Lúcián 21

XXI. Hermés agus Chárón

Herm. Tá an ceart sa méid sin agat, a Cháróin. Féachfad féin cad is ceart a dhéanamh agus déanfad amach áit chun radhairc. Ní fheadar a’ ndéanfadh an Chácasach an gnó, nú Parnassos, ó is é atá níos aoirde, nú Oluimpos, ós aoirde é ná ceachtar díobh. Agus go deimhin, ag féachaint ar Oluimpos dom anois tháinig ní nách baoth i gcuímhne dhom. Ach caithfirse cúnamh a thabhairt dom agus rud a dhéanamh orm.

Chár. Abair an focal. Déanfadsa rud ort chómh fada lem dhícheall.

Herm. Deir an file, Hómér, gur dhein clann Alóeuis an sliabh san Ossa do stracadh óna bhonnaibh agus do chur in áirde ar Oluimpos, agus ansan gur chuireadar Pélion in áirde ar Ossa, agus ansan go raibh, dar leó, dréimire acu chun dul suas ar neamh. Beirt acu a bhí ann agus ní raibh iontu ach beirt leanbh. Do cuireadh pionós ar an mbeirt sin, mar cuirpigh ab eadh iad. Ní mar sin do bheirt againne, níl ar ár n-aigne díobháil a dhéanamh do sna déithibh. Cad é an bac atá orainn, dá bhrí sin, roinnt de sna cnucaibh do chur ar muin a chéile ar an gcuma gcéanna agus árdán a dhéanamh dúinn féin ’na mbeidh radharc breá gléineach fada fairseag againn óna bharra.

Chár. Agus ní fheadar an bhféadfaimíd, a Herméis, agus gan ann ach beirt againn, Pélion nú Ossa do thógaint agus do chur in áirde ar chnuc éigin eile?

Herm. Cad ’na thaobh ná féadfaimís, a Cháróin? An amhlaidh is dó’ leat gur laige sinne ná an bheirt leanbh úd, agus sinn ’nár ndéithibh?

Chár. Ní hamhlaidh; ach féachann a leithéid de ghníomh deocair thar bárr im shúilibhse.

Herm. Féachann gan amhras, a Cháróin, mar duine gan tabhairt suas is ea thu agus níl aon fhéith filíochta ionat. Ach sin é Hómér, féach, an file uasal, le haon dá dhán amháin do chuir sé ar ár gcumas dul suas ar neamh, chuir sé na cnuic ar muin a chéile chómh tapaidh sin, le neart filíochta. Agus go deimhin is iúnadh liom tusa ag déanamh oiread suime den obair, agus aithne, gan amhras, agat ar Atlas ’na bhfuil an chruinne go léir ar a mhuin aige, agus go n-iomprann sé a bhfuil d’ualach ionainn go léir agus sa domhan go léir, agus é in’ aonar. B’fhéidir gur airís i dtaobh mo dhriothár, Heraclés, conas mar a thóg sé an t-ualach den Atlas céanna san. Chuir sé a dhá shlinneán féin fén ualach agus do bhog sé de ghuaillibh Atlais é ar feadh tamaill.

Chár. D’airíos trácht ar na nithibh sin, a Herméis, ach is agatsa agus ag na filíbh atá ’ fhios an fíor iad.

Herm. Is fírinne ghlan iad, a Cháróin. Nú cad a bhéarfadh go labharfadh daoine léannta éitheach Seo! Bogaimís suas Ossa ar dtúis, fé mar a thaispeánann an Gobán Saor úd, Hómér, dúinn conas é ’ dhéanamh sa dán úd:—

Curtar in áirde ar Ossa Pélion an duilliúir ar crothadh”.

