Lúcián 26

XXVI. Menippos, nú Marbhdhraíocht

Menippos agus Philónidés

Men. “Mo ghrá mo sheanathigh!

Aiteas mo chroí go deó

Thu ’ dh’fháil id sheasamh

ag teacht dom aníos ón gceó!”

Phil. Nách é seo Menippos an madra? Ní hé a mhalairt é. Mara bhfuil mallachar radhairc orm is é Menippos ’na steillebheathaidh é. Ach cad chuige an chulaith neamhchoitianta? Caipín agus cruit agus croiceann leóin! Ní mór dom bualadh ’na threó, pé’r domhan é. Móra dhuit, a Mhenippois! Agus cár ghabhais chúinn?

Men. “Thánag ó áitreabh samhal saobhchruth.

Mar a gcónaíonn Hádés i bhfad ó dhéithibh.”

Phil. A Thiarcais! A’ bhfuair Menippos bás i ganfhios dúinn agus ar tháinig an t-anam arís ann!

Men. “Ní hea, ach mo ghlacadh im beathaidh do rí na smól.”

Phil. Agus cad a sheól tu ar chuaird chómh hiasachta, chómh míchuíosach?

Men. “Mire meanmna ’gus neart na hóige.”

Phil. Cuir uait an duanaireacht, a dhuine, agus labhair mar a dhéanfadh éinne. Túirlig de sna hiambachaibh! Cad chuige an chulaith sin? Cad é an gnó a bhí ansúd síos agat? Ní hé feabhas ná suairceas na slí a bhéarfadh síos ann tu.

Men. “Bhí orm dul síos go críochaibh samhal is uath,

Go gcuirfinn chun Teíréis Téibigh ceisteanna crua.”

Phil. As do mheabhair ataoi, a mhic ó, nú ní bheifá ag stealladh filíochta ar an gcuma san led dhaoine muínteartha.

Men. Ná dein iúnadh dhíom, a chara. Ní fada ó bhíos i dteannta Euripedéis agus Hóméir agus táim líonta de dhántaibh ar chuma éigin agus ritheann an fhilíocht chun mo bhéil uaithi féin. Ach innis dom conas atáthar ar uachtar na talún, agus cad ’tá ar siúl sa chathair?

Phil. Níl aon nuacht ann. Deintear mar a deintí, guid, mionna éithigh, iúncamas, éagóir, éilimh.

Men. Na hamadáin gan rath! Ní heól dóibh na nithe atá curtha i bhfeidhm le déanaí laistíos ná cad iad na dlithe atá déanta i gcoinnibh lucht saibhris, agus go deimhin, dar Cerberos, níl aon bhreith acu ar dhul saor uathu.

Phil. Cad é sin adeirir? An amhlaidh atá dlí nua déanta ag an muíntir thíos i gcoinnibh na ndaoine atá anso?

Men. Is amhlaidh, dar fia, agus ní haon dlí amháin é. Ach ní dleathach a leithéidí ’ dh’ínsint do gach éinne le heagla go gcurfí neamhchráifeacht im leithse i láthair Radamantais.

Phil. Faire, a Mhenippois! Ná habair é. Ná ceil do chainnt ar do dhuine mhuínteartha, in ainm Zeúis! Neósfair an scéal do dhuine ’na bhfuil ’ fhios aige conas rún do chimeád, agus do dhuine atá tabhartha isteach cheana in eólas na ngnóthaí sin.

Men. Tá rud cruaidh cúntúrthach agat dá iarraidh orm; ach ní foláir é ’ dhéanamh ar do shonsa. Lucht airgid agus lucht saibhris agus an aicme sin a chimeádann a gcuid óir i gcimeád ar nós Danaé —.

Phil. Ná bac na dlithe, a chara, go n-ínsir ar dtúis dom, tríothu síos, na nithe is feárr liom a dh’aireachtaint uait. Cad fé ndeara dhuit dul síos? Cé hé an giolla a bhí agat? Innis dom ansan gach ní dár airís agus dá bhfeacaís laistíos acu. Do réir dheallraimh, ós duine géarchúiseach thu níor chuaigh aon nídh uait ’narbh fhiú trácht air ná féachaint air.

