Lúcián 24

XXIV. Iomramh Síos, nú Tíoránach.

(Ar leanúint.)

Meg. Féach, a Chiniúint, dein íseal díom, nú duine bocht, nú daor féin, in inead me ’ bheith im rí mar a bhíos, ach leog thar n-ais suas me.

Chlót. Ca bhfuil an fear úd na cleithe? Agus tusa, a Herméis, beiridh ar chois air sin agus tarraigidh isteach anso é nuair ná tiocfadh sé isteach uaidh féin.

Herm. Tar isteach anso, a chladhaire. Beir air, a bhádóir, agus air seo eile. Ná leog uait iad.

Chár. Ná bíodh ceist ort. Ceanglófar den chrann seóil iad.

Meg. Gan amhras is ceart mise ’ chur san áit is aoirde.

Chlót. Cad ’na thaobh aídhe!

Meg. Mar rí dob eadh me, dar fia, agus bhí na mílte seirbhíseach agam.

Chlót. Nách maith a dhein Carión leat é agus do chuid féasóige do stathadh, a amadáin? An bata is é ’ gheóbhair anso féachaint conas a thaithnfidh sé leat.

Meg. Agus an leómhfaidh Cuniscos bata d’árdú chúmsa! Nár dhóbair go ndéanfainn tu ’ chéasadh tamall beag ó shin mar gheall ar do dhánaíocht ag fáil locht orm, a Chuniscois?

Cun. Dá bhrí sin ceanglófar den chrann seóil tu anois, go daingean.

Micul. Innis an méid seo dhom, a Chlótó, an bhfuil aon tsuím in aon chor agat ionamsa? Nú an toisc me ’ bheith bocht nách foláir me ’ bheith ar deireadh ag dul ar bórd?

Chlót. Agus cé hé thusa is dó’?

Mic. Gréasaí seanabhróg mise.

Chlót. Agus an amhlaidh atá fearg ort toisc gur leogadh leat chómh fada? Ná feiceann tú a mhéid a gheallfadh an rí seo ’ thabhairt ach leogaint leis tamall beag? Is iúnadh liom a rá ná taithneann an ré fada leatsa.

Mic. An airíonn tú, a dhea-Chiniúint. Níl aon lorg agamsa ar thabharthas an Chúclóps úd nuair aduairt sé, “Iosfad Outis ar an bhfear ndeirineach”. Peocu luath nú mall é is iad na fiacla céanna atá im chómhair. Dá éaghmais sin ní mar a chéile agamsa é agus ag lucht saibhris. Tá ár mbeatha bun-os-cionn ar fad lena chéile, mar adeirtear. Sin é an rí sin a bhí chómh suairc i gcaitheamh a bheatha; eagla ag gach éinne roimis; gach éinne ag féachaint suas chuige; an t-ór go léir agus an t-airgead agus na héadaí uaisle agus an eachra agus an bia buacach agus na mná breátha, iad go léir aige dá fhágáilt ’na dhiaidh. Ní hiúnadh buairt air agus brón mar gheall ar bheith ag scarúint leó. Bíonn greim diúid éigin ag anam an duine ar a leithéidí sin, fé mar a bheadh bainne-cí’-éan éigin dhá chimeád orthu, agus ní go bog a scarann an t-anam leó tar éis bheith i bhfad sáite iontu. Rud ana-dheocair is ea an scarúint sin agus nuair a bristear an ceangal béicid siad go hárd, agus bíodh go mbíd siad dána go maith ar shlitibh eile, bíd siad imeaglach go leór ag teacht an tslí seo anuas go Hádés dóibh, agus iad ag súilfhéachaint laistiar díobh; ar nós lucht grá gan áird; féachaint an bhfeicfidís cad a bheadh ar siúl thuas sa tsolas; ar nós an bhaothaire sin a bhí a d’iarraidh teitheadh nuair a bhí sé ar an slí agus ansan á chaitheamh féin suas ortsa nuair a tháinig se anso. Ach ní raibh aon taca agamsa ar an saol, talamh ná tithe, ór ná úirlisí, onóir ná íomhátha agus dá bhrí sin bhíos ollamh i gcónaí, i dtreó an túisce ’nar bhagair Atropos chúm nár dheineas ach mo scian do chaitheamh as mo láimh, agus an bonn bróige, agus preabadh im shuí agus gluaiseacht, gan fiú an dubh do ghlanadh dhíom, agus an tslipéid im láimh agam, agus me cosnochtaithe. Agus ní hag leanúint a bhíos ach ag gluaiseacht ar tosach, agus ní hag féachaint siar a bhíos ach ag féachaint rómham amach. Ní raibh aon ní im dhiaidh ’na raibh aon lorg agam ar theacht thar n-ais mar gheall air. Agus go deimhin féin chím anois gur ar áilleacht atá gach aon rud anso agaibh. Chím ná fuil aon onóir le fáil anso ag duine seochas duine eile ach gach éinne mar a chómharsa. Is maith é sin dar liom. Ní mheasaim go n-éilítear fiacha anso, ná go ndíoltar cíos. Agus rud is feárr ná ’ chéile ní fuiligtear fuacht geímhrigh, ná breóiteacht, ná cos-ar-bolg ó chómhachtaibh. Tá síocháin ins gach aon bhall agus suaimhneas, agus gach ní athraithe; sinne, na daoine bochta, ag gáirí agus lucht an tsaibhris ag gol agus ag folag na bpian.

