Críost Mac Dé 5

Caibideal a Cúig

An tÍonú; an tEipiphaní; an Teitheadh go hÉigipt.

B’é dlí Mhaoise go gcaití tímpallghearradh ’ dhéanamh ar gach céadghin mhic ocht lá tar éis é ’ theacht ó bhroínn a mháthar. B’é toil ár Slánaitheóra, moladh go deó leis, é féin d’úmhlú fén ndlí sin an fhaid a bhí an dlí sin i bhfeidhm. É féin a chuir an dlí sin ar bun i bhfad roimhe sin, nuair a tugadh an dlí d’Ábraham, agus d’úmhlaigh sé é féin don dlí sin ó ba de shliocht Ábrahaim é. Agus ’na theannta san, d’úmhlaigh sé é féin don dlí sin i dtreó ná beadh na Iúdaígh dhá chasadh leis ar ball go raibh sé gan tímpallghearradh. B’é sin an t-asachán ba tharcaisní ’ fhéadadh na Iúdaígh a chasadh leis na Gíntibh, a rá go rabhadar gan tímpallghearradh, agus b’é toil an tSlánaitheóra gan a dh’fhágaint ar a gcumas an t-asachán san do chasadh leis féinig ’na dhiaidh san nuair a bheadh sé ag ínsint an tSoíscéil dóibh.

Do deineadh an tímpallghearradh ar an leanbh agus do tugadh a ainm air, an ainm Íosa, an ainm a dh’órdaigh an t-aingeal a thabhairt air sarar gabhadh sa bhroínn é. Ciallaíonn an focal Íosa ‘Slánaitheóir,’ agus d’oir an ainm go hana-chruínn don leanbh san. Slánaitheóir i gceart is ea é mar dhein sé slánú nárbh fhéidir d’éinne eile a dhéanamh. Bhí ar chumas an duine an peaca ’ dhéanamh, ach ní raibh ar chumas an duine díobháil an pheaca do leigheas. D’fhéad an duine aithne Dé do bhriseadh. Ní raibh, áfach, ach Dia féinig a dh’fhéadfadh sásamh a thabhairt sa bhriseadh sin. Tá Críost Mac Dé ’na Dhia agus ’na dhuine; ’na dhuine chun na páise ’ dh’fholag mar shásamh sa pheaca a dhein an duine, agus ’na Dhia chun an tsásaimh sin a bheith ’na leórghníomh dhiongbhálta. Tá an brí sin go léir san ainm naofa san Íosa. D’fhuilig Íosa an pháis thar cheann na cine daonna, le grá don chine daonna, agus do thóg an pháis sin den chine daonna an eascaine a bhí curtha ag an bpeaca ar an gcine daonna, eascaine ná féadfadh aon ní eile a thógaint den chine daonna ach an pháis a dh’fhuilig Íosa Críost Mac Dé thar cheann na cine daonna agus ar son na cine daonna, le grá don chine daonna.

B’éigean do Mhuire Mháthair, leis, úmhlú agus luí fé dhlí Mhaoise, ar chuma do bhain léi féinig. B’é dlí Mhaoise, gach leanbh fireann a thiocfadh a broínn a mháthar, nárbh fholáir é ’ choisreacan chun an Tiarna. Agus níorbh fholáir an mháthair a dh’fhanúint daichead lá ar leithligh, istigh ’na tigh féin sa bhaile, tar éis an linbh a theacht ar an saol. I gcaitheamh an daichead lá san ní raibh ceadaithe d’aon mháthair teacht i ngaire an tsanctuáriuim. Bhí ’ fhios ag Muire Mháthair nár bhain an dlí sin léi féinig. Nár mhar a chéile í féin agus aon mháthair eile dár mhair riamh. Bhí ’ fhios aici cad é an brí a bhí leis an bhfocal aduairt sí leis an árdaingeal, agus cad é an brí a bhí leis an bhfocal aduairt an tÁrdaingeal léi. Bhí sí ’na Máthair agus ’na Maighdin, agus ní raibh aon truailliú uirthi. Dá bhrí sin níor bhain an dlí úd léi in aon chor. Ach do dhein sí de réir na dlí, fé mar a deineadh de réir dlí an tímpallgheárrtha i dtaobh a Mic. Nuair a bhí an daichead lá caite bhí aimsir a híonaithe críochnaithe. De réir na dlí do bhain an t-íonú leis an máthair agus leis an leanbh in éineacht. Dá bhrí sin, nuair a bhí an daichead lá caite chuaigh Ióseph agus Muire suas go Ierúsalem agus do rugadar leó an leanbh Íosa agus do deineadh na híbirtí a bhí órdaithe de réir na dlí. Bhíodh na híbirtí sin costasúil ar dhaoinibh saibhre ach ní bhídís costasúil ar dhaoinibh dealbha. Daoine dealbha ab ea Ióseph agus Muire Mháthair agus ní raibh orthu a thabhairt le híbirt ach an dá cholúr, agus do deineadh íonú Mhuire agus coisreacan Íosa.

Tá féile ó shin in eaglais Chríost in onóir don íonú san na Maighdine Muire, féile an íonaithe, nú “Lá Fhéile Muire na gcoinneal sa teampall.”

Bhí an uair sin i gcathair Ierúsaleim, duine fíoraonta agus Símeón ab ainm do, agus bhí sé “ag súil le sólás Israéil.” Gan amhras bhí ’ fhios aige, as an mBíobla, a bréithre na bhfáidhí, go raibh an t-am ann chun an tSlánaitheóra do theacht, agus bhí a shaol aige á chaitheamh ag tnúth le hé ’ dh’fheiscint sara bhfaigheadh sé bás. Bhí an Sprid Naomh tar éis a shoíllsiú don fhear fhíoraonta san gur dheimhin go bhfeicfeadh a shúile an Slánaitheóir sara bhfaigheadh sé bás. Le línn Muire Mháthair agus Ióseph a bheith ag teacht chun an teampaill bhí an Sprid Naomh ag seóladh Shímeóin chun an teampaill, leis, i dtreó go bhfaigheadh sé an radharc lena raibh sé ag tnúth. Duin’ uasal creidiúnach, de réir lucht eólais, ab ea Símeón. Tháinig sé go dtí an teampall. Chonaic sé an lánú bhocht agus an leanbh. Níor chuir a ndealús aon stad ann, tháinig sé chúthu láithreach. Thóg sé an leanbh chuige in’ ucht. Nuair a bhí an leanbh in’ ucht aige d’fháisc sé lena chroí é, agus ansan do labhair sé an channtaic seo:—

A Thiarna, leog dod sheirbhíseach
Imeacht anois i síocháin,
De réir t’fhocail;
Óir tá radharc fachta ageam shúilibh
Ar do Shlánú,
An Slánú atá ollmhaithe agat
Os cómhair na bpobal go léir;
An Solas atá chun na ngínte do shoíllsiú;
Agus Glóire do phobail féinig Israél.

Bhí Muire agus Ióseph ag éisteacht le cainnt an duin’ uasail naofa agus bhí iúnadh orthu. Níor labhair aon duin’ uasail eile leó an lá san ar an gcuma san. Níor ghnáth le huaislibh Ierúsaleim labhairt le daoine bochta dealbha. Dá éaghmais sin dob iúntach an channtaic í sin do labhair an duin’ uasal. Bhíodar ag machnamh ar an gcanntaic agus ag déanamh iúnadh dhi. Bhí an fhilíocht uasal agus bhí an brí doimhinn. Chuir an duin’ uasail a bheannacht ar an leanbh. Ansan do luigh súil an duin’ uasail ar Mhuire. Do taispeánadh dá aigne an bhuairt agus an folag a bhí ’na cómhair. Bhí sise ag féachaint ar an leanbh. Do labhair an duin’ uasail. “Féach,” ar seisean, agus an leanbh ar a bhaclainn aige os a cómhair, “beidh an leanbh so ’na thrúig díthe, agus ’na chúis airéirithe, dá lán in Israéil. Diúltófar do agus séanfar é, agus raghaidh claíomh dóláis trí t’anamsa féinig.” “Agus,” ar seisean i dtaobh an linbh, “tiocfaidh as san go nochtfar smaointe as mórán croithe.”

