The LS of Sliabh na mBan bhFionn

I

síbhrog – shí-vrog (or vrú) – the LS edition indicates here that the brog is a variant of brugh.

foirfeacht – I had proposed to transcribe this fuirfeacht, but I see that pronunciation is fuirihacht, and so I propose fuiritheacht as the spelling in the Muskerry House Style.

fionn – this is fiún in LS, but the plural adjective, fionna, is fiona, probably implying /fʹunə/or /fʹinə/, with a short vowel. My confusion stems from the fact the spelling of the plural adjective was finna in the original, which would point to an /i/…

san – transcribed sun here, but son is more in line with IWM.

béarfaí, fágfaí – transcribed as biarfí and fágfí, in line with the slender pronunciation of the f in the autonomous ending.

dhá – governing the verbal noun, transcribed as á.

II

seachas – transcribed as shochas

ag na – transcribed ig na (aige sna doesn’t seem to be universally employed in Cork Irish)

iairlis – transcribed iarlish, which dovetails with the presentation in IWM, which shows that r resists slenderisation by a following slender l.

III

theas – transcribed heas, possibly pointing to a front vowel, /has/, as in IWM. In any case h cannot be slenderised.

abhras – transcribed as ouras, but auras would be a better transcription.

curtí – transcribed as curtí, which seems a better choice than cuirtí for PUL’s Irish, as r resists slenderisation by a following slender t.

ceirthlín – transcribed as cerhlín, a reasonable choice, but IWM has /kʹar’hlʹi:nʹ/, with an a.

gach éinne – gahéngi, with h, not ch in the middle.

sléibhe – just pronounced shlé (tsléibhe is transcribed as tlé here)

áirnéan – transcribed árnéan, as r resists slenderisation by a following slender n.

IV

mórsheisear – transcribed muarheshar, but IWM shows /muəriʃər/.

cabhail – transcribed couil, but cauil is probably a better transcription.

a ‘nín ó – transcribed a ‘nín ó. It seems a ‘nín ó! is the normal pronunciation in the vocative, slenderising the ending by analogy with the masculine declension, but a ‘níon ó existed too.

V

fheabhas – transcribed ous, where aus would be better (see IWM)

VI

imithe – transcribed as imìhi, showing the stress.
lagachar – transcribed as lagàchar – is the stress on the second syllable in this word?
dheallraigh sí – transcribed gheoura shí, but as often in LS ou is written where au would be better: gheaura shí

VII
leathrann – transcribed as leah-reaun, which appears to show the r of rann is slenderised in the lenitable environment in this word.

VIII

adúradh – transcribed as aduarag, but I am dubious that the vowel is ua, other than in duart and duairt. Dúramair in IWM has a long /u:/.

IX

um an dtaca sun – transcribed um a daca sun, whereas Shán Ó Cuív had written um a daici in his transcription of Séadna.

dheallramh – transcribed gheourav, where gheaurav would be better

X

dúradar – transcribed as duaradar, but judging by the transcription of dúramair in IWM, dúradar would be a better transcription.

XIII

tuaigh: transcribed as tueg. Here Shán Ó Cuív shows the correct pronunciation of the dative, where in his transcription of Séadna, he had

transcribed tuaigh as tua.

gach aon rud – gahärod

XIV

ghlais – transcribed ghluish

im sheasamh – transcribed am’ heasav, where hasav would make more sense.

a roth an turainn – this vocative is transcribed as a reoh a turuing, with the r shown as slenderised.

Sliabh na mBan bhFionn 14

XIV.

“Oscail an doras, a bhean an bhréidín,” arsan bhean amu’, “go gcríochnóimíd an obair duit.”

“Ní osclód,” ar sise, “mar do curfí sa chorcán me!”

“Oscail, oscail, a eochair an ghlais!” arsan bhean amu’.

“Ní fhéadfainn é,” arsan eochair. “Táim anso sáite sa ghlas, agus táim fé gheasaibh crua an doras a chimeád dúnta.”

“Oscail, oscail, a ursal na lorgan bhfada!” arsan bhean amu’.

