Eisirt, caib. a 8

Caibideal a VIII

Éad, agus a leigheas

Do rugadh isteach Bébó agus do cuireadh ’na suí in áirde ar an mbórd í, ar láimh dheis Fhearguis, díreach mar a cuireadh Eisirt nuair a bhí sé ann. Bhíodh na mná uaisle go léir ag baint cainnte aisti agus ag baint suilt aisti, ach níor thaithn sí leó leath chómh maith agus do thaithn sí le Feargus agus le ríogra Uladh. Ba léir dóibh, idir ríogra agus mná uaisle dhóibh, ná raibh aon bhean láithreach a bhí leath chómh huasal léi, i ndeallramh ná i gcló, i gcruth ná i bpearsain, i ndeilbh ná i maisiúlacht. Is amhlaidh a mhéadaigh a luíghead a háilleacht ar gach aon tsaghas cuma. Bhíodh na fir ag féachaint uirthi agus ansan ag féachaint ar a mnáibh féin agus á cur i gcúmparáid leó, agus go deimhin ní hacu ’ bhíodh an ceann ab fheárr den chúmparáid. Thuigeadar na mná féin go maith nárbh ea, agus dá bhrí sin bhíodar lán d’éad agus de mhioscais agus de channcar chúithi. Nuair ’ fhéachadh éinne dá bhfearaibh féin uirthi agus ansan nuair ’ fhéachadh sé uaithi ar a bhean féin chídís an diomá ’na shúilibh. Bhídís cráite loiscithe scólta, ach ní leogadh uabhar dóibh a leogaint orthu go dtugaidís fé ndeara an diomá. Bhí Bébó ana-ghéarchúiseach. Thug sí fé ndeara an scéal go léir agus thuig sí go hálainn é, ach in inead aon bhogadh ’ dhéanamh ar abhar an éada dhóibh is amhlaidh a dhein sí a dícheall chun é ’ ghéarú, agus gan aici á thabhairt dóibh i gcaitheamh na haimsire ach gach focal ba shéime ná ’ chéile agus gach gealgháire ba ghile ná ’ chéile, agus ba ghrianaí.

Bhí Feargus ag baint cainnte aisti. Bhí gach aon tsaghas eólais uaidh ar Mhágh Faithlinn agus ar thuathaibh Luchra agus Luprachán; ar a nósaibh agus ar a slí bheatha agus ar a mbéasaibh; ar a lucht léinn agus eólais agus ealaíon; ar a n-aos dán agus ar a n-aos ceóil agus ar a bhfilíbh. Is é rud a tháinig as an gcainnt sin d’Fheargus ná gur buaileadh isteach in’ aigne gur inis Iúbhdán an fhírinne dhò agus ná raibh aon uisce-fé-thalamh aige féin ná ag Eisirt á dhéanamh, agus ná raibh aon ghnó acu go Cúig’ Uladh ach an gnó adúradar.

Chómh luath agus do thuig Feargus an méid sin d’órdaigh sé Iúbhdán do thabhairt ’na láthair.

Do tugadh isteach é agus do cuireadh ar shuíochán in áirde ar an mbórd é, in aice Bhébó.

Do labhair Feargus leis.

“A Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán”, ar seisean, “is eagal liom gur dheineas éagóir ort. Mheasas go mb’fhéidir gur namhaid tu agus gur ag brath na tíre seo a thánaís. Níl sé ceart ag rí, má bhíonn aon drochiontaoibh aige à duine iasachta a thagann chuige isteach à tír iasachta gan an uile shaghas aireachais a thabhairt sara mbéarfadh an duine iasachta leis eólas éigin, nú aithne éigin, a chuirfeadh ar chumas namhad teacht i ganfhios agus díobháil a dhéanamh don tír agus do mhuíntir na tíre. Uime sin is ea ’ chuireas-sa thusa sa gharbhtheaghlach agus cimeád chómh daingean ort. Ón gcainnt a thárla anso anois, idir me féin agus do bhaintiarna, do buaileadh isteach im aigne nách chun aon díobhála ’ dhéanamh do Chúig’ Uladh ná d’Ultachaibh a thánaís, ach mar gheall ar na geasa a chuir do rí ollamh ort. Dá bhrí sin, a Árdrí, goibh mo leathscéal agus maith dhom an éagóir a dheineas ort”.

