Lúcián 22

XXII. Hermés agus Chárón

(Ar leanúint.)

Chár. Ach é siúd, a Herméis, ’na bhfuil an t-éadach corcra fáiscithe uime agus an mionn óir ar a cheann, cé hé féin? É siúd ’na bhfuil an cócaire ag tabhairt an fháinne dho tar éis an éisc do ghearradh—

An rí é do shíolraigh ó mhórfhuil,

Ar ínse bheag shuarach sa bhfarraige?”

Herm. Do chasais an chainnt sin go maith, a Cháróin, ach sin é Polúcratés, rí na Samíach, agus dar leis féin tá gach ní ar a thoil aige. Ach díolfaidh Mainandríos, a sheirbhíseach, an fear céanna san leis an sátrap Oroités agus curfar ar bhior é. Imeóidh an sólás go léir uaidh in aon neómat amháin aimsire, an fear bocht. D’airíos an méid sin ó Chlótó féin.

Chár. Deárna leat, a Chlótó! Beárr na cínn díobh agus beárr iad féin as an saol, agus cuir ar na bearaibh iad, gan dochma, i dtreó go dtuigfid siad ná fuil iontu ach daoine. Ach curtar suas go hárd ar dtúis iad i dtreó dá aoirde a tógfar iad gurb ea is tiubaistí an titim a gheóbhaid siad. Agus beadsa ag gáirí ansan nuair a chuirfead aithne ar gach duine acu sa bhád agus iad nochtaithe, gan corcair gan mionn gan tolg óir acu á thabhairt leó.

Herm. Mar sin díreach a bheidh an scéal acu. Ach féach, a Cháróin, an suaitheantas daoine úd thall agus cuid acu ag seól loingeas agus cuid acu ag déanamh cogaidh, cuid acu ag plé dlí agus cuid acu ag saothrú an tailimh, cuid acu ag déanamh iúncamais agus cuid acu a d’iarraidh déarca?

Chár. Chím breacshlua agus iad suaite trína chéile, agus a mbailte mar a bheadh cruiceóga beach, agus a chealg féin ag gach éinne acu agus é ag cealgadh a chómharsan. Agus tá cuid acu mar a bheadh beacha gabhair, ag guid agus ag fuadach ón lag. Ach cé hiad súd atá ag gluaiseacht san aer os a gcionn i ganfhios dóibh?

Herm. Aidhmeanna iad san, a Cháróin, agus eagla, agus míchiall, agus pléisiúr, agus sainnt chun airgid, agus fearg, agus fuath, agus a leithéidí. Ach tá aon díobh san .i. ainbhios, agus bíonn sé thíos ar a measc, in aontíos eatarthu, dar fia, mar aon le mioscais agus le drochaigne agus le formad agus le héad agus le haineólas agus le mearathall agus le dúil i saibhreas. Ach bíonn eagla agus na haidhmeanna ag foluaimint os a gcionn. Uaireanta titeann an t-eagla anuas orthu agus baineann sé geit astu agus cuireann sé creathán orthu. Agus bíd na haidhmeanna os a gcionn suas agus nuair is dó’ le duine acu go mbíonn greim aige orthu sleamhnaíd siad uaidh agus fágaid siad ansúd é agus a bhéal ar leathadh aige, díreach mar a chíonn tú Tantalus ansud thíos dá thraochadh le heaspa uisce. Má fhéachann tú cruínn chífir na Ciniúna os a gcionn agus an fhearsad acu á thochrais do gach duine acu, i dtreó go bhfuil gach duine ar crochadh ar shnáithín chaol. An bhfeiceann tú mar a bheadh snáth rúáin alla síos ó gach fearsad chun gach duine?

Chár. Chím, agus snáithín ana-chaol mar cheangal go minic ó dhuine acu go duine eile agus uaidh sin go duine eile arís.

