Lucian 27

XXVII. Menippos agus Philónidés

(Ar leanúint.)

Nuair a taispeánadh an cosán dúinn do chomáineamair linn, Mítróbarsánés ar tosach agus mise ’na dhiaidh, lena shálaibh agus greim daingean agam ar eireaball a bhrait. Thánamair go dtí machaire breá fada fairseag agus brat álainn de bhláthannaibh asphodeil air. Ansan do mhothaíomair ’nár dtímpall na slóite samhal agus iad ag gluaiseacht agus ag putharnaigh. Chomáineamair linn go dtánamair mar a raibh suí breatha Mhínóis. Bhí an suí breatha árd agus bhí Mínós ’na shuí in áirde air agus a chómhachta díoltais ’na thímpall, agus deamhain an uilc ag friothálamh air mar aon leis na fíochaibh. Bhíomairne ar thaobh agus chonacamair dá dtabhairt isteach ón dtaobh eile a lán daoine agus iad ceangailte ar shlabhra fhada. Do hínseadh dúinn gurbh é saghas daoine iad ná lucht adhaltranais, agus lucht soláthair chun drúise, agus lucht sraith do bhailiú, agus lucht brasaireachta, agus lucht uisce-fé-thalamh, slua mhór de chuirpeachaibh a bhíodh ag cur an tsaeil trína chéile an fhaid a bhíodar beó. Agus do tugadh isteach ar leithligh lucht an tsaibhris agus iúncamais, agus iad go mílítheach, agus builg mhóra orthu, agus gúta orthu, agus cuíng ar mhuineál gach duine acu agus crúca sa cheann tíos de’n chuíng, agus meáchaint dhá thalant sa chuíng.

Sheasaíomairne, áfach, mar a raibh againn agus sinn ag faire orthu agus ag éisteacht leó dhá gcosaint féin. Do tháinig ann, áfach, fínnithe éagsamhlacha dhá ndaoradh agus ag cur nithe ’na leith.

Phil. Agus cérbh iad san is dó’? As ucht Zeúis innis an méid sin dom agus ná ceil orm é!

Men. Is eól duit, is dócha, na scáileanna so a dheineann solas na gréine ónár gcolannaibh.

Phil. Is eól go maith.

Men. Nuair a gheibhimíd bás tagaid na scáileanna san agus tugaid siad fínné ’nár gcoinnibh agus deimhníd siad gach coir dá mbíonn déanta againn i gcaitheamh ár mbeatha, agus go deimhin ní foláir a dh’admháil gur dócha go mbíonn an fhírinne ag cuid acu toisc iad a bheith in aice linn i gcónaí agus ná scaraid siad choíche lenár gcolannaibh. Ach do scrúdaíodh Mínós go cruínn cás gach duine agus ansan do dhíbreadh sé é go háit na ndrochaicme chun go gcurfí pionós air de réir a ghníomhartha. Bhí Mínós ana-dhian, áfach, ar an lucht a bhíodh ag maíomh as a gcuid saibhris agus as pé cómhacht a bhíodh acu; dhá mheas gur cheart iad d’adhradh nách mór. Bhí gráin aige orthu mar gheall ar an mór-is-fiú a bhí chómh neambuan, agus ná cuímhnídís go n-imeódh an saibhreas agus go n-imeóidís féin, leis. Ach iad san, nuair a bhí an áilleacht go léir bainte dhíobh, an saibhreas, agus an uaisleacht cine, agus na cómhachta, bhíodar ansúd agus iad lomrachta, agus iad cromtha síos, agus gan de chuímhne acu ar an sólás a bhí anso acu ach mar a bheadh taibhreamh. Bhíodh aiteas mór ormsa nuair a chínn na nithe sin. Nuair a dh’aithnínn duine acu do dhridinn chuige go réidh agus chuirinn i gcuímhne dho an saol breá a bhí aige nuair a bhí sé beó, an mór-is-fiú a bhíodh air nuair a bhíodh na daoine bailithe amu’ ag á gheata ag feitheamh go dtiocfadh sé amach agus a sheirbhísigh dhá gcomáint chun siúil agus ag dúnadh an gheata ’na gcoinnibh. Agus ansan, nuair a thagadh sé amach fé dheireadh, agus a chlócaí dearga uime, go hórga agus go hioldathach, conas mar a mheasadh sé in’ aigne go gcuireadh sé áthas agus aoibhneas an domhain orthu nuair ’ fháiltídís roimis, mara ndeineadh sé ach a ucht nú a lámh dheas do thabhairt le pógadh dhóibh. Chuireadh na nithe sin buairt thar bhárr orthu nuair a chuímhnídís orthu.

