Aithris ar Chríost II:XII

CAIBIDEAL A DÓDHÉAG.

BÓTHAR RÍOGA NA CROISE NAOFA.

1. Focal cruaidh, dar lena lán, is ea an focal so: Tréig thu féin; tóg chút do chros, agus lean Íosa.

Ach beidh sé níos deocra go mór éisteacht leis an bhfocal deirineach úd: Imídh uaim, a dhrong mhallaithe, isteach sa tine shíoraí.

Na daoine a dh’éisteann anois leis an bhfocal i dtaobh na croise, ní gá dhóibh aon eagal a bheith orthu roimis an bhfocal i dtaobh na tine síoraí.

Beidh an cómhartha so na croise in sna flaithis nuair a thiocfaidh an Tiarna ag tabhairt na breithe.

Seirbhísigh na croise, an mhuíntir a chaith a mbeatha de réir Chríost ar an gCrois Chéasta, beid siad go léir an uair sin lán de mhuinín ag teacht i láthair an Chríost chéanna agus É ag tabhairt na breithe.

2. Cad é an t-eagal atá ort mar sin an chros do thógaint chút, agus gurb í a bhéarfaidh isteach sa ríocht thu?

Sa chrois atá leas anama. Is inti atá beatha shíoraí. Is inti atá cosaint ar namhaid. Is í a thugann sólás ó neamh dúinn, agus neart aigne, agus áthas anama. Is inti atá bárr gach súáilce. Is inti atá críochnú gach naofachta.

Níl sábháil anama, ná súil le beatha shíoraí ach i gCrois an tSlánaitheóra.

Tóg chút do chros, dá bhrí sin, agus lean Íosa, agus sroisfir an bheatha shíoraí.

Tá Íosa imithe rómhat, ag iompar a chroise, agus d’fhuilig Sé bás duit ar an gcrois, i dtreó go ndéanfása do chros a dh’iompar agus gurbh ionúin leat bás ar an gcrois.

Óir, má gheibheann tú bás in éineacht le hÍosa, beidh tú beó in éineacht le hÍosa. Agus má bhíonn tú páirteach ’na pheannaid, beidh tú páirteach ’na ghlóire.

3. Féach; is í an chros an ní go léir. Agus is é an bás an gnó go léir. Agus níl bóthar eile chun na beatha, ná chun suaimhnis aigne, ach bóthar na croise naofa agus na peannaide chun aithrí in aghaidh an lae.

Éirigh id rogha áit, cuardaigh do rogha rud, ní bhfaighir bóthar níos aoirde thuas ná bóthar níos sábhálta thíos, ná an bóthar san na croise naofa.

Riaraigh gach uile ní de réir do thoile agus do thuisceana, agus chífir ná beidh aon dul agat ó rud éigin a bheith le fulag agat i gcónaí, peocu is toil leat é nú nách toil. ’Sé sin le rá, beidh an chros agat i gcónaí, peocu is maith leat é nú nách maith.

Beidh teinneas ort id bhallaibh beatha, nú beidh buairt agat le fulag it aigne.

4. Uaireanta beidh Dia imithe uait. Uaireanta eile beidh do chómharsa ag cur trioblóide ort. Agus in éaghmais an méid sin, beidh tú féin go minic ’od chrá féin.

Agus mar bharra air go léir, ní bheidh aon leigheas agat le fáil, ná aon fhuascailt. Ní foláir duit fulag pé faid is toil le Dia é.

Óir is é toil Dé nách foláir duit a dh’fhoghlaim conas buaireamh gan sólás a dh’fhulag, agus conas tu féin a dh’fhágáilt ar fad i láimh Dé, i dtreó go gcuirfeadh an fulag breis úmhlaíochta ort.

Níl éinne a thuigeann Páis an tSlánaitheóra chómh maith leis an té a chaitheann rud éigin den tsórd a dh’fhulag.

Tá an chros, dá bhrí sin, le fáil i gcónaí, agus tá sí id chómhair ins gach aon bhall.

Níl aon dul uaithi agat pé áit ’na rithfir, mar pé áit ’na ngeóbhair béarfair thu féin leat ann, agus beidh tú féin agat i gcónaí.

Féach suas nú féach síos, féach amach nú féach isteach; gheóbhair an chros ins gach aon bhall; agus ní foláir duit an fhoighne ’ dhéanamh ins gach aon bhall, más maith leat suaimhneas aigne ’ bheith agat, agus an choróinn shíoraí do thuilleamh.

5. Má iomprann tú an chros go toiltheanach iompróidh sí thu, agus béarfaidh sí léi thu chun na críche atá uait, chun na háite ’na mbeidh deireadh le fulag, ní ná beidh anso choíche.

Má iomprann tú í i gcoinnibh do thoile, is amhlaidh a bheidh tú ag déanamh tuilleadh ualaigh duit féin, agus ag méadú do thrioblóide; agus pé rud a dhéanfair caithfir í ’ dh’iompar.

Má chaitheann tú dhíot cros, ná bíodh aon phioc dá mhearathall ort ná go gcurfar ort ceann eile, ceann a beidh níos truime, b’fhéidir.

6. An amhlaidh is dó’ leat go bhféadfairse dul ó ní nár fhéad aon duine riamh fós dul uaidh? Cá bhfuil an naomh a ghoibh tríd an saol so gan cros agus buaireamh?

Dá mb’é ár Slánaitheóir Íosa Críost féin é, ní raibh Sé uair a’ chloig dá bheatha gan dólás: Mar sin, adeir Sé, níorbh fholáir do Chríost fulag, agus éirí ó sna mairbh, agus ar an gcuma san teacht isteach ’na ghlóire.

Agus cad ab áil leatsa bheith ag lorg bóthair eile, in éaghmais an bhóthair ríoga so, bóthar na croise naofa?

7. Cros agus mairtireacht ab ea beatha Chríost ar fad, agus tusa a d’iarraidh suaimhnis agus áthais duit féin!

Tá dearúd ort, dearúd mór, má loirgeann tú aon rud ach peannaid ar an saol so. Níl i mbeatha an duine ar an saol so ach peannaid ar fad, agus an chros ins gach aon bhall ann.

Agus an té is doimhne a théann sa bheatha sprideálta is minic gurb é a gheibheann na crosa is truime, mar, trí mhéid a ghrá do Dhia, is air is crua bheith deighilte ó Dhia.

8. Ach san am gcéanna, i lár na peannaide go léir, níl an duine sin gan gaoth sóláis ag teacht chuige. Ag fulag na croise dho tuigeann sé in’ aigne go bhfuil an sochar sprideálta ag dul i méid do.

Fuiligeann sé an t-ualach le lánchroí, agus ansan is muinín as Dia agus súil le sólás a bhíonn aige in inead an ualaigh.

Agus dá mhéid a cráitear an cholann leis an bpionós is ea is mó a neartaítear an aigne laistigh le grásta Dé.

Agus uaireanta, mar gheall ar an ngrá a bhíonn ag an nduine don tsólás a gheibhtear ó chrois Chríost, bíonn an neartú aigne a dheineann an fulag agus an pionós chómh láidir sin nách maith leis an nduine bheith ’na n-éaghmais. Tuigeann sé in’ aigne dá mhéid a dh’fhuiligeóidh sé ar son Dé gurb ea is taithneamhaí a bheidh sé i láthair Dé.

Ní har an nduine is cóir a bhaochas san a bheith, ach ar ghrásta Chríost féin. Tá grásta Dé chómh cómhachtach san go gcuireann sé ’ fhéachaint ar nádúr lag an duine, an pionós agus an trioblóid is fuath leis, do lorg agus do ghlacadh agus d’fhulag, le díogras.

9. Níl sé de réir nádúra an duine an chros d’iompar, an chros do ghráú, an cholann do smachtú agus do chur fé chois, diúltú d’onóir, cur suas le tarcaisne, é féin d’ísliú, agus dúil a bheith aige go n-ísleódh daoine eile é; gach bárthan agus gach díobháil a dh’fhulag le foighne, agus gan aon lorg a bheith aige ar tairbhíbh an tsaeil seo.

Féach isteach ionat féin agus chífir ná fuil ar do chumas in aon chor nithe den tsórd san a dhéanamh.

Ach má bhíonn do mhuinín as Dia agat tabharfar duit ó neamh an cumas. Curfar an saol agus an cholann fé smacht do thoile.

’Na theannta san, má bhíonn arm an chreidimh agat, agus séala croise Chríost ort, ní heagal duit an namhaid, an diabhal.

10. Cuir rómhat, dá bhrí sin, mar a dhéanfadh seirbhíseach maith dílis le Críost, cros do Thiarna d’iompar go fearúil, ós ar an gcrois a céasadh É ar do shonsa.

Cuir rómhat mórán bárthain agus mórán míchothroim a dh’fhulag an fhaid a bheidh tú sa bheatha mhífhoirtiúnach so. Óir sin mar a bheidh agat, pé áit ’na mbeir. Agus sin mar ’ gheóbhair an bheatha so, pé áit ’na raighir i bhfolach.

Ní foláir an scéal a bheith amhlaidh. Níl aon leigheas ar na trioblóidíbh, ná aon dul uathu, ach iad d’fhulag.

Más maith leat caradas an Tiarna ’ bheith agat, agus tu ’ bheith páirteach leis, ól a chailís le grá dho.

Fág fé Dhia na sóláis. Tugadh Sé dhuit iad nú cimeádadh Sé uait iad, de réir a thoile naofa.

Ach tusa, cuirse rómhat na trioblóidí ’ dh’fhulag, agus abair leat féin gur sóláis ana-mhóra iad. Óir ní haon chomórtas trioblóidí na haimsire atá againn anso, in aice leis an nglóire shíoraí a thuíllfid siad duit, bíodh go gcurfí iad go léir ort féin agus go bhféadfá féin iad go léir a dh’fhulag.

11. Nuair a bheidh tú i dtreó go mbeidh na trioblóidí milis duit, agus go mbeidh dúil agat iontu ar son Chríost, ní miste dhuit a mheas an uair sin go bhfuil an scéal go maith agat, mar beidh flaitheas Dé ar an dtalamh so agat.

An fhaid a bheidh doicheall roimis an bpionós agat agus tú ag teitheadh uaidh, beidh an scéal go holc agat. Is pionós bheith ag teitheadh ó phionós, agus cimeádfaidh an pionós san suas leat i gcónaí.

12. Má shocraíonn tú t’aigne, mar is ceart duit í ’ shocrú, ar an bpionós a dh’fhulag, agus ar an mbás a dh’fhulag, beidh an scéal go maith agat gan a thuilleadh ríghnis, agus beidh suaimhneas ort.

Dá dtógtí suas tu, mar a tógadh Pól, go dtí an tríú flaitheas, ní chuirfeadh san tu ó nithe ’ bheith le fulag agat: Taispeánfadsa dho san, aduairt Íosa, cad iad na nithe móra atá le fulag aige ar son m’ainme.

Tá ort pionós a dh’fhulag, dá bhrí sin, más maith leat grá ’ bheith agat d’Íosa agus a thoil do dhéanamh i gcónaí.

13. Ó, dá mb’fhiú thu go dtabharfí ní dhuit le fulag ar son ainme Íosa! Cad í an ghlóire le méid a bheadh dá bhárr agat! Cad é an t-áthas a churfá ar aingealaibh Dé! Cad é an dea-shampla ’ thabharfá don chómharsain!

Mar, molann gach éinne an fulag, bíodh gur fánach duine gur maith leis fulag a dhéanamh.

Agus go deimhin ba chóir duitse roinnt bheag a dh’fhulag ar son Chríost, nuair a chíonn tú na slóite ag fulag pionóisí móra ar son an tsaeil seo.

14. Tuig an méid seo go cruínn. Beatha báis is ea is ceart duitse ’ chaitheamh. Dá mhéid a bhásaíonn duine a bheatha féin is ea is mó a thosnaíonn sé ar bheith beó chun Dé.

Níl éinne oiriúnach chun nithe sprideálta do bhreithniú ach an té a dh’íslíonn é féin chun trioblóidí ’ dh’fhulag ar son Chríost.

Níl aon rud is taithneamhaí i láthair Dé, ná is tairbhí do dhuine féin, ná nithe ’ dh’fhulag go foighneach ar son Chríost.

Dá mbeadh do rogha le fáil agat, b’fhearra dhuit fulag ar son Chríost do thoghadh ná mórán sóláis do thoghadh, mar do dhéanfadh an fulag thu cosmhail le Críost féin, agus leis na naoimh.

Mar ní hiad an sólás sprideálta agus an mhísleacht a thuíllfidh luacht saothair dúinn ná a dhéanfaidh leas anama dhúinn, ach fulag pian agus fulag trioblóidí le foighne is ea ’ dhéanfaidh é.

15. Dá mbeadh aon ní eile ní b’fheárr agus níba thairbhí chun na cine daonna ’ dh’fhuascailt ná pianta ’ dh’fhulag ar a shon, do thaispeánfadh ár Slánaitheóir dúinn an ní sin, le briathar agus le gníomh.

Is é rud a thaispeáin Sé go soiléir dá dheisceabalaibh a bhí dhá leanúint, agus do gach duine gur mian leis É ’ leanúint, ná gurbh é a leas an chros a dh’iompar: Más mian le héinne teacht im dhiaidhse, ar Seisean, tógadh sé chuige a chros agus leanadh sé Me.

Tar éis gach ní do lé’ agus do bhreithniú, dá bhrígh sin, ní féidir a rá sa deireadh ach, gur trí mhórán trioblóidí a chaithfimíd dul isteach i ríocht Dé.

Foclóirín

ainm: “name”, with ainme in the genitive. This word is feminine here, but masculine in GCh. Pronounced /anʹimʹ/.

arm: “army” or “weapon”. Pronounced /ɑrəm/.

bárthan: “injury, harm”, or bárthainn in GCh. The genitive is given here as bárthain, showing this noun to be masculine in PUL’s Irish. Bárthan is an abstract noun with no plural; hence, mórán bárthain has the genitive singular.

cad: “what”, used as cad é in exclamations meaning “how”, as in cad é a bhfuil de dhaoine, “how many people” in I:III here. Cad é an suaimhneas!, “how great would be the peace/ease!” Cad í an ghlóire le méid!, “how great would be the glory!” Also note similar usage without é, as in cad a bhfuil de dhaoine in I:XXIII here. The use of cad é before a bhfuil seems abnormal, as a bhfuil de dhaoine is not a noun phrase, and this is the only example of this structure I can find, whereas as cad a bhfuil is frequently used in PUL’s works.

caradas: “friendship”, or cairdeas in GCh.

cine: “race, nation”. Note this word is feminine here, but masculine in GCh.

comórtas: “comparison”.

coróinn: “crown”, or coróin in GCh, pronounced /kro:ŋʹ/.

cosmhail: “like”, or cosúil in GCh. IWM indicates that smh is pronounced /sv/ in Cork Irish, i.e. /kosvilʹ/ here, although /ko’su:lʹ/ is also found.

críochnú: “accomplishment; perfection”.

dea-shampla: “good example”.

deisceabal: “disciple”.

doicheall: “churlishness; reluctance”, pronounced /dohəl/.