Measaid cuid de lucht an eólais go raibh an duin’ uasal san Símeón ana-chreidiúnach an uair sin i gcathair Ierúsaleim. Déarfaidís go raibh sé in’ uachtarán ar an sanhedrim. Peoca ’ bhí sé sa ghnó san nú ná raibh bhí aithne mhaith aige ar na Iúdaígh a bhí ’na thímpall an uair sin. Bhí aithne mhaith aige ar na Fairisíneachaibh agus ar na haicmeachaibh eile a bhí ann. Bhí ’ fhios aige go mbíodh na Fairisíneacha dhá leogaint orthu ana-ghrá ’ bheith acu do dhlí Mhaoise. Do chíodh an phoiblíocht an díogras thar bárr a bhí iontu don dlí. Ach bhí ’ fhios ag Símeón go raibh díogras eile laistigh den díogras san a chonaic an phoiblíocht, agus nár dhíogras don dlí an díogras a bhí laistigh ach díogras chun saibhris agus chun pléisiúir agus chun onóra ó dhaoine. Bhí ’ fhios ag Símeón gur dhíogras bréagach an díogras don dlí. Bhí ’ fhios aige, nuair a thiocfadh an Soíscéal, agus gan aon trácht ann ar an ngradam a mheas na Iúdaígh a gheóbhaidís ón Messiah, go n-iompóidís i gcoinnibh an tSlánaitheóra agus ansan go bhfeicfí cad é an saghas an díogras don dlí. Go dtaispeánfadh beatha agus bás Chríost gur dhíogras bréagach an díogras don dlí, agus go nochtfadh san an díogras laistigh, an díogras daonna, an díogras chun an tsaibhris, an díogras chun an phléisiúir, an díogras chun nithe saolta. Ar an gcuma san “do nochtfí na smaointe” a bhí i bhfolach istigh in sna croithibh sin. Nuair a tháinig an t-am do fíoradh cainnt Shímeóin. Ní hea ach do fíoradh a chainnt ó thosach. Bhí ’ fhios ag na Fairisínigh go raibh an t-am ann chun na geallúna do chómhlíonadh. Dá dtagadh an Slánaitheóir ’na rí, nú in’ árdrí, agus na mílte sló aige, is tapaidh a rithfeadh na Fairisínigh chuige. Ní mar sin a tháinig sé ach ’na leanbh lag gan chómhacht shaolta gan slóite gan arm. Níor chuireadar aon tsuím sa scéal san. Níorbh aon mhaith slóite aingeal agus gan sa té a tháinig ach leanbh lag, ag mnaoi bhocht dhealbh. Ní hé sin saghas Messiah do theastaigh ó sna Fairisínigh. Do shéan na Fairisínigh é luath go leór. Bhí na smaointe úd i bhfolach istigh ’na gcroí acu. Chimeádadar i bhfolach iad an uair sin ón bpoiblíocht ach níor fhéadadar iad a chimeád i bhfolach ó Shímeón. Chonaic an saol mór ’na dhiaidh san na smaointe a bhí in aigne na bhFairisíneach, conas mar a bhí díogras do dhlí Mhaoise acu mar chlúdach ar dhúil i saibhreas, ar dhúil i gcreidiúint, ar dhúil in uachtaránacht, ar dhúil i suairceas agus i bpléisiúr an tsaeil seo. Do thosnaigh an nochtadh an lá a rugadh Críost Mac Dé, agus do críochnaíodh an nochtadh an lá a dh’fhuilig Críost Mac Dé bás ar chrann na cruise chun na cine daonne do shábháil.

Is baol go bhfuil a lán de sna Críostaithibh riamh ó shin, agus anois féin, agus nár mhór nochtadh den tsaghas chéanna do dhéanamh ar a smaointibh, go leogaid siad orthu, leó féinig agus le cách, go bhfuil ana-dhíogras don chreideamh acu agus gan sa díogras san acu ach clúdach ar an ndúil i nithibh saolta atá i bhfolach istigh ’na gcroithibh acu. Is baol ná nochtfar na smaointe sin, as na croithibh sin, go dtí lá an bhreithiúntais. Beidh sé déanach an uair sin.

Le línn a chainnte ’ chríochnú do Shímeón tháinig bean chúthu. Anna ab ainm don mhnaoi. Phanuél ab ainm dá hathair. De threibh Aseir ab ea é. Bean aosta ab ea Anna an uair sin. Bainntreach ab ea í. Bhí sí seacht mbliana pósta, agus do cailleadh a fear, agus d’fhan sí sa teampall as san amach go dtí go raibh sí, an lá san, cheithre bliana gus cheithre fichid. Agus ag déanamh troscaidh agus úrnaithe agus ag onórú Dé, is ea ’ bhí sí ag caitheamh a saeil sa teampall. Tháinig sí sin de láthair an uair sin agus d’admhaigh sí an Tiarna agus bhíodh sí ag trácht air le gach éinne a bhí ag súil le fuascailt Israéil.

D’airigh na Fairisínigh cainnt na bainntrí sin agus í dhá admháil gurbh é an Slánaitheóir an leanbh san. Níorbh fhéidir dóibh gan an chainnt d’aireachtaint. Ní haon uair amháin ná dhá uair aduairt sí gurbh é an Slánaitheóir a bhí geallta é. Deir an Soíscéal go “mbíodh sí ag trácht air.” Do lean sí dhá rá an fhaid a mhair sí ’na dhiadh san. Bhí ’ fhios ag gach éinne sa chathair go mbíodh an chainnt sin ar siúl aici coitianta. Bhí an bheirt sin, Símeón agus Anna, ceapaithe ag Dia chun na fírinne sin a chimeád os cómhair na ndaoine an fhaid a mhair an bheirt.

D’airigh muíntir Bhetleheim an scéal a dh’innis na haeirí i dtaobh na n-aingeal. D’airigh muíntir Ierúsaleim an scéal céanna. D’airigh gach éinne an chainnt aduairt Símeón sa teampall agus an chainnt aduairt an bhanfháidh Anna. Bhí an chainnt go léir i mbéal na poiblíochta. Dá bhrí sin níor fágadh aon leathscéal acu chun gan aon tsuím a chur sa chainnt. Bhí an gheallúint acu go léir sa Bhíobla. Bhí ’ fhios acu go raibh an t-am ann, de réir na bhfáidhí, chun na geallúna do chómhlíonadh. Do cuireadh chúthu na haingil agus Símeón agus Anna dhá ínsint dóibh go raibh an gheallúint cómhlíonta, go raibh an Slánaitheóir tagaithe, go raibh sé ’na luí ansúd sa mhainséar. Níor thaithn an mainséar leó. Níor thaithn an bhochtaineacht leó. Níor thaithn an dealús leó. Ní Slánaitheóir bocht dealbh, ’na luí i mainséar asail, a bhí uathu, ach rí cómhachtach do chuirfeadh suas iad os cionn an domhain go léir. “Tháinig sé chun a dhaoine féinig agus ní ghlacfaidís é.”

Ach bhí daoine eile ar an saol an uair sin in éaghmais na nIúdach, agus do hínseadh do sna daoinibh eile sin go raibh an Slánaitheóir tagaithe.

Nuair a bhí a ngnó déanta sa teampall ag Muire Mháthair agus ag Ióseph d’fhágadar slán ag Símeón agus ag Anna agus ghluaiseadar amach as an gcathair chun dul ó dheas arís go Betlehem. Ag imeacht amach as an gcathair dóibh chonacadar cuallacht uasal ag teacht isteach sa chathair ’na gcoinnibh. “Máigí,” a thugann an Soíscéalaí Maitiú orthu. De réir an chúntais atá againn ar na Máigí sin is léir gurbh é saghas iad ná daoine de shaghas na ndraoithe a bhí in Éirinn in aimsir Phádraig; págánaigh ab ea iad ar nós na ndraoithe a bhí in Éirinn, ach ar nós na ndraoithe sin bhí an phágánacht ní b’uaisle agus níba ghlaine acu ná mar a bhí an phágánacht ag treabhchasaíbh eile a bhí ’na dtímpall. Meastar go n-adhraidís aon chómhacht amháin a bhí, dar leó, os cionn an domhain go léir. Deirtear gur saghas éigin sagart gurbh ea iad, ach ná bíodh aon íodail acu, ná aon íbirtí. I náisiún na bPersach a bhíodar. Deirtear gur chimeádadar, ó shliocht go sliocht, iarracht éigin den chreideamh a thug Naoi dá shliocht.

Bíd na spéartha ana-ghlan in sna tíorthaibh sin sa domhan toir agus bíonn ana-sholas in sna réilthíníbh san oíche ann. Agus is béas le muíntir na dtíortha san bheith i gcónaí ag faire ar na réilthíníbh san oíche agus ag breithniú a ngluaiseachtaí. Bhí an béas san ag na Persachaibh agus ag á ndraoithibh in aimsir ár Slánaitheóra, agus bhí eólas cruínn acu ar gach cor dá gcuireadh aon réilthín di. Agus ní fhéadfadh aon réilthín nua í féin a thaispeáint i ganfhios dóibh.