Chlót. Táim ’od thabhairt fé ndeara le fada ag gáirí, a Mhicuill. Cad é an rud is mó ’ chuireann ag gáirí thu?

Mic. Neósfadsa san duit, a Bhandé na páirte. In aice leis an rí seo is ea ’ bhíos im chónaí ar an saol agus bhínn ag faire go dlúth ar gach ní dá ndeineadh sé agus mheasainn an uair sin gur dhia éigin a bhí ann. Chínn an t-éadach corcra chómh bláfar uime, agus na slóite seirbhíseach ag friothálamh air, agus an t-ór go léir, agus na clocha lómhara ar na cupánaibh, agus na cosa airgid fé sna tolgaibh aige; agus shamhlaínn go raibh fíoráthas air. Nuair a bhíodh a chuid bídh ollamh do do thagadh balaith an bhídh fúmsa agus mheasainn nár dhuine in aon chor é, go raibh sé níba mhó agus níba bhreátha agus ní b’aoirde de chúbat ríoga ná aon duine eile mar gheall ar a uaisleacht, agus é ag gluaiseacht go mórchúiseach agus eagla ag gach éinne roimis. Ach nuair a bhí sé marbh agus an órnáid uasal imithe dhe d’fhéach sé ana-shuarach im shúilibh agus bhíos searbh díom féin nuair a chonac an rud bréan ’na raibh an meas go léir agam air; me dhá cheapadh go raibh sé fé mhaise nuair a gheibhinn an balaith maith óna bhia, agus dhá cheapadh go raibh aoibhneas aige ó fhuil éisc shliogáin na mara san Lacedémón. Agus ní hé an fear san amháin a chuireadh ag gáirí me ach an fear eile úd, leis, .i. Gnípó an t-úsúire, nuair a chonac é agus é ag lógóireacht agus dhá chásamh nár bhain sé aon tairbhe as a shaibhreas mar go dtáinig an bás air agus go mb’éigean do an saibhreas d’fhágaint ag an scaipeadóir sin Rodocháros. B’é sin ba ghiorra gaol do agus do thug an dlí an saibhreas do. Ní fhéadaim féin stad ach ag gáirí nuair a chuímhním ar an ndriuch a bhíodh air, é go bán agus go mílítheach, agus éadan cas cráite air, agus gan an saibhreas aige ach ’na mhéireannaibh nuair a bhíodh sé ag cómhaireamh na mílte, agus na ndeich míle leó, agus é ag cruinniú an tsaibhris sin a scaipfidh Rodocháros go rabairneach. Ach cad ’na thaobh ná gluaisimíd anois? An fhaid a bheimíd ag dul anonn beimíd ag gáirí úmpu so atá ag gol.

