Eisirt, caib. 13

Caibideal a XIII

Fáilte dá hOllmhú.

Nuair a tháinig seacht catha féinne Luchra agus Luprachán abhaile ó Eamhain agus gan an rí acu bhí buairt agus brón agus uaigneas ar na daoine beaga go léir. D’inis an mhuíntir a tháinig abhaile ó Eamhain cad ’duairt Iúbhdán, go nduairt sé nárbh fholáir dhò féin bheith bliain in Eamhain agus ansan rogha a shéad d’fhágáilt ag Feargus. Shocraigh na daoine go léir a n-aigne agus dúradar lena chéile go gcaithfidís foighne ’ bheith acu, agus nár bhaol ná go dtiocfadh an rí abhaile chómh luath agus ’ bheadh na coinníollacha cómhlíonta agus na geasa ar neamhní. Bhí ’ fhios acu gur dhein Iúbhdán an éagóir ar Eisirt. Bhí ’ fhios acu gur mheasa go mór éagóir ó rí ná éagóir ó aon tsaghas eile duine, agus gur dheocra sásamh a thabhairt san éagóir sin ná san éagóir a dhéanfadh duine ba lú ná rí. Ach bhíodar ag faire na haimsire agus ag áireamh gach lae agus gach seachtaine go dtí go raibh an bhliain istigh.

Fé dheireadh bhí ’ fhios ag Eisirt go raibh an aimsir nách mór istigh, agus go mbeadh ar chumas Fhearguis, nuair a tabharfí dhò rogha na séad, Iúbhdán do leogaint chun siúil gan feitheamh le deireadh na bliana ar fad. Do ghlaeigh Eisirt chuige ar mhaithibh tuatha Luchra agus Luprachán agus do labhair sé leó.

“A mhaithe agus a mhóruaisle”, ar seisean, “tá ár rí ag teacht chúinn abhaile. Is ceart dúinn sinn féin do ghléasadh agus d’ollmhú chun fáilte ’ chur, mar is cóir agus mar is ceart, roimh Iúbhdán agus roim Bhébó”.

Do ghluais an scéal san mórthímpall na tíre go léir, mórthímpall Máighe Faithlinn, agus thosnaigh na daoine beaga ar theacht isteach ón uile thaobh den tír. Nuair a bhíodar cruinnithe, na céadta mílte dhíobh, do labhair Eisirt arís leó.

“A mhaithe agus a mhóruaisle agus a dhaoine”, ar seisean, “tá ár rí agus ár ríogan, Iúbhdán agus Bébó, ag teacht chúinn abhaile ar an each mbuí. Is chuige ’ chuireas teachtaireacht amach ag triall oraibh, chun go dtiocfadh sibh go léir anso agus go ndéanfadh sibh sibh féin do ghléasadh de réir úird agus uaisleachta, gach buíon agaibh féna dtaoiseach agus gach réim um á ríogra, agus go siúlóimís go léir amach, ’nár gcéadta mílte, ag cur fáilte roimis an rí agus roimis an ríogain”.

Chuireadar go léir liú suas, díreach mar a chuireadar nuair a bhí na seacht catha dhíobh ar faiche na hEamhna nuair a tháinig Iúbhdán chúthu amach agus gur mheasadar gur ag teacht leó abhaile a bhí sé. Bhí Aodh Éigeas ann, agus d’airigh sé an liú, agus dhein sé oiread iúnadh dhe díreach agus ’ dhein na hUltaigh de nuair ’ airíodar é ar faiche na hEamhna.

Do ghléas na daoine beaga iad féin ansan, fé mar aduairt Eisirt leó a dhéanamh, agus ba mhór an radharc iad. Do leath a shúile ar Aodh Éigeas nuair a chonaic sé an suaitheantas acu a bhí ann agus iad chómh mion!

“Cad a dhéanfadsa, a rí ollamh?” ar seisean le hEisirt. “Ba mhaith liom dul amach, chómh maith le cách, ag fáiltiú roimis an rí agus roimis an ríogain, ach má shiúlaím i measc na ndaoine tá eagla mo chroí orm, dá fheabhas aireachas a thabharfad dom chosaibh ná féadfad gan cuid acu do ghortú, nú b’fhéidir do mharú. Dá ráineódh go dtabharfainn ciscéim anacair cá bhfios dom, nuair a chuirfinn mo chos fúm arís, ná go mbeadh mórsheisear fém bróig agam, i bhfad uainn an t-olc! Dá bhfaighinn barrathuisle agus go leagfí me ní fios an mó duine ’ bheadh marbh fúm! Ní fheadar ’en domhan, a rí ollamh, cad is maith dhom a dhéanamh”.