Men. Caithfar rud a dhéanamh ort sa méid sin, leis, mar nuair a dh’iarrann cara rud cé ’ fhéadfadh cur ’na choinnibh? Ar dtúis neósfad duit cad é an saghas aigne a bhí agam agus cad fé ndeara dhom dul síos. Nuair a bhíos-sa i measc na leanbh agus me ag éisteacht le Hómér agus le Hésiód agus leis na cogaíbh agus na ceannarcaibh dá n-ínsint, ní hamháin ar na déithibh beaga ach ar na déithibh móra, leis, agus leis na gníomharthaibh drúise a dheinidís, agus éigin, agus foghla, agus pionóis; díbirt athar, agus pósadh driféar; do thuigeas im aigne gur ghníomhartha fónta iad san go léir agus ní go lag a thaithneadar liom. Ach nuair a thosnaíos ar dhul i measc na bhfear d’airíos a mhalairt sin. D’airíos na dlithe ag gabháil lom díreach i gcoinnibh na bhfilí agus dhá rá gan drúis a dhéanamh, ná ceannairc, ná foghail. Ansan do bhíos i gcás ’dir dhá chómhairle agus ní raibh ’ fhios agam cad ba mhaith dhom a dhéanamh. Dar liom ní dhéanfadh na déithe in aon chor drúis ná ceannairc i gcoinnibh a chéile mara mbeadh gur thuigeadar gur ghníomhartha fónta a leithéidí de ghníomhartha; agus dar liom ní dhéanfadh na dlitheadóirí dlithe i gcoinnibh na ngníomhartha san mara mbeadh gur thuigeadar gá ’ bheith leó. Sa mhearathall san dom do thuigeas im aigne nárbh fhearra dhom rud a dhéanfainn ná dul ag triall ar an aicme sin ar a dtugtí lucht eagna agus me féin do thabhairt suas dóibh agus a iarraidh orthu a rogha rud a dhéanamh liom ach go dtaispeánfaidís dom slí éigin bheatha a bheadh réidh agus ná seólfadh amú me. Ar an aigne sin dom, siúd ag triall orthu me. Ach ba ag dul as an ndeatach isteach sa tine agam é, i ganfhios dom. Chómh luath agus ’ chuireas aithne i gceart orthu chonac ná raibh acu ar fad ach ainbhios agus dul amú, i dtreó gur chuireadar san ’na luí orm gur ag daoinibh gan léann atá an bheatha órga. Duairt duine acu liom pléisiúr a bheith agam i gcónaí agus é ’ sholáthar dom féin ins gach ní, mar ná fuil aoibhneas le fáil in aon ní eile. Duairt duine eile acu liom, áfach, bheith ag obair agus an cholann do smachtú, mar go bhfuil an cholann salach brachach; bheith gruama tarcaisneach le cách, coitianta ag gabháil na ndán úd ó Hésiód i dtaobh an allais agus an oirearcais agus an dul suas ar barra. Do chómhairligh duine acu dhom gan aon mheas a bheith agam ar shaibhreas, neamhshuím do chur ann. Duairt duine eile acu liom gurb é an saibhreas céanna san an mhórmhaith. Ach cad is gá dhom trácht ar an ndomhan? (.i. Níl gá ar domhan le bheith ag cainnt, ’sé sin, bheith ag cainnt air mar scéal.) Bhíos bréan díom féin ó bheith ag éisteacht ó ló go ló lena gcainnt ar smaointibh agus ar neamhchorparthaibh agus ar atomaibh agus ar fholúsaibh, agus leis na slóitibh téarmaí den tsórd san. Agus rud ab áiféisí ná gach áiféis, gach éinne ag labhairt bun-os-cionn ar fad le gach éinne eile, agus gach éinne, ba dhó’ leat, ag cur a chainnte féin i bhfeidhm le deimhniú ceart. Nuair adeireadh duine acu go mbíodh ní áirithe fuar agus duine eile acu go mbíodh sé te ní fhéadainn éinne acu do bhréagnú, bíodh go dtuiginn go maith nárbh fhéidir rud a bheith te agus fuar in éineacht. Is amhlaidh a bhínn mar a bheadh ag míogarnaigh, mo cheann ag titim soir tamall agus ag titim siar tamall eile. Ach, rud a bhuaigh ar an áiféis go léir, do chínn gníomhartha na bhfear san bun-os-cionn ar fad leis an rud a dheimhnídís ’na gcainnt! An mhuíntir adeireadh liom neamhshuím do chur i saibhreas, chínn an greim diúid acu féin ar shaibhreas, iad ag coímheascar ag éileamh iúncamais; iad ag teagasc ar thuarastal; iad ag folag gach annróidh ar son saibhris. An mhuíntir ’na raibh an drochmheas acu ar onóir chínn iad ag déanamh gach díchill chun í ’ dh’fháil; agus lucht spídiúcháin ar phléisiúr, a bhformhór ag glacadh pléisiúir go fonnmhar i ganfhios don tsaol.