Féach sin é an gnó déanta! Agus chómh tapaidh! Nách cómhachtach an rud an fhilíocht san! Raghad suas anois féachaint an ndéanfaidh an méid sin an gnó nú an gá dhúinn tuilleadh ’ chur in áirde. Ach aídhe! Nílimíd ach chómh fada suas le bun Oluimpois fós. Níl radharc againn soir ach ar éigin chómh fada le hIónia agus le Lúdia, agus níl radharc siar ach ar an Iodáil agus ar Shicilia. Níl radharc ó thuaidh ach ar na tíorthaibh atá ar an dtaobh abhus den Ister, agus ansan féin ní róshoiléir a chítear Crété. Caithfimíd Oité do thógáilt dá bonnaibh, a bhádóir, agus ansan Parnassos do chur in áirde orthu go léir.

Chár. Deinimís é sin. Ach tugaimís aire gan an obair a dhéanamh róchaol agus sinn ag dul chómh hárd ar fad léi, le heagla go dtitfimís féin agus an obair ar muin mairc a chéile agus go mbeadh Hómér ’na Ghobán Saor theinn againn nuair a bheadh ár bplaoisceanna briste.

Herm. Ná bíodh ceist ort. Raghaidh gach ní chun cínn go hálainn. Aistrigh Oité. Iompaigh i leith an Parnassos san. Sin é. Raghad suas arís. Tá go maith. Chím gach aon áit. Tarsa aníos.

Chár. Sín chúm do lámh, a Herméis. Ní ró-íseal an foirineamh é seo ’na bhfuilir ’om breith suas air. Tá an áit sin an-fhada suas.

Herm. Ní foláir leat gach ní a dh’fheiscint, a Cháróin. Ní féidir an dá dhúil sin a thabhairt dá chéile, .i. dúil i mbaol do sheachaint agus dúil i radharcaibh móra. Ach beir do ghreim ar mo láimh dheis-se agus ná cuir do chos in áit sleamhain. Sin é! Is maith é sin. Taoise in áirde, leis. Agus ó tá an dá bhínn ar Pharnassos so suímís ar bhínn acu an duine againn. Féach id thímpall anois agus tabhair fé ndeara gach aon rud.

Chár. Chím mórán tailimh agus mar a bheadh loch mór uisce ’na thímpall, agus cnuic, agus aibhní atá níos mó ná Cócutos agus ná Periphleigethon, agus daoine ana-bheaga, agus cuid dá dtalmhógaibh.

Herm. Cathracha iad san, a Charóin, ar a dtugann tú talmhóga.

Chár. Féach, a Herméis, níl aon rud déanta againn, agus is saothar in aistear dúinn na cnuic seo go léir do chur in áirde ar a chéile; Parnassos agus Castália agus Oité, agus an chuid eile acu.

Herm. Conas san?

Chár. Mar níl radharc glan agam ar aon rud ón áit árd so. Bhíos ar aigne, ní hamháin na cnuic agus na cathracha ’ dh’fheiscint, fé mar a chítear ar chairt iad, ach na daoine féin, leis, a dh’fheiscint, agus na nithe a bhíonn ar siúl acu, agus éisteacht lena gcainnt. Is cuímhin leat go rabhas ag gáirí nuair a bhuailis umam ó chiainibh agus gur fhiafraís díom cad a bhí ’om chur ag gáirí. Is amhlaidh a dh’airíos rud éigin a dhein sult mór dom.

Herm. Agus cad é an rud é, ’s dó’?

Chár. Duine a bhí ag fáil cuireadh chun dínnéir, i gcómhair an lae amáirigh is dó’ liom, ó dhuine mhuínteartha dho. “Raghad gan amhras”, ar seisean. An fhaid a bhí an focal ag teacht as a bhéal do thit slínn de bhuaic an tí, pé rud a bhog í, agus mhairbh sí é. Níor fhéadas-sa gan gáire ’ dhéanamh i dtaobh na geallúna úd—ná cómhlíonfí. Is dó’ liom go gcaithfead dul síos i dtreó go bhféadfad nithe ’ dh’fheiscint agus do chloisint níos feárr.