Tá rud eile againn le rá i dtaobh na ndaoine úd a bhí sa domhan toir an uair a tháinig ár Slánaitheóir. Tuigtear go raibh dhá chúis ag Dia na Glóire leis an Iúdaígh a bhreith soir go Babilóin i mbraighdineas, ’sé sin, chun pionóis a chur orthu féin mar gheall ar a bpeacaíbh, agus chun a thaispeáint don mhuíntir thoir cad é an saghas an creideamh a bhí tabhartha ag Dia do chlaínn Israéil. Do deineadh an dá ghnó san. Do cuireadh an pionós ar chlaínn Israéil, agus dheineadar aithrí ná déanfaidís choíche dá mba ná curfí an pionós orthu. ’Na theannta san do thug cómhluadar na nIúdach don mhuíntir thoir eólas ar fhírinníbh creidimh, eólas a dhein maitheas mór dóibh. Measaid lucht eólais go bhfuair a lán den mhuíntir thoir, an uair sin, a cainnt agus a cómhrá na nIúdach, eólas ar an Messiah ’ bheith le teacht agus gur chimeádadar an t-eólas. Gan amhras bhíodh na Iúdaígh dhá rá coitianta go dtiocfadh an Messiah; gur gheall Dia d’Ábraham go dtiocfadh an Slánaitheóir. Nuair ab é toil Dé croí an rí lastoir do spriocadh chun na nIúdach do chur siar abhaile agus chun an teampaill mhóir do chur suas arís, do tháinig a lán de sna Iúdaígh anoir ach níor thánadar go léir. D’fhan mórán acu lastoir agus chimeádadar san na daoine thoir ag cuímhneamh ar an ngeallúint agus ag cuímhneamh ar an Messiah úd a bhí le teacht.

As san go léir, níorbh iúnadh, nuair a taispeánadh an réalt iúntach úd do sna draoithibh uaisle agus nuair a cuireadh ’na luí ar a n-aigne go raibh “Rí na nIúdach,” tagaithe ’na leanbh, ar an saol, gur chreideadar láithreach é, agus gur thuigeadar, trí shoíllsiú an Sprid Naoimh, gur cheart dóibh dul agus an Rí sin d’adhradh.

Chómh maith do ghluaiseadar láithreach. Bhí an tslí fada, ach gan amhras do taispeánadh an réalt dóibh in am agus thug Dia gach aon chúnamh dóibh chun an slí ’ chur díobh agus teacht go dtí cathair Ierúsaleim, an chathair úd gur airíodar a hainm ó Iúdaígh an bhraighdinis chómh minic.

Ní ceart a dhearúd, bíodh gur i mbraighdineas a bhí na Iúdaígh lastoir, ná raibh an scéal chómh holc in aon chor ann agus a mheasfadh duine. Gan amhras bhí an scéal go holc acu nuair a bhí an namhaid dhá gcomáint ón mbaile, ó chathair Shamaría, agus ó chathrachaibh eile tíre Phalestín, agus ansan ó chathair Ierúsaleim féinig. Agus gan amhras bhíodh an scéal go holc acu an fhaid a bhídís ar an slí soir agus an namhaid dhá gcomáint rómpu agus dhá mbualadh nuair a dheinidís ríghneas nú nuair a bhíodh tuirse an bhóthair orthu. Ach nuair a bhíodh tamall caite lastoir acu agus áiteanna cónaithe tabhartha dhóibh ann, agus iad socair in sna háiteannaibh cónaithe sin, d’éiríodh muíntearthas go minic idir iad agus na daoine thoir, agus thugadh an creideamh fírinneach a bhí acu éirim aigne dhóibh ná bíodh ag an muíntir thoir. Do thugadh an éirim aigne sin búntáiste dhóibh agus creidiúint, i dtreó go mbíodh an mhuíntir thoir go minic ag féachaint suas chúthu le hurraim agus ag cur ceisteanna chúthu i dtaobh an chreidimh agus i dtaobh gach aon rud a bhain leis an gcreideamh. Do lean an braighdineas i bhfad, agus ní hin éineacht a chuaigh na Iúdaígh go léir soir, ná ní hin éineacht a thánadar anoir. Fuair an mhuíntir thoir ana-chaoi ar chreideamh na nIúdach a dh’fhoghlaim agus ar aithne ’ chur ar Iehóbha, agus ar Mhaois, agus ar na haitheantaibh a thug Iehóbha do Mhaois, agus ar conas mar ná raibh clann Israéil dílis do Iehóbha agus nár chimeádadar na haitheanta, ná an connradh a dhein Iehóbha leó. Do chonaic an mhuíntir thoir go soiléir an dólás a bhí ar na Iúdaígh mar gheall ar na peacaíbh a dheineadar in aghaidh Iehóbha, na peacaí gur chuir Iehóbha an braighdineas san orthu ’na dtaobh. Chonaic an mhuíntir thoir an sólás aigne do thagadh ar na Iúdaígh sin nuair a chuímhnídís ar an AON naofa úd a bhí geallta ag Iehóbha dhóibh. Bhí a leithéid sin de mheas ag na págánaigh ar na Iúdaígh agus a leithéid d’fhéachaint suas acu chúthu go ráiníodh uaireanta Iúdach a bheith, ní hamháin ana-chreidiúnach, ach ana-chómhachtach san áit thoir. Fear ana-chómhachtach ab ea an Iúdach Mardochai. Agus fear ana-chómhachtach ab ea an fáidh Daniel. Bhí a leithéid sin de mheas ag na págánaigh ar Dhaniel go raibh a ainm i seanfhocal acu. Aon duine a bhíodh eagnaí thar na beartaibh deiridís, “tá sé chómh heagnaí le Daniel.”

Níorbh aon iúnadh, nuair a bhí an scéal ar an gcuma san lastoir, na daoine, go mór mór na draoithe, ’ bheith ag faire ar na réaltaibh, agus san am gcéanna ag cuímhneamh ar an Rí úd na nIúdach a bhí geallta agus a bhí le teacht ar an saol. Agus ansan nuair a taispeánadh an Réalt dóibh níorbh aon iúnadh, trí shoíllsiú an Sprid Naoimh, gur thuigeadar cad é an brí a bhí leis an Réalt. Thánadar anoir an tslí go léir. Cá bhféadfaidís aghaidh a thabhairt ach isteach i gcathair Ierúsaleim, an chathair naofa go raibh na Iúdaígh ag trácht uirthi leó i gcónaí. Thánadar isteach i gcathair Ierúsaleim. Bhí gan amhras, cuallacht mhór seirbhíseach acu agus a lán camall. Agus gan amhras bhí lucht airm acu chun iad a chosaint ar lucht foghla, agus gan amhras bhíodar féin armtha go maith agus bhíodar oilte ar úsáid na n-arm. Gan amhras, leis, ní rabhadar gan eólas acu ar an dteangain Eabhra, tar éis an chaoi a thug braighdineas na nIúdach dóibh ar an dteangain sin a dh’fhoghlaim.

Chómh luath agus ’ thánadar isteach sa chathair do bhailigh na daoine chúthu, slua de dhaoinibh bochta na cathrach, agus roinnt de dhaoinibh ná raibh róbhocht, agus cuid de sna huaislibh. B’fhuiriste dhóibh a thuiscint go raibh ana-dhúil ag na daoine go léir, bocht agus saibhir, ’ fhios d’fháil cérbh iad na huaisle iasachta. Ní dócha go rabhadar i bhfad sa chathair sarar fiafraíodh díobh cárbh as iad agus cérbh iad féin, agus cad a bhí uathu. Thugadar an t-eólas uathu gan ríghneas: “Thánamair ón ndomhan toir. Tá Rí na nIúdach beirthe. Chonacamair a réalt sa domhan toir. Is é an tiarna atá geallta do sna Iúdaígh é. Thánamairne chun é ’ dh’adhradh mar is cóir Dia d’adhradh. Taispeántar dúinn cá bhfuil sé.”

Níor labhair éinne dhá bhfreagradh. Níor airigh éinne acu, uasal ná íseal aon “Rí na nIúdach,” a bheith tagaithe ar an saol. Ní raibh aithne acu ar aon “Rí na nIúdach,” óg ná aosta, ach ar Héród. Ní raibh i Héród ach rí fé smacht na Rómhánach, agus rí drochmhianaigh ab ea é, rud ab eól do chuid acu go teinn, bíodh ná leómhfaidís a leogaint orthu gurbh eól.

Níor chuímhnigh éinne ar an gcainnt úd na n-aeirí, nú má chuímhnigh éinne ar an gcainnt sin, agus ar an scéal úd na n-aingeal, níor leog sé air gur chuímhnigh. Dá dtráchtadh sé ar an haeiríbh agus ar na haingealaibh chaithfeadh sé trácht ar an bpluais, agus ar mhainséar an asail. Cé ’ thráchtfadh ar an bpluais, agus ar mhainséar an asail, agus ar an lánúin bhocht dhealbh úd, leis na huaislibh móra san ón ndomhan toir!