Herm. Go díreach, a bhádóir, mar tá i ndán don duine sin díobh an duine eile sin do mharú, agus don duine eile sin an duine eile sin arís do mharú. Agus beidh an duine seo in’ oidhre i ndiaidh an duine eile úd ’na bhfuil a shnáth gairid, agus an duine eile seo in’ oidhre i ndiaidh an duine eile úd; óir sin é an brí atá leis na ceanglaibh sin. Chíonn tú, ansan, gach éinne acu ar crochadh ar aon tsnáithín amháin. Agus tarraigtear duine acu suas go hárd, go dtí ná féadann an snáth an mheáchaint d’fholag agus go mbriseann sé agus go dtiteann an duine agus go ndeineann sé a lán fothraim. Agus duine ná tógtar ach beagán ón dtalamh titeanm sé gan aon fhothram agus fanann sé ansan agus is ar éigin a thugann a chómharsain fé ndeara a thitim.

Chár. Is ait an scéal ar fad é, a Herméis.

Herm. Is fíor. Ní fheadraís a leath, a Cháróin. Féach an dúil a bhíonn acu i ngnó an tsaeil; an fuadar a bhíonn fúthu; agus iad ag imeacht i lár an fhuadair; an gleacaí sin, an bás, dhá sciobadh chun siúil. Agus nách maith na teachtairí agus na seirbhísigh atá aige, mar a chíonn tú! .i. crith, agus éagruas, agus cliabhghalar, agus slaghdán, agus claimhte, agus bithiúntas, agus nimh, agus na breithimh, agus na ríthe; agus ná cuímhníd na daoine ar aon ní dhíobh san in aon chor an fhaid a bhíonn an saol ag éirí leó; ach nuair a ghabhann an saol ’na gcoinnibh ní bhíonn acu ach “ochón!” agus “a chreach láidir é!” agus “ó cad a dhéanfad!” Ach dá gcuimhnídís ó thosach ná fuil iontu ach daoine agus go gcaithfid siad bás d’fháil, go gcaithfid siad imeacht nuair a bheidh a dtréimhse caite, mar a dhúiseódh duine a taibhreamh, agus an saol so go léir d’fhágaint ’na ndiaidh, do chaithfidís a saol níba chiallmhaire agus ní chuirfeadh an bás oiread scannradh orthu. Ach anois is dó’ leó go bhféadfaid siad fanúint anso i gcónaí, agus nuair a thagann an teachtaire, i riocht éagruais nú cliabhghalair, agus a bheireann sé greim orthu agus a thógann sé chun siúil iad bíonn fearg orthu, toisc gan aon choinne ’ bheith acu go stracfí mar sin as an saol iad. An fear san atá ag déanamh an tí sin do féin chómh dícheallach, agus ag brostú na gceárdaithe, dá n-ínstí dho go gcríochnófí an tigh ach ná híosfadh sé féin oiread agus aon bhéile amháin istigh ann; go bhfaigheadh sé féin bás chómh luath agus a bheadh an ceann ar an dtigh agus go bhfágfadh sé an tigh ag á oidhre cad ’déarfadh sé leis féin? Nú an fear san ’na bhfuil an mac óg ag á mhnaoi agus a cháirde cruinnithe aige chun na cóisireach, chun a ainme féin do chur ar an mac, an dó’ leat an mbeadh an t-áthas san go léir air anois dá mbeadh ’ fhios aige go bhfuil an mac san chun báis d’fháil nuair a bheidh sé seacht mbliana dh’aois? Ach chíonn sé an fear so thall ’na bhfuil a mhac éirithe suas aige agus é ’na ghleacaí chumasach agus bua bertha aige in sna cleasaibh lúith in aice Oluimpia. Ach ní fheiceann sé an fear eile úd ’na bhfuil a mhac tar éis bháis aige agus é dhá bhreith leis amach chun a adhlactha, ná ní heól do cad é an saghas an snáth ar a raibh sé ar crochadh. Agus chíonn tú na daoine go léir úd atá ag coímheascar i dtaobh teórann, agus iad súd atá ag bailiú saibhris, agus ansan, sara mbíonn aon phioc de thoradh a saothar acu, siúd greim orthu agus iad dá scuabadh chun siúil ag na teachtairíbh úd aduart.