Herm. Fan mar atá agat. Leighisfeadsa an méid sin, leis, duit agus tabharfad radharc géar go maith dhuit láithreach le deismireacht bheag eile a Hómér. An fhaid a bheidh mé ag rá na bhfocal ceapse i t’aigne gan bheith caochshúileach a thuilleadh.

Chár. ’Sea, comáin leat.

Herm. “An smúit seo ar do shúilibh glantar díobh é.

Go n-aithnír ó chéile déithe is daoine”.

Sea! Conas ’tá an scéal agat? An bhfeiceann tú nithe anois?

Chár. Go hiúntach! Dall ab ea an Luncéach úd seochas me. ’Sea anois, freagairse ceisteanna dhómhsa agus teagaisc me ar an gcuma san. Nú b’fhéidir gur mhaith leat go gcuirfinn na ceisteanna chút a Hómér. Ní gan eólas ar dhántaibh Hóméir atáimse, bíodh ’ fhios agat é.

Herm. Airiú cá bhfaighfása eólas ar Hómér ná ar a dhántaibh, agus ná rabhais riamh ach ag gabháil do bhád agus do bhataíbh rámha!

Chár. Féach anois, sin masla agat á thabhairt dom chéird! Nuair a bhíos á bhreith anonn tar uisce bhí cuid dá fhilíocht aige dá ghabháil agus is cuímhin liom fós na dánta a ghoibh sé. Tháinig stoirm orainn mar gheall orthu. Bhí dán aige á ghabháil ná raibh rórafar do lucht taistil farraige. Conas mar a bhailigh Neptún na scamaill agus mar a ghríos sé an fharraige agus mar a sháigh sé síos inti a shleagh trí mbeann, mar a sáfí bata leitean, ag suathadh an uisce agus ag cur stoirmeacha ar siúl, agus ag déanamh a lán eile toirmisc; go dtí gur dhúisigh na dánta stoirm ’nár dtímpall féin agus go dtáinig doircheacht ’nár dtímpall, i dtreó gur dhóbair go n-iompaítí an bád orainn. Ansan do tháinig breóiteacht farraige air féin agus do tháinig na húirlicí chómh dian san air gur steall sé amach uathás den fhilíocht. Níor stad sé go dtí gur aisig sé amach chúinn Sculla agus Caribdis agus an Cúclóps féin.

Herm. Níor dheocair beagán do phiocadh a haiseag chómh mór san.

Chár. Innis dom, más ea:—

Cé hé an fear cumasach oscartha buacach árd

Ná téann cách uile ach go bunaibh a mhórshlinneán?”

Herm. Míló, an t-iomrascálaí, é sin. Táid na Gréagaigh á mholadh mar tógann sé tarbh ar a bhaclainn agus beireann sé leis é treasna na páirce.

Chár. Agus nách mó go mór ba cheart dóibh mise do mholadh, a Herméis, nuair a thógfad, i gceann tamaill bhig eile, an Míló céanna san agus chuirfead isteach sa bhád é nuair a bheidh sé ar lár ag an mbás, an t-iomrascálaí mór, a thabharfaidh do an cor coise nách eól dó? Ansan beidh sé againn agus gach aon ghlam aige, ag gol i ndiaidh na gcoróinní sin agus i ndiaidh an mholta go léir sin. Tá móráil air anois toisc daoine ’ bheith dhá mholadh mar gheall ar an dtarbh a bhreith leis. Ní fheadar an bhfuil ’ fhios aige go gcaithfidh sé bás d’fháil, chómh maith le cách, uair éigin?

Herm. Dhe conas ’ fhéadfadh sé sin cuímhneamh ar an mbás agus é chómh láidir?

Chár. Scaoilimís leis. Déanfaidh sé sult dúinn lá éigin, agus ní fada go dtí é, nuair a bheidh sé ar an mbád againn agus gan é ábalta ar chorrmhíol do thógaint suas, ní áirím tarbh. Ach innis an méid seo dhom. Cé hé an fear eile úd, an fear stuama úd? Ón’ éadach ní mheasaim gur Gréagach é.

