Lúcián 28

XXVIII. Tímón nú an Fear a Thug Fuath do Dhaoine

Tím. Ó, a Iúpiteir; a Charadaigh; agus a Oinigh; agus a Chúmpánaigh; agus a Thínteánaigh; a Splanncaire; agus a Mhionnacheap; agus a scuabaire na scamall; a fhothramálaí mhóir; agus pé ainm eile is maith leis na filíbh buile seo do ghlaoch ort; go mór mór nuair a bhíonn ciscéim bacaí sa dán acu; (mar tá oiread san ainmneacha ortsa go bhféadann ainm éigin leat an lúb ar lár do thógaint dóibh agus an bheárna do dhúnadh sa tómhas) ca bhfuil an splannc úd an fhothraim mhóir anois uait? Agus an bhúirtheach thóirthní? Agus do chaor uathásach a bhíodh id láimh agat ar dearglasadh? Ní dheallraíonn an scéal anois go bhfuil iontu súd go léir ach fiannaíocht agus gal suip filíochta ar fad, ach amháin a bhfuil d’fhothram in sna hainmneachaibh atá orthu. Agus an t-arm oirirc, faidbhéimneach, luathghníomhach san agat, ní fheadar cad ’tá imithe air. Tá sé in éag ar fad agat. Tá sé fuar, gan oiread agus spré feirge tar éis fanúint ann in aghaidh drochdhaoine. Duine den mhuíntir a bheadh ag cuímhneamh ar leabhar éithigh a thabhairt, is mó an t-eagla ’ bheadh aige roimis an mbuaiceas a múchadh inné ná mar a bheadh air roime do chaor uilechómhachtach. An chuma ’na gcaitheann tú spalla beag tine leó ní chuireann an teas ná an deatach uaidh aon eagla orthu. Ní mheasaid siad go ndéanfar de dhíobháil dóibh ach go mb’fhéidir go smearfadh an sú iad. Uime sin níorbh iúnadh an Salmónéus úd do dhéanamh na tóirthní id choinnibh. Níorbh aon dóithín é. Bhí sé teasaí uaibhreach, agus Iúpiter chómh leamhfhuar. Cad ’na thaobh ná déanfadh agus tusa id chodla fé mar a bheadh suan an mhandráic ort? Ní airíonn tú lucht na mionn éithigh. Ní fheiceann tú lucht na héagóra. Tu leathchaoch, gearr-radharcach, i dtaobh drochghníomhartha, agus tu spaidchluasach, ar nós daoine aosta. An fhaid a bhís óg, cróga, dásachtach i t’fheirg, dheintá a lán nithe in aghaidh lucht éagóra agus éigin. Ní thugthá choíche aon tsos cómhraic dóibh. Bhíodh do chaortha ag imeacht coitianta, agus do thóirthneach ag búirthigh, agus do sciath dá suathadh agat, agus do splanncracha dá stealladh uait ’na gceathannaibh agat. Ba mhar a chéile an luascadh talmhan a dheintá agus luascadh créithir. Bhíodh do shneachta ’na chruachaibh. Bhíodh do chloich-shneachta ’na clochaibh móra. Agus ionas go labharfainn leat go mórbhriathrach, bhíodh t’fhearthainn ’na taoisceannaibh diana, gach braon chómh mór uisce le habhainn. B’in é fé ndeár an léirscrios a deineadh in aon neómat amháin in aimsir Dheucalion, nuair a bádh gach aon rud le huisce agus gurbh ar éigin a chuaigh aon bháidín beag amháin saor go Lucórés, lenar sábháladh síol beag daonna, ónar shíolraigh olc ba mhó. Tá a rian air; tá tuarastal do spaidiúlachta agat dá fháil uathu. Ní dheineann éinne aon íbirt chút anois, ná ní chuireann éinne coróinn ort, mara ndéanfadh duine éigin é i ndiaidh na nOluimpiach. Ní dheineann sé sin féin é ach nách maith leis an seananós do bhriseadh. Ní fada go mbeidh t’onóir go léir bainte dhíot acu, a phlúr na ndéithe! Agus gan ionat ach Cronos acu! Ní bhacaim trácht ar a mhiniceacht a robáladar do theampall ort. Dhein cuid acu thu féin do láimhseáil in Oluimpia, agus níor dheinis-se, a ghiolla na tóirthní móire!, oiread agus na gadhair do chur leó, nú glaoch ar na cómharsain i dtreó go mbéarfí orthu sara bhféadfaidís imeacht. Agus tusa, an t-uasal a mhairbh na fathaigh agus a bhuaigh ar na Tíotánaibh, d’fhanais ansúd id shuí ar do shuaimhneas an fhaid a bhíodar ag bearradh na gruaige dhíot, agus caor tóirthní ’na raibh deich gcúbait ar faid ann id láimh dheis agat! Innis dom, a rí na ndéithe, cathain a stadfair den neamhshuím seo agat i ndrochbheartaibh den tsórd san? Nú cathain a dhéanfair díoltas ar a leithéid d’éagóir? An mó Phaeton nú an mó Deucalion is leór dá leithéid d’easúmhlaíocht ó dhaoine? Gan trácht ar nithibh coiteanna, féach mo scéal féin, féach ar árdaíos d’Atéineachaibh, ag déanamh daoine saibhre de dhaoinibh a bhí dealbh go maith, ag cabhrú le daoine a bhí ’na ghátar, ag scaipeadh mo choda go fórleathan ar mo cháirdibh, agus anois nuair atá an obair sin tar éis duine bocht a dhéanamh díom ná haithníd siad in aon chor me. Níl aon mheas acu anois orm bíodh go raibh árdmheas roimis seo acu orm agus urraim acu dhom agus iad ag faire chun bheith úmhal dom. Má bhuaileann duine acu umam ar an mbóthar gabhann sé thorm gan me d’aithint mar a gheóbhadh sé thar an lic a bheadh ar lár le himeacht aimsire, ar uaigh duine éigin a fuair bás i bhfad ó shin. Nuair a chíd tuilleadh acu uathu ag teacht me iompaíd siad bóthar eile le gráin orm agus le doicheall rómham, in inead me ’ bheith im dhea-theangmhálaí rafar dóibh mar a bhínn tráth. I gcás go bhfuil an donas tar éis me ’ chomáint amach san áit imigéiniúil seo agus casóg leathair umam agus me ag obair, ag saothrú an tailimh ar cheithre oboloisíbh sa ló, agus me ag déanamh mo mhachnaimh san uaigneas os cionn mo ghrafáin. Tá an méid seo sóláis agam, áfach. Ní bheidh mé ag féachaint a thuilleadh ar a lán daoine go bhfuil orthu ádh nách fiú iad. Crá rómhór é sin. Ach croith dhíot fé dheireadh thiar thall, a mhic Chronois agus Réa, an tromchodladh fada suairc seo atá ort (is sia é ná codladh Epimeinídéis), agus séid ar lasadh do chaor tóirthní, nú sáigh isteach in Aetna é go lasaidh sé ’na bhladhm mhór, agus taispeáin dúinn iarracht den fhearg a bhíodh i Iúpiter óg; mara rud é gur fíor a ndeirid Crétánaigh, .i. go bhfuilir marbh curtha.

Zeús. Féach airiú, a Herméis, cé hé sin atá ag screadaigh a hAttica, ag bun cnuic Huméttois? An t-anacróir salach san go bhfuil an seithe mar chasóig uime? Is dó’ liom gur ag rómhar atá sé. Tá sé ar a chromadh. Fear dána cainnteach is ea é. Ní foláir nú is philosopher éigin é nú ní labharfadh sé an chainnt mhaslaitheach san ’nár gcoinnibhne.

Herm. Cad é sin agat á rá, a athair? Ná haithníonn tú Tímón mac Ecratídéis, an Colutéach? Sin é an té úd a fhriotháladh sinn go minic le móríbirtíbh; an té úd a saibhríodh go hobann agus a dheineadh na híbirtí céad chúinn agus go ndeinimís na Diásacha do chomóradh chómh hálainn in’ fhochair.

Zeús. Ochón! Cad é mar athrú! An duin’ uasal san a bhí chómh saibhir! Agus ’na mbíodh oiread san daoine muínteartha tímpall air! Cad d’imigh air in aon chor? Cad a dhein anacróir bocht mífhoirtiúnach mar sin de, ag rómhar ar a phá mar atá sé agus an grafán trom san á chasadh aige?

