Eisirt, caib. a 12

Caibideal a XII.

Rogha na Séad.

“’Sea, a Fhearguis, a bhráthair”, arsa Iúbhdán le Feargus, “tá an tréimshe caite agus níl ar do chumas-sa mise ’ chimeád anso níos sia. Níl ach aon ní amháin agam le déanamh anois sara n-imíod. Duairt Eisirt, árdollamh tuatha Luchra agus Luprachán, go gcaithfinnse an tréimhse seo do chaitheamh anso agatsa, agus go gcaithfinn rogha mo shéad d’fhágáilt agat anso nuair a bheinn ag imeacht. Áireód na séada dhuit, a Árdrí, agus ansan féadfair do rogha dhíobh a chimeád”.

Do thóg Iúbhdán a shleagh ’na láimh.

“Féach, a Fhearguis”, ar seisean, “sin í mo shleagh. Más maith leat í ’ chimeád is rómhaith an tseóid í. Is líonmhar iad do namhaidse, ach is cosaint duit an tsleagh so ar chéad namhaid. An rí go mbeidh an tsleagh so ’na láimh aige agus é ag dul i gcath tiocfaidh sé saor ó reannaibh a namhad”.

Nuair ’ airigh Feargus an méid sin níor fhéad sé gan sceartadh gáire ’ chur as. Bhí sleagh Iúbhdáin, mar adéarfá, chómh mór chómh fada leis an mbiorán cnutála a bheadh ag mnaoi agus í ag cnutáil stoca.

“Beir id láimh ar an sleagh so, a rí”, arsa Iúbhdán.

Do rug. Ní túisce a dhein ná mar a bhí an tsleagh chómh mór chómh fada chómh trom lena shleagh féin!

“Beartaigh í”, arsa Iúbhdán.

Do dhein.

“Dheineas mo gháire roluath, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “Níor bheartaíos riamh i gcath ná i gcruachómhrac sleagh dob fheárr ná í seo”.

“Sid í mo sciath, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán.

Thóg sé suas an sciath. Bhí an sciath mar adéarfá chómh mór chómh leathan le píosa coróinneach. Níor gháir Feargus.

“Beir id láimh ar an sciath, a rí, agus beartaigh í”, arsa Iúbhdán. “Ní féidir an tseóid is feárr do thoghadh mura dtrialair id láimh féin gach seóid acu”.

Do rug Feargus ar an scéith. Ní túisce ’ dhein ná mar a bhí sé chómh mór chómh leathan chómh trom lena sciath féin.

“Is é bua na scéithe sin, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “an fear a bheadh ar a scáth nách féidir é ’ bhualadh bíodh ná beadh ann ach garsún gan féasóg, nú bíodh go mbeadh sé ’na sheanduine liath.

“Sid é mo chlaíomh, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, agus do nocht sé an claíomh.

Bhí an claíomh, mar adéarfá, chómh mór chómh fada le snáthaid ramhar a bheadh ag mnaoi agus í ag cur cléithe i stoca. Ba dhóbair go ngáireadh Feargus arís nuair a chonaic sé an claíomh agus nuair a chuímhnigh sé ar a chlaíomh féin, ar an gCalacholg.

“Is mór is fiú an claíomh so”, arsa Iúbhdán. “Níl a leithéid eile de chlaíomh catha i láimh rí ná i láimh flatha, ná ní raibh riamh fós. Beir id láimh air, a rí, agus beartaigh é”.

Do dhein. Chómh luath agus ’ dhein do samhlaíodh dò gurbh é a chlaíomh féin, an Calacholg, a bhí ’na láimh aige bhí an claíomh chómh mór chómh trom chómh sobheartaithe sin.

“Sid é mo bhrat, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Brat maith is ea é. Má thógann tú é beidh sé nua agat go brách. Beidh sé nua agat i gcaitheamh do shaeil féin agus beidh sé nua ageat mhac id dhiaidh, i gcaitheamh a shaeil, agus ag mac do mhic i gcaitheamh a shaeil. Féach, a rí, cuir umat é go dtrialair é.”

