Lúcián 30

XXX. Zeús agus Hermés agus Mómos.

Cúirt na nDéithe

Duine de sna déithibh ab ea Mómos agus b’é “Conán Maol” na ndéithe é. Chonaic sé go mbíodh na seanadhéithe ag cnáimhseáil agus ag gearán eatarthu féin mar gheall ar na déithibh óga ’ bheith dá leogaint isteach eatarthu agus ag teacht chun búird in éineacht leó. Thug Mómos fé ndeara an chogarnach agus an chnáimhseáil. Bhí cúirt na ndéithe ar siúl agus do labhair Mómos os cómhair na cúirte. Bhí, mar ba chóir, Zeús, rí na ndéithe, ar an mbínse thuas. Do labhair sé ar dtúis:-

Zeús. Cuiridh uaibh an chnáimhseáil feasta, a dhéithe, agus an chogarnach, agus an gearán a bhíonn agaibh á dhéanamh mar gheall ar na déithibh nua so a bhíonn ag teacht agus ag suí chun búird ’núr gcuíbhreann agus nách fiú iad é. Do glaodh an chúirt seo chun nithe den tsórd san do shocrú. Dá bhrí sin, éinne go bhfuil rud le rá aige labhradh sé amach agus deineadh sé a ghearán. Agus deinse, a Herméis, gnó na cúirte d’fhógairt de réir na dlí.

Herm. Éistídh! Bídh ciúin! Cé hé an dia, de sna déithibh beachta ’narb é a gceart é, gur maith leis cainnt do dhéanamh sa chúirt? Ar choigríochaibh iasachta atá an chainnt le déanamh.

Móm. Ba mhaith liomsa cainnt a dhéanamh, a rí, i gcead duitse.

Zeús. Tá cead cheana agat ón bhfógra. Níl gá le cead agat uaimse.

Móm. Tá go maith. Tá so le rá agam. Deineann cuid againn gníomhartha gránna. Nuair a deintear déithe de chuid againn ní bhímíd sásta. Ní foláir leis an saghas san againn go ndéanfí déithe dá lucht friothálmha, leis, agus dá seirbhíseachaibh, agus go dtabharfí anso aníos ’nár measc iad agus go mbeidís ’na ndéithibh ar aon dul linne. Leog dom, a Iúpiteir, mo chainnt a dhéanamh gan chosc, de réir mo thoile féin, mar ní fhéadfainn cainnt a dhéanamh in aon chor mara bhfaighinn cead mo theangan. Is eól do gach éinne an teanga ’ bheith go héasca agam agus nách féidir liom í ’ chimeád socair nuair a chím an tuathal á dhéanamh. Ní spárálaim aon rud. Labhraim an rud is dó’ liom is ceart, gan eagla, gan scáth, gan aon rud a chimeád siar. Dá bhrí sin bítear i bhfeirg liom go minic agus curtar tromaíocht im leith agus tionnsclóireacht phoiblí. Ach ó is dleathach é, agus ó do fógradh é, agus ó tá do cheadsa agam, a Iúpiteir, chun labhartha ós árd, déanfad mo chainnt gan easnamh ’ fhágáilt uirthi. Tá a lán agus ní leór leó gur deineadh iad féin páirteach ’nár gcómhthionólaibh agus ’nár bhféastaíbh, bíodh ná fuil iontu ach leathdhéithe, gan a seirbhíseacha agus a lucht cómhóil do thabhairt leó aníos anso ar neamh agus a n-ainmneacha do chur sa leabhar i ganfhios. I dtreó go bhfuilid siad anois ar aon dul linn féin ins gach ceart agus in sna n-íbirtibh, agus gan an cháin allúrachais díolta acu.