Herm. Déarfadh duine gur dea-mhéinn a chreach é, agus dea-chómharsanacht, agus atrua don mhuíntir a bhíodh i ngátar. Ach le fírinne is amadántacht a chreach é, agus míchiall, agus drochbhreithiúntas i dtaobh na gcarad a thoghadh sé. Níor thug sé fé ndeara gur do mhachtíríbh agus d’fhiachaibh dúbha a bhí caradas aige dá thabhairt. Na héin chraosacha ag ithe na n-ae aige agus ná leogfadh an t-aimhleas do a thuiscint nách caradas ná grá ná ionúine a bhí dhá gcimeád in’ fhochair ach corp dúil sa digh a thugadh sé dhóibh. Do lomadar a chnámha agus do chreimeadar iad mórthímpall, agus má bhí smior iontu do shúdar astu é glan, agus ansan d’imíodar uaidh agus d’fhágadar ’na ndiaidh é feóchta tirim, geárrtha ó phréimh, agus ní aithneóidís é ná ní fhéachfaidís air as san amach (ní nách iúnadh) chun cabhair ná cúnamh a thabhairt do, tar éis ar dhein sé dhóibh. Sin é fé ndeara dho bheith ag rómhar, agus casóg leathair air, mar a chíonn tú. Do rith sé as an gcathair mar bhí náire air. Tá sé ansúd ag saothrú an tailimh ar a phá, agus an mí-ádh tar éis é ’ chomáint as a mheabhair; mar go bhfeiceann sé na daoine ’nar thug sé an saibhreas dóibh ag bualadh thairis chómh coímhtheach san gur dhó’ le duine orthu nách eól dóibh an Tímón is ainm do in aon chor.

Zeús. Go deimhin féin ní neamhshuím is cóir a chur sa bhfear san. Ní ceart gan féachaint chuige. Ní hiúnadh a mhórmhí-ádh ’ bheith tar éis a chomáint as a mheabhair. B’olc an mhaise dhúinne dá ndeinimís mar a dheineadar na plámásaithe fíll úd, dá mba ná cuímhneóimís ar an bhfear a loisc ar ár n-altóraibh oiread ceathrúna méithe mart agus gabhar. An balaith saibhir a bhí uathu tá sé im shróin fós. Ach níor fhéachas i dtreó Attica le fada dh’aimsir anois. Ní raibh uain agam air. Bhíos tógtha suas ar fad ag lucht mionn éithigh agus ag lucht foghla agus ag lucht éigin, bhí a leithéid sin de ghleó acu á dhéanamh. Dá éaghmais sin bhí eagla na maslaitheóirí orm. Aicme líonmhar is ea iad agus is deocair faire ’ dhéanamh orthu. Ní leogaid siad dom néal do chodladh. Agus an aicme seo an aighnis, na filosofigh seo a bhíonn ag coímheascar mar gheall ar fhoclaibh, tá oiread san glóir acu ní féidir dom guí do chlos ó éinne mar gheall orthu. Táim bodhar acu. Caithim suí anso agus mo chluasa ’ chimeád stupaithe nú do bhainfidís m’éisteacht díom ag callaireacht in éineacht, in árd a gcínn ’s a ngutha, i dtaobh brí éigin, nú neamhchorp nú neamhnithe eile den tsórd san. B’in é cúis dúinn dearúd a dhéanamh den duine seo nách cóir in aon chor a dhearúd. Ach imigh láithreach, a Herméis, ag triall air, agus beir leat Ploutos, agus beireadh Ploutos Tesauros leis agus fanaidís araon i bhfochair Thímóin agus ná tagaidís uaidh go fuiriste pé dícheall a dhéanfaidh sé feasta ar iad do chomáint as a thigh arís le neart dea-ghníomh. Ní mór dhom féin breithniú ar ball ar lucht an phlámáis agus an easpa baochais, féachaint cad é an pionós is ceart a chur orthu mar gheall ar a bhfuil déanta acu ar Thímón. Curfar orthu an pionós chómh luath agus ’ bheidh an caor tóirthní seo deisithe agam. Do briseadh agus do maolaíodh an dá bheann is mó air an uair úd, le déanaí, a chaitheas é leis an sophist úd Anacsagoras. Bhí sé dhá áiteamh ar a dheisceabalaibh ná raibh ár leithéidíne in aon chor ann ’nár ndéithibh. Chuireas iomad fuinnimh leis an urchar. Níor bhuaileas é mar do thóg Periclés a lámh os a chionn. Ach do ghluais an caor tóirthní isteach sa teampall úd, an tAnaceion. Do loisceadh an teampall agus is beag ná gur deineadh smidiríní den chaor i gcoinnibh na carraige. Agus anois beidh pionós ana-chruaidh ar lucht an phlámáis agus an neambaochais nuair a chífid siad Tímón in’ fhear ana-shaibhir arís.

Herm. ’Sea! Nách mairg ná déanfadh búirtheach, agus fothram, agus dánaíocht! Peocu feárr cás do phlé é nú feárr guí a dhéanamh! Féach a thapúlacht a bheidh Tímón in’ fhear shaibhir anois, ó bheith in’ anacróir bhocht dhealbh, toisc gur bhéic sé chómh hárd agus gur labhair sé chómh dána. Chuir sé ’ fhéachaint ar Zeús éisteacht lena ghuí. Dá bhfanadh sé ciúin, ag rómhar ar a chromadh, is ag rómhar a dh’fhanfadh sé, agus ní curfí suím ann.

Plout. Ní raghadsa ag triall air siúd, a Iúpiteir!

Zeús. Cad ’na thaobh, a Phloutois, a uasail, agus mise dhá rá leat dul?

Plout. Mar thug sé tarcaisne dhom, dar fia. Do tharraig sé amach me agus gheárr sé im chodaibh beaga me, bíodh gur chara dá athair me. Is beag ná gur dhíbir sé amach as a thigh me le píce. Chaith sé uaidh me fé mar a chaithfeadh duine sméaróid tine as a láimh. An amhlaidh a raghad ag triall air arís chun me ’ thabhairt do lucht plámáis agus do lucht itheacháin agus do leannánaibh? Cuir me, a Iúpiteir, ag triall ar an muíntir a thuigfidh cad is fiú me, ag triall ar an muíntir a ghlacfaidh le grá me, go mbeidh urraim acu dhom agus dúil acu ionam. Ach na brealláin seo a dheineann cómhluadar leis an ndealús, agus gur feárr leó an dealús ná mise, agus go dtugann an dealús casóga leathair agus grafáin dóibh, bíodh na cheithre hoboloisí acu anois agus deinidís leó, tar éis na mílte úd a chaitheadar uathu i mbronntaisíbh.

Zeús. Ní dhéanfaidh Tímón aon rud den tsaghas san leatsa a thuilleadh. Tá ciall cheannaigh múinte ag an ngrafán do, .i. gur fearra dho thusa ná an dealús; mara rud é ná cuireann teinneas ’na chaoldrom aon chlóic air. Ach dar liomsa ní rófhuiriste tu ’ shásamh. Taoi ag gearán anois ar Thímón toisc gur oscail sé a dhóirse dhuit agus gur thug sé cead do chos duit; nár chimeád sé istigh thu agus ná raibh sé ag faire go héadmhar ort. Uair eile bhí a mhalairt sin de ghearán agat ar na daoine saibhre .i. go gcimeádaidís fé ghlasaibh agus fé dhaingeanaibh tu dúnta suas agus fé shliochtaibh séalaí, i dtreó ná bíodh ar do chumas oiread agus féachaint amach sa tsolas. Dheinis do ghearán liomsa mar gheall ar na nithibh sin agus dúraís go rabhais ’od mhúchadh leis an ndoircheacht mór. Ar an abhar san d’fhéachais go bán im shúilibh féin, agus lán de bhuairt, agus bhí do mhéireanna crapaithe, mar gheall ar an síorchómhaireamh. Agus bhís á rá go n-éalófá uathu ar fad dá bhfaighfá an chaoi. Dar leat ba chruaidh an cás é, tu ’od chimeád go seasc, ar nós Danáé, istigh i seómra práis nú iarainn, agus gan ag friothálamh bídh ort ach an bheirt ghéar drochaigeanta úd, .i. Iúncamas agus Cómhaireamh. Dúraís go raibh ní áiféiseach acu dhá dhéanamh, grá thar na beartaibh acu dhuit agus ná leómhfaidís aon úsáid a dhéanamh díot, bíodh ná raibh bac orthu ann, ná a ngrá do shásamh ar a suaimhneas, bíodh go rabhais féna smacht. Iad ansúd san oíche gan néal do chodladh ach iad ag tabhairt aire dhuit, ná dúnfaidís súil ach iad ag faire go súiloscailte ar an séala agus ar an sabh, agus nár bheag leó de shochar dóibh féin asat a bheith ar a gcumas gan aon phioc ded shochar do leogaint le héinne eile; ar nós an mhadra sa mhainséar ná féadfadh an coirce ’ dh’ithe agus ná leogfadh don chapall é ’ dh’ithe. Bíonn tú ag gáirí úmpu mar gheall ar bheith ’od chimeád chómh haireach gan úsáid a dhéanamh díot, agus rud is fíoriúntach, éad orthu chúthu féin mar gheall ort; agus gan ’ fhios acu an bithiúnach seirbhísigh, nú reachtaire, nú múinteóra, ’ bheith thíos, i ganfhios, i gcúil an fhíona agus é caoch ar meisce, an fhaid a bhíonn an máistir mírafar, aimhleasta, ag faire ar thoradh an iúncamais, gan de sholas aige ach an lóchrann dúr go bhfuil an buaiceas ar bheagán íle ann. Conas nách éagóir duitse an obair sin do lochtú roimis seo agus Tímón do lochtú anois mar gheall ar a mhalairt sin ar fad d’obair?