Chlót. Tar ar bórd go dtógfar an t-anncaire.

Chár. Stad! A fhir mhaith! Ca bhfuilir ag dul? Tá an t-árthach lán. Níl slí dá thuilleadh. Fan ansan agus béarfad anonn tu ar maidin.

Mic. Tá éagóir agat á dhéanamh orm, a Cháróin, ’om fhágaint anso agus me im chorpán dreóite cheana féin. Go deimhin cuirfead mo ghearán isteach id choinnibh i láthair Radamantuis. Ach mo chráiteacht! Sin iad ag imeacht iad agus fágfar anso me im aonar. Ná beadh sé chómh maith agam snámh ag triall orthu, áfach? Ní baol dom me ’ bhá, toisc me ’ bheith marbh cheana. Agus dá éaghmais sin níl an t-obolos agam, chun an bhádóra do dhíol.

Chlót. Cad é seo mar obair! Stad, a Mhicullois! Ní dleathach duit dul anonn mar sin.

Mic. ’Sea, agus b’fhéidir go mbead thall níos túisce ná sibhse.

Chlót. Ní hea, ach dridimís an t-árthach chuige agus tarraigse isteach é, a Herméis.

Chár. ’Sea, agus cá suífidh sé anois?

Herm. Suíodh sé ar ghuaillibh an rí anso más áil.

Chlót. Tá an scéal socair go maith ag Hermés. Tar anso agus seasaimh ar muin an bhithiúnaigh seo. Iomramh maith chúinn!

Cun. Féach, a Cháróin is ceart an fhírinne d’ínsint duitse feasta. Níl an t-obolos agamsa le tabhairt duit nuair a bheimíd thall. Níl agam, mar a chíonn tú, ach an mála so agus an chleith seo. Ach más maith leat go ndéanfainn taoscadh nú iomramh táim ollamh chuige. Má thugann tú bata rámha maith láidir dom ní bheidh aon chúis ghearáin agat orm.

Chár. Dein an t-iomramh. Ní beag san uaitse.

Cun. Agus an mbeidh orm, leis, amhrán báid do thabhairt díbh?

Chár. Gan amhras, dar fia, má tá aon amhrán báid agat ó sna máirnéalaigh.

Cun. Tá cuid mhaith acu agam, ach na daoine seo atá ag gol báfaid siad ár nguthanna agus cuirfid siad ár n-amhráin amú orainn.

An fear saibhir. Ochón ó! Mo shaibhreas!

Fear eile. Ochón ó! Mo chuid tailimh!

Fear eile. Aililiú! mo thigh breá a dh’fhágas im dhiaidh.

Fear eile. Ó, a chreach láidir é! Na mílte talant úd a gheóbhaidh m’oidhre le scaipeadh!

Fear eile. Ochón ó! Go daingean! An chlann bhocht óg atá im dhiaidh!

Fear eile. Ach mo dhíth! cé ’ bheárrfaidh na fíniúna úd a chuireas anuiridh!

Hermés. A Mhicullois, an amhlaidh ná fuil aon ochón agatsa le déanamh? Níl sé ceart ag éinne dul an tslí seo anonn gan gol éigin do dhéanamh.

Mic. Is cuma liom. Níl aon chúis ghuil agam an fhaid atá an chuaird ag éirí liom.

Herm. Mar sin féin, cas olagón beag ós nós é.