“Tá go maith, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán. “Mura bhféadaid dhá árdrí mar thusa agus mise maitheamh dá chéile agus caradas a thabhairt dá chéile, conas is féidir dár ndaoine ar gach taobh caradas agus muíntearthas a thabhairt dá chéile mar is ceart? Dhein Árdrí Uladh éagóir ar Árdrí tuatha Luchra agus Luprachán. Tá an éagóir sin maite. Ní dhéanfaidh éinne de thuathaibh Luchra agus Luprachán díoltas choíche mar gheall ar an éagóir sin. Ach tá so agam le hiarraidh ar Árdrí Uladh, ná fágfar a thuilleadh sa gharbhtheaghlach me. Tá anála na bhfear mór san róthrom. Bím dom thachtadh ag an mbalaithe atá ins gach aon bhall ’na mbíd na fir mhór gharbha san. Ní maith an chóir ag Árdrí dá chur ar Árdrí eile é ’ fhágáilt ’na measc”.

“Is fíor san, a Árdrí, ach b’fhéidir dá mba ná beadh cimeád ort go n-imeófá uainn”.

“Bheirim mo bhriathar rí dhuit, a Fhearguis”, arsa Iúbhdán, “pé cimeád a bheidh orm ná ná beidh, ná himeód uaibh go brách go dtí gur toil leat féin agus le hUltaibh me ’ dh’imeacht”.

“Dá mba dhó’ liom gurbh fhíor san”, arsa Feargus, “ní bheithása idir an ngarbhtheaghlach”.

“Níor bhriseas-sa mo bhriathar riamh”, arsa Iúbhdán, “agus ní bhrisfeadh go deó”.

“Tá go maith, a Árdrí”, arsa Feargus.

Ansan d’órdaigh Feargus seómra áirithe, seómra deiridh, an seómra ba dheise agus ba ghile agus ba ghrianaí a bhí sa rítheaghlach, do cheartú agus do chórú agus do chur i dtreó d’Iúbhdán. An fhaid a bhí san dá dhéanamh do tugadh “nua gacha bídh agus sean gacha dí” ag triall air féin agus ar Bhébó, agus do tugadh an uile shaghas onóra agus urrama dhóibh, agus do dhein Feargus agus an uile dhuine den chuideachtain an dícheall ba mhó ab fhéidir chun áthais do chur ar an mbeirt agus chun aoibhnis a thabhairt dóibh.