“Socródsa an ní sin duit láithreach, a rí éigeas”, arsa Eisirt. “Féach, a rí éigeas” ar seisean, “seasaimhse ansan”.

Do sheasaimh Aodh ar lár an mhachaire san áit ’na nduairt Eisirt leis seasamh. Ansan do ghlaeigh Eisirt chuige ar dhuine de sna taoiseachaibh airm.

“Féach, a dhuin’ uasail”, ar seisean, “cuir trí naonúir de sna fearaibh atá agat, guala le gualainn, ansan laistiar d’Aodh, agus fanaidís breis agus daichead órlach uaidh siar”.

Do dhein.

“Cuir anois”, arsa Eisirt, “trí naonúir anso ar a láimh dheis, i ndiaidh ’ chéile”.

Do chuir.

“Cuir anois”, arsa Eisirt, “trí naonúir anso ar a láimh chlé, ar an gcuma gcéanna, i ndiaidh ’ chéile agus iad breis agus daichead órlach uaidh amach”.

Do dhein.

“Cuir anso anois, roimis amach, guala le gualainn, an ceathrú trí naonúir, agus aid breis agus órlach roimis amach”.

Dhein an taoiseach mar adúradh leis.

Nuair a bhí an méid sin déanta bhí Aodh ’na sheasamh istigh i lár na slí a bhí folamh ’na thímpall, agus bhí na cheithre línte fear san ’na seasamh, líne acu laistiar de, líne acu lasmu’ dhe, agus líne acu ar gach taobh de, agus gan aon fhear acu i ngaireacht daichead órladh dò.

“’Sea, a rí ollamh”, arsa Eisirt, “má gheibheann tú barrathuisle anois agus go mbainfear leagadh asat ní dó’ liom go dtitfir ar éinne. Tá breis agus t’aoirde féin de shlí ar gach aon taobh díot. Ach nuair a thosnóidh an siúl, a rí éigeas, deinse siúl go hana-réidh. In aghaidh gach ciscéim dá dtabharfairse caithfidh gach fear díobh so trí nú ceathair de chiscéimibh a thabhairt chun cimeád suas leat. Cuímhnigh ar sin, a rí éigeas, agus ná bí ródhian orthu. Agus tugaidhse aire”, ar seisean leis na fearaibh, “an slí chéanna ’ chimeád i gcónaí idir sibh agus Aodh, agus ar úr mbás gan éinne do leogaint thoraibh isteach sa tslí oscailte seo atá laistigh díbh”.

Bhí gach aon rud socair. Do tugadh don tslua an focal chun gluaiste. Do ghluais an tslua go léir ar aon chiscéim. An méid den tslua a bhí laistiar d’Aodh ní fhéadaidís gan bheith coitianta ag féachaint ar an bhfathach mór go raibh a cheann, dar leó, in áirde sa spéir agus a chosa ar an dtalamh i measc a gcos féin, agus gach aon chiscéim fhada ríghin a thugadh sé gur dhó’ le duine gur ag titim ’na chodladh a bhíodh sé agus nárbh fhios cad é an neómat a bainfí leagadh as. An méid den tslua a bhí lasmu’ dhe ní leogadh dlí an tsiúil dóibh féachaint siar, ach mheasaidís go gcritheadh an talamh féna gcosaibh in aghaidh gach ciscéim dá dtugadh sé. An méid den tslua a bhí ar gach taobh de ní fhéadaidís gan stracfhéachaint a thabhairt, anois agus arís, thar a nguaillibh air féachaint an mór den dúthaigh a féadfí a dh’fheiscint idir a dhá chois in aghaidh gach ciscéim dá dtugadh sé. Ba chuma le hAodh an fhaid ná raibh aon bhaol go satlódh sé ar aon chuid acu. Ach nuair ’ fhéacadh sé ’na thímpall ar na mílte sló go léir agus iad chómh beag, iad thíos ar fad uaidh ar an dtalamh, bhíodh sé a d’iarraidh cuímhneamh ar rud éigin a chuirfeadh sé i gcúmparáid leó, i dtreó go bhféadfadh sé cúntas éigin cruínn a thabhairt orthu nuair a raghadh sé abhaile go hEamhain. Ní fhéadadh sé cuímhneamh ar aon chúmparáid a thiocfadh isteach ar aon tslacht leis an bhfírinne. Ní fheacaigh sé riamh a leithéid de radharc. Na mílte daoine agus iad go léir chómh beag, agus san am gcéanna iad go léir chómh cúmtha, chómh córach, chómh dathúil, chómh glan, chómh dea-bhéasach, chómh lán d’eólas agus de thuiscint agus d’íntleacht.