Nuair a bhí teipithe orm sa méid sin gnótha, leis, bhí m’aigne trína chéile go mór, ach duart liom féin, go breá réidh, má bhíos-sa ag dul amú, in ainbhios ar fhírinne, gur in éineacht leis na héigsibh móra go léir, ’na raibh cáil eagna orthu, a bhíos ag dul amú. Fé dheireadh, agus me ar mo leabaidh im dhúiseacht san oíche mar gheall ar an dtrí chéile aigne sin, do chuímhníos ar dhul go Baibilóin agus cómhairle ’ dh’iarraidh ar dhuine de sna draoithibh sin a leanann teagasc Sóróastair. D’airínn go raibh ar a gcumas, le draíocht agus le deismireacht, dóirse an domhain tíos a dh’oscailt agus éinne ba mhaith leó do bhreith leó síos agus do thabhairt thar n-ais aníos slán. Thuigeas im aigne, dá bhrí sin, gurbh fhearra dhom dul ag triall ar dhraoi acu san agus a iarraidh air me ’ bhreith síos, ansan dul chun cainnte le Tíresias, an Boióiteach, agus a fhiafraí dhe, ós fáidh é agus fáistineach, cad í an bheatha is feárr, nú cad í an bheatha do thoghfadh duine fíorchiallmhar do féin. Chuireas díom láithreach chómh tapaidh agus d’fhéadas é agus siúd soir go Baibilóin me ceann ar aghaidh. Do shroiseas an chathair. Níorbh fhada gur casadh orm duine de sna Caldéachaibh, fáidh agus draoi de réir gairme. Bhí folt liath air agus féasóg fhada throm. Mítróbarsánés ab ainm do. Tar éis mórán tathaint do thoiligh sé me ’ sheóladh síos, ar pé rud ba mhaith leis a dh’éileamh. Thóg an fear san leis me agus thug sé naoi lá agus fiche ’om ní agus ’om ghlanadh, thosnaigh sé ar an obair sin an chéad lá den ré nua, bheireadh sé leis me ar maidin go dtí an abha san Eúphratés agus duanaireacht éigin fhada aige dá labhairt leis an ngréin agus í ag éirí. Ní rómhaith a dh’airínn an chainnt. Do labhradh sé rómhear agus róleathbhalbh, ar nós an lucht fógartha úd gan áird a bhíonn ag na cluichíbh. Ach mheasainn gur ag glaoch ar dheamhnaibh éigin a bhíodh sé. Nuair a bhíodh an duanaireacht críochnaithe aige do chaitheadh sé seile san aghaidh orm trí huaire agus ansan do thagadh sé thar n-ais agus ní fhéachadh sé ar aon duine a bhuaileadh uime. Is é bia ’ bhíodh againn ná meas daraí. Bainne agus miodh agus uisce Chóáspéis an deoch a bhíodh againn; agus ar an bhféar glas, amu’ fén spéir, a chodlaimís. Nuair a bhí an t-ollmhúchán go léir déanta aige do thóg sé leis me i lár na hoíche go bruach abhann Tígris agus do nigh agus do ghlan sé me, agus d’ainic sé me le tóirse agus le hoinniún farraige agus lena lán rudaí eile, agus an duanaireacht úd ar siúl aige fén’ fhiaclaibh. Ansan, nuair a bhí an draíocht curtha orm aige go hiomlán do thug sé abhaile me mar a bhíos, i ndiaidh mo chúil, agus é ag gabháil tímpall, sara ndéanfadh púcaí aon díobháil dom. Thugamair an chuid eile den aimsir ag ollmhú i gcómhair na cuarda. Ansan do chuir sé uime brat draíochta a bhí ana-chosmhail le brat Médach, agus thug sé chúmsa iad so, an caipín seo agus an croiceann so agus an chruit seo, agus duairt sé liom dá bhfiafraítí m’ainm gan Menippos do rá, ach Heraclés nú Odusséus nú Orphéus.