Bhíodh an diomá agus an seirithean agus an ceann-fé ar na fearaibh uaisle nuair ’ fhéachaidís ar Bhébó agus ansan nuair a chídís a mná féin, dá bhreáthacht iad agus dá uaisleacht iad, chómh garbh, chómh tútach, chómh mísciamhach, i gcúmparáid léi, ach dheineadar a ndícheall chun gan a leogaint orthu gur thugadar fé ndeara an deifríocht, le heagla ná taithnfeadh san le Bébó. Thug na mná go léir fé ndeara an seirithean agus an diomá, ach níor leogadar orthu gur thugadar, le heagla ná taithnfeadh san lena bhfearaibh. Do thuig Bébó, agus do thuig Iúbhdán, cad a bhí in aigne na bhfear agus cad a bhí in aigne na mban, ach níor leogadar orthu gur thuigeadar blúire dhe. Bhí a n-aigne féin ró-uasal, agus ba lag leó nithe den tsórd san a thabhairt fé ndeara in aon chor. Chonaic Bébó gur róbhaol go mbeadh drochobair sa chuideachtain ar ball. Bhí sí ag déanamh a díchill chun bheith séimh agus sultmhar agus gealgháiriteach leis na fir, a d’iarraidh an tseirithin a bhaint díobh. B’in mar ba mhó, áfach, a thug sí le feiscint dóibh an áilleacht agus an uaisleacht agus an mhaisiúlacht a bhí inti seochas a mná féin, agus b’in mar ba mhó a chonaic a mná féin an diomá agus an seirithean a bhí orthu. Bhí priúnsa óg agus ríogan óg ar an gcuideachtain. Óigbhean ana-bhreá, ana-dhathúil, ab ea an ríogan. Bhí uaisle óga Chúig’ Uladh go léir, agus uaisle i bhfad lasmu’ de Chúig’ Uladh, ag cailliúint a meabhrach a d’iarraidh go bhfaighidís í le pósadh, go dtí gur thárla geallúint phósta idir í féin agus priúnsa Laighneach a bhí
uasal, ríoga, cróga, maith a dóthain di ar gach aon tsaghas cuma. Bhí an priúnsa Laighneach ag féachaint ar Bhébó. Bhí an ríogan óg ag féachaint air sin agus an dá shúil mhóra, sholasmhara ar dianleathadh aici le heagla, nuair ’ fhéachfadh sé uirthi féin go bhfeicfeadh sí an diomá agus an seirithean ’na ghnúis. Ba gheárr gur fhéach, agus do chonaic. Chonaic sí go soiléir gur bheag ná go raibh gráin aige uirthi agus ná raibh leigheas aige air. Bhí sí i riocht dul i laige le buairt agus le hanaithe. Bhí fáinne óir idir a méireannaibh aici agus í dhá chasadh agus ag iniúchadh na cloiche solais a bhí ann, a d’iarraidh a leogaint uirthi ná raibh aon rud uirthi ná aon rud aici dhá thabhairt fé ndeara. Bhí creathán in sna méireannaibh agus ar éigin bháis ’ fhéadadh sí na deóracha ’ chimeád siar gan teacht as a súilibh. Le neart an anaithe a bhí uirthi, agus mar gheall ar an gcreathán, do shleamhnaigh an fáinne as a méireannaibh agus do thit sé ar an mbórd. Do ghluais sé go breá réidh, fan an bhúird anonn, go dtí gur stad sé ag cosaibh Bhébó. Thóg Bébó suas an fáinne. Bhí muiríon a dhá lámh ann go maith. D’éirigh sí agus shiúlaigh sí treasna an bhúird agus an fáinne sa dá láimh aici agus chuir sí an fáinne ar mhéir na ríogana, ar an méir ’nar cheart fáinne pósta ’ chur uirthi, agus thug sí súilfhéachaint, lena línn sin, anonn ar an bpriúnsa Laighneach. Bhí an priúnsa ag féachaint go dlúth, san am gcéanna, ar Bhébó agus ar an ríogain óg, agus peoca ’ chuir Bébó draíocht éigin ar a shúilibh, nú gur chuir sí draíocht éigin ar dheilbh na ríogana, shamlaigh an priúnsa ná feacaigh sé riamh éinne d’fhéach chómh breá agus d’fhéach an ríogan an uair sin. D’fhéach sí níos áille go mór ná mar ’ fhéach Bébó féin. Do las an t-áthas ’na shúilibh agus ’na ghnúis nuair a chonaic sé an méid sin. Do thárla gur fhéach an ríogan ’na threó an neómat céanna agus go bhfeacaigh sí an t-áthas. Do las áthas ’na gnúis féin ag freagairt an áthais sin. Do mhéadaigh sin a háilleacht go mór.

Nuair a bhí Bébó ag siúl treasna an bhúird agus an fáinne aici, agus í ar éigin ábalta ar an ualach do bhreith léi, bhí Feargus agus an chuideachta in sna trithíbh dúbha ag gáirí, agus gach aon liú acu ag moladh a nirt. Nuair a bhí an fáinne beirthe anonn aici agus an gnó déanta aici tháinig sí anall thar n-ais agus shuigh sí mar a raibh sí ar dtúis in aice Iúbhdáin.

