Lúcián 29

XXIX. Tímón

(Ar leanúint.)

Ní héidir gur ag taibhreamh atáim agus go ndúiseóinn agus ansan ná beadh san ór so go léir ach gual! Ach is ór fírinneach é. Is ea go deimhin; agus an séala ceart buailte ar gach píosa dhe; agus é go breá buí trom taithneamhach. Is breá liom bheith ag féachaint air!

Mo ghrá thu, a óir, a stór na cine daonna. Is breá do shnua gan feó, fé sholas gréine!

Tar chúm anso! Tar chúm, a ghile mo chroí! Admhaím anois gur dhein Zeús ór de féin uaireanta, óir cé hí an chúileann ná glacfadh an t-ór agus é ag teacht ’na chith anuas trí bhuaic an tí chúithi! Ó, a Mhídais agus a Chroésois agus a shaibhreas Deilphois, cad é ’ bhrí sibh anois seochas Tímón agus saibhreas Thímóin? Níl rí na bPersach féin chómh saibhir le Tímón. ’Sea! a ghrafáinín, agus tusa a chasóigín leathair, ní mór dhom sibh a chur suas anso ar crochadh in onóir don Phan so. Ceannód an pháirc seo agus déanfad caisleán inti, caisleán a bheidh díreach mór mo dhóthain féin chun cónaithe ann, agus cuirfead mo chuid óir isteach ann, agus fanfad ann go bhfaighead bás, agus ansan beidh mo chaisleán mar thuama agam.

Sea anois, mise agus me féin, deinimís dlí dhúinn féin, reacht a bheidh i bhfeidhm an chuid eile dár saol.

Dlitear — gan sinn a dhul i ngaire aon duine. Gan aon duine do theacht ’nár ngaire. Gan aithne ’ chur ar aon duine. Gan a thabhairt d’aon duine beó ach tarcaisne. Agus na focail úd, .i. “cara”, “aoi”, “atrua”, níl iontu ach gaoth. Agus trua do lucht buartha, nú fóirithint ar an ndealbh, tá san i gcoinnibh ár ndlí; drochnós is ea é. Bíodh mo bheatha aonaránach ar nós beatha an mhadra allta, gan de chara agam ach Tímón amháin, gan sa chuid eile go léir ach namhaid agus lucht braith, gur salachar ar dhuine teangmháil in aon chor le héinne acu. Mo mhallacht ar an lá a thiocfaidh éinne acu im radharc. Is mar a chéile liom iad agus íomhátha cloiche nú práis. Ní ghlacfad teachtaireacht uathu ná ní dhéanfad aon mhargadh leó. Ná tagaidís thar teórainn m’uaignis isteach. Na focail úd, áfach, “lucht aon chine”, “lucht aon treabhchais”, “lucht aon phobail”, agus “lucht aon tíre”, leis, níl iontu ach folús. Do cheap daoine gan chiall iad chun fothraim a dhéanamh. Bíodh Tímón saibhir in’ aonar; sámh in’ aonar; tarcaisneach ar chách uile; saor ó ghráinniúlacht lucht plámáis. Deineadh sé íbirt in’ aonar chun na ndéithe. Itheadh sé a chuid bídh ’na chuíbhreann féin, ná bíodh de chómharsain aige ach é féin. Ná bíodh de theórannach aige ach é féin. Cimeádadh sé uaidh amach an chuid eile. Agus gan aon agó bíodh so ’na reacht; ná tabharfaidh sé a lámh d’éinne ach do féin; agus nuair a thiocfaidh an bás air gurb é féin a chuirfidh an choróinn ar a cheann. Agus ná bíodh d’ainm air ach an ainm álainn mhilis sin, .i. Fuathadóir daoine. Bíodh mo bhéasa dothíosach, garg, stuacach, tútach, neamhatruach. Má fheicim duine dá loscadh agus go liúfaidh sé orm an tine do mhúchadh dho, nár dheinead de mhúchadh ar an dtine ach pic agus íle do chaitheamh uirthi! Má fheicim duine ag imeacht le fánaidh na habhann agus go liúfaidh sé orm é ’ shaoradh ón mbás, nár dheineadsa de shaoradh air ach é ’ shá síos ar mhullach a chínn fén uisce i dtreó ná tiocfaidh sé aníos a thuilleadh. Sin mar a gheóbhaid siad an rud atá tuíllte acu uaim!