“Ní fhéadfainn é,” arsan ursal. “Táim anso im sheasamh im áit féin in aice na tine, agus mo cheann leis an iarta, agus na geasa crua orm gan corraí as an áit seo.”

“Oscail, oscail, a thua!” arsan bhean amu’.

“Ní fhéadfainn é,” arsan tua. “Táim anso im áit féin, agus mo bhéal sáite san adhmad, agus na geasa crua orm gan corraí as an áit ’na bhfuilim.”

“Oscail, oscail, a cheirthlín!” arsan bhean amu’.

“Ní fhéadfainn é,” arsan cheirthlín. “Táim anso san áit ’nar fhágais me, agus na geasa crua orm gan corraí as go dtógfar díom na geasa úd a chuiris féin orm nuair a chaithis uait me.”

“Oscail, oscail, a roth an turainn!” arsan bhean amu’.

“Ní fhéadfainn é,” arsa roth an turainn. “Tá an tsrang orm, agus ní féidir dom corraí can cead ón sraing.”

“Oscail, oscail, a shrang!” arsan bhean amu’.

“Ní fhéadfainn é,” arsan tsrang. “Táim ar an roth, agus ní féidir dom a dhéanamh ach an tromán do chasadh.”

“Oscail, oscail, a thromán!” arsan bhean amu’.

“Ní fhéadfainn é,” arsan tromán. “Tá na geasa crua orm gan a dhéanamh ach an fhearsad so do chasadh.”

Chomáineadar leó ar an gcuma san ag glaoch ar na nithibh a bhí istigh, agus á iarraidh ar gach ní dhíobh an doras a dh’oscailt dóibh, ach do theip gach aon rud orthu, mar bhí gach aon rud fé gheasaibh in’ áit féin. Fé dheireadh chuímníodar ar rud nár cuireadh fé gheasaibh riamh, agus nárbh fhéidir a chur fé gheasaibh an fhaid a fágfí istigh é, mar ní raibh aon gnó le déanamh istigh aige. Ach bhí an bhean abhrais róghasta dhóibh. Bhí ’ fhios aici ná féadfadh sí aon gheasa do chur ar rud ná raibh aon tairbhe aige le déanamh. B’é rud é ná uisce na gcos. Nuair nárbh fhéidir na geasa do chur air, is é rud a dhein sí leis ná é ’ chaitheamh an doras amach sarar dhún sí an doras.

“Oscail, oscail, a uisce na gcos!” arsan bhean amu’.

“Ní fhéadfainn é,” arsa uisce na gcos. “Táim anso féd chosaibh san aoileach.”

Nuair a fuaradar an freagra san ó uisce na gcos, bhí ’ fhios acu go raibh buaite orthu. D’imíodar go feargach. Táid siad thuas in áit éigin sa chnuc ó shin, agus níor airíos gur thánadar anuas fós.

Foclóirín

aoileach: “manure”.
béal: “mouth”, but also “edge of a sword, axe, etc.”
fearsad: “spindle”, or fearsaid in the CO, where the dative has replaced the nominative.
lorga: “shin, shank”, with the genitive plural here lorgan. Pronounced /lorəgə, lorəgən/.
roth: “wheel”.
tromán: “whorl; the weight attached to a spindle in a spinning-wheel”.
turann: “spinning-wheel”, or tuirne in the CO. The genitive, as shown here, is turainn.
uisce na gcos: “the water the feet of the people in the house had been washed in”. Uisce na gcos occurs frequently in traditional Irish, reflecting the social conditions of Ireland up till the modern age.

Sliabh na mBan bhFionn 13

XIII.

Nuair ’ airigh an bhean abhrais an focal san, do shleamhnaigh sí thar n-ais chun na háite ’nar fhág sí an crúsca agus na bróga. Chuir sí uímpi na bróga, agus do rith sí tímpall go dtí an taobh eile den tigh. Ansan d’oscail sí a bhéal agus a cliabh, agus chuir sí liú aisti go hárd agus go bínn, liú a hairíodh breis agus míle mórthímpall ón áit ’na raibh sí ’na seasamh.