Herm. Cúros é sin, a Cháróin, mac Chambúséis. An fear a thug do sna Persachaibh an ímpireacht san a bhí roimis seo ag na Médachaibh. Níl i bhfad ó bhuaigh sé ar na hAssuriachaibh agus thóg sé Baibilón. Tá sé anois ag cuímhneamh, is dó’ liom, ar shlógadh ’ dhéanamh in aghaidh Lúdia, chun buachtaint ar Chroésos agus an saol go léir do thabhairt féna smacht féin.

Chár. Agus ca bhfuil an Croésos san anois?

Herm. Féach anonn, isteach sa dún úd thall, an dún ’na bhfuil na trí múrtha ’na thímpall. Sin é Sardis. Agus a’ bhfeiceann tú Croésos féin agus é sínte ar tholg óir agus é ag cainnt le Sólón an t- nDeilphiachAtéineach? Ar mhaith leat go n-aireóimís cad ’tá acu á rá?

Chár. Ba rómhaith.

(Croés. A Atéinigh a chara, is léir duitse méid mo stóir agus mo shaibhris, méid an óir atá agam ‘na bhlocaibh, agus méid an ollmhaithis atá agam. Innis dom cé hé an fear is dó’ leatsa is mó áthas dá bhfuil d’fhearaibh beó?)

Chár. Ní fheadar cad é an freagra ’ thabharfaidh Sólón ar an gceist sin?

Herm. Freagra éigin uasal gabhaimse orm.

(Sól. Is ar fhíorbheagán daoine, a Chroésois, atá fíoráthas. Ach dá raibh ar m’aithne dhíobh measaim gurb iad Cléobhis agus Bitón an bheirt is mó a fuair d’áthas, .i. beirt mhac na mnádraoi.)

Chár. Beirt mhac na mná úd ó Argos adeir sé. Chuadar araon fén gcuíng agus do tharraigeadar a máthair sa charbad, go dtí an teampull agus fuaradar araon bás an oíche chéanna.

(Croés. ’Sea; scaoilimís leó san. Cé hé an tarna duine?

Sól. Tellos, an t-Atéineach úd a chaith a shaol go macánta agus ansan do fuair bás ar son a thíre dúchais.

Croés. Ach mise, a chuirpigh, nách dó’ leat gur fear séanmhar mise?

Sól. Ní fheadar fós, a Chroésois, gan deireadh do shaeil a theacht. Is é an bás a dh’ínseann an fhírinne i nithibh den tsaghas san nuair a leanann an séan ar dhuine go fíordheireadh na scríbe.)

Chár. Deárna leat, a Shólóin! Is maith a dheinis é gan sinn a dhearúd, ach a dh’admháil gurb é an bád a thaispeánann an fhírinne in sna nithibh sin. Ach cé hiad súd atá ag Croésos á chur chun siúil? Agus cad é an rud é sin atá ar a nguaillibh acu?

Herm. Bluic óir iad san atá aige á chur ag triall ar an bPúitiach, mar dhíolaíocht as an bhfreagra do fuair sé, freagra a bheidh ’na thrúig bháis do féin sara fada. (Is amhlaidh a bhí fonn ar Chroésos dul chun chogaidh. Chuir sé ceist ag triall ar an bPúitiach, .i. ar Apollón, dhá fhiafraí cad é an séan a bheadh ar an gcogadh. Tháinig an freagra: “Má deintear an cogadh so curfar ríocht láidir ar neamhní”. Cheap Croésos gurbh é ríocht a namhad a chuirfeadh sé féin ar neamhní. Chuir sé an cogadh ar siúl. Do buadh air agus do cuireadh a ríocht féin ar neamhní agus do thit sé féin sa chogadh.)

Chár. Agus an é sin an t-ór, an rud san atá ag spréacharnaigh? An rud leathbhán leathdhearg san? Sid é an chéad uair agam dhá fheiscint bíodh gur airíos teacht thairis go minic.