Plout. Dá mb’áil leatsa fírinne an scéil do bhreithniú ó gach taobh do chífá ná fuil an éagóir agam in aon taobh acu. An rabairne sin a dheineadh Tímón ní dea-mhéinn é, im thaobhsa dhe, ach neamhshuím. Agus an mhuíntir úd a chimeádadh dúnta istigh sa doircheacht me ’om chur i méid thar na beartaibh; ná déanfaidís féin úsáid díom agus ná tabharfaidís amach sa tsolas me le heagla go bhfeicfeadh éinne me; dar liom is daoine buile iad san, agus deinid siad éagóir tharcaisneach ormsa, ’om chimeád ag lobhadh agus ag dreó fé ghlasaibh agus gan aon rud déanta as an slí agam; agus gur chóir go mbeadh ’ fhios acu nách rófhada go gcaithfid siad imeacht agus me ’ fhágáilt ag duine éigin eile de lucht an tséin. Dá bhrí sin ní mholaim iad san. Ní lú ná a mholaim lucht rabairne. Molaim an mhuíntir a chuireann, mar is ceart, teóra leis an ngnó; an mhuíntir ná bíonn rórabairneach ná róchruagálach im thaobh. Ach is é rud a chuireann ar deargbhuile me ná an chuma ’na mbíonn aicme daoine ag gabháil de chosaibh ionam, ’om ithe agus ’om ídiú, agus aicme eile ag cur ceangail na gcúig gcaol orm mar a curfí ar chuirpeach fánaí ’na mbeadh rian an iarainn dheirg air.

Zeús. Agus cad is gá dhuit bheith i bhfeirg leis an dá aicme sin? Nách eól duit go dtagann togha pionóis orthu araon? Sin aicme acu, ar nós Tantalois, ag méanfaíoch ar an ór, gan ithe ná ól acu, ach béil thiorma; agus an bia dá sciobadh amach as a gcúlchraos ón aicme eile, ag na hArpaíbh, ar nós Phinéuis. Ach imigh ort anois agus gheóbhair ag Tímón ciall mhór ná raibh aige.

Plout. Agus an stadfaidh sé choíche de bheith ’om tharrac amach chómh dásachtach, mar a scaoilfí amach me a árthach a bheadh pollta, go dtí go mbead imithe ar fad? Ba dhó’ le duine air gurb amhlaidh ba mhian leis me ’ leogaint amach sara dtiocfadh an iomad díom isteach, le heagla go múchfainn é. Tá an tslí amach ana-mhór aige. Measaim gurb é rud a bheidh agam á dhéanamh ná ag cur uisce isteach sa mheidir úd iníonacha Danáé, agus an t-uisce ag rith amach trí thóin na meidre chómh tiubh agus a chaithfead isteach é.

Zeús. Ná bíodh ceist ort. Mara ndúnaidh sé an poll go luath ní fada go mbeidh tusa imithe amach uaidh glan agus ansan gheóbhaidh sé an chasóg leathair agus an grafán arís sa dríodar i dtóin na meidre. Imigh ort anois agus dein fear saibhir de. Agus, a Herméis, ná dearúidse na Cúclópa do thabhairt chúm a hAetna, ag gabháil aníos duit, chun go ndéanfaid siad an caor tóirthní seo do dheisiú agus do bhiorú dhom. Ní fada go mbeidh gnó agam de agus é bioraithe.

Herm. Téanam ort, a Phloutois. Cad é sin ort, a dhuine? Tá ciscéim bacaí ionat. Bhí ’ fhios agam tu ’ bheith caoch ach níor thugas fé ndeara an bhacaí ’ bheith ort, leis.

Plout. Ní bhím bacach i gcónaí, a Herméis. Nuair a chuireann Zeús uaidh me mar seo ag triall ar dhuine bím ríghin agus bíonn an bhacaí im dhá chois i dtreó gurb ar éigin ’ fhéadaim an chuaird a chríochnú, agus go mbíonn an té ’na mbím ag dul ag triall air ’na sheanduine sara sroisim é. Nuair a bhím ag teacht uaidh, áfach, bíonn sciatháin le feiscint orm i dtreó gur luaithe me ná na héin, agus nách túisce do leagtar an bata ná mar a fógarthar an bua dhom. Cuirim an talamh díom chómh géar san gur minic ná feictear me ag gluaiseacht.

Hermés. Go deimhin féin, a Phloutois, ní fíor duit sin. D’fhéadfainnse a lán daoine ’ thaispeáint duit gur deineadh daoine saibhre dhíobh obann go leór. Is eól dom duine acu agus bhí sé lá gan oiread agus obolos aige lena gceannódh sé blúire ’ théad chun é féin do chrochadh, agus la ’rna mháireach a bhí chúinn bhí sé ’na shuí i gcóiste agus seisreach gheal dhá tharrac! Fear ná raibh fiú asal riamh roimis sin aige! Tá sé féin agus tuilleadh dá shórd, anois ag gluaiseacht go ceannárd agus clócaí dearga orthu agus fáinní óir ar a méireannaibh, agus nách fios dóibh féin, is dócha, ná d’éinne eile, nách saibhreas aislinge atá acu.

Plout. Scéal eile é sin, a Herméis. Ní har mo dhá chois féin a bhím ag siúl nuair a bhím ag dul ag triall orthu san, agus ní hé Zeús ach Ploutón a chuireann ag triall orthu me. Is bronntóir saibhris Ploutón, leis, mar is léir ón ainm atá air, agus tá sé fial. Nuair a bítear, an dtuigir, chun me ’ thabhairt ó dhuine go duine eile curtar isteach i ndeltos me, i gcúmhdach tríchúinneach, agus curtar séala orm agus árdaítear chun siúil me. San am gcéanna fágtar an corpán i gcúinne dhorcha éigin den tigh agus seanéadach lín ar a ghlúinibh agus na cait ag coímheascar ’na thímpall. Na daoine a bhíonn ag brath ar oidhreacht bíd siad ansúd ar an bhfaiche ag feitheamh liom agus a mbéil ar leathadh ar nós na ngeárrcach sa nid nuair a chíd siad a máthair ag teacht. Ansan, nuair a baintear an séala den chúmhdach, agus a geárrthar an ceangal, agus do hoscaltar an deltos, agus a glaeitear ainm an té gur leis me feasta, peocu gaol é nú plámásaí nú feallaire seirbhísigh, beireann sé orm féin agus ar an ndeltos agus sciobann sé chun siúil me agus ritheann sé leis féin. Ansan bíonn ainm nua air, Megaclés nú Megabásos nú Prótarchos, in inead a sheanainme, .i. Purrias nú Dromó nú Tibíos. An chuid eile den lucht feithimh, áfach, bíd siad go dúbhach agus go brónach ag féachaint ar a chéile, a súile ar leathadh acu, agus iad ag cuímhneamh ar an bpreabaire breá ronnaigh a dh’imigh as an líon uathu — tar éis ar chailleadar leis!