“A chómharsain, a pú-ú-ú-ú-ú-ú!” ar sise, “rithidh, rithidh, rithidh! Tá Sliabh na mBan bhFionn trí thine! Sliabh na mBan bhFionn trí thine!! Sliabh na mBan bhFionn trí thine!!!”

D’airigh na trí naonúir a bhí istigh an liú agus an ghlao agus an fógra. Chaitheadar an obair as a lámhaibh, agus siúd amach iad, agus iad ag baint an dorais dá chéile, agus siúd suas an cnuc iad chómh mear agus ’ bhí sé ’na gcosaibh. Chaith an bhean abhrais ar an dtalamh í féin go dtí go rabhadar imithe ón ndoras. Ansan do rith sí isteach, agus dhún sí an doras, agus chas sí an eochair sa ghlas, agus chuir sí geasa ar an eochair an doras a chimeád dúnta. Chuir sí an ursal ’na seasamh ag an iarta, agus chuir sí de gheasaibh uirthi gan corraí as an áit sin. Bhuail sí buille den tuaigh i mbloc adhmaid, agus chuir sí de gheasaibh ar an dtuaigh gan corraí as an áit sin. Chuir sí gach aon rud eile in’ áit féin ar an gcuma san, agus chuir sí iad go léir fé gheasaibh crua gan corraí as a n-áiteannaibh go dtí go bhfuasclódh sí féin iad ó sna geasaibh. Ar éigin a bhí an rud deirineach curtha daingean fé sna geasaibh aici, nuair ’ airigh sí na mná uaisle ag teacht chun an dorais. Thug duine acu iarracht ar an laiste ’ dh’árdú. Ní raibh aon mhaith ann. Bhí an glas ar an ndoras.

Foclóirín

bloc adhmaid: “block of wood”.
cliabh: “chest”. Do chliabh d’oscailt here would probably be better translated as “to open your lungs” in English.
cómharsa: “neighbour”. The vocative a chómharsain here is worthy of note. PUL has cómharsain in both the nominative plural and vocative plural of this word, where the CO has cómharsana for both. Yet the traditional presentation of the fifth declension would argue for cómharsain in the nominative plural and cómharsana in the vocative plural.
corraím, corraí: “to move, stir”.
doras: “door”. Ag baint an dorais dá cheile, “taking the door from each other, i.e. pushing to get out the door first”.
fuasclaím, fuascailt: “to release”.
geas: “solemn injunction, spell”, or géis in the CO, where the historic dative has replaced the nominative. Usually found in the plural, as here, but the 1914 edition of Sliabh na mBan bhFionn stated the singular was geas.
glao: “call”, feminine in Cork Irish.
glas: “lock”.
iarta: “the hob of a fireplace”.
liú: “shout”. Feminine in Cork Irish.
mear: “quick, fast, nimble”.
pú: a cry of distress here, not given as an interjection in dictionaries, but Dinneen has puililiú as a hunting cry or cry or distress (equivalent to fuilibiú in the CO).
tine: “fire”. Tine a chur síos, “to set or light a fire”. Trí thine, “on fire”.
tua: “axe”, with the dative tuaigh, pronounced /tuəgʹ/.
ursal: “firetongs”. Feminine here, but masculine in the CO.

Sliabh na mBan bhFionn 12

XII.

Nuair a bhí an corcán ar an dtine do labhair an bhean airís.

“Imigh,” ar sise, “agus tabhair leat uisce, agus cuir sa chorcán san é, nú brisfear é. Tá an tine róthe.”

Thug an bhean abhrais fé ndeara iad go léir ag bagairt ar a chéile agus ag gáirí féna n-anál. Níor leog sí aon ní uirthi. Do thóg sí crúsca léi, agus chuaigh sí amach chun an tobair, agus thug sí crúsca uisce isteach léi, agus chaith sí an t-uisce isteach sa chorcán. Ní líonfadh fiche crúsca an corcán. Do leog sí uirthi ana-dhithneas a bheith uirthi ag rith chun an tobair agus ag teacht, a d’iarraidh an chorcáin do líonadh chómh luath agus dob fhéidir é. Nuair ’ chonacadar ag déanamh an dithnis í, bhí ana-bhagairt acu ar a chéile agus ana-gháiri ar siúl acu féna n-anál. Ní raibh aon choinne acu go raibh aon drochamhras aici orthu.