Herm. Sin é díreach é, a Cháróin, an ainm oirirc, ’na mbíonn an coímheascar go léir ar siúl mar gheall air.

Chár. Imbriathar ná feicim féin cad é an tairbhe atá ann, ach amháin gurb ualach é ar an muíntir a bhíonn dhá iompar, ba dhó’ liom.

Herm. Agus an amhlaidh nách eól duit cad iad na cathanna a thagann uaidh, agus an feall, agus an ghadaíocht, agus na mionna éithigh, agus an dúnmharbhú, agus an braighdineas, agus na cuarda fada ar uisce, agus na gnóthaí ceannaíochta, agus an sclábhaíocht?

Chár. Uaidh sin, a Herméis, agus gur beag ná gur cuma é nú prás! Is eól dom cad é an rud prás mar glacaim an t-obolos, tá ’ fhios agat, ó gach duine den lucht taistil.

Herm. Is fíor; ach tá prás flúirseach agus ní bítear ’na dhiaidh puínn. Ach bainid na mianadóirí é siúd aníos as an dtalamh ó dhoimhneas mhór, ’na chodaibh beaga. Is aníos as an dtalamh a baintear é fé mar a baintear luaidhe nú aon mhiotal eile.

Chár. De réir do chainnte is iúntach an daille íntinne i ndaoinibh é a leithéid de dhúil a bheith acu i rud chómh buí chómh trom.

Herm. Ach an Sólón úd, A Cháróin, ní thaispeánann sé go bhfuil aon dúil aige ann, mar tá sé ag gáirí um Chroésos agus um an scléip a dheineann an barbarach. Agus is dó’ liom gur mian leis ceist do chur chuige. Éistimís leó.

(Sól. Innis dom, a Chroésois, an dó’ leat, an bhfuil gá ag an bPúitiach leis na blocaibh óir úd? Croés. Dar fia ach tá. Níl a leithéid siúd de thabharthas le fáil in aon chor aige i nDeilphos.

Sól. Agus an dó’ leat go bhfuil áthas agat dá chur ar an nDia sin nuair a gheibheann sé na bluic óir uaitse, i dteannta a bhfuil aige?

Croés. Agus cad ’na thaobh ná cuirfinn?

Sól. Cuireann tú ’na luí orm, a Chroésois, gur dealbh an saol acu é ar neamh má chaithid siad teacht go Lúdia a d’iarraidh óir nuair a theastaíonn sé uathu.

Croés. Agus cad eile ca bhfuil oiread óir le fáil agus atá le fáil anso againne?

Sól. Innis dom an bhfuil iarann le fáil i Lúdia?

Croés. Ní puínn atá.

Sól. Más ea is é an ní is feárr atá in easnamh oraibh.

Croés. Cad a bhéarfadh go mbeadh iarann níos feárr ná ór?

Sól. Neósfadsa san duit, a Chroésois, ach go bhfreagróir ceist uaim gan fearg do theacht ort. Croés. Cuir do cheist, a Shólóin.

Sól. Ceocu is feárr an té a dheineann cosaint ar dhaoinibh eile nú na daoine a cosantar?

Croés. An té a dheineann an chosaint, ní nách iúnadh.

Sól. Dá dtagadh Cúros le mórshlua anso isteach i Lúdia, mar a shamhlaíd roinnt daoine, an claimhte óir a churfása i lámhaibh do shló, nú an iarann a bheadh ag teastabháil an uair sin? Croés. Iarann gan amhras.

Sól. Agus mara bhféadair an t-iarann d’fháil raghadh do chuid óir go Persa i bhfuadach.

Croés. Focal fónta, a dhuine!

Sól. Gan súd mar siúd! Ach measaim go n-admhaíonn tú gur feárr an t-iarann.

Croés. Agus an amhlaidh adéarfá liom na bluic óir úd do thabhairt thar n-ais agus bluic iarainn do chur ’na n-inead ag triall ar an bPúitiach?