Ach do thug Mínós aon bhreith amháin a bhí claon. Bhí Díonusios, an tíoránach Siculach, ar a thriail agus bhí Díon ag cur a lán gníomhartha gráinniúla ’na leith, agus an scáil dhá ndeimhniú. Do bhíothas díreach chun Díonusiois do cheangal den Chimaéra nuair a labhair Aristippos an Cúrénach. Fear is ea an t-Aristippos san ’na bhfuil ana-chreidiúint aige agus an-urraim do laistíos. Duairt sé go raibh Díonusios cabharthach cúntach i gcaitheamh a bheatha do lucht léinn agus go dtugadh sé airgead dóibh go minic. Do saoradh Díonusios mar gheall air sin.

Ansan d’fhágamair an suí breatha agus thánamair go háit na bpian. B’in é an áit, a dhuine mhuínteartha, ’na raibh nithe truamhéileacha le feiscint agus le haireachtaint go hiomadúil. D’airíomair fuaim agus greadadh ó sna sciúirsíbh géara, agus scréacharnach na ndaoine a bhí dá loscadh ar na tínteachaibh teó; agus na riaganna; agus na coiléir; agus na rothanna. Bhí an Cimaéra dhá stracadh, agus bhí Cerberos dhá stracadh as a chéile agus dhá n-ithe. Ríthe, daoir, sátraip, daoine saibhre, daoine bochta, lucht déarca, agus iad go léir ag folag pionóis agus cathú orthu mar gheall ar na drochghníomhartha do dheineadar. Bhíomairne ag féachaint orthu agus d’aithníomair cuid acu, go mór mór an chuid acu a bhí tar éis bháis ’ fháil le deireanaí. Ach d’fholaidís iad féin agus d’iompaídís uainn nuair ’ fhéachaimís orthu, agus bhíodh ceann-fé orthu, in inead an uabhair agus an bhuirbe agus an tarcaisne a thaispeánaidís do chách an fhaid a bhíodar ar an saol so.

Do maití leath an phionóis do sna daoine bochta. Do tugtí sos ar feadh tamaill dóibh agus ansan do curtí an pionós arís orthu.

Do chonacamair, leis, san áit, na fathaigh úd, Icsion agus Sisuphos, agus Tantalos an Phrúgach agus é i gcruachás, agus Tituos mac na Talún, agus ó, a Heracléis, ba mhór é! Bhí gáire* ar fad faoi agus é sínte.

D’fhágamair iad san, leis, agus thánamair go dtí an machaire Acherúsach. Fuaramair sa mhachaire sin na leathdhéithe agus na banghaiscígh, agus na slóite eile marbh agus iad riartha de réir cine agus treabhchais, cuid acu ag dreó le haois agus iad, mar adeir Hómér ana-lag, agus cuid acu úrnua folláin, go mór mór an chuid acu do tháinig ón Éigipt, mar gheall ar a fheabhas a cuireadh ar salann iad. Agus go deimhin duit níor rófhuiriste iad d’aithint ó chéile mar is fíordheallraitheach lena chéile iad go léir, toisc a gcnámha ’ bheith lom. Is ar éigin ’ fhéadamair iad d’aithint tar éis iad d’iniúchadh ar feadh i bhfad. Is amhlaidh a bhíodar agus iad ’na gcruachaibh ar muin a chéile agus gan aon rian orthu den áilleacht a bhí orthu nuair a bhíodar ar an saol so, ach iad go dorcha agus go do-aitheanta. I gcás duit nuair a chínn roinnt cnámharlach acu caite i dteannta ’ chéile agus iad go léir chómh cosmhail lena chéile, agus an fhéachaint ghránna choímhtheach acu, agus na fiacla nochtaithe acu, go mbínn dhá fhiafraí dhíom féin conas ’ fhéadfainn Tirsítés gránna d’aithint ó Niréos álainn, nú an bacach Íros ó rí na bhFaeacach, nú Purrias an cócaire ó Agamemnón. Níor lean aon phioc de sna seanadheifríochtaí eatarthu. Bhí a gcnámha go léir mar a chéile gan cómhartha sofheicse, gan teideal scríofa orthu, gan aon chaoi in aon chor ar iad d’aithint óna chéile.