Nuair a bhí roinnt mhaith de sna crúscaíbh uisce tabhartha léi aici ón dtobar, do rith sí amach chun ceann eile ’ thabhairt léi, agus duairt sí, ag gabháil amach di: “Ní mór dom breis dithnis a dhéanamh, a uaisle, nú beidh sibh marbh ag an dtart agus ag an ocras sara mbeidh an corcán san lán agam.”

Bí sí ag rith ag gabháil amach di, agus do lean sí ag rith go dtí go raibh sí rófhada ón ndoras chun iad a dh’aireachtaint fothraim a cos. Ansan do stad sí, agus caith sí dhi a bróga, agus tháinig sí thar n-ais gan aon fhothram a dhéanamh. Nuair a bhí sí in aice an dorais, i leataoibh, chuir sí cluas uirthi féin féachaint an aireódh sí iad ag déanamh aon chainnte. D’airigh.

“Ní fada go mbeidh sé lán a dhóthain,” arsan bhean a labhradh i gcónaí.

“Cad a dhéanfaimíd ansan, a ríogan?” arsa bean eile acu.

“Cuirfimíd isteach ann í, agus beireóimíd ’na beathaidh í. Cuirfimíd biorán suain inti ná bainfear aisti go ceann tamaill,” arsan chéad bhean.

Foclóirín

anál: “breath”, or anáil in the CO, where the dative has replaced the nominative. T’anál a dh’fháil, “to get your breath back”. Note in the passage above féna n-anál, “under their breath”, fails to use the dative form, anáil. However, dative usage was not always consistent.
bagraím, bagairt: “to nod, wink, beckon, make signs to someone”.
cluas: “ear”. Cluas a chur ort féin, “to prick up your ears”.
crúsca: “jug, jar”.
drochamhras: “suspicion”.
fé ndeár, fé ndeara: thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in the CO. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeara also has a additional meaning, “cause, reason”.
i leataoibh: “to one side; out of sight”, or i leataobh in the CO. Pronounced /i lʹa-‘ti:vʹ/.
ríogan: “queen”, or ríon in the CO.
te: “hot”. Traditionally spelt teith, PUL is on record in his Notes on Irish Words and Usages (p127) as insisting this word has a “most distinct” final h in the pronunciation. However, this is likely to be apparent only before a following vowel. Pronunciation /tʹe~tʹeh/.

Sliabh na mBan bhFionn 11

XI.

Bhí dhá bhliain imithe. Bhí sí ag obair agus ana-chruach olla aici le cíoradh agus le slámadh agus le sníomh. Bhí an oíche tar éis titim, agus bhí an choinneal áirneáin ar lasadh aici, agus í dhá socrú féin chun na hoíche ’ chaitheamh ag obair. Do tógadh an laiste agus do hoscladh an doras, agus bhuail chúithi isteach an chéad bhean úd, agus caipín a clóca ar a ceann aici chómh fada san amach nár fhéad an bhean abhrais a dh’fheiscint ach an dá shúil,—ach bhí an dá shúil sin ar lasadh go géar agus go haibidh. Dhein sí suas ar an olann agus sháigh sí a dhá láimh ann, agus duairt sí:

“A bhean an bhréidín, más bréidín seo ar siúl agat,

Cíoram é, slámam é; ach is feárrde sinn cúnamh ’ fháil,”

Is ar éigin a bhí an focal deirineach ráite aici nuair siúd isteach an tarna bean, agus caipín a clóca amach ar a ceann aici agus a dhá súil ar dearglasadh fén gcaipín. Siúd chun na holla í, agus sháigh sí a dhá láimh ann, agus duairt sí an chainnt chéanna. Bhíodar ag teacht ar an gcuma san go dtí go raibh trí naonúir acu istigh agus iad ag obair go dian.