Do thuig na huaisle, má bhí aon eólas acu le fáil ó éinne i dtaobh “Rí na nIúdach,” an Rí go bhfeacadar a réalt sa domhan toir, gur ón rí sin na nIúdach a bhí beó an uair sin sa chathair a gheóbhaidís an t-eólas. Chuireadar teachtaireacht chun Héróid dhá ínsint cérbh iad agus dhá iarraidh air cead a thabhairt dóibh agus go raghaidís chun cainnte leis. Do tugadh an cead. Chuadar chun cainnte leis an rí. Do ghlac an rí Héród iad le honóir mhór nuair a chonaic sé an chóir uasal a bhí orthu. D’fhiafraigh sé dhíobh cad a bhí uathu, nú cad í an dea-chómharsanacht a dh’fhéadfadh sé féin a dhéanamh dóibh. D’ínseadar do a ní a bhí uathu:—

“Innis dúinn, a rí,” ar siad, “cá bhfuil an Rí seo na nIúdach atá beirthe. Chonacamair a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é ’ dh’adhradh.” Ansan, gan amhras, d’ínseadar do an scéal, tríd síos, i dtaobh an eólais a fuaradar, agus a fuair daoine nárbh iad, lastoir, ó Iúdaígh an bhraighdinis, i dtaobh an Mhessiah, an rí a bhí le teacht chun bheith os cionn an nIúdach, agus go raibh ’ fhios acu go raibh sé tagaithe ar an saol mar go taispeánadh a réalt dóibh sa domhan toir.

D’éist Héród leó go ciúin agus go séimh. Bhí a chroí lán de dhrochaigne ach chimeád sé istigh an drochaigne. Nuair a bhí a gcainnt ráite acu san duairt sé leó: “Níor airíos-sa an ní sin fós,” ar seisean. “Tá sé chómh maith agaibhse anois, a uaisle,” ar seisean, “dul go dtí an tigh ósta is feárr sa chathair agus tuirse na slí ’ chur díbh. An fhaid a bheidh sibh ag cur úr dtuirse dhíbh chífeadsa lucht eólais na cathrach so agus cuirfead tuairisc an linbh seo adeirthíse orthu. Ansan nuair a bheidh an tuairisc fachta agam cuirfead fios oraibh agus tabharfad díbh an t-eólas.”

Do socraíodh an scéal ar an gcuma san. Do stiúraigh teachtairí Héróid iad chun na hóstaíochta ba dhaoire agus ba chúmpórdúla a bhí sa chathair, agus d’órdaigh sé, fé cheilt, an óstaíocht a thabhairt in aisce dhóibh agus an costas a bheith air féinig. Bhí Héród fial i ngnóthaíbh den tsórd san. Agus ’na theannta san, bhí a chúis féin aige an uair sin leis an bhféile.

Do ghluais an scéal ar fuid na cathrach go raibh leanbh éigin beirthe agus go raibh an leanbh san chun bheith ’na rí ar náisiún na nIúdach, agus deir an Soíscéal go raibh buaireamh ar Héród, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith.

Ní deocair a thuiscint cad é an saghas an buaireamh a bhí ar Héród. Do thaispeáin sé féin go luath ’na dhiadh san cad é an saghas an buaireamh a bhí air. Ach cad é an saghas an buaireamh a bhí ar “Ierúsalem go léir chómh maith,” níl sé chómh fuiriste a thuiscint. Cuireann súil le rud a thaithnfeadh go mór le duine buaireamh air chómh maith díreach agus ’ chuirfeadh súil le rúd ná taithnfeadh in aon chor leis. Bhí mórán daoine naofa i gcathair Ierúsaleim an uair sin. B’fhéidir ná raibh puínn daoine ann a bhí chómh naofa le Símeón agus le Naomh Anna, ach bhí a lán daoine ann a bhí fíoraonta go maith. Bhí na daoine sin ag súil le teacht an tSlánaitheóra, agus nuair ’ airíodar na huaisle móra úd a bheith tagaithe ón ndomhan toir agus iad dhá rá go raibh an Slánaitheóir tagaithe agus go raibh sé beó, ’na leanbh óg, in áit éigin sa chathair, ní fhéadfadh an scéal gan buaireamh uathásach a chur orthu, agus iad dhá fhiafraí ar chosmhail gurbh fhíor é nú ar chosmhail nárbh fhíor é.

Bhí a lán daoine saibhre sa chathair an uair sin. D’airíodar an chainnt i dtaobh na n-uasal san a tháinig ón ndomhan toir. Bhí buaireamh aigne orthu san mar gheall ar an saibhreas a bhí acu. Bhí eagla istigh ’na gcroí go mb’fhéidir go ndéanfadh an rí óg so athrú éigin ar an saol agus go scarfadh an t-athrú san iad féin agus an saibhreas lena chéile. Bíonn an t-eagla san i gcónaí ar lucht saibhris.

Bhí daoine bochta sa chathair, gan amhras is mó dhíobh san a bhí ann ná mar a bhí de dhaoinibh saibhre ann. Ba bheag ná gur chuma leó san cad é an t-athrú a dhéanfadh an Rí óg úd ar an saol. Bhíodar féinig chómh fada san síos sa tsaol gur dheallraitheach, pé athrú a déanfí orthu gur suas a chuirfeadh sé iad. Ach do chuirfeadh súil le héirí buaireamh orthu bíodh gurbh é do thaithnfeadh leó.

Ní dó’ liom, áfach go raibh éinne eile sa chathair a bhí chómh mór trí chéile aigne agus a bhí Héród nuair ’ airigh sé an chainnt aduairt na huaisle úd ón ndomhan toir. Chomáin sé teachtaireacht mórthímpall ag triall ar uachtaránaibh na sagart agus ar sheanóiríbh an phobail agus duairt sé leó teacht chuige. Thánadar chuige. Nuair a thánadar chuige d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfí Críost. D’ínseadar do gur i mBetlehem Iúda a béarfí é. Agus thugadar do cainnt an fháidh ag deimhniú an scéil sin:— “Agus tusa a Bhetleheim, a thalamh Iúda, ní tu is lú in aon chor ar thaoiseachaibh Iúda, óir is asatsa a thiocfaidh an taoiseach a dhéanfaidh mo phobal Israél do riaradh.”

Nuair ’ airigh Héród an méid sin ó sna huachtaránaibh do scaoil sé uaidh iad. Nuair a bhíodar imithe chuir sé fios ar na huaislibh iasachta. Thánadar. Bhí sé ana-shéimh, ana-chneasta, ana-cheannsa leó:—

“Tá fachta amach agam, a uaisle,” ar seisean, “gur i mBetlehem Iúda atá an leanbh so atá uaibh. Gan amhras is é Rí na nIúdach é, an ‘Rí na nIúdach,’ gur taispeánadh a réalt díbhse. Gheóbhaidh sibh i mBetlehem é. Imídh ó dheas anois go Betlehem agus nuair a gheóbhaidh sibh an leanbh tagaidh thar n-ais anso agus ínsidh dómhsa cá bhfuil sé agus raghadsa agus adharfad é, leis. Tá sé chómh ceart agamsa é ’ dh’adhradh agus ’ tá sé agaibhse é ’ dh’adhradh.”

Do ghluaiseadar. Bhíodar ana-bhaoch den rí fónta fial san, Héród. Gan amhras bhí sé buailte isteach ’na n-aigne go raibh náisiún na nIúdach tógtha lena leithéid de rí ’ bheith os a gcionn. Gan amhras bhíodar láncheapaithe ar theacht thar n-ais agus a dh’ínsint do cá raibh an leanbh, an Rí óg, chómh luath agus ’ bheadh ’ fhios acu féinig cá raibh sé.

Measaid cuid de lucht an tseanchais ná raibh an réalt ag stiúrú na n-uasal i gcaitheamh na slí ón áit ’na rabhadar ’na gcónaí sa domhan toir. Gur taispeánadh an réalt iúntach dóibh. Ansan gur tugadh le tuiscint dóibh gur bhain an réalt le “Rí na nIúdach,” an “Rí” úd na nIúdach go n-airídís na Iúdaígh ag trácht air. Ansan, tar éis radhairc a dh’fháil ar an réalt agus tar éis eólais a dh’fháil ar bhrí na réilte, go mb’éigean dóibh féin eólas na slí do chur. Deir cuid den tseanchas go rabhadar i bhfad ar an slí. Gan amhras tá príomhchathair na bPersach i bhfad soir agus ní fhéadfadh cuallacht mhór an tslí ’ chur díobh ach go réidh.

B’fhéidir gur stiúraigh an réalt ar an slí iad agus b’fhéidir nár dhein. Níl aon eólas ag lucht seanchais ar an méid sin scéil ach bheith ag caitheamh tuairimí. Is deimhin, áfach, ná raibh aon radharc acu ar an réalt nuair a thánadar go dtí cathair Ierúsaleim. Chómh luath, áfach, agus a bhíodar lasmu’ den chathair, tar éis bheith scartha acu le Héród, do chonacadar an réalt arís agus bhíodar lán d’áthas.

Deir an Soíscéal, “an réalt a chonacadar sa domhan toir,” ní deir an Soíscéal “an réalt a stiúraigh iad ón ndomhan toir.” B’fhéidir gur mar gheall ar an bhfocal san adeir cuid de lucht an tseanchais nár dhein an réalt ach í féin a thaispeáint dóibh, agus ansan go mb’éigean dóibh féinig an stiúrú ’ dhéanamh. Pé’r domhan é, do dhein an réalt an stiúrú ó Ierúsalem ó dheas go Betlehem, agus níor stad an réalt den stiúrú go dtí go raibh sí os cionn an tí bhig ’na raibh Muire Mháthair agus Ióseph ’na stad agus an leanbh acu.