Ach an fear a gheibheann me, seo mar a dheineann sé, toisc é ’ bheith ’na bhastún. Beireann sé greim docht orm, agus eagla na lainncisí air fós, agus má airíonn sé fothram fuipe tagann bior ar a dhá chluais. Má chíonn sé tigh na hoibre bíonn urraim aige don tigh sin mar a bheadh ag duine do theampall. Tugann sé tarcaisne do sna cómharsain i dtreó nách féidir d’éinne cur suas leis. Sciúrsálann sé na daoir díreach mar a sciúrsáltí é féin agus bíonn iúnadh air é féin a bheith ag déanamh na sciúrsála in inead bheith dhá folag mar a bhíodh sé. Fé dheireadh, buaileann droch-chómhluadar uime; nú tugann sé aghaidh ar oiliúint eachra; nú tugann sé é féin suas do lucht plámáis a bhíonn dhá áiteamh air gur dathúla é ná Niréos; gurb uaisle é ná Cecrops agus ná Codros; gur géarchúisí é ná Odusséus; gur saibhre é ná sé Chroésos déag in éineacht. Ar leagadh na súl, sin imithe an saibhreas go léir úd a bailíodh chómh cruaidh, ’na chodaibh beaga, i ndiaidh ar ndiaidh, le leabhraibh éithigh agus le gníomharthaibh gadaíochta agus éagóra nárbh fhéidir a chómhaireamh.

Herm. Is beag ná go bhfuil an fhírinne sa méid sin agat. Ach nuair a ghluaiseann tú de shiúl do chos féin conas ’ fhéadann tú eólas na slighe ’ dh’fháil agus tu caoch? Agus conas ’ aithníonn tú na daoine ’na gcuireann Zeús ag triall orthu thu nuair a mheasann sé gur ceart iad a dhéanamh saibhir?

Plout. Agus an amhlaidh is dó’ leat go bhfaighim eólas! Agus go bhfaighim amach cé hiad!

Herm. Ambasa ach tá an ceart agat. Ní bhfaigheann tú amach iad. Dá bhfaighthá ní gheófá thar Aristídés agus ag triall ar Hippoménicos, agus ar Chaillias, agus ar a lán eile Aténach nách fiú obolos iad. Ach cad a dheineann tú nuair a curtar chun siúil tu?

Plout. Ní dheinim ach bheith ag fánaíocht síos agus suas agus ag rith anonn ’s anall go ráiníonn do dhuine éigin bualadh umam. An chéad duine a bhuaileann umam beireann sé greim orm agus cimeádann sé me agus tógann sé leis me agus ansan tugann sé baochas an tsaibhris duitse, a Herméis.

Herm. Den réir sin buailtear bob ar Zeús. Measann sé go dtugann tusa an saibhreas don té dár dual de réir a bhreithiúntais féin.

Plout. Buailtear, a mhic ó, agus is maith an ceart. Tá ’ fhios aige me ’ bheith caoch agus cuireann sé me ag lorg ruda atá fíordheocair le fáil sa tsaol, rud atá imithe as an saol le fada riamh, rud nárbh fhuiriste do Lungéus féin a dh’fháil, tá sé chómh beag san agus chómh deocair a dh’fheiscint. Dá bhrí sin, ó táid daoine fónta chómh gannachúiseach agus drochdhaoine chomh hiomadúil agus gur leó gach ní in sna cathrachaibh, is rófhuiriste dhómhsa, im fhánaíocht, teangmháil leis na drochdhaoinibh agus titim chúthu isteach ’na líntibh.

Herm. Ach nuair a bhíonn tú ag imeacht uathu conas ’ fhéadann tú imeacht agus gan eólas na slí agat?

Plout. ’S dó’ bíonn, ar chuma éigin, radharc ana-ghéar agam agus cuisíocht mhaith an uair sin, an fhaid a bhím ag imeacht, bíodh ná bíonn ach an fhaid sin.

Herm. Innis an méid seo dhom i dteannta na cod’ eile. Táir caoch. Ní foláir é ’ dh’ínsint duit. Táir mílítheach. Táir tromchosach. Conas a thárla, dá ainneóin sin go léir, oiread lucht grá ’ bheith agat? Bíonn gach éinne ag féachaint id dhiaidh. Má bhuaileann tú úmpu bíonn áthas an domhain orthu. Má chaillid siad thu is cuma nú bás dóibh é. Is eól dom féin cuid acu agus ní cuid bheag é, agus táid siad chómh mór san i ngrá leat gurbh fhonn leó, dá mba dhó’ leó go mbainfí dhíobh thu, seasamh ar mhullach carraige, os cionn na farraige, agus iad féin do chaitheamh síos le fánaidh i measc na míol mór. Agus go deimhin ní foláir duit féin a dh’admháil, má thuigeann tú in aon chor cad é an saghas tu, gur ar deargbhuile a bhíd siad agus bheith ag rith i ndiaidh do leithéid le grá dhuit!

Plout. Agus an amhlaidh a mheasann tusa go bhféachaimse ’na súilibh siúd díreach mar atáim, bacach, agus caoch, agus lán de sna drochthréithibh eile seo atá ionam?

Herm. Cad eile conas ’ fhéachfá ’na súilibh, mara rud é go bhfuilid siad féin chómh caoch leat?

Plout. Ní caoch atáid siad, a mhic ó, ach ainbhios agus dul amú a bheith ’na scamallaibh anuas orthu, fé mar atá anuas ar gach aon rud anois. Dá éaghmais sin deinim féin, i dtreó ná beadh an donas ar fad orm le míchúmthacht, cealltar álainn óir agus seód do chur ar m’aghaidh agus culaith thaithneamhach ioldathach do chur umam, nuair a bhím ag teacht ’na radharc. Ansan, nuair a chíd siad me measaid siad gurb í m’áilleacht féin a chíd siad agus titid siad i ngrá liom, agus bíd siad i riocht dul chun báis le neart buartha toisc nách féidir leó greim ’ fháil orm. Ach dá mbaintí dhíom go beacht agus ansan me ’ thaispeáint dóibh ní baol ná go mbeadh seirithean acu orthu féin mar gheall ar bheith chómh caoch, agus mar gheall ar ghrá ’ thabhairt do rud chómh mísciamhach.

Herm. Ach nuair a bhíonn an saibhreas acu agus an púicín curtha ar a súilibh acu cad uime go leanaid siad den dul amú? Ní hea ach dá gceapadh éinne an púicín a bhaint dá súilibh ba thúisce leó scarúint leis an gceann ná scarúint leis an bpúicín. Ní féidir dóibh an uair sin gan an scéal do thuiscint mar bíonn radharc ar gach ní acu ón dtaobh istigh.

Plout. Bíonn a lán rudaí ag cabhrú liomsa an uair sin féin, a Herméis.

Herm. Cad iad féin?

Plout. Nuair a bhuailim uime dhuine an chéad uair agus nuair ’ osclann sé a dhoras chun me ’ bhreith leis isteach ’na thigh tagann isteach in éineacht liom, i ganfhios do san, Uabhar agus Éirí ’n áirde agus Míchiall agus Drúisiúlacht agus Tarcaisniúlacht agus Feall, agus na mílte eile rudaí den tsórd san. Ansan, nuair a bhíd siad san go léir socair i seilbh in’ aigne, molann sé an rud nár chóir a mholadh agus is ionúin leis an rud ba chóir a sheachnadh, agus bíonn árdurraim aige dhómhsa, bíodh gur me is athair do sna holcaibh úd go léir a tháinig isteach liom, agus gurb iad mo ghárda iad, agus d’fhuiliceódh sé aon rud in aon chor níba thúisce ná mar ’ fhuiliceódh sé scarúint liom.

Herm. Is sleamhain an buachaill tu, a Phloutois, agus is slím an buachaill tu, agus is ana-dheocair greim a chimeád ort. Sleamhnaíonn tú a láimh dhuine, ar chuma éigin, mar a dhéanfadh an eascú nú an phiast, agus ní féidir leis an láimh greamú ar aon rud ionat. Ní mar sin don Dealús, áfach. Is cuma é nú bainne cí’ na n-éan. Is an-uiriste greim a chimeád air. Ní hea ach is ródheocair scarúint leis. Táid na mílte dúán ar gach aon bhlúire dhe, i dtreó, an té ’ théann ’na ghaire, go mbeirtear greim air agus gurb ana-dheocair do é féin do réiteach. Ach féach; táimíd ag cainnt agus tá dearúd mór déanta againn.