Bhí scannradh ag teacht ar an mnaoi abhrais, ach níor leog sí uirthi go raibh. Bhí ’ fhios aici go raibh drochfhuadar éigin fúthu, ach bhí sí ag faire chúithi. Fé dheireadh do labhair bean acu, an chéad bean úd do labhradh i gcónaí.

“Éirigh, a bhean an tí,” ar sise, “agus cuir síos tuilleadh tine dhúinn. Tá an oíche fuar.”

Ní raibh an oíche fuar. Agus bhí tine mhaith sa tínteán cheana. Ach d’éirigh sí agus chuir sí tuilleadh móna ar an dtine. Do leog sí uirthi go raibh áthas ana-mhór uirthi mar gheall ar an obair a bheith acu á dhéanamh chómh tiubh.

“Cuir an corcán mór san thall ar an dtine, a bhean an tí,” arsan bhean a labhradh; “tá tart agus ocras ag teacht orainn.”

Corcán ana-mhór ab ea é. D’fhéadfí duine do chur isteach ann agus é ’ bheiriú ’na bheathaidh ann.

Foclóirín

aibidh: “ripe”, or here “keen”, aibí in the CO.
beatha: “life”, with the dative beathaidh found in the phrase ’na bheathaidh, “alive”, pronounced /nə vʹahigʹ/. Other than in this phrase, the dative is generally beatha.
beirím, beiriú: “to boil”.
corcán: “cooking pot”. Note that Ó Dónaill’s dictionary seems to imply that corcán and crocán are different words, but it seems crocán was the original, later giving way to the WM form corcán.
dearglasadh: “blazing”, especially of the eyes. Usually found in the adverbal phrase ar dearglasadh.
drochfhuadar: “evil activity, mischievous intent”. Drochfhuadar a bheith fút, “to be up to no good”.
laiste: “latch”.
móin: “turf”, with the genitive móna.
naonúr: “nine people”. Trí naonúir was once a common way of saying “twenty-seven people”.
tarna: “second”, or dara in the CO.
tine: “fire”. Tine a chur síos, “to set or light a fire”.

Sliabh na mBan bhFionn 10

X.

Tháinig an lá. Chómh luath agus ’ bhí sé ’na lá gheal do thairrig an bhean abhrais an biorán suain a ceann an chailín. Tháinig a meabhair don chailín láithreach, agus a ciall, agus d’éirigh sí. D’aithin sí an bhean abhrais. D’innis sí don mhnaoi abhrais conas mar a tugadh deoch éigin di a bhain a meabhair di agus ná feidir sí cá raibh sí as san amach, go dtí go dtáinig an meabhair di agus í ar a leabaidh ag an mnaoi abhrais.

Thug an bhean abhrais rud le n-ithe agus le n-ól di. Ansan, chómh luath agus ’ bhí an bia agus an deoch caite aici, agus í láidir a dóthain chun gluaiste, chuir sí clóca léi féin uirthi, agus chuir sí caipín an chlóca amach ar a ceann, i dtreó ná féadfadh éinne a haghaidh a dh’fheiscint. Ansan do bhuail an bheirt amach agus thánadar go tigh muíntire an chailín. D’innis an bhean abhrais don athair agus don mháthair an scéal go léir tríd síos. Thuigeadar é go maith. Bhí áthas ana-mhór orthu, ní nárbh iúnadh. Bhíodar ana-bhaoch den mhnaoi abhrais, agus dúradar léi airís agus airís eile go ndéanfaidís an bheart a bhí déanta aici dhóibh do chúiteamh léi.

Tháinig sí abhaile, agus bhí sí ag cur agus ag cúiteamh ’na haigne, féachaint cad é an freagra ’ thabharfadh sí ar na mnáibh uaisle úd nuair a thiocfaidís. Níor mheas sí go raibh aon fhreagra ab fheárr a thabhairt orthu ná a rá leó go dtáinig an cailín chúithi féin as an bhfanntais agus gur imigh sí. Nuair a tháinig an oíche bhí sí ag faire chúithi agus ag feitheamh. D’imigh tosach na hoíche, agus níor thánadar. Bhí lár na hoíche ann agus iad gan teacht. Thit a codladh uirthi ar an dtínteán, ach níor thánadar. Tháinig an lá agus níor thánadar. Tháinig an oíche airís agus níor thánadar. D’imigh lá, agus dhá lá, agus seachtain, agus mí, agus níor thánadar ’na gaire. D’imigh an bhliain. Duairt sí léi féin ná tiocfaidís a thuilleadh.