D’fhéach Feargus ar an mbrat. Cheap sé dá leathadh sé a lámh go mbeadh an lámh níos leithe ná an brat. Ach dhein sé mar aduairt Iúbhdán leis. Do rug sé ar an mbrat, agus ní túisce ’ thug sé iarracht ar é ’ leathadh ar a shlinneánaibh ná mar a chlúdaigh an brat é go hálainn, chómh maith díreach agus dá mba dhò féin a déanfí ar dtúis é.

“Sid í mo léine, a Fhearguis, má ba mhaith leat í ’ ghlacadh mar rogha”, arsa Iúbhdán. “Is léine bhreá í, mar a chíonn tú. Is í bean athar mo sheanatharsa do dhein an léine sin, a Fhearguis, lena dhá láimh féin, agus is iad a dhá láimh féin do shnímh gach snáth dá bhfuil sa léine sin, a Fhearguis”.

Ní duairt Feargus aon rud leis an léine.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “sid é mo chrios. Bíonn airgead agus ór sa chrios so, a Fhearguis. An té go mbeadh an crios so fan chuím air, a rí, ní thiocfadh galar cuirp ná croicin air. Cuir umat é, a rí, féachaint a’ dtaithnfeadh sé leat”.

Cheap Feargus gur beag ná go líonfadh a órdóg an crios. Nuair a chuir sé aniar fan chuím air féin é bhí sé mór a dhóthain, chómh hoiriúnach dò agus dá mba dhò féin a déanfí é.

“Sid é mo chafárr, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Seóid uasal is ea é agus tá bua mór air”.

D’fhéach Feargus ar an gcafárr. Bhí sé, mar adéarfá, mór a dhóthain chun dul ar bharra órdóige Fhearguis.

“Cad é an bua mór atá ar rud chómh beag, a rí?” arsa Feargus.

“Tá do cheannsa mór go maith, a Árdrí”, arsa Iúbhdán, “ach má ghlacann tú an cafárr so ní baol duit ná go raghaidh do chloigeann ríoga isteach ann, agus an cloigeann ar a mbeidh an cafárr so ní thitfidh an ghruaig de agus ní bheidh aithis maoile go brách air. Triail ar do cheann é, a rí”.

Do dhein. Chuaigh ceann Fhearguis isteach sa chafárr chómh breá chómh socair chómh cúmpórdach agus do raghadh sé isteach ’na chafárr féin.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “sid é m’ionar. (Ionar a tugtí an uair sin ar bhall éadaigh a bhíodh fáiscithe ar chabhail dhuine, laistigh den bhrat, i bhfuirm veiste nú casóige cuirp.) Is éadach síodúil socair é.”

“Agus cad é an bua atá ar an ionar so, a Iúbhdáin, a bhráthair?” arsa Feargus, ag breith ’na láimh dò ar an ionar agus an t-ionar chómh beag san gur mheas Feargus ná dúnfadh sé ar a órdóig.

“Tá a chorcar glan anois, a rí” arsa Iúbhdán.

“Tá gan amhras”, arsa Feargus. “Ní fhéadfadh sé bheith níos glaine”.

“Dá mbeadh duine á chaitheamh go ceann céad blian”, arsa Iúbhdán, “bheadh a chorcar chómh glan an lá déanach den chéad blian agus ’tá sé anois”.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “sid é mo choire”, agus thispeáin sé dhò rud i bhfuirm scilléidín, ach ba chorcán ana-mhór an scilléidín in aice Iúbhdáin. Bhí béal an chorcáinín suas, nách mór, go smigín air.

“Agus cad é an bua atá ar an gcoire seo, a Iúbhdáin?” arsa Feargus.

“Ta so, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Dá mba ná curfí ann ach clocha agus uisce agus é ’ chur os cionn tine, do geóbhfí ann ar ball feóil álainn ba bhia do rí”.

“Níor dhó’ liom”, arsa Feargus, “dá mbeadh puínn ocrais ar an rí, go gcuirfeadh a mbeadh d’fheóil sa choire sin aon mhasmas air”.