Zeús. Ná habair aon rud i bhfoclaibh dorcha, a Mhómois, abair gach aon rud go soiléir solasmhar agus innis gach ainm. An chainnt sin agat á rá anois tá sí dá caitheamh amach agat de réir buille fé thuairim. Níl bac orainn í ’ ghreamú ar a lán, agus brí fé leith a bhaint aisti fé mar a dh’oiriúnfaidh sí duine fé leith. Tá an chainnt saoráideach agatsa agus ní healaí dhuit gan í ’ dhéanamh cruínn, iomlán.

Móm. Is maith é sin, a Iúpiteir. Taoi ’om spriocadh chun sriain a thabhairt dom theangain. Is ríoga uait sin, agus is ceart, agus is fial. Dá bhrí sin déarfad an ainm. Sin é an preabaire sin Díonusios go bhfuil a leath ’na dhuine, agus nách Gréagach féin é, óna mháthair. Níl ann ach mac iníne do Shurophoíneach éigin thar farraige. Do dlíodh an domharaitheacht do. Ní deirim cad é an saghas é féin. Ní thráchtaim ar a chaipín, ná ar a mheisceóireacht, ná ar an gcuma ’na siúlann sé. Measaim gur léir díbh uile cad é a bhuige agus a bhaineanda atá sé de réir nádúra, agus conas mar a bhíonn sé leathchraiceálta gach aon mhaidean, agus balaith fíona go láidir uaidh. Ní hé sin féin ach tá a chuallacht go léir tabhartha chúinn aníos anso aige; agus tá a aos ceóil aige á thabhairt leis; agus tá déithe déanta aige de Phan agus de Shilénus agus de sna Saturibh, cábóga tuatha agus aeirí gabhar, an chuid is mó acu; lucht léimrí; agus iad míchúmtha; adharca ar dhuine acu, agus é ’na ghabhar ón dá chromán síos, agus meigeall mór fada air, i dtreó gur beag ná gur cuma é nú pocán. Agus an duine eile acu, an Lúdach so anso, é ’na sheanduine mhaol agus caíncín leathan air, agus é ar muin asail formhór a shaeil. I dtaobh na Satur, féach na cluasa bioraithe atá orthu agus na hadhaircíní beaga mar ’ bheadh ar mheannán gabhair, agus iad maol, leis, ós Phrúgacha iad. Agus féach, tá eireaball thiar ar gach éinne acu! Sin iad na déithe atá tabhartha ag an mbioránach so dhúinn. An aon iúnadh gan urraim a bheith ag na daoine dhúinn nuair a chíd siad déithe chómh háiféiseach chómh míchúmtha! Ní hé sin féin ach do thug sé leis aníos, mar aon leó, beirt bhan, Áríádné, a leannán féin, bean acu, agus iníon an fheirmeóra Icarios an bhean eile; agus chuir sé caidhp Áríádné i measc na réilteann. Agus mar bharra ar gach áiféis, a dhéithe, thug sé chúinn aníos anso an gadhar, measán Erígoné, le heagla go mbeadh uaigneas ar an gcailín mara mbeadh a measán ar neamh aici, bhí a leithéid sin de chion aici air. Nách dó’ libh, a dhéithe, gur náire agus aithis agus cúis fonóide nithe den tsórd san? Ach fanaidh go n-airidh sibh i dtaobh tuilleadh acu.

Zeús. Chím an fuadar atá fút, a Mhómois. Seachain agus ná habair aon rud i dtaobh Asclépiois ná i dtaobh Heracléis. Leighseann Asclépios daoine ó ghalaraibh, agus dá bhrí sin tá sé chómh maith lena lán eile déithe; agus i dtaobh Heracléis, is mac dom féin é agus do thuíll sé an domharaitheacht lena mhórghníomharthaibh. Scaoil an bheirt sin thart agus ná cuir aon ní ’na leith.

Móm. Tá go maith, a Iúpiteir. Scaoilfead leó ar do shonsa bíodh go bhféadfainn a lán do rá leó. Gan aon ní eile do bhac tá rian na tine orthu fós. Agus go deimhin dá mbeadh cead cainnte againn d’fhéadfaimís a lán do chur id leith féin, a rí.