éaghmais: “absence, lack”, or éagmais in GCh, pronounced /iamiʃ/. In éaghmais, “besides, other than, as well as”.

féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in GCh. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.

gráím, gráú: “to love”. Second-conjugation forms are occasionally found here and elsewhere in PUL’s works.

iompraim, iompar: “to carry, bear”, or iompraím, iompar in GCh. As a syncopating verb, the future is iompróidh. Pronounced /u:mpərimʹ, u:mpər/.

isteach: “inside” (with motion), pronounced /iʃ’tʹax/.

mairtireacht: “martyrdom”, or mairtíreacht in GCh.

marbh: “dead; dead person”, pronounced /mɑrəv/. Éirí ó sna mairbh, “to rise from the dead”.

míchothrom: “unevenness; unfairness”, pronounced /mʹi:’xorhəm/.

mísleacht: “sweetness”, or milseacht in GCh. Pronounced /mʹi:ʃlʹəxt/.

páirteach: “partaking, sharing” in something (with i).

riaraím, riarú: “to arrange, manage, dispose”, or riaraim, riar in GCh. PUL also uses forms derived from riaraim, riar/riaradh in his works. Of the second-conjugation forms, only the imperative riaraigh (found here) and the participle riaraithe are attested in PUL’s works.

rithim, rith: “to run”. The original spelling often shows the quality of the r, with ruith in the imperative and ruithfir in the future (pé áit ’na ruithfir), edited here as rith and rithfir.

rogha: “choice”, pronounced /rou/. The broad or slender quality of the r (with the slender r used in leniting circumstances) is shown in the LS edition of Aithris: id rogha áit, “wherever you wish”, is transcribed as ad’ reou áit, i.e. /əd rʹou ɑ:tʹ/.

sábhálta: “safe”, or sábháilte in GCh.

séala: “sign; seal”.

slua: “host, crowd, legion”. PUL forms the plural of this word, sluaite in GCh, with an –ó-. While IWM (§92) shows the local pronunciation as /sluətʹi/, /slo:tʹi/ is also found in verse. The medial –ó- is therefore retained.

taispeánaim, taispeáint: “to show”. PUL consistently wrote this word with a broad t, as it stands in GCh, but IWM (see the note to §368) shows the pronunciation is /tʹis’pʹɑ:nimʹ, tʹis’pʹa:ntʹ/ (or /tʹi’ʃa:nimʹ, tʹi’ʃa:ntʹ/) in WM Irish. A slender t is shown in the LS version of Aithris ar Chríost. Note that the imperative and third-person singular preterite regularly have a slender n in PUL’s works: taispeáin, do thaispeáin sé.

teinneas: “soreness”, or tinneas in GCh. Pronounced /tʹeŋʹəs/.

Aithris ar Chríost II: XI

CAIBIDEAL A hAONDÉAG.

A LUÍGHEAD DAOINE A THUGANN GRÁ DO CHROIS ÍOSA.

1. Tá ag Íosa anois a lán daoine go bhfuil grá acu do ríocht Íosa ar neamh, ach fíorbheagán daoine gur fonn leó Cros Íosa d’iompar; a lán atá ag lorg sóláis, fíorbheagán atá tugtha do thrioblóidíbh a ’ dh’fhulag; a lán gur maith leó suí chun búird i bhfochair Íosa, fíorbheagán gur maith leó troscadh ’ dhéanamh i bhfochair Íosa.

Is maith le gach éinne bheith séanmhar i bhfochair Íosa. Níl ach beagán gur maith leó pianta ’ dh’fhulag ar a shon.

Is maith lena lán Íosa do leanúint chómh fada le briseadh an aráin; ach níl puínn gur maith leó dul chómh fada le cailís na Páise ’ dh’ól.

Molann a lán a mhíorúiltí. Ní thaithneann tarcaisne na croise le puínn.

Tá a lán agus bíonn grá acu d’Íosa an fhaid ná gabhann aon rud ’na gcoinnibh. Bíd siad á mholadh agus ag breith bhaochais leis an fhaid a bíd siad ag fáil sóláis uaidh.

Ach má cheileann Sé É féin orthu beagán, agus má fhágann Sé iad ar feadh tamaill, siúd ag gearán iad agus ag cásamh, nú ag titim in éadóchas ar fad.

2. An mhuíntir, áfach, nách ar son an tsóláis a tugtar dóibh a bhíonn grá acu d’Íosa, ach ar son Íosa féin, is ag breith bhaochais leis a bhíd siad, peocu dólás nú sólás a tugtar dóibh.

Agus dá mb’é a thoil naofa gan aon bhlúire sóláis a thabhairt choíche dhóibh, ní thabharfaidís choíche dho ach moladh agus baochas.

3. Ó, cad ná féadann grá d’Íosa ’ dhéanamh, nuair a bhíonn sé glan ó ghrá do dhuine féin nú ó bheith ar mhaithe le duine féin.

An mhuíntir a bhíonn coitianta ag lorg sóláis, cad ’tá iontu ach lucht tuarastail do lorg?

Nách grá dhóibh féin, níos mó ná do Chríost, atá ag an muíntir a bhíonn ag féachaint i gcónaí chun a dtairbhe féin nú chun a sochair féin?

Cá bhfuil an duine le fáil atá ollamh ar sheirbhís Dé ’ dhéanamh in aisce?

4. Is fánach le fáil duine chómh sprideálta san go bhfuil sé lom ó gach ní.

Cá bhfuil an duine le fáil atá gan beann ar shaibhreas, agus lom, in’ aigne, ó gach ní cruthaithe? Is fada anonn a luach, chómh fada le himeallaibh an domhain.

Tugadh duine uaidh a chuid ’en tsaol; is neamhní fós é.

Deineadh duine aithrí mhór; níl ann fós ach suarachas.

Foghlamaíodh duine iomláine gach eólais; ní puínn atá déanta aige fós.

Bíodh fíoraontacht mhór aige, agus díogras, agus déabhóideacht ar lasadh; tá mórán in easnamh air fós. Tá in easnamh fós air an ní is mó ’na bhfuil gá aige leis.

Cad é an ní é sin? Tar éis gach uile ní a thréigean do, go dtréigfeadh sé é féin. Go scarfadh sé ar fad leis féin. Go bhfágfadh sé é féin agus ná beadh aon ghrá feasta aige dho féin.

Nuair a bheidh gach ní déanta aige, de réir mar is dó’ leis is ceart do, tuigeadh sé in’ aigne ná fuil aon rud déanta aige.

5. Nuair a bheidh gnó mór maith déanta aige, ná measadh sé an gnó ’ bheith mór ná maith; ach tuigeadh sé ná fuil ann féin ach seirbhíseach gan mhaith, fé mar adeir Béal na Fírinne: Nuair a bheidh gach ní déanta agaibh atá órdaithe dhíbh, abraidh, Níl ionainn ach seirbhísigh gan mhaith.

Ansan is ea is féidir do bheith go dealbh agus go lom i gceart, sa sprid, agus a rá, mar aon leis an bhFáidh: Aonarán bocht is ea mise.

Agus fós, níl éinne is saibhre, ná is mó cómhacht, ná is scortha ó cheanglaibh, ná an duine sin gurb eól do scarúint le gach aon rud, agus é féin do chur san áit is ísle.

Nóta

Béal na Fírinne: the English version of Imitatio Christi has “as the Truth Himself saith”. However, fírinne is an abstract noun, and so PUL expands this to Béal na Fírinne in reference to the utterances of Christ.

Foclóirín

anonn: “over there, to that side”, pronounced /ə’nu:n/. Fada anonn, “a long way off”.

aonarán: “a solitary person”.

bórd: “table”, with búird in the genitive. Suí chun búird, “to sit at table”.

cailís: “chalice”.

ceangal: “bond, tie, fetter”. PUL has ceanglacha in the nominative plural (which form is attested in other works by PUL), but, as in II:XI here, ceanglaibh in the dative plural. Pronounced /kʹaŋəl, kʹaŋələxə, kʹaŋəlivʹ/.

fánach: “scattered”. Fánach le fáil, “rarely to be found”.

troscadh: “fast, abstinence”.

Aithris ar Chríost I:XXV

CAIBIDEAL A CÚIG IS FICHE

ÁR MBEATHA AR FAD DO LEASÚ DÁIRÍRIBH.

Bí go haireach agus go dúthrachtach i seirbhís Dé, agus fiafraigh díot féin go minic cad a thug anso isteach thu, agus cad chuige gur thréigis an saol.
Nách chun maireachtaint do Dhia a dheinis é, agus chun bheith it dhuine sprideálta?

Dein dícheall, dá bhrí sin, ar bheith chómh maith agus is féidir duit bheith, mar ní fada go bhfaighir luacht do shaothair. Ansan ní bheidh dólás ná eagla le teacht id ghaobhar a thuilleadh.

Déanfair roinnt bheag saothair anois, agus ansan beidh suaimhneas breá fada agat, agus aoibhneas síoraí.

Má bhíonn tusa dílis dúthrachtach san obair, ní baol ná go mbeidh Dia dílis, agus fial, sa chúiteamh.

Bíodh do mhuinín go láidir agat go mbéarfair bua; ach ná dein deimhin ar fad de, le heagla go dtiocfadh díomhaointeas ort agus mór-is-fiú.

2. Bhí duine ann agus bhíodh sé go minic i bpráinn agus i mbuairt aigne go mór, a mhuinín as Dia aige agus ansan scannradh air le heagla go mb’fhéidir ná leanfadh sé dílis do Dhia i gcónaí. Lá agus an buaireamh ana-dhian air do leog sé é féin ar a ghlúinibh ar aghaidh altórach áirithe. “Ó!” ar seisean, in’ aigne, “dá mbeadh ’ fhios agam go leanfainn dílis!” Lena línn sin do mhothaigh sé an freagra ó Dhia istigh ’na chroí: “Agus dá mbeadh an fios san agat cad a dhéanfá? Dein anois an rud a dhéanfá an uair sin agus beidh an scéal go maith agat.”

Tháinig sólás agus suaimhneas ar a aigne láithreach. Chuir sé a thoil le toil Dé, agus d’imigh an buaireamh. Chuir sé suas de bheith ag cuardach féachaint cad a bhí le himeacht air féin, agus ní raibh uaidh feasta ach ’ fhios a bheith aige cad ba mhó ba thoil le Dia, agus conas a chuirfeadh sé toil Dé chun cínn i dtosach agus i ndeireadh gach dei-ghnímh.

3. Bíodh do mhuinín à Dia agat, adeir an Fáidh, agus dein an mhaith, agus cónaigh ar an dtalamh agus cothóidh a shaibhreas tu.

Tá aon ní amháin a chimeádann a lán daoine siar ó leas a n-anama ’ dhéanamh. Is é ní é ná an obair a bheith, dar leó, róchruaidh, nú an cath a bheith ródhian.

Agus ansan, an mhuíntir a thugann a n-aghaidh gan staonadh ar chruatan na hoibre, agus a dheineann dícheall ar an lámh uachtair ’ fháil ar gach ní atá ’na gcoinnibh, sin iad is feárr a dheineann leas a n-anama.

Mar, nuair a gheibheann duine an lámh uachtair air féin agus nuair a smachtaíonn sé é féin, sin é uair is feárr a dheineann sé leas a anama agus is mó a thuilleann sé grásta ó Dhia.

4. Ach is mó a bhíonn ag duine ná mar a bhíonn ag duine eile le smachtú agus le cur fé chois.

Ach an té a bheidh dícheallach, dúthrachtach, bíodh go bhfuil mórán drochmhianta aige le smachtú, déanfaidh sé an bheart níos feárr, agus raghaidh sé ar aghaidh i mbeannaitheacht níos tiúbha, ná duine eile ná fuil na drochmhianta san aige, ach atá ríghin, mairbhiteach, i ngnó a anama.

Tá dhá ní a chabhraíonn go mór chun leasa anama; tarrac siar go neartmhar ón ndrochní go bhfuil duine tugtha dhò ó dhúchas, agus ansan, an mhaith atá in easnamh orainn do shaothrú go dícheallach.

Níor mhiste dhuit, leis, aire ’ thabhairt don ní seo. An locht a chíonn tú sa bhfear thall agus a chuireann seirithean ort, féach a’ bhfuil sé ionat féin, agus leighis ionat féin é.

5. Ansan, bain leas t’anama as gach aon rud. Má chíonn tú tréithe maithe sa bhfear thall, saothraigh ionat féin iad ar do dhícheall. Ach má chíonn tú drochthréith, seachain aithris ar an ndrochthréith. Má dheinis cheana an aithris sin seachain í feasta.

Fé mar atá do shúilse ar chách, bíodh ’ fhios agat go bhfuil súil chách ort.

Ó, nách aoibhinn, aiteasach an rud bráithre ’ dh’fheiscint diaga, débhóideach, dea-iompair, úmhal don riail! Nách dúbhach agus nách dobrónach an rud iad a dh’fheiscint ag siúl go neamhrialta, agus ná deinid siad an obair a thug isteach anso iad!

Nách díobhálach an rud faillí a thabhairt i ngnó ár ngairme féin, agus ár n-aigne ’ thabhairt do rud ná baineann linn!

6. Cuímhnigh ar an ní a chuiris rómhat, agus leog do shúil ar íomhá an tSlánaitheóra ar an gCrois Chéasta.

Ní hiúnadh náire ’ bheith ort nuair ’ fhéachann tú ar bheatha Íosa Críost. Níor dheinis dícheall fós ar aithris níos feárr a dhéanamh air, bíodh gur fada i ngnó Dé thu.

An manach a thugann mar bhéas dò féin taithí ’ dhéanamh de bheith dhá oibriú féin i mbeatha rónaofa agus i bPáis an Tiarna, gheóbhaidh sé ann go flúirseach na nithe a bheidh riachtanach dò, nú ag teastabháil uaidh, agus ní gá dhò dul lasmu’ d’Íosa chun aon ní níos feárr do lorg.

Ó, dá dtagadh an Slánaitheóir, ar a Chrois Chéasta, isteach ’nár gcroí, nách tapaidh a bheadh ár ndóthain léinn againn!