Sól. Níl aon ghá aige le haon taobh acu. Ach peocu ór nú prás a chuirfir ann níl agat dá dhéanamh ach ag cur saibhris nú foghla i dtreó daoine eile, i dtreó na bhFóiceach nú na mBoióiteach, nú i dtreó na nDeilphiach féin, nú i dtreó tíoránaigh éigin, nú bithiúnaigh éigin. Is beag ag an ndia úd úr ngaibhní geala!

Croés. Nílirse choíche ach ag spídiúchán ar mo chuid saibhris agus ag formad liom mar gheall air.)

Herm. Ní féidir leis an Lúdach, a Cháróin, dánacht agus fírinne na cainnte sin do sheasamh, agus is iúnadh leis duine bocht ag nochtadh a aigne dho gan crithniú* gan eagla roimis. Ach tá roimis. Cuímhneóidh sé fós ar Shólón agus ní fada go dtí san, nuair a chaithfidh sé dul suas ar an dtine bháis le hórdú ó Chúros. Níl i bhfad ó dh’airíos ó Chlótó cad ’tá i ndán don bheirt, go ngeóbhaidh Cúros an Croésos so ’na phríosúnach agus ansan go dtitfidh Cúros féin leis an mnaoi Massageiteach úd. An bhfeiceann tú an bhean Scútach úd thall, í siúd atá ar marcaíocht ar an each mbán?

Chár. Chím dar fia.

Herm. Sin í Tómuris. Bainfidh sí sin an ceann de Chúros agus cuirfidh sí isteach i mála é, i mála a bheidh lán d’fhuil. Agus an bhfeiceann tú an t-ógánach úd? Sin é Cambúsés. Beidh sé sin ’na rí i ndiaidh a athar. Tiocfaidh na mílte mí-ádh air i Líbua agus in Aitiópia agus fé dheireadh imeóidh sé as a mheabhair agus maróidh sé Apis agus gheóbhaidh sé bás.

Chár. Ó cúis gháire chúinn! An té ’ fhéachfadh anois orthu, agus an mímheas go léir acu ar dhaoinibh eile, conas a cheapfadh sé gur geárr go mbeidh duine acu ’na phríosúnach agus ceann an duine eile istigh i mála fola!