Chár. Chím na nithe sin go léir agus táim dhá fhiafraí dhíom féin cad é an pléisiúr a bhíonn acu ar an saol, nú cad a baintear díobh go mbíonn an diomá go léir orthu ’na dhiaidh.

Herm. Agus féach ar na ríthibh a bhíonn os a gcionn. Ba dhó’ leat orthu go bhfaighid siad fíoráthas, go mbíd siad ar a sástacht, ó bhaol gach buairimh agus gach bárthain. Ach is mó go mór an míshásamh aigne a gheibhid siad ná an pléisiúr a bhíonn acu. Ní bhíd siad choíche gan buairt aigne orthu agus eagla namhad, agus uisce-fé-thalamh dá dhéanamh ’na dtímpall, agus fuath ag daoine dhóibh, agus plámás fíll á dhéanamh orthu; gan trácht ar na trioblóidíbh eile do thagann orthu fé mar a thagaid siad ar chách, taomanna breóiteachta agus pianta agus teinneas. Agus ansan, má bhíonn an scéal chómh dona san ag na ríthibh is uiriste a thuiscint cad é a olcas a bhíonn an scéal ag á ndaoinibh.

Chár. An bhfuil ’ fhios agat, a Herméis, cad leis go gcuirimse daoine agus a mbeatha i gcúmparáid? An bhfeacaís riamh na cluig a thagann ar uisce na habhann nuair a bhíonn sé ag rith le fánaidh? Na cluig sin dá ndeineann an t-uanán? Bíonn cuid acu ana-bheag agus pléascaid siad go luath. Bíonn cuid acu a sheasaíonn tamall agus tagann cluig eile i ngar dóibh agus súid siad chúthu iad agus ataid siad ana-mhór. Ansan pléascaid siad san, leis, uair éigin, óir ní féidir a mhalairt. Sin é an údhálta ag beatha na ndaoine. Iad go léir dá séideadh suas le gaoith, cuid acu mór agus cuid acu beag; agus cuid acu ná faigheann ach séideadh ana-shuarach nuair a phléascaid siad, agus cuid acu d’imíonn láithreach le línn iad do theacht. Ach ní foláir dóibh go léir pléascadh agus imeacht gan tuairisc.

Herm. Taíonn tú chómh maith le Hómér féin chun solaoidí ’ dhéanamh. Deir sé gur cuma na daoine nú duilliúr na gcrann.

Chár. Agus bíodh gur fíor san féach conas mar a chaithid siad a mbeatha, ag coímheascar mar gheall ar ríochtaibh agus mar gheall ar onóir agus mar gheall ar thalúintíbh, agus go gcaithfid siad na nithe sin go léir d’fhágaint ’na ndiaidh agus teacht ag triall orainne agus gan acu ach an t-obolos! Tá sé chómh maith agam, ó táimíd ar an áit árd so, glaoch orthu agus labhairt leó agus cómhairle ’ thabhairt dóibh an saothar gan tairbhe do chur uathu agus bheith ag cuímhneamh ar an mbás i gcónaí: Mar seo féach— “A dhaoine gan chiall! cad chuige dhíbh bheith chómh himníomhach? Stadaidh dúr saothar mar ní mhairfidh sibh i gcónaí. Na nithe sin ’na bhfuil an suím go léir agaibh iontu níl aon ní acu bithbhuan; agus nuair a gheóbhaidh duine bás ní fhéadfaidh sé aon ní acu do bhreith leis. Ní foláir é ’ dh’imeacht lomrachta agus a thigh agus a chuid tailimh agus a chuid óir do dhul chun daoine eile go deó, in athrach sealbha”. Nách dó’ leat, dá labhrainn amach go hárd na nithe sin agus nithe dá sórd, ón áit árd so as a bhféadfí sinn a dh’aireachtaint, gurbh fheárrde beatha na ndaoine é agus go dtiocfadh breis céille dhóibh?