7. Glacann an manach imníoch gach ní a hórdaíthear dò, agus cuireann sé suas leis.

Ní bhíonn ach buaireamh ar muin buairimh ag an manach faillitheach, patuar, agus guais ag brú air ón uile thaobh. Tá sé gan sólás istigh, agus níl ceadaithe dhò sólás do lorg lasmu’.

An manach ná maireann fé smacht is baol dò aimhleas mór.

An té a bheidh a d’iarraidh suaimhnis agus a d’iarraidh dul ón riail beidh sé i gcónaí i dtrioblóid. Beidh rud éigin i gcónaí ag cur feirge air.

81. Conas a mhairid na manaigh eile seo go léir atá dúnta isteach fé smacht daingean? Is annamh a théid siad amach. Mairid siad go huaigneach. Ní fónta é a mbia. Bíonn éadach garbh orthu. Deinid siad a lán oibre. Ní labhraid siad puínn. Ní chodlaid siad puínn. Éiríd siad moch. Deinid siad úrnaithe fada. Léid siad a lán. Agus cuirid siad an uile shaghas smachta orthu féin.

Féach na Cartúisínigh, agus na Cistersínigh, agus manaigh agus mná rialta eile, mórán acu, conas mar a dh’éiríd siad gach aon oíche chun cantainne salm a dhéanamh chun an Tiarna.

Ba náireach an bheart duitse, dá bhrí sin, bheith annleisciúil san obair bheannaithe, agus na daoine naofa san go léir ag moladh Dé le fonn.

9. Ó, nách trua aon ní eile ’ bheith le déanamh againn ach bheith ag moladh an Tiarna Dia ónár gcroí agus ónár mbéal go hiomlán!

Ó, dá mba nár ghá dhuit choíche ithe ná ól ná codladh ’ dhéanamh, ach neart a bheith dhuit ar bheith i gcónaí ag moladh Dé, ach amháin nuair a bheadh gnó sprideálta nú foghlaim agat le déanamh; nách aoibhinn a bheadh an saol agat seochas mar atá anois, nuair atá ort riachtanaisí líonmhara an chuirp d’fhriothálamh.

Is trua gan na riachtanaisí sin tógtha uainn i dtreó ná beadh orainn a thógaint ach bia an anama, an bia ná blaisimíd ach go ró-annamh.

10. Nuair a bhíonn duine i dtreó ná bíonn aon bheann aige ar aon ní cruthaithe seochas a chéile, ansan is ea ’ thosnaíonn sé ar bheann a bheith i gceart aige ar Dhia. Ansan, leis, is ea ’ bheidh sé lántsásta le pé rud a thitfidh amach.

An uair sin ní chuirfidh flúirse áthas air, ná ní chuirfidh gannchúise míshásamh air, mar fágfaidh sé é féin agus gach ní eile fé Dhia ar fad, le lánmhuinín, mar is é Dia a chuid ’en tsaol. Mar ní théann aon rud chun báis ná ar neamhní ó Dhia, óir tá gach ní beó dhò, ag déanamh a thoile ar leagadh súl, gan ríghneas.

11. Cuímhnigh i gcónaí ar an bhfoircheann, agus ar conas mar ná filleann an aimsir a cailltear.

Níl an fhíoraontacht le fáil agat gan imníomh agus aireachas.

Má thosnaíonn tú ar bheith patuar tosnóir ar bheith go holc.

Ach má dheineann tú dícheall ar bheith imníoch tiocfaidh suaimhneas mór ort, agus ní mhothóir aon chruadas san obair, mar beidh grásta Dé agat agus grá don mhaith.

An té atá dúthrachtach, imníoch, tá sé ollamh do pé rud a thiocfaidh air.

Is mó de ghníomh cur i gcoinnibh drochmhian agus dúáilcí ná allas mór a chur díot ag déanamh oibre.

An té ná seachnóidh na peacaí beaga titfidh sé, i ndiaidh ar ndiaidh, in sna peacaíbh móra.

Beidh áthas ort i gcónaí um thráthnóna má bhíonn an lá caite go tairbheach agat.

Bí ag faire ort féin. Bí ad spriocadh féin. Bí ad chómhairliú féin. Pé rud a dhéanfaidh éinne eile ná tabhair faillí ionat féin.

Le bheith dian ort féin is ea ’ dhéanfair leas t’anama. Amen.

Foclóirín

agus ansan: “nevertheless”.
aimhleas: “disadvantage, mischief”, pronounced /ailʹəs/.
aiteasach: “delightful”.
altóir: “altar”, with altórach in the genitive singular where GCh has altóra.
annleisciúil: “reluctant, indolent, unwilling”, or aimhleisciúil in GCh. Pronounced /aunlʹe’ʃkʹu:lʹ/.
beann: “regard”. Beann a bheith agat ar rud, “to have regard for something”.
beart: “move, deed, act”, which is feminine here, but masculine in the GCh.
cách: “everyone”.
cantainn: “chanting”, or cantain in GCh. The LS version of Aithris shows the pronunciation to be /kɑntiŋʹ/, with no diphthong in the first syllable, possibly because this is a loanword.
Cartúisíneach: “Carthusianmonk”, or Cartúiseach in GCh.
cath: “battle”. The two meanings of the word cath are not well-distinguished in Irish.
Cistersíneach: “Cistercian monk”, or Cistéirseach in GCh.
cónaím, cónaí: “to dwell”.
crois: “cross”, or cros in GCh. The historical dative usually replaces the nominative in PUL’s Irish, especially in the phrase crois chéasta, “crucifix” (cf. cros mhór sholasmhar in the section on the cross of Constantine in PUL’s Lúcián and an chruis chéasta in the chapter Íbirt ag Abraham in PUL’s Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha). The spelling in the original here was crois, with /kroʃ/ indicated in the LS version of Aithris, but other LS editions, such as that of PUL’s An Choróinn Mhuire, indicate /kriʃ/.
cruadas: “hardness”, or cruas in the GC. PUL stated that a clear d was pronounced in this word: /kruədəs/ (Notes on Irish Words and Usages, p30).
cuid: “share”. Mo chuid en tsaol, “everything to me”, literally “my share of the world”.
cuirim, cur: “to put”. Cur suas de rud, “to give up, cease doing something”, spelt cur suas do rud in the original. Cur suas le rud, “to put up with something”.
dea-iompar: “good conduct”, pronounced /dʹa-uːmpər/. CFBB shows that some speakers inserted an h into such words (see under dea-eólas), /dʹa-huːmpər/. The genitive, dea-iompair, is used as an adjective meaning “well-behaved”.
dei-ghníomh: “good deed”.
dícheall: “one’s best efforts”. Pronounced /dʹiːhəl/. Used with and without the possessive adjective: dein dícheall or dein do dhícheall (ar rud a dhéanamh), “endeavour, do your best”.
díobhálach: “harmful”.
díomhaointeas: “idleness”.
dobrónach: “afflicted; grievous”.
drochní: “something evil”, pronounced /dro-ni:/.
drochthréith: “evil trait or quality”, pronounced /dro-hrʹe:h/.
dúbhach: “dismal, melancholy, sorrowful”, pronounced /du:x/.
dúchas: “innate quality”. Ó dhúchas, “by natural inclination” in I:XXV here.
fial: “liberal, generous”.
flúirse: “abundance, plenty”.
foircheann: “end”, or foirceann in GCh, pronounced /forʹihən/.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in GCh.Riachtanaisí an chuirp d’fhriothálamh, “to attend to bodily needs”.
gairm: “calling, vocation”, pronounced /gɑrʹimʹ/.
gannchúise: “penury, scarcity”, or gannchúis in GCh. Pronounced /gɑnə’xu:ʃi/.
gaobhar: “nearness, proximity”, pronounced /ge:r/. This was spelt gaor in the original, but the accepted spelling yields the appropriate pronunciation.
imím, imeacht: “to go, go away”. Often with no sense of ‘going away’, and therefore just a synonym of dul. Rud a dh’imeacht ort, “for something to befall you”. Note that the participle, imithe, is stressed on the second syllable: /i’mʹihi/.
imníoch: “anxious”, but also “diligent, attentive”. Pronounced /imʹ’nʹi:x/, although I would like to check for an epenthetic vowel.
imníomh: “anxiety, diligence, care, concern, vigilance”. Note that Ó Dónaill’s dictionary crossreferences imshníomh, which it gives there with medial sh, to imní, which is also used in WM Irish. The pronunciation shown in the LS version of Aithris is /imʹ’nʹi:v/; I need to check whether there should be an epenthetic vowel.
íomhá: “image”, pronounced /i:’vɑ:/.
iúnadh: “wonder, surprise”, or ionadh in GCh. Pronounced /u:nə/. This word slenderises the n of the article: an iúnadh, /inʹ uːnə/ (see CFBB, p270). Iúnadh is consistently feminine in PUL’s works, but feminine in GCh. Ní hiúnadh é, “no wonder”.
lántsásta: “fully satisfied”, or lánsásta in GCh.
leagaim, leagadh: “to lay down”, or leagaim, leagan in GCh. Ar leagadh (na) súl, “in a twinkling”.
leasaím, leasú: “to polish”. Do bheatha leasú, “to turn over a new leaf, make positive changes in your life”.
línn: “period”, or linn in GCh. Note the long vowel here, /lʹi:ŋʹ/, whereas linn, “with us”, has a short vowel, /lʹiŋʹ/.
muin: “back and shoulders”. Buaireamh ar muin buairimh, “trouble on top of trouble”.
neamhní: “nothing”, pronounced /nʹav’nʹi:/. Dul ar neamhní, “to come to nothing, to naught”.
neamhrialta: “irregular”. Pronounced /nʹa-riəlhə/.
oibrím, oibriú: “to work, operate”. Pronounced /ebʹi’rʹi:mʹ, ebʹi’rʹu:/. CFBB indicates that ag oibriú is generally /igʹ ebʹi’rʹu:/, although /əg obʹi’rʹu:/ is also found. Tu féin a dh’oibriú, “to apply yourself” in some regard.
páis: “passion”, especially the Passion of Christ.
práinn: “hurry, urgency”. I bpráinn, “in trepidation”.
salm: “psalm”, pronounced /sɑləm/.
teastaíonn, teastabháil: “to be wanted or needed”, or teastaíonn, teastáil in GCh. The bh may be pronounced in WM Irish: /tʹas’tɑ:lʹ~tʹastə’vɑ:lʹ/. Used impersonally with ó: rud a theastaíonn uaidh, “something he wants/needs”.
tiubh: “quick”, with the comparative tiúbha, pronounced /tʹuv, tʹu:/. The comparative would be tibhe in GCh.
treó: “way”, but also “state, condition”. Bheith i dtreó go, “to have reached such a state/condition (that)”.

1This section doesn’t correspond to anything in the English version.

Aithris ar Chríost I:XXIV

CAIBIDEAL A CEATHAIR IS FICHE

AN BHREITH, AGUS PIAN AN PHEACA.

1. Ins gach ní féach cad é an deireadh a bheidh air, agus conas a sheasóir i láthair an Bhreithimh. Breitheamh rócheart is ea é. Ní féidir aon ní do cheilt air. Ní féidir É ’ bhreabadh. Ní ghlacfaidh Sé aon leathscéal. Tabharfaidh Sé breith de réir an chirt.

Ó, a pheacaigh mhífhoirtiúnaigh gan chiall, cad é an freagra a bheidh agatsa le tabhairt ar Dhia na glóire nuair a bheid do pheacaí go léir os cómhair a shúl? Tusa, go gcuireann fearg i ngnúis duine scannradh ort uaireanta!

Cad chuige ná féachann tú chút féin i gcómhair an lae sin na breithe, nuair ná féadfaidh éinne plé ná cosaint a dh’fháil ó éinne eile, toisc go mbeidh a dhóthain de chúram do gach éinne ’na chás féin?

Tá toradh ar do shaothar anois. Glacfar do dheóra. Éistfar let osna. Tá cúiteamh agus glanadh it dhólás.

2. Tá cúiteamh mór maith ag an nduine foighneach á dhéanamh ’na phurgadóireacht. Nuair a deintear díobháil dò is mó a ghoilleann peaca a chómharsan air ná a dhíobháil féin. Nuair a gabhtar ’na choinnibh ní dheineann sé ach an gníomh do mhaitheamh agus guí ar an namhaid. Má dheineann sé díobháil iarrann sé maithiúnachas go tapaidh. Is túisce trua aige do dhuine ná fearg aige chun duine. Bíonn sé ana-dhian air féin chun anmhianta na colla do chimeád fé chois.

Is feárr na peacaí do ghlanadh dhínn anois, agus na hanmhianta do ghearradh amach, ná iad a chimeád i gcómhair an tsaeil eile le glanadh.

Is fíor go meallaimíd sinn féin leis an ngreann rómhór so atá againn ar ár gcolainn.

3. Cad eile a bheidh chun na tine úd do chothú ach do pheacaí?

Dá mhéid a spárálfair thu féin anois, agus dá mhéid a ghéillfir don cholainn, is ea is mó a bheidh le dó ionat ar ball.

In sna nithibh ’nar dhein duine an peaca is ea is mó a bheidh a phian. Beid lucht leisce dá bpriocadh ansúd le bearaibh tine. Beid lucht meisce agus craois dá ngearradh le tart agus le hocras.

Beid lucht drúise agus pléisiúir clúdaithe ansúd le bréantas agus le pic agus le ruibh ar lasadh. Agus beid lucht an fhormaid ann agus iad ag uallfartaigh, mar ’ bheadh madraí uilc, le drochaigne.

4. Níl aon drochbhéas ná beidh a phian féin ansúd air. Beid lucht an uabhair fé an uile shaghas náire ann. Beidh uathás easnaimh ar lucht na sainnte.

Is déine a bheidh aon uair a’ chluig amháin den phian úd ansúd ná mar a bheadh céad blian anso den aithrí is crua.

Níl sos ná suaimhneas ansúd choíche, don druíng damanta, ná aon bhlúire sóláis. Ní mar sin dúinn anso; bíonn sos le fáil ón obair is crua, agus gheibhimíd sólás ónár gcáirdibh, ó am go ham.

Bíodh eagla agus dólás ort anois mar gheall ar do pheacaíbh, i dtreó go mbeidh tú ar láimh shábhála, i bhfochair na bhfíoraon, lá an

Mar, an uair sin is ea ’ sheasóid na fíoraein go fíordhaingean in aghaidh na muíntire a bhíodh á mbrú agus dhá gcur fé chois.

An uair sin is ea ’ bheidh ’na sheasamh chun breithe ’ thabhairt an té atá anois go húmhal fé bhreith daoine.

An uair sin is ea ’ bheidh meanmna ag an nduine mbocht úmhal, agus lucht an uabhair ag crith ins gach aon bhall.