Foclóirín

a: “from”, or as in the CO. In traditional Irish, the s of as only appeared with the article (as an), with the possessive (as mo) and with gach (as gach).
baoch: “grateful”, or buíoch in the CO.
cúitím, cúiteamh: “to requite, compensate, repay”. The idiom here is rud a chúiteamh le duine, “to repay something to someone, make recompense for something to someone”, but cúiteamh a dhéanamh/thabhairt do dhuine i rud is also found. Ag cur agus ag cúiteamh, “to deliberate, argue, weigh up the pros and cons”.
faire: “watching, keeping a lookout”. The use of faire with chun is not well explained in either Dinneen’s or Ó Dónaill’s dictionary, but ag faire chuige means “watching out, keeping an eye out for whatever might happen”. (Compared ag faire ar dhuine, “to watch or observe someone.”)
féachaim, féachaint: “to look at”, but often more in the sense of “trying to work out” as in féachaint cad é an freagra ’ thabharfadh sí, “trying to work out what answer she could give”.
feadar: “know, wonder”, usually used in the negative. While this verb is spelt ní fheadair sé in both the present  and past tense meanings in the CO, there was traditionally a distinction between ní fheadair sé, present tense, and ní fheidir sé, past tense, pronounced /nʹi: edʹirʹ ʃe:/.
gaire: “nearness, proximity”, pronounced /girʹi/. ’Na gaire, “near her”.
ínsim, ínsint: “to tell”. Note that the preterite (and imperative) is found as both inis and innis in West Muskerry Irish, and both forms are found in PUL’s works. Pronounced /inʹiʃ~iŋʹiʃ/.
ithim, ithe: “to eat”. Note that ithe and ól take n-prefixation after le in WM Irish, where h-prefixation is found in other forms of Irish: le n-ithe, le n-ól.
ólaim, ól: “to drink”. See note under ithim.
tínteán: “fireplace, hearth”.
tosach na hoíche: “the evening”.

Sliabh na mBan bhFionn 9

IX.
An oíche chéanna a fuair an iairlis bás, tháinig an mhórsheisear isteach go dtí an bhean abhrais agus cailín acu agus iad á hiompar eatarthu, díreach mar a bhí an chéad uair úd.

“Tá gá led chabhair againn, a bhean mhacánta,” arsan chéad bhean díobh a labhradh i gcónaí.

Do phreab an bhean abhrais chúthu, agus thóg sí ar a baclainn an cailín a bhí, dar léi, marbh nú i bhfanntais chómh trom san gur cuma é nú í ’ bheith marbh gan miam inti. Ní túisce ’ fhéach sí uirthi ná mar ’ aithin sí í. An leanbh a fuadaíodh is í a bhí ann. Ní baol gur leog an bhean abhrais uirthi gur aithin sí í. Thóg sí léi síos sa tseómra í agus shín sí ar a leabaidh féin í. Chrom si ar bheith a d’iarraidh í ’ thabhairt as an bhfanntais díreach mar a dhein sí leis an gcéad cailín úd. Bhí rud aici go dtugtí biorán suain air. An té go sáfí an biorán suain sin ’na cheann, thiocfadh codladh air a bheadh ana-chosmail le bás, agus ní thiocfadh sé as an gcodladh san go dtí go dtairriceófí an biorán suain as a cheann. Do sháigh an bhean abhrais an biorán suain i gceann an chailín, ach dhein sí é i ganfhios don mhórsheisear. Bhí an mhórsheisear ag cíoradh agus ag slámadh agus ag sníomh, agus bhí an bhean abhrais a d’iarraidh an chailín do thabhairt as an bhfanntais, dar léi, agus bhí an oíche ag imeacht.