Tímón, an Colutéach, mac Echratídéis is é a thug isteach an reacht so. An Tímón céanna is é ’ chuir an reacht fé mholadh an phobail. Bíodh amhlaidh! Dlitear na nithe seo agus cuirimís go seasmhach i bhfeidhm iad!

Ach san am gcéanna b’fheárr liom ná rud maith go mbeadh fios an méid seo acu go léir, .i. gur fear ana-shaibhir me. Do thachtfadh an t-eólas san iad.

Ach cad é seo a chím? Cad é an fuadar é seo airiú? Táid siad ag rith chúm as gach áird agus ceó bóthair orthu; agus saothar orthu. Fuaradar balaith mo chuid óir ar chuma éigin. Cad is ceart dom a dhéanamh leó? Dul suas agus seasamh ar an gcnucán san agus na clocha do raideadh leó anuas, nuair a bhead os a gcionn? Nú an fearra dhom an dlí do bhriseadh an t-aon uair amháin seo i dtreó go bhféadfad iad do tharcaisniú agus iad do chrá leis an dtarcaisne. Is dó’ liom gurb in é is feárr a dhéanamh. Fanfad anso go dtagaid siad. Cé hé seo ar tosach, ámh? Gnatónídés an plámásaí! Tamall ó shin nuair ’ iarras béile na hoíche air thug sé blúire ’ théad dom! An fear a dh’óladh dabhach ar fad go minic ageam thighse agus d’aiseacadh arís é! Is maith a dhein sé agus teacht roimis an gcuid eile. Bainfar an chéad bhéic as.

Gnat. Ná deirinnse féin i gcónaí nár bhaoghal go dtabharfadh na déithe faillí i dTímón, an fear fónta? Móra dhuit, a Thímóin, a fhir álainn, a fhir an chroí mhóir!

Tím. Agus duitse féin a Ghnatónídéis, a fhir an bhuilg mhóir chraosaigh agus an chroí is measa dá raibh riamh i nduine!

Gnat. Fear suilt ab ea thu riamh, ach ca bhfuil do bhórd agus do bhia? Thugas dán liom duit, dán filíochta, den fhilíocht so a tháinig amach le déanaí.

Tím. Bainfidh an grafán so a mhalairt sin d’fhilíocht asat, a chladhaire!

Gnat. Cad é seo mar obair! ’Om bualadh! Ó! Ó! Beid fínnithe agam ort, a Thímóin, i láthair an Areiopagois! Dar Heraclés ach beidh!

Tím. Má fhanann tú puínn eile aimsire ansan is é do mharbh a bheidh le cur im leith!

Gnat. Ní hea, a Thímóin, ach féadfair na cneathacha a chuir do ghrafán orm do leigheas le roinnt bheag óir a chaitheamh orthu. Is ana-mhaith an rud ór chun cneadh do leigheas.

Tím. An bhfuileann tú ansan fós?

Gnat. Táim ag imeacht; ach ní maith an mhaise agatsa é tu ’ bheith iompaithe amach chómh neamaitheach tar éis tu ’ bheith chómh tairbheach.

Tím. Cé hé an fear maol so chúinn, ámh? An plámásaí is bréine dhíobh go léir! Thugas feirm thailimh don rógaire sin agus thugas dhá thalant do mar spré dá inín, nuair a bhí sé ag moladh mo ghlóir go hárd in’ aonar agus an chuid eile acu ciúin. Duairt sé gur bhinne me ná an eala agus dhearbhaigh sé ann. Ach go déanach, nuair a bhíos gan bheith ar fónamh, chuas ag triall air dhá iarraidh air cúnamh éigin a thabhairt dom. Is amhlaidh a ghoibh sé den fhuip orm.