5. An uair sin is ea do chífar ná raibh duine sa domhan so dob fheárr ciall ná an té a dh’fhoghlaim conas bheith in’ amadán agus fé tharcaisne ar son Chríost.

An uair sin is ea ’ gheóbhfar áthas as gach cruatan a fuiligeadh le foighne, agus a chaithfidh an éagóir a béal do dhúnadh.

An uair sin is ea ’ bheidh áthas ar an ndébhóideach agus gruaim ar an ndíchreideamhach.

An uair sin is ea ’ bheidh aiteas ar an bhfeóil a dh’fhuilig cruatan, níos mó ná mar a bheadh uirthi dá mba ar shólaistíbh a cothófí riamh í.

An uair sin is ea do thaithnfidh an t-éadach garbh, agus do dhoircheóidh an t-éadach mín.

An uair sin is ea ’ gheóbhaidh an bothán bocht moladh ná faighidh an caisleán órga.

An uair sin is ea ’ bheidh an fhoighne sheasmhach níos tairbhí ná cómhacht an domhain go léir.

An uair sin is ea ’ gheóbhaidh fíorúmhlaíocht d’uachtarán creidiúint níos aoirde ná mar a gheóbhaidh gliocas an tsaeil seo go léir.

6. An uair sin is ea ’ chuirfidh coínsias fónta, glan, níos mó áthais ar an té go mbeidh sé aige ná mar a chuirfeadh léann agus eagnaíocht an domhain air.

An uair sin is ea ’ mheáfaidh neamhshuím i saibhreas níos truime ná a raibh de stór riamh ag lucht saolthachta.

An uair sin is ea ’ bheidh níos mó sóláis agat à húrnaithe débhóideacha ná à bia dei-bhlasta.

An uair sin is ea ’ bheidh níos mó áthais ort mar gheall ar fhanúint ciúin ná mar gheall ar mhórán cainnte ’ dhéanamh.

An uair sin is ea’ bheid gníomhartha beannaithe níos mó le rá ná focail bhreátha líonmhara.

An uair sin is ea ’ bheidh an bheatha dhian agus an aithrí chruaidh níos sólásaí ná aoibhneas an tsaeil seo go léir.

Tabhair mar bhéas duit féin nithe suaracha d’fhulag anois i dtreó ná beidh ort nithe móra ’ dh’fhulag ar ball.

Triail thu féin anso féachaint cad ’ fhéadfair a dh’fhulag ansúd.

Mura féidir leat na pianta beaga ’ dh’fhulag, conas ’ fhéadfair na pianta síoraí ’ dh’fhulag ar ball?

Má chuireann pian bheag ar buile thu anois, cad is dó’ leat a dhéanfaidh pian ifrinn leat ar ball?

Bíodh ’ fhios agat nách féidir duit an dá aoibhneas a bheith agat, aoibhneas an tsaeil seo agus aoibhneas na bhflaitheas i bhfochair Chríost ’na dhiaidh so.

7. Dá mbeithá tar éis do shaeil go léir a chaitheamh, go dtí an lá so, in onóir agus i bpléisiúr, cad é an tairbhe ’ bheadh ann duit dá gcaithfá bás d’fháil an neómat so?

Baois, dá bhrí sin, baois is ea gach aon rud, ach amháin grá ’ thabhairt do Dhia agus a thoil do dhéanamh.

Óir, an té a thugann grá óna chroí go hiomlán do Dhia, ní heagal leis bás, ná pian, ná breithiúntas, ná ifreann, mar osclann an grá iomlán san an bóthar chun Dé dhò gan aon teip.

Ach an té go bhfuil greann ar an bpeaca aige agus dúil aige sa pheaca, ní haon iúnadh eagla ’ bheith aige roimis an mbás agus roimis an mbreithiúntas.

Is maith an rud, áfach, mura bhfuil grá do Dhia ábalta ar thu ’ chimeád ón olc, eagla ifrinn féin a bheith ábalta ar thu ’ chimeád uaidh.

Ach an té a chuireann eagla Dé i leataoibh uaidh ní fhéadfaidh sé seasamh i bhfad ar an slí chóir. Ní fada go mbeidh sé ’na líon ag an áirseóir.

Nóta
Den phian úd: note the failure to use the dative péin here.

Foclóirín

aiteas: “delight”. This word is given in FGB as “pleasantness, fun”, but PUL states in his Notes on Irish Words and Usages that this word means “intense delight”, a stronger word than áthas.
ball: “place, spot”. Ar ball, “presently, by and by”.
béas: “custom, habit”. Rud do thabhairt mar bhéas duit féin, “to get into the habit of doing something”.
bior: “spit, spike, rod”, with beara in the plural, where GCh has bearanna.
bréantas: “stench, filth”.
breith: “judgement, decision”. Fé bhreith, “judged by (someone)”.
caisleán: “castle”, pronounced /kiʃ’lʹɑ:n/.
cómhacht: “power, authority”, or cumhacht in GCh, but pronounced with a long o in WM Irish: /ko:xt/.
craos: “gluttony”, with craois in the genitive. Pronounced /kre:s, kri:ʃ/.
cúiteamh: “requital; recompense”.
dei-bhlasta: “savoury, tasty”, or dea-bhlasta in GCh. Pronounced /dʹəi-vlɑstə/.
díchreideamhach: “unbeliever”, or díchreidmheach in GCh.
dóim, dó: “to burn”.
doirchím, dorchú: “to darken”, in both transitive and intransitive senses, or dorchaím, dorchú in GCh. The finite verb regularly has a slender rch in PUL’s works, where the verbal noun has a broad rch. Pronounced /dorʹi’hi:mʹ, dorə’xu:/.
drochaigne: “malice, ill-will”, pronounced /dro-hagʹinʹi/.
drong: “group, body of people”, with druíng in the dative. An drong damanta, “the damned”, where damanta could either be an adjective or a noun in the genitive plural. Pronounced /drouŋg, dri:ŋgʹ/.
eagnaíocht: “wisdom, cleverness in debate”, pronounced /ɑgə’ni:xt/.
easnamh: “want, shortage”, pronounced /ɑsnəv/.
freagra: “answer”, pronounced /frʹagərə/.
garbh: “rough, coarse”, pronounced /gɑrəv/.
gearraim, gearradh: “to cut”, but also “to torture, persecute”.
gliocas: “cleverness”, or gliceas in GCh. Pronounced /glʹikəs/.
gruaim: “gloom”.
leathscéal: “excuse”, or leithscéal in GCh. Pronounced /lʹa’ʃkʹial/.
líon: “net”. ’Na líon ag an áirseóir, “caught in the snares of the Devil”.
madra: “dog”, pronounced /mɑdərə/. Madra uilc, “a mad dog”.
maithiúnachas: “forgiveness, remission of sins”, or maithiúnas in GCh.
meanmna: “courage, spirit”, or meanma in GCh. The pronunciation shown in the LS version of Aithris is /mʹanəmnə/, but meanma is found in PUL’s Guaire.
mífhoirtiúnach: “unfortunate”, pronounced /mʹi:-or’tʹu:nəx/. This would be mífhortúnach in GCh. The original spelling here was mí-fhortiúnach, possibly reflecting the fact that r is not palatalised before a slender t in WM Irish.
órga: “golden, gilded”, and also, by extension, “splendid”.
osclaim, oscailt: “to open”, or osclaím, oscailt in GCh. Pronounced /oskəlimʹ, oskiltʹ/.
pic: “pitch, tar”.
pléim, plé: “to discuss; plead”.
pléisiúr: “pleasure”, pronounced /ple:’ʃu:r/.
priocaim, priocadh: “to prod”.
ruibh: “sulphur”.
sábháil: “saving, deliverance”. Ar láimh shábhála, “safe, out of danger”.
saolthacht: “worldly goods”. Lucht saolthachta, “the children of the world”, as opposed to the godly.
sólaist: “dainty, delicacy”, usually plural as sólaistí.
spárálaim, spáráil: “to spare”. Tu féin a spáráil, “to spare yourself, go easy on yourself”.
uallfartach: “howling, yelling”. Pronounced /uəlhərtəx/. As a feminine verbal noun ending in -ach, this becomes ag uallfartaigh in the dative, pronounced /əg uəlhərtigʹ/.
uathás: “horror; an astonishing amount of something”, or uafás.

Aithris ar Chríost I:XXIII

CAIBIDEAL A TRÍ IS FICHE

CUÍMHNIGH AR AN MBÁS.

1. Is rógheárr go mbeidh deireadh leat anso. Féach conas a bheidh an scéal agat san áit eile. Duine anso inniu, agus é imithe gan tuairisc amáireach.

Agus nuair a bhíonn sé imithe à radharc ní fada go mbíonn sé imithe à cuímhne.

Ó, nách mairbhiteach dúr é croí an duine! É ag cuímhneamh coitianta ar an saol so, agus ná cuímhníonn sé in aon chor ar an saol eile!

Ba cheart duit gach gníomh agus gach smaoineamh a dheineann tú do dhéanamh díreach mar a dhéanfá é dá mbeithá chun báis d’fháil an neómat so.

Dá mbeadh do choínsias ar dhea-staid ní bheadh puínn eagla agat roimis an mbás.

B’fhearra dhuit na peacaí do chur uait ná bheith ag teitheadh ón mbás.

Nílir ollamh inniu? An amhlaidh is dó’ leat go mbeidh tú ollamh amáireach?

Lá gan deimhne is ea an lá amáireach. Cá bhfios duit an dtiocfadh an lá amáireach ort in aon chor?

2. Cad é an tairbhe maireachtaint i bhfad nuair ná téimíd puínn i bhfeabhas?

Á, ní chuireann saol fada feabhas ar dhaoine i gcónaí. Is minic ná deineann sé ach na peacaí do mhéadú.

Is trua chráite ná deinimíd oiread agus aon lá amháin do chaitheamh mar ba cheart ar an saol so.

Tá a lán daoine agus bíd siad ag cómhaireamh na mblian atá ó iompaíodar ar Dhia, ach is minic ná bíonn puínn tairbhe anama as na bliantaibh go léir.

Rud scannrúil is ea bás d’fháil, ach b’fhéidir gur chúntúrthaí go mór saol fada ’ dh’fháil.

Molaimse an té go mbíonn uair a bháis coitianta os cómhair a shúl aige, agus d’ollmhaíonn é féin chun báis gach aon lá a dh’éiríonn air.

An bhfeacaís riamh duine ag fáil bháis? Bíodh ’ fhios agat go gcaithfirse an tslí chéanna ’ ghabháil.

3. Nuair a bheidh an mhaidean agat ceap it aigne ná mairfir go tráthnóna. Nuair a thiocfaidh an tráthnóna ort ná geall duit féin go bhfeicfir an mhaidin arís.

Bí ollamh i gcónaí, agus caith do shaol i dtreó ná féadfaidh an bás teacht ort agus gan tu ollamh.

Tagann an bás go hobann agus i ganfhios ar a lán daoine. Mar ní fios cad é an uair a thiocfaidh Mac an Duine.

Nuair a thiocfaidh an uair dheirineach san, féachfaidh do shaol go léir ar a mhalairt de chuma dhuit seochas mar ’ fhéachann sé anois. Ansan is ea ’ bheidh a chathú ort go rabhais chómh fuar, chómh faillitheach.

4. Molaimse an té atá ag déanamh a dhíchill anois chun a shaeil do chaitheamh mar a thaithnfidh leis, an uair sin, é ’ bheith caite aige.

Neamhshuím fírinneach sa tsaol so; mian dílis chun dul ar aghaidh in sna súáilcíbh; grá do bheith fé smacht; obair chruaidh chun aithrí; tugthacht chun géilleadh d’uachtarán, toil dhuine féin do thréigean; an uile shaghas cruatain a dh’fhulag trí ghrá do Chríost; sin nithe agus an té a dhéanfaidh iad ní miste dhò súil a bheith aige le bás naofa d’fháil.

Tá ar do chumas mórán nithe fónta ’ dhéanamh an fhaid atá an tsláinte agat. Nuair ’ imeóidh an tsláinte, áfach, ní fheadar cad ’ fhéadfair a dhéanamh.

Ní chuireann easpa sláinte feabhas ach ar bheagán. Agus is annamh naofa lucht taistil tíortha.

5. Ná bí ag brath ar do cháirdibh ná ar do ghaoltaibh, agus ná cuir leas t’anama ar cáirde. Dearódfar thu níos túisce ná is dó’ leat é.

Is fearra dhuit tairbhe ’ dhéanamh duit féin anois, in am, agus maith do chur rómhat, ná bheith ag brath ar dhaoinibh eile chun tairbhe ’ dhéanamh duit tar éis do bháis.

Mura ndeinir féin rud ar mhaithe le t’anam anois, cé ’ dhéanfaidh cúram díot ar ball?

Is mór is fiú an t-am atá agat anois. Anois lá an tslánaithe. Anois an t-am a glacfar.

Ach foraíor géar, is trua ná deineann tú úsáid níos feárr den rud a cheannódh dhuit an bheatha shíoraí! Tiocfaidh an t-am ’na mbeidh dúil agat aon lá amháin, ní hea, ach aon uair a’ chluig amháin, a dh’fháil chun aithrí, agus ní fheadar an bhfaighir é.

6. Ó, a chara mo chroí, cad í an chúntúirt as a bhféadfair thu féin a dh’fhuascailt, cad é an scannradh óna shaorfair thu féin, má bhíonn eagla anois de ghnáth ort, agus scáth roimis an mbás.

Beartaigh anois maireachtaint ar chuma a thabharfaidh dhuit áthas a bheith ort, in inead scannradh, nuair a thiocfaidh uair do bháis.

Foghlaim anois bás d’fháil ón saol, agus tosnóir an uair sin ar bheith beó i bhfochair Chríost.

Foghlaim anois conas neamhshuím do chur ins gach ní, i dtreó go mbeidh neart agat an uair sin ar dhul ag triall ar an Slánaitheóir gan aon rud ad tharrac siar.

Smachtaigh do cholann anois le haithrí, i dtreó go bhféadfair do mhuinín a bheith agat as Dia an uair sin go láidir.

7. Á, a amadáin, cad chuige dhuit bheith dhá chuímhneamh go mairfir i bhfad, agus gan deimhin agat ar oiread agus aon lá amháin!

Cad a bhfuil de dhaoine do mealladh, agus gur stracadh anam à colainn acu gan choinne!

Cad é a mhinicí a dh’airís conas mar a thit an fear so le claíomh; mar a bádh an fear eile úd; mar a thit fear eile agus gur briseadh a mhineál; mar a thacht an bia fear eile; conas mar a thit an t-anam à duine eile agus é ag spórt.