Bhí an siúl dá dhéanamh. Bhíodar ag cur na slí dhíobh. I lár a mhachnaimh dò d’airigh Aodh an liú ag éirí amu’ i dtosach na sló. Do tógadh an liú, ó dhuine go duine, go dtí go raibh an tslua go léir ag liúirigh chómh hárd, chómh cuthaigh agus ’ bhí sé sa chliabh agus sa scórnaigh acu. Chuir Aodh liú as, go mbeadh sé, dar leis, chómh maith leó. Má chuir do scread na daoine beaga a bhí ar gach taobh de agus do ritheadar uaidh amach. Do scread na daoine beaga a bhí laistiar de agus do ritheadar uaidh siar. Do scread na daoine beaga a bhí lasmu’ agus do ritheadar uaidh amach. Shíl gach éinne nuair a hairíodh an liú a chuir Aodh as gurb amhlaidh a bhí an t-aer agus an talamh ag titim ar a chéile. Bhí gach aon chúntúirt go maródh na daoine beaga a chéile ag brú ar a chéile agus ag gabháil de chosaibh ’na chéile, do chuir an liú a dhein Aodh a leithéid sin de sceón iontu. Chonaic Eisirt an sceón agus an chúntúirt. Chonaic Aodh an sceón agus an chúntúirt.

“Cas scol amhráin dóibh, a rí éigeas”, arsa Eisirt.

Do chas Aodh an scol amhráin. Do chas sé é go hárd agus go bínn, agus ba mhaith chuige é. Do stad an brú láithreach. D’éirigh na daoine beaga a bhí ar lár agus do ghlanadar an ceó dá gcuid éadaigh. Ní raibh éinne marbh ná aon chnámh briste. Ba gheárr go rabhadar go léir go ciúin ag éisteacht le hamhrán Aodha.

“Stad anois, a rí éigeas”, arsa Eisirt.

Do stad. Tháinig lán a gcroí de náire ar an muíntir a ghlac an sceón. Bhíodar ag filleadh, gach éinne chun a áite féin sa tsiúl.