Fé dheireadh bhí an lá ag teacht, agus ní raibh an cailín ag teacht chúithi féin, ná aon phioc dá dheallramh uirthi go dtiocfadh sí chúithi féin go luath. Bhí an mhórsheisear ag cogarnaigh go dian. I ndeireadh na cogarnaí do labhair an chéad bhean acu do labhradh i gcónaí.

“A bhean an tí,” ar sise, “ní foláir dúinne bheith ag imeacht. Tabhairse aire mhaith don chailín sin, agus tiocfaimíd anso chút airís nuair a thiocfaidh an oíche. Beidh sí tagaithe as an bhfanntais um an dtaca san. Tabhair air mhaith dhi, agus tabharfar do thuarastal go maith dhuit.”

“Déanfad, a uaisle,” arsan bhean abhrais.

Ansan d’imíodar.

Note: a d’iarraidh an chailín do thabhairt as an bhfanntais—I believe in traditional Munster Irish it is correct to have cailín in the genitive here. Further examples can be found in PUL’s works, although I don’t think he was 100% consistent on this.

Foclóirín

bacla: “the arms”, as in “to hold something in the arms”. Pronounced /bɑkələ/, with the dative pronounced /bɑkəliŋʹ/. Usually found in the dative: ’na bhaclainn, “in his arms”; ar a baclainn, “in her arms” (laid flat on her arms, as a body would be).
biorán: “pin”, pronounced /brʹɑ:n/. Biorán suain, “a magic pin causing deep sleep”.
cognarnach: “whispering”. As a feminine verbal noun ending in -ch, this becomes ag cogarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO. The genitive, as here, is cogarnaí.
cosmhail: “like”, or cosúil in the CO. The Irish of West Muskerry indicates that smh is pronounced /sv/ in Cork Irish, i.e. /kosvilʹ/ here, although /ko’su:lʹ/ is also found.
dar: “it would seem, it seemed”. Dar liom, “it seemed to me; or so I thought”. A note in the original explains that dar léi here means the woman was pretending to bring the girl round, “or so she made out”.
miam: “breath, puff”. Gan miam inti, “lifeless”.
suan: “sleep, slumber”.
tuarastal: “reward”.

Sliabh na mBan bhFionn 8

VIII.

“Táim ana-bhaoch díbh, a uaisle,” arsan bhean abhrais; “ní fios cathain a bheadh an méid sin oibre déanta agam dá mbeadh orm é ’ dhéanamh im aonar. Táim ana-bhaoch díbh, a uaisle!”

“Is ceart cómhar do dhíol, a bhean mhacánta,” arsan chéad bhean a tháinig isteach. “Dheinis-se dhúinne an oíche eile úd a bhíomair anso ní ná raibh ar ár gcumas féin a dhéanamh. Is é is lú is gann dúinne teacht agus an cúnamh so ’ thabhairt duitse. Ní fíos ná go mb’fhéidir go mbeadh gá againn led chabhair airís.”

“Agus is é is lú is gann dómhsa cabhair a thabhairt uaim pé uair a bheidh gá leis an gcabhair,” arsan bhean abhrais.

D’éiríodar go léir, agus thairrigeadar caipíní a gclócaí anuas ar a gceannachaibh, agus d’imíodar.

Do deineadh an obair chómh maith san gur tugadh fé ndeara ar fuaid na cómharsanachta feabhas na hoibre, agus gur mhéadaigh ar an gcúram a curtí ar an mnaoi abhrais sin. Thagadh an olann ’na beartaibh móra troma ag triall uirthi. Nuair a bhíodh an iomad den obair aici le déanamh, agus gan ar a cumas teacht air, pé dícheall a dhéanfadh sí ná pé áirneán a dhéanfadh sí, thagadh an mhórsheisear agus dheinidís an obair di.

Fé dheireadh tháinig an t-am ’na raibh an leanbh úd adúradh, go raibh sí ag dul chun báis, agus an bhuairt go léir ar a hathair agus ar a máthair. Ansan tháinig an t-am ’na raibh daoine tuisceanacha dhá rá nárbh í an leanbh féin a bhí ann in aon chor; gur fuadaíodh an leanbh féin, agus ná raibh sa leabhaidh ansúd ach iairlis a fágadh ann nuair a fuadaíodh an leanbh. Ansan tháinig an t-am agus fuair an iairlis bás.