Fuair duine bás le tine, duine eile le faor, duine eile le pláigh, duine eile le foghail. Mar sin dóibh. An bás ag teacht orthu go léir sa deireadh, agus ansan, an duine imithe glan mar ’ imeódh an scáil!

8. Cé ’ chimeádfaidh aon chuímhne ortsa tar éis do bháis? Agus cé ’ chuirfidh paidir le t’anam?

Dein anois é, dein féin anois, a mhic mo chroí, pé rud a dh’fhéadfair a dhéanamh, mar ní fios duit lá do bháis, ná ní fios duit cad ’tá le himeacht ort tar éis do bháis.

An fhaid atá uain agat air, bailigh duit féin an saibhreas a mhairfidh go deó.

Ná cuímhnigh ar aon ní ach ar leas t’anama. Ná cuir suím in aon rud ach i ngnó Dé.

Dein daoine muínteartha dhuit féin anois de sna naoimh, ag tabhairt onóra dhóibh ar son Dé agus ag déanamh aithrise ar a ngníomharthaibh, i dtreó, nuair a bheir ag fágaint an tsaeil seo, go nglacfaid siad thu isteach in sna tithibh síoraí.

9. Bí, ar an saol so, id dheóraí agus id dhuine iasachta ná baineann gnóthaí an tsaeil seo leis.

Cimeád do chroí scortha agus ag féachaint suas chun Dé, mar ní cathair bhuan atá agat anso.

Stiúraigh do ghuí agus t’osna agus do dheór chun na háite úd gach lá, i dtreó go mbeidh tuíllte agat t’anam do dhul saor ag triall ar an Slánaitheóir nuair a thiocfaidh an bás ort. Amen.

Foclóirín

áfach: “however”. PUL has the standard form of this word, which is found in other speakers of the WM dialect as áfaigh.
ag: “at”. Ad, the combination of ag, the particle governing the verbal noun, with the second-person singular pronoun object. This would be do do in the GCh (an extremely inauthentic form).
amen: “Amen”, or áiméan in GCh. This word is one of many whose spelling in the works of PUL indicates an eschewing of an artificial gaelicisation of a non-Irish word. The pronunciation is given in IWM as /amʹenʹ/.
beartaím, beartú: “to plan, decide”.
cad: “what”, used as cad é in exclamations meaning “how”, as in cad é a bhfuil de dhaoine, “how many people” in I:III here. Cad é an suaimhneas!, “how much peace/ease”. Also note similar usage without é, as in cad a bhfuil de dhaoine in I:XXIII here. The use of cad é before a bhfuil seems abnormal, as a bhfuil de dhaoine is not a noun phrase, and this is the only example of this structure I can find, whereas as cad a bhfuil is frequently used in PUL’s works.
cáirde: “respite, delay”. Rud do chur ar cáirde, “to put something off”.
cómhairím, cómhaireamh: “to count”, or comhairim, comhaireamh in GCh. Pronounced /ko:’rʹi:mʹ, ko:rʹəv/.
cúntúirt: “danger”, or contúirt in GCh.
cúntúrthach: “dangerous, risky”, or contúirteach in GCh.
dearúdaim, dearúd: “to forget”, or dearmadaim, dearmad in GCh. Note the /o:/ in the future: dearódfar thu, “you will be forgotten”.
deimhin: “certainty”, pronounced /dʹəinʹ/.
deimhne: “certainty”, pronounced /dʹəinʹi/.
deirineach: “last”, or deireanach in GCh. Pronounced /dʹerʹinʹəx/.
deór: “tear”. PSD shows that this form, found in I:XXIII, is a variant of deóir.
deóraí: “stranger, wanderer”.
dúr: “hard, unfeeling”.
feadar: “I know”, usually found in negative or interrogative contexts, with ní fheadar meaning “I know, I wonder”. Note ní fheadraís, “you don’t know”, and ní fheadramair, pronounced /nʹiː adə’riːʃ/ and /nʹiː ‘adərəmirʹ/ respectively.
feárr, fearra: “better”, the comparative of maith, pronounced /fʹa:r/. Also found in WM Irish as fearra, /fʹarə/, and generallly so in the phrase is fearra dhuit é/b’fhearra dhuit é, “it is better for you/you had better (do something)”.
fios: “knowledge”. Ní fios, “it is hard to know or hard to tell”.
foghail: “pillaging”, pronounced /foulʹ/.
foraíor: “alas”, or faraor in GCh. The original spelling was foraoir, but the word is transcribed as foryr in the LS version of Aithris in one passage and foruír in another, and it seems the pronunciation shown in CFBB—for for(u)íar, “unexpectedly, without notice” (which is probably an extended meaning of this word)—should be recommended: /fo’riər/, with both r’s broad and a full /o/. Foraíor géar!, “alas! woe!”
maidean: “morning”, or maidin in GCh, where the historical dative has replaced the nominative. However, both maidean and maidin are found side by side in nominative contexts in I:XXIII here.
mairbhiteach: “languid, numb, dull”, pronounced /mɑrʹivʹitʹəx/.
mineál: “neck”, or muineál in GCh, which form was also found in the original spelling. CFBB shows this word has a slender m (p 273).
minicí: “frequency”, or minice in GCh. Cad é a mhinicí!, “how often (it was)!”
pláigh: “plague”, or plá in GCh. This word was traditionally spelt pláigh, but the gh is pronounced /gʹ/ in WM Irish, much the same as tráigh, “beach”, trá in GCh, is pronounced /trɑ:gʹ/.
scannradh: “terror”, scanradh in GCh, pronounced /skaurə/ in WM.
scannrúil: “awful, frightful”, or scanrúil in GCh. The traditional nn is preserved to show the diphthong: /skau’ru:lʹ/.
scáth: “fear, nervousness”.
scortha: “disconnected”. The original spelling here was sgurtha and the pronunciation is /skurhə/.
stiúraím, stiúrú: “to guide, direct”, or stiúraim, stiúradh in GCh.
stracaim, stracadh: “to tear”, or sracaim, sracadh in GCh.
taisteal: “travelling”. Lucht taistil, “travellers”.
tráthnóna: “evening”, pronounced /trɑ:n’ho:nə/.
tréigim, tréigean: “to abandon”.

Aithris ar Chríost I:XXII

CAIBIDEAL A DÓ AGUS FICHE.

MACHNAMH AR MHÍFHOIRTIÚN AN DUINE.

1. Pé ball ’na bhfuilir, agus pé ball ’na ngeóbhair, is duine gan áird tu mura n-iompaír ar Dhia.

Cad chuige dhuit buaireamh a bheith ort nuair ná héiríonn leat de réir do thoile?

Cá bhfuil an té go bhfuil gach aon rud chun a thoile féin aige? Ní mise é, ná tusa, ná aon duine eile beó ar an saol.

Níl aon duine ar an saol gan trioblóid éigin air, nú guais éigin, dá mb’é an rí é, nú an Pápa.

Cé hé an té is feárr go bhfuil an scéal aige? An té atá ábalta ar rud a dh’fhulag ar son Dé.

2 Tá a lán daoine gan chiall agus deirid siad: Féach; nách breá an saol ag an nduine úd é; nách saibhir, nách mór, nách cómhachtach, nách uasal atá sé!

Ach cuímhnighse ar shaibhreas na bhflaitheas, agus chífir gur neamhní na nithe saolta san go léir. Ní féidir deimhin a dhéanamh díobh, agus is cúram iad, agus an té go mbíd siad aige bíonn eagal air, coitianta, go gcaillfeadh sé iad.

Ní hi bhflúirse de mhaitheasaíbh an tsaeil atá áthas an duine. Ní beag dò an chuíosacht.

Bheith i bpéin is ea bheith ar an saol in aon chor.

Dá mhéid dúil a bhíonn ag duine i nithibh sprideálta is ea is mó a chuireann a bheatha ar an saol so seirithean air, mar is ea is feárr a thuigeann sé agus is ea is soiléire a chíonn sé claonta agus truaillitheacht an duine.

Óir is seirithean mór agus is pian mhór don Chríostaí fhíoraonta a bheith air bheith ag ithe agus ag ól, ag luí chun codlata agus ag éirí, ag dul chun oibre agus ag stad, agus ag freagairt do gach dualgas eile dá mbaineann le nádúr an duine ar an saol so, nuair is é rud ba mhian leis féin ná bheith scartha leó go léir agus bheith saor ó an uile shaghas peaca.

3. Is fíor gurb ualach trom ar an nduine sprideálta riachtanaisí na colla ar an saol so. Uime sin is ea ’ iarrann an Fáidh go ndéanfí é ’ dh’fhuascailt uathu: Fuascail me óm riachtanaisíbh, a Thiarna, adeir an Fáidh.

Ach is mairg don mhuíntir ná tuigeann an mífhoirtiún atá orthu, agus is mairg níos mó don mhuíntir a bhíonn i ngrá leis an mífhoirtiún, i ngrá le truaillitheacht na beatha so.

Mar tá daoine ann atá chómh mór san i ngrá leis an saol so (bíodh gurb ar éigin ’ fhéadaid siad maireachtaint, ag obair go cruaidh nú a d’iarraidh na déarca) gur chuma leó cad a dhéanfadh ríocht na bhflaitheas dá bhféadaidís fanúint anso i gcónaí.

4. Ó, a dhaoine gan mheabhair, gan chreideamh ’núr gcroí, is daingean atáthaoi sáite sa tsaol so nuair nách féidir libh aon bhlas ’ fháil ach ar nithibh colnaí.

Ach ar ball is ea ’ bheidh an donas ar fad oraibh, nuair a thuigfidh sibh gráinniúlacht agus folús na nithe sin dár thugabhair an grá go léir.

Ní mar sin do naoimh Dé agus do cháirdibh débhóideacha Chríost; níor chuireadar suím in sna nithibh a thabharfadh sólás corpartha dhóibh, ach do thugadar greann ar fad don tsólás shíoraí, agus chuireadar a ndúil go hiomlán sa mhaith shíoraí.

Chuaigh a ndúil agus a mian go léir suas chun an mhaitheasa shíoraí ná feictear, i dtreó ná féadfadh greann ar mhaitheas shofheicse iad do tharrac síos go hifreann.

Ná caill, a bhráthair, do mhuinín as dul ar aghaidh i nithibh sprideálta. Tá an uair agus an aimsir agat fós.

5. Cad ab áil leat ag cur do dhea-rúin ar cáirde? Éirigh, agus tosnaigh láithreach, agus abair: Anois an t-am chun gnímh; anois an t-am chun troda; anois an t-am ceart chun mo leasa ’ dhéanamh.

Nuair a bhíonn pian agus trioblóid ort, sin é an t-am chun luacht saothair.

Ní foláir duit gabháil trí thine agus trí uisce sara dtiocfair chun an tsúáilcis.

Gan éigean a dhéanamh ort féin ní bhéarfair bua ar na hanmhiantaibh.

An fhaid a bheidh an cholann dreóil seo againn le hiompar, ní fhéadfaimíd bheith gan pheaca, ná maireachtaint gan dochar gan dólás.

Ba rómhaith linn bheith saor ó gach peannaid, ach ó chailleamair ár neamhchiontacht leis an bpeaca, do chailleamair, leis, gach fíorshólás.

Ní foláir dúinn dá bhrí sin, ciall a bheith againn agus feitheamh go dtagaidh trócaire Dé chúinn, agus go sloigfar an bheatha mharbh so sa bheatha bheó, nuair a bheidh deireadh le réim an pheaca ar fad.

6. Ó, cad é mar ná fuil sa duine ar fad ach easpa nirt agus tugthacht don pheaca!

Tu ag cur do pheacaí síos i bhfaoistin inniu, agus amáireach tu ag déanamh na bpeacaí céanna arís!

Tu ceapaithe anois ar iad a sheachaint, agus i gcionn uair a’ chloig tu dhá ndéanamh chómh maith agus ná beadh aon cheapadh déanta agat ar iad a sheachaint!

Is maith an ceart dúinn, dá bhrí sin, sinn féin d’úmhlú agus gan aon mhaíomh a dhéanamh asainn féin, ó táimíd chómh lag, chómh guagach.

Agus an rud go bhfuaramair mórán dá dhua, agus ná fuaramair é ach ar éigin agus trí ghrásta Dé, is féidir é ’ chailliúint in aon neómat amháin le corp faillí.

7. Cad é an deireadh a bhéarfaidh sinn in aon chor agus a rá go bhfuilimíd chómh faillitheach chómh luath sa lá?

Is olc an scéal againn é más amhlaidh a mheasaimíd suí síos agus suaimhneas do ghlacadh, chómh maith agus dá mba síocháin agus socracht
a bheadh againn, agus gan aon rud i bhfuirm naofacht bheatha le feiscint fós ionainn sa chuma ’na mairimíd.

Ba rómhaith an bhail orainn dá gcurtí isteach i scoil na nóibhíseach sinn arís agus béasa maithe do mhúineadh dhúinn, le súil go mb’fhéidir go raghadh feabhas orainn agus go ndéanfaimís leas ár n-anama níos feárr.

Foclóirín

amáireach: “tomorrow”, amárach in GCh. Pronounced /ə’mɑ:rʹəx/.
beag: “small”, pronounced /bʹog/. Ní beag dò é, “it is enough for him”.
cáirde: “respite, delay”. Rud do chur ar cáirde, “to delay something, put it off”.
ceann: “head”. I gcionn uair a’ chloig, “after an hour”.
claon: “inclination; perversity”, with claonta in the plural.
corp: “body”, but used in the phrase le corp to refer to the emotion or motivation with which something is done: le corp faillí, “out of neglect”.
cuíosacht: “fair amount, moderation, having just enough”, or cuibheasacht in GCh. Pronounced /ki:səxt/.
dea-rún: “good intention”.
dreóil: “frail, feeble”, or dearóil in GCh. This was given as direóil in the original, but the LS version of Aithris as dreóil, and dreóile is found in PUL’s Seanmóin is Trí Fichid and dreóileacht in his Mo Sgéal Féin, implying that the pronunciation of dreóil may be monosyllabic here.
fáidh: “prophet”, pronounced /fɑ:gʹ/.
faoistin: “confession”.
feitheamh: “to wait”, pronounced /fʹihəv/.
gabhaim, gabháil: “to go” with many subsidiary meanings. Geóbhair is the second-person singular future-tense form here (equivalent to gabhfaidh tú in GCh), reflecting the way forms of this word have been partly aligned with the verb gheibhim, fháil.
gráinniúlacht: “abhorrence; the abhorrent nature of something”, or gráiniúlacht in GCh. Pronounced /grɑ:’ŋʹu:ləxt/.
greann: “pleasure, affection”. Pronounced /grʹaun/.
mairg: “woe”. Is mairg don té (a), “woe to him who…”. Pronounced /mɑrʹigʹ/.
mífhoirtiún: “bad luck, misfortune”, pronounced /mʹi:-or’tʹu:n/. This would be mífhortún in GCh. The original spelling here was mí-fhortiún, possibly reflecting the fact that r is not palatalised before a slender t in WM Irish.
neamhchiontacht: “innocence”. PUL uses both cionntach and ciontach in his works, and IWM shows the pronunciation of that word could be either /kʹu:ntəx/ or /kʹuntəx/, and so the same would apply to neamhchiontacht.
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in GCh. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint; consequently, the GCh form is no more
authoritative than the WM form.
nóibhíseach: “novice”.
peannaid: “penitence, penance, pain, torment”.
riachtanas: “necessity”, with riachtanaisí in the plural where GCh has riachtanais. This pattern is scene in most or all such words in the dialect (rialtas, plural rialtaisí, etc).
súáilceas: “virtuousness; happiness, contentment”.
táim, bheith: “to be”. Note the relative form atáthaoi here, corresponding to atá sibh in GCh.
trócaire: “mercy”.
truaillitheacht: “corruption, defilement, baseness”, or truaillíocht in FGB.