Phil. Agus cad chuige dho an t-órdú san a thabhairt duit, a Mhenippois? Ní thuigim cad é an brí a bhí leis an gcórú ná leis na h-ainmneachaibh.

Men. Tá an brí soiléir go leór, áfach. Do chuadar súd síos go Hádés rómhainn agus iad beó agus cheap sé ach mise do chur ’na riocht san ná haithneódh gárda Aiacois me agus gurbh fhuiriste dom dul uathu nuair a chífidís an riocht trágach ar a raibh aithne acu. Bhí éirí lae ann agus sinn ag an abhainn thíos ag ollmhú chun gluaiste. Bhí seisean tar éis an bháid d’ollmhú roim ré agus bhí ar bórd aige na nithe a bhí riachtanach chun na híbirte agus chun na deismireachta. Chuireamair isteach gach ní, agus:—

Ag sileadh na súl do chuamair go dúbhach ar bórd.”

Do ghluaiseamair le fánaidh na habhann ar feadh tamaill. Ansan do seóladh sinn isteach sa churrach agus amach sa loch ’na dtéann an abha amach ann. Do ghluaiseamair treasna an locha san agus thánamair go tír uaigneach a bhí lán de choílltibh agus gan aon ghrian. Thánamair i dtír ann ach bhí Mítróbarsánés ar tosach agus dheineamair poll sa talamh. Ansan do mharaíomair na caoire agus do dhoirteamair an fhuil isteach sa pholl agus tímpall air agus an fhaid a bhíomair á dhéanamh san bhí Mítróbarsánés ag duanaireacht agus ní fén’ fhiaclaibh é ach ag búirthigh chómh hárd agus d’fhéad sé é, agus an tóirse ar lasadh aige ’na láimh, agus é ag glaoch ar na deamhnaibh go léir, ar chómhachtaibh na bpian, agus ar na fíochaibh, ar Hecaté na hoíche, agus ar an bPeirsephoné uathásach; agus focail éigin fhada iasachta dothuisceanta aige á mheascadh ar a chainnt. Ba gheárr, le neart na deismireachta san agus na duanaireachta draíochta, gur luaisc an talamh go léir agus gur réabadh é agus gur hoscladh é i dtreó gur airíomair, i bhfad síos, amhastrach Cherberois, agus go raibh an scéal go duairc agus go critheaglach againn agus:—

Rí na samhal i dteannta ’s sceit ’na chroí.” Mar bhí radharc againn um an dtaca san ar fhormhór na nithe thíos ar an loch agus ar Pheriphlegéthón agus ar rítheaghlach Phloutóin. Siúd síos sinn tríd an bpoll. Fuaramair Radamantus thíos agus é geall leis marbh le scannradh. Bhí Cerberos ag amhastraigh ar buile ach do chromas-sa ar sheinnt ar an gcruit agus do chuir an ceól chun suaimhnis é. Thánamair go dtí an loch ach ba dhóbair ná féadfaimís dul anonn mar bhí an bád lán cheana féin agus na daoine go léir ag gol. Daoine gunta ab ea iad ar fad. Cos bhriste ag duine. Ceann briste ag duine eile agus ball éigin eile briste ag duine eile; fé mar a bheidís ag teacht ó chogadh éigin dar liomsa. Ach nuair a chonaic an duine fónta san, Chárón, croiceann an leóin ormsa mheas sé gurbh é Heraclés a bhí aige agus do leog sé ar bórd me láithreach agus do rug sé anonn me agus nuair a chuamair i dtír thall thaispeáin sé an cosán dúinn.