Níor ghá do sna huaislibh a thuilleadh tuairiscí ’ chur. Thúirlicíodar de sna camallaibh. Chuadar isteach sa tigh. Chonacadar an leanbh, agus an mháthair, agus Naomh Ióseph. Níor fhéachadar chun laighead an tí. Níor fhéachadar chun dealúis na háite. Níor fhéachadar ach ar an dtriúr, an leanbh a bhí uathu, agus an mháthair agus Naomh Ióseph. Chaitheadar iad féin ar an dtalamh anuas láithreach, os cómhair an linbh agus d’adhradar é. Ní raibh síoda ná sról ná éadach snáth óir ar an úrlár san. Níor fhéachadar ceoca ’ bhí nú ná raibh. Ní har a leithéid a bhíodar ag cuímhneamh. Ar an leanbh a bhíodar ag cuímhneamh. Ar an leanbh a bhíodar ag féachaint. Níor tháinig uabhar agus bochtaineacht agus diomá orthu, agus ní dúradar: “An chun a leithéid seo de bhothán bhocht, atá chómh fuar chómh folamh, a thánamair treasna an domhain! An chun a leithéidí seo de thriúr bhocht dhealbh gan cuid na hoíche acu a thánamair treasna na dtíortha go léir!” Ní baol go ndúradar aon fhocal den tsórd san. Dúradh cainnt den tsórd san ’na dhiaidh san, áfach, agus dúradh go minic ’na dhiaidh san í. Duairt an t-eiriceach Marcion cainnt den tsórd san. “Gráin orthu!” ar seisean, “mar phluais, agus mar stábla, agus mar mhainséar asail! Conas ’ fhéadfadh Dia na Glóire ’ bheith ’na leithéid de chónaí?” Níorbh aon mhaith don éigse, Tertullian, bheith dhá rá le Marcion: “Ní thuigeann tusa an brí atá leis na nithibh sin go bhfuil an ghráin agat orthu. Tá gráin agat ar an bpluais, agus ar mhainséar an asail, agus ar an dtigh beag i mBetlehem, agus ar an ndealús agus ar an mbochtaineacht. Ach nách de chloich a bhí an phluais déanta? Agus nách de chlochaibh a bhí pálás uasal an rí, Héród, déanta istigh i gcathair Ierúsaleim? Bhí Críost Mac Dé sa phluais, i mainséar an asail. Bhí an rí, Héród, ’na phálás uasal i gcathair Ierúsaleim. Ní raibh Héród in’ aonar sa phálás uasal. Bhí cuideachta aige ann. Bhí uabhar, agus sainnt, agus drúis agus craos, agus fearg, agus formad, agus leisce i dteannta an rí Héród, sa phálás uasal. Bhíodar in aontíos aige sa phálás. Is maith a bhí ’ fhios ag muíntir Ierúsaleim go raibh an mhórsheisear san in aontíos istigh ’na phálás uasal ag an rí, Héród. Bhí Críost Mac Dé sa phluais, i mainséar an asail. Ceoca pálás is dó’ leatsa, a Mharcion, dob uaisle? Nú ceoca is mó an ghráin is dó’ leat ba cheart duit a bheith agat ar an bpluais agus ar an mainséar agus ar an ndealús, nú ar an bpálás uasal agus ar an mórsheisear úd? Ná tuigeann tú gurbh é cúis do Chríost Mhac Dé teacht ar an saol sa phluais ná chun a thaispeáint cad í an ghráin a bhí aige ar an uaisleacht an fhaid a bhí an mhórsheisear úd in aontíos aici? Ní hi bpálás Héróid amháin a bhí an mhórsheisear úd in aontíos an uair sin. Is beag má bhí aon tigh uasal ná rabhadar in aontíos ann, le lántoil fir an tí. D’fhéadfadh duine a rá, dá mb’é toil an tSlánaitheóra locht ’ fháil ar an bpluais gurbh ar éigin ’ fhéadfadh a Shoíllse bheith istigh ’ fháil in aon phálás eile nuair ’ fhágfadh sé pálás broinne na Maighdine, toisc aontíos a bheith ag an mórsheisear úd in sna tithibh eile. Ba thoil leis cónaí do dhéanamh sa phluais, nú sa tigh beag ’na raibh sé nuair a fuair sé na huaisle é, chun go mbainfeadh sé uaisleacht an tsaeil seo dá bonnaibh.”

“Uaisle móra ab ea na fir úd a tháinig ón ndomhan toir. Ach ní raibh éinne den mhórsheisear úd a bhí chómh gráinniúil in aon tsaghas chómhluadair acu. Dá bhrí sin d’aithníodar Críost Mac Dé agus d’aithin Críost Mac Dé iad san. Chaitheadar iad féin ar an úrlár os a chómhair agus d’adhradar é mar is cóir Dia d’adhradh.”

Ní folamh a thánadar. Thugadar tabharthaistí leó, ofrálacha le tabhairt do Chríost Mhac Dé, do Rí na nIúdach, don Mhessiah gur airíodar an trácht air lastoir i ndiaidh na nIúdach úd an bhraighdinis. Deir cuid de sna cúntaisíbh go raibh triúr acu ann, triúr ríthe dar le drong, triúr draoithe dar le drong eile, triúr uaisle móra dar le drong eile. Deir cúntas eile gur dhuin’ uasail aosta duine acu; go raibh féasóg fhada liath air agus folt fada liath. Melchior ab ainm do san. Gaspar ab ainm don tarna duine agus fear óg fíonnarua ab ea é. Aghaidh dhorcha a bhí ar an dtriú duine, agus féasóg throm dhubh air agus gruaig dhubh, agus Baltasar ab ainm do san. Níl aon deimhne, ámh, ar an dtuarascbháil sin. Is deimhin go raibh na fir ann, agus go rabhadar uasal, saibhir, ach níl aon deimhne ar cad é an dath a bhí orthu ná ar cad é an t-aos a bhíodar. Bhí trí shaghas bronntanaisí acu, agus do bhronnadar an trí shaghas ar an leanbh. Thug duine acu bronntanas óir do. Thug duine eile acu bronntanas túise dho. Thug an tríú dhuine bronntanas mirr do. Saghas súlaigh a thagann amach a sceach áirithe in Arábia is ea an mirr. Rud ana-shearbh is ea é. Tá leigheas ann agus rud ana-dhaor ab ea é an uair sin. Rud ana-dhaor, leis, ab ea an túis.

Deir cuid de sna haithreachaibh naofa go raibh brí sprideálta leis na trí bronntanasaíbh sin. Gurbh ionann an bronntanas óir agus a dh’admháil go raibh an leanbh san ’na rí. Gurbh ionann an bronntanas túise agus a dh’admháil go raibh sé ’na Dhia, agus gurbh ionann an bronntanas mirr agus a dh’admháil go raibh sé ’na dhuine agus go bhfaigheadh sé bás.

Bhí Héród ag feitheamh. Bhí buairt air agus bhí drochfhuadar fé. Bhí sé ana-shéimh ana-chneasta leis na huaislibh iasachta agus cheap sé nár bhaol ná go dtiocfaidís thar n-ais agus go neósfaidís do cá raibh an leanbh, “Rí na nIúdach.” Nú cheap sé dá dteipeadh orthu é ’ dh’fháil, go dtiocfaidís agus go neósfaidís do go raibh teipithe orthu. Dá mbeadh ’ fhios aige gur theip orthu bheadh roinnt suaimhnis air.

Do ghluais an aimsir agus ní rabhadar ag teacht. Bhíodar láncheapaithe ar theacht ach níor leog Dia dhóibh teacht. Grásta ó Dhia do Héród, agus do mhuíntir cathrach Ierúsaleim ab ea na huaisle sin a theacht ón ndomhan toir chúthu chun a chur ’ fhéachaint orthu a shúile ’ dh’oscailt agus an Slánaitheóir a dh’admháil. Do chreid Héród, nú bhí amhras aige, gurbh é an Slánaitheóir an leanbh san. Mara mbeadh gur chreid sé é cad é an t-eagla ’ bheadh aige roimis? Do chreid sé gurbh é an Slánaitheóir é, ach ba chuma leis ceoca ab é nú nárbh é, chuirfeadh sé chun báis é le heagla, nuair ’ éireódh sé suas go mbainfeadh sé an ríocht dá shliocht. Do cheadaigh Dia, le trua dho, an t-eólas a theacht chuige trí theacht na n-uasal ón ndomhan toir, ach níor cheadaigh Dia dho an t-eólas a bhí uaidh chun an linbh a chur chun báis, a dh’fháil ó sna huaislibh sin. Thug Dia órdú, i dtaibhreamh, do sna huaislibh gan dul thar n-ais ag triall ar Héród, ach dul bóthar eile abhaile chun a dtíre féinig. D’éiríodar agus d’imíodar abhaile bóthar eile, bunoscionn leis an mbóthar a thánadar. Chómh luath agus ’ bhíodar imithe do thaispeáin aingeal an Tiarna é féin do Ióseph agus é ’na chodladh agus duairt sé leis mar seo:—

“Éirigh,” ar seisean leis, “agus tóg leat an leanbh agus máthair an linbh agus imigh ó dheas san Éigipt, agus fan san Éigipt go n-ínseadsa dhuit (’sé sin, ‘go n-abradsa leat teacht as’) óir beidh Héród ag lorg an linbh chun é ’ mharú.”