Aithris ar Chríost I:XXI

CAIBIDEAL A HAON IS FICHE.

DÓLÁS CROÍ.

1. Más maith leat aon dul ar aghaidh a dhéanamh it shlí chun Dé cimeád tú féin in eagla Dé. Ná bí róthugtha dod thoil féin. Cimeád do chéadfaí go léir fé smacht. Ná tabhair srian do mhórtais bhaoth.

Bíodh dólás croí agat agus beidh tú débhóideach go maith.

Tagann a lán tairbhe a’ dólás croí, agus is é an neamhaireachas a loiteann an tairbhe sin.

Is mór an iúnadh a rá go bhféadfadh an duine áthas iomlán a bheith air choíche, ar an saol so, agus ’ fhios aige gur ar díbirt atá sé, agus go bhfuil oiread san nithe chun díobhála anama ’ dhéanamh dò.

2. Éagantacht croí, agus neamhshuím in sna peacaíbh atá déanta againn, fé ndeara dhúinn gan na gearánta atá ar ár n-anam do mhothú; agus bímíd go minic ag gáirí nuair ba cheart gur ag gol a bheimís.

Ní bhíonn fíorshaoirse ná fíoráthas ach san áit ’na mbíonn eagla Dé agus coínsias maith.

Is séanmhar an té ’ fhéadann gach cosc agus gach dul amú do dhíbirt uaidh, agus é féin a chimeád dlúite le Dia i ndólás naofa croí.

Is séanmhar an té a dhíbreann uaidh aon ní a chuirfeadh smól ná ualach ar a choínsias.

Troid go fearúil. Buafaidh dea-nós ar dhrochnós duit.

3. Más eól duitse conas leogaint do dhaoine a ngnó féin a dhéanamh, leogfaid siad san duitse do ghnó féin a dhéanamh.

Ná tarraig ort gnó an fhir thall, agus ná héirigh in achrann i ngnóthaíbh na n-uasal.

Cimeád do shúil ort féin ar dtúis i gcónaí agus tabhair duit féin tosach cómhairle, thar do cháirdibh go léir.

Más rud é ná fuil báidh ag daoine leat ná bíodh buairt ’na thaobh san ort. Ach cuireadh so buairt ort gan tu ’ bheith chómh maith ná chómh haireach ort féin agus ba cheart do dhuine dhébhóideach a bheith i seirbhís Dé.

Is tairbhí agus is neamhchúntúrthaí don duine gan mórán sóláis a bheith aige ar an saol so, mar le sólás corpartha go mór mór.

Má táimíd gan sólás ó Dhia, nú más annamh a gheibhimíd é, is sinn féin fé ndeár é, mar ní loirgimíd dólás croí, agus ní chuirimíd uainn sólás baoth an tsaeil seo.

4. Tuig it aigne nách fiú thu sólás ó Dhia ’ dh’fháil, ach gur mórán dóláis atá tuíllte agat.

Nuair a bhíonn an dólás croí ceart ar dhuine mar gheall ar a pheacaíbh ní chuireann sólás an tsaeil go léir air ach seirithean agus diomá.

Gheibheann an Críostaí fónta i gcónaí abhar a dhóthain chun buartha agus chun guil. Mar, cuímhníodh sé air féin nú cuímhníodh sé ar a chómharsain, tuigfidh sé in’ aigne ná fuil éinne beó ar an saol so gan rud le fulag aige; agus dá ghéire a mhachnamh is ea is géire a dhólás.

Is iad ár bpeacaí agus ár ndroch-chleachta is abhar dleathach dóláis againn, mar táimíd chómh fíllte sin iontu gurb annamh a dh’fhéadaimíd cuímhneamh i gceart ar nithibh diaga.

5. Dá machnaíthá níos mó ar do bhás ná ar fhaid do shaeil, ní baol ná go ndéanfá do leas níos dícheallaí ná mar a dheineann tú.

Agus rud eile; dá machnaíthá i gceart ar phiantaibh ifrinn, nú ar phiantaibh purgadóireachta, creidim go bhfuiliceófá go fonnmhar gach dólás agus gach cruatan oibre, agus ná cuirfeadh aon annró eagal ort.

Ach ní bheirid na nithe sin greim ar chroí orainn. Is iad na nithe a chuireann sólás orainn a thaithneann linn, agus fágann san fuar faillíoch sinn i dtaobh ár n-anama.

6. Is minic gurb é folús na haigne, trí easpa machnaimh, fé ndeara don cholainn bhocht bheith chómh gluaireánach.

Bí ag guí chun an Tiarna dá bhrí sin, dhá iarraidh air dólás croí a thabhairt duit. Abair leis mar aduairt an Fáidh: Cothaigh me, a Thiarna, le harán na ndeór, agus tabhair mo dheoch dom i ndeóraibh go fial.

Foclóirín

achrann: “entanglement”, pronounced /ɑxərən/. Éirí in achrann i rud, “to get stuck or involved in something”.
annró: “hardship”, or anró in GCh. Pronounced /au’ro:/.
céadfa: “sense”, as in the five bodily senses, na céadfaí. In the LS version of Aithristhe plural (which I have edited as céadfaí, but which appears as céadfadha in the original) is transcribed as ciàtfa, indicating it is pronounced /kʹiatfə/, but this seems mistaken as céadfadha is the plural. In any case, a t is shown in the pronunciation of this word, and the transcription /kʹiatfə/ is shown in IWM as being the pronunciation of AÓL. In III:V, Shán Ó Cuív transcribes céadfadhaibh as ciàtayiv, a transcription that appears to be incorrect.The plural is sometimes spelt céadfatha in PUL’s works (see Lughaidh Mac Con, p10). Consequently, there remains an issue over the pronuncation of the plural, which may be /kʹiatfəhə/.
díbirt: “banishment”. Ar díbirt, “in banishment, in exile”, as of a Christian in this world.
díbrim, díbirt: “to banish”, or díbrím, díbirt in GCh. Pronounced /dʹi:bʹirʹimʹ, dʹi:bʹirtʹ/.
droch-chleachtadh: “evil habit, vice”, a word not given in Ó Dónaill’s dictionary, but found in Dinneen’s dictionary. The plural here is droch-chleachta, where droch-chleachtaí would be expected in GCh.
dul amú: “error, deviation”.
eagal: “fear”. This form of eagla tends to be used before prepositional pronouns using le and ar: is eagal liom, tá eagal orm.
éagantacht: “silliness, giddiness”.
éirím, éirí: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ, əi’rʹi:/ in WM Irish.See under achrann.
gáirim, gáirí: “to laugh”. Note that gáirí is a verbal noun meaning “laughing, laughter”, corresponding to gáire in GCh.
gearán: “complaint”, with gearánta in the plural. Pronounced /gʹi’rɑ:n/.
gluairnach: “wailing, whinging, complaining”.
gol: “weeping”, with guil in the genitive.
mar le: “as regards”. Mar le sólás corpartha go mór mór, “especially when it comes to physical comfort”. PUL regularly used this phrase in preference to the maidir le used by other writers. See T. F. O’Rahilly, “maidir le, mar le”, in Ériu, Vol 9 (1921/1923), pp12-26, and D. A. Ó Cróinín, “Mod. Ir. Maidir le, Mar le”, in Ériu, Vol 20 (1966), pp183-184. O’Rahilly explains “Canon O’Leary, however, does not employ it, for, as he has told mé, he very seldom heard the phrase in his native district”. However, there is at least one instance of the use of maidir le by PUL in Cómhairle ar leasa (p40).
mórtais: “pride, boastfulness”, or mórtas in GCh.
neamh-aireachas: “carelessness, inattentiveness”, pronounced /nʹav-i’rʹɑxəs/.
purgadóireacht: “purgatorial suffering”; by extension, “purgatory”. Otherwise,
generally purgadóir. Pronounced /prugə’do:rʹəxt/ (see IWM §420), although the LS version of Aithris shows purgadóireachd.
smól: “smudge, stain”, or smál in GCh.
sólás: “solace; comfort”.
srian: “bridle”. Srian a thabhairt do rud, “to give free rein to something”.
tosach: “beginning, front”, pronounced /tə’sɑx/. Chun tosaigh, “ahead, advanced”. Tosach also means “the edge, the precedence” in various ways: tosach cómhairle ’ thabhairt duit féin, “to focus your advice on yourself”.

Aithris ar Chríost I:XX

CAIBIDEAL A FICHE.

SANNTAIGH UAIGNEAS AGUS CIÚNAS.

1. Loirg am oiriúnach chun bheith it aonar duit féin, agus cuímhnigh go minic ar thabharthaistíbh Dé.

Cuir uait nithe greannúra. Ná léigh an leabhar a chimeádfadh ar siúl tu, ach léigh an leabhar a chuirfidh cathú ort mar gheall ar do pheacaíbh.

Má chimeádann tú thu féin ó iomad cainnte agus ó chómhluadar díomhaoin, agus, ’na theannta san, ó bheith ag éisteacht le scéaltaibh agus le ráflaíbh, beidh do dhóthain mór aimsire agat chun bheith ag machnamh ar Dhia.

Dhein na naoimh ba mhó, chómh maith agus d’fhéadadar é, iad féin a chimeád ó chómhluadar daoine agus iad féin a thabhairt suas do Dhia in uaigneas.

2. Seo focal aduairt Seneca: “Gach uair dár chuas i measc daoine ba mheasa de dhuine me ag teacht uathu dhom”. Tuigimíd an ní sin nuair a dheinimíd a lán cainnte.

Is usa bheith ciúin ar fad ná gan an iomad a rá.

Is usa fanúint sa bhaile, i ganfhios, ná do dhuine aireachas ceart a thabhairt dò féin lasmu’.

An té, dá bhrí sin, gur mian leis dul i leith na sprideáltachta, ní foláir dò imeacht i leataoibh ón slua, in éineacht le hÍosa Críost.

Níl éinne ó bhaol ag teacht os cómhair daoine ach an té gurb é a dhúil bheith in’ aonar.

Níl éinne ó bhaol ’na chainnt ach an té gur mian leis éisteacht.

Níl éinne ó bhaol in’ uachtarán ach an té gur mian leis bheith fé smacht.

Níl éinne ó bhaol ag órdú ach an té go bhfuil ’ fhios aige conas úmhlú.

3. Níl éinne ó bhaol in áthas ach an té go bhfuil coínsias maith aige.

Ní raibh na naoimh riamh gan eagla Dé orthu, pé méid a bhíodar ó bhaol. Agus pé grásta a bhí acu nú pé súáilcí móra a bhí iontu, níor fhág san iad gan bheith go han-úmhal agus go han-aireach orthu féin.

Nuair a mheasann an drochdhuine go bhfuil sé ó bhaol is le huabhar agus le buirbe a mheasann sé é, agus deineann sé amadán de féin sa deireadh.

Ná meas choíche go bhfuilir ó bhaol an fhaid a bheidh tú ar an saol so, bíodh gur manach fónta thu, dar leat, nú díthreabhach dílis.

4. Na daoine is aoirde cáil is minic gurb iad is ísle a thiteann, toisc iomad iontaoibhe a bheith acu astu féin.

Uime sin tá a lán daoine agus is é a leas gan bheith saor ar fad ó chathannaibh, ach an namhaid a bheith ag cur orthu go minic, i dtreó ná beidís ródheimhnitheach d’iad a bheith ó bhaol, le heagla go dtiocfadh uabhar orthu, agus le heagla, leis, go leogfaidís dóibh féin dul i ndiaidh sóláis an tsaeil seo.

Ó, nách álainn an coínsias a bheadh ag duine dá mba ná loirgeódh sé choíche sólás neambuan an tsaeil seo, dá mba ná cuirfeadh sé aon tsuím in aon chor sa tsaol so! Dá mbeadh sé geárrtha amach glan ó bhuaireamh neamhthairbheach an tsaeil seo, agus gan de mhachnamh ’na chroí ach Dia agus leas a anama féin i gcómhair na síoraíochta! Cad é an suaimhneas aigne a bheadh aige.

5. Níl éinne oiriúnach don tsólás a thagann ó Dhia ach an té a dheineann taithí maith den aithrí naofa.

Más maith leat an aithrí cheart a bheith it chroí agat, éirigh isteach it sheómra féin agus fág gleó an tsaeil lasmu’, mar atá scríofa: Deinidh an aithrí istigh ’núr seómraíbh. Gheóbhair istigh it sheómra an rud a chaillfir go minic lasmu’.

Taithnfidh an seómra leat má dheineann tú taithí d’fhanúint ann. Má dheineann tú taithí d’fhanúint as, tiocfaidh fuath agat dò.

Má thugann tú mar bhéas duit féin ó thosach fanúint it sheómra agus cónaí ann, tiocfaidh grá agat dò mar a bheadh ag duine dá chara dhílis, agus gheóbhair sólás ana-mhór ann.

I gciúnas agus i socracht is ea ’ théann an Críostaí diaga ar aghaidh, agus is ea ’ dh’fhoghlamaíonn sé na nithe diamhra atá sa Scriptiúir.

6. I gciúnas agus i suaimhneas is ea ’ gheibheann sé na frasa deór a dheineann a anam do ní agus do ghlanadh gach oíche, i dtreó go mbíonn sé níos taithneamhaí i láthair Dé de réir mar a bhíonn sé níos deighilte amach ón saol agus ó ghleó an tsaeil.

An té ’ dh’imíonn óna cháirde agus óna mhuíntir, le grá do Dhia, tagann Dia agus na haingil chuige mar chuideachtain.