abhus: “on this side”; pronounced /ə’vus/.
aídhe: “aye”. Ach aídhe, pronounced /’ɑx ‘i:/, “goodness me!”
áirím, áireamh: “to reckon, count”. Ní áirím, “let alone”.
aiseag: “vomit”. PUL also has aiseac (aisioc) in some of his works.
aiseagaim, aiseag: “to vomit”. With d’aisig sé in the preterite. PUL also has aiseacaim, aiseac in some of his works.
amáireach: “tomorrow”, or amárach in GCh. An lá amáireach, “tomorrow”. Amáireach is declinable, and becomes amáirigh in the genitive.
Assuiriach: “Assyrian”.
beandraoi: “druidess, priestess”, with mnádraoi in the genitive. FGB has bandraoi, and this seems the preferable form, but the genitive mnádraoi here indicates that PUL is using declined forms of bean- in the prefix.
beann: “peak”, with bínn in the dative and dual; pronounced /bʹaun, bʹi:ŋʹ/.
bloc: “block”, with bluic in the plural. Óir ’na bhlocaibh, “gold bullion”. Bluic óir, “gold ingots”.
braighdineas: “captivity”, or braighdeanas in GCh. IWM §95 shows AÓL had a broad n in this word, but PUL consistently spelt it slender. Pronounced /brəidʹənəs~brəidʹinʹəs/.
buacach: “of proud bearing”.
buaic: “top, ridge”.
buaim, buachtaint: “to win, gain a victory”, or buaim, buachan in GCh.
bun: “bottom”.
cairt: “chart”.
caochshúileach: “dimsighted”.
ceachtar: “either (of); each (of)”.
claíomh: “sword”, with claimhte in the plural. Scéalaíocht Amhlaoibh Uí Luínse (p16) and the LS version of PUL’s Séadna (see cluitiv in Shiàna, p85, for claidhmhtibh in Séadna, p210) both show the vowel to be short in the plural: /kli:v, klitʹi/.
cloisim, cloisint: “to hear”, or cloisim, cloisteáil in GCh.
cómhachtach: “powerful, commanding”, cumhachtach in GCh, but pronounced /ko:xtəx/ in WM Irish.
corrmhíol: “midge”; pronounced /korə’vʹi:l/.
cosnaim, cosaint: “to defend; protect”. This would be cosnaím, cosaint in GCh and CFBB (p68) also has cosnaím.
crithním, crithniú: “to tremble, shiver”; pronounced /krʹinʹ’hi:mʹ, krʹinʹ’hu:/; or creathnaím, creathnú in GCh.
cruinne: “globe, world”.
cuíng: “yoke, bond”; pronounced /ki:ŋʹ/.
cuireadh: “invitation”; pronounced /kirʹi/.
cumasach: “powerful, imposing”.
daille: “blindness”, pronounced /dɑlʹi/.
dán: “lot, fate”. I ndán do, “in store for, predestined for, fated for”.
dealbh: “destitute, impoverished”; pronounced /dʹaləv/.
deárna: “palm of the hand”. Deárna leat, “good for you! bravo!”
dearúdaim, dearúd: “to forget”, or dearmadaim, dearmad in GCh.
deas: “right”, with deise in the genitive and deis in the dative.
Deilphiach: “Delphian”, an inhabitant of Delphi in Greece.
deismireacht: “incantation, spell”.
dhe: “really, indeed”.
dícheall: “one’s best efforts”, pronounced /dʹi:həl/.
dínnéar: “dinner”; pronounced /dʹi:’ŋʹe:r/.
doimhneas: “depth”, pronounced /deŋʹəs/.
dréimire: “ladder”.
duilliúr: “foliage; leaves”; pronounced /di’lʹu:r/.
easnamh: “want, shortage”. Pronounced /ɑsnəv/.
fairseag: “wide, extensive”, or fairsing in GCh. Pronounced /fɑrʃəg/. Fairsing was given in the original, but see fairseag in PUL’s Cómhairle Ár Leasa (p201) for evidence that he did have a broad g here.
fónta: “good, serviceable”. Focal fónta! in §XXI here corresponds to “don’t suggest it!” in some English version of Lucian. In other words, this is ironic or sarcastic in some way.
freagra: “answer”, pronounced /frʹagərə/.
fuadach: “plunder”.
gabha: “smith”, with gaibhní in the plural; pronounced /gou, gəi’ŋʹi:/. Gabha geal, “silversmith”.
geallúint: “promise, pledge”, or gealltanas in GCh. The genitive singular is geallúna.
glam: “roar, bark”; pronounced /glaum/.
gobán: “clever craftsman”, mentioned in Irish folklore. Generally found as an Gobán Saor.