Plout. Cad é an dearúd é, is dó’?

Herm. Níor thugamair Tesauros linn agus ní féidir dúinn déanamh in’ éaghmais.

Plout. Ná bíodh ceist ort i dtaobh an méid sin. Nuair a bhímse ag teacht aníos ag triall oraibhse fágaim thíos é fén dtalamh agus abraim leis fanúint sa bhaile agus an doras do dhúnadh agus gan oscailt d’éinne mara n-airídh sé mise ag glaoch air.

Herm. Téanam ort, más ea, go hAttica. Tar anso im dhiaidh agus beir greim ar eireaball mo chasóige agus cimeád do ghreim go mbeimíd ann.

Plout. Is maith atá san déanta agat, a Herméis, an greim lámha sin do thabhairt dom. Mara mbeadh an greim is amhlaidh a bheinn ag fánaíocht agus b’fhéidir gurb é an cladhaire sin Huperbolus, nú an cuirpeach eile sin Cléón, a gheóbhadh greim orm! Ach cad é an fothram é seo mar a bheadh fothram iarainn i gcoinnibh cloiche?

Herm. Tímón atá ag rómhar thall ansan, agus tá an talamh cruaidh agus é lán de chlochaibh. Agus féach airiú! Tá daoine ’na theannta; Uireaspa; agus Saothar úd; agus Neart; agus Eagna; agus Meanmna; cuallacht mhór den mhuíntir a bhaineann le hocras; agus is feárr iad go mór ná do chuallachtsa.

Plout. Nách fearra dhúinn casadh thar n-ais láithreach, a Herméis? Ní féidir aon rud ab fhiú ’ dh’áireamh do dhéanamh d’fhear go bhfuil a leithéid sin de shlua ’na thímpall.

Herm. Ní hé sin a mheas Zeús ach a mhalairt, dá bhrí sin ná bíodh eagla orainn.

Uir. Cá raghair leis sin, a Argeifontéis, dhá ghiollacht ar láimh?

Herm. Zeús a chuir anso sinn ag triall ar Thímón so.

Uir. Ploutos dá chur anso anois ag triall ar Thímón, tar éis mise dhá thógaint as an ndroch-chor do bhí air ag Só, agus tar éis me dhá thabhairt suas dóibh seo, d’Eagna agus do Shaothar, i dtreó go bhfuil fear cuthaigh déanta agam de. An amhlaidh ná fuil meas níos feárr agat ormsa ná tu ’ theacht ag déanamh an uilc seo orm? An t-aon ní amháin fónta so atá agam do sciobadh uaim anois nuair atá fear creidiúnach déanta agam de, agus é ’ thabhairt thar n-ais do Phloutos i dtreó go dtabharfadh Ploutos suas é do Tharcaisne agus d’Uabhar chun é ’ chur sa riocht ’na raibh sé cheana acu, ’na spreas amadáin gan mheas air féin agus ansan é ’ chur thar n-ais ag triall ormsa nuair ná beidh ann ach seanacheairt!

Herm. Sin mar is toil le Zeús, a Uireaspa.

Uir. Beadsa ag imeacht más mar sin é, agus sibhse, a Shaothar agus a Eagna agus an chuid eile agaibh leanaidh me. Ach ní fada go mbeidh ’ fhios aige seo cad é an saghas mise, an té a thréigfidh sé anois; gur chabharthóir maith me, gur mhúineas an t-eólas is feárr do, an fhaid ’ fhan sé agam go raibh sláinte mhaith aige, aigne láidir, beatha fir; é aireach air féin; gan bheann ar shólaistíbh nár ghá agus nár oir.

Herm. Táid siad imithe! Téimísne ag triall air.

Tím. Cé hiad sibhse, a chuirpeacha? Nú cad a thug anso sibh ag cur isteach ar fhear oibre atá ag tuilleamh a pháigh? Ach ní bheidh sibh baoch díbh féin ag imeacht, a rudaí salacha! mar déanfadsa go tapaidh brú agus briseadh oraibh le fódaibh agus le clochaibh.

Herm. Stad, a Thímóin. Ná buail. Ní daoine sinne le bualadh agat. Mise Hermés agus is é Ploutos é seo. D’airigh Zeús do ghuíse agus chuir sé sinne chút. Caith uait an sclábhaíocht feasta agus glac an saibhreas so, agus go n-éirídh ádh leat!

Tím. Cuirfead teinneas oraibhse ar dtúis, bíodh gur déithe sibh dar libh. Tá gráin agam oraibh go léir idir dhéithibh agus daoine. Ach an cladhaire caoch so, déanfad miota beaga dhe lem ghrafán pé hé féin!

Plout. Téanam, a Herméis; bímís ag imeacht nú bascfaidh sé me! Tá an duine ar buile is dó’ liom.

Herm. Ná bí róthuathalach, a Thímóin. Cuir uait an ghoirgeacht san agus sín amach do lámh agus glac an séan. Bí i t’fhear shaibhir arís. Bí arís i t’fhear thosaigh i measc na nAténach, i t’éinne amháin a bheidh fé áthas, ag tarcaisniú lucht an neambaochais.

Tím. Níl aon ghá agam le haon rud uaibh. Ní beag liom de shaibhreas an rámhann so. Ná bídh ag cur isteach orm. Táim fé áthas an fhaid ná tiocfaidh éinne im ghaire.

Herm. Tusa, a chara, ag déanamh ruda chómh bun-os-cionn! Ní dhéanfadh éinne a leithéid. Cad é mar shaghas cainnte dhómhsa an chainnt sin le breith thar n-ais ag triall ar Zeús? B’fhéidir nách aon iúnadh fuath a bheith agat do dhaoinibh tar éis a bhfuil d’olc déanta acu ort. Ach cad chuige go mbeadh fuath agat do dhéithibh agus na déithe chómh mór ar mhaithe leat?

Tím. Táim ana-bhaoch díotsa, a Herméis, agus de Zeús, de bhárr úr n-aireachais orm. Ach an Ploutos so, ní ghlacfad in aon chor é.

Herm. Cad ’na thaobh?

Tím. Mar, san aimsir atá imithe bhí sé ’na thrúig leis na míltibh mí-ádha dhom. Do chruinnigh sé lucht plámáis im thímpall agus thug sé suas me dhóibh. Thug sé suas me do lucht ceilge. Do mhúiscil sé fearg daoine im choinnibh. Do loit sé me le sólaistíbh. Chuir sé an saol go léir ag formad liom. Ansan do rith sé leis féin go hobann uaim nuair ná raibh aon choinne agam le hé ’ bheith ag imeacht. Dhein sé feall caillte orm sa méid sin. Ach do tháinig chúm an uasal san, Uireaspa, agus mhúin sí dhom conas obair fir do dhéanamh, agus tháinig in éineacht léi fírinne agus saorchainnt agus d’fhanadar agam agus thugadar dom slí bheatha de thoradh mo shaothair, agus thaispeánadar dom conas neamhshuím do chur in sna nithibh eile úd agus mo sheasamh ar fad do bheith agam orm féin. Thaispeánadar dom an saibhreas atá agam féin, an saibhreas nách féidir do lucht plámáis a bhaint díom, ná do lucht cúlchainnte, ná do thuathalánaibh, ná do chainnteóiríbh poiblí an toghcháin, ná do thíoránachaibh cealgacha. Tá sláinte mhaith agam ó bheith ag obair. Tá an talamh agam á shaothrú. Ní fheicim drochbhéasa na cathrach. Tá tuilleadh agus mo dhóthain le n-ithe agam óm ghrafán. Dá bhrí sin, a Herméis, imigh thar n-ais ar cos in áirde ag triall ar Zeús agus beir leat an Ploutos so, agus má chuireann sé a bhfuil de dhaoine ar an saol ag gol beadsa sásta!

Herm. Ná habair sin, a mhic ó. Ní hé gach éinne atá oiriúnach chun guil. Seo, cuir uait an fhearg leanbaí sin agus glac Ploutos. Ní ceart bronntanas ó Zeús do tharcaisniú.

Ploutos. Féach, a Thímóin, ar mhiste leat mise do phlé mo chúise féin id choinnibh, nú an mbeidh fearg ort chúm má labhraim?

Tím. Labhair, ach ná bí i bhfad leis. Ná bíodh roimrá fada agat i dtosach do chainnte mar a bhíonn ag na cainnteóiríbh móra so. Cuirfead suas le roinnt bheag cainnte uait ar son Herméis anso.

