Lúcián 25

XXV. Iomramh Síos, nú Tíoránach.

(Ar leanúint.)

Cuniscos. Ach an íntleacht lena gceapadh sé pionóisí géara do dhaoinibh chun an neamhthaise a bhí ann do shásamh orthu, ní féidir cur síos i gceart uirthi, agus níor staon sé ó iad a dh’imirt ar a cháirdibh dílse féin. B’fhéidir go measfí gur ag tromaíocht air atáim. Más ea níl ach glaoch ar na fínnithibh, na daoine do mhairbh sé. Ach ní gá glaoch orthu. Sin iad ansan iad cheana féin agus iad ag brú ’na thímpall agus iad dhá thachtadh. Do chuir an cuirpeach san iad san go léir chun báis, a Radamantuis; cuid acu le ceilg, mar gheall ar na mnáibh breátha a bhí acu; cuid acu mar gheall ar an bhfeirg a thaispeánaidís nuair a beirtí a n-iníonacha chuige chun drochiompair; cuid acu mar gheall ar a saibhreas; cuid acu mar gheall ar iad a bheith ciallmhar dea-aigeanta agus nár thaithn a ghníomhartha leó.

Rad. Cad ’tá agat le rá leis na nithibh sin, a chuirpigh?

Megapentés. Do dheineas an marú, fé mar adeir sé, ach na nithe eile sin go léir, na hadhaltranaisí, agus an t-éigean ar mhaighdinibh, is éitheach ar fad atá ag Cuniscos á chur orm in sna nithibh sin.

Cun. Más ea, a Radamantuis, glaofad fínnithe dhuit ar na nithibh sin leis.

Rad. Cad iad na fínnithe?

Cun. Glaeigh chúm, a Herméis, lóchrann an fhir seo, agus a leabaidh. Déanfaid siad san fianaise ar na nithibh do dheineadh sé agus is eól dóibh.

Herm. A lóchrain agus a leabaidh Mhegapentéis! Tagaidh anso. Is maith an teacht acu é.

Rad. Ínsidh anois an méid is eól díbh i gcoinnibh Mhegapentéis anso. Labhairse ar dtúis, a leabaidh.

An Leab. Is fíor gach ní dá bhfuil curtha ’na leith ag Cuniscos, ach a Radamantuis a rí, ní leogfadh náire dhómhsa iad do rá, a leithéidí de ghníomharthaibh agus a dheineadh sé orm!

Rad. Tá fianaise ghlan tabhartha agat ’na choinnibh, .i. ní leogfadh náire dhuit trácht orthu. Agus tusa, a Lóchrain, abair t’fhianaise feasta.

An Lóch. Ní fheadar cad a dheineadh sé i gcaitheamh an lae mar ní bhínn ann; ach na nithe a dheineadh san oíche ní leogfadh náire dhom iad a dh’ínsint, ach go bhfeaca a lán nách féidir a labhairt, nithe a bhí gráinniúil thar na beartaibh, i dtreó gur do m’ainneóin a ghlacainn an íle agus go mb’fheárr liom go múchfí me. Ach do dheineadh sé úsáid díom ’na ghníomharthaibh go léir agus do thruaillíodh sé mo chuid solais orm ar gach aon tsaghas cuma.

Rad. Ní gá a thuilleadh fínnithe. Ach bain de an brat corcra go bhfeicead uimhir a mharcanna. Aililiú! Tá sé dúghorm ar fad acu, agus iad scórtha air. Ní hea ach ’na sméarabhán is ea atá sé ó sna marcannaibh. Ach cad é an pionós is ceart a chur air? An é ’ chaitheamh isteach sa Pheriphlegéthón is ceart? Nú é ’ thabhairt do Cherberos?

Cun. Ní hea in aon chor; ach más áil leat neósfadsa dhuit pionós nua, neamhchoitianta, diongbhálta, le cur air.

Rad. Innis dom é agus beidh mé ana-bhaoch ar fad díot.

Cun. Is béas, is dó’ liom, leis na mairbh go léir uisce Léité ’ dh’ól.

Rad. Is fíor san.

Cun. Bíodh sé seo ar an éinne amháin díobh go léir ná hólfaidh é.

Rad. Cad chuige san?

Cun. Cuirfidh san pionós ana-mhór air mar cimeádfaidh sé cuímhne ar conas a bhí aige ar an saol, na cómhachta móra a bhí aige agus an pléisiúr mór.

Rad. Tá an ceart agat. Daortar é agus ceangaltar é agus curtar in aice Thantaluis é, i dtreó go mbeidh cuímhne aige ar na nithibh a dhein sé nuair a bhí sé beó.

adhaltranas: “adultery”; pronounced /əiltrənəs/. A rarely needed plural, adhaltranaisí, is found here. Adhaltranasaí is also found in PUL’s works.
ceilg: “guile, deceit, treachery”; pronounced /kʹelʹigʹ/. GCh has cealg, but cealg is found only in the meaning of “sting” in WM Irish.
dea-aigeanta: “rightminded, well-disposed”; pronounced /dʹa-‘hagʹəntə/.
dílis: “faithful, honest”. The plural, dílse, is pronounced /dʹi:lʃi~di:lʹiʃi/.
diongbhálta: “worthy, fitting”, or diongbháilte in GCh, pronounced /dʹiŋə’vɑ:lhə/. Pionós diongbhálta, “condign punishment”.
drochiompar: “bad behaviour” (implying here some kind of immorality). Pronounced /dro-hu:mpər/.
dúghorm: “black and blue; navy blue”; pronounced /du:-ɣorəm/.
feasta: “henceforth”, but often simply “presently; next”.
gráinniúil: “abhorrent, abominable, horrible”, or gráiniúil in GCh. Pronounced /grɑ:’ŋʹu:lʹ/.
íle: “oil”. PUL’s spelling was oíle, suggesting that in combinations such as an íle, the preceding n was broad in his Irish, /ən i:lʹi/. PUL’s spelling is not adopted here, as it is unlikely that every instance of this type of sandhi was clearly spelt in his works.
íntleacht: “intellect, intelligence, ingenuity”, pronounced /i:ntʹilʹəxt/.
lóchrann: “lantern”; pronounced /lo:xərən/. A lóchrain in the vocative singular has a singular n, reflecting the way in which nouns in -nn are often reclassified as nouns in -n in the dialect (see also croiceann, croicin).
neamhchoitianta: “extraordinary, uncommon”; pronounced /nʹa-xo’tʹiəntə/.
neamhthaise: “lack of compassion”. Pronounced /nʹa-hɑʃi/.
scórtha: “indented, scored”, a word not given in dictionaries.
sméarabhán: “soot, lampblack, something all covered in black”.
teacht: “arrival”. Is maith an teacht acu é, “they do well to come”, but in context more or less “here they are, I can see them coming”.
tromaíocht: “detracting, running down”, with ar.

Advertisements
This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s