Phil. Airiú nách beag an náire atá oraibh? Aithníonn sibh Tímón anois. Cara agus cómhalta dí ’ dh’ól is ea Gnatónídés do anois. Imbriathar ach gur tugadh duit an rud a bhí tuíllte agat, a bhioránaigh, mar gheall ar do mhíbhaochas. Ach sinne a sheanachómhaltaí, agus a lucht aon chine agus aon tíre, féach chómh breá chómh réidh agus ’ thagaimíd ag triall air, i dtreó ná measfí go mbeimís ag brú air. Móra dhuit, a dhuin’ uasail! Ná bíodh aon iúntaoibh agat as na plámásaithibh bréana san. Fé dhéin do bhídh a thagaid siad. Níl iontu, áfach, le fírinne ach mar a bheadh fiacha dúbha. Ní féidir duit feasta aon iúntaoibh a bheith agat as na daoine atá anois ann. Táid siad go léir go holc agus go míbhaoch. Is amhlaidh a bhíos féin ag teacht chút chun go dtabharfainn duit an talant so (cúpla céad púnt) agus go mbeadh sé agat agus go mb’fhéidir go ndéanfadh sé áise dhuit go luath. D’airíos, agus me ag teacht, go raibh saibhreas mór tagaithe chút. Nuair ’ airíos an méid sin do chasfainn thar n-ais ach gur mheasas nárbh fhearra dhom rud a dhéanfainn ná teacht agus cómhairle ’ thabhairt duit i dtaobh an tsaibhris sin. B’fhéidir, áfach, ná fuil aon ghá agatsa le cómhairle uaimse. Taoi féin chómh heagnaí sin go bhféadfá cómhairle ’ thabhairt uait, dá mba do Nestor é.

Tím. B’fhéidir é, a Philiádéis, ach drid chúm i leith. Tabharfad roinnt síbhialtachta dhuit ón ngrafán so.

Phil. Ó, a dhaoine! Tá mo phlaosc briste aige. Sin é a bhaochas orm i dtaobh cómhairle a leasa ’ thabhairt do.

Tím. Féach! Seo chúinn an tríú duine acu, an cainnteóir Déméas. Tá bille dlí ’na láimh dheis aige. Agus deir sé go bhfuil gaol aige liom. Do dhíol sé sin leis an gcathair, aon lá amháin, sé talanta déag a fuair sé uaimse. Do daoradh é agus do cuireadh i ngeímhlibh é mar ní raibh an t-airgead aige le díol. Tháinig trua agamsa dho agus d’fhuasclas é. Le déanaí, áfach, nuair a ceapadh é chun airgid an dráma do roinnt agus chuas-sa ag triall air ag lorg an méid den airgead san a bhí ag teacht chúm, duairt sé ná feidir sé ar bhaineas leis an gcathair in aon chor!

Dém. Móra dhuit, a Thímóin! A mhórthairbhe do chine! A thaca na nAténeach! a Thuairiní catha na Gréige! Táid na daoine cruinnithe le fada, cheana féin, agus an dá sheanaid ag feitheamh leat. Ach éist ar dtúis leis an reacht so atá scríofa agamsa id thaobh:—

De bhrí go bhfuil Tímón mac Echratídéis, an Colutéach, ní hamháin in’ fhear álainn fhónta, ach fós in’ fhear eagnaí thar fhearaibh na Gréige go léir, agus go bhfuil a shaol caite aige ag déanamh tairbhe don Ghréig, agus gur rug sé bua cómhraic agus bua cuisíochta, aon lá amháin, in Oluimpia; agus bua i gcarbad na gceithre gcapall agus i gcarbad an dá bhramach” —

Tím. Ach ní rabhas-sa riamh in Olumpia. Ní rabhas riamh ag féachaint ar an ngleó, ní áirím bheith páirteach ann.

Dém. Is cuma san. Raghair ann ’na dhiaidh so agus is feárr an scéal do chur síos anois — “agus gur dhein sé mórghaisge anuiridh ar son na cathrach i gcoinnibh na nAcharneach, agus do leag sé míle de sna Peloponésachaibh —”.

Tím. Airiú ní rabhas-sa riamh ar aon tslógadh ná in aon chath —.