Zeús. Tá san dleathach go leór. Abair do rogha rud im choinnibh féin. An fánaíocht atá agat le cur im leith?

Móm. Sin é an rud adeirtear thíos i gCrété. Ach deirtear rud eile, leis, id thaobh ann. Ní chreidim é, áfach. Taispeántar do thuama ann! Agus ní chreidim an rud adeir na Gréagaigh Aigeiacha adeir ná fuil ionat ach malartán! Déarfad an méid seo, áfach, mar, dar liom, is cóir thu ’ dhaoradh mar gheall air. Is amhlaidh mar atá sé, a Iúpiteir, is iad do dhrochghníomarthasa fé ndeár ár gcomhthionóil a bheith lán mar atáid siad de chlaínn thabhartha, toisc tu ’ bheith páirteach le mnáibh daonna, ag dul síos ag triall orthu i riochtaibh iolartha, in iolthráthaibh, i dtreó go mbíodh scannradh orainn le heagla go mbéarfí ort agus tu id tharbh agus go ndéanfí thu ’ dh’íbirt; nú go mbéarfí ort agus tu id chith óir agus go ndéanfadh gabha geal éigin tu ’ dh’oibriú i t’órnáidíbh óir, agus in inead tu ’ bheith id Iúpiter againn gur id shlabhra muiníl a bheifá, nú id phráisléad, nú id fháinne cluaise. Ach pé’r domhan é tá an áit seo líonta agat de leathdhéithibh. Agus go deimhin féin is ait an scéal acu é. Aireófar lá éigin gur deineadh dia de Heraclés, agus ansan, go bhfuair Éuristéus bás, duine a bhí ní b’aoirde ná Heraclés! Ach chífar in aice ’ chéile tuama Éuristéuis an máistir, agus teampall Heracléis, an seirbhíseach! Agus sin é Díonusios, thíos i dTébés, ’na dhia, agus a ghaolta, Pentéus, Actéon, agus Léarchos, gan in éinne acu ach daonnaí bocht gan áird! Is tusa, a Iúpiteir, fé ndeár an t-olc go léir, mar nuair a dh’imís-se i ndiaidh na mban daonna dhein na déithe eile go léir aithris ort. Ní hiad na déithe fireanna amháin a dhein aithris ort ach, ní is rónáireach le hadmháil, do ghluais na déithe baineanna, leis, agus dheineadar a n-aimhleas. Féach Anchísés, agus Titónos, agus Endimíon, agus Iasón, agus an chuid eile acu. Ach ní déarfad a thuilleadh leó san. Bheadh obair rófhada agam dhá ndaoradh go léir.

Zeús. Scaoil thart Ganimédés, a Mhómois, beidh fearg orm chút má chuireann tú buaireamh ar an macaomh, ag lochtú a mhuíntire.

Móm. Is dócha go gcaithfead an fiolar do scaoileadh thorm, leis, agus gan a rá go bhfuil sé ar neamh againn. Tá sé ansan in áirde ar do shlait ríoga agat, agus nead déanta aige dho féin thuas id cheann, dhá chur ’na luí orainn go bhfuil sé ’na dhia. Ach is dócha go gcaithfar scaoileadh leis ar son Ghanimédéis. Ach Attis ansúd, a Iúpiteir, agus Corúbas, agus Sabásios, cad a thug anso isteach chúinn iad? Nú Mítrés sin an Médach, é sin go bhfuil an gúna gairid air agus an tíára. Ní Gréagach é. Dá n-óladh duine a shláinte ní thuigfeadh sé an chainnt. Chonaic na Scútaigh agus na Getaigh cad é an saghas iad so agus d’fhágadar slán go deó againne agus táid siad ag déanamh déithe dhóibh féin anois, fé mar is áil leó. Toghaid siad na déithe a thaithneann leó, díreach mar a thit amach i dtaobh Samolcsis seo gur shleamhnaigh a ainm isteach sa leabhar i ganfhios dúinn ar chuma éigin, agus ó bheith ’na dhaor go bhfuil sé ’na dhia againn!

