Eisirt, caib. a 7

Caibideal a VII.

Corcán na Leitean

“Is cruaidh an cás ’na bhfuilim anois, a Bhébó”, arsa Iúbhdán.

“Dheinis dearúd mór, a rí”, ar sise. “Ní raibh aon cheart agat an ghabháil úd do chur ar Eisirt go dtí go mbeadh deimhne agat air go raibh bréag aige dhá ínsint”.

“Ní foláir dom imeacht láithreach, a Bhébó”, ar seisean. “An dtiocfairse liom nú an bhfanfair anso im dhiaidh?”

“Raghadsa leat, a rí”, arsa Bébó.

Ansan do tugadh chúthu an t-each buí agus chuaigh Iúbhdán ar an each, agus chuaigh Bébó ar chúlaibh Iúbhdáin.

Níorbh fhada go rabhadar in aice Eamhna Mhacha. Ba chómhdheas don each bhuí muir agus tír, cnuc agus gleann, áit gharbh agus áit réidh, agus ba luaithe ar an slí é ná an seabhac agus ná an fiolar. Bhíodar in aice na hEamhna i bhfad roim éirí lae. Shleamhnaíodar isteach sa chathair i ganfhios d’éinne.

“Cuardaigh an chathair, a Iúbhdáin”, arsa Bébó, “don leitin úd aduairt Eisirt, go bhféachair uirthi agus go n-imíom abhaile sara mbeidh na daoine ag éirí”.

Sa chuardach dóibh chuadar isteach i bpálás an rí. Fuaradar an coire mór, coire mór na hEamha, agus fuíollach na leitean ann a deineadh don tslua aréir roimis sin. Bhí tuairim acu go raib cuid éigin den leitin sa choire, ach ní fhéadfaidís féachaint isteach sa chorcán. Bhí sé ró-árd. Tháinig Iúbhdán in aice an chorcáin. Ní raibh ann ach mar ’ bheadh sicín circe in’ aice. Bhí sé ag gabháil tímpall ar an gcorcán agus a dhá láimh sínte in áirde, dhá gcimilt de thaobh an chorcáin, féachaint an bhfaigheadh sé aon rud go bhféadfadh sé greim a bhreith air. Ní bhfuair. Bhí taobh an chorcáin chómh sleamhain le gloine mórthímpall. Bhí sé i gcruachás agus bhí an oíche ag imeacht.

“Éirigh in áirde ar an each, a rí”, arsa Bébó, “agus b’fhéidir go mbeifá árd do dhóthain ansan chun breith ar bhéal an chorcáin”.

Chuaigh sé in áirde ar an each. Tháinig sé féin agus an t-each isteach in aice an chorcáin. Sheasaimh sé suas ar dhrom an eich agus shín sé in áirde a lámh. Bhí barraí a mhéireanna i ngiorracht cúpla órlach don fhúnsa airgid a bhí mórthímpall ar bhéal an chorcáin. Thug sé léim agus do rug sé ar an bhfúnsa lena láimh dheis. Bhain sé casadh as féin agus chuir sé an lámh chlé ar an bhfúnsa airgid. Bhailigh sé suas é féin go dtí go raibh cos leis ar fhabhra an chorcáin, ar an bhfúnsa airgid. Bhí sé ag féachaint síos sa chorcán, ach ní fhéadfadh sé an leite ’ dh’fheiscint mar bhí an doircheacht ann. Shín sé síos lámh leis féachaint an bhféadfadh sé a lámh do chur ar an leitin. Ní fhéadfadh. Bhí an leite rófhada síos. Díreach agus é ag tarrac na lámha chuige do shleamhnaigh a chos d’fhabhra an chorcáin agus thit sé isteach! Bhí oiread leitean ar thóin an chorcáin agus go ndeigh sé síos go dtí an dá oscaill inti. Ach ní raibh sí te. Ba mhaith an bhail air ná raibh. Bhí sí i ndeireadh a teas. Thug sé iarracht ar é féin a tharrac as an leitin. Is amhlaidh a chuaigh a dhá láimh síos inti leis an únthairt, agus ansan ní fhéadfadh sé lámh ná cos do chorraí in aon chor, bhí sé chómh daingean san sáite sa leitin agus bhí an leite chómh ríghin sin.

“Is fada ataoi, a fhir dhuibh!” arsa Bébó amu’. “Cad ’tá at chimeád?” ar sise.