Mic. Tá go maith, a Herméis. Déanfad roinnt guil ós ceart é. Ochón ó! Mo sheanalópaí! Mo chreach go deó mo bhróga lofa! Go deó arís ní bheidh mé im ainniseóir ocrach gan blúire bídh ó mhaidin go hoíche, ná ag gluaiseacht sa gheímhreadh gan díon ón bhfuacht, gan bróg idir mo chos agus an talamh cruaidh, ach m’fhiacla ag bualadh ar a chéile leis an bhfuacht. Och! Cé aige ’na mbeidh mo scian! Agus mo mheanaithe! ’Sea! Ní beag liom de mar ghol. Is dó’ liom gur beag ná go bhfuilimíd thall cheana féin.

Chár. Seo, más ea, tugtar an t-airgead báid dom. Tabhairse dhom é, tá sé agam ón gcuid eile. Tabhairse dhom an t-obolos, a Mhicullois.

Mic. Ag magadh ataoi, a Cháróin, nú, mar adeirtear, ag déanamh scríbhinne ar uisce, ag lorg obolois ar Mhicullos. Ní fhéadfainn a dh’ínsint duit ceocu rud fáinneach nú rud ceathairchúinneach an t-obolos.

Chár. Is maith é mo ghnó inniu agus is tairbheach! Ach imigh leat amach. Ní mór dómhsa dul thar n-ais a d’iarraidh na n-each agus na ngadhar agus na n-ainmhithe eile. Is cuí iad san, leis, do theacht anall.

Chlót. Tabhair leat iad, a Herméis. Raghadsa féin thar n-ais go dtí an tír agus tabharfad liom Indopatés agus Éromítrés agus na Séaraigh. Táid siad tar éis a chéile do mharú ag cómhrac mar gheall ar theórannaibh talún.

Herm. Téanaídh oraibh. Ní hea ach leanaidh go léir mise i ndiaidh ’ chéile.

Mic. A Hercail! cad é mar dhoircheacht! Ca bhfuil áilleacht Mhegillois anois? Ca bhfios d’éinne anso ceocu is breátha, Phríne nú Simíca? Tá gach ní mar a chéile, ar aon dath amháin, gan aon rud breá ná aon rud níos breátha. An tseanachasóg so ormsa, bhí sí maisiúil go maith tamall beag ó shin ach tá sí chómh maisiúil anois le brat corcra an rí. Táid siad araon gan deallramh. Tá an dubh céanna orthu araon. Ca bhfuilir anois, a Chuniscois?

Cun. Táim anso adeirim leat, a Mhicullois. Gabhaimís le chéile más áil leat é.

Mic. Tá go maith. Tabhair dhom do lámh dheas. Innis an méid seo dhom, a Chuniscois, nách ana-chosmhail an obair seo le gnó na nEleusíneach? Tá an t-eólas ceart agat orthu súd mar is díobh thu.

Cun. Is fíor. Agus dá chómhartha san féin, seo chúinn bean agus solas aici agus í ag féachaint go fíochmhar feargach. Ní fheadar an í Erinnús í?

Mic. Ní deirim ná gurb í, óna driuch.

Herm. Tóg chút iad so, a Thisiphoné; ceathrar agus míle.

Tis. ’Sea, agus sin é Radamantus féin anso le fada ag feitheamh libh.

Rad. Tabhair anso iad, a Erinnús. Agus tusa, a Herméis, dein an fhógairt agus glaeigh iad.

Cun. Ar son t’athar, a Radamantuis, glaeitear agus trialtar mise ar dtúis.

Rad. Cad ’na thaobh?

Cun. Drochnithe ’ bheith agam le cur i leith cuirpigh áirithe, nithe do chonac aige á dhéanamh i gcaitheamh a bheatha. Ní creidfí mo chainnt mara bhfeicfí ar dtúis cad é an saghas me agus conas a chaitheas féin mo bheatha.

Rad. Cé hé thu?

Cun. Cuniscos mise, a uasail, agus eagnaíocht is gairm beatha dhom.

Rad. Tar anso. Seasaimh do thriail ar dtúis, agus glaeighse na fínnithe, a Herméis, chun é ’ dhaoradh.

Herm. Éinne ’na bhfuil rud aige le cur i leith Chuniscois seo tagadh sé anso.