“Dáltha gach seóide eile dá bhfuil agamsa, a rí”, arsa Iúbhdán, “an fhaid is liomsa é tá sé beag mo dhóthain, ach má ghlacann tusa mar rogha é beidh sé mór do dhóthain. Beidh tuilleadh agus úr ndóthain feóla ann duit féin agus dot theaghlach”.

“Is maith é sin, a rí”, arsa Feargus, “ach feiceam tuilleadh det sheóidibh”.

“Féach, a rí”, arsa Iúbhdán, “sid é mo dhabhach fothraigthe”. Bhí an dabhach fothraigthe leathtroigh ar faid agus mar adéarfá dhá órlach go leith ar leithead agus an méid céanna ar doimhneas.

“Ná bac a luíghead, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Má ghlacann tú é beidh sé mór do dhóthain feasta”.

“Agus cad é an bua atá air?” arsa Feargus.

“Tá, a rí”, arsa Iúbhdán, “an té go mbeidh an dabhach so aige agus do dhéanfaidh é féin do ní ann casfaidh a óige trí huaire air. Gheóbhaidh sé cheithre saeil duine sara dtiocfaidh an bás air”.

“Is
ana-mhaith an tseóid an dabhach san, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “An bhfuil a thuilleadh acu agat?”

“Tá, a rí”, arsa Iúbhdán. “Féach”, ar seisean, “sin é mo chleith ailpín”, agus thóg sé suas ’na láimhín bheag rud ná feacthas oidhre riamh ar tharainge crú ach é. Bhí an ceann caol den tarainge ’na láimh aige agus an ceann ramhar uaidh amach aige. Fé mar a chíodh Feargus gach seóid do thagadh fonn gáirí air, ach do dheineadh sé staonadh ó gháirí le heagla go measfadh Iúbhdán ná raibh an stuaim aige ba cheart a bheirt ag rí. Ach nuair a choanic sé an chleith ailpin, an tarainge crú, do bhris ar an stuaim aige, agus chuir sé sceartadh gáire as a bhain a anál de, nú gheall leis. Do stad Iúbhdán go breá réidh stuama go dtáinig Feargus as an dtritheamh gáirí. Nuair a chonaic Feargus an firín beag chómh daingean chómh stuama chómh ríoga, agus an tarainge crú ’na láimh aige, sínte uaidh amach, ba dhóbair dò tritheamh eile ’ theacht air, ach do staon sé, mar bhí naire air.

“Agus cad é an bua atá ar do chleith ailpín, a Iúbhdáin?” ar seisean.

“Dá mbeithá i bhfrithghuin catha, a rí”, ar seisean, “agus an chleith seo ’ bheith id láimh agat, do chosnódh an chleith do cheann féin agus ceann gach duine den naonúr ba ghiorra dhuit ded mhuíntir, ar gach taobh díot”.

“Is maith an chleith í, a Iúbhdáin; ach cad é seo eile id láimh agat?” arsa Feargus.

“Sid í mo shlat, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “an tslat lena gcomáintear an t-each buí”.

“Agus cad é an bua atá ar an slait sin, a Iúbhdáin?” arsa Feargus.

“Dá mbeadh duine ar muin capaill a bheadh chómh ríghin le seanasal do dhéanfadh aon bhuille amháin den tslait seo an capall ríghin sin níos luaithe ná eachra an domhain”.

“Is maith an tslat í”, arsa Feargus. “An bhfuil a thuilleadh agat?”

“Tá, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Féach, a rí. Sin é mo thiompán, an tiompán is feárr sa domhan chun ceóil. Ó bhruach na Mara Rua a tugadh ar dtúis é, agus tá ceól ann dóthain aon chuideachtan sa domhan pé eólas a bheadh ar cheól acu, pé géire ná pé cruinneas a bheadh ’na gcluasaibh acu. Agus tá buatha móra ar an dtiompán so, a Fhearguis”.

“Inis dúinn cuid de sna buathaibh, a rí”, arsa Feargus.

“Neósfad, a rí”, arsa Iúbhdán. “Fear nár rug riamh ’na láimh ar úirlis ceóil agus nár fhoghlaim riamh conas ceól do sheinnt, níor ghá dhò ach breith ’na láimh ar an dtiompán so agus bhainfeadh sé ceól as níos feárr agus níos binne agus níos síreachtaí ná mar a bhainfeadh an ceólaí dob oilte a’ tiompán eile. Mó thiompán álainn, a Fhearguis, níl tiompán eile ar bith chómh téadbhínn, agus gheibhtear a cheól gan dua”.