Gruaig dhubh chasta is ea ’ bhí ar Iúbhdán, agus bhí a chroiceann chómh geal le sneachta agus a dhá ghrua chómh dearg le caor. Gruaig fhionnbhuí is ea ’ bhí ar an gcuid eile de thuaith Luchra agus Luprachán. Ní raibh gruaig dhubh ar aon duine eile ann ach ar an rí féin. Sin é cúis go ndeirtí, “a fhir dhuibh”, leis.

D’fhreagair sé Bébó as an gcorcán.

“Imighse abhaile, a Bhébó”, ar seisean. “Táimse ceangailte go daingean anso. Níl aon bhreith agam ar an áit seo ’ fhágaint go dtí go dtógaid muíntir an rítheaghlaigh as me”.

“Más mar sin atá an scéal agat, a fhir dhuibh”, arsa Bébó, “is focal baoth an focal adúraís go minic thall sa bhaile nuair adeirthá ná féadfadh neach fó ghréin cosc ná ceangal do chur ort i gcoinnibh do thoile féin”.

“Focal baoth ab ea é gan amhras, a Bhébó. Beidh cosc agus cimeád anso orm go ceann bliana, an uile lá de bhliain, agus ní bheidh aon bhreith agam ar aon radharc ’ fháil ar thuathaibh Luchra agus Luprachán go dtí go mbeidh iomláine na bliana caite. Ach imighse abhaile, a Bhébó, agus beir leat abhaile an capall san”.

“Ná habairse sin, a rí”, arsa Bébó. “Ní imeódsa uaitse go brách go bhfeicead cad ’ imeóidh ort”.

Bhí an lá tagaithe. Bhí muíntir an rítheaghlaigh ag éirí. Ba gheárr go dtáinig cuid acu chun na háite ’na raibh an coire mór. D’fhéachadar sa choire. Chonacadar an firín beag gleóite agus é istigh sa chorcán agus é ceangailte sa leitin mar a bheadh cuil ar mhéis meala. Do liúdar agus do sceartadar ar gháirí. Bhíodar ag dul ó thritheamh go tritheamh gáirí ar feadh tamaill, ag féachaint ar an gcuma ’na raibh sé agus ar an gcor a bhí air. Fé dheireadh thógadar amach as an gcorcán é agus ghlanadar an leite dhe agus do rugadar leó é ag triall ar Fheargus.

“Mo chús”, arsa Feargus, “ach ní hé sin an fear beag a bhí anso arú ’nné. Folt fionn a bhí ar an bhfear mbeag úd agus casair dhubh atá air seo. Cé hé thusa, a fhir bhig?” ar seisean, “nú cá tír as a dtánaís?”

“De thuathaibh Luchra agus Luprachán me”, arsa Iúbhdán, “agus is me is rí ar na tuathaibh sin, agus Iúbhdán m’ainm”.

“An leatsa an fear beag fionn a bhí anso arú ’nné?” arsa Feargus.

“Is liom”, arsa Iúbhdán.

“Tháinig sé siúd anso ar dtúis agus thánaís-se anso anois. Cad ’tá ag úr dtabhairt anso? Cad ’na thaobh ná fanann sibh sa bhaile? Má taoise chómh géarchúiseach leis an bhfirín eile measaim nách maith an bhail orainn sibh a bheith ag teacht anso chúinn. Tháinig an fear fionn ar dtúis ag brath na tíre seo. Thánaís-se anois chun pé drochbheart atá ar aigne agaibh do chur chun cínn. Cé hí seo?”

Bhí fearg ar Fheargus agus bhí féachaint ana-choímhtheach aige nuair a bhíodh an fhearg air. Má bhí, níor staon Iúbhdán ón bhféachaint ná ón bhfeirg. D’fhéach sé idir an dá shúil ar Fheargus agus bhí an fhéachaint chómh dána, chómh seasmhach san gur bheag ná gur staon Feargus.