ainicim, anacal/ainiciú: “to purify, cleanse”.
áitreabh: “inhabiting; habitation, abode”. Pronounced /ɑ:tʹirʹəv/.
amhastraím, amhastrach: “to bark”; pronounced /austə’ri:mʹ, austərəx/.
annró: “hardship”, with annróidh in the genitive. Pronounced /au’ro:, au’ro:gʹ/.
atom: “atom”, or adamh in GCh.
ball: “place, spot”, but more specifically “limb”, pronounced /baul/.
beatha: “life”, with the dative beathaidh found in the phrase ’na bheathaidh, “alive”, pronounced /nə vʹahigʹ/. Other than in this phrase, the dative is generally beatha.
brachach: “filthy, corrupt”, a word not found in dictionaries. Pronounced /brə’xɑx/.
bréagnaím, bréagnú: “to contradict, deny, refute”; pronounced /brʹiagə’ni:mʹ, brʹiagə’nu:/.
breith: “bearing”. Níl aon bhreith acu air, “there is no way they can do it, no chance for it to happen”.
búirthim, búirtheach: “to roar, bellow”; or búirim, búireadh in GCh. In the dative the verbal noun becomes ag búirthigh.
Caldéach: “Chaldean”.
ceannairc: “mutiny, revolt”. With ceannarcaibh in the dative plural here.
colann: “body”, or colainn in GCh.
córú: “arrangement”, or cóiriú in GCh. Also “rigout, getup”, of clothing.
critheaglach: “quaking with fear”; pronounced /krʹih-ɑgələx/.
cúntúrthach: “dangerous”, or contúirteach in GCh.
currach: “marsh”; pronounced /krɑ:x/.
dair: “oak”, with daraí in the genitive, where GCh has darach. Meas daraí, “acorns”.
deamhan: “demon”, pronounced /dʹaun/.
dlitheadóir: “lawgiver”. GCh has dlíodóir, although in the slightly difference sense of “lawyer”. PUL’s other works also have dlítheóir.
dothuisceanta: “hard to understand, incomprehensible”; pronounced /do’hiʃkəntə/, or dothuigthe in GCh.
drochmheas: “a poor opinion (of something)”, pronounced /dro-vʹas/.
duanaireacht: “recitation of poetry”, but by extension “high-flown language”.
dúbhach: “dismal, melancholy”; pronounced /du:x/.
éigeas: “learned man, sage”, with éigsibh in the dative plural.
fáistineach: “soothsayer”.
fíoch: “fury”. Na Fíocha, “the Furies”, in Greek mythology.
fíorchiallmhar: “intelligent, with common sense”.
folús: “emptiness, vacuum”.
formhór: “majority”, pronounced /forə’vo:r~frə’vo:r/.
gruama: “glum, dejected”. Pronounced /gruəmhə~gruəmə/.
gunta: “wounded”; or gonta in GCh.
iambach: “iamb, iambic poem”, or iamb in GCh.
lá: “day”, with ló in the dative in the phrase ó ló go ló, “from day to day”, and occasionally in other phrases.
lag: “weak, faint (in various senses)”. Ní go lag a thaithneadar liom, “I liked them quite a bit”.
leathbhalbh: “mumbling”. Pronounced /lʹa-vɑləv/.
luaiscim, luascadh: “to swing; shake (of the earth)”, or luascaim, luascadh in GCh.
mallachar: “slowness, dullness”; pronounced /mə’lɑxər/. Mallachar radhairc (ort), “dimness of sight”.
marbhdhraíocht: “oracle of the dead; necromancy”. Pronounced /mɑrə-ɣri:xt/.
meanmna: “courage, spirit”, or meanma in GCh. Pronounced /mʹanəmnə~mʹanəmə/.
meas: “mast, fruit of forest trees such as nuts”. Meas daraí, “acorns”. Compare meas darach in GCh.
mire: “frenzy”.
neamhchorp: “incorporeal thing”, with neamhchorparthaibh in the dative plural.
neamhchráifeacht: “impiety, lack of devoutness”.
neamhshuím: “lack of interest”. Pronounced /nʹa’hi:mʹ/.
nuacht: “news; something out of the ordinary”; pronounced /no:xt/.
oinniún: “onion”. This word is generally spelt inniún in PUL’s works, suggesting slenderisation of a preceding consonant. Pronounced /i’ŋʹu:n/. Oinniún farraige, “squill, sea onion”.
ollmhaím, ollmhú: “to prepare”, or ullmhaím, ullmhú in GCh. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/.
ollmhúchán: “preparation”; pronounced /o’lu:xɑ:n/.
órga: “golden”. The original spelling here, órtha, for the traditional órdha, may indicate that he had /o:rhə/. The general pronunciation is /o:rgə/, but the suffix -dha is pronunced /-hə/ in a number of words.
pian: “pain”. Cómhachta na bpian refers here to gods or spirits associated with pain or torment.
púca: “goblin, sprite, spirit”.
rogha: “choice”. Pronounced /rou/.
saobhchruth: “perverse/twisted form”.
sceit: “fright”.
soláthraím, soláthar: “to get, procure; provide”. Pronounced /slɑ:r’hi:mʹ, slɑ:hər/.
steillebheatha: found in the phrase ’na steillebheathaidh, “as large as life”. Pronounced /nə ʃtʹelʹi-vʹahigʹ/.
Téibeach: “Theban”, an inhabitant of Thebes, in ancient Greece.
téim, dul: “to go”. Níor chuaigh aon ní uait, “you didn’t miss a thing”.
teipim, teip: “to fail”. The verbal adjective is teipithe, where GCh has teipthe, /tʹepʹihi/.
thíos: “down, below”. An domhan tíos, “the underworld”, has a delenited tíos, after a dental.
toilím, toiliú: “to agree, consent”.
trágach: “tragic (in the theatrical sense)”, or traigéideach in GCh.
túirligim, túirleacan: “to descend”, or tuirlingím, tuirlingt in GCh. In the original, the imperative is given as túirling, edited here as túirlig.
uaigneach: “lonely, desolate”, pronounced /uəgʹinʹəx/.
uath: “horrible thing; phantom”.