“Is maith an tiompán é. Is iúntach a bhfuil de shéadaibh agat, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “An bhfuil tuilleadh agat?”

“Tá, a Fhearguis. Féach, sin é mo dheímheas”.

Thispeáin sé an deímheas. Ní raibh an deímheas san ach mar adéarfá trí ceathrúna d’órlach ar faid agus tímpall ceathrú d’órlach ar leithead, agus bhí sé déanta de chruaidh
a bhí chómh geal le hairgead, agus bhí faor ar a dhá bheann do gheárrfadh “fionnadh in aghaidh srutha”, mar adeirtear in sna seanascéaltaibh.

“Cad é an bua atá ar an ndeímheas san, a Iúbhdáin?” arsa Feargus.

“Tá, a rí”, arsa Iúbhdán, “an fear go mbeadh an deímheas so aige agus ’ dhéanfadh úsáid de ar a ghruaig agus ar a chuid féasóige bhéarfadh sé bua ar fhearaibh Éireann in áilleacht agus i maisiúlacht pearsan”.

“Is álainn an tseóid é. Is mó fear gur mhaith leis a leithéid a bheith aige. Cé ’ dhein an deímheas san, a rí?” arsa Feargus.

“An gabha is feárr le fáil, gabha Barráin”, arsa Iúbhdán.

“Ní hiúnadh é ’ bheith go maith. An bhfuil aon deireadh let sheóidibh? Ní rófhuiriste dhómhsa an ceann ceart do thoghadh ar ball”, arsa Feargus.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “sin í mo shnáthad”.

D’fhéach Feargus ar an snáthaid. Is ar éigin ’ fhéad sé í ’ dh’fheiscint in aon chor bhí sí chómh beag san.

“Cad é an bua atá ar do shnáthaid, a Iúbhdáin?” arsa Feargus. “Is deocair bua mór a bheith ar rud chómh beag”.

“Tá bua ana-mhór, ana-thairbheach, ar an snáthaid seo. An t-éadach is gairbhe, agus is tútaí dár fíodh riamh bheadh sé chómh mín le síoda nú le sról ach go gcurfí an tsnáthad so thríd”.

“Brostaigh ort, a rí”, arsa Feargus. “Áirimh an chuid eile”.

“Má thógann tú dhá mhuic de sna mucaibh atá agam ní bheidh do theaghlach gan muiceóil choíche”, arsa Iúbhdán.

“Conas san, a rí?” arsa Feargus. “Cad é an fhaid le dul dhá mhuic ar mo theaghlachsa? Go mór mór nuair is dócha ná faigheadh fear dem theaghlach aon lán béil amháin ins gach muic díobh, ní hea, ach sa dá mhuic in éineacht”.

“Is mór é do theaghlach, a rí”, arsa Iúbhdán, “agus is mór an goile atá ag gach duine dá bhfuil ar do theaghlach, ach dá mbeadh oiread eile acu ann agus oiread eile slí ag gach duine acu don bhia gheóbhaidís a ndóthain sa dá mhuic seo adeirim. Agus rud eile. Maraítear an dá mhuic agus itear iad istoíche, agus gheófar beó iad ar maidin i dtreó go bhféadfar iad do mharú agus d’ithe arís an tarna hoíche. Ar an gcuma san thabharfaidh an dá mhuic adeirim a ndóthain muiceóla dod theaghlach, a Fhearguis, agus beid na muca féin agat i gcónaí”.

“Is iúntach na muca iad, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “Comáin leat”.

“Féach, a rí”, arsa Iúbhdán, “b’fhéidir go dtaithnfeadh m’adhastar leat”.

“Agus cad é an bua atá ar an adhastar, a rí?” arsa Feargus.