Foclóirín

aghaidh: “face”, pronounced /əigʹ/. In aghaidh, “for, for each”, often losing the final slender g and thus pronounced /ən əi/.
amhrán: “song”; pronounced /ɑvə’rɑːn/.
anacair: “uneven”, probably derived from anshocair, “unsteady”, pronounced /ɑnəkirʹ/. Ciscéim anacair was glossed in PUL’s Notes on Irish Words and Usages as “a step on a stone [that] tends to cause a fall or a sprain”.
barrathuisle: “stumble”, or barrthuisle in GCh.
brúim, brú: “to press”. The verbal noun was traditionally spelt brúghadh, and is one of a number of words where an audible h may be heard in some circumstances (see the note to paragraph 355 of IWM): /bru:~bru:h/.
casaim, casadh: “to twist, turn”, or “to curl” (of hair). Amhrán a chasadh, “to sing a song, strike up a song”.
chun: “towards”. The combined forms of this preposition are distinctive: chúm, chút, chuige, chúithi, chúinn, chúibh, chúthu. The Standard has chugam, chugat, chuige, chuici, chugainn, chugaibh, chucu. Is chuige, “that is the reason why; it was to that end”.
ciscéim: “footstep”, or coiscéim in GCh. The dative plural here, ciscéimibh, would support the view the nominative plural is ciscéimí, where GCh has coiscéimeanna. Ar aon chiscéim, “marching in unison”.
cliabh: “bosom, chest”.
coitianta: “regular, habitual; regularly, constantly”. Pronounced /ko’tʹiəntə/.
cumas: “power, ability”. Impersonally, tá ar do chumas é dhéanamh, “you are capable of doing it”.
cúntúirt: “danger”, or contúirt in GCh.
cuthach: “rage, fury.” The genitive of this word, cuthaigh, is used as an adjective meaning “furious, fierce”.
dea-bhéasach: “well-behaved, well-mannered”.
dlí: “law”. Dlí an tsiúil, “the marching regulations”.
éigeas: “learned man; sage, poet”, with éigse in the plural. Rí éigeas, “chief poet in ancient Ireland”. Note that we find here a rí éigeas in the vocative. Compare the comments on apposition in Gearóid Ó Nualláin’s Studies in Modern Irish Part 1, p240, where he explains that a Athair Peadar is the correct form of the vocative.
feitheamh: “waiting”, a verbal noun with a corresponding verb; used with le. Pronounced /fʹihəv/.
fios: “knowledge”. Ní fios, “who knows?; there is no knowing” in rhetoric utterances.
foighne: “patience”, pronounced /fəiŋʹi/.
gaireacht: “closeness, nearness”. This was spelt goireacht in the original. Pronounced /gi’rʹaxt/.
glaeim, glaoch: “to call”, or glaoim, glaoch in GCh. The spelling used in the editing here shows the pronunciation, /gleːmʹ, gleːx/. The traditional spelling was glaodhaim, glaodhach, which produces the right pronunciation in WM Irish. Glaoch chút ar dhuine, “to summon someone to you”.
istigh: “inside”, but also “complete; up”, of a time period. Pronounced /iʃ’tʹigʹ/.
lár: “ground”, as well as “centre, middle”. Ar lár, “on the ground, fallen down”.
mion: “small”, pronounced /mʹun/.
oscailte: “open”. Oscailte is found here in the original, and retained where found, but forms in -lta are more fundamental to the dialect; PUL’s Séadna has both oscalta and oscailte.
ráiníonn: “to reach”, without a verbal noun in common use. Usually found impersonally meaning “to happen to, transpire”. Dá ráineódh go, “if it transpired that”.
réim: “sway, authority; force of men”. See the definition in PSD: “a body of men larger than a buíon”. Gach réim um á ríogra, “each body of men accompanying their nobles”.
satlaim/satlaím, satailt: “to tread”, or satlaím, satailt in GCh. Pronounced /sɑtəlimʹ~sɑtə’li:mʹ, sɑtihlʹ/.
sceón: “terror”, or scéin in GCh.
scol: “call, shout”. Scol amhráin, “a burst of song; a clear, ringing singing voice”.
scórnach: “throat”, with scórnaigh in the dative.
screadaim, screadach: “to scream, shriek”.
seasaím, seasamh: “to stand”, but also “to last, endure”, as of shoes here. This verb is in the first conjugation in GCh (seasaim). As with a number of verbs where the verbal noun has -mh, the imperative and third-person singular of the preterite here are in -imh, seasaimh/do sheasaimh sé, where GCh has seas/sheas sé.
siúl: “marching, procession”.
siúlaím, siúl: “to walk”, or siúlaim, siúl in GCh. The past habitual shiúladh sé is found here in the first conjugation; PUL’s usage across his various works is mixed, with the future, past and imperative found in the second conjugation (siúlóidh sé, shiúlaigh sé). The present-tense form is found as siúlann in PUL’s translation of the Gospels, but as siúlaím in chapter 13 here. The LS version of Eisirt shows that do shiúlaigh sé is pronounced /də xʹuːli ʃeː/, as the slender sh is realised as /xʹ/ before a broad vowel.
slacht: “order, tidiness”. Ar aon tslacht, “neatly, with finish/aplomb”.
stracfhéachaint: “a cursory, sideways glance”, or sracfhéachaint in GCh.
suaitheantas: this generally means “badge, insignia”, but can also mean “vast numbers or quantity”, as here.
tagaim, teacht: “to come”. Teacht isteach le rud, “to fit in with something, to suit it”: ní fhéadadh sé cuímhneamh ar aon chúmparáid a thiocfadh isteach ar aon tslacht leis an bhfírinne, “he couldn’t think of any comparison that would fit the truth at all neatly”.
thar: “through, across, past”. Thoraibh, “past you”. The original spelling—tharaibh—has been edited here in line with the WM pronunciation. The LS version of Eisirt has haruiv.
tosnaím, tosnú: “to begin”, or tosaím, tosú in GCh. The original text has thusnuigh; some speakers may have had /u/ in the first syllable, although most of PUL’s works use the spelling thosnaigh.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Eisirt. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s