Dém. Labhrann tusa go húmhal ort féin, ach dob olc an mhaise dhúinne gan cuímhneamh ar do mhaitheasaíbh — “Agus ’na theannta san dhein sé tairbhe ana-mhór don chathair, ag scrí’ reacht, ag tabhairt cómhairle, ag stiúrú ár sló. Mar gheall ar na nithibh sin go léir is maith leis an Seanaid agus leis an bpobal, agus le treabhchasaíbh Eliaia, agus le muíntiríbh na cathrach fé leith, agus leis na daoine go léir i gcoitine, go gcurfí suas macasamhail óir de Thímón, in aice le macasamhail Aténé, san Acropolis, agus caor tóirthní ’na láimh dheis aige, agus lasracha as a cheann, agus go gcurfí seacht coróinní óir air, agus na coróinní sin d’fhógairt inniu ag na tragóidíbh nua so Díonusiois. (Mar ní foláir na tragóidí san do dhéanamh inniu ar a shon.) Déméas, an cainnteóir oirirc, a ghaol gairid agus a dhalta, is é do thairiscin an reacht so”. Agus go deimhin is cainnteóir uasal Tímón féin agus is aon ní eile is maith leis é. Seo dhuit an reacht anois. Agus ba mhaith liom, leis, mo mhac a thabhairt ag triall ort. Tá “Tímón” tabhartha agam mar ainm air, t’ainmse féin:—

Tím. Conas san, a Dhéméas, agus gan tu pósta in aon chor, chómh fada agus is eól dúinn?

Dém. Is cuma san — pósfad, agus beidh leanbh agam, leanbh mic, agus tá “Tímón” agam á thabhairt anois mar ainm air.

Tím. Ní fheadarsa an bpósfair in aon chor tar éis an bhuille seo dem ghrafán.

Dém. Ó! Cad é sin agat á dhéanamh? An í an tíoránacht atá agat á ghlacadh go mbuaileann tú saorchlanna, agus gan tu féin saor ar fad ná i t’Aténeach? Ach díolfair as so, agus a loscadh an dúna agus as na coirthibh eile.

Tím. Níor loisc éinne an dún, a chuirpigh. Níl ionat ach fínné bréagach.

Dém. Ach más ea taoise ag saibhriú agus is amhlaidh a thóchais an ciste poiblí.

Tím. Thugais t’éitheach arís. Níor tóchadh an ciste ach chómh beag agus do loisceadh an dún.

Dém. Tóchfar ar ball é, agus tá a raibh ann agatsa anois.

Tím. Seo buille eile den ghrafán duit.

Dém. Ó mo dhrom!

Tím. Cuir uait an screadach nú buailfead an tríú buille ort. Is ait an rud é má rugas bua cómhraic agus iomrascála in Oluimpia agus má leagas míle Lacedémónach gan arm im láimh agam, a rá ná féadfainn gabháil ar spreallairín bréan mar thusa agus an grafán so im láimh agam. Ach cé hé seo airiú? An é Trasuclés an fáidh é? Ní hé a mhalairt é, dar fia. Féach mar a chuireann sé a chuid féasóige uaidh amach, agus mar ’ árdaíonn sé suas a dhá mhalainn. Tá sé ag cainnt leis féin, agus é ag teacht go dothíosach agus go gruama agus a dhá shúil ar dianleathadh, agus a ghruaig caite siar dá éadan aige, i dtreó gur dhó’ le duine gurbh é Boréas é, nú Trítón, in sna peictiúiríbh úd a dhein Seúcsis. Sid é an fear úd a thugann na mílte cómhrá uaidh gach maidin, go dea-labhartha, ag moladh dei-bhéas agus ag cáineadh drochiompair, ag moladh measarthachta agus ag cáineadh rabairne; agus é go piocaithe, beárrtha, dathúil, dea-éadaigh, galánta, macánta, stuidéartha ’na shiúl; ach nuair a thagann sé chun a dhínnéir um thráthnóna, tar éis fothragtha dho, go síneann an giolla corn mór fíona chuige agus go sloigeann sé an fíon láidir go craosach, agus ná bíonn aon chuímhne aige ar an gcainnt bhreá úd a labhair sé ar maidin, ach é ag alpadh an bhídh ar nós an mhadra agus súlach na feóla ag rith síos ar a smigín agus é cromtha síos chun na méise, agus a dhá uillinn leata amach aige, agus iad ag dul in easnaíochaibh an fhir is giorra dho; agus ansan, é ag cimilt a mhéire den mhéis mórthímpall agus á líorac lena theangain agus á súrac, le heagla go raghadh aon phioc den mhéathras amú uaidh. É i gcónaí go doshásta, ag brath air gurbh é féin a gheóbhadh an císte slán, nú an mhuc, nú pé sólaist eile a shanntaíonn craos ocrach. É caoch ar meisce, ní hamháin chómh fada le hamhrán agus le ceáfraíol, ach fós chómh fada le bheith drochbhéalach, feargach. Gleó cainnte aige, cainnt mheisce, i dtaobh eagna agus i dtaobh creidiúna, agus é féin, san am gcéanna leathbhalbh ón ól, ag caidreáil agus ag snagaireacht, go dtí fé dheireadh go gcaitear é ’ bhreith ón mbórd agus é ag aiseac agus ag úrlacan, agus gan é ábalta ar aon chiscéim a shiúl gan duine fén’ oscaill.