Peoca ’ chuir sí draíocht éigin eile ar an gcuideachtain, nú gurb amhlaidh a tháinig athrú aigne orthu féin nuair a chonacadar a shuaraí a bhí sí ’na tuirt, pé rud a bhain dóibh d’imigh an seirithean agus an diomá de sna fearaibh agus d’imigh an t-éad de sna mnáibh.

Bhí an aimsir go suairc agus go haoibhinn acu as san amach. Bhí Feargus ag baint cainnte à hIúbhdán, dhá fhiafraí dhe cad é an saghas dlithe a bhí aige i Mágh Faithlinn agus conas a curtí na dlithe i bhfeidhm; cad é an neart sló a bhí aige agus conas a deintí gnóthaí cogaidh a mhúineadh dhóibh; cad iad na gníomhartha gaile agus gaisce a dheineadh na fir láidre a bhí aige. Ní raibh aon tseó ach an sult a gheibheadh an chuideachta in sna tuairiscibh a thugadh Iúbhdán uaidh ar na cathannaibh móra a throideadh tuatha Luchra agus Luprachán i gcoinnibh a namhad, agus ar na gníomharthaibh iúntacha a dheineadh na fir mhóra a bhí orthu. D’inis sé dhóibh i dtaobh Ghlómair mhic Glais mhic Glomraide agus conas mar a dheineadh sé an feóchadán do leagadh le haon bhuille ’ chlaíomh, rud ná féadfadh aon fhear eile ar thuathaibh Luchra agus Luprachán a leithéid a dhéanamh.

“Tá sé nách mór seacht n-órlach ar aoirde”, arsa Iúbhdán, “agus téagartha dá réir, agus é cúmtha córach fuinniúil, agus an dáréag eile is treise againn do theacht chuige is é a ndícheall é ’ threascairt”.

Ba dhó’ le duine go dtitfeadh an t-anam tur te à cuid de sna fearaibh a bhí láithreach nuair ’ airíodar an gníomh mór, an feóchadán do leagadh le haon bhuille ’ chlaíomh, agus neart uathásach an fhir a bhí suas le seacht n-órlach ar aoirde. Níor gháir Feargus in aon chor, áfach. Ghlac sé cainnt an fhir bhig chómh mór dáiríribh agus dá mba ag trácht a bheadh sé ar Ultach éigin a bheadh suas le seacht troithe ar aoirde agus ’ bhainfeadh an chos de chapall le haon bhuille ’ chlaíomh. Chonaic Iúbhdán an chuid eile ag gáirí agus gan aon gháire ag teacht à Feargus. Do labhair sé.

“Ní rómhaith an tuiscint atá ag cuid det dhaoinibhse, a Fhearguis, a bhráthair”, ar seisean.

“Cad uime go n-abrann tú an chainnt sin, a Árdrí?” arsa Feargus.

“Is cúrsaí gáirí leó fear láidir ar thuathaibh Luchra agus Luprachán a bheith suas le seacht n-órlach ar aoirde. Dá mbeadh sé suas le seacht troithibh ar aoirde ní dhéanfaidís aon gháire uime. Cá bhfios dóibh ná go bhfuil tír éigin ar uachtar na cruinne agus go bhfaighfí fear láidir ann a bheadh suas le seacht slata ar aoirde. Dá dtagadh fear ó thír den tsórd san anso go Cúig’ Uladh an dó’ leat ar chúrsaí gáirí leó é?”

“Má tá a leithéid de thír ann, a Iúbhdáin, a bhráthair”, arsa Feargus, “tá súil agam go bhfanfaid na daoine sa bhaile ann, nú má fhágaid siad an baile ná faighid siad eólas na slí anso mar a fuarais-se agus do bhaintiarna. Dá bhfaighidís measaim nách gáirí a bhainfidís à huaislibh Uladh”.