Plout. Is amhlaidh mar atá sé, níor mhór dhom cuid mhaith cainnte ’ dhéanamh tá an oiread san curtha im leith agat. Ach feiceam cad é an díobháil a dheineas in aon chor duit, ós fíor gur me do thug an uile shaghas sóláis duit. Thugas onóir chút. Thugas uachtaránacht chút. Thugas réim chút. Thugas an chraobh chút; agus mórán sólaistí. Bhís mór i súilibh daoine mar gheall orm, bhí cáil agus oirearcas ort tríom bíthinn. Má dhein lucht plámáis díobháil duit ní hormsa is cóir a mhilleán san do chur. Do dheinis-se féin díobháil mhór dómhsa sa ní sin. Thugais tarcaisne agus easonóir dom i láthair drochdhaoine nuair a bhídís ’od mholadh agus iad ag magadh fút, a d’iarraidh greama ’ dh’fháil orm uait. Dúraís i ndeireadh do chainnte gur dheineas feall ort. Níor dheineas. Is tusa a dhein an feall ormsa. Do dhíbrís uait me, do chaithis amach as do thigh me ar mhullach mo chínn. Tá a rian ort. In inead an éadaigh uasail a bhí agamsa ort tá an chasóg leathair sin ort, an chasóg a chuir an uasal úd, Uireaspa, umat. Tá ’ fhios ag Hermés féin anso cad é a dhéine d’iarras ar Zeús gan me ’ chur ag triall ort a thuilleadh tar éis a raibh d’olc déanta agat orm.

Herm. Ach chíonn tú anois, a Phloutois, conas atá iompaithe amach aige. Fear dáiríribh is ea é anois. Dá bhrí sin fan anso in’ fhochair agus ná bíodh aon cheist ort fanúint. Agus tusa, a Thímóin, lean ar an rómhar. Deinse, a Phloutois, Tesauros do thabhairt anso féna ghrafán chuige. Tiocfaidh Tesauros nuair a ghlaofairse air.

Tím. Ní foláir dom géilleadh, a Herméis, agus bheith im fhear shaibhir arís. Cad is féidir do dhuine ’ dhéanamh ach géilleadh nuair is iad na déithe atá ag órdú. Ach féach a bhfuil de thrioblóid agat á thabhairt anuas i mullach an chínn orm. Tá mo shaol caite fé áthas agam go dtí so. Caithfead anois an t-ór so go léir do ghlacadh go hobann agus an cúram mór a leanann é do ghlacadh orm, agus gan aon rud déanta as an slí agam chun an phionóis sin do thuilleamh.

Herm. Glac ort an cúram, a Thímóin, bíodh gur trom é. Fuilig an cúram agus cuir an lí bhuí, le formad, ar na plámásaithibh úd. Sceinnfeadsa suas ar neamh feasta ó mhullach Aetna.

Plout. Tá sé siúd imithe, is dó’ liom. Airím fuaim a sciathán. Fanse mar atá agat ansan. Imeódsa agus cuirfead chút Tesauros. Lean ar an rómhar. A Thesaurois an óir, tar anso láithreach, sa talamh, fé ghrafán Thímóin, i dtreó go mbainfidh sé aníos as an dtalamh thu!

Tím. Seo leat, a ghrafáinín! Neartaigh thu féin agus tabhair Tesauros ar an saol, aníos as an dtalamh, chun solais na gréine! — Ó! an t-ór! an t-ór go léir! A Zeúis iúntaigh! A Chorubanteacha an charadais! A Herméis an tsaibhris! Cá bhfuaradh an t-ór so go léir. An im chodla atáim agus ag taibhreamh? Ní héidir go ndúiseóinn agus ná faighinn san ór so ach gual!

-se: an emphatic particle. PUL’s comments in NIWU (p45) that fan-se, fan-sa and fain-se were all found as the emphatic forms of the imperative fan indicate some variation.

abhar: ábhar in GCh. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Ar an abhar san, “for that reason”.

abraim, rá: “to assert, pronounce”; pronounced /ɑbərimʹ, rɑ:/. Historically, this is the dependent form of deirim, but occasional use in absolute position is found, where the verb adopts the nuance of “stating, asserting, telling emphatically”.

ae: “liver”, pronounced /e:/.

aighneas: “contention, argument”, pronounced /əinʹəs/.

aimhleasta: “misguided”; pronounced /ailʹəstə/.

anacróir: “miserable wretch”.

baochas: “thanks”, or buíochas in GCh.

bastún: “fool, lout, blockhead”.

bata: “stick”. Nách túisce do leagtar an bata, “as soon as the signal is given to start a race/contest”.

beárna: “gap”.

bioraím, biorú: “to sharpen”.

bladhm: “flame, blaze”; pronounced /bləim/.

bodhar: “deaf”; pronounced /bour/.

bronntanas: “gift, present”, pronounced /brountənəs/. With bronntaisíbh in the dative plural.

bronntóir: “giver, bestower”; pronounced /broun’to:rʹ/.

buaiceas: “lamp wick”.

búirtheach: “roar, roaring”, or búireach in GCh.

cabharthóir: “helper”, or cabhróir in GCh. Pronounced /kour’ho:rʹ/.

cabhraím, cabhrú: “to help”, used with le. Pronounced /kou’ri:mʹ, kou’ru:/.

caillte: “lost”, but also “dreadful, sordid”; pronounced /kailʹhi/.

callaireacht: “an act of scolding or ranting”.

caol: “something slender”, and thus “wrist, ankle”. Ceangal na gcúig gcaol do chur ar dhuine, “to bind someone hand and foot”.

caoldrom: “the small of the back”, or caoldroim in GCh.

caradach: “friendly”. Substantivised and used in the vocative here, a Charadaigh, in the sense of “thou lord of friendship”, in reference to Jupiter.

caradas: “friendship”, or cairdeas in GCh.

cathain: “when?”, pronounced /kə’hinʹ/.

cealgach: “treacherous, guileful”; pronounced /kʹaləgəx/.

cealltar: “vizor to cover the face”; pronounced /kʹaulhər/.

ceannárd: “haughty; with pride, with their heads held high”; pronounced /kʹaun-ɑ:rd/.

ceathrú: “thigh”; pronounced /kʹar’hu:/. The plural is ceathrúna.

cith: “shower”, e.g. of rain, but also referring to a hail of bullets or of other projectiles (including Jupiter’s thunderbolts here). With ceathanna in the plural.

clóic: “gloom; loss of stamina or energy, interference with staying powers”.

cloich-shneachta: “hailstone”. Pronounced /kloi’hnʹaxtə/. GCh has cloch shneachta. The medial ich here suggests this is better written as a compound noun.

cluas: “ear”, with cluais in the dual.

cnámh: “bone” with cnámha in the plural; pronounced /knɑ:v, knɑ:/.

cóiste: “coach, carriage”.

Colutéach: “inhabitant of Collytus/Kollytos”. Collytus was a suburb of ancient Athens.

cómhaireamh: “counting (money)”. Pronounced /ko:rʹəv/.

cómhrac: “fight, fray”, pronounced /ko:rək/. Sos cómhraic, “ceasefire”.

comóraim, comóradh: “to celebrate, convene” (a relatively rare word; the finite verb is not attested in WM literature).

Corubanteach: “Corybant”, a dancer who worshipped the Phrygian goddess Cybele.

cos: “foot” Ar cos in áirde, “at a gallop”.

craobh: “branch; palm, laurels, victory”.

craosach: “ravening, voracious”.

creimim, creimeadh: “to gnaw at”.