Sin mar a bhíonn sé agus é ar meisce, ach nuair a bhíonn sé ar a chéill ní leogfadh sé an chraobh le héinne in ínsint éithigh, i ndrochmhúineadh, ná i sainnt. Dá éaghmais sin is é togha na bplámásaithe é. Ní chuirfeadh mionna éithigh aon chlóic in aon chor air. Is é an feall a bhíonn á ghiollacht, agus an neamhnáire dhá choímhdeacht. Is é an dubh ’na gheal é go beacht, go hiomlán, go hiolchríochnaithe. Ach dá bheachtaithe atá sé is geárr go mbainfeadsa béic as. Éimh! Féach airiú! Trasuclés tagaithe chúinn fé dheireadh thiar thall.

Tras. Ní mar iad súd eile a thánagsa chút, a Thímóin. Ag déanamh iúnadh ded shaibhreas, ded chuid airgid agus ded chuid óir agus ded bhórdaibh flaithiúla is ea ’ thánadar súd chun bheith ag cárnadh plámáis ar dhuine mar thusa atá chómh dea-chroíoch agus chómh hollamh ar do chuid do roinnt. Is eól duit go mbíonn mo dhóthainse de bhéile i gcíste baise agus ná fuil annlann is feárr liom leis an gcíste ná oinniún fiain nú blúire biolair, nú gráinne salainn mar shólaist, agus is as an naoi dtiobraide a thagann mo dheoch. An seanabhrat so umam is uaisle liom é ná brat corcra dá fheabhas, agus mar le hór, is cuma é nú cloichíní grin ar thráigh mar a mheasaim. Ar mhaithe leatsa is ea do thánag, le heagla go ndéanfadh an saibhreas cealgach so aimhleas duit. Do dhein a leithéid aimhleas tiubaisteach do dhuine go minic cheana, aimhleas nár leighseadh. Dá nglacthá mo chómhairlese do chaithfá uait isteach sa bhfarraige é. Níl aon ghá agatsa leis mar is fear tu a thuigeann saibhreas na heagna. Ach féach, más mian leat é ’ chaitheamh sa bhfarraige ná caith rófhada amach é, a mhic ó. Féadfair siúl amach leis go dtí go mbeidh an t-uisce suas go crománaibh ort, in áit ná feicfidh éinne thu ach mise. Mara maith leat é sin a dhéanamh féadfair rud is feárr ná é do dhéanamh. Dein é ’ chaitheamh amach as do thigh láithreach. Ná cimeád oiread agus obolos de agat féin. Roinn ar na bochtaibh é. Tabhair, chúig dhrachma do dhuine, trí púint seacht do dhuine eile, leath-thalant do dhuine eile. Ach má bhíonn fáidh orthu is ceart a dhúbailt sin a thabhairt do, nú a thrí oiread. Im thaobh féin de, ní har mhaithe liom féin a dh’iarrfinn aon chuid de ach i dtreó go mbeadh sé agam le tabhairt do lucht gátair. Dhéanfadh sé an gnó dá líonthá an mála beag so dhom. Ní théann ann ach dhá bhuiséal aiginétacha. Is ceart don fháidh gan bheith rórabairneach. Ní ceart do a shanntú ach an méid a raghaidh ’na mhála.

Tím. Is maith í do chainnt, a Thrasucléis. Ach in inead do mhála, líonfad do cheann, mara miste leat é, le buillíbh ón ngrafán so agus tabharfad buille mar thuilleadh dhuit i dtreó ná beidh peaca an tómhais orm.