“Dá mbeadh bó dhubh ag duine agus é dhá tabhairt leis thar triúchaibh agus dá mbeadh fear na bó ar a tóir ní bheadh le déanamh aige ach an t-adhastar so do chur ar cheann na bó agus dhéanfadh bó bhán di agus ní aithneódh an té a bheadh ar a tóir í nuair a chífeadh sé í”.

“Ní bheadh aon ghnó agamsa den adhastar san, a Iúbhdáin”, arsa Feargus. “Nuair a thugaim táin bó liom is le claíomh a chosnaim iad ar thóir”.

“Féach, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Níorbh fhearra dhuit rud a dhéanfá ná mo bhróga do ghlacadh mar rogha. Bróga deasa fionndruinne is ea iad”.

D’fhéach Feargus ar na bróga. Ansan d’fhéach sé ar a dhá throigh féin. Ní raghadh barra órdóige a choise isteach in aon cheann de bhrógaibh Iúbhdáin. Do thuig Iúbhdán cad a bhí in’ aigne.

“Seo, a rí”, ar seisean, “triail iad féachaint conas a dh’oirfidís duit”.

Bhain Feargus de a bhróga féin, chun Iúbhdáin a shásamh. Do rug sé ar cheann de sna bróga fionndruinne agus chrom sé síos chun, mar dhea, órdóige a choise do chur isteach sa bhróig. Ní túisce ’ chuir sé an órdóg chun béil na bróige ná mar a mhéadaigh an bhróg agus shleamhnaigh a chos isteach inti i dtreó go raibh sí uime go sásta.

“Cuir umat an bhróg eile, a rí”, arsa Iúbhdán.

Do dhein. Do mhéadaigh an bhróg eile agus shleamhnaigh sí suas ar an gcois ar an gcuma gcéanna. Do shiúlaigh Feargus roinnt in sna bróga. Do thaithneadar leis go mór. Bíodh gur bhróga fionndruinne iad bhíodar ana-bhog ar a chosaibh ana-chúmpórdach.

“Cad é an bua atá ar na brógaibh seo, a Iúbhdáin?” arsa Feargus.

“Tá bua mór ar na brógaibh sin, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Molaimse an rí ’na mbeidh na bróga san idir a throithe agus talamh”.

“Cad ’na thaobh a rí?” arsa Feargus.

“Ní bheidh aon ghá choíche le bád ná le luíng aige. Siúlóidh sé leis na brógaibh sin ar talamh nú ar uisce mar a chéile. Is cómhdheas do sna brógaibh sin muir agus tír”.

“Glacaim na bróga so mar rogha, a Iúbhdáin”, arsa Feargus.

“Tá go maith, a rí”, arsa Iúbhdán. “Táimse saor anois ó sna geasaibh a chuir Eisirt orm mar gheall ar an ngabháil éagórtha a dheineas air. Níl ar do chumas-sa, a Fhearguis, me ’ chimeád anso níos sia. Táim baoch díot, a rí, agus d’uaislibh Uladh, idir rí agus rídhamhna agus ollamh agus file, idir ríogain agus baintiarna agus iníonra ró-uasal. Táim baoch de dhaoinibh Uladh idir íseal agus uasal, mar do tugadh mórchuid aoibhnis agus mórchuid áthais agus mórchuid
suilt agus caitheamh aimsire dhom ón lá a thánag anso ’na measc agus gur tarraigeadh as an leitin me”.

“Beidh uaigneas mór ar an uile dhuine anso id dhiaidh, a rí, agus ormsa thar chách. Ach ná himigh uainn go dtagaid Ultaigh na cúige seo ar aon láthair agus go bhfaighid siad go léir aon radharc amháin eile ort sara n-imír, agus go bhfágair slán agus beannacht acu, agus go leogaid siad slán agus beannacht leat”.

Do thoiligh Iúbhdán chuige sin.

Do cuireadh scéala amach ar fuid na cúige go raibh Iúbhdán ag imeacht. Tháinig na daoine go léir isteach as gach áird d’árdaibh na cúige, go bhfeicfidís Iúbhdán aon uair amháin eile sara n-imeódh sé. Bhí uaigneas mór orthu go léir. Ach d’fhág Iúbhdán slán agus beannacht acu, agus dúradar san leis, “Go dtéir slán!” agus d’imigh sé uathu, é féin agus a ríogan, Bébó, ar muin an eich bhuí.