Crétánach: “Cretan”, an inhabitant of Crete in Greece.

criathar: “sieve”, with créithir in the genitive.

cruagálach: “stingy, niggardly”, or cruálach in GCh.

cuisíocht: “step, gait, footsteps”, or coisíocht in GCh.

cúlchainnt: “backbiting”. Pronounced /ku:l-xaintʹ/. Lucht cúlchainnte, “backbiters, slanderers”.

cúlchraos: “back of the throat”.

cúmhdach: “covering; envelope”. Pronounced /ku:dəx/.

cúmpánach: “companion”, or compánach in GCh.

cuthach: “rage, fury”. The genitive cuthaigh does service as an adjective, “angry, furious, fierce”, but also “valiant”.

daingean: “a secure bar of some kind”. Duine ’ chimeád fé ghlasaibh agus fé dhaingeanaibh, “to hold someone locked up securely”.

dánaíocht: “boldness”, or dánacht in GCh.

daonna: “human being”. This is also an adjective, “human”, but síol beag daonna seems to have the genitive plural of the noun.

dea-chómharsanacht: “neighbourliness, doing good turns for others”.

dea-ghníomh: “good deed”. The pronunciation is often /dʹəi-ɣnʹi:v/.

dea-mhéinn: “good will”, or dea-mhéin in GCh. Pronounced /dʹa-vʹe:ŋʹ/.

dea-theangmhálaí: “a good associate, someone people like to come across”, or dea-theagmhálaí in GCh (this word is given in De Bhaldraithe for “diplomat”). Pronounced /dʹa-haŋə’vɑ:li:/.

deargbhuile: “rage, fury”, pronounced /dʹarəg-vilʹi/. Ar deargbhuile, “raging mad, furious”.

dearglasadh: “blazing”, generally found as ar dearglasadh. Pronounced /dʹarəg-lɑsə/.

deltos: a Greek word is given here for “envelope, parchment”.

Diásacha (na Diásacha): “the Diasia”, the greatest Athenian festival, held in honour of Zeus.

docht: “hard, tough, tight”.

doicheall: “inhospitality, churlishness”; pronounced /dohəl/.

droch-chómhluadar: “bad company”; pronounced /dro-xo’luədər/.

droch-chor: “bad state, being in a bad way”.

drochaigeanta: “malevolent, ill-disposed”; pronounced /dro-hagʹəntə/.

drochbheart: “evil deed”; pronounced /dro-vʹart/; with drochbhearta in the plural.

drochbhéas: “vice, bad habit”; pronounced /dro-vʹias/.

drochbhreithiúntas: “poor judgement”. Pronounced /dro-vrʹe’hu:ntəs/.

drochthréith: “bad quality, bad trait”. Pronounced /dro-hrʹe:h/.

drúisiúlacht: “lasciviousness, lustfulness”.

dúán: “fish-hook”.

duine: “person”. Note a láimh dhuine, “out of someone’s hand”, with lenition of duine, in the meaning, not of “human”, but of “a person’s”.

dúr: this has a range of meanings including “dour” and “sluggish”. The reference here is probably to a lantern being “dimly lit”.

éag: “death”. In éag, “extinguished”.

eascú: “eel”, or eascann in GCh.

easonóir: “dishonour”; pronounced /ɑsə’no:rʹ/.

easúmhlaíocht: “disobedience”; pronounced /ˌɑsu:’li:xt/.

éidir: “possible”. Éidir is distinguished from féidir by an additional rhetorical nuance: ní héidir (go), “surely it’s not possible, I suppose it’s not possible (that)”.

eile: “other”. Note reduplication in cad eile ca bhfuil…? and cad eile conas…? This construction was explained by PUL in an undated letter to Shán Ó Cuív held in the G,1276 collection of manuscripts in the National Library of Ireland. There he wrote: “Agus cad eile cad dúbhradar? is what I have always heard in all questions of that sort. ‘What else is it?’ is in Irish always ‘What else what is it?’ Cad eile cad é an nídh é? ‘What else did he do?’ = Cad eile cad a dhein sé? ‘What else could I do?’ = Cad eile cad fhéadfinn a dhéanamh? There is, you see, a sort of double interrogative. In fact, the English which the people use in that last question is ‘What else what could I do?’ i.e. ‘What could I do? and in what is (the thing you would say) different from this?’ It’s an Irish mode of thought quite different from any English mode of thought. An intervening word might spoil the double character of the question e.g. Cad é an focal eile a dúbhradar? No second cad ever came in there.”

éisteacht: “hearing, power of hearing”.

éitheach: “falsehood”. Leabhar éithigh a thabhairt, “to swear falsely, perjure yourself”.

faiche: “green, lawn”; pronounced /fɑhə/.

faidbhéimneach: “of long range”; pronounced /fɑdʹ-vʹe:mʹinʹəx/.

fairim, faire: “to watch”. Faire chút isn’t well glossed in dictionaries, but ag faire chun bheith úmhal dom, “making sure to be obedient to me”.

fánaí: “vagrant”. Cuirpeach fánaí, “runway convict or villain”.

feárr, fearra: “better”. Fearra, /fʹarə/, is a colloquial form of feárr, /fʹa:r/. Fearra is more commonly used before dhuit, dho and related prepositional pronouns.

fiach: “raven”, generally as fiach dubh, with fiacha dúbha, /fʹiəxə du:/, in the plural.

fiannaíocht: “Fenian tales”, and thus “fudge, nonsense, idle talk”.

filosofeach: “philosopher”.

fíoriúntach: “truly surprising”, or fíoriontach in GCh.

fórleathan: “wide-ranging, extensive”. Pronounced /fo:rlʹəhən/, with a broad r and a slender l.

fothramálaí: “thunderer”. Pronounced /fohərəmɑ:li:/.

fuinneamh: “energy, vigour, momentum”.

gal suip: “moonshine, something ephemeral”. Literally the smoke from a wisp of straw.

gannachúiseach: “scarce, thin on the ground”, or gannchúiseach in GCh.

gearr-radharcach: “short-sighted”.

gearraim, gearradh: “to cut”. The present autonomous, found here as gearrtar, is edited here as geárrthar.

geárrcach: “nestling, fledgling”; pronounced /gʹa:rkəx/.

glas: “lock”. Note duine ’ chimead fé ghlasaibh, “to keep someone locked up”. PSD stated that fé ghlasaibh was used with reference to people kept locked up (compare rud do chur fé ghlas in reference to a thing kept under lock and key).

glór: “noise, sound”.

goirgeacht: “roughness, ill-temperedness”, pronounced /gorʹigʹəxt/.

gráfáinín: “little hoe”.

grafán: “grubbing hoe”.

greamaím, greamú: “to fix, fasten; grasp hold of”.

iarracht: “attempt”, but also “a bit, a touch” of something.

íbirt: “sacrifice”, or íobairt in GCh; pronounced /i:birtʹ/ according to IWM (§57), with a broad b, but PUL consistently wrote a slender b in this word. The plural here is íbeartha, where GCh has íobairtí. Íbirtí céad, “sacrifices of whole hecatombs”, i.e. sacrifices of a hundred oxen at a time. FGB claims there is an Irish word heiceatóm.

imigéiniúil: “remote”.

iomad: “much, too much; an exceedingly great amount”, pronounced /uməd/.

ionúine: “affection”. Pronounced /u’nu:nʹi/.

lainncis: “fetter(s), iron(s)”; pronounced /laiŋkʹiʃ/.

leamhfhuar: “cool-tempered”. Pronounced /lʹav-uər/.

leannán: “lover, paramour, harlot”.

lí: “complexion”. Lí bhuí, “jaundice”, spelt liathbhuidhe in the original text, possibly through some etymological confusion. An lí bhuí do chur ar dhuine, “to make someone green with envy”.

líon: “net”, with líntibh in the dative plural.

lobhaim, lobhadh: “to rot, decompose”; pronounced /loumʹ, lou/.

luathghníomhach: “fast-acting”.

lúb: “loop, twist”. Lúb ar lár, “a dropped stitch in knitting; a weak or defective point”, and thus lúb ar lár do thógaint, “to supply a deficiency”.

machtíre: “wolf”, or mac tíre in GCh. Note: PUL was insistent that this is one word, with a lenited c. With machtírí in the plural.

mainséar: “manger”, pronounced /main’ʃe:r/.

máireach: “morrow.” La ’rna mháireach, “on the following day” [ “day”, ar “after”, n-a “its”, mháireach “morrow”]. Note that the a of la is pronounced short: /larnə vɑ:rʹəx/.

mairg: “woe”; pronounced /mɑrʹigʹ/. Nách mairg ná déanfadh búirtheach, agus fothram, agus dánaíocht!, “isn’t it dreadful to be unprepared to roar, and make noise and be audacious!/there’s nothing like roaring, making noise and being audacious!”

mandrác: “mandrake”, with the síneadh fada added in this edition. Pronounced /mən’drɑ:k/.

maolaím, maolú: “to blunt, make blunt”; pronounced /me:’li:mʹ, me:’lu:/.

mart: “slaughtered cow”.

maslaitheach: “insulting, abusive”, or maslach in GCh.

maslaitheóir: “abuser, insulter”, or maslóir in GCh. Pronounced /mɑsli’ho:rʹ/.