Bhí an oíche ann fós agus ní raibh éinne lasmu’. D’éirigh Ióseph agus thóg sé leis an leanbh agus máthair an linbh agus do ghluais sé. Bhí an uair sin an t-ór aige ó sna huaislibh chun costais an bhóthair.

Tá Betlehem sa cheann theas de thír Phalestín, in sna cnucaibh úd Iúda. Bhéarfadh siúl trí lá duine ó dheas ó Bhetlehem go dtí an gleann ar a dtugtí Rhinocolúra. (Nár Ghaelach an ainm í!) Chómh luath agus ’ bheadh an gleann san curtha dhíobh acu bheidís lasmu’ de réim Héróid. Bheidís san Éigipt.

Bhí seanathaithí ag claínn Israéil ar an mbóthar san ó dheas ó thír Phalestín go dtí an Éigipt. Bhíodh lucht taistil i gcónaí ar an mbóthar, ag dul ó dheas nú ag teacht aneas. Níor bhaol go gcuirfeadh éinne aon tsuím i mbeirt daoine mbocht a bheadh ag gabháil ó dheas mar chách. Ba shuarach le rá an uair sin iad, i súilibh daoine, bíodh gur mhór le rá iad i láthair Dé agus na n-aingeal. Ní thugann an Soíscéal aon tuairisc dúinn ar conas a chuireadar an tslí dhíobh. Tá, áfach, lasmu’ den tSoíscéal, a lán scéalaíochta i dtaobh nithe adeirtear a thit amach an fhaid a bhí Muire agus Ióseph agus an leanbh ag cur na slí sin díobh; ainmhithe allta, leóin bhuí agus leóin bhreaca, ag teacht ag léimrigh isteach ó sna dúthaíbh fiaine, agus ag úmhlú don tSlánaitheóir. Aithreacha nímhe ag teacht ag casadh agus ag lúbarnaigh, ag úmhlú dho. Nithe gan anam, leis, na craínn mhóra árda, ag cromadh anuas ag úmhlú dho.

Níl aon deimhne ar na nithibh sin, bíodh gur dhein lucht ealaíon na hIodáile, i bhfad ’na dhiaidh san, peictiúirí breátha, ag taispeáint na n-ainmhithe agus na gcrann ag déanamh na míorúiltí sin. Ní raibh sa scéalaíocht, ámh, ach fiannaíocht, agus ní raibh in sna peictiúiríbh ach samhlú aigne lucht ealaíon.

Ba chóir go dtuigfeadh na daoine sin go raibh an samhlú chómh gléineach san ’na n-aigne acu, gur shamhlú gan chiall an samhlú san. Dá ndeineadh na hainmhithe agus na craínn míorúiltí den tsórd san do neósfadh na daoine a bhí ag teacht aníos as an Éigipt na míorúiltí sin i gcathair Ierúsaleim. D’aireódh Héród na hiúnaí. Nách tapaidh a leanfadh sé an lánú a bhí ag teitheadh uaidh. Nách tapaidh a thiocfadh sé suas leó agus a mharódh sé an leanbh, nú b’fhéidir, an triúr. Níor chuímhnigh lucht na n-iúnaí do cheapadh ar an dtaobh san den scéal.

Bhí Héród ag feitheamh leis na huaislibh úd, chun go dtiocfaidís agus go neósfaidís do cá raibh an leanbh, nú go neósfaidís do gur theip orthu sa chuardach. Ní rabhadar ag teacht. Fé dheireadh chuir sé a dtuairisc. Do hínseadh do go rabhadar leath na slí soir abhaile, i dtreó a dtíre féinig, um an dtaca san. Ansan is ea ’ bhí sé ar buile. Chrom sé ar mhachnamh ar conas a thiocfadh sé ar an leanbh. As an machnamh duairt sé leis féin: “De réir mar ’ labhair na hamadáin úd tá an leanbh ar chíochaibh a mháthar fós. Níor deighleadh fós é. Ní deighiltear iad go dtí go mbíd siad dhá bhliain d’aois. Tá go maith. Tiocfadsa suas leis.”

Ansan do dhein sé reacht go gcaithfí gach aon leanbh mic a bhí dhá bhliain d’aois nú féna bhun, do chur chun báis. Ní túisce a bhí an reacht curtha amach aige ná mar a chuir sé an marú ar siúl. Do ghluais lucht airm an rí amach agus chromadar ar na leanaíbh fireanna go léir do mharú. D’éirigh, ins gach aon bhall sa tír sin Bhetleheim, gol agus lógóireacht na mban. B’é “gol na mban san ár” é i gceart. Na máithreacha ag lógóireacht mar gheall ar mharú na leanbh.

Deir Naomh Maitiú, i dtaobh lógóireachta na mban san an uair sin. “Ansan is ea do cómhlíonadh an chainnt aduairt Ieremias fáidh nuair aduairt sé: do hairíodh guth i Rama, árdghol agus iomad olagón, Rachel ag caoineadh a clainne, agus ná glacfadh sí sólás, toisc gan iad a bheith ann.”

Tabhair fé ndeara an méid seo, a léitheóir. Bhí Rachel pósta ag Iácób. Ní raibh aon chlann aici ar feadh i bhfad. Bhí buairt uathásach uirthi “agus í ag caoineadh a clainne, agus ná glacfadh sí sólás toisc gan iad a bheith ann.” Fé dheireadh b’é toil Dé go dtáinig an chlann. Do rug sí Beniamin agus fuair sí bás de dhruím an linbh sin, agus do hadhlacadh í i mBetlehem. Bhí cathair bheag in áit ar a dtugtí Rama, in áirde ar chnucán ná raibh i bhfad ó Bhetlehem. Bhí sliocht Bheniamin i mBetlehem go dtí aimsir an bhraighdinis. Do rugadh chun siúil iad sa bhraighdineas. Bhí árdghol agus olagón san áit nuair a bhí na daoine dá mbreith chun siúil, nuair a bhí sliocht Rachel dá mbreith chun siúil, agus duairt Ieremias: “Do hairíodh ar na hárdaibh guth, árdghol agus caoineadh gan sos, Rachel ag caoineadh a clainne, agus ní ghlacfaidh sí sólás toisc gan iad a bheith ann.” Ansan deir Maitiú Naofa, sa tSoíscéal go nduairt Ieremias fáidh gur thaispeáint roim ré gurbh ea gol na mban sa bhraighdineas .i. Rachel ag caoineadh a sleachta, ar ghol na mban in ár na naíon, .i. Rachel, arís, ag caoineadh a sleachta nuair a bhí Héród ag déanamh an éirligh orthu.

Ansan, deir lucht scrúdaithe na bhfáidhí gur sampla an gol san Rachel ar an mbaint atá le teacht an tSlánaitheóra ag gach aon ní dár thit amach sa tsaol ó thug Dia an gheallúint don bheirt i ngáirdín Parathais go dtí gur cómhlíonadh an gheallúint sin i dteacht an tSlánaitheóra.

Ní raibh puínn ag Héród de bhárr an éirligh go léir. Níorbh fhada ’na dhiaidh san go dtáinig an bás air. Tháinig bás gránna air, an saghas céanna báis a tháinig, roinnt céadta blian roimis sin, ar ropaire eile rí a bhíodh ag cur daoine chun báis, agus dhá gcéasadh agus dhá gcrá, nuair ná séanfaidís a gcreideamh. Antíochus Epiphanes ab ainm don ropaire sin.

Is eól do gach éinne cad é an saghas an lobhadh a thagann ar chorpán an duine tar éis bháis do. Bíonn an balaithe chómh holc san nách féidir d’aon duine beó é ’ dh’fholag. Bíonn an fheóil ag titim as a chéile agus í lán de phiastaíbh gránna. Tháinig an lobhadh san ar chorp Héróid, agus ar chorp Antíochuis, agus iad ’na mbeathaidh. Bhí Héród beó, ag ithe bídh, agus ag cainnt le daoine, agus cuid dá chuid feóla chómh lofa leis an bhfeóil a bheadh ar aon chorpán a bheadh san uaigh ar feadh mí! Sin é an pionós a chuireann Dia na glóire uaireanta ar na ropairíbh a bhíonn ag crá agus ag céasadh agus an marú daoine chun a chur ’ fhéachaint orthu an creideamh do shéanadh.