Foclóirín

beart: “bundle”.

ceannacha: “facial features”, or ceannaithe in the CO. Pronounced /kʹə’nɑxə/.

cómhar: “combined work, cooperation”. Cómhar a dhíol le duine, “to return a service or favour to someone; or, to get your own back on someone”.

cúram: “care; commission, charge, task”. Cúram a chur ar dhuine, “to leave something to someone to do”. Do mhéadaigh ar an gcúram a curtí uirthi, “the amount of work/business sent to her increased”.

fuaid: ar fuaid, /erʹ fuədʹ/, “throughout”, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí).

gann: “scarce, scanty”. Is é is lú is gann dúinn é, “it is the least we can do”.

tairrigim: “to pull”, or tarraingím in the CO. Pronounced /tarʹigʹimʹ/. The various forms of this verb exhibit the same changes: the past is do thairrig /harʹigʹ/. This verb was in the first declension in PUL’s works (do thairrigeadar), where modern Munster Irish would have do thairrigíodar. The verbal noun is tarrac, /tɑrək/, rather than the form tarraingt used in the Standard. PUL used the classical spellings (tharraingeadar, etc) in the original.

uasal: “noble”. A uaisle, “ladies, gentlemen!” In other words, this word can refer to either sex, or to combinations of the two sexes.

Sliabh na mBan bhFionn 7

VII.

Do thárla, roinnt aimsire ’na dhiaidh san, go raibh ualach mór olla aici airís le cíoradh agus le slámadh agus le sníomh agus le tochrais, go raibh eagal uirthi ná tiocfadh léi go deó na habhraisí ’ bheith ollamh in am aici don mhuíntir a chuir chúithi iad. Bhí lá ó mhaidin caite aici ag déanamh na hoibre, agus bhí éacht den obair gan déanamh agus an oíche ag titim. Thug sí léi solas áirneáin, agus shocraigh sí ar an oíche ’ thabhairt ag obair. Do las sí an solas, agus chrom sí ar an obair. Ní raibh sí i bhfad ag obair nuair a hoscladh an doras, agus bhuail chúithi isteach bean agus caipín a clóca amach ar a ceann aici. Dhein sí suas ar an áit ’n raibh an bhean abhrais ag obair, agus sháigh sí a dhá láimh san olann agus

“A bhean an bhréidín, más bréidín seo ar siúl agat,

Cíoram é, slámam é; ach is feárrde sinn cúnamh ’ fháil,”

ar sise. Ní raibh an dán beag ráite aici nuair a bhuail an tarna bean isteach, agus sháigh sí an dá láimh san olann, agus duairt sí an leathrann céanna. Níorbh fhada go raibh an mhórsheisear acu istigh, agus na lámha sáite san olann acu, agus iad ag obair go tiubh. Bhí ’ fhios ag an mnaoi abhrais go maith cérbh iad a bhí aici, agus bhí áthas mór uirthi, mar bhí ’ fhios aici nárbh fhada go mbeadh an obair go léir déanta, agus déanta go maith.

Chomáineadar leó ag obair, go dtí go raibh an tslamairc dheirineach den olann ’na snáth, agus an snáth deirineach tochraiste ar an gceirthlín deirineach, agus an ceirthlín sin caite ar an gcruaich ceirthlíní a bhí fásta sa chúinne.

Foclóirín

abhras: “the wool or flax to be woven into a garment; yarn; bundle of yarn”. Bean abhras, “spinner”.
dán: “poem”.
déanamh suas ar áit: “to go up to a place”.
deirineach: “last”, or deireanach in the CO, pronounced /dʹerʹinʹəx/.
éacht: “feat, exploit; a great number of quantity of something”.
rann: “verse”. Leathrann, “couplet, distich; half a quatrain”.
sáim, sá: “to plunge, thrust”, with the preterite sháigh /hɑ:gʹ/ .
slamairc: “a handful or a soft lump of something, e.g. of wool for teasing out”, apparently slaimice in the CO.