an dteampul; agus na cómharthaí a bhí le teacht roimis; agus roime lá an bhreitheamhantais. Ní foláir dúinn bheith ag faire i gcómhnuighe.

Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus bhí sé ag imtheacht; agus tháinigh a dheisgiobuil chuige ag taisbeáint oibreacha an teampail dó. Agus dubhairt seisean leó ’ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin chloiche gan raobadh.
Agus do shuidh sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfidh na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheir an tsaoghail. Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagra: Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú’ sibh.
Óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é. Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana. Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir. Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beith fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se. Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaidh siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d’á chéile. Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán. Agus toisg an mhalluightheacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n-a lán. Ach an t-é a bheith seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor. Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.
D’á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa, ar ar labhair Daniel fáidh, ’n-a seasamh sa n-áit naomhtha: an t-é a léighfidh, tuigheadh: Ansan an mhuintir atá i n-Iúdéa teithidís chun na gcnoc; Agus an duine ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a bhreith as a thigh leis; Agus an duine sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait. Is mairg do lucht clainne dh’iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na laethibh sin. Ach guídhidh gan bhúr dteithe bheith sa gheimhreadh ná ar an sabbóid. Óir beidh buaireamh mór an uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí so, agus ná beidh. Agus mura gciorruighthí na laethanta san ní bheadh dul as ag feóil ar bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son an bhfíoraon. An uair sin má deir aoinne libh: Féach, tá Críost anso, nó ansúd; ná creididh. Mar eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é). Féach, tá innste agam daoibh roim ré. D’á bhrígh sin má deirid siad libh: Féach, tá sé sa bhfásach: ná téighidh amach; Féach, tá sé ins na seómraíbh; ná creididh. Óir, mar an splanc a thagann as an dtaobh thoir agus a chítear go dtí an taobh thiar, sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. Pé áit ’n-a mbeidh an corp, is ann a chruinneóchaid na fiolair.
Agus láithreach tar éis trioblóide na laethanta san doircheófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh; Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, agus chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam. Agus cuirfidh sé a aingil amach, le trúmpa agus le guth árd: agus cruinneóchaid siad a fhíoraoin ós na cheithre gaoithibh, ó uachtar na bhflathas go dtí a n-íochtar. Foghlumuighidh soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n-achmaireacht. Mar sin daoibh-se, nuair a chífidh sibh na neithe seo uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i n-aice libh, ins na dóirsibh. Go deimhin adeirim libh, ní imtheóchaidh an tsliocht so go dtiocfaid na neithe seo to léir chun cinn. Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.
I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h-uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na bhflathas féin iad, ach ag an Athair amháin. Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine. Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc, Agus ní raibh fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. Ansan beidh beirt i bpáirc: Tógfar duine agus fágfar duine. Beidh beirt bhan ag meilt le muileann: Tógfar bean agus fágfar bean. Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a thiocfaidh bhúr dTighearna. Ach bíodh fhios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear an tighe cad é an uair a bheadh an bitheamhnach le teacht, go deimhin do dhéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh isteach. D’á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách eól daoibh iseadh atá Mac an Duine le teacht.
Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóíbh do réir aimsire? Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h-oibre sin. Go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé os cionn a choda go léir é. Ach má deir an droch-sheirbhíseach san ’n-a chroidhe féin: Tá mo thighearna ag déanamh ríghnis de theacht; Agus má dhírígheann sé ar a chómh-sheirbhíseacha do bhualadh, agus ar bheith ag ithe ag ól i bhfochair lucht meisge; Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin an lá nách dóigh leis, agus an uair nách eól dó; Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill; beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.