Herm. A dhuine mo chroí ’stigh, ní fheadraís cad é an greim atá ag ainbhios agus ag dul amú orthu. Ní fhéadfá a gcluasa ’ dh’oscailt le tráthar, táid siad chómh stupaithe sin acu le céir, fé mar a stup Odusséus cluasa a chuallachta le heagla go n-aireóidís na Suiréana. Conas ’ fhéadfaidís tu ’ dh’aireachtaint, mar sin, dá mbeifá ag béicigh go dtí go scoilfeadh ort! An rud a dheineann Léité agaibhse thíos deineann ainbhios anso é. Tá roinnt acu, áfach, nár ghlac an chéir isteach ’na gcluasaibh, agus tá beann acu ar an bhfírinne, agus féachaid siad isteach i nithibh go géar, dhá mbreithniú, féachaint cad é an saghas iad.

Chár. Más ea nár cheart dom labhairt go hárd leó san?

Herm. An ní atá ar eólas acu cheana ní gá bheith dhá ínsint dóibh. Féach mar atáid siad ag dridim i leataoibh ón slua agus ag magadh fén obair atá ar siúl, obair ná taithneann in aon chor leó. Ba dhó’ le duine orthu go bhfuilid siad ag cuímhneamh ar imeacht as an saol ag triall oraibhse, mar tá fuath ag daoine dhóibh toisc iad a bheith ag cáineadh an ainbheasa.

Chár. Deárna libh, a lucht an chroí mhóir! Ach nách beag atá ann díobh, a Herméis.

Herm. Is beag; ach is leór iad. Téimís síos anois.

Chár. Aon ní amháin eile, a Herméis, atá uaim, agus nuair a bheidh sé sin taispeánta agat dom beidh an t-eólas go léir tabhartha agat dom. Taispeáin dom na háiteanna ’na gcuirid siad a gcuirp, mar a n-adhlacaid siad a mairbh.

Herm. Uaghanna, a Cháróin, agus leachtanna, agus tuamaí, a tugtar orthu san. Ach an bhfeiceann tú na tulcháin sin atá lasmu’ de sna cathrachaibh, agus na colamna, agus na piramidí? Áiteanna chun na marbh d’adhlacadh is ea iad san go léir.

Chár. Agus cad chuige go gcuirid siad na coróinní sin ar na clochaibh sin agus go gcimlid siad na húngtha dhíobh? Agus iad súd, féach, atá ag déanamh an chlaí ar aghaidh an tulcháin agus ag baint na díge, cad chuige go bhfuilid siad ag dó an bhídh uasail sin agus, mar a mheasaim, ag dortadh fíona agus miodha isteach in sna dígibh?

Herm. Ní fheadar ’en domhan, a bhádóir, cad é an tairbhe na nithe sin don mhuíntir atá thíos i Hádés. Ach is dó’ leó go gcurtar na hanamnacha aníos arís agus go gcaithid siad an bia, chómh fada agus is féidir é, agus iad ag imeacht anonn ’s anall tríd an ngal agus tríd an ndeatach; agus go n-ólaid siad an fíon as an ndíg.

Chár. Éimh! Iad san ag ól agus ag ithe anois agus a bplaoisceanna feóchta tirim! Ach is amadánta an gnó dom labhairt mar sin leatsa agus gur tu féin a bhíonn dhá mbreith síos ag triall orm in aghaidh an lae. Is agat atá ’ fhios an féidir dóibh teacht aníos arís tar éis iad do dhul aon uair amháin fé thalamh. Agus nách deas an cor a bheadh orm féin, a Herméis, agus a bhfuil de chúram cheana orm, dá gcaithinn ní hamháin iad do bhreith síos ach fós iad do thabhairt aníos arís chun dí ’ dh’ól. Ó a dhaoine gan chiall ná tuigeann conas mar atá gnó na mbeó agus gnó na marbh deighilte óna chéile; agus conas mar atá nithe againne, agus:—

Gur mar a chéile ansúd ag béal na huagha

An fear gan leacht is fear an leachtáin mhóir;

Iros na déarca is Agamemnón rí;

Tirsítés maol is mac Téitis na gruaige buí.

Cómhbhán cómhthirim cách uile de sna slóitibh

Ar mhághaibh Asphodeil ag gluaiseacht rómpu”.