Rad. Níl éinne ag teacht. Ní leór san, áfach, a Chuniscois. Bain díot i dtreó go bfeicfead rian na gcómharthaí.

Cun. Cár cuireadh aon chómharthaí ormsa?

Rad. Aon drochnithe a dhein éinne agaibh i gcaitheamh a bheatha tá cómhartha in aghaidh gach ní dhíobh ar a anam aige, go dofheicse.

Cun. Seo; sin lomrachta me anois os do chómhair. Féach an bhfeicfá na cómharthaí sin adeirir.

Rad. Tá sé glan, nách mór, ach amháin an trí nú ceathair de mharcannaibh seo atá dofheicse nú geall leis. Ach cad é seo? Do glanadh amach, nú do gearradh amach, anso, rianta agus cómharthaí tine, ar chuma éigin ná tuigim. Conas a thárla so, a Chuniscois, nú conas a deineadh athghlanadh ort?

Cun. Neósfadsa san duit. Bhíos go holc ar dtúis, trí easpa teagaisc. An uair sin is ea ’ tháinig na marcanna san orm. Ansan chómh luath agus do luíos ar an eagna do shaothrú, i ndiaidh ar ndiaidh do ghlanas na marcanna go léir as m’anam amach.

Rad. Is ana-mhaith agus is ana-thairbheach an leigheas a tharraigis-se chút, a dhea-dhuine. Imigh leat anois go hoileánaibh an aoibhnis, agus bí i gcómhluadar dea-dhaoine, nuair a bheid na nithe úd curtha i leith an chuirpigh úd agat. Glaeigh tuilleadh.

Mic. Mo ghnósa, a Radamantuis, gnó suarach is ea é. Ní beifar i bhfad ’om thriail. Táim nochtaithe le fada. Feic me.

Rad. Agus cé ’tá againn ionatsa?

Mic. Micullos cobléra mise.

Rad. Is maith é sin, a Mhicullois! Taíonn tú fíorghlan gan smól. Imighse leis, in éineacht le Cuniscos úd. Glaeitear chúinn an rí anois.

Herm. Tagadh Megapeintés mac Lacúdais anso. Cad é an casadh san ort mar sin? Tar anso. Táim ag glaoch ort, a rí. Beir ar chúl cínn air sin, a Thisiphoné, agus caith isteach i láthair é. Cuirse ’na leith anois, a Chuniscois, agus daor é, ó tá sé anso ’nár n-aice againn.

Cun. Le fírinne níl gá le cainnt. Beidh ’ fhios agat ar ball cad é an saghas é nuair a chífir na rianta atá ann. Ach mar sin féin nochtfad an fear duit agus déanfaidh mo chainnt soiléireacht ar an scéal. Is dó’ liom ná tráchtfad ar na nithibh a dhein sé an fhaid ná raibh aithne phoiblí air, an cuirpeach. Ach nuair a thosnaigh sé ar chómhluadar a dhéanamh le drochaicme gan náire, agus ar ghárda ’ bheith ’na thímpall aige, agus ar bheith ag éirí i gcoinnibh an phobail, ansan is ea ’ dhein tíoránach de. Do chuir sé chun báis gan triail breis agus deich míle duine agus do thóg sé chuige féin a gcuid saibhris. Nuair a bhí an saibhreas aige níor staon sé ó aon tsaghas anmhian, ach é ag déanamh éagóra agus cos-ar-bolg ar na daoine a bhí féna smacht; ag déanamh éigin ar mhnáibh óga agus ag tabhairt náire do mhnáibh pósta, ag brú agus ag milleadh agus ag tarcaisniú na ndaoine mbocht a bhí féna láimh. Ní hé sin féin ach gur dhó’ le duine gurbh usa féachaint díreach ar an ngréin, i lár an lae, ná féachaint air, bhí sé chómh huaibhreach chómh dána chómh tarcaisniúil sin. Ní féidir oiread pionóis do chur air agus atá tuíllte aige.