Ach ní fiú biorán na nithe seo go léir, a dhéithe, seochas an dia seo ón Éigipt ’na bhfuil ceann an mhadra air. Cé hé thusa led thoil? Tá ceann madra ort agus éadach lín umat. Conas a thuillis-se dia ’ dhéanamh díot chun bheith anso ag amhastraigh orainn? Agus cad a thug anso an tarbh breac so ó Mhemphis nú cad chuige go n-adharfí é? An ndeineann sé targaireacht? An bhfuil fáidhí aige? Ach is nár liom trácht ar na híbisibh, agus ar na hápaibh agus ar na gabhraibh, agus ar na rudaíbh áiféiseacha eile seo. Ní fheadar ’en domhan cad a chomáin aníos anso ar neamh iad ón Éigipt! Conas a dh’fhuiligeann sibhse, a dhéithe, iad san do bheith dá n-adhradh mar aon libh? Ní headh ach dá n-adhradh os úr gcionn? Nú conas a dh’fhuiligis-se féin, a Iúpiteir, iad do theacht ort agus dhá adhairc reithe do chur ort?

Zeús. Gan amhras, a Mhómois, is rudaí náireacha na rudaí sin adeirir i dtaobh na nÉigipteach, ach mar sin féin tá brí diamhar lena lán acu agus ní cuí bheith ag déanamh magaidh fúthu gan aithne ’ bheith curtha orthu.

Móm. Is fíor go bhfuil gá mór againn le heólas agus le haithne chun a dh’fheiscint gur dia dia agus gur ceann madra ceann madra.

Zeús. Cuir uait adeirim leat. Ná labhair mar sin ar na hÉigipteachaibh. Déanfaimíd cómhairle ’na dtaobh uair éigin eile ar ár suaimhneas. Labhair ar an gcuid eile.

Móm. Ar Throphónios más ea, a Iúpiteir, agus ar Amphilochos, ós é is mó a chuireann buaireamh orm; mac an chuirpigh úd a mhairbh a mháthair, tá sé anois ag fáidheadóireacht i gCilícia, an duine macánta. Ag ínsint éithigh formhór na haimsire agus ag bualadh bobanna ar dhaoine ar dhá obolos. Níl cáil ortsa feasta, a Apollóin. Níl cloch ná altóir anois, ar a gcurtar íle, agus bláthanna, ná tugann targaireacht dúinn ach cleasaí éigin do chur ’na bhun, agus tá an dúthaigh lán díobh san. Sin í an íomhá sin Pholudámuis, an t-iomrascálaí, tá sí ag leigheas lucht éagruais in Oluimpia agus tá an rud céanna dá dhéanamh ag íomhá Théagenéis i dTásos. Agus deinid muíntir Ilioin íbirt chun Hectoir, agus chun Prótesilais, ar an dtaobh thall, sa Chersonéis.

Ach ó chuamair i líonmhaire tá mionna éithigh agus réabadh reilige tar éis dul i méid. Níl aon mheas orainn ná aon eagla ag daoine rómhainn in aon chor, ní nách iúnadh.

Sin iad anois na nithe a bhí agam le rá i dtaobh na mbastartaí seo atá againn, agus i dtaobh na muíntire ’nar cuireadh a n-ainmneacha sa leabhar i ganfhios. Ach táim ag éisteacht lena lán ainmneacha éagsamhlacha, ainmneacha atá ar nithibh ná fuil ar bith in aon chor agus nách féidir a bheith, agus ní féidir liom gan gáire ’ dhéanamh úmpu, a Iúpiteir. Cé hí, cuir i gcás, an Areté seo ’na ndeintear an fothram go léir mar gheall uirthi? Nú cé hí Fúsis? Nú cé hí an chiniúint Eimarmené? Nú cé hí Fortúna? Níl iontu ach ainmneacha folmha ar nithibh gan ghus, ainmneacha a cheap na héigse breallánta so againn is ea iad. Agus bíodh ná fuil iontu ach ainmneacha folmha táid na héigse á dh’áiteamh ar dhaoine gan chiall gur déithe iad i dtreó nách mian le héinne aon íbirt a dhéanamh chúinne, mar go dtuigeann gach éinne dá n-íbreadh sé deich míle heicatom ná beadh aon mhaith dho ann mar go gcómhlíonfaidh Fortúna an rud atá gealltha ó thosach ag an gCiniúint do gach duine, dar leis.