Tras. Ó! A dhaoine agus a dhlithe! Cuirpeach ag gabháil de ghrafán orainn i dtír atá saor!

Tím. Cad é an locht atá agat air, a Thrasucléis a mhic? An amhlaidh nár thugas do cheart duit? Fan más ea agus tabharfaidh mé tuilleadh dhuit. Ach féach airiú! Iad go léir ag teacht in éineacht, Blepsias agus Laches agus Gniphon, lán an bhaíll díobh le cur ag gol! Tá tuirse ar mo ghrafán bocht. Raghad suas ar an gcnucán so agus raidfead na clocha leó.

Bleps. Ná caith linn, a Thímóin. Táimíd ag imeacht.

Tím. B’fhéidir é ach ní imeóidh sibh gan fuil. Cuirfead cneathacha oraibh ag imeacht díbh.

Acharneach: “inhabitant of Acharnae”, which was a suburb of ancient Athens.
agó: “reservation, stipulation”. Gan aon agó, “without any objection or gainsay”.
aiginétach: “Aeginetan”, of unit of measurement local to Aegina in Greece. Aeginetan measures were used alongside Attic ones in Ancient Greece and gradually came to be seen as standard. Hence, dhá bhuiseál aiginétacha means “two standard bushels”.
áise: “convenience”, or áis in GCh. Dhéanfadh sé áise dhuit, “it would come in handy”.
allta: “wild, fierce”, pronounced /aulhə/.
alpaim, alpadh: “to swallow voraciously, devour”.
annlann: “condiment”, or anlann in GCh. Annlann le císte, “a condiment or relish to go with a pastry”.
anuiridh: “last year”, or anuraidh in GCh. Pronounced /ə’nirʹigʹ/.
aoi: “guest, visitor”.
aonaránach: “solitary”.
bille: “bill”. Bille dlí, “decree, enactment”.
bínn: “sweet (of sound)”, with binne in the comparative.
biolar: “watercress”. PUL also has biolrach in his works.
bramach: “colt”, or bromach in GCh; pronounced /bər’mɑx/.
brath: “expectation; spying”. Lucht braith, “spies” (adjusted from PUL’s spelling lucht brath).
bréan: “putrid”; also “despicable”.
buiséal: “bushel”.
caisleán: “castle”; pronounced /kiʃ’lʹɑ:n/.
caoch: “blind”. Caoch ar meisce, “blind drunk”.
cárnaim, cárnadh: “to heap up”.
casóigín: “little coat”.
ceáfraíol: “prancing, cutting capers, gambolling”, or ceáfráil in GCh. Pronounced /kʹɑ:fəri:l/.
ciall: “sense, normal state of mind”, with céill in the dative. Ar do chéill, “sober”.
cine: “race”, which is feminine in PUL’s Irish, but masculine in GCh. An chine daonna, “the human race”: the d is not lenited in this expression. It seems an chine daonna is a fused phrase in WM Irish; this may be influenced by the noun daonna, if we take the view that an chine daonna could contain the genitive plural of daonna and not the identical adjective.
ciste: “chest, coffer; treasury”.
cloichín: “little stone”; pronounced /klo’hi:nʹ/.
cneadh: “wound”, or cneá in GCh. Along with a number of other words where the older spelling is in -adh or -agh, cneadh has a short vowel in the nominative singular, /knʹa(h)/. The plural here is cneathacha, /knʹi’hɑxə/.
cnucán: “hillock”, or cnocán in GCh. Pronounced /knə’kɑ:n.
coímhdeacht: “accompaniment; accompanying”. Pronounced /ki:nlʹəxt/ according to IWM (see the note to §409); this pronunciation is not shown in PUL’s works, and PUL may have had a d here.
coitine: “generality”, or coitinne in GCh. I gcoitine, “in general”. This word illustrates the eschewing of /ŋ/ in the pronunciation in a word that has a previous guttural, accounting for the single n.
craos: “gullet, throat; gluttony”.
cromán: “hip”.
cuíbhreann: “common table, mess”; pronounced /ki:rʹən/. ’Na chuíbhreann féin, “at table alone, dining alone”.
cúileann: “fair maiden”.
dalta: “pupil, disciple”.
dea-chroíoch: “good-hearted, kind-hearted”.
dea-éadaigh: “well-dressed”. This is ultimately the genitive of dea-éadach, but used adjectivally.