Do stad an gháirí láithreach. Tháinig náire ar na huaislibh nuair a thuigeadar an drochmhúineadh a bhí tispeánta acu d’Iúbhdán agus do Bhébó, agus chromadar ar a ndícheall a dhéanamh chun urrama agus onóra ’ thispeáint dóibh ar gach aon tsaghas cuma. Ní raibh Aodh Éigeas ann. D’fhan sé i Mágh Faithlinn i dteannta Eisirt. Ach bhí filí agus éigse agus lucht ealaíon go tiubh acu in éaghmais Aodha, agus chuireadar ar siúl iad chun spóirt agus aoibhnis agus caitheamh aimsire ’ dhéanamh d’Iúbhdán agus do Bhébó.

Foclóirín

aireachas: “care, attention”, pronounced /i’rʹɑxəs/.
anaithe: “fear, terror; awe”, or anfa in GCh. This is one of many words in Irish where an original f is pronounced as h: /ɑnihi/.
anál: “breath”, or anáil in GCh, where the historical dative has replaced the nominative. The plural here is anála, where GCh has análacha.
aos: “people; people of one profession”. Aos ceóil, “musicians”. Aos dán, “poets”.
bainim, baint: “to touch”. Rud a bhaint duit, “for something to happen to you, to come over you”.
balaithe: “smell”, or boladh in GCh. The original spelling, balaith, is adjusted here in the line with the WM pronunciation, /bɑlihi/, which appears to derive originally from the plural of the word.
baol: “danger”. Is baol go, “perhaps”. Is róbhaol go, “it is very likely that”.
bogadh: “softening”. Bogadh dhéanamh ar rud, “to soften or mitigate something; to alleviate it”.
bórd: “table”, with búird in the genitive. These would be bord and boird in the GCh.
ceartaím, ceartú: “to correct, adjust, set right”. Seómra cheartú, “to fix a room up”.
ceann-fé: “shame”, or ceann faoi in GCh. The hyphen in the original is preserved here, as this is a noun.
chím, feiscint: “to see”, or feicim, feiceáil in the CO.
cló: “form, appearance”.
córaím, córú: “to dress, equip, arrange”, or cóirím, cóiriú in GCh.
creathán: “trembling”, pronounced /krʹi’hɑːn/.
cruinne: “universe, globe, world”. Ar uachtar na cruinne, “in the world, on the face of the earth”.
cruth: “appearance”. This word may have variable gender, as cruith is found in the dative in some of PUL’s works, where cruth is found here.
cúrsa: “course, journey, career”. Cúrsaí, in the plural: “a matter for something”. Cúrsaí gáirí leó, “a subject of mirth”.
deallramh: “appearance”, or dealramh in GCh. Pronounced /dʹaurəv/.
dealbh: “appearance, figure”, or deilbh in GCh, where the historical dative has replaced the nominative. Pronounced /dʹaləv/.
deifríocht: “difference”, or difríocht in GCh. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has a broad r, /dʹefʹə’ri:xt/ (deifearaíocht), but the original spelling here would be consisent with a pronunciation of /dʹefʹi’rʹi:xt/.
deireadh: “end”. Seómra deiridh, “a secluded room”.
dlí: “law”, with dlithe in the plural where GCh has dlíthe.
drochobair: “mischief”. Pronounced /dro-hobirʹ/.
dubh: “black”, with dúbha in the plural, pronounced /duv, duː/.
éaghmais: “absence, lack”, or éagmais in GCh. In éaghmais, “in the absence of”.
fan: “throughout, along”, with the genitive. Fan is a corruption of ar feadh an.
fios: “knowledge”. Cá bhfios doibh?, “how do they know?”, pronounced /kɑvəs doːvʹ/.
fuinniúil: “energetic”.
gach: “each, every”, with vestigial use of a genitive form here, gacha. Nua gacha bídh agus sean gacha dí, “fresh food and old drink, a real feast” (or literally, “the new of each food and the old of each drink”), a common phrase in old stories.