Fiafraím an méid seo dhíot, a Iúpiteir. An bhfeacaís féin riamh in aon áit éinne de sna déithibh sin, Areté, nú Fúsis, nú an chiniúint Eimarmené? Tá ’ fhios agam gur airís trácht orthu i scolaibh na n-éigse. Taíonn tú ana-bhodhar nú d’airís go minic na héigse sin ag búirthigh.

Ní foláir dom stad, bíodh go bhfuil a lán eile le rá agam. Chím go bhfuil fearg múiscilte agam lem chainnt. Airím siosarnach agus dranntú ón muíntir ná taithneann fírinne mo chainnte leó. Ní déarfad a thuilleadh ach led thoil, a Iúpiteir, léifead duit reacht atá scríofa agam ’na dtaobh.

Zeús. Léigh do reacht, a Mhómois. Ní gan fáth atá na gearánta so go léir déanta agat. Ní mór cosc do chur leis na holcaibh seo i dtreó ná raighidís i méid.

An Reacht

Go n-eirídh linn go geal!

Do cruinníodh an chómhairle de réir dlí, an seachtú lá den mhí; Iúpiter i gceannas; Poseídón ag stiúrú; Apollón ag faire; Mómos mac Núics ’na chléireach; agus do thairiscin Somnus an Reacht.

De bhrí go bhfuil slua iasachta, idir Ghréagachaibh agus allúraigh, nách fiú iad in aon chor go leogfí dhóibh bheith ar ár measc i gcómháitreabhacht linn agus gur cuireadh a n-ainmneacha sa leabhar i ganfhios, mar dhea gur dhéithe iad, i dtreó go bhfuil neamh lán díobh, agus go mbíonn seómra an óil ’na chíréip acu agus gleó cainnte acu agus teanga fé leith i mbéal gach éinne den tsloigisc; agus de bhrí go bhfuil ag dul dár gcuid ambrósia agus dár gcuid nectair mar gheall ar an sloigisc sin a bheith dhá n-ól orainn, agus go mbíd siad ag guailleáil na bhfíor ndéithe i leataoibh, a d’iarraidh go mbeadh tosach onóra acu féin, ní nách dleathach: Uime sin gurb é toil na cómhairle seo agus toil an phobail, go gcruinneófí cómhthionól ar mhullach Oluimpois, sa gheímhreadh seo chúinn; ansan mórsheisear de sna seandéithibh do thoghadh ’na lucht scrúdtha, triúr as an seanaid críonna, seanaid Chronois, agus ceathrar as an dáréag, agus Iúpiter ar an gceathrar san. An mhórsheisear lucht scrúdtha san do shuí ar bhínse agus dearbhú ’ dhéanamh dar Stúcs, mar is gnáth. Ansan Hermés do dhul agus fógra do chur amach dhá rá le gach éinne a mheasann gurb é a cheart é, teacht chun an chómhthionóil. Iad do theacht agus fínnithe acu, fínnithe dearbhaithe, agus fromtha acu ar céra díobh iad. Ansan iad do theacht ’na nduine is ’na nduine agus an lucht scrúdtha do dhéanamh amach an déithe iad nú nách ea agus marab ea an lucht scrúdtha dhá gcur síos thar n-ais go huaghannaibh agus go leachtaibh a sínsear. Ansan, má beirtear ar éinne acu ag teacht aníos arís ar neamh, tar éis an lucht scrúdtha dhá ghearradh amach, é ’ chaitheamh i ndiaidh mhullaigh a chínn isteach i dTartaros.

