Eisirt, caib. a 6

Caibideal a VI.

Do Labhrais Fíor!”

Nuair a bhí Aodh ’na shuí ar an gcórtha agus a dhrom siar leis an bhfalla bhí sé ar a shástacht maith go leór. Bhí sé ar dheis an Árdrí, ach bhí ceataí sa scéal. Na huaisle a bhí ar dheis Aodha ní raibh aon bhreith acu ar aon radharc ’ fháil ar an Árdrí, ná ag an Árdrí ar aon radharc ’ fháil orthu san. Nuair a bhí an tÁrdrí ’na shuí ’na chathaoir ríoga, bíodh go raibh an t-árdán fén gcathaoir, ní raibh ceann an Árdrí ach chómh hárd leis an gcórtha. Bhí ceathrú chlé Aodha suas ar fad os cionn chínn an Árdrí, agus bhí glúin chlé Áodha an-fhada suas agus an-fhada amach, i dtreó ná raibh aon bhreith ag an Árdrí ar aon radharc in aon chor a dh’fháil ar a raibh den halla agus den chuideachtain ar an dtaobh eile d’Aodh. Ní raibh radharc aige ach ar na daoine a bhí ar a thaobh féin den halla agus ar na daoine a bhí ar a aghaidh anonn.

Bhí Eisirt ar a aghaidh anonn, san áit ’na raibh sé an oíche ’ dhein sé an gháire úd a chuir an fhearg ar an Árdrí, ar Iúbhdán. Bhí ana-channcar anois ar Iúbhdán mar gheall ar an bhfeirg sin, ach ní aithneódh éinne air go raibh aon channcar air. Bhí ’ fhios aige go raibh buaite ag Eisirt air, ach ní aithneódh éinne air go raibh sé ag cuímhneamh in aon chor ar Eisirt, ná ar an ngáire ’ dhein sé, ná ar an éagóir a deineadh air. Bhí aigne Iúbhdáin róríoga agus an smacht rómhaith aici uirthi féin. Níorbh fhéidir d’éinne a thabhairt fé ndeara go ngoíllfeadh nithe den tsórd san uirthi. Bhí Eisirt thall agus é ag faire go géar ar an Árdrí féachaint an dtispeánfadh sé aon phioc den channcar. Níor thispeáin. Bhí sé ag cainnt go breá séimh sultmhar, uaidh suas, le hAodh, ag cur an uile shaghas tuairiscí air i dtaobh Chúige Uladh agus i dtaobh na ndaoine móra agus i dtaobh Fhearguis mhic Léide, an tÁrdrí a bhí orthu. Bhí Aodh Éigeas ag tabhairt gach cúntais dò, ar na daoine móra agus ar a nósa agus ar a ndlithe, ar a scéalaíocht agus ar a seanchas agus ar a gcuid léinn agus eólais. Bhí teinneas i mineál Iúbhdáin ó bheith ag casadh a chínn agus ag cainnt uaidh suas, agus bhí teinneas i mineál Aodha ó bheith ag casadh a chínn a d’iarraidh cromadh síos dá ghualainn chlé chun beirthe ar fhocal an Árdrí fé mar a labhradh sé an focal.

Sa chainnt dóibh do thuig gach duine acu aon ní amháin. Do thuig Aodh, má ba bheag agus má ba shuarach le rá colann an Árdrí gur mhór agus gurbh árd í a aigne. B’é féin árdollamh Uladh, ach do thuig sé ná raibh ann ach duine gan eólas seochas Iúbhdán. Bhí ’ fhios aige gur thuig Iúbhdán an ní sin leis, ach go raibh sé ró-uasal, róríoga, chun a leogaint air gur thuig sé é. Do thuig Iúbhdán in’ aigne, pé téagar cuirp agus neart géag a bhí in sna fearaibh móra i gCúig’ Uladh, ná raibh puínn le maíomh acu a’ neart a n-aigne ná a’ méid a n-eólais ná a’ géire a n-íntleachta. Dar leis, má b’é an tAodh seo an t-árdollamh a bhí acu agus an réalt eólais a bhí acu, bhí an donas ar fad le dúire ar an gcuid eile acu, idir rí agus daoine.