Herm. Ó a dhaoine! Cad a bhfuil de Hómér agat dá stealladh amach chúinn? Ach ó thugais chun mo chuímhne é ní mór dhom tuama Aichilléis a thaispeáint duit. Sin é thall é ar bruach na farraige. Sin é Sígéion na Trae. Agus ar a aghaidh sin anonn atá Aias curtha i Roitein.

Chár. Ní tuamaí rómhóra iad, a Herméis. Taispeáin dom anois na cathracha úd ’na n-airímíd teacht thórsu laistíos, .i. Nínos, agus Sardanapalos, agus Baibilóin, agus Mucéna, agus Cléóna, agus Ilion féin. Is cuímhin liom gur rugas anonn mórán ón áit sin. Bhíos ar feadh deich mblian gan mo bháidín do tharrac i dtír ná do thriomú.

Herm. Tá an Nínos úd ar neamhní, a bhádóir. Níl a rian ann. Ní fhéadfá a dh’ínsint anois cá raibh an chathair sin. Ach sin í thall cathair Bhaibilóin ’na bhfuil na túir mhóra uirthi agus an falla uathásach ’na tímpall. Ach ní rófhada go mbeidh an chathair sin, leis, fé mar atá Nínos, ar iarraidh. Is nár liom Mucéna do thaispeáint duit, ná Cléóna, ná, go mór mór, Ilion, mar tá ’ fhios agam go dtachtfair Hómér chómh luath agus do raghair síos, mar gheall ar bhladhmann a chod’ filíochta. Bhí na cathracha san go léir fé ádh agus fé mhaise tamall, ach táid siad tar éis bháis. Gheibhid cathracha bás, leis, a bhádóir, chómh maith le daoine. Agus rud is iúntaí ná san féin, gheibhid na haibhní bás. Níl oiread agus caidhséar abhann Inachois le feiscint in Argos anois.

Chár. Ach aídhe, a Hóméir, cad é mar mholadh! “Ilion naofa na mbóithre leathana!” agus “Cléóna na bfallaí daingeana!” Ach, i lár ár gcainnte, cé hiad súd atá ag cómhrac agus cad chuige dhóibh bheith ag marú a chéile?

Herm. Argeiacha iad san, a Cháróin, agus Lacedemónigh, agus an rí féinne sin atá leathmharbh, sin é Ortruádés agus scríbhinn aige á dhéanamh ar an gcómhramh lena chuid fola féin.

Chár. Agus cad is bun leis an gcogadh, a Herméis?

Herm. An machaire sin ar a bhfuil an cogadh dá dhéanamh.

Chár. Ó an díth céille! Nár chóir go mbeadh ’ fhios acu dá mba le gach duine acu an Peleponésos ar fad gurbh ar éigin a gheóbhaidís troigh talún ó Aiacos. Ach beidh daoine eile ag saothrú an mhachaire sin ’na dhiaidh so agus bainfid siad an cómhramh san dá bhunaibh le céachta.

Herm. Beidh san mar sin gan amhras. Ach téimís síos anois agus cuirimís na cnuic seo ’na n-ineadaibh féin arís, agus imímís i mbun ár ngnóthaí, tusa chun do bháid agus mise chun mo theachtaireachta. Tiocfad chút sara fada ag seóladh na marbh síos chút.

Chár. Tá comaoine curtha agat orm, a Herméis. Beidh mé baoch go deó dhíot. Tá tairbhe fálta agam as an gcuaird seo mar gheall ort. Nách ait mar atá an scéal ag na daoine mí-ámharacha so! Ríthe; bluic óir; íbeartha móra; cogaí—agus gan aon chuímhneamh acu ar Chárón.