i gcómhair: “for, in store for”. PUL was of the view (see NIWU, p24) that this phrase derives from cóir, “proper arrangement” (among other meanings) and not cómhair, “presence”. He indicated he did not have a nasal vowel in this phrase, but the issue is complex, as his etymology seems faulty (DIL has i gcomhair) and it is possible that i gcómhair has become conflated with a separate phrase i gcóir, “ready” in WM Irish. In any case, nasalisation is not a noted feature of modern-day WM Irish, and so the GCh form produces the correct pronunciation.
ímpireacht: “empire”.
íntinn: “intention, spirit, mind”.
léannta: “learnèd”, pronounced /lʹe:ntə/.
leathbhán: “whitish”.
leathdhearg: “ruddy, kind of red”.
leite: “porridge, gruel, stirabout”, with leitean in the genitive. Bata leitean, “ladle”. GCh has liach in this meaning.
luaidhe: “lead”; pronounced /luə/.
Lúdach: “Lydian”.
marc: “horse”, a literary word. Ar muin mairc a chéile, “higgledy-piggledy, thrown one on top of the other”, or ar mhuin mhairc a chéile in GCh.
Massageiteach: “a member of the Massagetae”, a Central Asian people.
mí-ádh: “misfortune”; pronounced /ˌmʹi:’ɑ:/. Mí-ádh also stands in the genitive plural.
mianadóir: “miner”.
mionn: “oath”, with mionna in the nominative plural. Mionna éithigh, “perjury, instances of perjury”.
miotal: “metal”. Miteal is also found in PUL’s works. Pronounced /mʹitəl~mʹitʹəl/.
móráil: “pride, delight; vanity”, pronounced /muə’rɑ:lʹ/.
mórshlinneán: “great, powerful shoulder”.
muínteartha: “friendly, familiar”, pronounced /mi:ntərhə/. PUL pointed out in NIWU (p81) that daoine muínteartha means both friends and relatives in traditional Irish.
múr: “wall, rampart”, referring to city walls, rather than internal walls of a dwelling. The plural is múrtha.
ollmhaitheas: “wealth, luxury”, with ollmhaithis in the genitive where GCh has ollmhaitheasa. Pronounced /olə-vɑhəs/.
oscartha: “martial, heroic, powerful”.
plaosc: “skull”, with plaoisceanna in the plural, or blaosc, blaoscanna in GCh. Pronounced /ple:sk, pli:ʃkʹənə/, as shown in the LS version of Mo Scéal Féin, which has pluíshgeana (p23).
roim: “before”, or roimh in GCh, pronounced /rimʹ/. Tá roimis, “there is a day of reckoning in store for him”.
saor: “craftsman, mason”.
scléip: “ostentation, show”.
scríb: “scrape, scratch, used for scoring in a game”, or scríob in GCh. Go fíordheireadh na scríbe, “until the very end of your life”.
seachnaim, seachaint: “to avoid”, or seachnaím, seachaint in GCh. Pronounced /ʃaxənimʹ, ʃaxintʹ/.
seochas: “besides”, or seachas in GCh. Seachas was also the original spelling, but this word is pronounced /ʃoxəs/.
sleamhain: “smooth, sleek”; pronounced /ʃlʹaunʹ/.
slínn: “tile”.
slógadh: “expedition”.
smúit: “dust, grime”.
spréacharnach: “scintillating”. Note that as a feminine verbal noun ending in -ach, this becomes ag spréacharnaigh in the dative, a distinction not observed in GCh.
steallaim, stealladh: “to splash, pour”. The preterite do steall sé is /ʃtʹaul/.
stoirm: “storm”. This word is transcribed sdoirim in Eshirt (p27), and so is pronounced /storʹimʹ/.
suaithim, suathadh: “to shake, toss about”, or suaithim, suaitheadh in GCh.
súd: “him, that one”, a pronoun that has a nuance of deprecation or admiration. Siúd in GCh. Gan súd mar siúd!, “let it not be so! God forbid!”
tabhairt suas: “education”.
tabharthas: “gift”, or tabhartas in GCh. Pronounced /tourhəs/.
talmhóg: “burrow, den”; pronounced /tɑlə’vo:g/.
taobh: “side”. Aon taobh acu, “either one of them”.
tarbh: “bull”; pronounced /tɑrəv/.
teastaíonn, teastabháil: “to be wanted or needed”, or teastaíonn, teastáil in GCh. The bh may be pronounced in WM Irish: /tʹas’tɑ:lʹ~tʹastə’vɑ:lʹ/.
thall: “over there”; pronounced /haul/.
thuaidh: “north”; pronounced /huəgʹ/. Ó thuaidh, “northwards”.
tine bháis: “pyre”. GCh has breocharn in this meaning.
toirmeasc: “mischief, row”, pronounced /torʹimʹəsk/.
tolg: “sofa; seat”; pronounced /toləg/.
trúig: “cause, occasion”. Trúig bháis, “cause of death”.
úirlicí: “vomit”, but more often “dry retchings”. Urlacan in GCh.

Advertisements
This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s