Nuair a bhí Héród marbh tháinig aingeal an Tiarna ag triall ar Ióseph san Éigipt agus duairt sé leis: “Éirigh agus tóg leat an leanbh agus máthair an linbh agus imigh thar n-ais go talamh Israéil, óir iad súd a bhí ar tí an linbh do mharú táid siad féin tar éis bháis.” D’éirigh Ióseph agus do ghluais sé fé dhéin an bhaile. Deir Naomh Maitiú gur cómhlíonadh, i gcainnt an aingil le Ióseph, an focal aduairt an fáidh Osee, .i. “Do ghlaos mo Mhac as an Éigipt.” D’fhéadfí an chainnt chéanna a thagairt do ghlaoch clainne Israéil as an Éigipt. Bhí an dá bhrí sin sa chainnt. Samhaltas ab ea an chéad bhrí ar an tarna brí, .i. glaoch clainne Israéil as an Éigipt ar ghlaoch Chríost Mhic Dé as an Éigipt.

Bhí Ióseph ceapaithe ar theacht go Betlehem agus ar fhanúint ann chun cónaithe, ach d’airigh sé go raibh Archelaus ’na rí in inead a athar agus go raibh sé go holc, mar ba dhual athar do ’ bheith. Ní leogfadh eagla do Ióseph fanúint i mBetlehem. Bhí an áit róchóngarach do chathair Ierúsaleim, agus don tíoránach Archelaus. Thug Dia le tuiscint do i dtaibhreamh gur ó thuaidh go tír Ghaililí a bhí air dul. Bhí mac eile do Héród ’na rí ar an dtír sin agus Héród Antipas ab ainm do. Bhí sé go mírialta, mar ba dhual athar do ’ bheith, ach bhí sé neamhshuimiúil agus ní raibh sé chómh cúntúrthach de rí lena dhritháir Héród. I nGaililí atá Nasaret, agus do shocraigh Ióseph ar dhul chun cónaithe i Nasaret. Deir Maitiú Naofa gur cómhlíonadh leis sin an chainnt úd na bhfáidhí dhá rá go dtabharfí Nasarénach ar Íosa.

Bhíodh na fáidhí, i gcónaí riamh, dhá thabhairt fé ndeara go mbíodh baint éigin le teacht an Mhessiah ag na nithibh a thiteadh amach do chlaínn Israéil i gcaitheamh a n-aimsire; agus ansan bhíodh na Soíscéalaithe agus na naoimh dhá thabhairt fé ndeara conas mar a cómhlíontí cainnteanna na bhfáidhí in sna nithibh a thit amach don tSlánaitheóir tar éis teacht Do.

Nótaí

Measaid cuid de lucht an eólais: “some of the scholars think”. It is worth noting that the use of the plural form of the verb, which is regularly found in PUL’s works in the present and future tenses with plural pronouns (measaid siad) and plural nouns (measaid na fir), also applies to apparently grammatically singular words, such as cuid, that have a plural meaning.
Adeirthíse: “that you (pl) talk about”. Deirthí is an archaic second-person plural present-tense form, corresponding to deir sibh in the CO; compare táthaoi for tá sibh, “you are”. These second-person plural forms are easily confused with the imperfect autonomous form (deirtí or deirthí).