ainmhí: “animal”, pronounced /anʹi’vʹi:/.
ainniseóir: “wretch”; pronounced /aŋʹi’ʃo:rʹ/.
anmhian: “passion, lust”, or ainmhian in GCh. CFBB shows that anmhian is pronounced /’ɑn-‘vʹian/, with a broad n.
anuiridh: “last year”, or anuraidh in GCh. Pronounced /ə’nirʹigʹ/.
aoibhneas: “bliss, delight”, pronounced /i:vʹinʹəs/.
athghlanaim, athghlanadh: “to refine” or “to make something clear again”.
athraím, athrú: “to change”, pronounced /ɑhə’ri:mʹ, ɑhə’ru:/.
bainne-cí’-éan: “Irish spurge (a plant like hemlock)”, also given here as bainne cí’ na n-éan. GCh has bainne caoin. Bainne cí’ means “breastmilk”; see under cíoch.
balaith: “smell”, or boladh in GCh. This would generally be balaithe in WM Irish, pronounced /bɑlihi/, but PUL nearly always uses balaith in the singular in his works. Balaithe ’ theacht fút, “to smell a smell”.
baothaire: “a vain or silly person”.
beag: “small”, pronounced /bʹog/. Ní beag liom de, “that is quite enough for me”; this is often pronounced ní be’ liom de, but this is not indicated in the original spelling.
bearraim, bearradh: “to clip, prune; dress vines”.
bog: “soft”, but also “easy, easily, without putting up a fight”.
bréan: “foul-smelling”. Rud bréan, “despicable creature”.
bun-os-cionn: “awry, not right, wrong”, pronounced /binʹiʃ kʹu:n/ according to IWM, but /bunəs ‘kʹu:n/ in LASID. Bun-os-cionn lena chéile, “different from each other”.
caithim, caitheamh: “to throw”. ’Od chaitheamh féin suas ar dhuine, “to throw yourself on someone and appeal for his mercy”.
cas: “twisted; bad-tempered”.
casadh: “turning round”. Cad é an casadh san ort?, “why are you going the wrong way?”
cásaim, cásamh: “to lament”.
ceathairchúinneach: “four-cornered, square”.
cíoch: “breast, pap”, with cíche in the genitive. Pronounced /kʹi:x, kʹi:hi/. Bainne cí’, “breast milk”, a phrase that is regularly encountered in PUL’s works, appears to contain a reduced form of the genitive plural. PSD (under bainne) shows the form is bainne cíoch>bainne cíghe.
cladhaire: “rogue, trickster”; pronounced /kləirʹi/.
cobléra: “cobbler”, or caibléir in GCh. The spelling given does not conform to Gaelic norms, and may imply there is no epenthetic vowel in what is a loan word, /kə’ble:rə/.
cos ar bolg: “brutal oppression”. Pronounced /kos er boləg/.
cosmhail: “like, resembling”. Cosmhail le, “like unto, resembling”. IWM §361 shows the pronunciation /kosvilʹ/. Cosúil, /ko’su:lʹ/, is also found in Munster Irish.
cosnochtaithe: “barefoot”, or cosnochta in GCh.
cráite: “pained, tortured”.
cráiteacht: “torment”. Mo chráiteacht!, “woe is me!”
cúbat: “cubit”, or cubhad in GCh.
daingean: “firm”. Go daingean, “for sure”.
deirineach: “last, final”; deireanach in GCh. Pronounced /dʹerʹinʹəx/: PUL generally wrote a slender r and a slender n in this word (although counterexamples exist); AÓL had a a slender r and a broad n; LASID has /dʹerənəx/.
diúid: “stump”. Greim diúid, “a vicelike grip”. PUL has dúid in his other works, which form is used in GCh. IWM and CFBB (p89) show both forms were used. Diúid or dúid is apparently a genitive, and some speakers had greim diúide.
dofheicse: “invisible”, or dofheicthe in GCh. Pronounced /do-ikʃi/.
dreóite: “rotten, decomposed”.
driuch: “sickly appearance, especially of someone dying or dead”, or dreach in the CO.
drochaicme: “bad people”; pronounced /dro-hakmʹi/.