adhlacaim, adhlacadh: “to bury”, pronounced /əiləkimʹ, əiləkə/. The verbal adjective is adhlactha, pronounced /əiləkə/.
aidhm: “desire, inclination, notion, idea”; pronounced /əimʹ/. Aidhmeanna translates “hopes” here.
aineólas: “ignorance, stupidity”.
airím, aireachtaint: “to hear”, or airím, aireachtáil in GCh. Pronounced /a’rʹi:mʹ, i’rʹaxtintʹ/.
alla: see under rúán for discussion of the phrase rúán alla.
Argeiach: “Argive”, an inhabitant of Argos in Greece.
ataim, at: “to swell”.
athrach: “change, alteration”; pronounced /ɑhərəx/.
baoch: “thankful”, or buíoch in GCh.
bárthan: “defect, injury”, or bárthainn in GCh.
beach: “bee”. Beach ghabhair, “wasp” (CFBB states the meaning as “gadfly”, but the intended meaning here is “wasp”).
beann: “regard (paying attention to)”; pronounced /bʹaun/.
bearraim, bearradh: “to clip, prune; shave”. Beárr na cínn díobh, “chop their heads off”.
beó: “living”. Substantivised as “living being”.
bia: “food”. Bídh, the genitive singular, is pronounced /bʹi:gʹ/ in WM Irish. The genitive is bia in GCh. T
bithbhuan: “everlasting”; pronounced /bʹi-vuən/.
bladhmann: “bombast, boasting”; pronounced /bləimən/.
breacshlua: “a motley crew”.
breitheamh: “judge”, with breithimh in the plural where GCh has breithiúna.
caidhséar: “gullet”, i.e. a stream issuing from a fence or a hole in the ground or river. Pronounced /kəi’ʃe:r/.
caithim, caitheamh: with many meanings including “to wear; to throw; to spend”. Do shaol a chaitheamh go ciallmhar, “to lead a wise life”.
céachta: “plough”; pronounced /kʹiaxtə/.
cealg: “sting”; pronounced /kʹaləg/.
cealgaim, cealgadh: “to sting”; pronounced /kʹaləgimʹ, kʹaləgə/.
ceangal: “bond, band, tie”, with ceanglaibh in the dative plural. Pronounced /kʹaŋəl, kʹaŋəlivʹ/.
ceárdaí: “artisan, craftsman”.
cimlim, cimilt: “to rub, wipe” or cuimlím, cuimilt in GCh. Pronounced /kʹimʹilʹimʹ, kʹimʹihlʹ/. Rud do chimilt de rud eile, “to rub something with something else”.
cliabhghalar: “consumption”. This is a word not found in dictionaries. GCh has eitinn in this meaning.
colaman: “column, pillar”, or colún in GCh; with colamna in the plural.
comaoine: “favour”, or comaoin in GCh. Comaoine ’ chur ar dhuine, “to do someone a favour”.
cómharsa: “neighbour”, pronounced /ko:rsə/. Note the genitive singular and plural cómharsan, and the nominative plural cómharsain, where GCh has comharsana.
cómhbhán: “equally white”.
cómhramh: “trophy”; pronounced /ko:rəv/.
cómhthirim: “equally dry”. Pronounced /ko:-hrʹimʹ/.
corcar: “purple hue; a purple dye produced by lichen”, or corcair in GCh. Also, “purple raiment”.
creach: “spoil”. A chreach láidir é!, “I’m ruined!”
crith: “trembling, quivering”.
cruiceóg: “beehive”, or coirceog in GCh.
cuallacht: “company; the group of people attending someone”.
cuirim, cur: “to put”, but also “to bury”.
deatach: “smoke”, pronounced /də’tɑx~dʹə’tɑx/. This word is written with a slender d here, as well as in PUL’s other works; yet CFBB shows AÓL had a broad d in this word (p272).
deighlim, deighilt: “to separate”, pronounced /dʹəilʹimʹ, dʹəihlʹ/. With the verbal adjective deighilte.
déirc: “charity”. The genitive déarca is used adjectivally where GCh has déirce: a d’iarraidh déarca, “begging”.
deoch: “drink”, with dí in the genitive.
dícheallach: “diligent”; pronounced /dʹi:hələx/.
díog/díg: “ditch, trench”. Díog a bhaint, “to dig a trench”. With dígibh in the dative plural here (díograchaibh is more generally found in PUL’s works).