Agus féach; nuair a bhíos féin ag féachaint ar na nithibh sin do samhlaíodh dom gurb ionann beatha an duine ar an saol agus tóichim mhór fhada éigin, agus bandé an Ádha dhá stiúrú agus dhá córú agus ag cur tabhairt amach fé leith ar gach éinne a bhíonn ag imeacht sa tóichim sin. Tógtar duine agus curtar tabhairt amach rí air; éadach ríoga uime; lucht friothálmha ’na thímpall, mionn óir ar a cheann. Tógtar duine eile agus curtar culaith seirbhísigh uime. Curtar bláth áilleachta ar dhuine. Curtar gráinneacht agus míchúmthact ar dhuine eile. Ansan, uaireanta, i lár na tóichime, tagann bandé an Ádha agus deineann sí athrú córach ar chuid den lucht gluaiste. Ní leogann sí dhóibh an tóichim do chríochnú sa riocht ’nar thosnaíodar. Athraíonn sí an t-éadach orthu. Cuireann sí ’ fhéachaint ar Chroésos éadach mogha do chur uime agus gluaiseacht ’na dhaor, agus cuireann sí ’ fhéachaint ar Mhenandrios, a bhí go dtí san ’na dhaor, i measc daor, imeacht agus bheith ’na rí in inead Pholúcratéis agus an t-éadach ríoga do chaitheamh tamall. Ansan, nuair a bhíonn aimsir na tóichime caite tugann gach éinne uaidh pé éadach a bhí uime. Baineann sé dhe idir éadach agus corp agus siúd sa riocht é ’na raibh sé roimis sin, gan deifríocht ar bith idir é agus cách. Ach cuid acu, trí ainbhios, nuair ’ iarrann bandé an ádha orthu an córú a chuir sí orthu do thabhairt thar n-ais di, glacaid siad diomá agus buairt, chómh maith agus gur rudaí éigin leó féin a bheadh ag imeacht uathu agus nách rudaí a tugadh ar iasacht dóibh ar feadh tamaill.

Measaim go bhfeacaís go minic, ar an árdán, an chuid den lucht cleasaíochta ’na mbíonn orthu an léiriú trágach a dhéanamh, conas mar a bhíd siad uaireanta ’na gCréónaibh agus uaireanta ’na bPríamaibh agus uaireanta ’na nAgamemnónaibh, de réir mar a dh’oireann don dráma; agus an cleasaí céanna, tar éis é ’ bheith tamall, go stuama, ’na Checrops nú ’na Erectéos, conas mar a thagann sé amach tamall beag ’na dhiaidh san agus é ’na dhaor, de réir órdú an fhile. Ansan, nuair a bhíonn an dráma críochnaithe baineann gach éinne acu dhe an t-éadach órga agus an t-aghaidh fidil agus tagann sé anuas de sna brógaibh árda, agus ní bhíonn ann feasta ach duine bocht suarach, Pólos mac Cairicléis an Súniensach, nú Sacuros mac Theogítoin ó Mharaton, in inead é ’ bheith in’ Agamemnón mac Atréuis nú ’na Chréón mac Mhenoicéuis. Gnóthaí den tsórd san díreach is ea gnóthaí daoine, de réir mar a samhlaíodh dómhsa an uair úd agus me ag féachaint orthu súd.

Phil. Innis an méid seo dhom, a Mhenippois. Na daoine ’na bhfuil na leachta móra árda costasúla so os a gcionn anso, agus na colamna, agus na híomhátha, agus na scríbhinní, an amhlaidh ná fuil aon onóir á tabhairt dóibh thíos seochas an choitiantacht?