gáirim, gáirí: “to laugh”. Note that gáirí is a verbal noun meaning “laughing, laughter”, corresponding to gáire in GCh. This noun appears to have unstable gender, being given here as an gháirí, and found as both an gháirí and an gáirí in the original text of PUL’s novel Séadna. The authorised Foclóir do Shéadna states that gáirí is masculine; Foclóír d’Eisirt does not list this word.
garbh: “rough”, pronounced /gɑrəv/. The plural, garbha, is pronounced /gɑ’ruː/ according to the LS version of Eisirt.
gealgháire: “a pleasant smile”, pronounced /gʹalə-ɣɑːrʹi/.
gealgháiriteach: “radiant, cheeful”, or gealgháireach in GCh. Pronounced /gʹalə-ɣɑːrʹitʹəx/.
geallúint: “promise”, or gealltanas in GCh.
géaraím, géarú: “to sharpen, to render more intense/keen”.
gnúis: “face, countenance”. PUL glossed this word in Notes on Irish Words and Usages as “the face as giving expression to the mind and its passions or energies; the equivalent of the Latin vultus”.
grianach: “sunny; cheerful”.
lag: “weak”. Ba lag leó, “they would be loth to”.
láidir: “strong”, with láidre in the plural. Pronounced /lɑːdʹirʹ, lɑːdʹirʹi/.
Laighneach: “of or pertaining to Leinster”, pronounced /lainʹəx/.
leathscéal: “excuse”, or leithscéal in GCh. Pronounced /lʹa’ʃkʹial/.
loiscim, loscadh: “to burn”. Loiscithe, “burnt”, and by extension here, “tormented”.
mioscais: “spite, hatred, ill-will”.
mísciamhach: “ugly, lacking in beauty, ill-favoured in terms of looks”.
muíntearthas: “friendliness”, or muintearas in GCh.
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in GCh. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint; consequently, the GCh form is no more authoritative than the WM form.
nua: “new; something new”, pronounced /noː/.
óigbhean: “young woman”, or ógbhean in GCh. The g is slender.
pearsa: “person; features, bearing”, with pearsain in the dative.
peoca: “whether”, from pé acu, or pé’cu. Pronounced /pʹukə/. Often followed by a relative clause. Gearóid Ó Nualláin explained in his Studies in Modern Irish Part 1 the difference between ceoca and peoca (see p76). Ceoca is used with substantival clauses (ní fheadar ceoca thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh), whereas peoca is used with adverbial clauses (peoca thiocfaidh sé nú ná tiocfaidh,
fanfadsa
).
scólaim, scóladh: “to scald”. Scólta, “scalded”, and by extension, “irritated, tormented”.
seirithean: “indignation, disgust; a feeling of disappointment”, or seirfean in GCh. Pronounced /ʃerʹihən/.
seó: “show, spectacle”. Níl aon tseó ach é, “it is a marvel, there is nothing like it”.
súilfhéachaint: “glance”.
te: “hot”. Traditionally spelt teith, PUL is on record in his Notes on Irish Words and Usages (p127) as insisting this word has a “most distinct” final –h in the pronunciation. However, this is likely to be apparent only before a following vowel. Pronunciation /tʹe~tʹeh/. See under anam and tur.
tiubh: “thick, rapid, plentiful”. Go tiubh, “aplenty”.
treasna: “across”, or trasna in GCh.
tuirt: “bulk, size”, or toirt in GCh. The original spelling his retained here to show the pronunciation.
tur: “dry”. Tur te, immediately. An t-anam a thitim tur te asat, “to collapse” (e.g. with laughter).
uabhar: “pride”, pronounced /uər/.
Ultach: “native of Ulster; Ultonian”, pronounced /oulhəx/.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s