Category Archives: An Soisgéal do réir Mhaitiú

Maitiú 28

CAIBIDIOL 28. Aiseiríghe Chríost an gnó a thug sé le déanamh d’á dheisgiobulaibh. Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h-uagha. Agus … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 27

CAIBIDIOL 27. Tuairisg páise Chríost ar leanmhaint. A bhás agus a adhlacadh. Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é. Agus … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 26

CAIBIDIOL 26. Na h-Iúdaigh ag déanamh ceilge i n-aghaidh Chríost. Máire ’ghá ungadh. Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An ghuidhe sa gháirdín. Gabháil ár dTighearna. An cor do tugadh air i dtigh Caiphas. Agus do thárla, nuair a chríochnuigh Íosa … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 25

CAIBIDIOL 25. Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant agus tuairisg ar an mbreitheamhanas déanach. Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deichniúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile. Agus … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 24

CAIBIDIOL 24. An íde a bhí le teacht ar an dteampul; agus na cómharthaí a bhí le teacht roimis; agus roime lá an bhreitheamhantais. Ní foláir dúinn bheith ag faire i gcómhnuighe. Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 23

CAIBIDIOL 23. Do chómhairligh Críost deagh-theagasg na Sgríbhneóirí agus na bhFarisíneach do ghlacadh agus a ndroch-shampla do sheachnadh. Fógrann sé ar a dheisgiobulaibh gan aithris do dhéanamh ar a n-uaillmhian. A lán mairgí aige d’á bhagairt ortha mar gheall ar … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 22

CAIBIDIOL 22. Parabal na bainise. D’órduigh Críost cáin do dhíol le Caesar. Do chlaoidh sé na Sadducínigh. Do thaisbeáin se cad í an chéad aithne sa dlígh. Do chuir sé measgán mearaídhe ar na Fairisíneachaibh. Agus d’fhreagair Íosa agus do … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 21

CAIBIDIOL 21. Críost ag dul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin an asail. An lucht ceannaídheachta agus díoluígheachta dá ndíbirt amach as an dteampal aige. An mhallacht aige dá chur ar an gcrann fíge. Cuireann sé fhéachaint ar na sagairt … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 20

CAIBIDIOL 20. Parabal an lucht oibre sa bhfíonghort. Árd-aidhm chlainne Sebedé. A radharc á thabhairt ag Criost do bheirt dall. Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment

Maitiú 19

CAIBIDIOL 19. Críost ghá dheimhniú go bhfuil an pósadh do-sgaoilte: agus ghá chómhairliú dhúinn sgaramhaint le gach nídh ar a shon féin. An contabhairt a leanann saidhbhreas a thaisbeáint aige, agus an tuarastal atá as gach nídh do thréigean ar … Continue reading

Posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú | Leave a comment