“Is í mo bhean”, arsa Iúbhdán. “Is í baintiarna ar thuathaibh Luchra agus Luprachán, agus Bébó is ainm di. Ní hag brath na tíre seo ná ar tí díobhála ’ dhéanamh duitse ná dot mhuíntir a thánamair anso. An fear a tháinig anso an lá fé dheireadh Eisirt is ainm dò. Is é ollamh tuatha Luchra agus Luprachán é. Duairt sé go raibh daoine ana-mhóra anso i gCuig’ Uladh. Níor chreideamair a chainnt. Do gabhadh é mar gheall ar an gcainnt bhréagach do rá, dar linn. D’iarr sé aisce agus cáirde trí lá agus trí oíche chun go dtiocfadh sé anso agus go mbéarfadh sé leis abhaile cómhartha sofheicse a thispeánfadh dúinn go léir go nduairt sé fíor nuair aduairt sé go raibh na fir mhóra so i gCúig’ Uladh. Tháinig sé. Chonacabhair go léir é. Do rug sé leis abhaile ag triall orainn Aodh Éigeas. Chómh luath agus ’ chonacamair Aodh Éigeas bhí ’ fhios againn gur fírinne do labhair Eisirt agus gur deineadh éagóir air. Ansan do chuir Eisirt de gheasaibh ormsa teacht anso go hEamhain agus gur me céad duine ’ chífeadh an leite coímhde a déanfí anso ar maidin inniu. A d’iarraidh radhairc ’ fháil ar an leitin sin a bhíos nuair a thiteas isteach sa choire. Sin é fírinne an scéil go léir agat, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “agus”, ar seisean, “ní duartsa bréag riamh”.

“Tá go breá!” arsa Feargus. “B’fhéidir go bhfuilimíd beagán mothaolach, dar leatsa, a Árdrí bhig. Ná meas it aigne, áfach, go gcreidfimís cainnt den tsórd san. Beirtear amach an tÁrdrí beag so agus curtar i measc an gharbhtheaghlaigh é agus cimeádtar go maith é. Caithfar a dhéanamh amach cad é an gnó a thug anso é, nú cad é an t-uisce-fé-thalamh atá beartaithe ag na daoine beaga so do dhéanamh orainn”.

Do rugadh Iúbhdán amach agus do cimeádadh é i measc an gharbhtheaghlaigh, agus is é a bhí go dochraideach ann. Níor mhiste, dar leis, garbhtheaghlach a thabhairt ar an muíntir a bhí ’na thímpall. Bhíodar garbh ar gach aon tsaghas cuma; garbh ’na mbéasaibh; garbh ’na gcainnt; garbh ag ithe agus ag ól; garbh ’na gcuideachtanas. Ní raibh aon taithí riamh ag Iúbhdán ar a leithéidí agus bhí an scéal go míchothromach aige eatarthu.