Níorbh é Iúbhdán amháin go dtáinig an smaoineamh san in’ aigne dhò an uair sin. Bhí na daoine beaga go léir, mórthímpall an tseómra mhóir, idir gach dá ghreim bídh a dh’ithidís, ag féachaint anonn ar an bhfathach a bhí thall ar dheis an rí agus bhí sé daingean ’na n-aigne go léir ná raibh ann ach leathamadán. Bhí a cheann agus a cheannatha agus a bhalla beatha go léir rómhór, ró-annspianta chun puínn cruinnis aigne ’ bheith istigh ann. Do rug an smaoineamh san greim níos daingne fós ’na n-aigne nuair a chonacadar an t-ualach mór bídh a dh’ith sé. Is amhlaidh a cuireadh clár mór ar a ghlúinibh chuige agus do cuireadh an bia ar an gclár. Do cuireadh dóthain beirte chuige ar an gclár. D’oscail sé a bhéal agus chuir sé an méid sin isteach ann in éineacht. Is ar éigin ’ fhéad sé é ’ thabhairt fén’ fhiaclaibh bhí sé chómh suarach san. Bhí sé imithe siar gan tuairisc sara raibh ’ fhios aige, puínn, go raibh sé ’na bhéal. Ansan do cuireadh dóthain trír chuige, —dóthain ceathrair, —dóthain cúigir. Bhíodh an bia ite aige chómh tiubh agus a curtí chuige é. Bhí iúnadh agus scárd ar an gcuideachtain nuair a chonacadar an bia go léir ag imeacht. Níor leogadar orthu, áfach, go raibh blúire iúnadh orthu. Bhíodar ró-onóireach, róbhéasach chuige sin. Do choigleadar an iúnadh chómh maith san, le cainnt agus le sult agus le magadh eatarthu féin, nár thuig Aodh go rabhthas ag déanamh aon iúnadh dhe. Um an am ’na raibh a ndóthain bídh ite acu go léir bhí dóthain deichniúir agus daichead acu san de bhia ite ag Aodh.

Nuair a bhí an bia caite do tugadh an deoch tímpall. “Do baineadh na cínn bheaga as na dabhchaibh”, mar a baineadh an chéad oíche úd. Ansan is ea ’ bhí an obair ag an lucht friothála. Cá bhfaighfí árthach ’na bhféadfadh Aodh deoch a dh’ól as? Bheadh sé chómh maith aige bheith ag casadh le deoch a dh’ól a’ méaracán le bheith ag casadh le deoch a dh’ól as aon cheann de sna hárthaíbh a bhí acu san. Chuímhnigh Eisirt ar sheift. Ghlaeigh sé chuige ar an bhfear-tís agus thug sé cogar dò.

“Bain an ceann uachtair le buille ’ thuaigh as an mbairille mór san thall”, ar seisean, “agus déanfaidh sé an gnó”.

Do bhain. Do cuireadh an bairille agus a raibh de dhigh ann ar an dtalamh chun Aodha. B’éigean dò féin é ’ thógaint agus é ’ chur ar an gclár a bhí ar a ghlúinibh. Ní fhéadfadh an lucht friothála an bairille ’ chur in áirde ar an gclár dá bhfaighidís Éire air. Do rug Aodh air díreach mar a bhéarfadh fear ar mhórnán agus chuir sé chuige ar an gclár é. Ní rófhada go raibh sé folamh aige. Dúradh leis é ’ chur ar an dtalamh agus do líonadh arís dò é.

Bhíodar go léir “ag ól agus ag aoibhneas” ar feadh tamaill mhaith. Tháinig an t-am ’nar ceapadh go n-éireódh Iúbhdán agus go ndéanfadh sé cainnt. Níor éirigh sé. D’éirigh Eisirt agus d’iarr sé ar an Árdrí cead cainnte ’ thabhairt dò. Do thug. Ansan do labhair sé.

“An uair dhéanach a bhíomair anso i bhfochair a chéile”, ar seisean, “do labhair an tÁrdrí linn ar mhéid a chómhacht, ar neart agus ar líonmhaire a mhórshló, ar uaisleacht agus ar thréine a thaoiseach agus a ríthe féinne, agus duairt sé linn ná raibh an chómhacht san ar bith a bhéarfadh daoine ná ollmhaitheas amach as an rítheaghlach so ar éigin. Nuair ’ airíos féin an chainnt sin níor fhéadas gan gáire ’ dhéanamh. Tháinig fearg ar an Árdrí. D’fhiafraigh sé dhíom, os úr gcómhair go léir, a mhaithe agus a mhóruaisle tuatha Luchra agus Luprachán, cad fé ndeara dhom an gháire sin do dhéanamh. Duartsa, á fhreagradh, gurbh eól dom cúige de chúigibh Éireann agus go raibh fir ann go mbéarfadh aon fhear amháin acu daoine agus ollmhaitheas amach as an dteaghlach so ar éigin, in ainneóin Iúbhdáin agus seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán. Nuair ’ airigh an tÁrdrí an focal san uaim tháinig fearg mhór air agus d’órdaigh sé me ’ ghabháil agus díoltas a dhéanamh orm mar gheall ar an gcainnt aduart. D’iarras ar an Árdrí agus ar an gcuideachtain a bhí láithreach go mbogfí dhíom agus go leogfí dhom dul go dtí an áit ’na raibh na fir mhóra san agus go dtabharfainn liom anso cómhachta sofheicse a thispeánfadh gur labhras fírinne nuair aduart an chainnt. Fágaim anois fén Árdrí féin agus fúibhse, a mhaithe agus a mhóruaisle, ar labhras fírinne nú ar labhras bréag”.