This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

6 Responses to Lúcián 26

  1. P O Floinn says:

    David, a chroi, Cén áit inar tháinig tú ar an bhfocal “brachach”?

    • P O Floinn says:

      An é gur chuala tú ráite é, nó go bhfaca tú scrite é? Mar an focal a bheadh oiriúnach ann ná “brocach”

      • dj1969 says:

        Ceist mhaith! Níor éisteas an focal san, ach seasaíonn sé go soiléir ar leathanach a 89 de Lúcián, téacs atá scríofa amach agam anso. Agus deir foclóirín do Lúcián (foclóirín do foílsíodh leis an dtéacs in 1924) gurb é rud a chiallaíonn sé ná “filthy, corrupt”. Ní hé brocach atá i gceist anso – fuirm is ea é de “bracha”, “pus, discharge from a sore”, focal a fachtar i gCnósach Focal ó Bhaile Bhúirne.

      • dj1969 says:

        Ba le Peadar Ua Laoghaire an t-aistriúchán so ar Lúcián. Tá an chéad shliocht eile críochnaithe agam nú geall leis, agus táim chun é ‘ chur suas i gcionn uair a’ chluig nú dhó.

      • dj1969 says:

        Ach rud eile: tá an téacs foílsithe de Lúcián idir lámhaibh agam, ach do bheadh sé go hana-mhaith dul go Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus láimhscríbhinní an údair d’iniúchadh chun é ‘dheimhniú nár dhein lucht eagair cur isteach nách ceart ar ar scríbh sé… Mar sin, b’fhéidir go raibh brocach ann ‘na láimhscríbhinníbh, ach chómh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach ón leabhar foílsithe, is brachach atá ann — fanaimís go mbeidh caoi agam ar shúil a chaitheamh ar na láimhscríbhinníbh.

  2. P O Floinn says:

    David, gura maith agat. Sin focal nár chuala mé riamh in úsáid. Go ngnóthaighe Dia dhuit.

Leave a comment