Bhí sé féin agus Bébó agus an t-each buí chómh beag san nách rófhada ’ fhéad na hUltaigh radharc a chimeád air. Bhíodar go léir ag faire chómh géar agus dob fhéidir leó é.

“Ó, chímse fós iad”, adeireadh duine.

“Canad?” adeireadh duine eile.

“Ansúd mar a bhfuil an cnapóigín féir”, adeireadh an chéad duine.

Ba gheárr ná raibh le feiscint in aon bhall ach na cnapóigíní féir.

Personal name
Barráin: the name of a blacksmith here.

Placename
Muir Rua (an Mhuir Rua): the Red Sea.

Foclóirín

adhastar: “halter”, pronounced /əistər/.
ailpín: “knob”, the diminutive of ailp, found in the phrase cleith ailpín; see under cleith.
áird: “direction”. As gach áird d’ardaibh na cúige, “from all directions in the province”.
áirím, áireamh: “to count, reckon”. Áirimh an chuid eile, “list the rest”. As with a number of verbs where the verbal noun ends in -mh, the third-person singular of the preterite and the imperative have -mh; GCh has áirigh.
aithis: “slur, reproach”. Aithis maoile ’ bheith ort, “to suffer the disgrace of being bald”.
ansúd: “there”, or ansiúd in GCh.
asal: “donkey”.
baoch: “grateful”, buíoch, pronounced /be:x/ in WM Irish.
beann: “peak, point, prong”, as of the point of a pair of scissors here. Ar a dhá bheann fails to use the dative dual (bínn).
beartaím, beartú: “to brandish or wield”, of a weapon.
biorán: “pin”, pronounced /brʹɑ:n/.
brat: “mantle, cloak”.
bua: “victory”, but also “special power or quality”, as in bua na scéithe here. The dative plural here is buathaibh; compare the GCh plural buanna. The nominative plural was also given in the original text here as buadha, but the LS version of Eisirt shows this should be pronounced buatha, which is how it is edited here.
cách: “everyone”. Thar chách, “more than everyone else”.
cafárr: “helmet”. This word is transcribed in LS here as cafár, where the LS edition of PUL’s Dón Cíochóté had cahvár.
canad: “where?”, or cá háit?, cén áit? in GCh.
ceólaí: “musician”, a variant of ceóltóir.
cleith: “stake, staff, rod”. Cleith ailpín, “knobstick, a stick with a knob at the end, used as a walking stick”. This is known in German as an alpenstock, but it seems ailpín is a native Irish word.
cliath: “splint”, also used in reference to darning of socks/stocking. With cléithe in the genitive. Cliath a chur i stoca, “to darn a stocking”.
cnapóigín: “little lump”. Cnapóigín féir, “little tuft of grass”.
cnutálaim, cnutáil: “to knit”, or cniotálaim, cniotáil in GCh. Biorán cnutála, “knitting needle”.
coire: “cauldron”, pronounced /kirʹi/.
comáinim, comáint: “to drive, drive forward”, or tiomáinim, tiomáint in GCh. Comáin leat, “proceed, continue!”
corcar: “purple hue”, or corcair in GCh.
coróinn: “crown, circle”, pronounced /kroːŋʹ/. The genitive, coróinneach, is pronounced /kroːŋʹəx/.
crú: “horse-shoe”.
cruaidh: “steel”, or cruach in GCh. Pronounced /kruəgʹ/.
cúm: “waist”, or coim in GCh. The genitive is cuím.
cúmpórdach: “comfortable”, or compordach in GCh. Pronounced /ku:m’po:rdəx/.
deímheas: “pair of shears or scissors”, pronounced /dʹiːs/, according to the LS version of Eisirt.
dóbair: “it nearly happened”, used with the copula (ba dhóbair go), originally the preterite of the verb fóbraim.
dúnaim, dúnadh: “to close”. Ní dúnfadh sé ar a órdóig here appears to mean the tiny tunic would not cover his thumb, or was too small to be fastened onto his thumb.
eile: “other”. Aon radharc amháin eile, “one more look”.
fáiscim, fáscadh: “to squeeze; to tighten, to bind”.
fíom, fí: “to weave”.
fionnadh: “hair”, especially hair on the face. Fionnadh in aghaidh srutha, “a hair lying on a stream”. Pronounced /fʹunə/.
flaith: “prince, lord”, with flatha in the genitive.
fothragaim, fothragadh: “to bathe”. The verbal adjective here is fothraigthe (dabhach fothraigthe, “bathing tub”), where GCh has fothragtha. Pronounced /fohərəgimʹ, fohərəgə, fohərikʹi/.