Agus gurb é toil na cómhairle seo, leis, gach dia do dhéanamh a ghnótha féin, agus gan dul lasmu’ dhe; gan Aténé ’ bheith ag déanamh leigheas ná Asclépios ag fáidheadóireacht, ná oiread san oibreacha ’ bheith ar siúl ag Apollón in’ aonar, ach go socródh sé ar bheith in’ fháidh nú ’na chruitire nú ’na liag, agus fanúint amhlaidh sin. Agus go n-órdófí do sna héigsibh gan bheith ag ceapadh ainmneacha nua agus gan bheith ag déanamh cainnte ar nithibh ná fuil eólas acu orthu. Agus éinne acu súd ’na bhfuil teampall curtha suas do agus íbirt á dhéanamh in onóir do, a n-íomhátha do leagadh agus íomhá Iúpiteir, nú íomhá Héra nú íomhá Apollóin, nú íomhá éinne eile de sna déithibh, do chur suas in’ inead, agus leogaint dá gcathrachaibh tuama nú leacht do chur suas dóibh, in inead altóra. Ach éinne ná freagróidh an fhógairt agus nách gá leis teacht i láthair an lucht scrúdtha, gurab ionann san do agus daorbhreith. Sin é an reacht agaibh.

Zeús. Go hana-cheart, a Mhómois. Gach éinne a mholann leis árdaíodh sé a lámh —. Ní hea, áfach, ach fágtar mar atá sé é. Tá ’ fhios agam go bhfuil a lán anso ná hárdódh lámh mholta dho. Imídh anois, agus nuair a chuirfidh Hermés an fógra amach tagaidh agus tugadh gach éinne fromtha soiléire leis le feiscint, ainm a athar agus a mháthar, agus conas agus cad uime ’nar deineadh dia dhe, an té ná beidh na fromtha san aige is cuma don lucht scrúdtha ceocu atá teampall ar an dtalamh aige nú ná fuil, nú ceocu ’ mheasaid daoine gur dia é nú ná measaid.