“Do labhrais fíor! Do labhrais fíor!
ar siad go léir agus iad ag féachaint ar Aodh agus ag cur na súl tríd, ó gach aon pháirt den tseómra. Bhí Aodh ag féachaint anuas orthu mórthímpall agus a dhá shúil ar dianleathadh le hiúnadh nuair a chonaic sé na daoine beaga miona go léir agus iad chómh hanamúil, chómh haibidh, chómh géarchúiseach.

“Do labhras fíor, a Árdrí, agus a mhaithe mhóra”, arsa Eisirt. “Do gabhadh me gan chúis. Do deineadh éagóir orm. Do deineadh ní orm ba mheasa ná me ’ ghabháil gan chúis. Do labhras fíor agus do cuireadh bréag im leith. Is é Iúbhdán, Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán, a chuir an bhréag san im leith. Dá bhrí sin cuirimse anois de gheasaibh ar Iúbhdán dul go hEamhain mar a gcónaíonn Fergus mac Léide agus na fir mhóra, agus gurb é céad duine do chífidh ar maidin amáireach an leite coímhde atá i gcoire mór na hEamhna, i dteaghlach Fhearguis. Ní foláir duit dul ann, a Árdrí, agus beidh tú bliain in Eamhain sara dtiocfadh leat casadh thar n-ais go Mágh Faithlinn”.

Do shuigh Eisirt. Chrom na daoine a bhí in’ aice ar é ’ cheistiú i dtaobh na n-iúnaí saeil a chonaic sé i gCúig’ Uladh. Bhí sé dhá n-ínsint dóibh. Bhí gasra thall leis ag ceistiúchán ar Aodh agus bhí Aodh ag tabhairt gach tuairisce dhóibh chómh maith agus d’fhéad sé.

D’éirigh Iúbhdán agus shleamhnaigh sé amach. D’éirigh Bébó agus shleamhnaigh sí amach ’na dhiaidh.