Is feárr bheith in uaigneas agus aire ’ thabhairt do dhuine féin ná faillí a thabhairt i nduine féin agus ansan míorúiltí móra do dhéanamh.

Rud ana-mhaith don mhanach is ea gan dul os cómhair daoine ach go hannamh; cimeád ó shúilibh daoine, agus a shúile féin do chimeád ó fhéachaint ar chách.

7. Cad ab áil leat ag féachaint ar ní nách dleathach duit a bheith agat? Tá an saol agus a mhianta ag imeacht chun siúil.

Tarraigid do dhrochmhianta amach tu. Ach nuair a bheidh an tráth san imithe cad a thabharfair leat abhaile ach ualach ar do choínsias agus trí chéile aigne?

Is minic a dheineann dul amach fé áthas teacht abhaile fé bhrón. Agus deineann oíche shúgach maidean bhrónach.

Deineann gach áthas corpartha tosnú suairc, ach is goin agus bás a dheireadh.

Cad ’tá le feiscint in aon bhall eile agat ná fuil le feiscint anso agat?

Féach an spéir agus an talamh agus na dúile go léir. Is díobh san atá gach ní déanta.

8. Cá bhfuil le feiscint in aon bhall agat aon ní a mhairfidh i bhfad fé luí na gréine?

B’fhéidir gur dó’ leat go bhfaighir sásamh aigne. Ní bhfaighir.

Dá bhfeicfá an saol go léir cad a chífá ach neamhní?

Féach suas chun Dé na glóire in sna flathais. Iarr ar Dhia na peacaí agus an fhaillí atá déanta agat do mhaitheamh duit.

Fág nithe baoithe ag daoine baoithe agus féach féin chun an ghnótha a thug Dia le déanamh duit.

Éirigh isteach it sheómra agus dún an doras ort féin, agus glaeigh chút do chara dílis, Íosa Críost.

Fan in’ fhochair sin it sheómra, mar níl an suaimhneas céanna agat le fáil in aon áit eile.

Dá bhfantá gan dul amach agus gan éisteacht leis na ráflaíbh, d’fhanfadh an tsíocháin agus an suaimhneas aigne ní b’fheárr agat. Ach ós mian leat uaireanta scéalta nua d’aireachtaint ní foláir duit buaireamh aigne ’ dh’fhulag dá bhárr.

Nóta

Dá chara dhílis: the failure to decline cara in the dative here can be explained by the fact that cara forms part of a phrase, as a noun qualified by an adjective.

Foclóirín

aireachas: “care, attention”, pronounced /i’rʹɑxəs/.
airím, aireachtaint: “to hear”, or airím, aireachtáil in the GCh. Pronounced /a’rʹi:mʹ, i’rʹɑxtintʹ/.
aon bhall: “anywhere”, transcribed as äval in the LS version of Aithris, showing the pronunciation /eːvəl/.
aon ní: “anything”, a word that could be writte éinní and that is transcribed as éngí in the LS edition of Aithris.
buirbe: “fierceness, rudeness”, or boirbe in GCh, pronounced /birʹibʹi/. Le buirbe, “out of presumption”.
deighilte: “separated (from)”, pronounced /dʹəilʹhi/.
deimhnitheach: “certain”, or deimhneach in GCh. Pronounced /dʹəiŋʹihəx/, although I’m still not certain about the pronunciation of the medial n. The LS edition of Aithris shows an n, not ng.
diamhar:“mysterious, mystic”, or diamhair in GCh. PUL regularly writes this adjective with a broad r, although IWM would point to a slender r. The plural is given here as diamhara in the original. This is edited as diamhra in this edition, in line with the policy of adhering to standard spellings wherever possible, without writing out epenthetic vowels.
díthreabhach: “hermit, recluse”. The LS transcription of this word indicates it is pronounced /dʹiː-hrʹaux/.
dleathach: “legal; proper”, pronounced /dlʹi’hɑx/.
dóthain: “enough, sufficiency”. Dóthain is masculine here, but feminine in GCh. Do dhóthain mór, “more than enough for you”.
dúil: “element”. Na dúile, “the elements of which all creation is made”.
duine: “man, person”. Duine féin often means “oneself, yourself”.
éirím, éirí: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ, əi’rʹi:/ in WM Irish. This is often used simply to mean “to go”: éirigh isteach it sheómra, “to into your room”.
fanaim, fanúint: “to wait, stay”, or fanaim, fanacht in GCh.
fras: “shower, hail”. Frasa deór, “floods of tears”.
gnó: “business, affair”, with gnótha in the genitive.
goin: “wound”.
greannúr: “funny”, or greannmhar in GCh, pronounced /grʹa’nu:r/. PUL clarifies in his Notes on Irish Words and Usages that this word means “queer, comical, peculiar”, but not “witty”. The word spelt greannmhara in the original is transcribed greaunvara in LS, but this appears to be a mistranscription.
i ganfhios: “unbeknown, unawares”. Pronounced /ə’gɑnis/.
i: “in”.I becomes ins before the article (in sna), and before gach in WM Irish. I ngach is also occasionally found in PUL’s works, as in I:XIII. Id is often found as it in PUL’s works, even before a consonant, and it seems that this is particularly the case when followed by ch and dh/gh. Theoretically, an unvoiced consonant like ch could devoice the d, but dh/gh is not unvoiced, and so it seems that voiced guttural consonants have the same effect. Note it chroí in I:XX here. It rí is found in I:XVII here. Sh is also found with it in it sheómra in I:XX here: IWM shows that sheómra is pronounced /hoːmrə/, being one of a handful of words where sh before a long and back vowel becomes /h/ and not /xʹ/. Consequently, it seems that the /h/ devoices the preceding prepositional pronoun, producing it.
loirgim/loirgím, lorg: “to search, seek”, or lorgaím, lorg in GCh. Pronounced /lirʹi’gʹiːmʹ, lorəg/. The present and future are in the second conjugation in this work, but the imperative given here is loirg, the LS transcription of which is loruig, apparently showing a broad r here. Loirgeódh is transcribed loruigeódh, and loirgimíd loirigimíd.
míorúilt: “miracle”, pronounced /mʹi:’ru:hlʹ/.
neambuan: “fleeting, transient”, or neamhbhuan in GCh. Pronounced /nʹa’muən/.
neamhthairbheach: “unprofitable”, pronounced /nʹa’harʹifʹəx/.
sanntaím, sanntú: “to covet”. The double n in the original text here shows the diphthongal pronunciation, /saun’tiːmʹ, saun’tuː/.
scriptiúir: “Scripture”, or scrioptúr in GCh.
Seneca: the Roman philosopher, Lucius Annaeus Seneca (ca. 4 BC-AD 65).
seómra: “room”. This word is transcribed both with and without an epenthentic vowel in the various LS editions of PUL’s works, but IWM §383 shows it is just /ʃoːmrə/.
sprideáltacht: “spirituality”, or spioradáltacht in GCh, which spelling was also used in the original text here.
suairc: “pleasant, agreeable, gay”.
súgach: “merry”.
tabharthas: “gift”, or tabhartas in GCh, pronounced /tourhəs/. The plural here is tabharthaistí, where GCh has tabhartais.
uachtarán: “head, superior, ruler” of various kinds, and not necessarily a head of state.
usa: see under fuiriste.

Aithris ar Chríost I:XIX

CAIBIDEAL A NAOIDÉAG.

GNÓTHAÍ AN DEI-MHANAIGH.

1. Ba cheart na súáilcí go léir a bheith le fáil i mbeatha an dei-mhanaigh, agus ba cheart dò bheith chómh maith laistigh, fé shúil Dé, agus a dh’fhéachann sé lasmu’, fé shúilibh daoine.

Ní hea, ach ba cheart dò bheith níos feárr go mór laistigh ná mar a chítear lasmu’ é ’ bheith, mar is é Dia a chíonn sinn laistigh, agus ba cheart dúinn eagla ’ bheith againn roimena shúil, pé áit ’na mbímíd, agus bheith chómh glan leis an aingeal os a chómhair.

Ba cheart dúinn ár rún diongbhálta d’athnuachaint gach aon lá, agus ár ndíogras do spriocadh, chómh maith agus dá mb’é sin an chéad lá againn ag iompáil ar Dhia, agus a rá le Dia:

Cabhraigh liom, a Thiarna Dia, sa ghnó so atá curtha rómham agam chun do sheirbhíse naofa. Tabhair dhom tosnú inniu dáiríribh, mar níl ach neamhní ’na bhfuil déanta go dtí so agam”.

2. De réir mar a chuirfimíd rómhainn is ea do raighimíd ar aghaidh, agus an té a bheartaíonn dul ar aghaidh go maith ní foláir dò bheith ana-dhícheallach.

Agus más fíor é go dteipeann go minic ar an nduine go bhfuil an rún diongbhálta aige, cad ’tá le himeacht ar an nduine ná deineann aon rún ach go hannamh nú go lag?

Is mó cuma ’na dtréigeann duine a rún diongbhálta, agus an tréigean is suaraí is annamh ná deineann sé díobháil.

Is ar ghrásta Dé atá rún diongbhálta an fhíoraein ag brath, agus ní har eagna an duine féin. Agus is a’ Dia atá a mhuinín ag an bhfíoraon, pé gnó a ghabhann sé ar láimh.

Óir, “Labhraidh duine, innisidh Dia”, agus ní hag an nduine atá ceapadh a shlí féin.

3. Má leogaimíd gnáthobair ar lár uair fhánach, trí chráifeacht nú chun tairbhe bráthar, tiocfaimíd, suas leis an obair ’na dhiaidh san. Ach má leogtar an obair ar lár le neamhfhonn, nú le faillí, ní locht beag é sin, agus mothófar díobhálach é. Ach pé dícheall a dhéanfaimíd beimíd beagán i ndiaidh lámha ’na lán nithe.

Tá sé ceart againn, áfach, i gcónaí, gnó éigin áirithe do chur rómhainn, go mór mór, i gcoinnibh na nithe is mó a bhíonn ag cur cosc linn i ngnó Dé.

Ní foláir dúinn féachaint chúinn féin go maith agus sinn féin do chur i dtreó, ón dtaobh amu’ agus ón dtaobh istigh, mar tá orainn dul ar aghaidh ón dtaobh amu’ agus ón dtaobh istigh.

4. Mura féidir leat t’aigne ’ chimeád ar Dhia i gcónaí, dein é uaireanta. Dein é ar maidin agus um thráthnóna.

Cuir rómhat ar maidin cad a dhéanfair. Ansan, um thráthnóna, féach conas atá sé déanta agat; féach conas a chaithis an lá, i mbriathar, i ngníomh, agus i smaoineamh. In sna trí nithibh sin is ea is mó, b’fhéidir, a bheidh rud déanta agat in aghaidh Dé nú in aghaidh do chómharsan.

Fáisc suas tu féin mar a dhéanfadh fear in aghaidh mhallaitheachta an diabhail. Smachtaigh craos, agus tiocfaidh smachtú gach anmhian eile níos saoráidí chút.

Ná bí choíche díomhaoin ar fad. Bí i gcónaí ag lé’ leabhair, nú ag scrí’, nú ag guí chun Dé, nú ag machnamh, nú ag déanamh ruda éigin a bheidh tairbheach don teaghlach.

Ní foláir, áfach, oibreacha corpartha do ghlacadh le breithiúntas. Ní mar a chéile a dh’oirid siad do gach éinne.

5. Ná deintear os cómhair an phobail nithe nách gnáth. Is feárr démhóid nách gnáth do dhéanamh in uaigneas ná é ’ dhéanamh os cómhair daoine.

Ach seachain agus ná bhí ríghin leis na gnáthoibreachaibh agus chun tosaigh led dhémhóidíbh féin. Dein ar dtúis, go dúthrachtach agus go dílis, na gnáthoibreacha atá ceangailte ort a dhéanamh, agus ansan, má bhíonn uain agat air, dein tu féin a shásamh ar do dhémhóid féin.

Ní oireann an obair chéanna do gach aon duine. Is feárr a thiocfaidh an obair seo do dhuine agus an obair eile úd do dhuine eile.

Agus i dtaobh oiriúnaí aimsire, bíonn obair seochas a chéile oiriúnach. Tá obair is feárr a thaithneann le duine lá saoire, agus obair is fearr a thaithneann le duine lá nách saoire.

Ní hiad na hoibreacha céanna a dh’oireann dúinn in am an chatha agus in aimsir suaimhnis agus síochána.

Ní hé an machnamh céanna is maith linn a dhéanamh nuair a bhíonn dólás orainn agus nuair a bhíonn sólás ó Dhia orainn.

6. Nuair a thagann lá saoire mór orainn ba cheart dúinn ár bhfonn in sna dea-oibreacha d’athnuachaint, agus ímpí na naomh a dh’iarraidh.

Ba cheart dúinn ár rún diongbhálta do dhéanamh ó fhéile go féile, chómh maith agus dá mbeimís le himeacht as an saol an uair sin, agus dul chun na féile síoraí.

Ba cheart dúinn, dá bhrí sin, bheith dhár n-ollmhú féin in aimsir démhóide, agus bheith níos démhóidí ’nár gcómhrá, agus gach dualgas do chómhlíonadh níos dílse, ós daoine sinn atá ag súil lenár dtuarastal a dh’fháil go luath ó Dhia.

7. Ansan, má curtar ríghneas orainn, tuigimís ’nár n-aigne gurb amhlaidh ná fuilimíd ollamh i gceart agus nách fiú sinn fós go dtabharfí dhúinn an ghlóire mhór a nochtfar ionainn nuair a thiocfaidh an t-am, agus deinimís dícheall ar sinn féin d’ollmhú níos feárr i gcómhair an lae sin.

Is aoibhinn don tseirbhíseach san, adeir an Soíscéalaí Lúcás, a gheófar ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh an Tiarna. Go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé os cionn a mhaoine go léir é.

Nóta

Labhraidh duine, innisidh Dia: this phrase, meaning “man proposes, God disposes”, uses a calcified older form of the present tense of the two verbs used. The pronunciation indicated in the LS version of Aithris is /lourigʹ dinʹi, inʹiʃigʹ dʹiə/.