dea-labhartha: “eloquent”; pronounced /dʹa-lourhə/.
dei-bhéas: “good habit, custom”; in the plural, “morals”. GCh has dea-bhéas.
dlím, dlí: “to enact as a law”.
dothíosach: “inhospitable, churlish”.
drachma: drachma, a Greek unit equivalent to six obols, or just over 4 grams.
drochbhéalach: “foulmouthed”.
drochnós: “vice, bad habit”; pronounced /dro-no:s/.
dún: “fort”, with dúna in the genitive. This is used here in reference to the Acropolis.
eala: “swan”; pronounced /ɑlə/.
easna: “rib”, with easnaíocha in the plural where GCh has easnacha, pronounced /ɑsnə, ɑs’ni:xə/. Usually asna in PUL’s works, showing a preceding particle would end in a broad consonant.
feadar: “I know”, usually found in negative or interrogative contexts, with ní fheadar meaning “I don’t know, I wonder”. While this verb is spelt ní fheadair sé in both the present‑ and past‑tense meanings in GCh, there was traditionally a distinction between ní fheadair sé, present tense, and ní fheidir sé, past tense, pronounced /nʹi: edʹirʹ ʃe:/. This distinction is found here, but Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (e.g. ní fheadair sé on p25) shows that AÓL didn’t have it.
feirm: “farm”; pronounced /fʹerʹimʹ/. Also feirm thailimh.
fiain: “wild”. As the pronunciation is /fʹianʹ/, there seems no reason for the GCh spelling, fiáin, other than that the original spelling was fiadhain.
flaithiúil: “generous”.
fothragaim, fothragadh: “to bathe”; pronounced /fohərəgimʹ, fohərəgə/. The verbal adjective here is fothragtha; fothraigthe is found in some of PUL’s other works.
fuasclaim, fuascailt: “to release, redeem, save”, or fuasclaím, fuascailt in GCh. Pronounced /fuəskəlimʹ, fuəskihlʹ/.
fuathadóir: “hater”, or fuathaitheoir in GCh. Fuathadóir daoine, “misanthrope”.
galánta: “decent, fine”; pronounced /glɑ:ntə/.
garg: “rough, fierce”; pronounced /gɑrəg/.
geímheal: “fetter, chain”; pronounced /gʹi:l/. With geímhle in the plural.
gile: “whiteness, brightness”. A ghile mo chroí, “my beloved!”
gráinne: “grain”. Gráinne salainn, “a pinch of salt”.
gráinniúlacht: “abhorrence, abomination”, or gráiniúlacht in GCh.
grean: “gravel, grit, coarse sand”, with grin in the genitive.
iolchríochnaithe: “perfectly finished, finished off in many ways”.
iomlán: “full, whole”. Pronounced /umə’lɑ:n/.
lasair: “flame”, with lasracha in the nominative plural. Pronounced /lɑsirʹ, lɑsərəxə/.
líoracaim, líorac: “to lick”; FGB gives the verbal noun líreac (GCh uses lím as the finite verb “to lick”).
macasamhail: “copy”. Pronounced /mɑkə’saulʹ/. The entry in PUL’s NIWU (p74) shows that he also accepted the form macshamhail.
mallacht: “curse”, pronounced /mə’lɑxt/.
margadh: “deal, bargain”, pronounced /mɑrəgə/.
méathras: “fatness”, of the land; pronounced /mʹe:rhəs/. FGB has méithe; PSD shows this word exists in a large variety of variant forms. PUL’s consistent spelling is méithras.
mias: “dish”, with méise in the genitive and méis in the dative.
míbhaoch: “ungrateful”; or míbhuíoch in GCh.
míbhaochas: “ingratitude”, or míbhuíochas in GCh.
mórghaisce: “great exploit”.
mórthairbhe: “great benefit”, pronounced /muər-hɑrʹifʹi/. A mhórthairbhe do chine! in the vocative stands here where “ornament of our race!” stands in one English-edition of Lucian. The original spelling was a mhóir thairbhthe do chine!, but slenderisation of the r is rejected in this edition.
muíntir: “people, folk”. The dative plural here is muíntiríbh.
naoi: “nine”, pronounced /ne:/.