Men. Ach airiú, éist do bhéal, a dhuine! Dá bhfeicfá Mausólos féin, an Cárach adeirim, é siúd ’na bhfuil an cháil go léir air mar gheall ar a thuama, tá ’ fhios agam ná stadfá ach ag gáirí. Bhí sé caite ansúd i gcúinne dhorcha in’ iairlis agus é i bhfolach i measc slóite eile samhal agus gan de thairbhe aige as an dtuama úd ach é ’ bheith in’ ualach anuas air. Óir, nuair a thómhaiseann Aiacos an talamh chun gach duine (agus ní thugann sé ach troigh tailimh do gach éinne), ní foláir don duine é féin do sheargadh agus do chrapadh i dtreó go mbeadh sé beag a dhóthain don méid sin tailimh. Ach measaim go ndéanfá breis gháirí dá bhfeicfá na daoine seo a bhíonn ’na ríthibh agus ’na sátrapaibh anso agus iad ag gluaiseacht ansúd a d’iarraidh déarca, feóil ghuirt acu á dhíol trí mhéid a ndealús, nú iad ag múineadh aibítreach; agus easonóir, nú buille bhais sa leacain, acu dá fháil ó chách, mar a gheóbhadh an daor is dona. Níor fhéadas, go deimhin duit, gan gáire ’ dhéanamh go hárd nuair a chonac an Pilib úd, an Macedónach. Do taispeánadh dom é agus é sáite i gcúinne agus seanabhróga lofa aige á dheisiú ar a phá. Bhí a lán eile acu, leis, le feiscint ar na crosbhóithribh agus iad a d’iarraidh déarca. Bhí Csercsés ann, agus Dareíos, agus Polúcratés.

Phil. Is éagsamhlach na nithe atá agat dá ínsint i dtaobh na ríthe agus is deocair iad do chreidiúint. Ach cad a bhí ag Sócratés á dhéanamh, agus na saoithibh eile?

Men. Tá Sócratés, leis, ansúd agus é ag gabháil tímpall ag áiteamh ar gach éinne, agus tá in éineacht leis Palamédés agus Nestor agus Odusséus, agus gach samhail chainnteach eile. Tá an t-at ’na chosaibh fós ón nimh úd a dh’ól sé. In aice le Sardanapalos an tAssuiriach, agus le Mídas an Phrúgach, agus le roinnt eile de lucht an tslóigh is ea atá Díogenés oirirc, agus bíonn sé ag gáirí nuair ’ airíonn sé iad ag áireamh na maitheasaí a bhí acu roimis seo, agus iad ag gol. Bíonn sé sínte ar a dhrom agus é ag gáirí, agus casann sé amhrán nách róchneasta chun a n-olagón san do mhúchadh orthu. Tá buairt mhór orthu mar gheall air sin. Ní féidir leó cur suas le Díogenés agus táid siad dhá bheartú go raghaid siad chun cónaithe in áit éigin eile.

Phil. ’Sea, ní beag liom díobh san. Ach cad é an dlí é siúd adúraís ar dtúis a deineadh in aghaidh lucht saibhris?

Men. Is maith mar a chuiris i gcuímhne dhom é. Bhíos chun trácht air ach do seóladh ar fán uaidh me ar chuma éigin. An fhaid a bhíos ’na bhfochair thíos d’fhógair na Prútanaigh cruinniú feise chun tairbhe an phobail. Chonac na daoine ag bailiú. Siúd me féin isteach i measc na slóite marbh agus ba gheárr go rabhas ’na dteannta ag an bhfeis. Do deineadh roinnt dlithe ar dtúis ar ghnóthaíbh eile agus ansan do tánathas chun lucht an tsaibhris. Do labhradh ’na gcoinnibh go dian agus do cuireadh mórán drochghníomhartha ’na leith; éigean, eirí in áirde, uabhar, éagóir. Fé dheireadh d’éirigh duine de sna cínnphobail agus do léigh amach reacht den tsórd so:—

An reacht

De bhrí go ndeinid lucht saibhris i gcaitheamh a mbeatha, mórán gníomhartha andleathacha i gcoinnibh na mbocht, ag déanamh foghla orthu, agus ag déanamh éigin orthu agus ag tabhairt tarcaisne dhóibh, tuigtear don tseanaid agus don phobal gur ceart pionós do chur ar a gcorpaibh tar éis bháis dóibh, fé mar a curtar ar chorp gach cuirpigh eile, agus ansan gur ceart a n-anamnacha do chur suas thar n-ais ar an saol agus iad do chur isteach in asalaibh, agus nuair a gheóbhaidh na hasail sin bás, iad do chur isteach in asalaibh eile, agus iad do bheith ar an gcuma san go dtí go mbeidh chúig mhíle blian fó dheich curtha dhíobh acu, agus i gcaitheamh na haimsire sin go léir iad a bheith ag iompar ualaí troma agus daoine bochta dhá gcomáint: ansan neart a bheith dhóibh bás d’fháil.