frithghuin: “cut and thrust”, as in a battle. This is glossed by PUL in Notes on Irish Words and Usages as “the thick of the fight, i.e., where wounds are crowded thickly”. FGB says that thit sé i bhfrithghoin an chatha means “he fell on the opposing side of the battle”. This seems to be one of the most mistaken definitions in Ó Dónaill’s dictionary. The LS version of Eisirt transcribes i bhfrithghuin as a vriochuin, /i vrʹixinʹ/.
fuiriste: “easy”, furasta in GCh. Fuiriste is generally found in PUL’s works in lenited contexts (rófhuiriste); otherwise, uiriste is more common.
gabha: “blacksmith”, pronounced /gou/.
garbh: “rough”, pronounced /gɑrəv/. The plural, garbha, is pronounced /gɑ’ruː/ according to the LS version of Eisirt. The LS version transcribes the comparative gairbhe as gairivi, but I expected /gɑ’rʹiː/ for this word.
glan: “clean”, with glaine as the comparative. Pronounced /glɑn, glinʹi/.
go leith: “and a half”, pronounced /gilʹi/.
goile: “appetite”, pronounced /gilʹi/.
iníonra: “girls, maidens”, a collective word like other words in -ra.
ionar: “tunic, jerkin”.
láimhín: “little hand”. It is worth noting that such diminutives are masculine in GCh, but tend to follow the gender of the root noun in PUL’s Irish (e.g. an Chathairín in PUL’s Mo Sgéal Féin), and consequently láimhín is feminine here.
lán béil: “mouthful”.
leathan: “broad”, with leithe in the comparative here. PUL’s translation of the Gospels had leithne for the comparative. PSD shows that leithe can be used as the comparative of leathan, but ultimately derives from an obsolete adjective, leath.
long: “ship”, with luíngin the dative. Pronounced /lu:ŋg, li:ŋgʹ/.
mar a chéile: “just the same, alike”.
mar dhea: a phrase meaning “as if, supposedly, as it were”. Probably derived from mar bh’ea. Pronounced /mɑr ‘ja:/.
masmas: “nausea, queasiness, a surfeit of food”.
mín: “smooth, soft”, of cloth.
mórchuid: “a great amount”, pronounced /muər-xudʹ/.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative. The context here (is líonmhar iad do namhaidse) show that namhaid is also the plural, in contradistinction to the historically correct naimhde of GCh.
naonúr: “nine people”.
ocras: “hunger”, pronounced /okərəs/.
oidhre: “a likeness of something”, spelt eighre in the original. Oidhre ar tharainge crú, “something that looked exactly like a horseshoe nail”.
oilte: “nurtured, cultivated, learned, versed”.
órdóg: “thumb”. Órdóg choise, “big toe”.
rinn: “point, tip”, e.g. of a spear, with reanna in the plural. Pronounced /riːŋʹ, rɑːnə/. The LS version of Eisirt shows the r is slenderised in lenitable circumstances: ó reannaibh is /oː rʹanivʹ/.
saol: “life, world”. The original spelling was saoghal, and the spelling change has introduced inconsistencies: the genitive and plural, originally saoghail, are spelt saoil in GCh (although GCh has saolta in the plural, which is an adjective in PUL’s Irish), which would give the wrong WM pronunciation. The genitive and plural are edited as saeil here. Cheithre saeil duine, “four lives”.
sásta: “satisfied”. Go sásta, “comfortably (on his foot, of a shoe)”.
sciath: “shield”, with scéithe in the genitive. Note ar an scéith and lena sciath féin in the dative here: the dative was generally, but not always, declined in PUL’s works. It is also possible that the addition of féin turns sciath féin into an independent phrase noun in the nominative absolute (see Nolan on the Bracketed Construction).
scilléidín: “little skillet or iron saucepan”, the diminutive of scilléid, according to Foclóir Eisirt, a word that is found as scilléad in GCh.