diomá: “disappointment”, or díomá in GCh.
dlí: “law”. Ag plé dlí, “pleading a case at law”.
dochma: “privation, hardship”. Gan dochma, “without stinting”.
dridim, dridim: “to get close to, approach, move near”, but often more generally simply “to move”; druidim, druidim in GCh. The original spelling here was druid, but some of PUL’s works use drid- (see Aithris ar Chríost, p14), which is the pronunciation shown in IWM (§407), and so this is likely to have been PUL’s pronunciation too.
drochaigne: “malice, evil disposition”; pronounced /dro-hagʹinʹi/.
éagruas: “infirmity, malady”.
éimh: an exclamation of disgust, or éamh in GCh, which is glossed in FGB as “bah!” Pronounced /e:vʹ/. This is ultimately a form of the verbal noun éamh or the imperative of the related verb éimh.
fáiscim, fáscadh: “to press, squeeze, tighten”. The verbal adjective is fáiscithe where GCh has fáiscthe.
feadar: “I know”, usually found in negative or interrogative contexts with present/past meaning, with ní fheadar meaning “I don’t know, I didn’t know”. An epenthetic vowel is found in all forms (ní fheadraís, “you don’t/didn’t know”, /nʹi: adə’ri:ʃ/). Ní fheadraís a leath, “you don’t know the half of it”.
fearsad: “spindle, axle”, or fearsaid in GCh, which uses the historical dative.
foluaimním, foluaimint: “to hover”; although GCh has a cognate verbal noun, foluain, there appears to be no finite verb. Pronounced /fə’luəminʹi:mʹ, fə’luəmʹintʹ/.
fothram: “noise, din”, pronounced /fohərəm/.
gabhar: “goat”, pronounced /gour/. See under beach.
gal: “vapour, steam”.
gar: “nearness”. I ngar do, “near to, on the point of”.
geit: “jump, start”.
gleacaí: “trickster”.
iarraidh: “request”; pronounced /iərigʹ/. Ar iarraidh, “missing, gone”.
imníomhach: “attentive, diligent”; pronounced /imʹi’nʹi:vəx/. This is a variatn of imníoch.
ínse: “inch, water-meadow”.
iúncamas: “interest, usury”, or ioncam in GCh. Pronounced /u:ŋkəməs/. PUL’s spelling was úncamas. Ag déanamh iúncamais, “lending money at interest”.
Lacedemóneach: “Spartan”, an inhabitant of Sparta in Greece. In ancient times, the kingdom of Sparta was known as Lacedaemon, with Sparta referring to its chief settlement.
leacht: “grave, grave-mound”.
leachtán: “small gravemound or memorial cairn”.
leathmharbh: “half-dead, dying”; pronounced /lʹa-vɑrəv/.
lúth: “agility”. Cleasa lúith, “athletic exercises”.
mágh: “plain”, with mághaibh in the dative plural. Pronounced /mɑ:, mɑ:vʹ/.
maise: “beauty”; pronounced /mɑʃi/. Fé mhaise, “flourishing, blessed with prosperity”.
maol: “bald”.
mearathall: “confusion”, or mearbhall. Pronounced /mʹarəhəl/ in WM Irish.
mí-ámharach: “unlucky, unfortunate”.
miodh: “mead”, or meá in GCh. With miodha in the genitive. PSD states this is pronouced miug. Consequently, the nominative and genitive are /mʹug, mʹugə/.
mioscais: “malice, ill-will”.
mórfhuil: “blue blood”, as of aristocratic ancestry; pronounced /muər-ilʹ/.
nár: “ashamed”. Is nár liom (é ’ dhéanamh), “I am ashamed (to do it)”.
nochtaim, nochtadh: “to uncover, reveal, disclose”. The verbal adjective here is nochtaithe, where GCh has nochta.
ochón: “alas!”, pronounced /u’xo:n/.
oiread: “amount”, pronounced /irʹəd/. Oiread agus, “as much as”.
piramid: “pyramid”, or pirimid in GCh.
rí: “king”. Note PUL’s use of ríthe, rather than the more common WM forms, rithe or rite, in the plural.