Cloigeann mac Cnámharlaigh, ó Ghleann na bPúcaí, de shliocht na Mílítheach, is é do chómhairligh an reacht.

Do léadh an reacht. Chuir na cínnphobail fé ghuth an reacht. Do shín na daoine a lámha. Chuir Brimó búirth aisti. Chuir Cerberos uallthairt as. Sin mar a curtar feidhm i ndlithibh ansúd nuair a léitear iad.

Sin agat ar deineadh ag an bhfeis. Ansan d’imíos féin ag triall ar Thíresias ar an dtoisc a thug ann me. D’ínseas mo scéal do tríd síos agus d’iarras air a dh’ínsint dom cad í an bheatha ba dhó’ leis dob fheárr. Do gháir sé. Firín ana-bheag is ea é agus é caoch, mílítheach, caolghuthach. “Is eól dómhsa fáth do mhearathaill, a mhic ó”, ar seisean. “Lucht na heagna ’ bheith bun-os-cionn le na chéile fé ndeár é. Ní dleathach dómhsa, áfach, an cheist sin do réiteach duit. Tá san coiscithe ag Radamantus.”

Faire, faire, a athair bhig!” arsa mise leis, “ná habair é sin. Ná fág me ag caitheamh mo bheatha níos daille ná thu féin!”

Ansan do rug sé leis i leataoibh me, i bhfad ón gcuid eile, agus chrom sé go cneasta chun mo chluaise:—

Is í beatha na ndaoine gan léann”, ar seisean, “an bheatha is feárr agus is eagnaí. Ná bíse ag áiteamh ná ag deimhniúchán ar nithibh doimhne, ná ag iniúchadh agus ag scrúdadh ar thosach agus ar dheireadh na nithe atá. Amadántacht is ea an obair sin. Cuir rómhat an méid seo amháin, an aimsir atá láithreach d’fhriothálamh go maith, ’sé sin, i dtreó go mbeidh sult agus soilbhreas i bhformhór do bheatha agus ná beidh aon rud ag déanamh aon bhuartha dhuit”. Nuair a bhí an méid sin ráite aige do sciúrd sé uaim go machaire an Asphodeil.

Bhí sé ’na thráthnóna um an dtaca san. “Téanam”, arsa mise le Mítróbarsánés. “Níl a thuilleadh gnótha anso againn. Téimís thar n-ais suas chun na beatha”.

Ná bíodh ceist ort, a Mhenippois”, ar seisean liom, “taispeánfadsa cóngar maith réidh suas duit. Féach”, ar seisean, agus thaispeáin sé spré bheag solais dom. “Ansan anuas”, ar seisean, “a thagaid muíntir Bhoiótia. Sin é teampall Trophóniois. Imigh ansan suas agus beidh tú sa Ghréig láithreach”. Siúd suas me. D’fháisceas me féin tríd an bpoll aníos, bíodh gur chúng é, agus seo anso me i Libadéia, pé cuma ’nar thárla.