séad: “treasure, valuable gift”. This is the noun from which seóid developed as a by-form according to PSD. This noun occurs only in the plural here, which may mean that it is rarely found in the singular and séada functions as a plural of seóid (in which case, contrast seóide as the plural of seóid, found in PUL’s novel Niamh and elsewhere). This interpretation is supported in Foclóir d’Eisirt, which lists séad as the genitive plural of seóid, although it states seóidibh is the dative plural; the nominative plural séada is not commented on in Foclóir d’Eisirt.
síoda: “silk”.
síodúil: “silky, silklike, smoth”.
síreachtach: “plaintive”, of music.
smigín: “chin”. This is the diminutive of the form smig used in GCh, but glossed merely as “chin” in Foclóir d’Eisirt, and so it seems this is regular form in WM Irish.
snáthad: “needle”, with snáthaid in the dative, which form is used for the nominative in GCh.
sníomhaim, sníomh: “to spin”, with shnímh in the preterite here (where shníomh would stand in GCh).
sobheartaithe: “easy to wield”. It seems such constructions with so- all have a full vowel, and not a neutral vowel, in the prefix, /so-‘vʹartihi/.
socair: “settled”, but “comfortable” in reference to an item of clothing.
sruth: “stream”, with srutha in the genitive.
stuaim: “level-headedness, self-control, self-possession”. Do bhris ar an stuaim aige, “he lost his self-possession/his dignity”.
stuama: “level-headed; sensible”, traditionally spelt stuamdha. The traditional WM pronunciation would be with a devoiced m, /stuəmhə/.
táin: “herd of cattle; cattle raid”. Táin bó, “driving off of cows in a cattle raid”.
talamh: “earth, ground”. Idir a throithe agus talamh, “between his feet and the ground”: the lack of a definite article before talamh is worth noting. Irish seems much more haphazard in use of the article than many other European languages. Ar talamh, “on land”, as opposed to “on sea”, a general reference that does not require lenition.
tarainge: “nail”, or tairne in GCh.
téadbhínn: “sweetstringed, melodious”, of a stringed instrument.
tiompán: “lyre”. The LS version of Eisirt has tiompán, probably /tʹum’pɑːn/.
toghaim, toghadh: “to choose”, pronounced /toumʹ, tou/.
tóir: “pursuit”. Ar a tóir, “in pursuit of it”.
trialaim, triail: “to try, test”, or triailim, triail in GCh. The difference in pronunciation between this verb and triallaim, “to fare, journey” is minimal or absent: trialaim would be /trʹialimʹ/ and triallaim /trʹiəlimʹ/, but the two may be identical in the Irish of younger speakers. The distinction is clearer in GCh. A slender l is found in the verbal noun, the third-person singular of the preterite and the imperative: triail ar do cheann é, “try it out on your head”.
triúch: “district”. Foclóir d’Eisirt claims the nominative singular is triúcha, but this word is found in all of PUL’s works as triúch. Thar triúchaibh, “across country”.
uaidh amach: “coming out, sticking out from him”.
úirlis: “instrument”. Úirlis ceóil, “musical instrument”.
um: “about, round”. The combined forms are umam, umat, uime, uímpi, umainn, umaibh and úmpu. Note um á (umá in the original) where um is coupled with the possessive particle. PUL uses the traditional do bhuail sé uime in preference to do bhuaileas leis to mean “I met him, bumped into him”. Cuir umat é, “put it on”: PUL explained in his Notes on Irish Words and Usages that this use of um was not obsolete for him, even if it had become so in some Irish-speaking areas, where cuir ort would be said. Logically, cuir ort would be appropriate for something that is put “on”, such as a hat, whereas an item of clothing put “around” the body, such as a coat, ought to require umat.
veist: “vest, waistcoat”, spelt bheiste in the genitive in the original.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Eisirt. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s