neamaitheach: “disobliging, useless”, or neamaiteach in GCh; pronounced /nʹa-mə’hɑx/.
neamhatruach: “uncompassionate, unmerciful, cruel”; pronounced /nʹav-ɑ’truəx/.
oscall: “armpit”, with the dative singular oscaill. Fén’ oscaill, “under his arm”. Note the nominative/dative distinction is not observed in GCh, where the word appears as ascaill. PUL’s spelling (in the dative) here was asgail, but is amended here in line with the desired pronunciation, which in the nominative would be /oskəl~uskəl/.
peictiúir: “picture”, or pictiúr in GCh. Pronounced /pʹek’tʹu:rʹ/.
Peloponésach: “Peloponnesian”, an inhabitant of the Peloponnese or Peloponnesus, a peninsula in Greece.
pic: “pitch, tar”.
piocaithe: “spick and span”, of appearance; or pioctha in GCh. Often used in the phrase piocaithe beárrtha.
salachar: “dirt, filth”, pronounced /slɑxər/.
sanntaím, sanntú: “to covet, desire”, or santaím, santú in GCh. Pronounced /saun’ti:mʹ, saun’tu:/.
saorchlann: “a free born clan”, with saorchlanna in the plural.
saothar: “labour, exertion”. Saothar orthu, “panting”.
screadach: “screaming”, pronounced /ʃkrʹə’dɑx/.
seanabhrat: “old cloak”.
seanachómhalta: “old mate”; pronounced /ʃanə-xo:lhə/.
síbhialtacht: “civility, politeness”, or sibhialtacht in GCh. Pronounced /ʃi:’vʹiəlhəxt/.
slán: “healthy, sound”, but also “whole, intact”, of a cake or pastry here.
slógadh: “expedition”.
smigín: “chin”. Note: DBÓC had /smʹi’gʹi:nʹ/; LASID shows /smʹe’gʹi:nʹ/.
snua: “complexion”. Pronounced /sno:/.
spreallairín: “silly little fool”.
stuacach: “obstinate, stubborn, ill-tempered, gruff”.
stuidéartha: “steady”, or staidéarach in GCh.
súlach: “sauce, gravy”.
súracaim, súrac: “to suck”, or súraicím, súrac in GCh.
taca: “support, prop, mainstay”.
tairgim, tairiscint “to offer, tender”. Pronounced /tarʹigʹimʹ, taʹrʹiʃkʹintʹ/. Note the preterite, do thairiscin sé.
teanga: “language; tongue”, with the dative singular teangain.
teórannach: “immediate neighbour”.
tiobraid: “fountain”, with tiobraide in the plural here (tiobraidí is also found). Pronounced /tubəridʹ/.
tíoránacht: “tyranny”. Tíoránacht a ghlacadh, “to assume tyrannical powers”. Some of PUL’s works have tíorántacht, which form is found in GCh.
tóchaim, tóch: “to dig, root up”. The phrase an císte poiblí do thóch, “to rifle the public treasury”, may refer to an ancient practice of burying gold treasure.
tragóid: “tragedy”. Na tragóidí nua, “the New Tragedies”, probably a form of dance-drama performed in March/April in honour of the god Dionysus.
tráigh: “strand, beach”, or trá in GCh. The traditionally correct spelling of this word shows the pronunciation, /trɑ:gʹ/.
tuairiní: “smiter”. The original text has a thuairgnígh in the vocative, as if from tuairgnídheach and not from the tuairgnidhe and tuairgneach shown in PSD. That dictionary also shows a variant tuairneach. There is very little evidence for the existence in WM Irish of any of these forms. It may be that a thuairghnígh was intended by PUL to show a final /i:/ and not /i:gʹ/. As the context is a thuairgnígh catha na Gréige, with gh immediately followed by a guttural, there would appear to be no difference in pronunciation, and we can suggest the pronunciation /ə huərʹinʹi: kɑhə nə Grʹe:gʹi/.
tútach: “coarse, vulgar, boorish”.
uille: “elbow”, or uillinn in GCh, where the dative has replaced the nominative. The dative is thus dhá uillinn.
úirlicim, úrlacan: “to vomit” (in particular reference to dry retching), or urlacaim, urlacan in GCh.

This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

Leave a comment