Foclóirín

anso: “here”, or anseo in GCh.
arú nné: “the day before yesterday”, pronounced /ɑ’ru: nʹe:/.
aréir: “last night”, pronounced /ə’reːrʹ/ (araeir). Aréir roimis sin, “the night before”.
bailím, bailiú: “to gather”. Do bhailigh sé suas é féin, “he gathered himself, straightened himself back up”, i.e. after falling over or slipping or suffering a twist.
baintiarna: “lady, queen”, pronounced /bainʹ-tʹiərnə/. This would be bantiarna in GCh, but it seems correct to retain the slender n given in the original text here.
béal: “mouth”, but also “edge or opening of something”, as of the opening/top edge of a pot here.
beartaím, beartú: “to plan, devise”.
brách: “judgement, doomsday”. Go brách, “forever”, or in negative contexts, “never”.
braithim, brath: “to spy out, reconnoitre”.
breá: “fine”. Tá go breá, “that’s all very well”, in a sarcastic/deprecatory sense.
cá: “what? where?” Cá tír as a dtánaís?, “what country have you come from?”
caor: “berry”.
cás: “case”, but often more along the lines of “state of affairs, situation”.
casair: “head of curly hair”, a word that means “hail” (the meteorological phenomenon) in FGB.
casta: “twisted; curly, of hair”.
cimlim, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in GCh. Cimilt de rud, “to rub against something”. Pronounced /kʹimʹilʹimʹ, kʹimʹiltʹ/.
cnuc: “hill”, or cnoc in GCh.
coímhtheach: “alien; wild”, or coimhthíoch in GCh. Féachaint choímhtheach, “a wild, fierce look”. Pronounced /ki:həx/.
cómhdheas: “equally good, equally convenient; all the same”.
cruaidh: “hard”, or crua in GCh. Pronounced /kruəgʹ/.
cuardaím, cuardach: “to search”. Cuardach do rud, “to search for something”.
cuideachtanas: “social intercourse”. Garbh na gcuideachtanas, “rough/uncultured in their social habits/their style of social interaction”.
cuil: “fly” (the insect”.
cús: “conscience”, or cúis in GCh. This word was spelt chubus in the original as if there were a clearly pronounced b here, but the transcription of mo chubus in the LS edition of Eisirt was mo chús. The word was originally spelt cubhas, but PSD indicates that cubhais was the later accepted form that influenced the GCh form. More research required on the WM pronunciation of this word, especially asCFBB has cúis in the meaning of “conscience”. Foclóir d’Eisirt claims the modern Irish form of this word is cogúbhas or cogus, and PSD also has entries for cogubhas/coguas/cogús. FGB has cogús without crossreferencing to cúis. Mo chús!, “by my conscience” (see dar mo chúis! in FGB).
dearg: “red”, pronounced /dʹarəg/.
dearúd: “mistake”, or dearmad in GCh.
dochraideach: “sore at heart, worried and annoyed”, pronounced /doxəridʹəx/.
doircheacht: “darkness”, or dorchacht in GCh. Possibly pronounced /dorʹihəxt/.
fiolar: “eagle”, or iolar in GCh.
fionnbhuí: “light yellow”. Pronounced /fʹunə-viː/.
fó: “under”. This is a byform of , and the LS edition of Eisirt gives the pronunciation of neach fó ghréin as neach fé ghrén.
fúnsa: “circular band, hoop”, or fonsa in GCh.
fuíollach: “remains, remainder”, or fuílleach in GCh.
garbh: “rough”, pronounced /gɑrəv/.
garbhtheaghlach: “the common soldiers of the royal household”.
giorracht: “closeness, nearness”.
gleóite: “lovely, delightful”.
grua: “cheek”. This word is feminine in GCh, but appears to be masculine here, as is confirmed by Foclóir d’Eisirt, as the dual form a dhá ghrua does not given the feminine dative singular form gruaidh.
i ganfhios: “unbeknown, unawares”. Pronounced /ə’gɑnis/.
láithreach: “presently, without delay”, pronounced /lɑːrʹhəx/.
méar: “finger”, with méireanna in the plural, where GCh has méara.
mias: “dish, plate”, with méis in the dative.
míchothromach: “uneven, unequal; wretched, extremely uncomfortable”, or míchothrom in GCh. Pronounced /mʹi:’xorhəməx/.
mil: “honey”, with meala in the genitive.
mothaolach: “gullible”.
muir: “sea”.
neach: “a person”. Neach fó ghréin, “anyone under the sun”; in negative contexts “no one at all”.
oiread: “amount”. Bhí oiread leitean ar thóin an chorcáin agus go ndeigh sé síos go dtí an dá oscaill inti, “there was so much porridge on the bottom of the pot that he sank down into it up to his armpits”. Theoretically oiread agus should be followed by a relative clause (oiread agus a chuaigh sé síos…): Gearóid Ó Nualláin explains such constructions with oiread agus go as the product of the contamination of bhí oiread leitean ann go ndeigh sé síos by bhí oiread leitean ann agus a chuaigh se síos; see Studies in Modern Irish, Part 1, p195.
oscall: “armpit”, with the dative singular/dual oscaill. Note the nominative/dative distinction is not observed in GCh, where the word appears as ascaill.
ríghin: “slow”, but also “viscous” of liquids. Pronounced /riːnʹ/.
sceartaim, sceartadh: “to burst”, or scairtim, scairteadh in GCh. Note that PUL’s Séadna uses both sceartaim and scairtim. Scairteadh ar gháirí/ar gháiríbh, “to burst out laughing”.
seabhac: “hawk”. Pronounced /ʃauk/.
sicín: “chicken”. Generally sicín circe.
sleamhain: “smooth, slippery”, pronounced /ʃlʹaunʹ/.
sleamhnaím, sleamhnú: “to slip”. Sleamhnú de rud, “to slip against something”.
teas: “heat”. I ndeireadh a teas, “lukewarm”. GCh has teasa in the genitive, but PSD confirms that teas is a valid genitive of this word.
téim, dul: “to go”. Dul ar an each, “to get on/mount the horse”.
tí: “point, mark”. Ar tí, “on the point of, intending to”.
tír: “country”. PUL uses tíre in the genitive, but the LS edition of Eisirt transcribes tíre as tíreach in chapter 7, which form is found as a variant in PSD.
tón: “bottom”, or tóin in GCh, where the historic dative has replaced the nominative.
tritheamh: “fit (e.g., of laughter)”. Tritheamh gáirí, “a fit of laughter”.
uisce-fé-thalamh: “intrigue”, or uisce faoi thalamh in GCh. This is properly a single hyphenated noun, and not a noun phrase.
únthairt: “rolling, tossing about”, or únfairt in GCh. Pronounced /u:nhirtʹ/.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s