Foclóirín

athnuaim, athnuachaint: “to renew, renovate”, or athnuaim, athnuachan in GCh. Pronounced /ɑnhuəmʹ, ɑnhuəxintʹ/,although Shán Ó Cuív’s LS version of Aithris has ahnóchuint and ahnuachuint. More research required here.
bráthair: “brother; cousin, kinsman.” This word contrasts with driotháir, “brother”, originally spelt dearbh-bhráthair, and is used for more derived meanings, e.g. religious brothers. The genitive is bráthar.
cabhraím, cabhrú: “to help”, pronounced /kou’riːmʹ, kou’ruː/. The syntax is cabhrú le duine i rud/chun ruda.
corpartha: “bodily, material”, pronounced /korpərhə/.
dei-mhanach: “good monk”, or religious man. The original spelling here, deigh-mhanaigh in the genitive, shows the pronunciation is /dʹəi-və’nɑx/.
démhóid: I haven’t found this word in dictionaries, but it stands where “duty”, i.e. a religious duty, stands in the English. It may be derived from the English word “devotion”, but spelt with mh here, seeing some kind of connection with móid.
démhóideach: “solemn, dedicated”, a word not found in dictionaries. See under démhóid.
díogras: “zeal, passion”, or díograis in GCh.
diongbhálta: “steadfast, staunch”, or diongbháilte in GCh, pronounced /dʹiŋə’vɑ:lhə/. Rún diongbhálta, “a monk’s vow to remain steadfast”.
dólás: “sorrow”.
fáiscim, fáscadh: “to squeeze, tighten”. Fáisc suas tu féin, “brace yourself, ready yourself”.
fánach: “wandering, scattered”. Uair fhánach, “sometimes, on the odd occasion”.
glacaim, glacadh: “to accept”. Note that this takes a direct object (rud do ghlacadh), whereas GCh has glacadh le rud.
gnáthobair: “ordinary work”, used here where “a holy exercise” stands in the English version of Imitatio Christi, possibly because prayer and other holy exercises are the ordinary duties of monks.
i gcómhair: “for, in store for”. This phrase was generally spelt i gcóir in PUL’s works, in line with PUL’s view (cf. Notes on Irish Words and Usages) that this phrase derives from cóir, “proper arrangement (among other meanings)” and not cómhair, “presence”. He indicated he did not have a nasal vowel in this phrase, but the issue is complex, as his etymology seems faulty (The Dictionary of the Irish Language has i gcomhair) and it is possible that i gcómhair has become conflated with a separate phrase i gcóir, “ready” in WM Irish. In any case, nasalisation is not a noted feature of modern-day WM Irish, and so the GCh form produces the correct pronunciation.
i ndiaidh lámha: “falling behind”, in a number of sense, pronounced /i nʹiə lɑː/. This often means “in arrears with the rent”, but is used here of “falling short”, as of our personal failings.
ímpí: “intercession”.
inniu: “today”, /i’nʹuv/. The final consonant heard in the pronunciation is left untranscribed, as it was not indicated in the historical orthography and is not indicated in the spelling adopted in GCh. The spelling aniogh was found in the works of Seathrún Céitinn.
Lúcás: St. Luke, the Evangelist.
naoidéag: “nineteen”, pronounced /neː-dʹiag/.
neamhfhonn: “disinclination”, pronounced /nʹav-uːn/.
oiriúnaí: “suitability”, a word not found in dictionaries, which have oiriúnacht.
ollmhaím, ollmhú:ullmhaím, ullmhú in GCh, “to prepare”. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/ in WM Irish.
ríghin: “slow” pronounced /riːnʹ/.
saoire: “day of rest”. Lá saoire, “feast, holiday”. Lá nách saoire, “a day not a feast; a fast-day”.
scrí’m, scrí’: “to write”, or scríobhaim, scríobh in GCh. All forms of this word are spelt according to the pronunciation here.
soíscéalaí: “evangelist”. Pronounced /si:ʃ’kʹe:li:/.
teaghlach: “household”, pronounced /tʹəiləx/. This word is used here where “community” stands in the English version of Imitatio Christi, showing the household being referred to is a monastic community.
tosach: “beginning, front”, pronounced /tə’sɑx/. Chun tosaigh, “ahead, advanced”.
tosnaím, tosnú: “to start”, or tosaím, tosú in GCh.
tosnú: “a start”, or tosú in GCh.
uaigneas: “loneliness”, pronounced /uəgʹinʹəs/. In uaigneas, “in solitude”.

Aithris ar Chríost I:XVIII

CAIBIDEAL A HOCHTDÉAG.

SAMPLA NA N-ATHRACH NAOFA.

1. Tabhair fé ndeara na hAithreacha Naofa, an sampla solasmhar a thugaid siad dúinn. Iontu súd a chítear an fhíoraontacht i gceart, agus an creideamh uasal. Is neamhní nách mór a ndeinimídne seochas ar dheineadar súd.

Cad ’tá ’nár mbeathana in aon chor, foríar, seochas a mbeatha súd!

Bhíodar ’na gcáirdibh naofa ag Críost agus dheineadar seirbhís an Tiarna fé thart agus fé ocras, fé fhuacht agus fé easpa éadaigh, ag obair go cruaidh agus ag fulag tuirse agus easpa codlata, ag déanamh úrnaithe agus ag machnamh ar nithibh beannaithe, agus a namhaid dhá gcrá go dian agus ag tabhairt tarcaisne dhóibh coitianta.

2. Féach na hAspail agus na Mairtireacha agus na Confesóirí agus na Maighdineacha, na daoine go léir do lean rian Chríost; ó, cad iad na pianta agus na trioblóidí a dh’fhuiligeadar! Thugadar fuath dá n-anam féin ar an saol so i dtreó go mbeadh an bheatha shíoraí acu ar an saol eile.

Ó, nách dian dochraideach an bheatha do chaith na hAithreacha Naofa sa bhfásach! nách fada agus nách dian na cathanna a chuireadar díobh! nách géar an céasadh a fuaradar ón namhaid! nách minic, dúthrachtach, a chuireader a nguí suas chun Dé! nách cruaidh an tréanas a dheineadar! nách mór an dúil a bhí acu sa bhfíoraontacht! nách cuthaigh an troid a dheineadar chun a n-anmhian féin do chur fé chois! nách glan agus nách díreach a chimeádadar a n-aigne chun Dé!

Bhídís ag obair i gcaitheamh an lae, agus ansan do thugaidís a lán den oíche ag rá úrnaithe, bíodh ná stadadh a n-aigne ó ghuí chun Dé an fhaid a bhídis ag obair sa lá.

3. Níor chaitheadar aon phioc dá n-aimsir gan tairbhe. Ba ghairid leó gach uair a’ chloig dá dtugaidís ag cómhrá le Dia, agus gheibhidís a leithéid de shólás sa chómhrá san go ndeinidís dearúd dá gcuid bídh a chaitheamh nuair ba ghá é.

Thugaidís druím lámha le saibhreas, le teidealaibh, le honóraibh, le cáirdibh, le gaoltaibh. Níor fhan aon dúil acu in aon rud saolta. Ar éigin a thógaidís na nithe a bhíodh riachtanach chun iad a chimeád beó. Ba dhólás leó riachtanas na colla féin do fhreagairt.

Bhíodar dealbh go leór chómh fada le saibhreas an tsaeil seo, ach bhíodar ana-shaibhir i ngrásta Dé agus i bhfíoraontacht. Le féachaint orthu bhíodar in easnamh, ach ní raibh aon easnamh orthu laistigh. Bhí grásta agus sólás ó Dhia acu go líonmhar agus go flúirseach.

4. Bhíodar iasachta ar an saol so, ach bhíodar muínteartha go maith ag Dia.

Ba neamhní iad ’na súilibh féin, agus bhíodar gan mheas i súilibh an tsaeil, ach ba mhór le rá iad i súilibh Dé agus ba ghrámhar.

I bhfíorúmhlaíocht is ea ’ sheasaíodar. Fé fhíorsmacht is ea ’ mhaireadar. I ngrá Dé agus i bhfadfhulag is ea ’ shiúlaíodar. Mar gheall air sin is ea ’ chuadar ar aghaidh, in aghaidh an lae, i bhfíoraontaocht, agus do fuaradar na grásta móra ó Dhia.

Táid siad againn mar shampla do lucht beatha rialta do chaitheamh, agus ba chóir go ndéanfadh a sampla san sinn do spriocadh chun dul ar aghaidh níos mó ná mar a dhéanfadh sampla daoine faillíocha sinn a tharrac siar.

5. Ó, cad é an dúthracht a bhí in sna daoine rialta go léir nuair a cuireadh an bheatha rialta ar bun ar dtúis!

Cad é an dílse in úrnaithibh! cad é an formad féachaint cé ab fheárr a dhéanfadh gnó Dé! cad é an dílse úmhlaíochta, agus an urraim don uachtarán agus don riail, a bhí ins gach éinne!

Tá rian a gcos súd le feiscint fós agus tispeánann an rian gur dhaoine fíoraonta, naofa iad, agus gur throideadar go seasmhach, agus sa troid sin dóibh gur ghabhadar de chosaibh sa tsaol so.

Ach anois, meastar gur obair mhór é má staonann duine ón riail do bhriseadh; má fhéadann duine cur suas gan neamhfhoighne leis an rud a ghlac sé air féin lena thoil mhacánta.

6. Á, cad é an patuaire agus an neamhshuím atá ionainn agus a rá go gcaillimíd chómh tapaidh an dúthracht a bhíonn ionainn ag tosnú dhúinn, i dtreó nách fada go mbímíd cortha dár saol le mairbhítí agus le patuaire!

Is mór an trua fás na fíoraontachta ’ bheith ’na chodladh ionat, agus a bhfuil os cómhair do shúl de shampla na bhfíoraon.

Foclóirín

-ne: an emphatic suffix used with the first-personal plural pronoun and verbs. This ɨs pronounced with a broad n, regardless of the broad/slender quality of the consonant it is appended to. Written -na after broad consonants/vowels. Deinimídne, /dʹinʹimʹiːdʹ-nə/.
athair: “father”. While the plural is aithreacha /ahirʹəxə/, the genitive plural in PUL’s works is often athrach (spelt atharach in the original), implying /ɑhərəx/.
céasadh: “torment”.
codladh: “sleep”, with codlata in the genitive. Pronounced /kolə, kolətə/.
coirim, cor: “to exhaust, tire”. Cortha de rud, “tired of something”. Pronounced /korʹimʹ, kor/.
colann: “body”, with colainn in the dative, which form is used in the nominative in GCh. The genitive here is colla, where GCh has colainne.
confesóir: “confessor”, a Latin word referring to the Confessors of the Faith, i.e., those saints who are not martyrs, apostles, evangelists or virgins. PUL uses the Latin word here, following his general practice of not imposing Irish spelling rules on foreign words, as the word does not mean the same as the word “confessor” in the sense of someone who hears a confession (which would be oide faoistine). A pronunciation of /konfʹe’so:rʹ/ could be suggested. The double s of the original text is dropped in the editing here, as PUL’s An Teagasg Críostaidhe also has this word, with a single s.
cráim, crá: “to torture, pain, torment”. PUL stated in Notes on Irish Words and Usages that this is a better Irish word than the concocted géarleanúint for “persecution”.
cruaidh: “hard, severe”, or crua in GCh. Pronounced /kruəgʹ/.
cuthach: “rage, fury.” The genitive of this word, cuthaigh, is used as an adjective meaning “furious, fierce”.
dealbh: “destitute, poor”. Pronounced /dʹaləv/.
dearúd: “mistake”, or dearmad in GCh. Dearúd a dhéanamh de (rud do dhéanamh), “to forget to do something”.
dílse: “faithfulness, loyalty”.
dochraideach: “oppressive, troublesome, distressing”. Pronounced /doxəridʹəx/.
fadfhulag: “forbearance, long-suffering”, or fadfhulaingt in GCh.
faillíoch: “negligent”, or faillitheach in GCh.
féachaim, féachaint: “to reflect on”. FGB show that féachaint without a subsequent ar may mean “to reflect on”, as in I:XVIII here.
fíorsmacht: this would seems to mean “true control”, but fé fhíorsmacht corresponds to “in simple obedience” in the English version of Aithris ar Chríost.
flúirseach: “abundant”.
grámhar: this word often means “affectionable, affable”, with is used in I:XVIII in the meaning of “lovable, beloved”, i.e., beloved of God.
macánta: “honest”. Lena thoil mhacánta, “of his own free will”.
maighdean: “maiden, virgin”, with maighdineacha in the plural here. Maighdeana is found in the plural in PUL’s translation of the Gospels.
mairbhití: “numbness; languor”, pronounced /mɑrʹivʹitʹi:/.
mairtireach: “martyr”, with mairtireacha in the plural. PUL’s form of this word here is similar to the mairtíreach of GCh, although lacking the síneadh fada of the latter. CFBB has mairtír, and PUL himself also had martear and martir in the original text of his An Teagasg Críostaidhe, which appear to be mairtear and the plural mairtir once the fact that r is broad before slender t in Muskerry Irish is taken into account. It seems therefore that the pronunciations /mɑrtʹər/ and /mɑrtʹirʹəx/ are indicated in PUL’s works, with /mɑr’tʹiːrʹ/ given in CFBB, presumably based on AÓL’s pronunciation.
neamhfhoighne: “impatience”, pronounced /nʹav-əiŋʹi/.
neamhshuím: “indifference”. Pronounced /nʹa’hiːmʹ/.
ocras: “hunger”, pronounced /okərəs/.
onóir: “honour”, with onóraibh in the dative plural here. Compare the nominative plural in FGB, onóracha. PSD has both onóracha and onóra in the plural.
patuaire: “lukewarmness, apathy”. This possibly ought to be a feminine abstract noun, but an patuaire is found in the original here. This may be a typological error, but the LS version of Aithris gives a p here too.
rialta: “regular”, but found in words like bean rialta, “nun”, whence beatha rialta, “a religious life”.
rian: “trace, sign”. Rian Chríost, “the footsteps of Christ”. Rian a gcos, “their footprints”.
rud: “thing”, pronounced /rod/. Aon rud, “anything”, pronounced /eːrəd/.
sampla: “example”, variously transcribes with and without an epenthetic vowel in LS editions of PUL’s works, but probably pronounced /saumpələ/.
spriocaim, spriocadh: the verb spriocaim exists in GCh only in the meaning “fix, arrange”, but PUL uses this verb to mean “inspire” (as here in I:XVIII), a meaning that is covered by spreagaim in GCh. PUL also uses spreagaim in this meaning too, so the relationship between these forms is complex. Duine spriocadh chun ruda, “to spur, urge or inspire someone to do something”.
tispeánaim, tispeáint: “to show”, or taispeánaim, taispeáint in GCh.
tréanas: “abstinence”, e.g. from meat. This word was spelt tréaghnas in the original, and the LS edition of Aithris transcribes this as triànas. However, this word is spelt treighnas in PUL’s Notes on Irish Words and Usages, treighneas in PUL’s novel Niamh, and tréighnas in PUL’s An Teagasg Críostaidhe. The LS edition of An Teagasg Críostaidhe transcribes it as tréanas. It seems most likely the pronunciation is /trʹəinəs/.