Foclóirín

adhlacaim, adhlacadh: “to bury”.
ag: “at”. Ag mo appears here as ageam, pronounced /igʹəm/.
aicme: “group, class”. Note the plural here is aicmeacha, where the CO has aicmí.
aithrí: “penance”.
amhras: “doubt”, but bhí amhras aige here means “he suspected it”.
Anna: Anna, the prophetess who met Jesus during the Presentation in the Temple and prophesied about him.
ár: “slaughter”. Gol na mban san ár, “the lament of the women in the massacre”, is a piece of music said to have been composed by the female relatives of Alasdair Mac Colla (Allister McDonnell), the Scottish leader of the Irish confederate army who fell in battle in the Cromwellian wars in 1647.
Arábia: Arabia.
Archelaus: Herod Archelaus, son of Herod the Great (and brother of Herod Antipas), who ruled Judea after the death of his father in 4 BC.
ar leithligh: “apart, aside, by onself”. I am unclear of the exact pronunciation.
armaim, armadh: “to arm”, or armálaim, armáil in the CO. Armtha, /ɑrəmhə/, would be armáilte in the CO.
asachán: “reproach”, or achasán in the CO.
Aser: the tribe of Asher, one of the tribes of Israel.
athair: “father”. Athair nímhe, “a venomous snake; a viper”. Note that athair nímhe is a corruption of the classical form, nathair nímhe.
bainntreach: “widow”, or baintreach in the CO. The double n here shows the diphthong: /baintrʹəx/.
balaithe: “smell”, or boladh in the CO. The original spelling, balaith, is adjusted here in the line with the WM pronunciation, /bɑlihi/, which appears to derive originally from the plural of the word.
Baltasar: Balthazar, the legendary name of the one of the three wise men who worshipped the baby Jesus. He is normally represented as a Arabian king or scholar.
banfháidh: “prophetess”. Note this word is feminine here, but masculine in the CO, where an arbitrary “rule” has been applied that all compound nouns have the gender of the second half of the compound. Dinneen’s dictionary shows this word to be feminine.
Beniamin: Benjamin, one of the tribes of Israel, and the name of the one of the sons of Rachel.
briathar: “word”. Note the plural bréithre here, where briathra stands in the CO. Both bréithre and briathra were found in PUL’s translation of the gospels.
bronntanas: “gift, present”, with bronntanaisí in the plural where the CO has bronntanais. Note the dative is shown here with a broad s, bronntanasaíbh.
bunoscionn: “upside down, awry”. Bunoscionn le, “at variance with”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
búntáiste: “advantage”.
caoineadh: “keening, lamenting”.
ceoca: “which? which of them?” From cé acu or cé’cu. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.
ceannsa: “gentle, meek”, or ceansa in the CO.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in the CO. Chífead lucht eólais na cathrach seems to have the sense of “holding a meeting with someone”: “I will meet with the scholars of the city”.
cíoch: “breast”.
coisricim, coisreacan: “to consecrate, dedicate”.
colúr: “pigeon, dove”, pronounced /klu:r/.
comáinim, comáint: “to drive, force, impel”, or tiomáinim, tiomáint in the CO. Both forms are found in PUL’s works.
connradh: “covenant”, or conradh in the CO. The traditional double n is retained here as suggestive of the long vowel, pronounced /ku:rə/. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows that Amhlaoibh Ó Loingsigh had a pronunciation /ku:rəv/. This word is generally feminine in PUL’s works, but apparently masculine here, as it is in the CO.
corpán: “corpse”.
cosmhail: “likely, apparently so”, or cosúil in the CO. IWM shows that /kosvilʹ/ was the pronunciation of Amhlaoibh Ó Loingsigh.
craos: “gluttony”.
cruis: “cross, crucifix”, or cros in the CO. The nominative is normally cros, apart from in the meaning of “crucifix”, where PUL regularly has cruis chéasta Chríost, showing that the dative has replaced the nominative. Crann na cruise, “the cross; the tree of the cross”.
cúmpórdúil: “comfortable”, a variant of cúmpórdach. The CO form would be compordach, with compordúil listed as a variant in Ó Dónaill’s dictionary.
Daniel: the prophet Daniel, a Jew who was taken in captivity to Babylon around 606 BC and became an advisor to the Babylonian royal court, as related in the book of Daniel.
dea-chómharsanacht: “neighbourliness”. The meaning here seems more along the lines of “a good deed, a favour, a neighbourly helping hand”.
deallraitheach: “apparent, likely, plausible”. Pronounced /dʹaurəhəx/. Spelt dealraitheach in the CO.
deighlim, deighilt: “to separate”, or dealaím, dealú in the CO. This seems to be used here in the sense of “to wean a child from its mother’s milk”. Pronounced /dʹəilʹimʹ, dʹəihlʹ/.
deirim, rá: “to say”. The present subjunctive form go n-abrad is found here. It appeared as abarad in the original, but I am not convinced of the need for an epenthetic vowel here.
díogras: “zeal, passion”, or díograis in the CO.
diomá: “disappointment”, or díomá in the CO.
díth: “loss”.
drong: “a faction, a body of people”. I believe this word has been largely replaced by dream.
druím: “back”, or droim in the CO. PUL uses drom for the actual back of a person or an animal, but druím for more derived usages. De dhruím, “on account of”, or de dhroim in the CO.
drúis: “lust”.
eagnaí: “wise”, pronounced /ɑgə’ni:/.
éigse: “learned man, sage”. This word is generally collective in meaning, but can refer to a single sage, as is shown in both Ó Dónaill’s and Dinneen’s dictionaries.
Éigipt (an Éigipt): Egypt.
Eipiphaní (an tEipiphaní): the Epiphany, the manifestation of Christ to the Gentiles when the three kings came to worship him. The CO has Eipeafáine.
eiriceach: “heretic”. PUL here uses the form that has been adopted in the CO. In his translation of the gospels he uses eiriceadaí.
Fairisíneach: “Pharisee”, a member of a religious group in first-century Palestine. Note that both Fairisínigh and Fairisíneacha are found in the plural here; the CO has Fairisínigh.
fiain: “wild”. As the pronunciation is /fʹianʹ/, there seems no reason for the CO spelling, fiáin.
fiannaíocht: “nonsense”, a turn originally derived from the Fenian myths.
fionnarua: “light-red, sandy”, of hair colour. This was fionn-ruadh in the original, but I believe there pronunciation is with an additional vowel. More research required here.
foghail: “plundering, pillaging”. Lucht foghla, “marauders, highwaymen”.
folt: “a head of hair”, pronounced /fohl/.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
freagraim: “to answer”. While the verbal noun is normally freagairt, there is an example here of freagradh being used as the verbal noun of this verb.
gaire: “nearness, proximity”, pronounced /girʹi/.
Gaspar: Caspar, the legendary name of the one of the three wise men who worshipped the baby Jesus. He is normally represented as an Indian king or a Persian scholar.
gheibhim, fáil: “to get, find”. This is the absolute form of the verb faighim; the distinction is not observed in the Standard, which has faighim alone. The past participle used here is fachta (fálta, /fɑ:lhə/, is used elsewhere in Críost Mac Dé), corresponding to faighte in the Standard.
gléineach: “clear, lucid”.
gráinniúil: “abhorrent”, or gráiniúl in the CO. Pronounced /grɑ:’ŋʹu:lʹ/.
iarracht: “attempt”, but also “a bit, a touch, a certain amount of something”.
Iehóbha: Jehovah or Yahweh, the name of the Hebrew god.
Ieremias: the prophet Jeremiah.
Iodáil (an Iodáil): Italy.
íodal: “idol”, or íol in the CO. The traditional spelling was íodhal, but it seems PUL has an d in this word.
íonaím, íonú: “to purify”. An tÍonú, the Purification, when Mary took Jesus to the Temple for the ritual purification 40 days after childbirth. Also known as the Presentation of Jesus.
Lá Fhéile Muire na gcoinneal sa teampall: Candlemas, also known as the Purification of the Blessed Virgin and the Presentation of Christ in the Temple, celebrated on February 2nd, the 40 days after Christmas.
laighead: “smallness”, or laghad in the CO, pronounced /li:d/ in WM Irish.
láthair: “spot, location”. De láthair, “before, in the presence of”.
léimreach: “jumping”, or léimneach in the CO. Pronounced /lʹe:mʹirʹəx/. “Jumping” can also be léim. Léimreach is a feminine verbal noun that is declined in the dative as ag léimrigh.
leisce: “laziness”.
leómhaim, leómhadh: “to dare”.
león: “lion”. León buí, “lion”. León breac, “cheetah/leopard”.
lobhaim, lobhadh: “to putrefy, decompose”, with lofa as the past participle.
lógóireacht: “act of wailing, bewailing”.
lúbarnach: “twisting, writhing, wriggling”. Note that as a feminine verbal noun in -ach this becomes ag lúbarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
Máigí: Magi, a Persian word for astrologers or wizards, used to refer to the Three Kings who worshipped Christ during the Epiphany.
Maitiú: St. Matthew the Evangelist.
Marcion: a second-century bishop who was excommunicated for heresy. He believed that the incarnation of Christ was only an imitation of a human body, and thus rejected the full humanity of Christ.
Mardochai: Mardochai, the name of a Jew who rose to prominence in the Persian royal court, as related in the book of Esther.
Melchior: Melchior, the legendary name of the one of the three wise men who worshipped the baby Jesus. He is normally represented as a Persian king or a Babylonian scholar.
Messiah (an Messiah): the Messiah, the anointed one or Christ. The CO has Meisias, but PUL regularly eschews made-up gaelicised forms of non-Irish words.
mírialta: “unruly, disorderly”.
mirr: “myrrh”, or miorr in the CO.
mórsheisear: “seven people”, pronounced /muəriʃər/. Feminine here, although Amhlaoibh Ó Loingsigh had a masculine mórsheisear. Mórsheisear is masculine in PUL’s Aesop a Tháinig go hÉirinn.
muíntearthas: “friendliness”, or muintearas in the CO.
naíon: “infant”. Ár na naíon, “the slaughter of the innocents”. Dinneen has both naoidhean and naoidhe in the nominative singular; the CO has naí. Naíon in the genitive plural here points to a nominative singular naíon, but I haven’t found this word in the singular in PUL’s works.
Nasarénach: Nazarene, a resident of Nazareth.
neamhshuimiúil: this either means “uninterested, indifferent” or “insignificant”. I am unsure which is meant in reference to Herod Antipas here.
Osee: the prophet Hosea.
óstaíocht: “lodging, lodgings, accommodation for travellers”.
Pádraig: St. Patrick.
peictiúir: “picture”, or pictiúr in the CO.
peoca: “whether”, from pé acu, or pé’cu. Pronounced /pʹukə/. Often followed by a relative clause.
Persach: “Persian”, or Peirseach in the CO.
Phanuél: Phanuel, father of the prophetess Anna.
ráiníonn: a defective verb usually found in impersonal usage. The original verb means “to reach”, but the impersonal usage means “to happen to be”. Do ráiníodh Iúdach a bheith ana-chómhachtach, “a Jew would often happen to be in a powerful position”.
Rama: Ramah, a city 20 miles from Bethlehem, on the site of the modern Al-Ram.
réalt: “star”, or réalta in the CO; réilte in the genitive. This is the base form from which the diminutive réilthín is formed.
réilthín: “star”, or réalta in the CO. This diminutive form is the normal form of the word in WM Irish. The lenited t is preserved here as showing the pronunciation. It is worth noting that réilthín is feminine here, but masculine in Ó Dónaill’s dictionary, as it is in Dinneen’s. PUL seems to determine the gender of diminutives in accordance with the gender of the base nouns they are formed from.
Rhinocolúra: Rhinocorura or Rhinocolura, a region or towns mentioned in ancient writings lying between Israel and ancient Egypt.
riaraim, riaradh: “to arrange; distribute, allocate; administer”, along with many other meanings; riariam, riar in the CO. Mo phobal Israél do riaradh, “to rule my people Israel”.
Samaría: Samaria, the capital of the kingdom of Israel after the Jewish people were divided into two kingdoms (Israel in the north and Judah in the south) from the ninth century BC. The northern kingdom was overrun by Assyria in 722 BC, leading to the deportation of many of the inhabitants of Samaria and other parts of Israel in captivity to Babylon.
samhlú aigne: “imagination”.
sanctuárium: “the sanctuary of the Hebrew temple”. Here PUL uses the Latin word; sanctóir would be found in the CO. The síneadh fada is supplied from the usage in PUL’s translation of the gospels.
sceach: “bramble-bush”.
seanathaithí: “old habit”, or perhaps better translated “great familiarity” here.
seanóir: “elder”.
Símeón: Simeon, a devout man who blessed Jesus in the Temple, as related in Luke 2.
síoda: “silk”.
spriocaim, spriocadh: the verb spriocaim exists in the CO only in the meaning “fix, arrange”, but PUL uses this verb to mean “inspire”, a meaning that is covered by spreagaim in the CO. PUL also uses spreagaim in this meaning too, so the relationship between these forms is complex.
sról: “satin”.
súlach: “sap, juice”.
tabharthas: “gift”, or tabhartas in the CO. The plural here is tabharthaistí, where the CO has tabhartais.
tagraím, tagairt: “to refer to”, with do.
taibhreamh: “dream”, pronounced /təirʹəv/.
taispeáint roim ré: “foreshadowing”, i.e. the interpretation that holds that events in the Old Testament were an allegorical enactment in advance foreshadowing events in the New Testament.
teinn: “sore”, or tinn in the CO. Pronounced /tʹəiŋʹ/. Rud ab eól dóibh go teinn, “something they sorely knew (something they knew only too well)”, shows that the meaning of “sore” is, just as in English, broader than merely a bodily pain.
Tertullian: Quintus Septimius Florens Tertullianus (ca. 160-ca. 225), a Christian apologist raised in Roman Carthage who railed against Marcion’s heresy in his Adversus Marcionem.
tnúthaim, tnúth: “to envy”. Ag tnúth le rud, “to yearn for something, earnestly hope for it”.
treabhchas: “tribe”. The plural treabhchasaí is used here. The CO plural is treabhchais. Treabhchaisí was the plural used by Amhlaoibh Ó Loingsigh.
treasna: “across” or trasna in the CO. Pronounced /trʹasnə/.
troscadh: “fasting”.
trúig: “cause, occasion”. Trúig díthe, “something that causes loss or ruin”.
tuarascbháil: “account, report”, or tuarascáil in the CO.
túirligim, túirleacan: “to descend”, or tuirlingím, tuirlingt in the CO. Note the c in the future and conditional: e.g. túirliceóidh, where the CO has tuirlingeoidh. I have not found this verb in the present tense—it may be túirligím or túirlicím—but the past-tense form thúirlicíodar here places the verb in the second conjugation. More research required here.
úr: “your (pl)”, or bhur in the CO.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s