adhaircín: “little horn”. Pronounced /əir’kʹi:nʹ/.
adharc: “horn”. Pronounced /əirk/. With adhairc in the dual.
aeire: “shepherd”, or aoire in GCh. Traditionally written aodhaire, the spelling change of the mid-twentieth century has produced a GCh spelling that yields an incorrect pronunciation for speakers of Munster Irish. Pronounced /e:rʹi/.
Aigeiach: “an inhabitant of Aegium/Aigion”, a region of Greece.
aithis: “disgrace”.
allúrachas: “foreignness, foreign nature”, a word not found in dictionaries. Cáin allúrachais is glossed in the early editions of Lúcián as “naturalisation tax, import duty”, essentially meaning in context a duty paid by a foreigner to take part in ceremonies on an equal basis.
altóir: “altar”, with altóra in the genitive here. PUL has altórach in the genitive in some of his works.
aos: “people of a profession”. Aos ceóil, “musicians”.
ápa: “ape”, with ápaibh in the dative plural. PUL normally has apa, with no síneadh fada.
baineanda: “effeminate nature”. This is essentially an adjective, but used as an abstract noun here. Pronounced /binʹəndə/.
baineann: “female”; pronounced /binʹən/.
bastart: “bastard”, with bastartaí in the plural. GCh has bastard, with bastaird in the plural.
bínse: “judicial bench”.
bob: “trick”, with bobanna in the plural. Bob a bhualadh ar dhuine, “to play a trick on someone”.
bórd: “table”, or bord in GCh; with búird in the genitive singular.
breallánta: “silly”.
buige: “softness”, or boige in GCh.
cábóg: “a rustic, a clodhopper”.
caidhp: “cap, bonnet”; pronounced /kəipʹ/.
caíncín: “snub nose, prominent nose”, pronounced /ki:ŋ’kʹi:nʹ/.
cé: “who?” Céra díobh é, “which family or place he came from”. This form includes the indirect relative form of the copula, ultimately derived from cé gura(b) or cé ar(b).
cion: “regard, affection”; pronounced /kʹun/.
círéip: “uproar, tumult”, or círéib in GCh. The original text had círéib, but it seems likely this reflects intervention of an editor.
cnáimhseáil: “grumbling, complaining”. Pronounced /knɑ:vʹ-‘ʃa:lʹ/.
coigríoch: “stranger”, or coigríochach in GCh. Pronounced /kogʹi’rʹi:x/.
cómháitreabhacht: “cohabitation”. Pronounced /ko:-ɑ:tʹirʹəvəxt/.
cómhól: “drinking in common, carousel”. Lucht cómhóil, “drinking buddies”. Pronounced /ko:-o:l/.
daorbhreith: “condemnation”.
dáréag/dháréag: “twelve (people)”, pronounced with a broad r, /dɑ:’riag/. The evidence, e.g. from the Irish of AÓL, is that an unlenited dáréag is usual in WM Irish
diamhar: “mysterious, mystic”, or diamhair in GCh. PUL regularly writes this adjective with a broad r, although IWM would point to a slender r.
dranntú: “growling, snarling”, or drantú in GCh. Pronounced /draun’tu:/.
éasca: “easy, free, fluent”, pronounced /e:skə/. PUL wrote in NIWU (p43) that éasga would be better spelt aosga.
Éigipteach: “Egyptian”.
fáidheadóireacht: “prophesying”; pronounced /fɑ:gʹədo:rʹəxt/.
feirmeóir: “farmer”, pronounced /fʹerʹi’mʹo:rʹ/.
fiolar: “eagle”, or iolar in GCh. Pronounced /fʹulər/.
fíordhia: “true god”. Note eclipsis of each element of the compound in the genitive plural here, na bhfíor ndéithe.
fireann: “male”.
folamh: “empty”, with folmha in the plural. Pronounced /foləv, fo’lu:/.
fromadh: “testing, trying, proving”, or promhadh in GCh. This is a rare word, edited by Gerald O’Nolan as fromhadh in the published edition of PUL’s Gospels, but nearly all of PUL’s other works we find fromadh. Fromhadh is a higher-quality form, but fromadh is retained here, as PUL may not have known the correct pronunciation. The plural found here is fromtha. Pronounced /fromə, froumhə/.
gearán: “complaint”; pronounced /gʹi’rɑ:n~grʹɑ:n/. With gearánta in the plural.
Getach: “Goth”.
guailleáil: “jostling”.
gus: “energy, force, vigour”. Gan ghus, “insubstantial, worthless”.
heicatom: “hecatomb”, i.e. a hundred oxen being sacrificed at a time. FGB has heiceatóm. PUL also has íbirtí céad here.
íbis: “ibis” (a type of bird).
iolartha: “manifold, varied, diverse”; pronounced /ulərhə/.
iolthráthanna: “various times, various occasionis”. In iolthráthaibh, “on various occasions”. Lenition is shown here, but the form may be better as ioltráthanna.
leathchraiceálta: “half-crazed”. Pronounced /lʹa-xri’kʹɑ:lhə/.