eachra: “horses, steeds”, in a collective sense. Pronounced /ɑxərə/. This is feminine here, but masculine in GCh.
éigean: “force, violence; rape”, with éigin in the genitive. Éigean a dhéanamh ar mhnaoi, “to rape a woman”.
Eleusíneach: “Eleusinian”. Initiations into the cult of Demeter and Persephone, known as the Eleusinian Mysteries, were held annually at Eleusis in ancient Greece, and may have been based in the religion of the early Mycenaeans.As the king of Hades kidnapped Persephone from her mother Demeter and took her into the underworld, the suggestion is that the descent into Hades here bears comparison to the Eleusinian mysteries.
fáinneach: “round”.
gol: “weeping”, with guil in the genitive.
gréasaí: “cobbler”.
grian: “sun”, with gréin in the dative.
iarraim, iarraidh: “to ask, request”, but also sometimes “to get, to fetch”, as in a d’iarraidh na n-each here.
imeaglach: “fearful, frightened”; pronounced /im’ɑgələx/.
lómhar: “precious, brilliant (of gems)”.
lorg: “seeking”; pronounced /lorəg/. Níl aon lorg agam air, “I’m not hankering after it”.
marc: “mark, trace”, with marcanna in the plural.
meanaithe: “awl”, or meana in GCh.
méar: “finger”, with méireanna in the plural where GCh has méara.
nuair: “when”, but also “since”.
ó: “from”. Where ó means “since”, the usage was historically seen as relative, as shown by ó ’tá sé in the original text. This is edited here as ó tá sé.
ocrach: “hungry”; pronounced /okərəx/.
páirt: “part”, but also “affection”. A bhandé na páirte!, “my dear goddess!”
rabairneach: “extravagant, luxurious”.
sáite: sáite i rud, “immersed in something”.
scaipeadóir: “spendthrift, squanderer”, or scaiptheoir in GCh.
scaraim, scarúint: “to part, separate”, or scaraim, scaradh in GCh.
scríbhinn: “writing; a written inscription”. Pronounced /ʃkrʹi:vʹiŋʹ/. Ag déanamh scríbhinne ar uisce, “tilting at windmills, trying to achieve the impossible”.
seanabhróg: “old shoe”.
seanalópa: “old vampless stocking”.
Séarach: “Seresian”. This seems to be a reference to inhabitants of northern China (or to the Tocharian inhabitants of the north-west of China). Northern China was known as Serike to the ancient Greeks (Serica in Latin), producing the ethnonym Seres.
sliogán: “shell”. Iasc sliogáin, “shellfish”.
slipéid: “slipper”, or slipéar in GCh.
smól: “ash; snuff of a candle”. Smól is also a variant of smál in the meaning of “stain”: gan smól, “stainless”.
soiléireacht: “clarity”.
taca: “support”, and thus also “security, material possessions in life”.
taithneann, taithneamh: “to please”, or taitníonn, taitneamh in GCh. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən, taŋʹhəv/.
tarcaisním, tarcaisniú: “to scorn, insult”.
tarcaisniúil: “contemptuous, insulting”. FGB recommends tarcaisneach, which form is also found in PUL’s works.
téanam: “come along”, part of a defective verb usually found only in the imperative. Téanam is derived from a first-person plural imperative, but is functionally a second-person imperative. Note téanaídh oraibh here with the same meaning.
trialaim, triail: “to try, test”, or triailim, triail in GCh. Pronounced /trʹialimʹ, trʹialʹ/.
uaibhreach: “proud, arrogant”, pronounced /uəvʹirʹəx/.
usa: “easier”, or fusa in GCh. The original text had gur bh’ fhusa, but an unlenited fusa is not found in any of PUL’s works, and it seems the form without f is used in the dialect.

Advertisements
This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s