meadar: “wooden pail”, with meidre in the genitive and meidir in the dative. Pronounced /mʹadər, mʹedʹirʹi, mʹedʹirʹ/.

méanfaíoch: “yawning”. Ag méanfaíoch ar rud, “yearning for something”. Note that PUL generally has ag méanfaíoch, where AÓL has ag méanfaígh.

méith: “fat, juicy”.

mí-ádh: “misfortune”; pronounced /ˌmʹi:’ɑ:/. The genitive is edited here as mí-ádha.

mífhoirtiúnach: “unfortunate”; or mífhortúnach in GCh. Pronounced /mʹi:-or’tʹu:nəx/, with a broad r.

milleán: “blame, censure”.

miniceacht: “frequency”, or minicíocht in GCh.

míol: “animal; creature, sea monster”. Míol mór, “whale”.

mionnacheap: “avenger of false oaths”.

miota: “bit, mite, fragment”; pronounced /mʹitə/. The nominative plural here is also miota.

mírafar: “luckless, unfortunate”.

mísciamhach: “unattractive, ill-favoured in terms of looks”.

mórbhriathrach: possibly “using grandiose language, grandiloquent”, pronounced /muər-vriərhəx/.

mórmhí-ádh: “great misfortune”; pronounced /muər-vʹi:-ɑ:/.

mórthímpall: “circuit; all around”, or mórthimpeall in GCh. The broad p in WM Irish is preserved here: /muər-hi:mʹpəl/.

músclaim/múisclim, múiscilt: “to stir, arouse”, or músclaím, múscailt in GCh. The preterite is do mhúiscil here, where GCh would have mhúscail. Pronounced /mu:skəlimʹ~mu:ʃkʹilʹimʹ, mu:ʃkʹilhʹ/.

nead: “nest”, with nid in the dative. In PUL’s Irish, this word seems to be masculine in the nominative, but sometimes feminine in the dative. Nead is feminine in GCh.

néal: “a wink of sleep”.

neambaochas: “ingratitude, thanklessness”; or neamhbhuíochas in GCh. Pronounced /nʹa’me:xəs/. Lucht an neambaochais, “the ungrateful”.

neómat: “minute, moment”, or nóiméad in GCh. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint.

oiliúint: “nourishment, care; training, education”. Oiliúint eachra, “training of horses for the turf”.

oineach: “honour, good name”, but also “hospitality, generosity”; pronounced /enʹəx/. A Oinigh in the vocative here is glossed in the early edition of Lúcián as “soul of hospitality”.

olc: “evil, a bad thing” with uilc in the genitive singular. Pronounced /olk, ilkʹ/.

Oluimpiaigh (na hOluimpiaigh): “the Olympic Games”. GCh has na Cluichí Oilimpeacha.

pá: “pay”, with páigh in the genitive.

philosopher: this spelling is used here rather than the filosofor in the original text, as this is clearly the English word.

preabaire: “lusty fellow”, referring here to a fish leaping out of a net.

púicín: “mask”.

rabairne: “extravagance”. Lucht rabairne, “extravagant people”.

rámhann: “spade”, or rámhainn in GCh. Pronounced /rɑ:n/.

reachtaire: “steward, administrator”.

réitím, réiteach: “to put in order, settle”, but also “to clear, disentangle, extricate”.

rian: “trace, mark”. Tá a rian air, “it is clear, it is obvious, it looks like it; it showed, you could tell”.

roimrá: “preface, preamble”, or réamhrá in GCh. Possibly to be edited as roimhrá?

rómhar: “digging”; pronounced /ro:r/.

rómhraim, rómhar: “to dig”, or rómhraím, rómhar in GCh. Pronounced /ro:rimʹ, ro:r/.

ronnach: “mackerel”, with ronnaigh in the genitive. Pronounced /rə’nɑx, runigʹ/.

sabh: “rod, bar, bolt, shaft”.

saibhir: “rich, wealthy”, with the plural saibhre. Pronounced /sevʹirʹ, sevʹirʹi/.

saibhrím, saibhriú: “to enrich; to get rich”; pronounced /sevʹi’rʹi:mʹ, sevʹi’rʹu:/.

salach: “dirty”, pronounced /slɑx/.

sciúrsálaim, sciúrsáil: “to scourge”, pronounced /ʃkʹu:r’sɑ:limʹ, ʃkʹu:r’sɑ:lʹ/.

scuabaire: “sweeper”, or scuabadóir in GCh.

séala: “seal”.

seanacheairt: “old rag”, or seancheirt in GCh.

seananós: “old or established custom”.

seasc: “barren, sterile”, referring here to Danáé kept locked up and condemned to infertility.

seisreach: “plough team”; pronounced /ʃeʃirʹəx/.

seithe: “skin, hide”, pronounced /ʃehi/.

seóid: “jewel, valuable object”, with seód in the genitive plural.

síorchómhaireamh: “constantly counting (money)”. Pronounced /ʃi:r-xo:rʹəv/.

slí bheatha: “way of life”, and thus “a livelihood, a living”.

slím: “sleek, slippery”.

sliocht: “progeny”. Fé shliochtaibh séalaí is explained in the foclóirín attached to the early edition of Lúcián as “under a series of seals” (the phrase ó shliocht go sliocht illustrates how sliocht/sliochta can become understood as a series of something).

smearaim, smearadh: “to smear, daub”.

sméaróid: “red-hot coal, ember”.

smidiríní: “small fragments, smithereens”.

smior: “marrow”, e.g. of a bone. Pronounced /smʹir/.

sochar: “advantage, benefit”.

sólaistí: “delicacies, dessert”.

sophist: the English word is given here. FGB has sofaist, but it is clear this is just a respelling of sophist.

spaidchluasach: “hard of hearing”. GCh has spadchluasach, which form stood in the original hear, being adjusted in this edition with the form found in PUL’s other works.

spaidiúlacht: “sluggishness, inertia”.

spalla: “chip, pebble”.

splanncaire: “launcher of lightning”, in reference to Jupiter. Pronounced /splauŋkirʹi/.

spreas: “a weak, worthless person; a corner-boy”.

srón: “nose”, with sróin in the dative singular.

sú: “soot”.

suairc: “pleasant, gay”.

súiloscailte: “with your eyes wide open”.

súim, sú: “to suck, suck up”.

taibhrím, taibhreamh: “to dream”; pronounced /təi’rʹiːmʹ, təirʹəv/.

taithneamhach: “pleasing, agreeable; shining”, or taitneamhach in GCh; pronounced /taŋʹhəvəx/.

taoisc: “downpour”. Fearthainn ’na taoisceanna diana, “raining cats and dogs”.

tapúlacht: “quickness, speediness”.

tarcaisniúlacht: “contemptuousness, scornfulness”.

téad: “rope”. Blúire ’ théad, “some rope”, appears to have elided a dhe and also fails to give the dative téid.

teangmhaím, teangmháil: “to come into contact with something/someone; touch”, used with le, or teagmhaím, teagmháil in GCh. Pronounced /tʹaŋə’vi:mʹ, tʹaŋə’vɑ:lʹ/.

teasaí: “quick-tempered”.

nteánach: “host, entertainer”.

otán: “Titan”, the second generation of Greek gods, who succeeded the primordial deities (Chronos, Gaia, Uranus, etc) and were in turn succeeded by the Olympians (Zeus, etc).

togha: “pick, choice”; pronounced /tou/. Togha pionóis, “condign punishment”.

toghchán: “(political) election”; pronounced /tou’xɑ:n/.

tréigim, tréigean: “to abandon, forsake”.

trí: “through”. This combines with the possessive mo as tríom.

tríchúinneach: “three-cornered”.

tromchodladh: “deep sleep”; pronounced /troum-xolə/.

tromchosach: “with a heavy, lumbering gait”. Pronounced /troum-xə’sɑx/.

tuathalach: “blundering”.

tuathalán: “tactless person”, used here in the sense of “blabbermouth”.

uaigneas: “loneliness; lonely, desolate place”, pronounced /uəgʹinʹəs/.

uasal: “noble”, subsantivised as an uasal in reference to “want, poverty”, anthropomorphised as a woman.

uilechómhachtach: “all powerful”, or uilechumhachtach in GCh.

uireaspa: “want, poverty”; or uireasa in GCh. AÓL had uireasa. Oireasa in Séadna shows the p may or may not be present, and that the first vowel may be /e/ or /i/.

úmhal: “humble, obedient”. Pronounced /u:l/.

This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

Leave a comment