Foclóirín

amáireach: “tomorrow”, or amárach in GCh.
anamúil: “lively”.
anonn: “over to that side”. Ar a aghaidh anonn, “facing him on the other side”. Pronounced /ə’nuːn/.
aoibhneas: “delight”, pronounced /iːvʹinʹəs/. Ag aoibhneas here seems to use aoibhneas as a verbal noun, “enjoying themselves”.
ball: “place, spot”. Ball beatha, “limb”.
beirim, breith: “to bear, take, carry; to give birth”, and numerous other meanings. Note that the r of rug is pronounced slender in some circumstances, e.g. do rug, /də rʹug/. Rud do bhreith ar do bhais leat, “to carry something in the palm of your hand”. Breith ar fhocal, “to catch a word someone is saying”. Chun beirthe ar fhocal an Árdrí: this phrase uses the genitive of the verbal noun where chun breith could have been employed instead.
bia: “food”, with bídh in the genitive, pronounced /bʹiə, bʹiːgʹ/.
bogaim, bogadh: “to move”. Bogadh de dhuine, “to release someone, let him go”.
buaim, buachtaint: “to win, gain a victory”, or buaim, buachan in GCh. In impersonal use with ar: bhí buaite ag Eisirt air, “Eisirt had beaten him”.
canncar: “canker, anger, spleen”, or cancar in GCh. The traditional double n is retained here to show the diphthong: /kauŋkər/.
ceannatha: “facial features”, or ceannaithe in GCh. Pronounced /kʹə’nɑhə/, according to PUL in NIWU 60.
ceataí: “inconvenience, awkwardness, a problem”. This appears in GCh as ciotaí, but ceataighe is the traditional spelling, and the pronunciation in WM Irish is /kʹa’ti:/.
ceathrar: “four people”, pronounced /kʹahərər/.
ceathrú: “quarter”, but also “thigh”. Pronounced /kʹar’huː/.
clár: “board; table”.
coiglim, coigilt: “to conceal, cover up”, or coiglím, coigilt in GCh. Pronounced /kogʹilʹimʹ, kogʹiltʹ/.
coímhde: “lord, king”, or coimdhe in GCh where the traditional spelling with an unlenited m and a lenited d is adhered to. Leite coímhde, “royal stirabout, stirabout for the king’s household”. FGB shows that an Coímhde is generally used referring to God. Pronounced /kiːdʹi/.
coire: “cauldron, cooking pot”, pronounced /kirʹi/.
colann: “body”, with colainn in the dative, which form is used in the nominative in GCh.
cúige: “province”, literally “a fifth part”. The dative plural would generally be cúigíbh, but the form cuígibh is given in the original and retained as a slightly older form; the LS edition of Eisirt has cúigív.
daichead: “forty”, pronounced /dɑhəd/.
daingean: “firm”, with daingne in the comparative. Pronounced /daŋʹən, daŋʹinʹi/.
deichniúr: “ten people”, pronounced /dʹenʹ’hu:r/.
donas: “bad luck, misfortune”. Bhí an donas ar fad le X orthu, “they were in a bad way in terms of X, they were dreadfully afflicted by X”.
dúire: “rigidity”, and by extension, “stupidity, thickness”.
éigean: “violence, force”. Ar éigin, “by force”. Foclóir d’Eisirt says this word is feminine, which explains the dative form, although PUL’s gospels have lucht an éigin, which show the word to be masculine.
falla: “wall”, or balla in GCh.
fé ndeár, fé ndeara: thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in GCh. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeár also has a additional meaning, “cause, reason”. Gearóid Ó Nualláin points out in his A Key to the Exercises in Studies in Modern Irish Part I, pp3-4 that in Munster Irish it is usual to say tabhairt fé ndeara for “to notice”, but fé ndeár for “cause”, but in any case fé ndeara may be found, as in chapter 6 here, in the meaning of “cause” on the analogy of feárr/fearra.
fiacal: “tooth”, with fiacla in the plural. This would be fiacail in GCh, where the historical dative is used. Pronounced /fʹiəkəl, fʹiəkələ/.
freagraim, freagairt/freagradh: “to answer, reply to”, pronounced /frʹagərimʹ, frʹagirtʹ~frʹagərə/. While the verbal noun is normally freagairt, there is an example here of freagradh being used as the verbal noun of this verb.
gasra: “band or group of people”, pronounced /gɑsərə/.
geas: “solemn injunction”, and in the plural geasa, “a magical spell”; geis in GCh where the historical dative is used. Cuirim de gheasaibh ort rud a dhéanamh, “I place a spell on you forcing you to do something”. Foclóir d’Eisirt explains that rather than being a spell as such, geas was “a kind of magical bond which it was considered impossible to violate. To break the geas meant both death and dishonour”.
goillim, goilliúint: “to injure, harm, affect adversely”, used with ar. The conditional is edited as goíllfeadh here, although goilhach is the form shown in the LS version of Eisirt. This is because IWM shows the preterite ghoíll is pronounced /ɣiːlʹ/, and a long i can be expected before verbal endings starting with a consonant. These forms are therefore pronounced /gilʹimʹ, gi’lʹuːntʹ, giːlʹhəx/.
íntleacht: “intellect, intelligence”, pronounced /i:ntlʹəxt/. The LS version of Eisirt has íntileachda, for íntleachta, but I am not convinced an epenthetic vowel is needed here, as CFBB shows none for intliúil.
leite: “porridge, gruel, stirabout”.
mineál: “neck”, or muineál in GCh. CFBB shows this word has a slender m (p 273).
mórnán: “porringer, pail; a small bowl”.
onóireach: “honourable, upright”. Onórach is also found in PUL’s works, which form is adopted in GCh.
os cómhair: “in front of”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
puínn: “much”. Sara raibh fhios aige, puínn, “before he quite knew”. Pronounced /piːŋʹ/.
réalt: “star”, pronounced /reːhl/. This is generally réiltín in WM Irish and réalta in GCh, but is used here in a metaphorical sense: réalt eólais, “guiding star, lodestar; leading light in terms of knowledge”.
seanchas: “history”, pronounced /ʃanəxəs/. PUL stated in Notes on Irish Words and Usages that stair does not mean “history”, and that the correct word is seanchas. Nevertheless, seanchas is commonly used for the storytelling, folklore mode of the recounting of history.
seift: “plan, idea”.
suarach: “paltry, insignificant”. Suarach le rá, “no big deal, nothing to speak of”.
súil: “eye”. Na súile chur trí dhuine, “to look at someone intently”.
táim, bheith: “to be”. Rabhthas here is the dependent autonomous form of the preterite, pronounced /rouhəs/.
téagar: “bulk”.
teinneas: “soreness”, or tinneas in GCh.
tíos: “housekeeping, household”. Fear-tís, “house steward”.
triúr: “three people”, with trír in the genitive here where GCh has triúir. Dóthain trír, “enough for three people”.
tua: “axe”, with tuaigh in the dative. Buille thuaigh, “axe-blow”, where de is elided between the two words.
tuairisc: “news, tidings, account”. Imithe siar gan tuairisc, of food, means, more or less, “gone and forgotten”, of food that hardly registers on your appetite.
uaidh suas: a phrase used to show that the king was having to lean upwards to talk to Aodh; what he said was delivered “from him, upwards”.

Advertisements
This entry was posted in Contents, Eisirt. Bookmark the permalink.

1 Response to Eisirt, caib. a 6

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s