Acherúsach “Acherusian”, referring to Acherusia, a swamp believed to be connected with the underworld, and later a swamp in the underworld itself.
adhraim, adhradh: “to worship”. Note that IWM gives the pronunciation of the verbal noun as /əi’ru:/, implying that adhraím, adhrú would be more common in Muskerry. GCh has adhraim, adhradh.
aghaidh fidil: “mask”, such as an actor would wear. This is masculine (an t-aghaidh fidil), possibly because the definite article qualifies a noun phrase. Pronounced /əi fʹidʹilʹ/.
aibítir: “alphabet”, with aibítreach in the genitive. Pronounced /a’bʹi:tʹirʹ, a’bʹi:tʹirʹəx/. Aibítre is found in the genitive elsewhere in PUL’s works.
amhrán: “song”; pronounced /ɑvə’rɑ:n/. Amhrán a chasadh, “to sing/strike up a song”.
andleathach: “illegal, unlawful” and thus “unjust”, pronounced /’ɑn-‘dlʹahəx/. The GCh spelling is aindleathach, edited here as andleathach to show the quality of the vowel of the first syllable.
at: “swelling”.
banghaiscíoch: “heroine”.
bláth: “flower”. Bláth áilleachta, “flush of beauty”.
brasaireacht: “flattery, toadying”. Lucht brasaireachta, “flatterers, flunkies”.
buirbe: “fierceness, rudeness”; or boirbe in GCh. Pronounced /birʹibʹi/.
búirth: “roar, bellow”, or búir in GCh.
cabharthach: “helpful”, or cabhrach in GCh. Pronounced /kourhəx/.
caolghuthach: “squeaky voiced”.
Cárach: “Carian”, an inhabitant of Caria, in Anatolia.
ceann-fé: “shame”.
cínnphobail: “leaders, important people”.
cleasaíocht: “games, sports”. Lucht cleasaíochta, “performers”.
cloigeann: “skull”; pronounced /klogʹən/.
cnámharlach: “skeleton”; pronounced /knɑ:rləx/.
coiléar: “collar”, with coiléir in the plural. Pronounced /ki’lʹe:r/.
coir: “crime”, pronounced /kirʹ/.
colann: “body”, or colainn in the dative in GCh. The dative plural is colannaibh: the original spelling here was colanaibh, and consequently this form cannot be given as collaibh.
córaím, córú: “to arrange, dress; to muster (of an army)”, or cóirím, cóiriú in GCh.
costasúil: “costly, sumptuous”, or costasach in GCh.
crapaim, crapadh: “to contract, shrink, draw back”.
creidiúint: “credit, reputation”.
cruachás: “predicament”.
crúca: “crook, hook”.
cúntach: “helpful”.
Cúrénach: “Cyrenian”, an inhabitant of Cyrene, in modern-day Libya.
deimhniúchán: “an act of repeated proving or asserting”.
deireadh: “end”, “rear”. Pronounced /dʹerʹi/.
díbrim, díbirt: “to banish, drive (out)”; or díbrím, díbirt in GCh. Pronounced /dʹi:bʹirʹimʹ, dʹi:bʹirtʹ/.
do-aitheanta: “unrecognisable, hard to recognise”.
dorcha: “dark”, pronounced /dorəxə/.
dreóim, dreó: “to rot away”.
eireaball: “tail”, referring here to the tail end of a cloak.
éirí in áirde: “airs, uppishness”.
Faeacach: “Phoeocian”, an inhabitant of part of ancient Greece.
fathach: “giant”, pronounced /fɑhəx~fə’hɑx/. The form athach is also found in WM Irish.
feidhm: “force, effect”. Pronounced /fʹəimʹ/. Feidhm a chur i ndlí, “to enact a law”.
feis: “convention, assembly”, adjusted from féis in the original.
fínné: “witness”, but also “testimony”.
fíordheallraitheach: “really alike”. Pronounced /fʹi:rʹ-jaurəhəx/. Spelt fíordhealraitheach in GCh.
fó: a by-form of fé, used in multiplication. Fó dheich, “tenfold”.
fógraim, fógairt: “to announce, declare”; or fógraím, fógairt in GCh. Pronounced /fo:gərimʹ, fo:girtʹ/.
folaím, folachadh: “to conceal”; pronounced /fo’li:mʹ, fə’lɑxə/.
folláin: “healthy, wholesome”; pronounced /fə’lɑ:nʹ/.
gráinneacht: “ugliness”, or gránnacht in GCh.
guirt: “salted”, or goirt in GCh. Feóil ghuirt is glossed in FGB as “salt meat”, but translates “herring” here.
gúta: “gout”.
guth: “voice”. Rud do chur fé ghuth, “to put something to a vote”.
iairlis: “worthless person, good for nothing”, or iarlais in GCh.