rúán: literally “a red thing”. In other forms of Irish, rúán alla means “sparrowhawk”, but this means “spider” in WM Irish. GCh has damhán alla in this meaning. Alla has been understood (e.g. in PSD) as a variant of allta, “wild”, but PUL’s spelling here is rabhán fhalla, suggesting a folk etymology connecting alla with falla.
sainnt: “greed.” The traditional double n, not used in GCh, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/.
Samíach: “Samian”, an inhabitant of Samos in Greece.
saothraím, saothrú: “to labour, cultivate”. An talamh a shaothrú, “to till the soil”. Pronounced /se:r’hi:mʹ, se:r’hu:/.
sátrap: “satrap”. GCh has satrap, with no lengthmark.
seilbh: “possession, occupancy”, with sealbha in the genitive. Pronounced /ʃelʹivʹ, ʃa’lu:/. The pronunciation of the genitive was given by PUL in NIWU (p94).
seólaim, seól: “to sail”. PUL’s other works have seóladh as the verbal noun.
slaghdán: “cold (the illness)”. This is used in the singular here, standing where “inflammation” is used in some English translations of Lucian. This is pronounced /sləi’dɑ:n/, as indicated in the original spelling. DBÓC had /sle:’dɑ:n/.
snáithín: “thread”.
snáth: “thread”. Snáth rúáin alla, “threads of a spider’s web”.
stupaim, stupadh: “to stop something up, stuff something in somewhere”. Compare the loan word stopaim, stop, “to stop”, where the vowel is /o/. The two verbs are conflated in GCh in the form stopaim, stopadh.
suaitheantas: “spectacle; vast number or quantity; a multitude of people”.
súim, sú: “to absorb, suck”.
suím: “interest”. This is masculine in WM Irish, but feminine in GCh.
Suiréana (na Suiréana): “the Sirens”, enchanted figures in mythology who lured sailors to shipwreck. GCh has na Síréanaí.
taibhreamh: “dream”, pronounced /təirʹəv/.
taispeánaim, taispeáint: “to show”. PUL consistently wrote this word with a broad t, as it stands in GCh, but IWM (see the note to §368) shows the pronunciation is /tʹis’pʹɑ:nimʹ, tʹis’pʹa:ntʹ/ (or /tʹi’ʃa:nimʹ, tʹi’ʃa:ntʹ/) in WM Irish. A slender t is shown in the LS editions of PUL’s works (e.g. Shiàna, p43). Note the slender n in the imperative, taispeáin.
tirim: “dry”, pronounced /trʹimʹ/. PUL regularly spells this word tirm.
tiubaisteach: “calamitous, disastrous”, or tubaisteach in GCh, which form aligns better with available evidence regarding dialectal pronunciation. Tubaisteach is also found in PUL’s Séadna.
tochraisim, tochrais: “to wind (of yarn)”, or tochraisim, tochras in GCh. Pronounced /toxəriʃimʹ, toxəriʃ/.
traochaim, traochadh: “to wear out, exhaust”.
tráthar: “auger (tool for boring holes)”, or tarathar in GCh.
trioblóid: “trouble”, pronounced /trʹubə’lo:dʹ/.
triomaím, triomú: “to dry”.
troigh: “foot (measurement)”. Pronounced /trigʹ/.
tuama: “tomb, sepulchre”.
tulchán: “hillock, mound”; pronounced /tulə’xɑ:n/.
uaigh: “grave”. Note the genitive singular uagha, in contradistinction to uaighe in GCh. The plural is uaghanna (GCh has uaigheanna). Pronounced /uəgʹ, uə, uənə/.
uanán: “froth, foam”; pronounced /u:’nɑ:n/.
údhálta: “the exact same way or condition”, pronounced /u:’ɑ:lhə/ according to the transcription of this word in chapter 19 of the LS edition of Séadna. Osborn Bergin’s transcription of this word in his LS edition of PUL’s Aesop a Tháinig go hÉirinn implies /uː’ɣɑːlta/. FGB has an entry for urdhálta, but crossreferenced to dála (i.e., dáltha).
uisce-fé-thalamh: “intrigue”, or uisce faoi thalamh in GCh.
úngadh: “ointment” or “anointing”, with úngtha in the plural, where GCh has ungthaí.

Advertisements
This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s