léimreach: “jumping”, or léimneach in GCh. Pronounced /lʹe:mʹirʹəx/. Léimreach is a continuous act of leaping or jumping, as opposed to léim, the ordinary noun meaning “leaping, jumping” and léimt, the verbal noun meaning “leaping, jumping”. Lucht léimrí, “people who leap and dance”.
líonmhaire: “abundance”. FGB prefers líonmhaireacht. Dul i líonmhaire, “to grow numerous”.
macaomh: “young person, youth”.
malartán: “changeling”.
meannán: “kid, young goat”, pronounced /mʹə’nɑ:n/.
measán: “lap-dog”.
méid: “amount”. Dul i méid, “to increase, grow in number”.
meigeall: “goat’s beard; goatee”.
meisceóireacht: “drunkenness”.
mórghníomh: “great deed”.
nádúr: “nature”, with nádúra in the genitive here, where GCh has nádúir. De réir nádúra, “naturally, by nature”.
nár: “ashamed”. Is nár liom é, “I am ashamed of it”.
oibrím, oibriú: “to work”, in the transitive sense of “to work gold” into jewellery. Pronounced /ebʹi’rʹi:mʹ, ebʹi’rʹu:/.
oiriúnaim, oiriúnadh: “to suit, fit”. This is usually in the first declension in PUL’s works. DBÓC and AÓL had oiriúnaím, oiriúnú, as does GCh.
ós árd: “openly, out loud, in public”. Gerald O’Nolan commented in his Studies in Modern Irish Part I that the preposition os is “mostly pronounced as, except in ós árd, ós íseal” (p171).
Phrúgach: “Phrygian”, a resident of Phyrgia in western Anatolia.
práisléad: “bracelet”, or bráisléad in GCh. Pronounced /prɑ:s’le:d/.
reilig: “churchyard”. Réabadh reilige, “sacrilege”.
Satur: “Satyr”, with Saturibh in the dative plural. The Satyrs were nature spirits with some horse-like characteristics that accompanied the god Dionysus.
scoil: “school”, with the older dative plural scolaibh here.
seanadhia/seandia: “old god”, used of the Greek gods objecting to new foreign gods joining them on Olympus. Forms both with and without lenition are found here; compare seanduine.
siosarnach: “an act of hissing”.
sloigisc: “riff-raff, rabble”.
socraím, socrú: “to settle, place”. Pronounced /sokə’ri:mʹ, sokə’ru:/. Socrú ar rud do dhéanamh, “to decide to do something, to determine to do it”.
spárálaim, spáráil: “to spare”, pronounced /spɑ:’rɑ:limʹ, spɑ:’rɑ:lʹ/. This is regularly spelt sparáil, etc, in the original original. It may be that the length of the pretonic vowel is less apparent than that of the vowel of the stressed syllable.
spriocaim, spriocadh: the verb spriocaim exists in GCh only in the meaning “to fix, arrange”, but PUL uses this verb to mean “inspire”, a meaning that is covered by spreagaim in GCh. In his works, PUL also uses spreagaim in this meaning too, so the relationship between these forms is complex. Duine ’ spriocadh chun ruda, “to spur, urge or inspire someone to do something”.
srian: “reins” (as on a horse). Srian a thabhairt dod theangain, “to give free rein to your tongue”.
Surophoíneach: “Syro-Phoenician”.
tabhartha: “illegitimate”. Pronounced /tourhə/ (as a verbal adjective this word is pronounced /tu:rhə/).
téim, dul: “to go”. Impersonally, dul de means “to run out”. The construction dul de was the subject of a letter by PUL published in The Freeman’s Journal on March 17th 1915, where he explained that Michael Sheehan in his Gabha na Coille had cited this construction as an example of “obscure and unintelligible construction” and inaccurately accounted for it. Despite Dr Sheehan’s views, PUL insisted the construction was good Irish.
tionnsclóireacht: “plotting, mischief-making”. Pronounced /tʹu:skəlo:rʹəxt/, as shown by the original spelling tiúscalóireacht.
tuairim: “opinion, notion”. Fé thuairim, “random, haphazard”, of a blow. Buille fé thuairim, “guesswork, conjecture”.
tuath: “countryside district”. The genitive, tuatha, has adjectival force, in the sense of “rural”, equivalent to tuaithe in GCh. Although tuatha and tuaithe would have the same pronunciation, tuatha is acceptable as a genitive in the declension pattern of this noun and so is retained.
tuathal: “error, blunder”.

This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

1 Response to Lúcián 30

  1. P O Floinn says:

    Dave, Tá an focal “allmhurach” le fáil ins an bhfoclóir ag Duinnin. Fan in ár dteannta, mar tá éacht déanta agat cheana féin go dti seo.

Leave a comment