ioldathach: “multi-coloured”. Pronounced /il-‘dɑhəx/.
iomadúil: “numerous, abundant; pronounced /umə’du:lʹ/.
leacht: “grave, gravemound”, with leachta in the plural here where GCh has leachtanna.
leathdhia: “demigod”, with leathdhéithe in the plural.
léiriú: “production (of a play)”.
leithleach: “state of being apart”, pronounced /lʹehilʹəx/. Ar leithligh, “separate, apart”.
míchúmthacht: “disfigurement”.
muineál: “neck”. CFBB shows this word has a slender m (p272), but PUL always spells it with a broad m, possibly under the influence of the classical orthography.
neambuan: “fleeting, transitory”, or neamhbhuan in GCh. Pronounced /nʹa’muən/.
Phrúgach: “Phrygian”, a native of Phrygia in western Anatolia.
Prútanaigh (na Prútanaigh): “the Prytanes”, officers appointed by the senate.
putharnach: “puffing”, or puthaíl in GCh. This becomes ag putharnaigh when used as a verbal noun in the dative.
reacht: “statute, ordinance, decree”, pronounced /rɑxt/.
riag (?): “scaffold, rack”, with riaganna in the plural. PSD has riagh, but there is no attestion of the singular in WM Irish literature.
riartha: “allocated, arranged, distributed, layed out in order”.
salann: “salt”. Rud do chur ar salann, “to perserve something”, including, here, in the sense of embalming a human after death.
scáil: “shadow”, with scáileanna in the plural.
sciúirse: “scourge”. Sciúirsí géara here stands where “whips” is found in some editions of Lucian.
scréacharnach: “an act of screeching”, a word not found in dictionaries.
scrúdaim/scrúdaím, scrúdadh/scrúdú: “to examine, study”. Both first- and second-conjugation forms are attested in PUL’s works.
seanaid: “senate”, or seanad in GCh.
seargaim, seargadh: “to shrivel, dry up”; pronounced /ʃarəgimʹ, ʃarəgə/.
Siculach: “Sicilian”.
slabhra: “chain”, pronounced /slaurə/.
soilbhreas: “pleasantness, joviality”. Pronounced /solʹivʹirʹəs/.
spré: “spark”. Spré bheag solais, “a gleam of light”.
sraith: “imposition, tax”. Sraitheanna ’ bhailiú, “to collect taxes”.
suí breatha: “judgement seat”, where the genitive of breath (a form of breith) is used.
Súniensach: “an inhabitant of Sunium”, or Cape Sounion in Greece.
te: “hot”. PUL is on record in his NIWU (p127) as insisting this word has a “most distinct” final ‑h in the pronunciation. However, this is likely to be apparent only before a following vowel. Pronunced /tʹe~tʹeh/. The plural is teó.
teideal: “title”.
tine: “fire”, with tínteacha in the plural here. GCh has tinte in the plural.
tóichim: “pageant, procession”.
toisc: “errand, mission”.
tráthnóna: “evening”, pronounced /trɑ:n’ho:nə/.
treabhchas: “tribe”. Pronounced /trʹauxəs/.
truamhéileach: “piteous, plaintive”, or truamhéalach in GCh.
uabhar: “pride”. Pronounced /uər/.
uabhar: “pride”. Pronounced /uər/.
uaisleacht cine: “breeding, blue blood, the station that comes from one’s origins”.
uallthairt: “howl, yell”, or uallfairt in GCh. PUL’s spelling was ulfairt.
úrnua: “fresh”; pronounced /u:r-no:/.

This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

2 Responses to Lucian 27

  1. dj1969 says:

    I don’t actually know how “aghaidh fidil” is pronounced. It’s only an assumption that the slender g in the pronunciation of “aghaidh” might fall out. Because “in aghaidh an lae” can be pronounced /nəin le:/, with no g. So maybe “aghaidh fidil” is /əi fʹidʹilʹ/ and not /əigʹ fʹidʹilʹ/. Dinneen’s dictionary, under “aghaidh fidil”, said this word had entered Hiberno-English in the corrupted form of “high fiddle”.

  2. dj1969 says:

    Fidil may be a form of the word shown in DIL as fethal, “distinctive appearance, likeness”: sense e) in that entry cites aighidh fedil in the sense of “tattoo”.

Leave a comment